Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022XC0207(03)

    Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí 2022/C 63/09

    C/2022/641

    IO C 63, 7.2.2022, p. 15–19 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    7.2.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 63/15


    Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

    (2022/C 63/09)

    Leis an bhfoilsiú seo, tugtar an ceart freasúra a thaisceadh de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta foilsithe an iarratais seo.

    DOICIMÉAD AONAIR

    “Maranho da Sertã”

    Uimh. AE: PGI-PT-02606 – 11 Bealtaine 2020

    STFC () TGFC (X)

    1.   Ainm(neacha)

    “Maranho da Sertã”

    2.   Ballstát nó Tríú Tír

    An Phortaingéil

    3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra

    3.1.   Cineál táirge

    Aicme 1.2. Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.)

    3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

    Is ispín é “Maranho da Sertã” a dhéantar le goile gabhair nó caorach (ar a dtugtar bandouga) le haghaidh an chraicinn, a líontar le meascán comhábhar a tháirgtear, a ullmhaítear agus a líontar i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge.

    Ní mór “Maranho da Sertã” na teorainneacha seo a leanas maidir le comhábhair a chomhlíonadh (% de réir meáchain):

    Feoil gabhair agus/nó caoireoil: an príomh-chomhábhar, 30 go 40 %, na céatadáin sin san áireamh;

    Rís Carolino: 15 go 25 %, na céatadáin sin san áireamh;

    Miontas: 2 go 6 %, na céatadáin sin san áireamh;

    Saill stríocach mhuiceola: 7 go 25 %, na céatadáin sin san áireamh;

    Liamhás: 2 go 12 %, na céatadáin sin san áireamh;

    Is comhábhair shainordaitheacha iad seo a leanas freisin: ola olóige (íon nó úríon), fíon geal, uisce agus salann. Mar sin féin, ní mór feoil gabhair/caoireoil a bheith i gcónaí ar an gcomhábhar a mbaineann an céatadán is airde leis.

    Féadfar na comhábhair seo a leanas a chur isteach freisin ar bhonn roghnach: ispín chouriço, sú líomóide, piobar nó blastanas piripiri agus gairleog.

    Bíonn cruth goile ar “Maranho da Sertã” (ar nós mála cuartha nó le cruth “C” air). Bíonn cuma gharbh ar an taobh lasmuigh de agus uigeacht chriathraithe an ghoile le feiceáil. Coimeádann an craiceann a bhfuil ann le chéile gan greamú go hiomlán de. Bíonn an t-ispín gan bhriseadh agus an lámhfhuáil le feiceáil ag an tsúil. Maidir leis an taobh istigh, bíonn cuma neamhrialta air nuair a shlistear é, agus dathanna na feola agus an mhiontais le feiceáil idir na meallta ríse.

    Bíonn blas feola gabhair agus/nó caoireola a bhfuil miontas inti ar “Maranho da Sertã”, mar aon le blas liamháis agus ispín chouriço, ach ní a oiread céanna. Bíonn boladh an mhiontais agus boladh na feola gabhair/caoireola níos láidre ná na cinn eile.

    Agus é cócaráilte, féadfaidh meáchan ispín iomlán “Maranho da Sertã” a bheith idir 200 g agus 1 200 g, na meáchain sin san áireamh. Féadfar é a chur ar an margadh ina iomláine (agus é amh, cócaráilte nó réamhchócaráilte) nó ina shlisíní (cócaráilte nó réamhchócaráilte).

    Féadfaidh an cion sóidiam (g/100 g) a bheith idir 0.7 agus 2.9. Féadfaidh an luach fuinnimh (kcal/kJ) in aghaidh 100 g a bheith idir 145/607 agus 255/1 068.

    Tá “Maranho da Sertã” éagsúil le maranhos eile ós rud é nach comhábhar ann tím chreige (Thymus serpyllum), nach mbaintear úsáid as craiceann sintéiseach agus go bhfuaitear de láimh é le snáthaid agus le snáithe.

    3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

    Is iad seo a leanas na comhábhair shainordaitheacha chun “Maranho da Sertã” a dhéanamh: Goile gabhair nó caorach (bandouga), feoil gabhair agus/nó caoireoil, miontas, rís Carolino, liamhás, saill stríocach mhuiceola, ola olóige (íon nó úríon), fíon geal, salann agus uisce. Féadfar na comhábhair seo a leanas a áireamh ar bhonn roghnach: ispín chouriço, sú líomóide, piobar nó piripiri agus gairleog.

    3.4.   Codanna sonracha den táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

    Na gníomhaíochtaí a bhaineann le “Maranho da Sertã” a tháirgeadh agus a ullmhú, ní mór iad a dhéanamh laistigh den limistéar geografach.

    3.5.   Sainrialacha maidir le sliseadh, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

    I gcás nach mbeartaítear an tomhaltas díreach san áit táirgthe, ní mór “Maranho da Sertã” a phacáistiú ina iomláine (agus é amh, cócaráilte nó réamhchócaráilte) nó ina shlisíní (cócaráilte nó réamhchócaráilte) agus é a choimeád sa chuisneoir go dtí go gcuirtear ar an margadh é.

    I gcás ina bhfuil an táirge ina shlisíní, ní mór é sin a dhéanamh ar bhealach lena ráthaítear nach dtitfidh na slisní as a chéile tar éis iad a phacáistiú. Ní fhéadfar an táirge a athphacáistiú.

    Mar gheall ar a chomhcháilíocht shobhriste, cineál sceiteach a líonta agus a shomheatacht, is éasca dochar a dhéanamh do “Maranho da Sertã” mura láimhseáiltear i gceart é. D’fhonn a ráthú go gcaomhnófar saintréithe an táirge chríochnaithigh agus d’fhonn éilliú miocróbach a sheachaint, ní mór “Maranho da Sertã” a phacáistiú láithreach ag na saoráidí táirgthe.

    3.6.   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

    Ní mór an lipéad ar “Maranho da Sertã” na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

    a)

    beidh ceann de na leaganacha seo a leanas foclaíochta le feiceáil air: “Maranho da Sertã – Indicação Geográfica Protegida” nó “Maranho da Sertã – IGP”;

    b)

    sainaithneofar an comhlacht rialúcháin leis.

    4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

    Is i mbardas Sertã amháin a tháirgtear “Maranho da Sertã”.

    5.   Nasc leis an limistéar geografach

    Is ón gcáil atá ar “Maranho da Sertã” a thagann an nasc idir é agus an limistéar geografach.

    Tá ardcháil ar “Maranho da Sertã” mar cheann de na táirgí is mó atá le moladh i gastranómachas an réigiúin. Tá an ardcháil sin, a bhfuil méadú tagtha uirthi i gcaitheamh na mblianta, bunaithe ar shaineolas atá ar fáil go háitiúil chun an leas is fearr a bhaint as sain-chomhábhair an réigiúin chun táirge sainiúil a chruthú a bhfuil cion mór air.

    Is iad seo a leanas na saintréithe a fhágann gur táirge ar leith é “Maranho da Sertã”:

    ní bhaintear úsáid as craiceann sintéiseach;

    is de láimh a fhuaitear an craiceann, rud a chuidíonn le cruth críochnaitheach an táirge a shainiú (cruth goile atá air) agus a chuireann cosc ar phléascadh an táirge nuair a dhéantar é a chócaráil;

    miontas seachas tím chreige atá i measc na gcomhábhar.

    Baineann tábhacht nach beag leis an táirge sin sa gheilleagar áitiúil. In 2014 bhí “maranho á tháirgeadh ag 17 ngnólacht sa bhardas” ar a laghad, bliain ina díoladh “níos mó ná 57 000 kg de maranho” (O MIRANTE, “Scoth Sertã á chur i láthair ag Féile Maranho”, 14 Iúil 2016). De réir na foinse sin, “soláthraíonn na gnólachtaí sin níos mó ná 100 post”, ar rud iontach mór é i mbardas a bhfuil níos lú ná 15 000 duine ina gcónaí ann (figiúirí ó Institiúid Náisiúnta Staitisticí na Portaingéile, 2017). Rinne an nuachtán PÚBLICO trácht ar an tábhacht eacnamaíoch a bhaineann le táirgeadh “MARANHO DA SERTÔ nuair a rinne sé an pointe in 2008 gur “féidir brabús a dhéanamh ar thraidisiúin agus ar cháilíocht a chaomhnú”, mar a léirigh “pearsa ghnó de bhunadh Sertã ag a bhfuil dhá óstán, [a] dhíol 4 thona de maranhos idir mí Eanáir agus mí Iúil” (Roinn cócaireachta: “Deich mias thraidisiúnta atá i mbaol dul in éag ‘á gcaomhnú’ ag cumann”, 22 Nollaig 2008).

    Luaitear agus moltar “Maranho da Sertã” i nuachtáin, leabhair agus foilseacháin eile gan áireamh, ina gcuirtear i dtábhacht go bhfuil sé ar cheann de phríomh-shainchomharthaí ghastranómachas an réigiúin mar aon le bheith ina chúis cuairt a thabhairt ar an réigiún. Sna foinsí sin, mínítear go bhfuil “Maranho da Sertã”, mar atá “púitse beag líonta le huaineoil nó feoil gabhair, rís, liamhás, ispín chouriço, piobar agus fíon bán agus a bhlaistítear le han-chuid miontais”, “ar cheann de na miasa is fearr aithne de chuid Sertã” (Rota da Estrada Nacional 2, DESCLA, 2017). Tá stádas “bunchloch de chuid chócaireacht Sertã” bainte amach aige fiú (MEDIOTEJO.NET, “Saibhreas gastranómach bhardas Sertã”, 13 Iúil 2018). Fágann sé sin “nach féidir cuairt a thabhairt [ar Sertã] gan bucho (goile líonta le feoil agus rís) agus maranhos – de réir na n-oideas traidisiúnta – a bhlaiseadh” (CARAS, “Sertã: siosta agus foraois”, 8 Bealtaine 2016) agus go ngríosófaí cuairteoirí chun “maranhos, mar atá craiceann goile gabhair nó meannáin líonta le feolta éagsúla, rís agus luibheanna.” (DESTAK, “Spaisteoireacht ar chonairí sléibhe Sertã”, 7 Lúnasa 2013). Ina leabhar a foilsíodh sa Bhrasaíl, (Como fazer turismo de qualidade a baixo custo - Portugal (Turasóireacht d’ardchaighdeán ar phinginí - an Phortaingéil); Trampolim; Brasília, an dara heagrán, 2017), maíonn Stelson S. Ponce de Azevedo an méid seo: “i mo thuairim féin, is iad fíonta agus gastranómachas Sertã is mó a mheallann daoine ann: goilí líonta muice agus maranhos”.

    Mar aon le bheith ar fáil go forleathan i mbialanna an réigiúin (féach PÚBLICO, “Maranho agus goile líonta ar fáil in Sertã i mí Feabhra”, 26 Eanáir 2017, mar shampla), tá “Maranho da Sertã” le feiceáil freisin ar bhiachláir i mbialanna ar fud na Portaingéile, go háirithe i Liospóin agus in Porto, áit a dtaitníonn sé le muintir na háite agus le turasóirí araon (féach VISÃO, “Tá daoine i bhfad agus i ngearr ag rá gur áit fhaiseanta í an Phortaingéil... agus is deimhniú air sin iad na turasóirí a thagann chugainn”, 29 Bealtaine 2014; EXPRESSO, “Dul amach ag ithe le José Quitério”, an 10 Feabhra 2011; mar aon le foilseacháin eile). Díoltar “Maranho da Sertã” freisin in ollmhargaí éagsúla agus i sainsiopaí, áit a ndíoltar go minic é mar tháirge beadaí (féach http://www.apetece.elcorteingles.pt/o-mais-fresco/orgulho-da-beira/, arna rochtain an 12 Nollaig 2018; mar aon le háiteanna eile).

    Tháinig “Maranho da Sertã” chun cinn ina shaintáirge a bhfuil a shaintréithe féin aige, atá éagsúil leis an gcuid is mó d’ispíní agus de tháirgí feola líonta traidisiúnta na Portaingéile. Níl aon amhras ach go mbaineann sin leis an bhfeirmeoireacht caorach agus gabhar atá tipiciúil sa réigiún ina bhfuil bardas Sertã lonnaithe, áit ar taifeadadh gur mó ná 100 000 an líon gabhar agus caorach (Salavessa, João; “Déanamh traidisiúnta ispíní i gceantar Pinhal - Gnéithe den teicneolaíocht a úsáidtear chun maranhos a dhéanamh agus feabhsuithe uirthi”; Ollscoil Theicniúil Liospóin; Liospóin; 2009).

    De bharr cháil “Maranho da Sertã”, seoladh “Féile Ghastranómach Maranho”, imeacht a reáchtáladh i mbardas Sertã gach bliain ó 2011 ar aghaidh, inar féidir leis na mílte cuairteoirí agus daoine atá an-tógtha leis an táirge sin páirt a ghlacadh in ócáidí blaiste maranho agus féachaint ar thaispeántais chócaireachta le cócairí Portaingéalacha mór le rá ar nós Filipa Gomes nó Justa Nobre (féach EXPRESSO, “Féile ghastranómach: maranho ar an mbiachlár in Sertã”, 8 Iúil 2014; PORT.COM, “Féile ghastranómach maranho in Sertã”, 14 Iúil 2017; RECONQUISTA, “Sertã: féile Maranho le dul ar aghaidh go dtí Dé Domhnaigh”, 12 Iúil 2018; mar aon le foilseacháin eile).

    San 20ú haois, bhain “Maranho da Sertã” cáil amach mar tháirge a itear go príomha ag ócáidí ceiliúrtha. Léiriú amháin ar thábhacht an táirge sin i dtaca leis an réigiún is ea an lón iomráiteach a tugadh do Afonso Costa (aire agus príomh-aire i gCéad Phoblacht na Portaingéile), an 13 Aibreán 1913 in Cernache do Bonjardim (áit i mbardas Sertã), inarbh é maranho traidisiúnta príomhchúrsa an bhéile.

    Luann Jaime Lopes Dias “Maranho da Sertã” roinnt uaireanta ina shaothar Etnografiada Beira (Eitneagrafaíocht Réigiún Beira), bailiúchán a bhfuil 11 imleabhar ann a foilsíodh idir 1926 agus 1971 ina dtugtar tuairisc ar réigiún Beira Baixa agus ar a chuid nósanna). Seo roinnt samplaí:

    In imleabhar VI, a foilsíodh in 1942, luann an t-údar gur “laethanta ceiliúrtha le haghaidh na dteaghlach i mbardas Sertã iad na laethanta (...) a shiostalaítear an líon. [Itear] dinnéar mór feola agus ní bhíonn aon amhras ach go mbeidh maranhos ina gcuid de”;

    In imleabhar VII, a foilsíodh in 1948, scríobhann an t-údar gur “cuid lárnach iad maranhos de bhia gach féasta bainise in Arnoia, Castelo [Sertã] (...) (eagaoisí gabhair nó meannáin, liamhás, ispíní paio, piobar, miontas, etc. a shactar isteach i bpúitsí beaga a dhéantar as inní gabhair nó meannáin)”;

    In imleabhar X, a foilsíodh in 1970, luann an t-údar gur “chinnte go n-ullmhófaí béile mór ar laethanta féile nó laethanta móra oibre (...), béile ina mbeadh feoil agus sainbhia ar nós maranhos, atá an-oiriúnach chun béilí nó sneaiceanna laethúla a ullmhú dóibh siúd a bhíonn ag obair lasmuigh den bhaile”. San imleabhar céanna, is é seo a leanas an tuairisc a thugann an t-údar ar maranhos: “sneaic a dhéantar as rís, saill mhuiceola, liamhás, luan bog muiceola, ispín chouriço, feoil meannáin, miontas, salann, piobar, gairleog (...)”.

    Is léir gur beag atá idir comhdhéanamh “Maranho da Sertã” mar a chuireann an t-údar sin i láthair é agus a n-úsáideann táirgeoirí faoi láthair;

    Is iomaí tagairt atá ann lena gcruthaítear go bhfuil “Maranho da Sertã” á dhéanamh agus á ithe agus go bhfuil ardcháil air ar bhonn leanúnach ó thús an 20ú haois go dtí an lá atá inniu ann. Seo roinnt samplaí:

    Sa chomórtas “Cócaireacht agus Milseoga na Portaingéile” a d’eagraigh an craoltóir náisiúnta, RTP, agus an Rúnaíocht Stáit um Fhaisnéis agus um Thurasóireacht in 1962, bhuaigh Noémia Neves an dara duais de bharr oideas a bhí bunaithe ar an táirge traidisiúnta sin. Foilsíodh an t-oideas i leabhar a eisíodh tar éis an chomórtais;

    Mhol Maria Odette Cortes Valente agus Maria de Lourdes Modesto an táirge go hard in Cozinha Regional Portuguesa (Cócaireacht Réigiúnach na Portaingéile) (1973) agus in Cozinha Traditional Portuguesa (Cócaireacht Thraidisiúnta na Portaingéile) (1982) faoi seach;

    In 1984, ghlac bardas Sertã páirt i “bhFéile Náisiúnta Gastranómachais Santarém” den chéad uair. Ba chuid lárnach den bhiachlár a cuireadh isteach é “Maranho da Sertã” (féach A COMARCA DA SERTÃ, an Ceathrú Féile Náisiúnta Gastranómachais Santarém’, 21 Meán Fómhair 1984). Ina theannta sin, ag Feira das Regiões (Aonach na Réigiún) in 1985, chuir Sertã “Maranho da Sertã” ar an mbiachlár (féach A COMARCA DA SERTÓAonach na Réigiún, ag Aonach Idirnáisiúnta Liospóin (FIL)”. 31 Bealtaine 1985). Agus ina dhiaidh sin, bhí an táirge ina chuid den iliomad féilte agus imeachtaí eile;

    In alt a foilsíodh in 1986, d’aithin an nuachtán A COMARCA DA SERTÃ go raibh an maranho ar cheann d’éachtaí gastranómacha an bhardais (“Táirgí ‘Made in Sertã’”, 11 Aibreán 1986);

    Luadh “Maranho da Sertã” i bhfoilseacháin éagsúla taistil a foilsíodh sna 1980í, mar shampla Roteiro Gastronómico da Região dos Templários (Turas Gastranómachais trí Réigiún na dTeamplóirí) (1987) agus “Beira Baixa - Encontro por mundos julgados perdidos” (Beira Baixa - Réimsí caillte a fhionnadh) (1988);

    Sna 1990í, luadh “Maranho da Sertã” in dhá eagrán den iris TELECULINÁRIA (eagráin 883 agus 884 ó mhí Eanáir 1996) agus san fhoilseachán taistil Aromas e sabores de tradição da região dos Templários (Bolaithe agus blasanna traidisiúnta ó Réigiún na dTeamplóirí) (1999), ina bhfuil tuairisc ar mhodh a dhéanta;

    Sa 21ú haois, luaitear “Maranho da Sertã” i bhfoilseacháin ar nós Produtos Tradicionais Portugueses (Táirgí Traidisiúnta na Portaingéile) (DGDR, 2001), Guia de Compras - Produtos Tradicionais (Treoirleabhar Siopadóireachta - Táirgí Traidisiúnta) (2011) agus Guia dos Bons Produtos Tradicionais’ (Treoirleabhar maidir le Táirgí Maithe Traidisiúnta) (2014 agus 2015), ina gcuirtear síos air mar shaintáirge traidisiúnta i réigiúin Beira.

    In 2013, léiríodh “Maranho da Sertã” sa bhailiúchán speisialta stampaí “Blaiseadh Aeir agus Tine” a d’eisigh seirbhís poist na Portaingéile, CTT, mar chomhartha ómóis do thraidisiúin gastranómachais na réigiún seo: Alentejo, Algarve, réigiúin Beira agus na hAsóir. Áiríodh stampa lena ndéantar comóradh ar “MARANHO DA SERTÔ i mbailiúchán eile a eisíodh in 2014.

    San úrscéal Amor e Guerra: de Coimbra a Nambuangongo (Grá agus Cogadh: ó Coimbra go Nambuangongo) (Chiado Editora, 2017) le José Ferreira Abrantes, atá suite sna 1960í agus na 1970í, is mar seo a leanas a dhéantar cur síos ar chuairt a thugann an phríomhlánúin ar Sertã: ‘nocht na chéad thithe de chuid Sertã. (...) Bhí comhartha ann le haghaidh bialainne níos faide anonn síos an abhainn. (...) Thug freastalaí an biachlár chugainn (...), agus mhínigh sí, (...) “Is iad bucho agus maranho miasa traidisiúnta na háite, agus is féidir iad a ordú le haghaidh an chéad chúrsa”. Is léiriú soiléir é sin ar an tábhacht a bhaineann le maranhos i gcócaireacht Sertã ar feadh roinnt deacáidí.

    I sliocht ón úrscéal “Cadáveres às Costas” (Na corpáin a iompar) (D. Quixote, 2018) le Miguel Real, gríosaítear carachtar baineann le “(...) dul amach, gan fanacht sa bhaile, (...) dul ar turas, stad ag bialann taobh an bhóthair má thagann tuirse ort, triail a bhaint as açorda (anraith aráin) ó réigiún Alentejo, leitão (banbh balláin rósta) ó Bairrada, cataplana (stobhach bia mara) ó Coimbra, maranhos da Sertã, barrigas de freiras (milseog a dhéantar as almóinní, uibheacha, uisce agus siúcra) ó Vila do Conde, palha de Abrantes (snáitheanna milse buíocán uibhe), pão-de-ló (císte spúinse) ó Ovar (...)”. Léirítear leis sin gur áiríodh “Maranho da Sertã” ar liosta sócamas traidisiúnta iomráiteach a mbeadh an léitheoir eolach orthu láithreach.

    Tagairt foilseacháin na sonraíochta

    https://tradicional.dgadr.gov.pt/images/prod_imagens/salsicharia/docs/CE_Maranho_Serta.pdf


    (1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.


    Top