EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0741

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh de Chomhchoiste LEE i dtaca le leasú ar Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus ar Phrótacal 37 (ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE (NIS)

COM/2022/741 final

An Bhruiséil,15.12.2022

COM(2022) 741 final

2022/0428(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh de Chomhchoiste LEE i dtaca le leasú ar Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus ar Phrótacal 37 (ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE

(NIS)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhchoiste LEE i dtaca leis an gCinneadh ón gComhchoiste a bhfuil sé beartaithe é a ghlacadh maidir le leasú ar Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus ar Phrótacal 37 (ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE

2.Comhthéacs an togra

2.1.Comhaontú LEE

Leis an gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’) ráthaítear cearta agus oibleagáidí comhionanna laistigh den Mhargadh Inmheánach le haghaidh saoránach agus oibreoirí eacnamaíocha in LEE. Déantar foráil ann maidir le cuimsiú reachtaíochta de chuid an Aontais lena gcumhdaítear na ceithre shaoirse ar fud na 30 Stát in LEE, mar atá na Ballstáit den Aontas, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin. Thairis sin, cumhdaítear le Comhaontú LEE comhar i réimsí tábhachtacha eile amhail taighde agus forbairt, oideachas, beartas sóisialta, an comhshaol, cosaint tomhaltóirí, turasóireacht agus cultúr, réimsí a dtugtar beartais ‘tionlacain agus chothrománacha’ orthu i dteannta a chéile. Tháinig Comhaontú LEE i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994. Is páirtí i gComhaontú LEE é an tAontas in éineacht lena Bhallstáit.

2.2.Comhchoiste LEE

Tá Comhchoiste LEE freagrach as Comhaontú LEE a bhainistiú. Is fóram é chun tuairimí a bhaineann le feidhmiú Chomhaontú LEE a mhalartú. Is de chomhthoil a dhéantar cinntí ón gComhchoiste agus tá siad ina gceangail ar na Páirtithe. Is í Ardrúnaíocht an Choimisiúin Eorpaigh atá freagrach as ábhair LEE a chomhordú ar thaobh an Aontais. 

2.3.An gníomh atá beartaithe ag Comhchoiste LEE

Meastar go nglacfaidh Comhchoiste LEE an Cinneadh ó Chomhchoiste LEE (‘an gníomh atá beartaithe’) maidir leis an leasú ar Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus ar Phrótacal 37 (ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE.

Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais  1 a ionchorprú i gComhaontú LEE.

Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na páirtithe i gcomhréir le hAirteagail 103 agus 104 de Chomhaontú LEE.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Cuireann an Coimisiún an dréacht‑Chinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis seo faoi bhráid na Comhairle lena ghlacadh mar sheasamh an Aontais. Nuair a ghlacfar é, ba cheart an seasamh a chur i láthair a luaithe is féidir i gComhchoiste LEE.

Leis an Dréacht‑chinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis seo, tugtar isteach cearta rannpháirtíochta do Stáit LEE CSTE i ngníomhaíochtaí an Ghrúpa Comhair arna chur ar bun le Treoir (AE) 2016/1148, rud a théann thar na nithe a bhféadfaí a mheas nach bhfuil iontu ach oiriúnuithe teicniúla de réir bhrí Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle. Is í an Chomhairle, dá bhrí sin, a bhunóidh seasamh an Aontais.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

Déantar foráil le hAirteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear leis freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a d’fhéadfadh tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh 2 .

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é Comhchoiste LEE a cuireadh ar bun le comhaontú, eadhon Comhaontú LEE. An gníomh a iarrtar ar Chomhchoiste LEE a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagail 103 agus 104 de Chomhaontú LEE.

Leis an ngníomh atá beartaithe, ní fhorlíontar creat institiúideach an Chomhaontaithe ná ní leasaítear é. Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí don nós imeachta maidir leis an gcinneadh atá beartaithe i gcomhar le hAirteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme Chomhaontú LEE.

4.2.Bunús substaintiúil dlí

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE i gcomhar le hAirteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle, is ar bhunús dlí substainteach ghníomh dlí an Aontais atá le hionchorprú i gComhaontú LEE a bhraitheann sé go príomha.

Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh‑chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Ós rud é go ndéantar leis an gCinneadh ón gComhchoiste Treoir (AE) 2016/1148 a ionchorprú i gComhaontú LEE, is iomchuí an cinneadh seo ón gComhairle a bhunú ar an mbunús dlí substainteach céanna agus atá ag an ngníomh arna ionchorprú. Dá bhrí sin, is é Airteagal 114 CFAE an bunús dlí substainteach leis an gcinneadh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Ba cheart Airteagal 114 CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, agus Airteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme Chomhaontú LEE a bheith ina bhunús dlí don chinneadh atá beartaithe.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Ós rud é go leasófar le gníomhartha Chomhchoiste LEE Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus Prótacal 37 (ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2022/0428 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh de Chomhchoiste LEE i dtaca le leasú ar Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus ar Phrótacal 37 (ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE

(NIS)


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch 3 , agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch 4 (‘Comhaontú LEE’) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh, inter alia, Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus Prótacal 37 (ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú.

(3)Tá Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)Chun go bhfeidhmeoidh Comhaontú LEE go maith, tá Prótacal 37 a ghabhann le Comhaontú LEE le leathnú chun an Grúpa Comhair arna chur ar bun le Treoir (AE) 2016/1148 a chumhdach.

(5)Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn XI agus Prótacal 37 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir.

(6)Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais laistigh de Chomhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh atá i gceangal,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus ar Phrótacal 37 (ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE, bunófar é ar an ndréacht‑chinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 194, 19.7.2016, lch. 1.
(2)    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(3)    IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.
(4)    IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.
(5)    Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála na gcóras gréasán agus faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).
Top

An Bhruiséil,15.12.2022

COM(2022) 741 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh de Chomhchoiste LEE i dtaca le leasú ar Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus ar Phrótacal 37 (ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE







(NIS)


IARSCRÍBHINN

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE

Uimhir […]

an […]

lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus Prótacal 37 (ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Tá Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála líonraí agus córas faisnéise ar fud an Aontais 1 le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)Tá Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/151 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2018 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tuilleadh sonraíochta ar na heilimintí atá le cur san áireamh ag soláthraithe seirbhíse digití chun na rioscaí a bhaineann le slándáil líonraí agus córas faisnéise a bhainistiú agus maidir leis na paraiméadair lena gcinntear an bhfuil tionchar suntasach ag teagmhas 2 , le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)Chun go bhfeidhmeoidh Comhaontú LEE go maith, tá Prótacal 37 a ghabhann le Comhaontú LEE le leathnú chun go náireofar an Grúpa Comhair arna chur ar bun le Treoir (AE) 2016/1148.

(4)Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn XI agus Prótacal 37 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 5cp (Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘5cpa.32016 L 1148: Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála na gcóras gréasán agus faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).

Módúlachtaí maidir le comhlachas Stáit CSTE i gcomhréir le hAirteagal 101 den Chomhaontú:

Beidh Stáit CSTE iomlán rannpháirteach sa Ghrúpa Comhair agus beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna acu ann agus a bhíonn ag na Ballstáit den Aontas, cé is moite den cheart vótála.

5cpaa.32018 R 0151: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/151 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2018 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tuilleadh sonraíochta ar na heilimintí atá le cur san áireamh ag soláthraithe seirbhíse digití chun na rioscaí a bhaineann le slándáil líonraí agus córas faisnéise a bhainistiú agus maidir leis na paraiméadair lena gcinntear an bhfuil tionchar suntasach ag teagmhas (IO L 26, 31.1.2018, lch. 48).’

Airteagal 2

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i bPrótacal 37 a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘43.An Grúpa Comhair (Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais).’

Airteagal 3

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Íoslainnise agus Ioruaise Treoir (AE) 2016/1148 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/151, atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an […], ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha ina leith 3*.

Airteagal 5

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, […].

   Thar ceann Chomhchoiste LEE

   An tUachtarán

   […]

   Rúnaithe

   Chomhchoiste LEE

   […]

(1)    IO L 194, 19.7.2016, lch. 1.
(2)    IO L 26, 31.1.2018, lch. 48.
(3) *    [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]
Top