AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,16.2.2022
COM(2022) 51 final
2022/0035(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe is infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Is é príomhchuspóir an togra na leasuithe ar na beartaithe caomhnaithe agus forfheidhmithe a ghlac Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO) ag a chruinniú bliantúil i mí Mheán Fómhair 2021 a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. Áirítear sa togra freisin feabhsuithe eagarthóireachta NAFO agus ionchorpraítear leis an fhoclaíocht i gcomhthéacs dlíthiúil an Aontais. Is é NAFO an eagraíocht réigiúnach bainistithe iascaigh atá freagrach as acmhainní iascaigh san Atlantach Thiar Thuaidh atá faoina cúram a bhainistiú. Tá feidhm ag bearta caomhnaithe agus bainistithe NAFO go heisiach i leith Limistéar Rialála NAFO, an mhórmhuir, a shainmhínítear mar an limistéar amuigh ón limistéar ina bhfeidhmíonn stáit chósta dlínse iascaigh. Tá an tAontas ina Pháirtí Conarthach in NAFO ó 1979 i leith.
Luaitear i gCoinbhinsiún NAFO go bhfuil na bearta caomhnaithe arna nglacadh ag Coimisiún NAFO ceangailteach (Airteagal XIV, Airteagal VI.8 agus Airteagal VI.9) agus go bhfuil ceanglas ar na Páirtithe Conarthacha iad a chur chun feidhme.
Le Rialachán (AE) 2019/833, cuireadh na bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe NAFO chun feidhme i ndlí an Aontais. Cumhdaítear leis an togra seo na leasuithe a ghlac NAFO ag a chruinniú bliantúil i mí Mheán Fómhair 2021. Tháinig na leasuithe sin i bhfeidhm an 2 Nollaig 2021 agus tá feidhm leo ó shin i leith.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an togra comhsheasmhach le Rialachán (AE) 2019/833.
Tá an togra i gcomhréir le Cuid VI (beartas seachtrach) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis an gcomhbheartas iascaigh lena bhforáiltear go seolfaidh an tAontas a chuid iascach seachtrach i gcomhréir lena oibleagáidí idirnáisiúnta, lena mbeidh gníomhaíochtaí iascaireachta an Aontais bunaithe ar chomhar iascaigh réigiúnaigh.
Comhlánaíonn an togra Rialachán (AE) 2017/2403 maidir le bainistiú a dhéanamh ar chabhlaigh sheachtracha, lena bhforáiltear go bhfuil soithí iascaireachta an Aontais faoi réir údaruithe iascaireachta Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh, agus Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle maidir le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhrialáilte agus neamhthuairiscithe (NNN) lena ndéantar foráil maidir le liosta NNN NAFO a chuimsiú i liosta shoithí NNN an Aontais.
Ní chumhdaítear leis an togra seo deiseanna iascaireachta an Aontais a ndéanann NAFO cinneadh ina leith. De réir Airteagal 43(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá sé de shaincheart ag an gComhairle bearta a ghlacadh maidir le praghsanna, tobhaigh, cúnamh agus teorainneacha cainníochtúla a shocrú agus maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a leithdháileadh.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra comhsheasmhach le beartais eile an Aontais.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá an togra bunaithe ar Airteagal 43(2) CFAE ina leagtar amach na forálacha is gá chun cuspóirí an chomhbheartais iascaigh a shaothrú.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Baineann an togra le hinniúlacht eisiach an Aontais (Airteagal 3(1)(d) CFAE). Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.
•Comhréireacht
Áiritheofar leis an togra go gcomhlíonfar oibleagáidí NAFO an Aontais, gan dul thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.
•An rogha ionstraime
Leasaítear leis an rogha ionstraime Rialachán (AE) 2019/833.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Is é is cuspóir don togra seo Rialachán (AE) 2019/833 a leasú trí na leasuithe ar na bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe a glacadh ag cruinniú bliantúil NAFO i mí Mheán Fómhair 2021 a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. Chuathas i gcomhairle le saineolaithe náisiúnta de chuid na mBallstát agus le hionadaithe tionscail sa tréimhse díreach roimh chruinniú bliantúil NAFO ag ar glacadh na moltaí sin agus le linn chaibidlíocht NAFO freisin.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Leis an togra seo cuirtear chun feidhme i ndlí an Aontais leasuithe ar bhearta caomhnaithe NAFO a glacadh i gcomhréir le buanchoistí NAFO maidir le comhairle eolaíoch agus rialaithe.
•Measúnú tionchair
Ní bhaineann le hábhar. Leis an togra seo cuirtear chun feidhme i ndlí an Aontais leasuithe ar bhearta caomhnaithe NAFO atá ina cheangal ar Pháirtithe Conarthacha agus is infheidhme go díreach sna Ballstáit.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Níl aon nasc idir an togra seo agus oiriúnacht rialála agus simpliú (REFIT).
•Cearta bunúsacha
Níl aon tionchar ag an togra seo ar chosaint na gceart bunúsach.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleachtaí buiséadacha ag an togra seo.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
•Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Leis an togra, cuirtear chun feidhme na leasuithe a glacadh ag cruinniú bliantúil NAFO i mí Mheán Fómhair 2021 maidir leis an gcuóta “Eile” a ríomh, lenar tugadh bearta tionlacain isteach le haghaidh Trosc i Roinn 3M maidir le cigireacht oibríochtaí, chomh maith le haileabónna Graonlannacha. Áirítear freisin leis na leasuithe forálacha athbhreithnithe maidir le nósanna imeachta breise, sáruithe tromchúiseacha i ndáil le húsáid mogallmhéideanna, greille nó gráta, agus bearta treisithe a bhaineann leis an obair leantach i dtaca le sáruithe, chomh maith le doiciméid a tharchur chuig NAFO agus chuig an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach.
Chomh maith leis sin, tarmligtear leis an togra cumhachtaí chuig an gCoimisiún chun Rialachán (AE) 2019/833 maidir le tabhairt i dtír, cigireacht le haghaidh haileabónna Graonlannacha d’Airteagal 10(1)(e), agus bearta rialaithe le haghaidh Trosc i Roinn 3M d’Airteagal 9a, a leasú, má leasaíonn NAFO a bhearta sa todhchaí. Tá gá le leasú pras a dhéanamh ar na forálacha sin chun go bhféadfaidh soithigh an Aontais iascaireacht a dhéanamh ar an mbonn céanna le soithigh Pháirtithe Conarthacha NAFO eile le haghaidh gach séasúr iascaireachta eile sa todhchaí.
2022/0035 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe is infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Glacadh Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun na rialacha is nuashonraithe le haghaidh bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe is infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO) a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. Leasaíodh an Rialachán sin ina dhiaidh sin leis na bearta de chuid NAFO a glacadh ag a chruinnithe bliantúla in 2019 agus 2020.
(2)Ina dhiaidh sin, ag an 43ú Cruinniú Bliantúil dá chuid i mí Mheán Fómhair 2021, ghlac NAFO líon áirithe cinntí atá ceangailteach ó thaobh dlí le haghaidh chaomhnú na n‑acmhainní iascaigh atá faoina chúram maidir le gabháil den chuóta ‘Eile’ a choinneáil, cigireacht chalafoirt i dtaca le tabhairt i dtír Trosc i Roinn 3M agus Haileabónna Graonlannacha, faireachán agus forálacha treisithe a bhaineann le sáruithe agus lena bhforfheidhmiú.
(3)Is ar Pháirtithe Conarthacha NAFO a dhírítear na cinntí sin agus cuirtear oibleagáidí ar oibreoirí leo chomh maith. Tar éis dóibh teacht i bhfeidhm an 2 Nollaig 2021, tá Bearta Caomhnaithe agus Forfheidhmithe NAFO (CEM) ina gceangal ar gach Páirtí Conarthach de chuid NAFO. A mhéid a bhaineann leis an Aontas Eorpach, tá siad le cur chun feidhme i ndlí an Aontais a mhéid nach bhforáiltear maidir leo cheana le dlí an Aontais.
(4)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/833 a leasú d’fhonn na bearta nua sin de chuid NAFO a chur i bhfeidhm maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais.
(5)Is dócha go leasófar forálacha áirithe CEM ag Cruinnithe Bliantúla NAFO amach anseo tar éis bearta teicniúla nua a thabhairt isteach i ndáil le bithmhais stoc a athrú agus tar éis athbhreithniú ar shrianta limistéar maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill. Dá bhrí sin, d’fhonn leasuithe den sórt sin ar CEM amach anseo a chur chun feidhme go tapa i ndlí an Aontais, roimh thús an tséasúir iascaireachta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na mbeart tabhartha i dtír agus cigireachta le haghaidh Haileabónna Graonlannacha agus i leith na mbeart rialaithe le haghaidh Trosc i Roinn 3M.
(6)Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na doiciméid uile a fháil an tráth céanna le saineolaithe na mBallstát, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(7)Ba ceart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/833 a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/833
Leasaítear leis seo Rialachán (AE) 2019/833 mar a leanas:
(1)In Airteagal 7(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):
“(d) I gcás a bhfuil cosc ar iascach infheidhme (moratoria), nó i gcás gur glacadh an cuóta "Eile" iomlán a osclaíodh maidir leis an stoc sin: 1 250 kg nó 5 %, cibé acu is mó, maidir leis na Páirtithe Conarthacha sin tar éis dóibh úsáid an chuóta “Eile” a chur in iúl i gcomhréir le hAirteagal 6 den Rialachán seo;”
(2)In Airteagal 9a(1), pointe (c), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
‘déanfaidh gach Ballstát cigireacht ina gcalafoirt ar 50 % ar a laghad de na gabhálacha trosc ó Roinn 3M a thabharfar i dtír nó a thrasloingseofar agus ullmhóidh sé tuarascáil chigireachta san fhormáid a fhorordaítear in Iarscríbhinn IV.C a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 9 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus cuirfidh sé chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO í, agus an Coimisiún agus EFCA i gcóip, laistigh de 12 lá oibre ón dáta a cuireadh an chigireacht i gcrích.’.
(3)In Airteagal 10(1), pointe (e), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
‘(e) déanfaidh gach Ballstát cigireacht ina gcalafoirt ar gach gabháil haileabónna Graonlannacha a thabharfar i dtír, más éard atá i gcainníocht an stoic sin ar bord níos mó ná 5 % den ghabháil iomlán nó níos mó na 2 500 kg, agus ullmhóidh sé tuarascáil chigireachta san fhormáid a fhorordaítear in Iarscríbhinn IV.C a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 9 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus cuirfidh sé chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO í, agus an Coimisiún agus EFCA i gcóip, laistigh de 14 lá oibre ón dáta a cuireadh an chigireacht i gcrích.’
(4)In Airteagal 29, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘Déanfaidh gach Ballstát, tráth nach déanaí ná an 1 Samhain gach bliain, an fhaisnéis seo a leanas a sheoladh chuig EFCA (agus an Coimisiún i gcóip), rud a áiritheoidh go dtarchuirfear an fhaisnéis seo chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO:
(a) faisnéis teagmhála an údaráis inniúil a ghníomhóidh mar an pointe teagmhála chun críche fógra a thabhairt láithreach faoi sháruithe sa Limistéar Rialála, agus faoi aon athrú ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis sin, tráth nach déanaí ná 15 lá sula dtiocfaidh an t‑athrú i bhfeidhm;
(b) ainmneacha na gcigirí agus na gcigirí faoi oiliúint agus ainm, comhartha aitheantais raidió agus faisnéis teagmhála cumarsáide gach ardáin cigireachta a bheidh sannta aige don Scéim. Tabharfaidh sé fógra faoi athruithe ar na sonraí arna bhfógairt amhlaidh, aon uair is féidir, tráth nach déanaí ná 60 lá roimh ré.’
(5)in Airteagal 35(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):
‘(g) iascaireacht a dhéanamh le mogallmhéid neamhúdaraithe, le spás neamhúdaraithe idir barraí an ghráta nó na greille, nó gan greillí sórtála nó grátaí a úsáid de shárú ar Airteagail 13 nó 14;’.
(6)in Airteagal 36(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):
‘áiritheoidh sé go bhfuil na smachtbhannaí is infheidhme maidir le sáruithe, agus a mhéid is féidir laistigh den reachtaíocht náisiúnta le haghaidh sáruithe tromchúiseacha a dhéantar arís agus arís eile, go háirithe na sáruithe a aithnítear faoi Airteagal 35(3)(c) (iii) agus (iv), dian go leor chun comhlíonadh a áirithiú go héifeachtach, tuilleadh sáruithe nó athdhéanamh sáruithe a dhíspreagadh agus na cosantóirí a choinneáil ó na sochair a fhabhraíonn ón sárú.’
(7)In Airteagal 36(2), cuirtear pointí (e) agus (f) isteach:
‘(e) riachtanais tuairiscithe mhéadaithe nó bhreise; inter alia, minicíocht tuairiscithe fheabhsaithe nó sonraí breise atá le tuairisciú; agus
(f) riachtanais faireacháin mhéadaithe nó bhreise inter alia, breathnóir nó cigire a chur ar bord nó cianfhaireachán leictreonach a chuirtear chun feidhme i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla ábhartha le haghaidh soithí iascaireachta a oibríonn in NAFO.’
(8)In Airteagal 40(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:
‘Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a tharchur chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO.’
(9)Leasaítear Airteagal 50, mír 2, mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
‘(c) nósanna imeachta i dtaca le soithí a bhfuil breis agus 50 tonna beomheáchain de ghabháil iomlán ar bord acu agus a théann isteach sa Limistéar Rialála chun iascaireacht a dhéanamh ar an haileabó Graonlannach i dtaca le hinneachar na bhfógraí dá bhforáiltear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 10(2), agus na coinníollacha chun iascaireacht a thosú dá bhforáiltear i bpointe (d) d’Airteagal 10(2); chomh maith le forálacha tabhartha i dtír, cigireachta i ndáil leis an haileabó Graonlannach dá bhforáiltear in Airteagal 10(1), pointe (e);’,
(b) cuirtear an pointe (l) seo a leanas leis:
‘(l) bearta rialaithe le haghaidh an troisc i Roinn 3M d’Airteagal 9a.’
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán