AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,2.12.2022
COM(2022) 678 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le sonraí a bhaineann le himpleachtaí buiséadacha nuashonrú bliantúil 2022 ar luach saothair agus pinsin oifigigh agus seirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh agus na comhéifeachtaí ceartúcháin a chuirtear i bhfeidhm orthu
1.Cuspóir na tuarascála
Is é cuspóir na tuarascála seo oibleagáid an Choimisiúin faoi Airteagal 65(1) de Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh chun sonraí a sholáthar a bhaineann leis an tionchar buiséadach a bhíonn ag luach saothair agus pinsin oifigigh an Aontais i bhfianaise nuashonruithe 2022 ar luach saothair agus pinsin oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais agus leis na comhéifeachtaí ceartúcháin a chuirtear i bhfeidhm maidir leo.
Déantar nuashonruithe 2022 ar luach saothair agus pinsin oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais a chur chun feidhme i gcomhréir le hIarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne agus déanfar sin roimh dheireadh na bliana. Tá na nuashonruithe sin bunaithe ar shonraí staidrimh a d'ullmhaigh Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh i gcomhaontú le hoifigí staidrimh náisiúnta na mBallstát agus a léiríonn staid na mBallstát mar a bhí an 1 Eanáir 2022 agus an 1 Iúil 2022, faoi seach.
I mbliana, sa Tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis na sonraí a bhaineann leis an tionchar buiséadach atá ag luach saothair agus pinsin oifigigh an Aontais i bhfianaise nuashonruithe 2022, tugtar faisnéis a bhaineann leis an méid seo a leanas:
·sonraí a bhaineann leis an tionchar buiséadach atá ag an nuashonrú idirmheánach ar luach saothair agus pinsin agus na comhéifeachtaí ceartúcháin a cuireadh i bhfeidhm maidir leo a tharla i mí an Mheithimh 2022 le héifeacht chúlghabhálach go dtí an 1 Eanáir 2022. Bhain an nuashonrú sin le foireann uile an Aontais. Cuireadh tús leis tar éis athrú suntasach ar an gcostas maireachtála sa Bhruiséil agus i Lucsamburg idir mí an Mheithimh agus mí na Nollag 2021;
·sonraí a bhaineann leis an tionchar buiséadach atá ag an nuashonrú bliantúil ar luach saothair agus ar phinsin agus na comhéifeachtaí ceartúcháin a cuireadh i bhfeidhm maidir leo a tharlóidh i mí na Nollag 2022 le héifeacht chúlghabhálach go dtí an 1 Iúil 2022;
·sonraí i ndáil leis an tionchar buiséadach a bhaineann le cur i bhfeidhm an chlásail eisceachta a tharla i mí na Nollag 2020 le héifeacht chúlghabhálach go dtí an 1 Iúil 2020 agus leis an aisghabháil a rinneadh air ina dhiaidh sin atá le cur chun feidhme leis an nuashonrú bliantúil ar luach saothair agus ar phinsin a dhéanfar i mí na Nollag 2022 le héifeacht chúlghabhálach go dtí an 1 Iúil 2022.
2.Eolas cúlra
Le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013, leasaíodh an sásra le haghaidh nuashonrú pá, ar a dtugtar ‘an modh’, trí nuashonrú uathoibríoch a cheadú ar na tuarastail, ar na pinsin agus ar na liúntais uile. Chuige sin, ba cheart na méideanna agus na hualuithe ábhartha (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’) atá sna Rialacháin Foirne a thuiscint mar mhéideanna tagartha agus ualuithe (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’) atá faoi réir nuashonrú rialta agus uathoibríoch.
Ina theannta sin, chomhaontaigh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa freisin, mar a fógraíodh in Airteagal 65(4) de na Rialacháin Foirne, nach ndéanfaí aon nuashonrú sna blianta 2013 agus 2014 ar luach saothair agus pinsin fhoireann an Aontais Eorpaigh atá ag fónamh sa Bheilg agus i Lucsamburg. Ina theannta sin, comhaontaíodh coigeartú teoranta 0 % agus 0.8 % faoi seach ar thuarastail agus ar phinsin do 2011 agus 2012 mar thoradh ar an gcur chuige domhanda chun na díospóidí idir Institiúidí an Aontais maidir le coigeartuithe luach saothair agus pinsean sa bhliain 2011 agus sa bhliain 2012 a réiteach.
Sa tréimhse 2004-2022, tháinig caillteanas nach beag ar fhoireann an Aontais i dtéarmaí fíorchumhachta ceannaigh. Le linn na tréimhse sin chaill foireann an Aontais thart ar 11.7 % dá gcumhacht cheannaigh, mar gheall ar an éifeacht a bhí ag an athchóiriú ar ar na Rialacháin Foirne in 2004 in éineacht leis an athchóiriú in 2013 agus ciorruithe ar choigeartuithe tuarastail. Le linn na tréimhse céanna, chaill státseirbhísigh i rialtais láir na mBallstát 3 %.
Mar thoradh ar an gcoigeartú teoranta ar thuarastail agus ar phinsin in 2011 agus in 2012 agus calcadh luach saothair agus pinsean in 2013 agus in 2014, mar a chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, rinneadh coigilteas de thart ar € 3 bhilliún le linn Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2014-2020 agus thart ar € 500 milliún in aghaidh na bliana san fhadtéarma. Ina theannta sin, is fiú thart ar € 1.5 billiún do na hinstitiúidí bearta sonracha nach bhfuil aon éifeacht bhuiséadach dhíreach acu, amhail uaireanta oibre méadaithe agus saoire bhliantúil laghdaithe gan aon chúiteamh tuarastail.
3.Forálacha dlíthiúla maidir le luach saothair agus pinsin oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh a nuashonrú agus na comhéifeachtaí ceartúcháin a chuirtear i bhfeidhm maidir leo
3.1.Nuashonrú ar luach saothair agus ar phinsin oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (Airteagal 65(1), an dara mír de na Rialacháin Foirne)
Foráiltear le hAirteagal 65(1), an dara mír de na Rialacháin Foirne go ndéanfar méideanna áirithe dá dtagraítear ann, lena socraítear buntuarastail, lamháltais éagsúla agus comhéifeachtaí, a nuashonrú gach bliain i gcomhréir le hIarscríbhinn XI. Foilseoidh an Coimisiún, chun críoch faisnéise, na méideanna nuashonraithe laistigh de dhá sheachtain tar éis an nuashonraithe i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Thairis sin, sonraítear in Airteagal 65(3) de na Rialacháin Foirne go dtuigfear na méideanna sin (dá dtagraítear in Airteagal 65(1), dara mír) mar mhéideanna a bhfuil a luach iarbhír ag pointe áirithe ama faoi réir a nuashonraithe, gan idirghabháil ó ghníomh dlíthiúil eile.
Foráiltear le hAirteagal 65a de na Rialacháin Foirne go leagtar amach in Iarscríbhinn XI na rialacha maidir le cur chun feidhme Airteagail 64 agus 65 de na Rialacháin Foirne.
I gcomhréir le hAirteagal 3 d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, tagann an nuashonrú ar luach saothair agus pinsin faoi Airteagal 65 de na Rialacháin Foirne go díreach ó athruithe ar chumhacht cheannaigh tuarastal i státseirbhísí náisiúnta (an Táscaire Sonrach) agus ó na hathruithe ar an gcostas maireachtála sa Bheilg agus i Lucsamburg (an tInnéacs Comhpháirteach).
Leis an Táscaire Sonrach, déantar athruithe ar ghlanluach saothair státseirbhíseach náisiúnta i rialtais láir na mBallstát a thomhas, tar éis boilsciú náisiúnta a chur san áireamh. Ríomhann Eurostat an táscaire sin ar bhonn faisnéise a chuireann na deich mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 1(4) d’Iarscríbhinn XI ar fáil.
D’fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach le héifeacht ón 1 Feabhra 2020 agus is ‘tríú tír’ anois í. Chuaigh an idirthréimhse a tugadh isteach leis an gComhaontú um Tharraingt Siar in éag le héifeacht ón 31 Nollaig 2020. Dá bhrí sin, ní áirítear an Ríocht Aontaithe a thuilleadh i gcroíshampla na mBallstát faoi Airteagal 1(4) d’Iarscríbhinn XI chun Táscairí Sonracha a ríomh (is ionann an sampla de dheich mBallstát atá fágtha agus 75 % ar a laghad d’Olltáirgeacht Intíre AE27 atá fágtha).
Beartaítear leis an Innéacs Comhpháirteach athruithe ar an gcostas maireachtála sa Bheilg agus i Lucsamburg d’oifigigh de chuid an Aontais de réir dháileadh na mball foirne atá ag fónamh sa dá Bhallstát sin. Ríomhann Eurostat an t-innéacs sin ar bhonn na faisnéise faoi phraghsanna a chuireann údaráis na Beilge agus Lucsamburg ar fáil agus faisnéis faoi uimhreacha foirne ó bhunachair sonraí inmheánacha institiúidí an Aontais Eorpaigh.
Thairis sin, leagtar clásal modhnóireachta amach in Airteagal 10 d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne i.e. beidh luach an Táscaire Shonraigh faoi réir uasteorainn + 2 % agus íosteorainn -2 %. Má sháraíonn luach an Táscaire Shonraigh an teorainn sin, úsáidfear luach na teorann ina ionad sin chun an nuashonrú bliantúil a bhunú. Beidh feidhm ag an teorainn ansin le héifeacht ón 1 Iúil agus cuirfear a bhfuil fágtha den nuashonrú bliantúil i bhfeidhm le héifeacht ón 1 Aibreán an bhliain ina dhiaidh sin.
Leagtar síos in Airteagal 11 d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne clásal eisceachta is infheidhme i gcás laghdú ar fhíor-Olltáirgeacht Intíre (OTI) an Aontais mar atá tuartha ag an gCoimisiún. Faoi Airteagal 11 d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, beidh feidhm ag an gclásal eisceachta má bhíonn luach an Táscaire Shonraigh dearfach, ach má thagann laghdú ar olltáirgeacht intíre an Aontais don bhliain reatha. I gcás den sórt sin, ag brath ar mhéid an laghdaithe ar olltáirgeacht intíre an Aontais, úsáidfear cuid den Táscaire Sonrach nó iomlán an Táscaire Shonraigh chun an nuashonrú bliantúil a ríomh agus cuirfear a bhfuil fágtha i bhfeidhm amhail ó dháta níos déanaí an bhliain ina dhiaidh sin nó nuair is méadú dearfach a bheidh sa mhéadú carnach ar olltáirgeacht intíre an Aontais a thomhaistear ón mbliain ina mbeidh an clásal eisceachta a chuirfear i bhfeidhm.
Ar deireadh, de bhun Airteagal 8 d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, i gcás inar mó ná 6 % nó 10 % an costas maireachtála in áit shonrach fostaíochta a thomhaistear leis na hinnéacsanna intuigthe, gabhfaidh éifeacht leis an nuashonrú idirmheánach nó leis an nuashonrú bliantúil ar dháta atá níos luaithe ná dáta réamhshocraithe an chur chun feidhme (i.e. níos luaithe ná an 1 Iúil i gcás an nuashonraithe bhliantúil agus an 1 Eanáir i gcás an nuashonraithe idirmheánaigh). I gcásanna den sórt sin, ag brath ar mhéid an mhéadaithe ar an gcostas maireachtála, gabhfaidh éifeacht leis an nuashonrú idirmheánach an 1 nó an 16 Samhain, agus gabhfaidh éifeacht leis an nuashonrú bliantúil an 1 nó an 16 Bealtaine.
3.2.Nuashonrú ar na comhéifeachtaí ceartúcháin a chuirtear i bhfeidhm maidir le luach saothair agus pinsin oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh laistigh den Aontas Eorpach (Airteagal 64, an dara mír)
Faoi Airteagal 64 de na Rialacháin Foirne, déanfar luach saothair oifigigh arna shloinneadh in euro a ualú ar ráta atá os cionn 100 %, faoi bhun 100 % nó cothrom le 100 %, ag brath ar na dálaí maireachtála sna háiteanna éagsúla fostaíochta. Ní bheidh aon chomhéifeacht cheartúcháin infheidhme sa Bheilg ná i Lucsamburg, ag féachaint don ról speisialta tagartha atá ag na hionaid fostaíochta sin mar shuíomhanna príomha agus bunaidh an chuid is mó de na hinstitiúidí.
Thairis sin, déanfar na comhéifeachtaí ceartúcháin a chruthú nó a tharraingt siar agus déanfar iad a nuashonrú go bliantúil freisin i gcomhréir le hIarscríbhinn XI. Maidir leis an nuashonrú, déanfar na luachanna uile a thuiscint mar luachanna tagartha. Foilseoidh an Coimisiún, chun críoch faisnéise, na luachanna nuashonraithe laistigh de dhá sheachtain tar éis an uasdátaithe i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
De bhun Airteagal 8 d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, i gcomhair áiteanna lena mbaineann méadú ardchostais mhaireachtála (mar a thomhaistear leis an athrú sna hinnéacsanna intuigthe), tiocfaidh an chomhéifeacht cheartúcháin i bhfeidhm roimh an 1 Eanáir i gcás an uasdátaithe idirmheánaigh ar na comhéifeachtaí ceartúcháin, nó an 1 Iúil i gcás an nuashonraithe bhliantúil ar na comhéifeachtaí ceartúcháin. Maidir leis an nuashonrú bliantúil i gcás ina dtiocfaidh méadú níos mó ná 6 % ar an gcostas maireachtála arna thomhas leis na hinnéacsanna intuigthe, gabhfaidh éifeacht leis an nuashonrú bliantúil an 16 Bealtaine seachas an 1 Iúil agus an 1 Bealtaine i gcás inar tháinig méadú níos mó ná 10 % ar an gcostas maireachtála arna thomhas leis na hinnéacsanna intuigthe.
Maidir leis an nuashonrú idirmheánach, i gcás ina dtiocfaidh méadú níos mó ná 6 % ar an gcostas maireachtála arna thomhas leis na hinnéacsanna intuigthe, gabhfaidh éifeacht leis an nuashonrú idirmheánach an 16 Samhain seachas an 1 Eanáir agus an 1 Samhain i gcás inar tháinig méadú níos mó ná 10 % ar an gcostas maireachtála arna thomhas leis na hinnéacsanna intuigthe.
I gcomhréir le hAirteagal 3 d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, déanfar an nuashonrú ar na comhéifeachtaí ceartúcháin is infheidhme maidir le luach saothair agus pinsin a chinneadh ar bhonn na gcóimheas idir na paireachtaí eacnamaíocha comhfhreagracha dá dtagraítear in Airteagal 1 d’Iarscríbhinn XI agus na rátaí malairte a shonraítear in Airteagal 63 de na Rialacháin Foirne do na tíortha ábhartha.
Bunaítear leis na paireachtaí eacnamaíocha i gcomhair luacha saothair cumhacht cheannaigh an luacha saothair a íoctar sa Bhruiséil, mar chathair thagartha, agus an luach saothair a íoctar sna háiteanna fostaíochta eile, seachas Lucsamburg, nach bhfuil aon chomhéifeacht cheartúcháin infheidhme ina leith. Ríomhann Eurostat na paireachtaí sin i gcomhaontú le comhlachtaí staidrimh náisiúnta na mBallstát.
Bunaítear leis na paireachtaí eacnamaíocha i gcomhair pinsean cumhacht cheannaigh na bpinsean a íoctar sa Bheilg, mar thír thagartha, i gcoibhéis leis an bpinsean a íoctar sna tíortha cónaithe eile. Ríomhann Eurostat na paireachtaí sin i gcomhaontú leis na comhlachtaí staidrimh náisiúnta. Faoi Airteagal 20 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, ní bheidh feidhm ag na hualuithe (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’) ach amháin maidir leis an gcuid sin den phinsean a chomhfhreagraíonn do chearta pinsin a fuarthas roimh an 1 Bealtaine 2004. Is é 100 an chomhéifeacht cheartúcháin íosta is infheidhme a bheidh ann maidir le pinsin.
Faoi Airteagal 17(3) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, tá ualuithe sonracha (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’) infheidhme maidir le haistrithe áirithe a dhéanann oifigigh agus seirbhísigh eile.
3.3.Nuashonrú ar na hualuithe (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’) is infheidhme maidir le luach saothair oifigigh, fhoireann shealadach agus fhoireann ar conradh an Aontais atá ag fónamh i dtríú tíortha (Airteagal 13(1) d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis na Rialacháin Foirne)
Le hAirteagail 11, 12 agus 13 d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis na Rialacháin Foirne leagtar síos forálacha maidir le híocaíochtaí luacha saothair le hoifigigh agus le seirbhísigh eile atá ag fónamh i dtríú tíortha. Íocfar luach saothair in euro san Aontas Eorpach agus beidh sé faoi réir an ualaithe (‘comhéifeacht cheartúcháin’) is infheidhme maidir le luach saothair na n-oifigeach atá fostaithe sa Bheilg, ach mar sin féin, féadfar é a íoc in airgeadra na tíre fostaíochta arna iarraidh sin d’oifigeach. Sa chás sin, tá sé faoi réir an ualaithe (‘comhéifeacht cheartúcháin’) don áit fostaíochta seo agus déantar é a chomhshó ar bhonn an ráta malairte chomhfhreagraigh.
Chun a áirithiú, a mhéid is féidir, go mbeidh cumhacht cheannaigh choibhéiseach ag oifigigh, ag foireann shealadach agus ag foireann ar conradh an Aontais gan beann ar a n-áit fostaíochta, déanfar an t-ualú (‘comhéifeacht cheartúcháin’) a nuashonrú uair sa bhliain de réir na rialacha a leagtar síos in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne. Maidir leis an nuashonrú, tuigfear gur luachanna tagartha na luachanna uile. Foilseoidh an Coimisiún, chun críoch faisnéise, na luachanna nuashonraithe laistigh de dhá sheachtain tar éis an uasdátaithe i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Chun cumhacht cheannaigh an luacha saothair a íoctar sa Bhruiséil i gcoibhéis leis an luach saothair a íoctar sna háiteanna fostaíochta eile i dtríú tíortha a bhunú, ríomhann Eurostat na paireachtaí eacnamaíocha. Is é an t-ualú (‘comhéifeacht cheartúcháin’) an fachtóir a fhaightear nuair a roinntear an phaireacht eacnamaíoch ar an ráta malairte. Bunaítear na rátaí malairte a úsáidtear i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh agus comhfhreagraíonn siad do dháta chur i bhfeidhm na n-ualuithe (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’).
3.4.Nuashonrú idirmheánach ar luach saothair agus ar phinsin oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh laistigh den Aontas Eorpach (Airteagal 65(2), an dara mír de na Rialacháin Foirne)
Foráiltear le hAirteagal 65(2), i gcás athrú substaintiúil ar an gcostas maireachtála, go ndéanfar na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 65(1) agus na hualuithe dá dtagraítear in Airteagal 64 a nuashonrú i gcomhréir le hIarscríbhinn XI. Foilseoidh an Coimisiún, chun críoch faisnéise, na méideanna agus na hualuithe nuashonraithe (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’) laistigh de dhá sheachtain tar éis an nuashonraithe i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
I gcomhréir le hAirteagal 4(1) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, déanfar nuashonrú idirmheánach ar luach saothair agus pinsin, a thiocfaidh i bhfeidhm an 1 Eanáir, i gcás athrú substaintiúil ar an gcostas maireachtála idir Meitheamh agus Nollaig (trí thagairt don tairseach íogaireachta a shainmhínítear in Airteagal 6 d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne) agus réamhaisnéis maidir leis an athrú i gcumhacht cheannaigh le linn na tréimhse tagartha bliantúla reatha á chur san áireamh go cuí. Cuirfear na nuashonruithe idirmheánacha san áireamh san nuashonrú tuarastail bliantúil.
Ina theannta sin, faoi Airteagal 6 d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, déanfar nuashonrú idirmheánach do gach áit (lena n-áirítear an Bhruiséil agus Lucsamburg) má shroichtear an tairseach íogaireachta sa Bhruiséil agus i Lucsamburg nó má sháraítear í (arna tomhas leis an Innéacs Comhpháirteach idir Meitheamh agus Nollaig). Mura sroichtear an tairseach íogaireachta sin i gcomhaire na Bruiséile agus Lucsamburg, ní dhéanfar nuashonrú idirmheánach ach amháin do na háiteanna sin ina sroichtear an tairseach íogaireachta nó ina sáraítear í.
I gcomhréir le hAirteagal 7 d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, is é méid an nuashonraithe idirmheánaigh an tInnéacs Comhpháirteach arna iolrú, i gcás inarb iomchuí, faoi leath an Táscaire Shonraigh arna réamhaisnéisiú i gcás gur diúltach sin.
Is iad na comhéifeachtaí ceartúcháin an cóimheas idir an phaireacht ábhartha eacnamaíoch agus an ráta malairte dá bhforáiltear in Airteagal 63 de na Rialacháin Foirne, arna iolrú, más rud é nach sroichtear an tairseach íogaireachta i gcomhair na Beilge agus Lucsamburg, faoi luach an nuashonraithe.
3.5.Nuashonruithe eatramhacha ar na hualuithe (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’) is infheidhme maidir le luach saothair oifigigh, fhoireann shealadach agus fhoireann ar conradh an Aontais atá ag fónamh i dtríú tíortha (Airteagal 13(2) d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis na Rialacháin Foirne)
Mar thoradh ar an nuashonrú bliantúil ar luach saothair oifigigh, fhoireann shealadach agus fhoireann ar conradh an Aontais atá ag fónamh i dtríú tíortha de bhun Airteagal 13(1) d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis na Rialacháin Foirne (féach pointe 3.3 thuas), más rud é, i gcás tíre ar leith, go ndéanfar an t-athrú ar an gcostas maireachtála arna thomhas ar bhonn an ualaithe (‘comhéifeacht cheartúcháin’) agus go ndeachaigh an ráta malairte comhfhreagrach os cionn 5 % ón uair a rinneadh an nuashonrú deireanach, déanfar nuashonrú eatramhach ar an ualú (‘comhéifeacht cheartúcháin’) i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 13(1) d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.
Chun cumhacht cheannaigh an luacha saothair a íoctar sa Bhruiséil i gcoibhéis leis an luach saothair a íoctar sna háiteanna fostaíochta eile i dtríú tíortha a bhunú, ríomhann Eurostat na paireachtaí eacnamaíocha. Is é an t-ualú (‘comhéifeacht cheartúcháin’) an fachtóir a fhaightear nuair a roinntear an phaireacht eacnamaíoch ar an ráta malairte. Bunaítear na rátaí malairte a úsáidtear i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh agus comhfhreagraíonn siad do dháta chur i bhfeidhm na n-ualuithe (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’).
4.Nuashonruithe 2022 maidir le luach saothair agus pinsin oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh a thabhairt cothrom le dáta agus na comhéifeachtaí ceartúcháin a chuirtear i bhfeidhm maidir leo
Tugann an Coimisiún dá aire na nuashonruithe éagsúla ar luach saothair agus pinsin oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais, nuashonruithe atá á gcur chun feidhme i gcomhréir le hIarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne le linn na tréimhse tagartha 12 mhí go dtí an 1 Iúil 2022 agus a dhéanfar roimh dheireadh 2022. Tá na nuashonruithe sin, mar a thuairiscítear go mion i bpointí 4.1 go 4.5 den chaibidil seo den tuarascáil, tá siad bunaithe ar shonraí staidrimh arna n-ullmhú ag Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh (Eurostat) i gcomhaontú le hoifigí staidrimh náisiúnta na mBallstát a léiríonn cúrsaí mar a bhí an 1 Iúil 2022 sna Ballstáit.
4.1.Nuashonrú idirmheánach 2022 ar luach saothair agus pinsin oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh laistigh den Aontas Eorpach (Airteagal 65(2), an dara mír de na Rialacháin Foirne)
I gcomhréir le hAirteagal 65(2) de na Rialacháin Foirne agus le hAirteagail 4 agus 6 d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, ba ghá an luach saothair agus na pinsin sna háiteanna sin ina ndearnadh athrú substaintiúil ar an gcostas maireachtála a nuashonrú.
Ríomh Eurostat, i gcomhaontú leis na comhlachtaí staidrimh náisiúnta, gurbh é 3.5 % an t-athrú ar chostas maireachtála na Beilge agus Lucsamburg, arna thomhas leis an Innéacs Comhpháirteach, le linn na tréimhse idir Meitheamh 2021 agus Nollaig 2021.
Rinneadh athruithe ar an gcostas maireachtála lasmuigh den Bheilg agus de Lucsamburg le linn na tréimhse tagartha a thomhas leis na hinnéacsanna intuigthe arna ríomh ag Eurostat. Rinneadh na hinnéacsanna seo a ríomh tríd an Innéacs Comhpháirteach a iolrú faoin athrú ar an bpaireacht eacnamaíoch.
Is é an tairseach íogaireachta i gcomhair athrú nach beag ar an gcostas maireachtála an céatadán a chomhfhreagraíonn do 6 % ar feadh tréimhse 12 mhí (3 % ar feadh tréimhse 6 mhí).
Ós rud é gurbh é 103.5 (i.e. 3.5 %) an tInnéacs Comhpháirteach le haghaidh na tréimhse tagartha (Meitheamh 2021 — Nollaig 2021), sháraigh an t-athrú sin an tairseach shonraithe (± 3.0 %). Dá thoradh sin, déanfar luach saothair agus pinsin oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh, i gcás gach áite fostaíochta, a nuashonrú de réir an nóis imeachta bhliantúil nuashonraithe.
Tá sé ríofa ag Eurostat freisin gurbh é -2.3 % an réamhaisnéis maidir leis an Táscaire Sonrach Uilíoch le haghaidh na tréimhse tagartha Iúil 2021 — Iúil 2022. De bhun Airteagal 5 d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, má tháirgeann an réamhaisnéis céatadán diúltach, ní mór leath di a chur san áireamh chun an nuashonrú idirmheánach a ríomh (-1.1 %).
De réir Airteagal 7 d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, faightear méid an nuashonraithe tríd an Innéacs Comhpháirteach a iolrú faoi leath an Táscaire Shonraigh, i gcás gur diúltach sin. Ba é 2.4 % an nuashonrú idirmheánach ginearálta ríofa ar an luach saothair agus na pinsin sa Bheilg agus i Lucsamburg.
Is iad na comhéifeachtaí ceartúcháin an cóimheas idir an phaireacht ábhartha eacnamaíoch agus an ráta malairte arna iolrú, más rud é go sroichtear an tairseach íogaireachta i gcomhair na Bruiséile agus Lucsamburg, faoi luach an nuashonraithe idirmheánaigh.
I gcomhréir le hAirteagal 8 d’Iarscríbhinn XI, toisc go raibh na hinnéacsanna intuigthe arna dtomhas sa tSlóivéin agus san Eastóin os cionn na tairsí 6 %, rinneadh an nuashonrú idirmheánach le héifeacht chúlghabhálach go dtí an 16 Samhain 2021.
Mar nuashonrú idirmheánach ginearálta ar luach saothair ainmniúil agus ar phinsean na n-oifigeach Eorpach sa Bheilg agus i Lucsamburg, rinneadh na comhéifeachtaí ceartúcháin uile is infheidhme maidir le gach áit fostaíochta, pinsean agus aistriú laistigh den Aontas a nuashonrú in éineacht leis na méideanna tagartha a leagtar síos faoi Airteagal 65(1) de na Rialacháin Foirne.
Dá bhrí sin, an 15 Meitheamh 2022 d’fhoilsigh an Coimisiún i sraith C den Iris Oifigiúil na méideanna nuashonraithe dá dtagraítear in Airteagal 65(1), an dara mír de na Rialacháin Foirne agus na comhéifeachtaí ceartúcháin is infheidhme ón 1 Eanáir 2022 maidir le luach saothair agus pinsin oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais atá ag fónamh laistigh den Aontas, mar a léirítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an tuarascáil seo.
4.2.Nuashonrú bliantúil 2022 ar luach saothair agus pinsin oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (Airteagal 65(1), an dara mír de na Rialacháin Foirne)
I gcomhréir le hAirteagal 1 d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, tá tuarascáil tarraingthe suas ag Eurostat ar athruithe ar an gcostas maireachtála sa Bheilg agus i Lucsamburg, ar athruithe ar chumhacht cheannaigh an luacha saothair i státseirbhísí náisiúnta, agus ar na paireachtaí eacnamaíocha as a dtagann na hualuithe éagsúla (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’).
Is ionann an meánathrú ar chumhacht cheannaigh luach saothair na státseirbhíseach náisiúnta sa tréimhse thagartha arna thomhas leis an Táscaire Sonrach agus -3.9 %.
Is ionann an t-athrú ar an gcostas maireachtála sa Bheilg agus i Lucsamburg le linn na tréimhse tagartha, arna thomhas leis an Innéacs Comhpháirteach arna ríomh ag Eurostat, agus 8.6 %.
De réir Airteagal 3(2) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, faightear méid an nuashonraithe tríd an Táscaire Sonrach a iolrú faoin Innéacs Comhpháirteach arna ríomh ag Eurostat. Is é 4.4 % an nuashonrú ríofa ar an luach saothair agus na pinsin sa Bheilg agus i Lucsamburg. Faoi Airteagal 3(5) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, níl feidhm ag aon ualú (‘comhéifeacht cheartúcháin’) sa Bheilg ná i Lucsamburg.
I gcomhréir le hAirteagal 4(2) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, cuirfear an nuashonrú idirmheánach (2.4 %) san áireamh sa nuashonrú bliantúil tuarastail i.e. tá 2 % fágtha le cur chun feidhme sa nuashonrú bliantúil.
Tar éis réamhaisnéis ECFIN in 2020 a dheimhnigh Eurostat ina dhiaidh sin lena thomhas gur tháinig laghdú 5.9 % ar olltáirgeacht intíre an Aontais in 2020 i gcomparáid le 2019, tionscnaíodh an clásal eisceachta agus cuireadh an Táscaire Sonrach Uilíoch arna thomhas le haghaidh 2020 (2.5 %) ar fionraí. In 2022, tháinig ECFIN ar an gconclúid go raibh olltáirgeacht intíre an Aontais ag an leibhéal a bhí ann roimh an ngéarchéim le linn thréimhse tagartha nuashonrú bliantúil 2022. Ar an mbonn sin, beidh an Táscaire Sonrach atá ar fionraí ó 2020 (2.5 %) mar chuid de nuashonrú bliantúil 2022.
I bhfianaise an mhéid thuas, le nuashonrú bliantúil 2022 ar na méideanna tagartha léireofar a bhfuil fágtha den nuashonrú bliantúil (2 %) agus aisghabháil an Táscaire Shonraigh (2.5 %), atá ar fionraí ó 2020 mar thoradh ar chur i bhfeidhm an chlásail eisceachta.
Sáraíonn an Táscaire Sonrach Uilíoch (-3.9 %) na corrlaigh a leagtar síos in Airteagal 10 d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le leis na Rialacháin Foirne (uasteorainn + 2 % agus íosteorainn -2 %). Ag an am céanna, nuair a dhéantar é a chomhcheangal le haisghabháil chlásal na heisceachta (2.5 %), i.e. an Táscaire Sonrach atá ar fionraí ó 2020, bíonn éabhlóid fhoriomlán chumhacht cheannaigh na foirne fós ag teacht leis na corrlaigh a leagtar síos in Airteagal 10 d’Iarscríbhinn XI (-1.5 %). Dá bhrí sin, ní thionscnaítear an clásal modhnóireachta.
Ós rud é go bhfuil an Táscaire Sonrach Uilíoch diúltach agus go bhfuil forbairt dhearfach tuartha ar an olltáirgeacht intíre i dtéarmaí réadacha (2.7 %), níl feidhm ag an gclásal eisceachta faoi Airteagal 11 d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.
Dá bhrí sin, faoi dheireadh 2022, foilseoidh an Coimisiún i sraith C den Iris Oifigiúil na méideanna nuashonraithe dá dtagraítear in Airteagal 65(1), an dara mír de na Rialacháin Foirne is infheidhme ón 1 Iúil 2022 maidir le luach saothair agus pinsin oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh, mar a léirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an tuarascáil seo.
4.3.Nuashonrú bliantúil ar na comhéifeachtaí ceartúcháin a chuirtear i bhfeidhm maidir le luach saothair agus pinsin oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais laistigh den Aontas Eorpach (Airteagal 64, an dara mír)
I gcomhréir le hAirteagal 1 d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, tá tuarascáil tarraingthe suas ag Eurostat ar athruithe ar an gcostas maireachtála sa Bheilg agus i Lucsamburg, ar athruithe ar chumhacht cheannaigh luach saothair i státseirbhísí náisiúnta, agus ar na paireachtaí eacnamaíocha as a dtagann na hualuithe éagsúla (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’).
Lasmuigh den Bheilg agus de Lucsamburg, faightear an nuashonrú ar luach saothair agus ar phinsin tríd an gcoigeartú sa Bheilg agus i Lucsamburg a iolrú faoin athrú ar na hualuithe (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’) agus ar an ráta malairte.
Ríomh Eurostat na hualuithe (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’) is infheidhme maidir le luach saothair, pinsin agus aistrithe cuid den luach saothair mar a leanas.
4.1.1.Ualuithe (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’) i gcás baill foirne lasmuigh den Bheilg agus de Lucsamburg
Ríomh Eurostat, i gcomhaontú leis na comhlachtaí staidrimh náisiúnta, na paireachtaí eacnamaíocha lena mbunaítear cumhacht ceannaigh an luacha saothair a íoctar sa Bhruiséil i gcoibhéis leis an luach saothair a íoctar sna háiteanna fostaíochta eile mar a bhí an 1 Iúil 2022.
Déantar na hualuithe (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’) is infheidhme maidir le luach saothair oifigeach agus seirbhíseach eile atá fostaithe sna Ballstáit seachas an Bheilg agus Lucsamburg a chinneadh leis na cóimheasa idir na paireachtaí eacnamaíocha sin agus na rátaí malairte is infheidhme an 1 Iúil 2022.
De bhun Airteagal 8 d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, i gcás inar athraigh an t-innéacs intuigthe níos mó ná 6 %, gabhfaidh éifeacht leis an nuashonrú an 16 Bealtaine. Is amhlaidh atá i Sóifia, i gCóbanhávan, i dTaillinn, i Maidrid, i Ságrab, in Varese, sa Niocóis, i mBúdaipeist, i Vársá, i mBúcairist, sa Bhratasláiv agus i Stócólm. De bhun an Airteagail chéanna, i gcás inar athraigh an t-innéacs intuigthe níos mó ná 10 %, gabhfaidh éifeacht leis an nuashonrú an 1 Bealtaine 2022. Is amhlaidh atá i bPrág, san Aithin, i Ríge, i Vilnias agus i Liospóin.
Dá bhrí sin, faoi dheireadh 2022, foilseoidh an Coimisiún i sraith C de IO na comhéifeachtaí ceartúcháin is infheidhme ón 1 Bealtaine, ón 16 Bealtaine agus ón 1 Iúil 2022 maidir le luach saothair agus pinsin oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh mar a léirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an tuarascáil seo.
4.1.2.Ualuithe (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’) le haghaidh pinsin lasmuigh den Bheilg agus Lucsamburg agus ualuithe (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’) le haghaidh aistrithe
Ríomh Eurostat, i gcomhaontú leis na comhlachtaí staidrimh náisiúnta, na paireachtaí eacnamaíocha lena mbunaítear cumhacht cheannaigh an phinsin a íoctar sa Bheilg i gcoibhéis leis an bpinsean a íoctar sna tíortha cónaithe eile mar a bhí an 1 Iúil 2022.
Déantar na hualuithe (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’) a ríomhtar le haghaidh phinsin na ndaoine aonair a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Bheilg agus de Lucsamburg a chinneadh leis na cóimheasa idir na paireachtaí eacnamaíocha sin agus na rátaí malairte is infheidhme an 1 Iúil 2022. Faoi Airteagal 20 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, ní bheidh feidhm ag na hualuithe (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’) ach amháin maidir leis an gcuid sin den phinsean a chomhfhreagraíonn do chearta pinsin a fuarthas roimh an 1 Bealtaine 2004.
Faoi Airteagal 17 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, tá na hualuithe sin (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’) infheidhme go díreach maidir le haistrithe a dhéanann oifigigh agus seirbhísigh eile.
De bhun Airteagal 8 d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, i gcás inar athraigh an t-innéacs intuigthe níos mó ná 6 %, gabhfaidh éifeacht leis an nuashonrú an 16 Bealtaine. Is amhlaidh atá sa Bhulgáir, sa Danmhairg, san Eastóin, in Éirinn, sa Ghréig, san Ungáir, sa Chróit, sa Pholainn, sa Phortaingéil, sa Rómáin agus sa tSualainn. De bhun an Airteagail chéanna, i gcás inar athraigh an t-innéacs intuigthe níos mó ná 10 %, gabhfaidh éifeacht leis an nuashonrú an 1 Bealtaine. Is amhlaidh atá sa tSeicia, sa Laitvia, sa Liotuáin agus sa tSlóvaic.
Dá bhrí sin, faoi dheireadh 2022, foilseoidh an Coimisiún i sraith C de IO na comhéifeachtaí ceartúcháin is infheidhme ón 1 Bealtaine, ón 16 Bealtaine agus ón 1 Iúil 2022 maidir leis na pinsin a íoctar lasmuigh den Bheilg agus de Lucsamburg agus na hualuithe (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’) le haghaidh aistrithe luacha saothair i gcás oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh mar a léirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an tuarascáil seo.
4.4.Nuashonrú bliantúil 2022 ar na hualuithe (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’) is infheidhme maidir le luach saothair oifigigh, fhoireann shealadach agus fhoireann ar conradh an Aontais atá ag fónamh i dtríú tíortha (Airteagal 13(1) d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis na Rialacháin Foirne)
Ar áireamh sa staidreamh a bhí ar fáil don Choimisiún bhí liosta de 141 áit fostaíochta. Níor cuireadh paireachtaí eacnamaíocha i láthair, áfach, i gcás nach raibh sonraí ar fáil nó nach raibh siad iontaofa i ngeall ar éagobhsaíocht áitiúil nó ar chúiseanna eile.
Ríomhadh na comhéifeachtaí ceartúcháin do gach áit fostaíochta lasmuigh den Aontas le héifeacht ón 1 Iúil 2022. Leagtar amach sa nuashonrú bliantúil na hualuithe (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’) a dhíorthaítear ó na paireachtaí arna gcur in iúl ag Eurostat don 1 Iúil 2022.
Dá bhrí sin, faoi dheireadh 2022, foilseoidh an Coimisiún i sraith C de IO na hualuithe (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’) is infheidhme ón 1 Iúil 2022 maidir le luach saothair oifigigh, fhoireann shealadach agus fhoireann ar conradh an Aontais Eorpaigh atá ag fónamh i dtríú tíortha, mar a léirítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an tuarascáil seo.
4.5.Nuashonruithe eatramhacha 2022 ar na hualuithe (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’) is infheidhme maidir le luach saothair oifigigh, fhoireann shealadach agus fhoireann ar conradh an Aontais atá ag fónamh i dtríú tíortha (Airteagal 13(2) d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis na Rialacháin Foirne)
4.1.3.Le haghaidh na tréimhse Lúnasa 2021 — Eanáir 2022
Léirigh an staidreamh a bhí ar fáil don Choimisiún go raibh an éagsúlacht sa chostas maireachtála arna thomhas ar bhonn an ualaithe (‘comhéifeacht cheartúcháin’) agus an ráta malairte comhfhreagrach os cionn 5 % ón uair dheireanach, i.e. an 1 Iúil 2021, a leagadh síos na hualuithe (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’) is infheidhme maidir le luach saothair oifigigh, fhoireann shealadach agus fhoireann ar conradh an Aontais Eorpaigh atá ag fónamh i dtríú tíortha agus atá iníoctha in airgeadra a dtíre fostaíochta.
I gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal 13 d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, i gcás den sórt sin, ba ghá nuashonrú eatramhach a dhéanamh ar an ualú (‘comhéifeacht cheartúcháin’), i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.
Mar a shonraítear faoi Chaibidil 4.1 thuas, rinneadh nuashonrú idirmheánach le héifeacht chúlghabhálach go dtí an 1 Eanáir 2022. Mar thoradh ar an nuashonrú ar na méideanna dá dtagraítear faoi Airteagal 65 den Rialachán Foirne, rinneadh nuashonrú ar gach ualú (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’) is infheidhme maidir le luach saothair oifigigh, fhoireann shealadach agus fhoireann ar conradh an Aontais Eorpaigh atá ag fónamh i dtríú tíortha agus atá iníoctha in airgeadra a dtíre fostaíochta, gan beann ar an tairseach 5 % a leagtar síos faoi Airteagal 13 d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.
Leagtar amach sa nuashonrú eatramhach na hualuithe (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’) a dhíorthaítear ó na paireachtaí arna gcur in iúl ag Eurostat le haghaidh an 1 Lúnasa, an 1 Meán Fómhair, an 1 Deireadh Fómhair, an 1 Samhain, an 1 Nollaig 2021 agus an1 Eanáir 2022, faoi seach.
Dá bhrí sin, an 15 Meitheamh 2022, d’fhoilsigh an Coimisiún i sraith C de IO sé thábla mhíosúla ina léirítear na tíortha a ndéantar difear dóibh, na hualuithe faoi seach (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’) agus na dátaí is infheidhme maidir le gach ceann, mar a léirítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an tuarascáil seo.
4.1.4.Le haghaidh na tréimhse Feabhra 2022 — Meitheamh 2022
Léiríonn an staidreamh atá ar fáil don Choimisiún go raibh an éagsúlacht sa chostas maireachtála arna thomhas ar bhonn an ualaithe (‘comhéifeacht cheartúcháin’) agus an ráta malairte comhfhreagrach os cionn 5 % ón uair dheireanach a leagadh síos na hualuithe (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’) is infheidhme maidir le luach saothair oifigigh, fhoireann shealadach agus fhoireann ar conradh an Aontais Eorpaigh atá ag fónamh i dtríú tíortha agus atá iníoctha in airgeadra a dtíre fostaíochta.
I gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal 13 d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, i gcás den sórt sin, ba ghá nuashonrú eatramhach a dhéanamh ar an ualú (‘comhéifeacht cheartúcháin’), i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.
Leagtar amach sa nuashonrú eatramhach na hualuithe (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’) a dhíorthaítear ó na paireachtaí arna gcur in iúl ag Eurostat le haghaidh an 1 Feabhra, an 1 Márta, an 1 Aibreán, an 1 Bealtaine, agus an 1 Meitheamh 2022, faoi seach.
Dá bhrí sin, faoi dheireadh 2022 foilseoidh an Coimisiún i sraith C de IO cúig thábla mhíosúla ina léireofar na tíortha a ndéantar difear dóibh, na hualuithe faoi seach (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’) agus na dátaí is infheidhme maidir le gach ceann, mar a léirítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an tuarascáil seo.
5.Tionchar buiséadach nuashonruithe 2022 ar luach saothair agus pinsin oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh agus na comhéifeachtaí ceartúcháin a chuirtear i bhfeidhm maidir leo
Sa roinn seo tugtar meastachán mionsonraithe ar thionchar buiséadach na nuashonruithe a dhéanann difear do luach saothair agus pinsin fhoireann an Aontais in 2022.
5.1.Nuashonrú idirmheánach 2022 ar luach saothair agus pinsin oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais (Airteagal 65(2) de na Rialacháin Foirne)
Tá tionchar airgeadais ag nuashonrú na méideanna dá dtagraítear sa dara mír d’Airteagal 65(1) de na Rialacháin Foirne ar na línte buiséadacha uile a bhaineann le caiteachas foirne sna hinstitiúidí agus sna gníomhaireachtaí uile atá faoi réir na Rialachán Foirne.
In EUR milliún
|
|
Ceannteideal VII
|
Ceannteidil eile (I go VI)
|
|
|
Bliain
2022
|
Bliain
2023
|
Blianta ina dhiaidh sin
|
Bliain
2022
|
Bliain
2023
|
Blianta ina dhiaidh sin
|
|
An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas
|
+ 177.4
|
+ 177.4
|
+ 177.4
|
+ 51.6
|
+ 51.6
|
+ 51.6
|
|
An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
|
+ 31.3
|
+ 31.3
|
+ 31.3
|
+ 8.7
|
+ 8.7
|
+ 8.7
|
5.2.Nuashonrú idirmheánach 2022 ar na comhéifeachtaí ceartúcháin a chuirtear i bhfeidhm maidir le luach saothair agus pinsin oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais laistigh den Aontas Eorpach (Airteagal 64, an dara mír agus Airteagal 20(1) d’Iarscríbhinn XIII)
An nuashonrú a raibh éifeachtacht leis an 1 Eanáir 2022 ar na comhéifeachtaí ceartúcháin a chuirtear i bhfeidhm maidir le luach saothair agus pinsin fhoireann an Aontais sna Ballstáit lasmuigh den Bhruiséil agus Lucsamburg, tá tionchar airgeadais aige sin ar roinnt línte buiséadacha a bhaineann le caiteachas foirne.
In EUR milliún
|
|
Ceannteideal VII
|
Ceannteidil eile (I go VI)
|
|
|
Bliain
2022
|
Bliain
2023
|
Blianta ina dhiaidh sin
|
Bliain
2022
|
Bliain
2023
|
Blianta ina dhiaidh sin
|
|
An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas
|
+ 4.8
|
+ 4.8
|
+ 4.8
|
+ 8.0
|
+ 8.0
|
+ 8.0
|
5.3.Nuashonrú bliantúil 2022 ar luach saothair agus pinsin oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais (Airteagal 65(1), an dara mír de na Rialacháin Foirne)
Tá tionchar airgeadais ag an nuashonrú bliantúil ar na méideanna dá dtagraítear sa dara mír d’Airteagal 65(1) de na Rialacháin Foirne ar na línte buiséadacha uile a bhaineann le caiteachas foirne sna hinstitiúidí agus sna gníomhaireachtaí uile atá faoi réir na Rialachán Foirne.
In EUR milliún
|
|
Ceannteideal VII
|
Ceannteidil eile (I go VI)
|
|
|
Bliain
2022
|
Bliain
2023
|
Blianta ina dhiaidh sin
|
Bliain
2022
|
Bliain
2023
|
Blianta ina dhiaidh sin
|
|
An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas
|
+ 75.7
|
+ 151.5
|
+ 151.5
|
+ 22.3
|
+ 44.5
|
+ 44.5
|
|
An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
|
+ 12.2
|
+ 24.3
|
+ 24.3
|
+ 3.4
|
+ 6.8
|
+6.8
|
5.4.Nuashonrú bliantúil 2022 ar na comhéifeachtaí ceartúcháin a chuirtear i bhfeidhm maidir le luach saothair agus pinsin oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais laistigh den Aontas Eorpach (Airteagal 64, an dara mír agus Airteagal 20(1) d’Iarscríbhinn XIII)
An nuashonrú bliantúil a raibh éifeachtacht leis an 1 Iúil 2022 ar na comhéifeachtaí ceartúcháin a chuirtear i bhfeidhm maidir le luach saothair agus pinsin fhoireann an Aontais sna Ballstáit lasmuigh den Bhruiséil agus Lucsamburg, tá tionchar airgeadais aige sin ar roinnt línte buiséadacha a bhaineann le caiteachas foirne.
In EUR milliún
|
|
Ceannteideal VII
|
Ceannteidil eile (I go VI)
|
|
|
Bliain
2022
|
Bliain
2023
|
Blianta ina dhiaidh sin
|
Bliain
2022
|
Bliain
2023
|
Blianta ina dhiaidh sin
|
|
An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas
|
- 1.8
|
- 3.7
|
- 3.7
|
+ 3.7
|
+ 7.4
|
+ 7.4
|
5.5.Aisghabháil an Táscaire Shonraigh (2.5 %) a cuireadh ar fionraí mar thoradh ar an gclásal eisceachta a cuireadh chun feidhme i nuashonrú bliantúil 2020 faoi Airteagal 11 d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne
Aisghabháil an Táscaire Shonraigh (2.5 %) a cuireadh ar fionraí mar thoradh ar an gclásal eisceachta le héifeacht an 1 Iúil 2022 maidir le luach saothair agus pinsin fhoireann an Aontais, tá tionchar airgeadais ag an aisghabháil sin ar na línte buiséadacha uile a bhaineann le caiteachas foirne sna hinstitiúidí agus sna gníomhaireachtaí uile a bhfuil feidhm ag na Rialacháin Foirne maidir leo.
In EUR milliún
|
|
Ceannteideal VII
|
Ceannteidil eile (I go VI)
|
|
|
Bliain
2022
|
Bliain
2023
|
Blianta ina dhiaidh sin
|
Bliain
2022
|
Bliain
2023
|
Blianta ina dhiaidh sin
|
|
An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas
|
+ 94.7
|
+ 189.4
|
+ 189.4
|
+ 27.8
|
+ 55.6
|
+ 55.6
|
|
An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
|
+ 15.2
|
+ 30.4
|
+ 30.4
|
+ 4.2
|
+ 8.5
|
+ 8.5
|
5.6.Coigilteas a ghintear tríd an gclásal eisceachta a chur i bhfeidhm in 2020 agus tríd an Táscaire Sonrach Uilíoch a chur ar fionraí go huathoibríoch (2.5 %).
Le cur i bhfeidhm an chlásail eisceachta in 2020, cuireadh siar cur chun feidhme Táscaire Sonrach Uilíoch 2020. Tá tionchar airgeadais aige sin ar gach líne bhuiséadach a bhaineann le caiteachas foirne sna hinstitiúidí agus sna gníomhaireachtaí uile a bhfuil feidhm ag na Rialacháin Foirne maidir leo.
In EUR milliún
|
|
Ceannteideal VII
|
Ceannteidil eile (I go VI)
|
|
|
Bliain
2020
|
Bliain
2021
|
Bliain
2022
|
Blianta ina dhiaidh sin
|
Bliain
2020
|
Bliain
2021
|
Bliain
2022
|
Blianta ina dhiaidh sin
|
|
An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas
|
- 110.0
|
- 220.0
|
- 234.6
|
- 1.0
|
- 23.5
|
- 47.5
|
- 50.2
|
- 0.2
|
|
An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
|
- 19.1
|
- 38.6
|
- 40.8
|
- 0.2
|
- 4.0
|
- 8.0
|
- 8.5
|
-0.0
|
5.7.Nuashonrú bliantúil 2022 ar na hualuithe (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’) is infheidhme maidir le luach saothair oifigigh, fhoireann shealadach agus fhoireann ar conradh an Aontais atá ag fónamh i dtríú tíortha (Airteagal 13(1) d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis na Rialacháin Foirne)
An nuashonrú bliantúil a raibh éifeachtacht leis an 1 Iúil 2022 ar na hualuithe (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’) a chuirtear i bhfeidhm maidir le luach saothair fhoireann an Aontais a ndéantar difear dó i dtríú tíortha, tá tionchar airgeadais aige sin ar roinnt línte buiséadacha a bhaineann le caiteachas foirne faoi Cheannteideal VII.
In EUR milliún
|
|
Ceannteideal VII
|
|
|
Bliain
2021
|
Bliain
2022
|
Blianta ina dhiaidh sin
|
|
An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas
|
+ 0.92
|
+ 1.84
|
+ 1.84
|
5.8.Nuashonruithe eatramhacha 2022 ar na hualuithe (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’) is infheidhme maidir le luach saothair oifigigh, fhoireann shealadach agus fhoireann ar conradh an Aontais atá ag fónamh i dtríú tíortha (Airteagal 13(2) d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis na Rialacháin Foirne)
5.1.1.Le haghaidh na tréimhse Lúnasa 2021 — Eanáir 2022
An nuashonrú eatramhach a raibh éifeachtacht leis an 1 Lúnasa 2021, an 1 Meán Fómhair 2021, an 1 Deireadh Fómhair 2021, an 1 Samhain 2021, an 1 Nollaig 2021 agus an 1 Eanáir 2022 ar ualuithe áirithe (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’) a chuirtear i bhfeidhm maidir le luach saothair fhoireann an Aontais a ndéantar difear dó i dtríú tíortha, tá tionchar airgeadais aige sin ar roinnt línte buiséadacha a bhaineann le caiteachas foirne faoi Cheannteideal VII.
In EUR milliún
|
|
Ceannteideal VII
|
|
|
Bliain
2021
|
Bliain
2022
|
Blianta ina dhiaidh sin
|
|
An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas
|
- 0.04
|
- 0.07
|
- 0.07
|
5.1.2.Le haghaidh na tréimhse Feabhra 2022 — Meitheamh 2022
An nuashonrú eatramhach a raibh éifeachtacht leis an 1 Feabhra 2021, an 1 Márta 2022, an 1 Aibreán 2022, an 1 Bealtaine 2022 agus an 1 Meitheamh 2022 ar ualuithe áirithe (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’) a chuirtear i bhfeidhm maidir le luach saothair fhoireann an Aontais a ndéantar difear dó i dtríú tíortha, tá tionchar airgeadais aige sin ar roinnt línte buiséadacha a bhaineann le caiteachas foirne faoi Cheannteideal VII.
In EUR milliún
|
|
Ceannteideal VII
|
|
|
Bliain
2021
|
Bliain
2022
|
Blianta ina dhiaidh sin
|
|
An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas
|
- 0.01
|
- 0.01
|
- 0.01
|
6.Éifeachtaí agus inbhuanaitheacht an ‘Mhodha’ i dtimpeallacht ardbhoilscithe
6.1.Cúlra
An 6 Meán Fómhair 2022, ghlac an Chomhairle a seasamh maidir le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023. Sa ráiteas uaithi, thug an Chomhairle dá haire go bhfuil an timpeallacht bhoilscithe atá ann faoi láthair ag cur brú suntasach ar bhuiséad an Aontais, rud a éilíonn go mbainfí leas as ionstraimí speisialta a d’fhéadfaí a úsáid ar bhealaí eile. Thairis sin, chuir sí in iúl go raibh imní uirthi faoin éifeacht dhíobhálach a d’fhéadfadh a bheith ag innéacsú uathoibríoch pá ar an staid eacnamaíoch agus shóisialta laistigh den Aontas. I ndáil leis sin, d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún faoi Airteagal 241 CFAE agus faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair 2022, ‘meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí agus ar inbhuanaitheacht an nuashonraithe tuarastail uathoibríoch le haghaidh fhoireann an Aontais i dtimpeallacht ardbhoilscithe, agus aon tograí iomchuí a chur faoina bhráid chun an brú ar chaiteachas riaracháin a mhaolú’.
Tíolacadh freagra an Choimisiúin ar an iarraidh ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2022. Ina fhreagra, mhínigh an Coimisiún nach raibh na sonraí staidrimh cinntitheacha ba ghá aige chun meastóireacht den sórt sin a dhéanamh faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair 2022. Thairis sin, mheabhraigh an Coimisiún maidir le héifeachtaí agus le hinbhuanaitheacht an nuashonraithe tuarastail uathoibríoch le haghaidh fhoireann an Aontais, ón uair a chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle isteach sna Rialacháin Foirne é in 2014, gur tugadh aghaidh go cuimsitheach ar an méid sin in Aibreán 2022 sa Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne agus Airteagal 66a de, cé nár bhain sin le comhthéacs ardbhoilscithe, rud a tháinig chun cinn tar éis na tréimhse a ndearnadh anailís uirthi chun críocha thuarascáil Aibreán 2022. Ar deireadh, thug an Coimisiún dá aire go soláthródh an tuarascáil seo maidir le tionchar buiséadach an nuashonraithe bhliantúil tuarastail, tuairisc a theastaíonn faoi dheireadh 2022 de bhun Airteagal 65 de na Rialacháin Foirne, go soláthródh sí measúnú ar éifeachtaí agus ar inbhuanaitheacht nuashonrú tuarastail uathoibríoch 2022 i dtimpeallacht ardbhoilscithe.
6.2.Feidhmiú an ‘Mhodha’ i dtimpeallacht ardbhoilscithe
Sa bhreis ar an measúnú ar éifeachtaí agus inbhuanaitheacht mhodh an nuashonraithe tuarastail uathoibríoch ó tugadh isteach é in 2014, mar a shonraítear sa Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le hIarscríbhinn XI, d’fhéadfaí teacht ar na príomhchonclúidí seo a leanas tar éis timthriall nuashonraithe 2022 a thabhairt chun críche:
-Trí bheartais na mBallstát a léiriú i dtéarmaí éabhlóid an luacha saothair, áirithíonn an Táscaire Sonrach Uilíoch go bhfuil ag foireann an Aontais an éabhlóid chéanna maidir leis an gcumhacht cheannaigh agus atá ag na státseirbhísigh i rialtais láir na mBallstát. Tá sé sin fós bailí freisin i gcás nuashonrú 2022, cás inar chinn Ballstáit an Aontais, go ginearálta, gan an boilsciú a mheaitseáil dá státseirbhísigh. Léiríodh an cinneadh sin go hiomlán sa Mhodh agus an tionchar céanna aige ar státseirbhísigh an Aontais (i.e. -3.9 %).
-Maidir leis an Innéacs Comhpháirteach lena dtomhaistear an boilsciú d’fhoireann an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil agus i Lucsamburg, léiríodh a ábhartha atá sé i gcomhthéacs an ardbhoilscithe. Ós rud é gur dearadh é chun léiriú a thabhairt ar phatrúin tomhaltais shonracha fhoireann an Aontais, seachas ar phatrúin an daonra i gcoitinne, bhí na torthaí i bhfad ní b’ísle ná an boilsciú náisiúnta arna thomhas sa Bheilg agus i Lucsamburg. Go nithiúil, i mbliana, tá an tInnéacs Comhpháirteach (8.6 %) thart ar 20 % níos ísle ná an boilsciú náisiúnta arna thomhas sa Bheilg agus i Lucsamburg idir Iúil 2021 agus Iúil 2022 (i.e. 10.5 % agus 10.3 % faoi seach). Bhí tionchar nach beag aige sin ar fhigiúr nuashonrú bliantúil 2022 (4.4 %).
-Thug roinnt mhaith Ballstát de chuid an Aontais bearta sóisialta aonuaire isteach chun cumhacht cheannaigh na státseirbhíseach náisiúnta a chosaint. Bhí tionchar ag formhór na mbeart sóisialta aonuaire sin, nach bhfuil cuimsithe ag an Modh, ar na státseirbhísigh i rialtais láir na mBallstát ach ní raibh feidhm acu maidir le státseirbhísigh an Aontais.
-Maidir le cur chun feidhme phrionsabal na cumhachta comhionainne ceannaigh i measc bhaill foirne an Aontais gan beann ar a n-áit fostaíochta, tá sé léirithe go bhfuil an Modh atá ann faoi láthair éifeachtach freisin. Go háirithe, na sásraí a leagtar síos faoi Airteagal 8 d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, ar sásraí iad a cuireadh i bhfeidhm chun déileáil le cásanna ardbhoilscithe i mBallstáit áirithe de chuid an Aontais, baineadh leas astu chun an comhthéacs boilscitheach a ailíniú níos fearr i roinnt Ballstát mar a mhínítear faoi Chaibidil 4.
Ar an iomlán, i dtimpeallacht an ardbhoilscithe a chonacthas le linn na tréimhse tagartha, bhí nuashonrú bliantúil 4.4 % ann mar gheall ar an Modh, rud arb ionann é agus níos lú ná leath an bhoilscithe arna thomhas ar an leibhéal náisiúnta sa tréimhse chéanna. Deimhnítear leis sin nach innéacsú ar an mboilsciú é luach saothair fhoireann an Aontais. Ag an am céanna, léiríonn an figiúr sin na dúshláin a bhaineann le tarraingteacht fhoriomlán sheirbhís phoiblí an Aontais mar go dtreisíonn sé a thuilleadh an treocht maidir le caillteanas cumhachta ceannaigh ag foireann an Aontais.
6.3.Tionchar buiséadach agus inbhuanaitheacht nuashonrú uathoibríoch 2022 i dtimpeallacht ardbhoilscithe
Is é nuashonrú bliantúil 2022 ar luach saothair agus pinsin (4.4 %) an nuashonrú is airde a tomhaiseadh ó tháinig na leasuithe ar na Rialacháin Foirne i bhfeidhm lenar tugadh isteach an Modh reatha le haghaidh nuashonruithe tuarastail agus pinsin in 2014. Eascraíonn sé sin as comhthéacs an ardbhoilscithe agus as éabhlóid fhíorthuarastail na státseirbhíseach i rialtais láir na mBallstát.
Bhí tosca ann, amhail ráig COVID-19 agus cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, a chuir leis an timpeallacht ardbhoilscithe a chonacthas le linn na tréimhse tagartha ábhartha le haghaidh nuashonrú bliantúil 2022.
Mar a thuairiscítear faoi Chaibidil 6.2 áfach, nuashonrú bliantúil 4.4 % is toradh ar an Modh, rud arb ionann é agus níos lú ná leath an bhoilscithe arna thomhas ar an leibhéal náisiúnta sa tréimhse chéanna. An éifeacht mhodhnóireachta seo atá ag an Modh i dtréimhse ardbhoilscithe, léiríonn sí ábharthacht na rogha a rinne na comhreachtóirí in 2014 gan ach cumhacht cheannaigh oifigigh na mBallstát a chur san áireamh. Más rud é, go deimhin, gur chinn údaráis airgeadais phoiblí na mBallstát leibhéal áirithe cumhachta ceannaigh a bheith inbhuanaithe i gcás a státseirbhíseach náisiúnta (ag méadú nó ag laghdú chumhacht ceannaigh a státseirbhíseach de réir an bhoilscithe ina mBallstát), is dócha go mbeidh sé iomchuí chomh maith, ó thaobh an bhuiséid de, an éabhlóid chéanna a chur i bhfeidhm maidir le státseirbhísigh an Aontais.
Ós rud é gur thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil ón gCoimisiún maidir le hIarscríbhinn XI go raibh an Modh leormhaith (maille le feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh maidir le comhéifeachtaí ceartúcháin), ní féidir inbhuanaitheacht agus tionchar buiséadach nuashonrú bliantúil 2022 i gcomhthéacs ardbhoilscithe a mheas ar leithligh ó ghnéithe eile an Mhodha amhail an tInnéacs Comhpháirteach lena ndéantar an boilsciú d’fhoireann an Aontais sa Bhruiséil agus i Lucsamburg a thomhas nó an clásal eisceachta.
Mar a thuairiscítear i gCaibidil 6.2, na torthaí a thug an tInnéacs Comhpháirteach lena ndéantar tomhas ar an mboilsciú d’fhoireann an Aontais sa Bhruiséil, bhí siad cuid mhaith níos ísle ná an boilsciú náisiúnta arna thomhas sa Bheilg agus i Lucsamburg agus, dá bhrí sin, rannchuidigh sé le tionchar buiséadach an nuashonraithe uathoibríoch bhliantúil a theorannú.
Ina theannta sin, in 2020, mar thoradh ar phaindéim COVID-19, bhí éabhlóid réamh-mheasta an fhíor-olltáirgeacht intíre diúltach (-7.4 %). Ina fhianaise sin, bhí feidhm ag an gclásal eisceachta dá bhforáiltear faoi Airteagal 11(1) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne. Ós rud é go raibh an laghdú ar olltáirgeacht intíre an Aontais níos mó ná 3 %, níor úsáideadh an táscaire sonrach (2.5 %) ag an am sin chun luach an nuashonraithe ar luach saothair agus pinsin a ríomh. Ós rud é go bhfuil an leibhéal a bhí ann in 2019 sroichte arís ag olltáirgeacht intíre an Aontais Eorpaigh, beidh an táscaire sonrach nár úsáideadh in 2020 (2.5 %) mar chuid de nuashonrú 2022, i gcomhréir le hAirteagal 10 agus le hAirteagal 11(4) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.
Le cur i bhfeidhm an chlásail eisceachta sa tréimhse 2020-2022, cuireadh teorainn leis na nuashonruithe bliantúla le linn na tréimhse sin agus, dá bhrí sin, cuireadh teorainn shuntasach leis an gcaiteachas i ndáil le buiséad an Aontais, i.e. thart ar € 750 milliún go dtí deireadh an CAI reatha (féach Caibidil 5.5).
Ní mór a chur i bhfios go láidir go bhfuil an coigilteas carntha € 750 milliún thuasluaite níos airde ná an tionchar buiséadach ó nuashonrú bliantúil 2022, lena n-áirítear aisghabháil an Táscaire Shonraigh Uilíoch a cuireadh ar fionraí mar gheall ar ghníomhachtú an chlásail eisceachta in 2020 (Caibidil 5). Leis sin, mar aon leis na sonraí staidrimh a bhaineann le cleachtadh nuashonrú bliantúil 2022 agus na torthaí uaidh, féadfaidh an Coimisiún teacht ar an gconclúid go bhfuil an Modh oiriúnach chun feidhmiú i gcomhthéacs ardbhoilscithe. Agus breithniú á dhéanamh ar chleachtadh nuashonrú bliantúil 2022, déantar conclúidí na tuarascála ón gCoimisiún maidir le hIarscríbhinn XI a fhorlíonadh agus comhthacaítear leo mar chonclúidí.
Leanfaidh an Coimisiún de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar fheidhmiú an Mhodha agus ar éabhlóid na ndálaí eacnamaíocha foluiteacha i mBallstáit an Aontais le linn na chéad timthriallta eile de chur chun feidhme an Mhodha.
Iarscríbhinní:
(1)Dréacht-Fhoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh – Nuashonrú 2022 ar luach saothair agus pinsin oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh agus na comhéifeachtaí ceartúcháin a chuirtear i bhfeidhm maidir leo
(2)Dréacht-Fhoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh – Nuashonrú 2022 ar na hualuithe (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’) is infheidhme maidir le luach saothair oifigigh, fhoireann shealadach agus fhoireann ar conradh an Aontais Eorpaigh atá ag fónamh i dtríú tíortha
(3)Dréacht-Fhoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh – Nuashonrú eatramhach ar na hualuithe (‘comhéifeachtaí ceartúcháin’) is infheidhme maidir le luach saothair oifigigh, fhoireann shealadach agus fhoireann ar conradh an Aontais Eorpaigh atá ag fónamh i dtríú tíortha
(4)Foilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh – Nuashonrú idirmheánach 2022 ar luach saothair agus pinsin oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh agus na comhéifeachtaí ceartúcháin a chuirtear i bhfeidhm maidir leo
(5)Foilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh – Nuashonrú eatramhach 2022 ar na hualuithe (comhéifeachtaí ceartúcháin) is infheidhme maidir le luach saothair oifigigh, fhoireann shealadach agus fhoireann ar conradh an Aontais Eorpaigh atá ag fónamh i dToscaireachtaí lasmuigh den Aontas