AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,10.2.2022
COM(2022) 36 final
2022/0024(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 0, 9, 10, 13, 39, 46, 51, 53, 55, 63, 78, 79, 90, 107, 108, 109, 116, 117, 121, 125, 141, 142, 148, 149, 152, 154, 160, 161, 162 agus 163 ó na Náisiúin Aontaithe, a mhéid a bhaineann leis an togra le haghaidh Rialachán nua Teicniúil Domhanda ó na Náisiúin Aontaithe (RTD), maidir le marthanacht ceallraí infheithicle i bhfeithiclí leictreacha, an togra le haghaidh leasuithe ar Rún Comhdhlúite R.E.5, an togra le haghaidh údarú chun leasú 4 ar UN GTR Uimh. 3 a fhorbairt agus an togra le haghaidh údarú chun UN GTR nua a fhorbairt maidir le hastaíochtaí cáithníní coscán
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.ÁBHAR AN TOGRA
Baineann an togra seo le cinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (WP.29) a mhéid a bhaineann le modhnuithe ar Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe atá ann cheana agus ar Rialacháin Theicniúla Dhomhanda ó na Náisiúin Aontaithe atá ann cheana a ghlacadh.
2.COMHTHÉACS AN TOGRA
2.1.Comhaontú 1958 agus Comhaontú 1998
Comhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (‘UNECE’) maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha agus maidir leis na coinníollacha le haghaidh aitheantas frithpháirteach i gcás ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (‘Comhaontú Athbhreithnithe 1958’) agus an Comhaontú maidir le Rialacháin Theicniúla Dhomhanda a leagan síos i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (‘Comhaontú Comhthreomhar’), is é is aidhm do na Comhaontuithe sin ceanglais chomhchuibhithe a fhorbairt d’fhonn bacainní teicniúla a bhaint i dtaca leis an trádáil i mótarfheithiclí idir Páirtithe Conarthacha UNECE agus a áirithiú go mbaineann ardleibhéal sábháilteachta agus cosanta comhshaoil le feithiclí den sórt sin. Tháinig na Comhaontuithe i bhfeidhm le haghaidh an Aontais Eorpaigh an 24 Márta 1998 agus an 15 Feabhra 2000 faoi seach. Is é an Fóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí atá faoi choimirce UNECE (Meitheal 29 nó WP.29) a dhéanann an dá chomhaontú sin a riar.
2.2. An Fóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) — Meitheal 29 nó WP. 29
Cuireann WP.29 creat uathúil ar fáil chun rialacháin maidir le feithiclí a chomhchuibhiú ar bhonn domhanda. Meitheal bhuan is ea é WP.29 i gcreat institiúideach na Náisiún Aontaithe ag a bhfuil sainordú sonrach agus rialacha nós imeachta. Feidhmíonn sé mar fhóram domhanda inar féidir plé oscailte a dhéanamh ar rialacháin maidir le mótarfheithiclí agus ina mbíonn cur chun feidhme Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 agus an Chomhaontaithe Chomhthreomhair á phlé freisin. Aon bhallstát de chuid na Náisiún Aontaithe agus aon eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíoch, arna bunú ag ballstáit de chuid na Náisiún Aontaithe, féadfaidh sé a bheith rannpháirteach go hiomlán i ngníomhaíochtaí WP.29 agus féadfaidh sé a bheith ina pháirtí conarthach sna Comhaontuithe maidir le feithiclí arna riar ag WP.29. Tá an tAontas Eorpach ina pháirtí sna Comhaontuithe sin.
Tionóltar cruinnithe UNECE WP.29 trí huaire sa bhliain, i.e. i mí an Mhárta, i mí an Mheithimh agus i mí na Samhna. I ngach seisiún, féadfar na nithe seo a leanas a ghlacadh chun an dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh – Rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe, Rúin nua ó na Náisiúin Aontaithe, Rialacháin Theicniúla Dhomhanda nua ó na Náisiúin Aontaithe (RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe), modhnuithe ar Rialacháin agus ar Rúin ó na Náisiúin Aontaithe atá ann cheana faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 agus modhnuithe ar RTDanna agus Rúin ó na Náisiúin Aontaithe atá ann cheana faoin gComhaontú Comhthreomhar. Roimh gach cruinniú WP.29, déantar na modhnuithe sin a phlé ar an leibhéal teicniúil ar dtús i bhfochomhlachtaí tiomnaithe WP.29.
Dá éis sin, glactar vóta ar leibhéal WP.29 (i.e. trí thromlach cáilithe de na Páirtithe Conarthacha atá i láthair agus a vótálann ar na tograí faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 agus trí vóta comhthola na bPáirtithe Conarthacha atá i láthair agus a vótálann ar na tograí faoin gComhaontú Comhthreomhar).
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir leis na Rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe agus na RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe, maille leis na leasuithe agus ceartúcháin orthu sin agus lena gcuid forlíontaí, agus maidir leis na Rúin, déantar é a leagan síos roimh gach cruinniú WP.29 trí Chinneadh ón gComhairle faoi Airteagal 218(9) CFAE.
2.3. An gníomh WP.29 atá beartaithe
Le linn an 186ú seisiún de WP.29, seisiún a thionólfar idir an 8 agus an 11 Márta 2022, féadfaidh WP.29 na tograí seo a leanas a ghlacadh: na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 0, 9, 10, 13, 39, 46, 51, 53, 55, 63, 78, 79, 90, 107, 108, 109, 116, 117, 121, 125, 141, 142, 148, 149, 152, 154, 160, 161, 162 agus 163 ó na Náisiúin Aontaithe, an togra le haghaidh Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le boinn bhocóideacha, an togra le haghaidh Rialachán nua Teicniúil Domhanda (RTD ó NA) maidir le marthanacht ceallraí infheithicle i bhfeithiclí leictreacha, an togra le haghaidh leasuithe ar Rún Comhdhlúite R.E.5, an togra le haghaidh údarú chun leasú 4 ar UN GTR Uimh. 3 a fhorbairt agus an togra le haghaidh údarú chun UN GTR nua a fhorbairt maidir le hastaíochtaí cáithníní coscán.
3. AN SEASAMH ATÁ LE GLACADH THAR CEANN AN AONTAIS
Déanann córas WP.29 comhchuibhiú idirnáisiúnta ar chaighdeáin feithiclí a neartú. Tá ról ríthábhachtach ag Comhaontú 1958 ó thaobh an chuspóra seo ós rud é gur féidir le monaróirí an Aontais oibriú de réir tacar coiteann de Rialacháin chineálcheadaithe agus a fhios acu go n‑aithneoidh na Páirtithe Conarthacha an táirge a bheith i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta. Leis an scéim sin, mar shampla, bhíothas in ann níos mó ná 50 Treoir ón Aontas Eorpach a aisghairm le Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 maidir le sábháilteacht ghinearálta mótarfheithiclí agus Rialacháin chomhfhreagracha a forbraíodh faoin gComhaontú 1958 a chur in ionad na dTreoracha sin.
Tá cur chuige comhchosúil le fáil i Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairlel lena leagtar síos forálacha riaracháin agus ceanglais theicniúla le haghaidh cineálcheadú agus cur ar an margadh gach feithicle nua, gach córais nua, gach comhpháirte nua agus gach aonaid theicniúil ar leithligh nua. Ionchorpraíonn an Rialachán sin rialacháin arna nglacadh faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 (‘Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe’) i gcóras cineálcheadaithe an Aontais, mar cheanglais maidir le cineálcheadú nó mar roghanna malartacha ar reachtaíocht an Aontais.
A luaithe a ghlacfaidh WP.29 na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin nó le haghaidh Rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe, agus a luaithe a chuirfidh Rúnaí Feidhmiúcháin UNECE na gníomhartha sin in iúl do na Páirtithe Conarthacha, ansin tar éis sé mhí, in éagmais agóidí ó Pháirtithe Conarthacha ar mionlach blocála iad, féadfaidh na gníomhartha teacht i bhfeidhm ar deireadh agus féadfar iad a thrasuí sna rialacha náisiúnta is infheidhme a bhaineann le gach Páirtí Conarthach. San Aontas Eorpach, tugtar an trasuí chun críche tar éis fhoilsiú na ngníomhartha sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Dá bhrí sin, is gá seasamh an Aontais a shainiú maidir leis na gníomhartha seo a leanas:
–na tograí maidir le modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 0, 9, 10, 13, 39, 46, 51, 53, 55, 63, 78, 79, 90, 107, 108, 109, 116, 117, 121, 125, 141, 142, 148, 149, 152, 154, 160, 161, 162 agus 163 ó na Náisiúin Aontaithe, tograí a bhaineann le nuashonrú ar na forálacha maidir le cineálcheadú idirnáisiúnta feithicle ina hiomláine, torann ó fheithiclí trí roth, comhoiriúnacht leictreamaighnéadach, coscánú feithiclí troma, luasmhéadar agus odaiméadar, feistí le haghaidh amharc neamhdhíreach, torann ó fheithiclí de chatagóirí M agus N, suiteáil feistí soilsiúcháin agus feistí comharthaíochta solais i bhfeithiclí L3, cúpláil mheicniúil, astaíochtaí torainn ó mhóipéidí, coscánú (feithiclí de chatagóir L), trealamh stiúrtha, páirteanna ionadacha le haghaidh coscán, feithiclí de chatagóirí M2 agus M3, boinn atráchtaithe le haghaidh gluaisteáin paisinéirí, feithiclí tráchtála agus a leantóirí, córais frithghadaíochta agus córais aláraim, friotaíocht rollta bonn, torann rollta agus fliuchghreim, sainaithint rialaitheoirí, leideoirí agus táscairí, raon radhairc chun tosaigh na dtiománaithe, córais faireacháin bhrú na mbonn, suiteáil bonn, feistí comharthaíochta solais, feistí soilsiúcháin bóithre, ardchóras coscánaithe éigeandála,
nós imeachta tástála comhchuibhithe domhanda d’fheithiclí éadroma,
taifeadán sonraí teagmhais, feistí in aghaidh úsáid neamhúdaraithe, baic dúisithe, córas aláraim feithicle;
–an togra le haghaidh Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le boinn bhocóideacha;
–an togra le haghaidh Rialachán nua Teicniúil Domhanda (RTD ó NA) maidir le marthanacht ceallraí infheithicle i bhfeithiclí leictreacha; agus
–an togra le haghaidh leasuithe ar Rún Comhdhlúite R.E.5;
a chuirfear chun vóta ag cruinniú WP.29 i mí an Mhárta 2022 a bheidh ar siúl idir an 8 agus an 11 Márta 2022. Sa bhreis air sin, is gá seasamh an Aontais a shainiú maidir leis na nithe seo a leanas:
–an togra le haghaidh údarú chun leasú 4 ar UN GTR Uimh. 3 a fhorbairt maidir le coscánú gluaisrothar; agus
–an togra le haghaidh údarú chun RTD nua ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt maidir le hastaíochtaí cáithníní coscán.
Ba cheart don Aontas tacú leis na gníomhartha thuas ós rud é go bhfuil siad go hiomlán i gcomhréir le beartas an Aontais maidir leis an margadh inmheánach i dtaca leis an tionscal gluaisteán agus toisc go bhfuil siad comhsheasmhach le beartais an Aontais maidir le hiompar, aeráid agus fuinneamh.
Tá tionchar an‑dearfach ag na gníomhartha sin uile ar iomaíochas an Aontais sa tionscal gluaisteán agus ar thrádáil idirnáisiúnta. An vóta i bhfabhar na ngníomhartha sin, rachaidh sé chun sochair do dhul chun cinn teicneolaíoch, tabharfaidh sé buntáistí ó thaobh barainneachtaí scála de, seachnóidh sé ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh agus áiritheoidh sé go gcuirfear caighdeáin gluaisteán chomhionanna i bhfeidhm ar fud an Aontais.
Níl an togra maidir le leasuithe ar Rialachán Uimh. 117 ó na Náisiúin Aontaithe (friotaíocht rollta bonn, torann rollta agus fliuchghreim (réidh le haghaidh vóta ag cruinniú WP.29 mhí an Mhárta agus déanfar tuilleadh plé air i bhfochomhlachtaí tiomnaithe de chuid UNECE WP.29.
Níl saineolas seachtrach ábhartha i gcás an togra seo. Déanfaidh an Coiste Teicniúil um Mótarfheithiclí athbhreithniú air, áfach.
4.BUNÚS DLÍ
4.1.
Bunús dlí nós imeachta
4.1.1.
Na Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Áirítear leis an gcoincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear orthu freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.
Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Comhlacht is ea é WP.29 ina mbíonn cur chun feidhme Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 agus an Chomhaontaithe Chomhthreomhair á phlé ag Páirtithe Conarthacha UNECE.
Na gníomhartha a iarrtar ar WP.29 a ghlacadh, is gníomhartha iad a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo.
Na Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe laistigh den ghníomh atá beartaithe, beidh siad ina gceangal ar an Aontas agus i dteannta RTDanna agus Rúin ó na Náisiúin Aontaithe, beidh siad in ann tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar reachtaíocht an Aontais i réimse an chineálcheadaithe feithicle.
Leis na gníomhartha atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE bunús dlí nós imeachta an chinnidh atá beartaithe.
4.2.
Bunús dlí substainteach
4.2.1.
Na Prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh‑chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.
4.2.2. Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Baineann príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe le comhfhogasú dlíthe. Dá bhrí sin, is é Airteagal 114 CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.
4.3.
Conclúid
Ba cheart Airteagal 114 CFAE a bheith ina bhunús dlí don chinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.
2022/0024 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 0, 9, 10, 13, 39, 46, 51, 53, 55, 63, 78, 79, 90, 107, 108, 109, 116, 117, 121, 125, 141, 142, 148, 149, 152, 154, 160, 161, 162 agus 163 ó na Náisiúin Aontaithe, a mhéid a bhaineann leis an togra le haghaidh Rialachán nua Teicniúil Domhanda ó na Náisiúin Aontaithe (RTD), maidir le marthanacht ceallraí infheithicle i bhfeithiclí leictreacha, an togra le haghaidh leasuithe ar Rún Comhdhlúite R.E.5, an togra le haghaidh údarú chun leasú 4 ar UN GTR Uimh. 3 a fhorbairt agus an togra le haghaidh údarú chun UN GTR nua a fhorbairt maidir le hastaíochtaí cáithníní coscán
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle, d’aontaigh an tAontas Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i gcomhair feithiclí rothacha agus trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha, sin agus maidir leis na coinníollacha i ndáil le haitheantas frithpháirteach le haghaidh ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (‘Comhaontú Athbhreithnithe 1958’). Tháinig an Comhaontú Athbhreithnithe 1958 i bhfeidhm an 24 Márta 1998.
(2)Le Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle, d’aontaigh an tAontas don Chomhaontú maidir le rialacháin theicniúla dhomhanda a leagan síos i gcomhair feithiclí rothacha agus trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (an ‘Comhaontú Comhthreomhar’). Tháinig an Comhaontú Comhthreomhar i bhfeidhm an 15 Feabhra 2000.
(3)I Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, leagtar síos forálacha riaracháin agus ceanglais theicniúla maidir le cineálcheadú agus cur ar an margadh gach feithicle nua, gach córais nua, gach comhpháirte nua agus gach aonaid theicniúil faoi leith nua. Ionchorpraíonn an Rialachán sin rialacháin arna nglacadh faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 (‘Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe’) i gcóras cineálcheadaithe an Aontais, mar cheanglais maidir le cineálcheadú nó mar roghanna malartacha ar reachtaíocht an Aontais.
(4)De bhun Airteagal 1 den Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 agus Airteagal 6 den Chomhaontú Comhthreomhar, féadfaidh Fóram Domhanda UNECE um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí (UNECE WP.29) tograí a ghlacadh le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe, Rialacháin Theicniúla Dhomhanda ó na Náisiúin Aontaithe (RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe) agus Rúin ó na Náisiúin Aontaithe chomh maith le tograí le haghaidh Rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe, Rialacháin Theicniúla Dhomhanda nua ó na Náisiúin Aontaithe agus Rúin nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le feithiclí a cheadú. Thairis sin, de bhun na bhforálacha sin, féadfaidh UNECE WP.29 tograí a ghlacadh le haghaidh údaruithe chun leasuithe a dhéanamh ar RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe nó chun RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt, agus féadfaidh sé tograí a ghlacadh le haghaidh sainorduithe chun síneadh a chur le RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe.
(5)Le linn an 186ú seisiún den Fhóram Domhanda, seisiún a thionólfar idir an 8 agus an 11 Márta 2022, féadfaidh UNECE WP.29 na tograí seo a leanas a ghlacadh: na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 0, 9, 10, 13, 39, 46, 51, 53, 55, 63, 78, 79, 90, 107, 108, 109, 116, 117, 121, 125, 141, 142, 148, 149, 152, 154, 160, 161, 162 agus 163 ó na Náisiúin Aontaithe, an togra maidir le marthanacht ceallraí infheithicle i bhfeithiclí leictreacha agus an togra le haghaidh leasuithe ar Rún Comhdhlúite R.E.5. Thairis sin, tá UNECE WP.29 chun togra a ghlacadh le haghaidh údarú chun leasú 4 ar UN GTR Uimh. 3 a fhorbairt maidir le coscánú gluaisrothar agus an togra le haghaidh údarú chun UN GTR nua a fhorbairt maidir le hastaíochtaí cáithníní coscán.
(6)Is iomchuí an seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais in UNECE WP.29 a leagan síos a mhéid a bhaineann leis na tograí sin a ghlacadh, ós rud é go mbeidh na Rialacháin sin ó na Náisiúin Aontaithe ina gceangal ar an Aontas agus go bhféadfaidh siad, in éineacht leis na RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe agus Rúin ó na Náisiúin Aontaithe, tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais i réimse an chineálcheadaithe feithicle.
(7)I bhfianaise taithí agus forbairtí teicniúla, na ceanglais a bhaineann le heilimintí nó gnéithe áirithe a chumhdaítear le Rialacháin de chuid na Náisiún Aontaithe Uimh. 0, 9, 10, 13, 39, 46, 51, 53, 55, 63, 78, 79, 90, 107, 108, 109, 116, 117, 121, 125, 141, 142, 148, 149, 152, 154, 160, 161, 162 agus 163, is gá iad a leasú, a cheartú nó a fhorlíonadh.
(8)Chun dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh agus chun sábháilteacht feithicle a fheabhsú agus lorg comhshaoil a laghdú, ní mór Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe a ghlacadh maidir le marthanacht ceallraí infheithicle i bhfeithiclí leictreacha.
(9)Ina theannta sin, ní mór leasú a dhéanamh ar fhorálacha áirithe i Rún R.E.5 ó na Náisiúin Aontaithe, maidir le sonraíocht choiteann le haghaidh catagóirí foinsí solais.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i bhFóram Domhanda UNECE um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí, le linn an 186ú seisiún a thionólfar idir an 8 agus an 11 Márta 2022, is ea vótáil i bhfabhar na dtograí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán