Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022SC0063

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR [ ] a ghabhann leis an doiciméad TOGRA LE hAGHAIDH TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac

SWD/2022/63 final

Strasbourg, 8.3.2022

SWD(2022) 63 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

[…]

a ghabhann leis an doiciméad

TOGRA LE hAGHAIDH TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac

{COM(2022) 105 final} - {SEC(2022) 150 final} - {SWD(2022) 60 final} - {SWD(2022) 61 final} - {SWD(2022) 62 final}


Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair do thogra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac

A. An gá atá le beart

Cén fhadhb atá ann agus cén fáth ar fadhb í ar leibhéal an Aontais?

Tá foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh (VAW/DV) forleathan ar fud an Aontas. In 2014, thuairiscigh aon bhean as gach triúr san Aontas Eorpach cineál éigin foréigin fhisiciúil agus/nó ghnéasaigh. De réir sonraí riaracháin ó 2019 meastar go bhfuil leibhéal leitheadúlachta 21.2 % den fhoiréigean sin san Aontas. Sa bhreis ar na foirmeacha VAW/DV as líne, tá an cibearfhoréigean in aghaidh na mban agus an cibearfhoréigean idir páirtithe dlúthchaidrimh ag dul i méid; in 2020 measadh gur bhain sé de 52 % de mhná óga ar fud an domhain.

D’fhéadfadh tionchar a bheith ag foréigean inscne ar mhná agus ar fhir araon, ach bíonn tionchar díréireach aige sin ar mhná. Tá tionchar ag foréigean teaghlaigh freisin ar bhaill eile teaghlaigh (e.g. céilí, leanaí agus baill teaghlaigh níos sine). Bíonn tionchar ag VAW/DV ar na milliúin duine san Aontas, ar fud na mBallstát uile.

Is noirm agus steiréitíopaí díobhálacha sóisialta iad na cúiseanna le VAW/DV a spreagann neamhionannas inscne; gan aitheantas a thabhairt do shainiúlachtaí na gcoireanna VAW/DV; agus frithbhearta neamhéifeachtacha (ilroinnt dhlíthiúil, éiginnteachtaí dlíthiúla agus forfheidhmiú neamhéifeachtach).

Sainaithníodh bearnaí i gcosc, i gcosaint, i dtacaíocht d’íospartaigh, i rochtain ar cheartas agus i gcomhordú beartais ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon, sna Ballstáit a bhfuil Coinbhinsiún Iostanbúl maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh curtha chun feidhme acu agus sna Ballstáit sin nach bhfuil. Tá caighdeáin ábhartha an Aontais scaipthe thar roinnt ionstraimí agus níl faireachán ná forfheidhmiú éifeachtach ann don ghrúpa íospartach sin. Cé gur spreagadh gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta le Coinbhinsiún Iostanbúl, léirítear leis an bhfaireachán ar chur chun feidhme an Choinbhinsiúin go bhfuil bearnaí fós ann.

I bhfianaise na forbartha atá tagtha ar an staid le fiche nó tríocha bliain anuas, ní dócha go dtiocfaidh laghdú suntasach ar líon na n‑íospartach gan gníomhaíocht chomhordaithe níos láidre a bheith ann maidir le cosc, cosaint, rochtain ar cheartas, tacaíocht d’íospartaigh agus comhordú beartais.

Cad é ba cheart a bhaint amach?

Is é is aidhm don tionscnamh foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac. Go sonrach, tá sé mar aidhm aige cosc éifeachtach ar fhoréigean den sórt sin, cosaint ar fhoréigean, rochtain ar cheartas, tacaíocht d’íospartaigh agus comhordú neartaithe a áirithiú. Tá sé mar aidhm aige freisin a áirithiú go dtabharfar aghaidh go héifeachtach ar chiapadh gnéasach agus ar chibearfhoréigean.

Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (coimhdeacht)? 

Mar gheall ar leitheadúlacht an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh ar fud an Aontais agus mar gheall ar an dochar a dhéanann na cineálacha foréigin sin do dhaoine aonair agus do shochaithe, tá gá ar leith le gníomhaíocht chomhpháirteach. D’fhéadfadh gné fhisiciúil trasteorann a bheith san áireamh in VAW/DV má tá daoine ag bogadh timpeall; níl aon teorainneacha aige sa domhan ar líne. Ní féidir na cuspóirí beartais a bhaint amach ach amháin má tá feidhm chomhionann ag íoschaighdeáin maidir le gach cás VAW/DV. Thug na Ballstáit aghaidh ar VAW/DV i reachtaíocht agus i mbeartais, ach níor tháinig laghdú ar an leitheadúlacht mar gheall air sin. Chun cóir chomhionann d’íospartaigh a áirithiú, thiocfadh cóineasú chun cinn as an tionscnamh trí íoschaighdeáin a leagan síos maidir le cearta íospartaigh VAW/DV. Bheadh sé d’aidhm ag na caighdeáin sin an cineál seo foréigin a chosc agus a chomhrac roimh imeachtaí coiriúla, lena linn nó ina ndiaidh. Thabharfaí isteach leis an tionscnamh freisin sainmhínithe agus pionóis maidir le hiompar i gcás ina bhfuil bearnaí i gcoiriúlú. Cinnteoidh gníomhaíocht an Aontais go gcosnófar cearta bunúsacha leath de dhaonra an Aontais ar fud an Aontais.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna éagsúla lenar féidir na cuspóirí a bhaint amach? An bhfuil rogha tosaíochta ann?

Tá na roghanna seo a leanas breithnithe ag an gCoimisiún:

0)an bhunlíne, le bearta neamhreachtacha;

1)bearta measartha reachtacha chun VAW/DV a chosc, cosaint ar fhoréigean, rochtain ar cheartas a sholáthar, tacaíocht d’íospartaigh a chur ar fáil, agus comhordú a neartú; agus

2)gníomhaíocht reachtach níos cuimsithí lena dtugtar aghaidh ar na hábhair thuasluaite agus rialacha breise maidir le ciapadh gnéasach agus cibearfhoréigean in aghaidh na mban agus cibearfhoréigean idir dlúthpháirtithe.

Rinneadh Rogha 2 a fhoroinnt i mbearta níos comhréirí (2A) agus i mbearta atá idéalach (ó thaobh coiriúlú, gnéaschiapadh agus cosaint) ach nach bhfuil chomh héifeachtúil (2B). Is í fo-rogha 2A rogha na tosaíochta, go cáilíochtúil agus i dtéarmaí costas agus sochar araon.

Cad iad na tuairimí atá ag páirtithe leasmhara éagsúla? Cé hiad na páirtithe leasmhara éagsúla agus cé na bearta is rogha leo?

Rinne an Coimisiún comhairliúcháin chuimsitheacha le páirtithe leasmhara chun an measúnú tionchair agus an tseiceáil oiriúnachta a dhéanamh. Tugadh breis agus 700 freagra ar an gcomhairliúchán poiblí oscailte. I gcomhréir le suirbhéanna roimhe seo, d’iarr tromlach mór na bhfreagróirí go ndéanfaí bearta breise san Aontas maidir le VAW/DV. Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit i scríbhinn agus i gceardlann. Chuir na Ballstáit in iúl go raibh siad oscailte maidir le gníomhaíocht an Aontais agus chinn siad go raibh na bearta atá beartaithe ábhartha. Léirigh comhairliúcháin spriocdhírithe le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus idirnáisiúnta tacaíocht mhór do na bearta is uaillmhianaí (i.e. foroghanna 2A agus 2B). Thacaigh ceardchumainn agus fostóirí leis an gcuspóir maidir le gnéaschiapadh a chomhrac agus chuir siad fáilte roimh bhearta breise. Ach bhí fostóirí fainiciúil maidir le hoibleagáidí a chuirfí orthu. D’áitigh ceardchumainn agus fostóirí ar ról na gcomhpháirtithe sóisialta.

C. Tionchar na rogha tosaíochta

Cad iad buntáistí rogha na tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)?

Léirítear tionchar dearfach eacnamaíoch sa mheasúnú ar an rogha tosaíochta. Dá laghdófaí leitheadúlacht VAW/DV, go háirithe, d‘fhéadfadh tairbhí eacnamaíocha thart ar EUR 53.1 billiún a bheith ann, rud a d’fhéadfadh thart ar EUR 82.7 billiún a bhaint amach san fhadtéarma. Is é is cúis leis an acmhainneacht is mó le haghaidh tairbhí eacnamaíocha ná laghdú ar chostas na díobhála fisiciúla agus mothúchánach d’íospartaigh (laghdú measta EUR 32.2 billiún go EUR 64.5 billiún). Bheadh tionchar ag iarmhairtí sóisialta ar pháirtithe leasmhara éagsúla, eadhon íospartaigh, finnéithe, ciontóirí, cuideachtaí, údaráis náisiúnta agus an tsochaí i gcoitinne. Leis an rogha thosaíochta, chuirfí feabhas ar shláinte, sábháilteacht agus caighdeán saoil na n‑íospartach (go háirithe de bharr na mbeart maidir le cosaint agus tacaíocht). Mhéadófaí freisin feasacht íospartach agus finnéithe ar fhaisnéis maidir leis na seirbhísí cosanta agus tacaíochta atá ar fáil agus rochtain ar an bhfaisnéis sin. Táthar ag súil go mbeidh tionchar dearfach ag bearta maidir le cláir idirghabhála do chiontóirí ar dhearcthaí agus ar iompar na gciontóirí. I gcás fostóirí, d’fhéadfaí timpeallacht shábháilte oibre a fhorbairt trí fheasacht agus tuiscint níos fearr a fháil ar oibrithe ar íospartaigh ciaptha ag an obair iad agus trí thacaíocht a thabhairt dóibh. Bheadh tionchar dearfach aige sin ar tháirgiúlacht freisin. Bhainfeadh údaráis náisiúnta tairbhe as bearta a thabharfadh aghaidh ar ilroinnt dhlíthiúil agus ar éiginnteachtaí. Bheadh tionchar dearfach ag aitheantas méadaithe do steiréitíopaí, noirm agus iompraíocht mhí‑úsáideach inscne i measc an phobail i gcoitinne ar an tsochaí ina hiomláine. Ar deireadh, ach rud tábhachtach, is suntasach an tionchar a bheadh ag an rogha thosaíochta ar chearta bunúsacha.

Cad iad costais rogha na tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)?

Tá costais chomhlíonta iomlána na rogha tosaíochta idir EUR 5 bhilliún agus EUR 6.6 billiún. Ar na Ballstáit a bheadh formhór na gcostas comhlíonta ach bheadh roinnt eisceachtaí ann maidir le gnéaschiapadh, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le costais chomhlíonta d’fhostóirí. Eascraíonn na costais chomhlíonta as bearta a bhaineann le fadhbanna a bhaineann le cosc, cosaint, rochtain ar cheartas, tacaíocht agus comhordú íospartach. Níor tugadh aon tionchar diúltach faoi deara.

Cad iad na tionchair ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus ar an iomaíochas?

Is ar na Ballstáit a thitfidh an chuid is mó de na costais. Is ionann na costais a d‘fhéadfadh a bheith ann d’fhostóirí agus EUR 1.9 billiún mar gheall ar rannpháirtíocht éigeantach bainisteoirí in oiliúint maidir le ciapadh gnéasach ag an obair agus éifeachtaí an fhoréigin teaghlaigh ar an láthair oibre. Bheadh costais teoranta do rannpháirtíocht bainisteoirí in oiliúint ar líne dhá uair an chloig, agus dá bhrí sin, ní bheadh costais shuntasacha i gceist do FBManna.

An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? 

Is ar na Ballstáit a thitfeadh an chuid is mó de na costais chomhlíonta, idir EUR 5 bhilliún agus EUR 6.6 billiún do na 27 mBallstát. Táthar ag súil go mbeidh teorainn leis an tionchar ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta, agus go maolófar é le tairbhí rogha na tosaíochta.

An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist? 

Déanann an rogha thosaíochta creat an AE a shimpliú trí na bearta VAW/DV a dhíriú in aon ionstraim reachtach amháin. Is fearr a áirithítear leis an ionstraim seo go mbeidh bearta ar fáil níos cothroime ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil agus, dá bhrí sin, go dtabharfar cosaint níos cothroime d’íospartaigh.

Comhréireacht? 

Urramaítear prionsabal na comhréireachta go hiomlán, ós rud é gur ceapadh na bearta ar bhonn anailís chúramach bearna a rinneadh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon. Maidir leis na bearta:

·nach sáróidh siad a bhfuil riachtanach trí fhorluí le rialacha náisiúnta coiriúlachta a sheachaint;

·staonfaidh siad ó cheangal a chur ar údaráis phoiblí bearta a ghlacadh atá róchasta le hoibriú; agus

·costais dhíréireacha do na Ballstáit agus d’fhostóirí a sheachaint.

Ina theannta sin, is féidir a mheas go bhfuil bearta na rogha tosaíochta riachtanach chun na cuspóirí a bhaint amach go héifeachtach agus ar bhealach lena neartaítear cur chun feidhme na gceart bunúsach.

D. Obair leantach

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Déanfar measúnú ar an ngá atá le hathbhreithniú beartais tar éis an chéad bhabhta de thuairisciú na mBallstát ar chur chun feidhme na Treorach. Táthar ag súil go ndéanfar an tuairisciú sin faoi oibleagáid tuairiscithe, e.g. 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach. Dhéanfaí an tuairisciú go tráthrialta i bhfoirm ceistneora chuig na Ballstáit. I dteannta na faisnéise a chuirtear ar fáil faoin oibleagáid tuairiscithe, beidh faireachán agus meastóireacht an tionscnaimh bunaithe go príomha ar na táscairí comhchuibhithe reatha, agus beidh bearta comhchuibhithe breise maidir le bailiú sonraí ag gabháil leo. Déanfar cur síos ar na sonraí i bplean faireacháin agus forfheidhmithe a tharraingeoidh an Coimisiún suas.

Top