Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0313

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos bearta sonracha sealadacha, i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin, a bhaineann le doiciméid tiománaithe arna n-eisiúint ag an Úcráin i gcomhréir lena reachtaíocht

COM/2022/313 final

An Bhruiséil,20.6.2022

COM(2022) 313 final

2022/0204(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos bearta sonracha sealadacha, i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin, a bhaineann le doiciméid tiománaithe arna n‑eisiúint ag an Úcráin i gcomhréir lena reachtaíocht

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Sna chéad 10 seachtaine d’ionradh na Rúise ar an Úcráin a thosaigh an 24 Feabhra 2022, d’fhág níos mó ná cúig mhilliún duine an Úcráin, ag teitheadh roimh an gcoinbhleacht armtha agus ag lorg dídine sna tíortha máguaird, san Aontas Eorpach 1 den chuid is mó. Chomh luath leis an 4 Márta 2022, shuigh an tAontas gurb ann do mhórphlódú isteach de dhaoine easáitithe as an Úcráin agus thug sé cosaint shealadach do na daoine easáitithe 2 . Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022, leagtar amach na catagóirí daoine atá i dteideal cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta. Is éard atá i gceist le cosaint shealadach an ceart cead cónaithe a eisiúint ar feadh thréimhse iomlán na cosanta agus rochtain a bheith aige, i measc nithe eile, ar chóiríocht, ar scoileanna, ar chúram sláinte, agus ar phoist. Le cead cónaithe arna eisiúint ag Ballstát amháin, tugtar an ceart chun taisteal laistigh den Aontas ar feadh 90 lá laistigh de thréimhse 180 lá.

Cuireann ceadúnas tiomána feabhas ar shoghluaisteacht an tsealbhóra agus éascaíonn sé an saol laethúil mar go gceadaíonn sé feithiclí cumhacht‑thiomáinte a thiomáint ar bhóithre poiblí. Sa chomhthéacs áirithe, cuireann sé chun cinn rannpháirtíocht daoine a bhfuil cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach acu faoin dlí náisiúnta i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta ina dtimpeallacht nua.

I gcomhréir le hAirteagal 41 den Choinbhinsiún um Thrácht ar Bhóithre a rinneadh i Vín in 1968 (dá ngairtear ‘Coinbhinsiún Vín’ anseo feasta), aithníonn gach Páirtí Conarthach na ceadanna tiomána intíre agus/nó idirnáisiúnta arna n‑eisiúint go cuí i bPáirtí Conarthach eile, faoi choinníollacha áirithe. Dhaingnigh an Úcráin agus 23 Bhallstát Coinbhinsiún Vín agus tá forálacha an Choinbhinsiúin sin curtha i bhfeidhm sa chaidreamh eatarthu; mar sin féin, níor dhaingnigh an Spáinn Coinbhinsiún Vín, agus níl an Chipir, Málta ná Éire ina bPáirtithe ann.

Tá na rialacha agus na nósanna imeachta a bhaineann le ceadúnais tiomána tríú tír a aithint agus a mhalartú éagsúil ó Bhallstát go chéile, ag brath, i measc nithe eile, ar fhorálacha sonracha a reachtaíochta náisiúnta nó ar na comhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana idir na Ballstáit agus an tríú tír atá i gceist. I gcás daoine a bhfuil cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach acu faoin dlí náisiúnta a bhfuil ceadúnas tiomána bailí acu arna eisiúint ag an Úcráin, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le creat comhchuibhithe chun ceadúnais tiomána laistigh de chríoch an Aontais a aithint, fad a mhairfidh an tréimhse chosanta sealadaí.

Mar riail ghinearálta, daoine a bhfuil cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach acu faoin dlí náisiúnta agus a bhfuil ceadúnas tiomána bailí acu arna eisiúint ag an Úcráin, ba cheart go mbeidís in ann a gceadúnas tiomána a úsáid ar chríoch an Aontais fad a mhairfidh an chosaint shealadach. I bhfianaise chineál sealadach na cosanta, níor cheart go mbeadh aon ghá ceadúnas tiomána de chuid na hÚcráine a mhalartú ar cheadúnas tiomána arna eisiúint ag Ballstát. Fágann sé sin nach bhfuil ualach chomh mór céanna ar údaráis inniúla na mBallstát, toisc go bhféadfadh sé go mbeadh orthu na milliúin ceadúnas tiomána Úcránach a mhalartú murach sin. San am céanna, ní bheidh ar dhaoine a bhfuil cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach acu faoin dlí náisiúnta pas a fháil láithreach bonn i dtástáil ar cheadúnas tiomána teoiriciúil agus/nó praiticiúil eile – i dteanga iasachta go minic – agus/nó dul faoi scrúduithe leighis sa Bhallstát ina bhfuil cónaí orthu go sealadach.

I gcomhréir le Coinbhinsiún Vín um Thrácht ar Bhóithre, féadfaidh Páirtithe Conarthacha ceangal a chur ar shealbhóir ceadúnais tiomána arna eisiúint ag Páirtí Conarthach eile ceadúnas tiomána idirnáisiúnta (bunaithe ar fhormáid chomhchuibhithe) a bheith aige de bhreis ar an gcead tiomána intíre. Tá cleachtais éagsúla ann ó Bhallstát go Ballstát, agus, go háirithe, bíonn le ceadúnas tiomána idirnáisiúnta ag teastáil ó shealbhóirí cheadúnais tiomána de chuid na hÚcráine i roinnt Ballstát nuair nach scríobhtar na ceadanna tiomána intíre ach i litreacha Coireallacha, ach i mBallstáit eile, ní amhlaidh atá.  Fad is nach féidir le sealbhóirí ceadúnas tiomána de chuid na hÚcráine ceadúnas tiomána idirnáisiúnta a fháil arna eisiúint ag comhlachtaí inniúla na hÚcráine, is beag nach féidir leo ceadúnas tiomána idirnáisiúnta a fháil san Úcráin. Ba cheart, dá bhrí sin, daoine a bhfuil cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach acu faoin dlí náisiúnta a dhíolmhú ón gceanglas cead tiomána idirnáisiúnta a bheith acu sa bhreis ar cheadúnas na hÚcráine, ar feadh tréimhse na cosanta sealadaí ar a laghad. Ba cheart aistriúchán deimhnithe ar cheadúnais tiomána na hÚcráine atá ann cheana a tharscaoileadh freisin sna himthosca eisceachtúla sin, toisc go bhféadfadh sé a bheith costasach agus go gcruthódh sé caiteachas breise do dhaoine a chaill a gcoigilteas ar fad óna dtír féin. Ina theannta sin, is beag aistritheoirí deimhnithe atá bunaithe lasmuigh de chathracha móra ar fud an Aontais Eorpaigh, agus is minic a bhíonn gá leis na bundoiciméid a chur ar fáil go pearsanta chun aistriúcháin dheimhnithe a chur ar fáil.

Tá feidhm ag breithnithe comhchosúla maidir le teastais inniúlachta gairmiúla (CPC) do thiománaithe bus agus trucaile. Is iondúil go mbíonn bailíocht riaracháin nach faide ná 5 bliana ag na CPCanna sin, i gcomhréir le Treoir 2003/59/CE 3 , ar Treoir í atá curtha chun feidhme cheana féin ag an Úcráin do thiománaithe atá ag gabháil d’oibríochtaí iompair idirnáisiúnta 4 . I bhfianaise an chomhthéacs sin, ba cheart rochtain leordhóthanach ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha san Aontas a thabhairt do thiománaithe cáilithe gairmiúla a theith roimh an gcogadh san Úcráin. Chun cur chun feidhme éifeachtach comhchuibhithe fhorálacha ábhartha an togra seo a fhorbairt, eagróidh an Coimisiún malartuithe tuairimí maidir le rialacha náisiúnta arna nglacadh ag na Ballstáit leis na saineolaithe arna nainmniú faoi Airteagal 11a(4) de Threoir 2003/59/CE.

Faoi mar a leagtar amach i bplean gníomhaíochta na Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin, agus sa chomhthéacs sin, ba cheart rochtain tiománaithe gairmiúla ón Úcráin ar fhostaíocht san Aontas Eorpach a éascú, trí rialacha sonracha a shainiú maidir le teastais inniúlachta gairmiúla a eisiúint do thiománaithe gairmiúla na hÚcráine. I gcomhthéacs na heaspa tiománaithe trucaile, rud atá ag dul i méid ar an iomlán, ba cheart naisc mhalartacha lóistíochta idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin agus an rochtain leanúnach atá ag an Úcráin ar a margaí onnmhairiúcháin a neartú tar éis bhlocáil chalafoirt na Mara Duibhe faoi láthair.

Bíonn ceadúnais tiomána agus deimhnithe inniúlachta gairmiúla faoi réir tréimhse theoranta bailíochta de ghnáth. Fad agus a leanann an chogaíocht ar aghaidh san Úcráin, áfach, is dócha nach mbeadh an Úcráin in ann an tacaíocht riaracháin is gá a áirithiú chun na doiciméid sin a athnuachan ina gceann agus ina gceann. Sa chás urghnách sin, d’fhéadfadh rialtas na hÚcráine cinneadh a dhéanamh síneadh a chur le bailíocht na ndoiciméad sin. Sa chás sin, ba cheart don Úcráin eolas leordhóthanach a thabhairt don Aontas agus do na Ballstáit maidir leis na síntí sin. Ba cheart do na Ballstáit bailíocht fhadaithe cheadúnais tiomána na hÚcráine a aithint, ceadúnais a théann thar a dtréimhse bailíochta riaracháin, ar a laghad go dtí deireadh na tréimhse cosanta sealadaí.

Is minic go gcailltear nó go ngoidtear doiciméid thábhachtacha, amhail ceadúnais tiomána nó deimhnithe inniúlachta gairmiúla, nó iad a fhágáil ar chúl i limistéar an chogaidh, mar gheall ar chúinsí a bhíonn ann nuair a bhíonn daoine ar a dteitheadh roimh chogadh gan an deis a bheith ann iad a aisghabháil láithreach. I gcásanna den sórt sin, faoi réir a bhfíoraithe, mar shampla, i gclár náisiúnta ríomhcheadúnas tiomána na hÚcráine, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann ceadúnais shealadacha a eisiúint a ghabhann ionad na gceadúnas bunaidh le linn thréimhse na cosanta sealadaí. Dá mbeadh rochtain ag údaráis inniúla na mBallstát ar chlár ceadúnas tiomána na hÚcráine, d’éascófaí an chéim sin. Gan an fhéidearthacht a bheith ann barántúlacht na faisnéise a chuireann na daoine easáitithe ar fáil a fhíorú, ba cheart do na Ballstáit diúltú d’eisiúint na ndoiciméad tiománaí sealadach sin. Ina theannta sin, de réir Aireacht an Chlaochlaithe Dhigitigh san Úcráin, eisíodh beagnach 5.7 milliún ceadúnas tiomána tríd an bhfeidhmchlár ar thairseach na saoránach soghluaiste, DiiA (‘Gníomhaíocht’). Ceadaítear le DiiA doiciméid leictreonacha a eisiúint agus a fhíorú agus seirbhísí poiblí a sheachadadh. In ainneoin nach gcomhlíonann an t‑iarratas DiiA caighdeán ISO 18013-5 maidir le ceadúnais tiomána mhóibíleacha a foilsíodh i Meán Fómhair 2021, tugtar an fhéidearthacht leis na cearta tiomána a fhíorú, cearta a bhaineann leis an gcás eisceachtúil ar a dtugtar aghaidh sa Rialachán seo.

Ar deireadh, tugann forálacha an Rialacháin seo aghaidh ar imthosca eisceachtúla agus leagann siad síos díolúintí nár cheart a mhacasamhail a dhéanamh arís faoi ghnáthchúinsí. Tá sé thar a bheith tábhachtach, dá bhrí sin, nach gcuideoidh forfheidhmiú an Rialacháin seo le húsáideoirí bóthair agus coisithe a chur i mbaol, trí chead a thabhairt do dhaoine atá mí-oiriúnach do bheith ag tiomáint é sin a dhéanamh ar bhóithre an Aontais. Sa chomhthéacs sin, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát bearta leordhóthanacha a chur chun feidhme chun calaois agus brionnú a chomhrac.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Comhlánaíonn forálacha an rialacháin atá beartaithe rialacha an Aontais atá ann cheana maidir le ceadúnais tiomána (Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le ceadúnais tiomána 5 ) agus maidir le cáiliú tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil tiománaithe feithiclí áirithe bóthair le haghaidh iompar earraí agus paisinéirí (Treoir 2003/59/CE). Níl comhrialacha i gceachtar den dá threoir maidir le doiciméid ábhartha arna neisiúint ag tríú tíortha a aithint. Tá gá le creat coiteann den sórt sin, áfach, sa chomhthéacs sonrach urghnách a eascraíonn as ionsaí míleata gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine, toisc go gceadaítear leis cur chuige riaracháin lena níoslaghdaítear an tualach maorlathach, agus san am céanna lena náirithítear sábháilteacht ar bhóithre ar fud an Aontais.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Leis an togra seo, comhlánaítear rialacha an Aontais maidir le cosaint shealadach daoine easáitithe, go háirithe Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE 6 , Treoir lena mbunaítear gur ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe isteach san Aontas de dhaoine easáitithe a raibh orthu an Úcráin a fhágáil mar thoradh ar choinbhleacht armtha i gcomhréir le Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt gcás mórphlódú isteach de dhaoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht chun cinn idir iarrachtaí idir Ballstáit i dtaca leis na daoine sin a ghlacadh agus le hiarmhairtí an ghlactha sin a iompar 7 . Leis an togra ceadaítear do dhaoine easáitithe na doiciméid is gá a úsáid chun mótarfheithiclí a thiomáint ar ghréasán bóithre poiblí an Aontais agus chun an ghníomhaíocht ghairmiúil tiomána a dhéanamh, agus ar an gcaoi sin lánpháirtiú eacnamaíoch agus sóisialta na ndaoine easáitithe sin a chur chun cinn. Foráiltear leis an togra seo freisin maidir le maoluithe áirithe ar Threoir 2003/59/CE agus ó Threoir 2006/126/CE a thugann aghaidh ar riachtanais shonracha na staide.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é is bunús dlí don togra seo Airteagal 91(1)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Coimhdeacht

Tá gníomhaíocht reachtach glactha cheana féin ag an Aontas i réimse na gceadúnas tiomána (Treoir 2006/126/CE) agus i réimse cháilíocht tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil tiománaithe feithiclí áirithe bóthair le haghaidh iompar earraí agus paisinéirí (Treoir 2003/59/CE). Na leasuithe a leagtar amach thuas, fanfaidh siad faoi na hinniúlachtaí a thugtar don Aontas de bhua Airteagal 91(1)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Faoin bhforáil seo, ní mór do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta comhchinnteoireachta, bearta a leagan síos chun sábháilteacht an iompair a fheabhsú.

Is é is aidhm do na rialacha atá beartaithe sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú mar ghné den tsábháilteacht iompair, agus san am céanna foráil a dhéanamh maidir le lánpháirtiú eacnamaíoch agus sóisialta daoine a easáitíodh mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Tá bearta den sórt sin ceaptha a áirithiú go bhfuil sé de shaoirse ag na daoine sin a bhaineann tairbhe as cosaint shealadach gluaiseacht laistigh den Aontas trí fheithiclí cumhacht‑thiomáinte a thiomáint, agus go bhfuil sé de shaoirse acu freisin dul ag obair tríd an ngníomhaíocht ghairmiúil tiomána a dhéanamh, agus á áirithiú san am céanna go ndéanfaidh siad amhlaidh i gcomhréir le gnéithe agus caighdeáin is infheidhme maidir le sábháilteacht san Aontas.

Ní féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach, toisc go n‑éilíonn sé creat rialála comhchuibhithe agus comhordú le haghaidh faidhbe a eascraíonn as an gcogadh san Úcráin, rud a dhéanann difear don Aontas Eorpach ina iomláine. Dá bhrí sin, is fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta.

Comhréireacht

Tá gá leis an ngníomhaíocht sin ón Aontas chun oibriú cuí na sásraí sealadacha cosanta dá bhforáiltear sna píosaí ábhartha de dhlí an Aontais a bhaint amach, agus méid agus tromchúis thionchar ionsaithe gan údar na Rúise ar an Úcráin á gcur san áireamh. Tá bearta sealadacha spriocdhírithe sa Rialachán atá beartaithe, bearta a bhfuil dlúthbhaint acu leis an staid atá ann faoi láthair agus iad teoranta dá bhfuil riachtanach chun deimhneacht dhlíthiúil, sábháilteacht bóthair agus dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.

An rogha ionstraime

Baineann an togra seo le forálacha sonracha a dhéanann difear do chur i bhfeidhm roinnt Treoracha. Ba cheart feidhm a bheith ag forálacha an ghnímh atá beartaithe láithreach agus go díreach chun deimhneacht dhlíthiúil a ráthú, maidir leis na hoibreoirí iompair agus daoine eile lena mbaineann, agus maidir le húdaráis na mBallstát freisin. Mar sin, ba cheart an gníomh reachtach sin a bheith i bhfoirm Rialacháin atá infheidhme go díreach agus nach gá é a thrasuí isteach sa dlí náisiúnta.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ní bheidh sin infheidhme mar gheall ar chineál uathúil sealadach eisceachtúil na himthoisce a d’fhág gurbh éigean an togra seo a bheartú, imthoisc nach mbaineann le cuspóirí na reachtaíochta atá ann cheana.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Ó tharla go bhfuil an cás chomh práinneach sin, ní dhearnadh comhairliúchán foirmiúil leis na páirtithe leasmhara. Mar sin féin, tionóladh ceithre mhalartú neamhfhoirmiúla tuairimí le comhaltaí an Choiste um cheadúnais tiomána (an 17 Márta, an 31 Márta, an 13 Aibreán agus an 12 Bealtaine 2022), agus tugadh aghaidh freisin ar an gcás a bhaineann le teastais inniúlachta gairmiúla.

Deimhníodh sa chomhairliúchán an éagsúlacht rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le haitheantas a thabhairt do dhoiciméid tiomána oifigiúla arna n‑eisiúint ag tríú tíortha. Tá éagsúlachtaí móra ann idir na Ballstáit mar go rialaíonn forálacha náisiúnta an chuid is mó de na gnéithe ábhartha. I bhfianaise aimplitiúid na staide agus an ghá atá le bearta láithreacha, measann saineolaithe na mBallstát go bhfuil gá le gníomhaíocht AE sa réimse.

Bailiú agus úsáid saineolais

Faoi mar a míníodh cheana, ní raibh bailiú cuí saineolais indéanta mar gheall ar phráinne an cháis.

Measúnú tionchair

I bhfianaise phráinne an cháis, ní dhearnadh measúnú tionchair. Ní dhéanann an togra seo aon athrú ar phrionsabail ná ar shásraí reachtaíocht an Aontais lena mbaineann.

Cearta bunúsacha

Is é is aidhm don togra seo saorghluaiseacht laistigh den Aontas a éascú do dhaoine a bhfuil cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach acu faoin dlí náisiúnta.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Neamhbhainteach.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Neamhbhainteach.

2022/0204 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos bearta sonracha sealadacha, i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin, a bhaineann le doiciméid tiománaithe arna n‑eisiúint ag an Úcráin i gcomhréir lena reachtaíocht

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 8 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 9 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An 24 Feabhra 2022, thionscain fórsaí armtha na Rúise ionradh mórscála ar an Úcráin ag roinnt áiteanna isteach ó Chónaidhm na Rúise, ón mBealarúis agus ó limistéir laistigh den Úcráin nach bhfuil faoi smacht an rialtais. Dá thoradh sin, tá roinnt mhaith limistéar ar chríoch na hÚcráine atá anois ina limistéir ina bhfuil coinbhleacht armtha ar siúl, limistéir as ar theith na milliúin duine nó as a bhfuil siad ar a dteitheadh.

(2)Mar fhreagairt ar an bhfogha míleata gan chúis gan údar faoin Úcráin bhunaigh an Chomhairle den chéad uair gurb ann d’insreabhadh ollmhór isteach san Aontas de dhaoine easáitithe a raibh orthu an Úcráin a fhágáil de dheasca coinbhleacht armtha i gcomhréir le Treoir 2001/55/CE ón gComhairle 10 ina Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 11 , cinneadh ina leagtar amach na catagóirí de dhaoine easáitithe atá i dteideal, san Aontas, cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach a fháil faoin dlí náisiúnta.

(3)Le ceadúnas tiomána feabhsaítear soghluaisteacht an tsealbhóra agus éascaítear an saol laethúil toisc go bhfágann sé gur féidir feithiclí cumhachtthiomáinte a thiomáint. Bíonn deimhniú ar inniúlacht ghairmiúil de dhíth le bheith ag obair mar thiománaí gairmiúil chun earraí agus paisinéirí a iompar ar son gnóthais atá bunaithe san Aontas Eorpach. Sa chomhthéacs tugtha, cuireann an dá dhoiciméad rannpháirtíocht daoine a bhfuil cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach acu faoi dlí náisiúnta i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha chun cinn ina dtimpeallacht nua.

(4)I gcomhréir le hIarscríbhinn XXXII a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, agus den pháirt eile 12 , tá comhfhogasú déanta ag an Úcráin ar a dlíthe le forálacha Threoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 13 , go háirithe chun gur féidir na deimhnithe comhfhreagracha ar inniúlacht ghairmiúil a eisiúint le tiománaithe busanna agus trucailí a bhíonn ag gabháil d’oibríochtaí idirnáisiúnta.

(5)Sa Choinbhinsiún um Thrácht ar Bhóithre a tugadh i gcrích i Vín in 1968 (‘Coinbhinsiún um Thrácht ar Bhóithre 1968’), ar páirtí ann í an Úcráin, tá foráil maidir le rialacha áirithe lena gceadaítear aitheantas a thabhairt ar cheadanna tiomána faoi choinníollacha áirithe; ní Páirtithe sa choinbhinsiún sin iad na Ballstáit uile, áfach. Ina theannta sin, níl aon chreat comhchuibhithe de chuid an Aontais ann faoi láthair chun ceadúnais tiomána, nó deimhnithe ar inniúlacht ghairmiúil arna neisiúint ag tríú tíortha amhail an Úcráin, a mhalartú. Tá na ceanglais a bhaineann le malartú féideartha ceadúnas tiomána leagtha síos den chuid is mó i reachtaíocht náisiúnta na mBallstát, nó faoi chomhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana idir na Ballstáit sin agus an Úcráin. Féadfaidh tionchar diúltach a bheith ag an éagsúlacht sna ceanglais idir na Ballstáit éagsúla den Aontas, go háirithe a mhéid a bhaineann le haitheantas a thabhairt ar cheadúnais tiomána agus ar dheimhnithe ar inniúlacht ghairmiúil, ar an saol agus ar na saoirsí atá ag daoine easáitithe atá ar a dteitheadh roimh fhogha na Rúise faoin Úcráin tráth ina bhfuil na daoine sin anleochaileach.

(6)Sa chomhthéacs sin, is iomchuí, dá bhrí sin, creat coiteann de chuid an Aontais a bheith ann a bheidh infheidhme maidir le haitheantas a thabhairt ar cheadúnais tiomána arna neisiúint ag an Úcráin agus ina seilbh ag daoine a bhfuil cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach acu faoin dlí náisiúnta. Chun an tualach ar údaráis na mBallstát agus ar dhaoine a bhfuil cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach acu faoin dlí náisiúnta a laghdú, ba cheart aitheantas a thabhairt ar cheadúnais tiomána arna neisiúint go cuí ag an Úcráin do na daoine sin a aithint fad a mhairfidh a gcosaint shealadach, gan gá a beith ann dá sealbhóirí iad a mhalartú.

(7)Ceanglaítear le Coinbhinsiún 1968 um Thrácht ar Bhóithre ar shealbhóirí ceadanna tiomána ceadanna tiomána idirnáisiúnta a thíolacadh chun aitheantas a thabhairt ar a gcearta chun tiomána i gcásanna áirithe. Féadfar a chur de cheangal orthu aistriúchán deimhnithe ar cheadúnas tiomána an tsealbhóra a thíolacadh freisin. Is ualach díréireach ar na daoine a easáitíodh as an Úcráin atá sna ceanglais sin nach dócha go gcomhlíonfar in go leor cásanna. Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh sé de cheangal ar dhaoine a bhfuil cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach acu faoin dlí náisiúnta doiciméid den sórt sin a thíolacadh ar chríoch an Aontais.

(8)D’ainneoin go ndearna an Úcráin a dlí náisiúnta a chomhfhogasú le Treoir 2003/59/CE i gcomhair tiománaithe atá ag gabháil d’oibríochtaí iompair idirnáisiúnta, ní mór do thiománaithe gairmiúla de chuid na hÚcráine atá ag iarraidh a bheith ag obair do ghnóthais iompair de bhóthar atá bunaithe san Aontas deimhniú ar inniúlacht ghairmiúil atá eisithe i mBallstát a fháil fós. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann a bhfuil sé beartaithe acu deimhniú sonrach ar inniúlacht ghairmiúil a eisiúint do dhaoine a bhfuil cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach acu faoin dlí náisiúnta agus a bhfuil deimhnithe ar inniúlacht ghairmiúil arna eisiúint ag an Úcráin i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta na hÚcráine cárta cáilíochta tiománaí dá dtagraítear i dTreoir 2003/59/CE a eisiúint, nó cód speisialta sealadach an Aontais ‘95.01’ a mharcáil ar an gceadúnas tiomána ábhartha, do na daoine lena mbaineann chun na cearta céanna a thabhairt do shealbhóir deimhnithe ar inniúlacht ghairmiúil arna eisiúint ag an Úcráin mar a shainítear in Airteagal 2(b) agus atá ag daoine atá incháilithe an ghníomhaíocht tiomána a chumhdaítear faoi Airteagal 1 de Threoir 2003/59/CE. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit rialacha náisiúnta a ghlacadh lena leagtar síos raon feidhme agus fad oiliúna éigeantaí comhlántaí agus tástála ina dhiaidh sin, chun a áirithiú go gcomhlíonann na daoine lena mbaineann na caighdeáin a bhaineann leis an gcáilíocht tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil mar a shainmhínítear i dTreoir 2003/59/CE iad. I gcás ina ndearbhófar gur cailleadh nó gur goideadh deimhniú ar inniúlacht ghairmiúil, ba cheart do na Ballstáit a fhíorú freisin, lena náirítear le húdaráis inniúla na hÚcráine, go bhfuil deimhniú bailí ar inniúlacht ghairmiúil arna eisiúint ag an Úcráin ina sheilbh ag an duine lena mbaineann, sula neiseofar an deimhniú sonrach ar inniúlacht ghairmiúil sin.

(9)Ós rud é go mbíonn tréimhse theoranta bailíochta ag ceadúnais tiomána agus deimhnithe ar inniúlacht ghairmiúil de ghnáth, is gá iad a athnuachan go rialta. Fágann an comhthéacs reatha nach féidir leis an Úcráin a cúraimí a chur i gcrích ar an ngnáthbhealach, agus is é sin an chúis go bhféadfadh sé nach mbeidh siad in ann doiciméid riaracháin atá ann cheana a athnuachan. Ba cheart do na Ballstáit dá bhrí sin aitheantas a thabhairt ar aon chinneadh arna ghlacadh nó atá le glacadh ag an Úcráin maidir le doiciméid tiomána a athnuachan a bhfuil a mbailíocht imithe in éag nó a rachaidh in éag, ar feadh tréimhse a mhairfidh chomh fada leis an tréimhse cosanta sealadaí. Ba cheart don Úcráin an tAontas agus a Ballstáit a chur ar an eolas go leordhóthanach faoi chinntí den sórt sin.

(10)Na dálaí a bhaineann le teitheadh roimh chogadh, is minic go mbíonn caillteanas nó goid ceadúnas tiomána i gceist leo, nó iad a fhágáil ar lár i limistéar an chogaidh gan deis láithreach a bheith ann iad a fháil ar ais. I gcásanna den sórt sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann ceadúnais tiomána shealadacha a eisiúint a rachaidh in ionad na gcinn bhunaidh ar feadh thréimhse na cosanta sealadaí, ar choinníoll go bhfuil údaráis inniúla na mBallstát in ann an fhaisnéis arna soláthar ag na daoine easáitithe a fhíorú, e.g. trí rochtain a fháil ar chláir náisiúnta na hÚcráine. Ba cheart aitheantas frithpháirteach a thabhairt ar dhoiciméid den sórt sin san Aontas, agus níor cheart a mbailíocht riaracháin a bheith níos faide ná fad thréimhse na cosanta sealadaí.

(11)Tá an comhrac i gcoinne na calaoise agus an bhrionnaithe ríthábhachtach chun sábháilteacht ar bhóithre agus forfheidhmiú an dlí a choinneáil ar bun. I ndáil leis sin, ba cheart sásraí comhordaithe a bhunú le haghaidh comhrac éifeachtach i gcoinne na calaoise agus an bhrionnaithe mar chuid de chur chun feidhme an Rialacháin seo.

(12)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus gur féidir, de bharr fairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, déanfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Ábhar

Leis an Rialachán seo leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha is infheidhme maidir le doiciméid an tiománaí arna n‑eisiúint ag an Úcráin i gcomhréir lena reachtaíocht agus atá i seilbh ag daoine a bhfuil cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach acu faoin dlí náisiúnta i gcomhréir le Treoir 2001/55/CE agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382.

Airteagal 2
Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn ‘doiciméid an tiománaí’:

(a)ceadúnais tiomána arna neisiúint ag an Úcráin, lena gcruthaítear na coinníollacha faoina núdaraítear do thiománaí tiomáint faoi dhlí na hÚcráine;

(b)deimhnithe ar inniúlacht ghairmiúil arna neisiúint ag an Úcráin i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta arna glacadh chun Treoir 2003/59/CE a chur chun feidhme, de bhun Airteagal 368(1) agus Iarscríbhinn XXXII a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, le tiománaithe na bhfeithiclí bóthair atá ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta earraí nó paisinéirí de bhóthar a thagann laistigh de raon feidhme na Treorach sin.

Airteagal 3
Aitheantas a thabhairt ar cheadúnais tiomána arna neisiúint ag an Úcráin

1.Tabharfar aitheantas do cheadúnais tiomána bhailí arna neisiúint ag an Úcráin má tá cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach ag a sealbhóirí faoin dlí náisiúnta acu i gcomhréir le Treoir 2001/55/CE agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382, ar a laghad go dtí an tráth nach mbeidh feidhm ag an gcosaint shealadach a thuilleadh.

2.I gcás ina mbeidh ceadúnas tiomána ina sheilbh ag duine a bhfuil cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach aige dá dtagraítear i mír 1, ní chuirfidh an Ballstát de cheangal aistriúchán deimhnithe air ná an cead tiomána idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 41(1) den Choinbhinsiún um Thrácht ar Bhóithre a tugadh i gcrích i Vín in 1968 a thíolacadh.

Airteagal 4
Deimhnithe ar inniúlacht ghairmiúil 

1.Arna iarraidh sin do shealbhóir deimhnithe ar inniúlacht ghairmiúil arna eisiúint ag an Úcráin mar a shainítear in Airteagal 2(b) a bhfuil cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach aige faoin dlí náisiúnta i gcomhréir le Treoir 2001/55/CE agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382, féadfaidh an Ballstát inar deonaíodh cead cónaithe sealadach don sealbhóir sin nó an Ballstát ina bhfuil cosaint leordhóthanach ag an sealbhóir sin faoin dlí náisiúnta an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)cód speisialta sealadach an Aontais ‘95.01’ a mharcáil, de mhaolú ar phointe 12 d’Iarscríbhinn I de Threoir 2006/126/CE, agus a dháta éaga ina dhiaidh sin, i réimse 12 ar thaobh 2 de cheadúnas tiomána an duine lena mbaineann, ar choinníoll go bhfuil ceadúnas tiomána ar mhúnla an Aontais arna eisiúint ag an mBallstát sin ina seilbh ag an duine; nó

(b)cárta cáilíochta tiománaí a eisiúint don duine sin a mbeidh cód speisialta sealadach an Aontais ‘95.01’ agus a dháta éaga ina dhiaidh sin i réimse 10 ar thaobh 2 den chárta cáilíochta tiománaí sin dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Threoir 2003/59/CE.

Ní eiseofar na cártaí cáilíochta tiománaí sin agus ní mharcálfar na ceadúnais tiomána sin ach amháin má tá cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach ag a sealbhóirí faoin dlí náisiúnta acu i gcomhréir le Treoir 2001/55/CE agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382.

2.Tabharfar aitheantas frithpháirteach do na cártaí cáilíochta tiománaí agus don mharc ar na ceadúnais tiomána dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b) i gcríoch an Aontais. Measfar go gcomhlíonann sealbhóirí na gcártaí cáilíochta tiománaí sin nó na gceadúnas tiomána marcáilte sin an ceanglas maidir le cáilíocht tosaigh éigeantach is gá chun an ghníomhaíocht tiomána a leagtar síos le hAirteagal 3 de Threoir 2003/59/CE a dhéanamh.

3.Ní bheidh an bhailíocht riaracháin atá ag na cártaí cáilíochta tiománaí sin nó a ghabhann le cód speisialta sealadach an Aontais atá marcáilte ar na ceadúnais tiomána níos faide ná fad thréimhse na cosanta sealadaí i ndáil le daoine easáitithe ón Úcráin, dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2001/55/CE, fad thréimhse na cosanta sealadaí nó na cosanta leordhóthanaí faoin dlí náisiúnta don sealbhóir, ná tréimhse bhailíochta an cheadúnais tiomána, cibé acu is luaithe.

Sa chás go gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2001/55/CE, déanfaidh an Ballstát inar deonaíodh cead cónaithe sealadach nó ina bhfuil cosaint leordhóthanach aige faoin dlí náisiúnta doiciméad arna eisiúint i gcomhréir le mír 1 a athnuachan dá réir sin.

4.Sula neiseofar an cárta cáilíochta tiománaí dá dtagraítear i mír 1 nó sula marcálfar cód speisialta sealadach an Aontais ‘95.01’ ar an gceadúnas tiomána dá dtagraítear i mír 1, ceanglóidh na Ballstáit ar shealbhóir an deimhnithe ar inniúlacht ghairmiúil dá dtagraítear sa mhír sin oiliúint éigeantach chomhlántach a dhéanamh a chríochnófar le tástáil chun a fhíorú go bhfuil an leibhéal eolais ag an tiománaí a cheanglaítear le roinn 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/59/CE.

Ní bheidh fad na hoiliúna éigeantaí comhlántaí níos faide ná 60 uair an chloig, lena n‑áirítear 10 n‑uair an chloig ar a laghad de thiomáint aonair mar a shonraítear i bpointe 2.1 de Roinn 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/59/CE.

Ar chur i gcrích na hoiliúna sin, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát nó an t‑eintiteas atá ainmnithe acu tástáil a chur ar an tiománaí i scríbhinn nó ó bhéal.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi rialacha náisiúnta arna nglacadh i gcomhréir leis an Airteagal seo sula n‑eiseoidh siad an cárta cáilíochta tiománaí nó sula marcálfaidh siad an ceadúnas tiomána dá dtagraítear i mír 1.

5.Sa chás go gcailltear nó go ngoidtear teastas deimhniú ar inniúlacht ghairmiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2(b) atá i seilbh duine a bhfuil cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach aige faoin dlí náisiúnta i gcomhréir le Treoir 2001/55/CE agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382, féadfaidh an Ballstát inar deonaíodh cead cónaithe sealadach nó a bhfuil cosaint leordhóthanach aige faoin dlí náisiúnta fíorú a dhéanamh, arna iarraidh sin don duine sin, lena náirítear le húdaráis inniúla na hÚcráine, gur sealbhóir é an duine sin ar dheimhniú bailí ar inniúlacht ghairmiúil arna eisiúint ag an Úcráin i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta agus nach bhfuil seilbh ag an duine sin ar dhoiciméad arna mharcáil nó arna eisiúint i gcomhréir le mír 1 ag Ballstát eile.

I ndiaidh an fíorú sin a dhéanamh, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann cárta cáilíochta tiománaí a eisiúint nó cód speisialta sealadach an Aontais ‘95.01’ a mharcáil ar an gceadúnas tiomána, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach i míreanna 1 agus 2.

6.Ní dhéanfaidh na Ballstáit cárta cáilíochta tiománaí a athnuachan ná marc chód sealadach speisialta an Aontais ‘95.01’ ar cheadúnas tiomána dá dtagraítear i mír 1 nuair nach bhfuil cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach ag an sealbhóir a thuilleadh i gcomhréir le Treoir 2001/55/CE agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382.

Airteagal 5
Síneadh a chur le bailíocht dhoiciméid an tiománaí atá imithe in éag arna neisiúint ag an Úcráin

Gan dochar d’Airteagal 1, i gcás ina nglacann an Úcráin cinntí chun síneadh a chur le bailíocht dhoiciméid an tiománaí atá imithe in éag a d’eisigh sí, tabharfaidh na Ballstáit aitheantas do na cinntí sin, ar choinníoll go gcuirfidh an Úcráin an tAontas agus a Ballstáit ar an eolas fúthu.

Airteagal 6
Aitheantas a thabhairt ar cheadúnais tiomána caillte nó goidte arna neisiúint ag an Úcráin

1.I gcás ina ndearbhaíonn duine a bhfuil cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach aige faoin dlí náisiúnta i gcomhréir le Treoir 2001/55/CE agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 gur cailleadh nó gur goideadh an ceadúnas tiomána atá aige nó aici, fíoróidh an Ballstát inar deonaíodh cead cónaithe sealadach don duine sin nó ina bhfuil cosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta ag an duine sin, arna iarraidh sin don duine sin, lena náirítear le húdaráis inniúla na hÚcráine, na cearta tiomána a fuair an duine sin i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme san Úcráin agus nár eisigh aon Bhallstát eile ceadúnas tiomána don duine sin cheana féin i gcomhréir leis an Airteagal seo, go háirithe chun a fháil amach nach ndearnadh an ceadúnas tiomána a shrianadh, a chur ar fionraí ná a tharraingt siar.

2.De mhaolú ar Airteagal 11(6) de Threoir 2006/126/CE, i ndiaidh do Bhallstát an fíorú dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, féadfaidh sé ceadúnas tiomána den chatagóir chéanna nó de na catagóirí céanna a eisiúint don duine lena mbaineann bunaithe ar mhúnla an Aontais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/126/CE. Sa chás sin, agus de mhaolú ar phointe 12 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/126/CE, cuirfidh an Ballstát isteach ar an gceadúnas tiomána cód speisialta sealadach an Aontais ‘99.01’ i réimse 12, agus is é an bhrí a bheidh leis sin ‘Eisiúint speisialta nach bhfuil bailí ach ar feadh fad thréimhse na cosanta sealadaí (ceadúnas UA caillte nó goidte)’.

3.Tabharfar aitheantas frithpháirteach san Aontas don cheadúnais tiomána dá dtagraítear i mír 2. Ní bheidh an bhailíocht riaracháin atá aige níos faide ná fad thréimhse na cosanta sealadaí i ndáil le daoine easáitithe ón Úcráin, dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2001/55/CE, ná fad thréimhse na cosanta sealadaí nó na cosanta leordhóthanaí faoin dlí náisiúnta don sealbhóir, cibé acu is luaithe.

Sa chás go gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2001/55/CE, déanfaidh an Ballstát inar deonaíodh cead cónaithe sealadach nó ina bhfuil cosaint leordhóthanach aige faoin dlí náisiúnta ceadúnas tiomána arna eisiúint i gcomhréir le mír 2 a athnuachan dá réir sin.

4.I gcás nach féidir an fíorú dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, ní eiseoidh an Ballstát atá i gceist an ceadúnas tiomána dá dtagraítear i mír 2. Sa chás sin, féadfaidh an Ballstát ceadúnas tiomána a bheidh bailí go heisiach ar a chríoch a eisiúint don duine lena mbaineann, i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta, a bheidh difriúil ón múnla a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann Treoir 2006/126/CE.

5.Ní dhéanfaidh na Ballstáit athnuachan ar cheadúnas tiomána dá dtagraítear i mír 2 sa chás nach bhfuil cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach ag an sealbhóir a thuilleadh i gcomhréir le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382.

Airteagal 7
Calaois agus brionnú a chosc

Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, bainfidh na Ballstáit úsáid as gach modh iomchuí chun calaois agus brionnú ar dhoiciméid an tiománaí a chosc agus a chomhrac, lena n‑áirítear trí na cearta a ghabhann leis na doiciméid sin a fhíorú.

Ní chuirfidh na Ballstáit forálacha an Rialacháin seo i bhfeidhm maidir le doiciméid an tiománaí arna n‑eisiúint ag an Úcráin i bhformáid leictreonach mura mbeidh siad in ann a mbarántúlacht, a n‑iomláine agus a mbailíocht a fhíorú.

Airteagal 8
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.Scoirfidh an Rialachán seo d’fheidhm a bheith aige an lá i ndiaidh an lá a mbeidh deireadh tagtha leis an tréimhse a gcuirtear cosaint shealadach i ndáil le daoine easáitithe ón Úcráin i bhfeidhm, dá dtagraítear in Airteagal 4 de Treoir 2001/55/CE, i gcomhréir le hAirteagal 6 den Treoir sin.

3.Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Foinse: UNHCR ( https://data2.unhcr.org/en/situations/ukraine )
(2)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach, IO L 71, 4.3.2022, lch. 1
(3)    Treoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le cáiliú tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil do thiománaithe feithiclí bóthair áirithe a úsáidtear chun earraí nó paisinéirí a iompar, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle agus Treoir 91/439/CEE ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Treoir 76/914/CEE ón gComhairle (IO L 226, 10.9.2003, lch. 4).
(4)    I gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn XXXII a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin, 2014 (IO L 161, 29.5.2014, lch. 1961-1967). I gcás tiománaithe nach raibh páirteach ach in oibríochtaí iompair náisiúnta laistigh den Úcráin, bhí cur chun feidhme na Treorach beartaithe le haghaidh an 1 Samhain 2019, ach tá moill ar an Treoir.
(5)    IO L 403, 30.12.2006, lch. 18.
(6)    IO L 71, 4.3.2022, lch. 1.
(7)

   IO L 212, 7.8.2001, lch. 12.

(8)    , , lch. .
(9)    IO C, , lch. .
(10)

   Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).

(11)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1).
(12)    IO L 161, 29.5.2014, lch. 3.
(13)    Treoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le cáiliú tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil do thiománaithe feithiclí bóthair áirithe a úsáidtear chun earraí nó paisinéirí a iompar, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle agus Treoir 91/439/CEE ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 76/914/CEE ón gComhairle (IO 6, 10.9.2003, lch. 4).
Top