AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,1.8.2022
COM(2022) 366 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN
TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2021
MAIDIR LE CUR I bhFEIDHM PHRIONSABAIL NA COIMHDEACHTA AGUS NA COMHRÉIREACHTA AGUS MAIDIR LE CAIDREAMH LEIS NA PARLAIMINTÍ NÁISIÚNTA
TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2021
MAIDIR LE CUR I bhFEIDHM PHRIONSABAIL NA COIMHDEACHTA AGUS NA COMHRÉIREACHTA AGUS MAIDIR LE CAIDREAMH LEIS NA PARLAIMINTÍ NÁISIÚNTA
1.réamhrá
Is í seo an 29ú tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, arna tíolacadh faoi Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 2 maidir le cur i bhfeidhm phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta (‘Prótacal Uimh. 2’) ar an gConradh ar an Aontas Eorpach agus ar an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Cumhdaítear léi, cosúil leis na trí thuarascáil roimhe seo, caidreamh an Choimisiúin leis na Parlaimintí náisiúnta, a bhfuil ról mór acu i gcur i bhfeidhm na bprionsabal sin.
In 2021, lean Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus Coiste na Réigiún orthu ag cur a n‑uirlisí agus a nósanna imeachta a tástáladh i bhfeidhm agus á bhforbairt tuilleadh chun a áirithiú go n‑urramófaí prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta ina gcuid oibre chun reachtaíocht an Aontais a ullmhú. Ghlac an Coimisiún, agus a bheartas um rialáil níos fearr á chomhdhlúthú aige, treoirlínte nua agus bosca uirlisí, agus a ghealltanas an ghreille mheasúnaithe maidir leis an gcoimhdeacht a mhol an Tascfhórsa um Choimhdeacht, Comhréireacht agus ‘Níos lú a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla’ á chur chun feidhme go hiomlán aige i gcás gach togra reachtach atá íogair agus tábhachtach ó thaobh na polaitíochta de agus a mbeidh measúnú tionchair ag gabháil leis. Leagadh béim bhreise leis sin ar uirlis chumhachtach ar féidir léi, dá n‑úsáidfeadh gach gníomhaí lena mbaineann í, an measúnú oibiachtúil a éascú go suntasach maidir leis an gcaoi a bhfuil prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta á n‑urramú i reachtaíocht an Aontais. Ina theannta sin, rinne Coiste na Réigiún tuilleadh forbartha ar an méid a chuireann sé leis an gclár oibre um rialáil níos fearr, go háirithe trína líonra de mhoil réigiúnacha, agus chuir sé coincheap na ‘coimhdeachta gníomhaí’ chun cinn.
Rinne na hinstitiúidí a modhanna oibre a oiriúnú go hiomlán chun freastal ar na coinníollacha a d’fhorchuir paindéim COVID‑19 agus na cúinsí a lean mar thoradh uirthi. Sa dara bliain seo de shrianta, cuireadh dlús leis an gcomhar leis na Parlaimintí náisiúnta. Chuir na Parlaimintí náisiúnta 360 tuairim isteach, ar mó i bhfad é ná an 2 bhliain roimhe sin (225 in 2020 agus 159 in 2019), rud a léiríonn go páirteach líon méadaithe na dtograí a thíolaic an Coimisiún. Astu sin, bhí 16 thuairim réasúnaithe san iomlán, rud a léirigh ábhar imní gur sáraíodh prionsabal na coimhdeachta. Dhírigh formhór na dtograí sin ar na tograí reachtacha sa phacáiste ‘Oiriúnach do 55’. Níor spreag aon togra aonair níos mó ná trí thuairim réasúnaithe. Ba é an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’ an ceann is mó a tharraing aird, agus ba iad a leanas na tograí aonair a fuair an líon is mó tuairimí: an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (10 dtuairim), an Treoir maidir le pá íosta leordhóthanach (9 dtuairim) agus an dá thogra maidir le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais (8 dtuairim an ceann).
Lean an malartú i scríbhinn leis na Parlaimintí náisiúnta ag treisiú in 2021, mar a rinne an t‑idirphlé polaitiúil ó bhéal ina iliomad foirmeacha. Tionóladh na cruinnithe i bhformáid fhisiceach, fhíorúil nó hibrideach, agus tháinig méadú breise ar líon na gcruinnithe sin agus ar rannpháirtíocht an Choimisiúin in imeachtaí idirpharlaiminteacha, i bpáirt a bhuí leis na féidearthachtaí a chuirtear ar fáil trí fhíschomhdháil.
Ar na gnéithe suntasacha breise i gcaidreamh na bParlaimintí náisiúnta le hinstitiúidí an Aontais in 2021 bhí: (i) an ról lárnach a bhí ag formhór na bParlaimintí náisiúnta, de réir a rialacha bunreachtúla náisiúnta, i bhformheas Chinneadh 2020 ón gComhairle maidir le hacmhainní dílse; agus (ii) an leibhéal ard rannpháirtíochta a bhí acu in ullmhú agus i gcur chun feidhme na Comhdhála maidir le Todhchaí na hEorpa.
2.cur i bhfeidhm phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta ag na hinstitiúidí
An Coimisiún
In 2021, lean an Coimisiún den chlár oibre ‘rialáil níos fearr’, lena n‑áirithítear reachtóireacht fhianaisebhunaithe agus thrédhearcach an Aontais, a chur i bhfeidhm, agus prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chomhtháthú ag gach céim dá cheapadh beartas. Thacaigh sé leis na tionscnaimh sin ar dócha go mbeadh tionchar suntasach acu agus measúnuithe tionchair cuimsitheacha ag gabháil leo. Lena chois sin lean sé a thiomantas do mheastóireacht a dhéanamh ar bheartais atá ann cheana féin sula dtíolacfaidh sé tograí chun athbhreithniú a dhéanamh orthu. Áirítear leis na measúnuithe tionchair agus na meastóireachtaí sin anailís a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann na tionscnaimh prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta.
Rialáil níos fearr: cumarsáid, treoirlínte agus bosca uirlisí nua
I mí na Samhna 2021, ghlac an Coimisiún treoirlínte nua maidir le rialáil níos fearr agus bosca uirlisí nua maidir le rialáil níos fearr. Chuir na treoirlínte leis na príomhghnéithe a leagtar amach ina Theachtaireacht maidir le rialáil níos fearr an 29 Aibreán 2021 inar fógraíodh glúin nua maidir le rialáil níos fearr.
Moltar sa Teachtaireacht roinnt feabhsuithe ar phróiseas reachtóireachta an Aontais, i gcomhréir le spriocanna uaillmhianacha Choimisiún von der Leyen, agus tógadh ar chleachtadh maidir le hathbhreithniú rialála níos fearr 2019, inar sainaithníodh roinnt réimsí chun feabhas a chur ar an gclár oibre maidir le rialáil níos fearr. Luadh sa Teachtaireacht arís gur iarracht chomhpháirteach é rialáil níos fearr do na páirtithe leasmhara uile, chun a áirithiú go bhfuil an reachtaíocht ar an gcaighdeán is airde agus nár cheart don Aontas gníomhú ach amháin nuair is gá (an choimhdeacht) agus a mhéid is gá (an chomhréireacht). D'fhógair sé freisin go bhfoilseofaí greille mheasúnaithe maidir leis an gcoimhdeacht in éineacht le gach togra reachtach atá íogair ó thaobh na polaitíochta de nó a bhfuil tábhacht pholaitiúil ag baint leis, a bhfuil measúnú tionchair ag gabháil leis, rud a chabhraíonn leis na prionsabail sin a chur i ngníomh. Leanann sé sin na moltaí a rinne an Tascfhórsa maidir le Coimhdeacht, Comhréireacht agus ‘Níos lú a dhéanamh ar Bhealach níos éifeachtúla’.
I measc na ngnéithe nua a tugadh isteach tá cur chuige ‘ceann‑istigh‑ceann‑amuigh’ chun ualach na reachtaíochta nua AE do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí a íoslaghdú agus chun feabhas a chur ar an mbealach a dtugann rialáil níos fearr aghaidh ar an inbhuanaitheacht agus ar an gclaochlú digiteach agus ar an mbealach a dtacaíonn sí leis sin. Ábharthacht dhíreach do na Parlaimintí náisiúnta is ea simpliú na gcomhairliúchán poiblí trí ‘ghlao aonair ar fhianaise’ a thabhairt isteach, rud a chuirtear in ionad roinnt comhairliúchán a rinneadh roimhe seo ag céimeanna éagsúla den ullmhúchán beartas, ar an tairseach fheabhsaithe ‘Cloisimis uait’. Sainaithnítear go soiléir an t‑ionchur a fhéadfaidh Parlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha nó údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a chinneadh a thabhairt a shainaithint go soiléir agus déantar idirdhealú idir é agus an t‑ionchur ó pháirtithe leasmhara eile. Níor bhain ach líon beag Parlaimintí náisiúnta úsáid as an tairseach seo in 2021, áfach.
An t‑ardán ‘Réidh don Todhchaí’
Bunaíodh an t‑ardán ‘Réidh don Todhchaí’ (‘an t‑ardán’) i mí na Bealtaine 2020 chun teacht i gcomharbas ar an ardán REFIT. Is grúpa saineolaithe ardleibhéil é a chuidíonn leis an gCoimisiún dlíthe a shimpliú, ualaí rialála gaolmhara nach bhfuil gá leo a laghdú, agus leas a bhaint as an saineolas agus as an taithí ar leibhéil níos ísle rialachais agus páirtithe leasmhara chun a áirithiú go mbainfidh an reachtaíocht a cuid cuspóirí amach ar an mbealach is éifeachtúla, agus an taithí ó údaráis náisiúnta, áitiúla agus réigiúnacha á cur san áireamh.
Tugtar le chéile ann ionadaithe ó údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla na mBallstát, ó Choiste na Réigiún – le tacaíocht óna líonra RegHub –, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus páirtithe leasmhara a dhéanann ionadaíocht do ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha. Tá ról tábhachtach ag an ardán maidir le faisnéis a sholáthar ar an gcaoi a bhfuil dlíthe á gcur chun feidhme. In 2021, chuir sé i láthair an chéad chlár oibre bliantúil uaillmhianach, lena gclúdaítear 15 ábhar éagsúla i raon leathan earnálacha, agus ina leagtar tosaíochtaí ar dhigitiú, lipéadú éifeachtach, oibleagáidí údaraithe agus tuairiscithe, agus reachtaíocht an Aontais a shimpliú.
Measúnuithe tionchair
Déanann an Coimisiún anailís ar phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta i ngach measúnú tionchair a ullmhaítear do thograí beartas. Tá na measúnuithe seo faoi réir rialú cáilíochta neamhspleách ag an mBord um Ghrinnscrúdú Rialála. In 2021, rinne an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála grinnscrúdú ar 83 mheasúnú tionchair, méadú suntasach i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin (41).
Meastóireachtaí agus seiceálacha oiriúnachta
Is gnéithe bunriachtanacha de mheastóireachtaí agus de sheiceálacha oiriúnachta iad an choimhdeacht agus an chomhréireacht, a dhéanann measúnú ar cé atá nó nach bhfuil na torthaí a bhfuiltear ag súil leo bainte amach ag gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais i dtéarmaí éifeachtúlachta, éifeachtachta, comhleanúnachais, ábharthachta agus breisluacha AE.
In 2021, rinne an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála grinnscrúdú ar 15 mhórmheastóireacht, lena n‑áirítear 2 sheiceáil oiriúnachta, i gcomparáid le 13 cinn in 2020. Tá roinnt de na gnéithe a chumhdaíonn na meastóireachtaí ábhartha go háirithe ó thaobh na coimhdeachta agus na comhréireachta de. Mar shampla, d'fhéach an mheastóireacht ar Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 maidir le Treoirlínte an Aontais chun gréasán tras‑Eorpach iompair (TEN‑T) a fhorbairt, inter alia ar na hathruithe is féidir a mhaíomh le réasún gurb é an idirghabháil AE is cúis leo, agus ar mó iad ná mar a bhféadfaí a bheith ag súil leis ó ghníomhaíochtaí náisiúnta ag na Ballstáit. Ba é conclúid na meastóireachta gur beartas Eorpach aonair láidir ba chúis le gníomhaíochtaí a ailíniú agus a chur chun feidhme go héifeachtach ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Tugadh faoi deara freisin nach bhféadfaí breisluach suntasach a gineadh trí chomhar TEN‑T le tríú tíortha a bhaint amach dá mbeadh na Ballstáit tar éis gníomhú astu féin.
Parlaimint na hEorpa
In 2021, fuair Parlaimint na hEorpa 227 n‑aighneacht go foirmiúil ó na Parlaimintí náisiúnta faoi Phrótacal Uimh. 2, ar thuairimí réasúnaithe 24 díobh agus ba rannchuidithe 203 díobh (aighneachtaí nach léiríonn ábhar imní maidir le coimhdeacht). Mar chomparáid, in 2020, fuair Parlaimint na hEorpa 134 aighneacht, ar thuairimí réasúnaithe 13 díobh.
Ba iad an tUasal Nacho Sánchez Amor (S&D/ES) agus an tUasal Gilles Lebreton (ID/FR) na buanrapóirtéirí ar choimhdeacht an Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (JURI) in 2021, sa chéad agus sa dara leath den bhliain faoi seach. Le linn a sainordaithe, d’eisigh an Coiste – a bhfuil freagracht iomlán air, faoi Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, as a áirithiú go gcomhlíontar prionsabal na coimhdeachta le reachtaíocht an Aontais – tuarascáil ar na tuarascálacha bliantúla ón gCoimisiún maidir leis an gcoimhdeacht agus maidir leis an gcomhréireacht lena gcumhdaítear na blianta 2017‑2019. Ba é an tUasal Mislav Kolakušić (NI/HR) a rapóirtéir. Chuidigh an coiste freisin leis an 35ú agus an 36ú tuarascáil leathbhliantúil a d’ullmhaigh an Chomhdháil de na Coistí Parlaiminteacha um Ghnóthaí an Aontais de chuid Pharlaimintí an Aontais Eorpaigh (COSAC) maidir le cleachtais pharlaiminteacha.
Lean Seirbhís Taighde Pharlaiminteach na hEorpa (EPRS) uirthi ag cuidiú le Parlaimint na hEorpa breithnithe na coimhdeachta agus na comhréireachta a ionchorprú ina cuid oibre trí bhíthin:
-grinnscrúdú córasach a dhéanamh ar ghnéithe na coimhdeachta agus na comhréireachta de mheasúnuithe tionchair an Choimisiúin agus aird a thabhairt ar aon ábhar imní a chuireann na Parlaimintí náisiúnta agus Coiste na Réigiún in iúl go sonrach;
-a áirithiú go gcloíonn obair Pharlaimint na hEorpa féin go hiomlán leis na prionsabail sin, mar shampla trí mheasúnuithe tionchair a dhéanamh ar a leasuithe substaintiúla féin nó trí anailís a dhéanamh ar an mbreisluach a bhaineann le tograí Pharlaimint na hEorpa maidir le reachtaíocht nua, bunaithe ar Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus maidir leis an gcostas a bhaineann le gan aon ghníomhaíocht AE a dhéanamh;
-grinnscrúdú a dhéanamh ar ghnéithe na coimhdeachta agus na comhréireachta agus measúnuithe tionchair á ndréachtú, ag díriú ar bhreisluach AE.
In 2021, rinne EPRS 33 bhreithmheas tosaigh ar mheasúnuithe tionchair ón gCoimisiún agus 2 mheasúnú tionchair ionaid, 7 measúnú tionchair ex post ar chur chun feidhme na hEorpa, 27 mbreithmheas ar an gcur chun feidhme, 3 pháipéar maidir le ‘staid an chur chun feidhme’, 2 mheastóireacht ex post eile (lena n‑áirítear foilseachán i ndáil le treoirlínte nua maidir le rialáil níos fearr) agus 1 fhoilseachán maidir le ‘staid na reachtóireachta níos fearr’, ina ndéantar grinnscrúdú ar chlár oibre bliantúil an Choimisiúin. Ó thaobh bhreisluach an Aontais de, tugadh chun críche dhá thuarascáil maidir le costas na Neamh‑Eorpa, 12 mheasúnú breisluacha an Aontais agus 1 pháipéar ar bhreisluach bheartais an Aontais atá ann cheana.
An Chomhairle
In 2021, lean Comhairle an Aontais Eorpaigh (‘an Chomhairle’), lena n‑áirítear a Meithleacha ábhartha, d’fhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach na gconclúidí a ghlac an Chomhairle agus an Chomhairle Eorpach sna blianta roimhe sin lena gcumhdaítear prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Ba iad sin na conclúidí ón gComhairle Eorpach maidir le ‘Clár oibre an Mhargaidh Aonair a thabhairt chun críche tuilleadh’, na conclúidí ón gComhairle maidir le ‘Rialáil níos fearr – lena n‑áiritheofar iomaíochas agus inbhuanaitheacht, fás cuimsitheach’ agus na conclúidí ón gComhairle maidir le ‘Boscaí gainimh rialála agus clásail thástála mar uirlisí le haghaidh creat rialála atá fabhrach don nuálaíocht, atá sábháilte don todhchaí agus athléimneach agus a dhéanann máistreacht ar dhúshláin shuaiteacha san aois dhigiteach’.
Chomh maith lena hoibleagáidí i leith na gConarthaí, coinníonn an Chomhairle na Ballstáit ar an eolas faoi thuairimí na bParlaimintí náisiúnta maidir le tograí reachtacha ón gCoimisiún. In 2021, dháil Ardrúnaíocht na Comhairle 16 thuairim réasúnaithe a fuarthas faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 agus 165 thuairim a eisíodh faoi chuimsiú an idirphlé pholaitiúil.
Coiste na Réigiún
Bhí gníomhaíochtaí ábhartha coimhdeachta Choiste na Réigiún in 2021 bunaithe ar na tosaíochtaí do thréimhse an tsainordaithe 2020‑2025 a leagadh amach an bhliain roimhe sin. D'athdhearbhaigh siad sin go bhfuil Coiste na Réigiún meáite ar cháilíocht reachtaíocht an Aontais a fheabhsú i gcónaí agus a tionchar críochach a réamh‑mheas níos fearr agus prionsabal na coimhdeachta gníomhaí a chur chun cinn. Thacaigh torthaí ó Bharaiméadar Réigiúnach agus Áitiúil an Aontais 2021 leis an gcinneadh sin, rud a thug le fios go mbraitheann beagnach dhá thrian de pholaiteoirí áitiúla nach bhfuil go leor tionchair ag réigiúin, cathracha agus sráidbhailte ar cheapadh beartas an Aontais. Chuige sin, bhain Coiste na Réigiún de thátal as gur ‘féidir leis an Eoraip teacht chun cinn ar bhealach níos daonlathaí, níos fearr ó thaobh an chomhshaoil de agus teacht aniar níos fearr ó ghéarchéim COVID‑19 freisin, trí choimhdeacht ghníomhach a aithint go foirmiúil agus a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go nglacfar gníomhaíochtaí ar an leibhéal a mbeidh a ngníomhaíocht ina breisluach uasta don phobal, agus go bhfuil próisis chinnteoireachta chomhordaithe agus éifeachtacha i bhfeidhm’.
In 2021, d’eisigh Coiste na Réigiún 59 dtuairim agus 9 rún. Orthu sin, in 10 dtuairim reachtacha, 17 dtuairim neamhreachtacha agus 5 rún áiríodh tagairtí sonracha do chomhlíonadh phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta nó do mholtaí nithiúla chun an comhlíonadh sin a fheabhsú. Bhí go leor acu sin bunaithe ar na 30 rannchuidiú maidir leis an gcoimhdeacht agus maidir leis gcomhréireacht a cuireadh isteach in 2021 trí Mhalartán Parlaiminteach Réigiúnach REGPEX, folíonra an Líonra um Fhaireachán ar an gCoimhdeacht, atá oscailte do Pharlaimintí réigiúnacha agus do rialtais ag a bhfuil cumhachtaí reachtacha chun tacú lena rannpháirtíocht go luath sa phróiseas reachtach (seiceáil maidir leis an gcoimhdeacht).
D’aithin an Grúpa Stiúrtha um Choimhdeacht, arna mholadh ag Grúpa Saineolaithe um Choimhdeacht Choiste na Réigiún, cúig thionscnamh tosaíochta i gclár oibre 2021 maidir le coimhdeacht.
In 2021, ghlac Coiste na Réigiún tuairimí lena gcumhdaítear an méid a fheictear dó a bheith ar dhá cheann de na tograí reachtacha is íogaire maidir le coimhdeacht: an Comhshocrú nua maidir le hImirce agus Tearmann agus an togra le haghaidh Treorach maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach. Tar éis dó dul i gcomhairle lena Líonra um Fhaireachán ar an gCoimhdeacht, chinn Coiste na Réigiún gur chomhlíon na tograí sin prionsabal na coimhdeachta.
Mar chuid de Sheachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha i mí Dheireadh Fómhair 2021, chomheagraigh Coiste na Réigiún – in éineacht le Comhdháil na dTionól Reachtach Réigiúnach san Eoraip (CALRE) – ceardlann ar ‘Rialachas il‑leibhéil agus an choimhdeacht ghníomhach le haghaidh téarnaimh agus athléimneachta inbhuanaithe’. D’athdhearbhaigh conclúidí na ceardlainne, a bhain macalla as rún ó Choiste na Réigiún maidir le Baraiméadar Réigiúnach agus Áitiúil an Aontais 2021, gur gá údaráis áitiúla agus réigiúnacha a bheith rannpháirteach i measúnú agus i gcur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus, go sonrach, na bpleananna náisiúnta um théarnamh agus athléimneacht, agus gur oth leo go raibh an rannpháirtíocht sin teoranta go dtí seo.
Ag a sheisiún iomlánach i mí na Nollag 2021, d'athdhearbhaigh an Coiste an glao uaidh go ndéanfaí an Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún maidir le Reachtóireacht Níos Fearr a athbhreithniú chun gné il‑leibhéil an phróisis rialála Eorpaigh a ionchorprú, mar a mhol an Tascfhórsa um Choimhdeacht, Comhréireacht agus ‘Níos lú a dhéanamh ar Bhealach níos éifeachtúla’.
Gheall Coiste na Réigiún freisin go gcruthófaí bosca uirlisí um rialáil níos fearr ó Choiste na Réigiún chun na huirlisí um rialáil níos fearr atá aige cheana féin (an Líonra um Fhaireachán ar an gCoimhdeacht, RegHub agus measúnuithe tionchair chríochaigh) a chomhtháthú in aon chreat rialachais amháin, chun feabhas a chur ar an gcomhar, ar na naisc agus ar na sineirgí idir na huirlisí agus na gníomhaithe aonair agus chun naisc níos láidre a chruthú le bosca uirlisí um rialáil níos fearr an Choimisiúin (lena n‑áirítear uirlis maidir le tionchair chríochacha) agus leis na huirlisí arna bhforbairt ag Seirbhís Taighde Pharlaiminteach na hEorpa.
Maidir le clár oibre na coimhdeachta is leithne fós, ghlac Coiste na Réigiún seasamh faoi chuimsiú na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa. Thug sé rannchuidiú maidir le conas ‘an choimhdeacht ghníomhach' a úsáid chun go mbeadh parlaimintí, réigiúin agus cathracha rannpháirteach i múnlú bheartais na hEorpa’ ar bhealach níos fearr.
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
In 2021, níor thug an Chúirt Bhreithiúnais aon bhreithiúnas suntasach maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta.
3.cur i bhfeidhm an nós imeachta chun faireachán a dhéanamh ar phrionsabal na coimhdeachta ag na parlaimintí náisiúnta
Fuair an Coimisiún 16 thuairim réasúnaithe ó na Parlaimintí náisiúnta in 2021. Is mó an méid seo ná mar a bhí le 2 bhliain anuas (9 gcinn in 2020 agus gan aon tuairimí réasúnaithe in 2019), ach is lú é ná mar a bhí sna blianta roimhe seo (2016‑2018), i ndearbhuimhreacha agus i gcomhréir le líon foriomlán na dtuairimí a sheol na Parlaimintí náisiúnta (féach freisin an chairt ‘Cineálacha tuairimí' i Roinn 4).
As na 16 thuairim réasúnaithe a fuarthas in 2021, bhain 9 gcinn leis an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’, bhain 3 cinn le Pacáiste Aontas Sláinte na hEorpa, 2 cheann leis an gComhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann, 1 amháin a bhain leis an togra le haghaidh Treorach maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach agus 1 cheann amháin a bhain leis an togra lena leasaítear an Treoir maidir le CBL maidir le cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun brí na dtéarmaí a úsáidtear i bhforálacha áirithe den Treoir sin a chinneadh.
Tháinig na 9 dtuairim réasúnaithe a bhaineann le tograí ón bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’, a ghlac an Coimisiún an 14 Iúil 2021, ó 4 Pharlaimint náisiúnta agus chlúdaigh siad 13 thogra éagsúla. Bhain an chuid is mó díobh sin leis an gcuid den phacáiste a bhaineann leis an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit, agus chuir na Ballstáit in iúl go minic go raibh imní orthu nach raibh measúnú leordhóthanach déanta ar thionchair agus go raibh easpa fianaise ann maidir le leis an mbreisluach a bhainfeadh le gníomhaíocht ón Aontas. Ní dhearna aon togra ar leith níos mó ná trí thuairim réasúnaithe a spreagadh, áfach, agus dá bhrí sin níor shroich aon cheann acu an tairseach le haghaidh freagra comhiomlánaithe ón gCoimisiún, gan trácht ar ‘chárta buí’ a ghníomhachtú, lena gceanglófaí ar an gCoimisiún cúiseanna a thabhairt lena thogra a choimeád ar bun, a athrú nó a tharraingt siar.
Sheol Tithe an Oireachtais in Éirinn dhá thuairim réasúnaithe ar an bpacáiste seo, agus bhain gach ceann acu le sé thogra. Sa chéad cheann, d'áitigh siad nach gcomhlíonann na tograí prionsabail na coimhdeachta toisc nár chomhlíon an Coimisiún na ceanglais nós imeachta go leordhóthanach chun ráiteas mionsonraithe a sholáthar le táscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla leordhóthanacha, chun ligean do na Parlaimintí náisiúnta measúnú iomlán a dhéanamh ar na himpleachtaí uile a bhaineann le tograí den chineál sin ar fud an Aontais. Sa dara ceann, maidir le míreanna eile sa phacáiste, ba é an chúis imní ba mhó a bhí ar Thithe an Oireachtais nár bunaíodh go leordhóthanach ‘riachtanas’ agus ‘tairbhí is mó’ na dtograí i gcodarsnacht le bearta a rinneadh ar leibhéal na mBallstát agus dá bhrí sin nach raibh na tograí comhréireach ná comhlíontach de réir phrionsabal na coimhdeachta. Chuir siad ábhar imní sonrach in iúl freisin maidir leis an togra le haghaidh córas trádála astaíochtaí nua ar leithligh d’earnáil an iompair de bhóthar agus d’earnáil na bhfoirgneamh agus maidir le hioncam a leithdháileadh tríd an gCiste Aeráide Sóisialta, a dtugtar aghaidh air tuilleadh sna míreanna comhfhreagracha thíos.
Ina chuid freagraí, shoiléirigh an Coimisiún an riachtanas agus na tairbhí is mó a bhaineann leis na tograí seo agus mhínigh sé go raibh siad go léir bunaithe ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an bplean um Sprioc Aeráide 2030, a raibh measúnú tionchair fairsing ag gabháil leis mar bhonn agus mar thaca le plean cuimsitheach chun sprioc cheangailteach an Aontais do 2030 a mhéadú go freagrach go dtí glanlaghdú astaíochtaí 55% ar a laghad. Thacaigh measúnú tionchair ar leith le gach ceann de na tograí a chumhdaítear ag an tuairim réasúnaithe. Luaigh an Coimisiún freisin go ndearna sé a dhícheall éifeachtaí na dtograí beartas éagsúla a chomhcheangal i measúnú ar chás Ballstáit a dhéanann iarracht a dtionchar comhcheangailte a ghabháil (cás an ‘mheascáin’). Tá an fhaisnéis seo go léir ar fáil go poiblí ar líne.
Maidir leis an gCiste Aeráide Sóisialta, cheistigh Riksdag na Sualainne tairbhe an bhirt don aeráid, toisc nach gá go dtiocfadh astaíochtaí laghdaithe as tacaíocht ioncaim dhíreach ná go rannchuideodh sé leis na spriocanna comhchoiteanna. Cháin sé freisin an nasc díreach idir tacaíocht ioncaim teaghlaigh ar leibhéal náisiúnta agus buiséad an Aontais. Ina fhreagra, mhínigh an Coimisiún gur moladh an Ciste Aeráide Sóisialta chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar míchothrom sóisialta a d'fhéadfadh a bheith ag córas trádála astaíochtaí nua laistigh de na Ballstáit agus eatarthu araon. Ba cheart cuspóirí an Chiste a bhaint amach trí thacaíocht infheistíochta agus tacaíocht ioncaim shealadach. Mar sin féin, ní bheadh aon íocaíocht ó bhuiséad an Aontais go díreach le saoránaigh. Gheobhadh na Ballstáit tacaíocht ó bhuiséad an Aontais agus d’íocfaidís ina dhiaidh sin tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach óna mbuiséid náisiúnta, agus dhéanfadh na húdaráis náisiúnta aon scéim den sórt sin a bhunú agus a bhainistiú i gcomhréir leis an reachtaíocht agus an rialachán náisiúnta.
Cheistigh Tithe an Oireachtais in Éirinn modheolaíocht an Choimisiúin chun leithdháiltí airgeadais do Bhallstáit ón gCiste Aeráide Sóisialta a ríomh, i bhfianaise easpa sonraí náisiúnta ábhartha. Ina fhreagra, mhínigh an Coimisiún gur cuireadh riachtanais shonracha na mBallstát éagsúil san áireamh sa mhodheolaíocht leithdháilte. Lena chois sin, d'áiritheofaí le hoibriú an chiste gur féidir leis na Ballstáit bearta a dhéanamh chun gníomhaíocht ar son na haeráide a chomhlánú ar leibhéal an Aontais. Is iad is fearr atá in ann na bearta agus na hinfheistíochtaí a cheapadh agus a roghnú a léiríonn sainiúlachtaí náisiúnta.
Mheas Senát na Seice gur chuir an togra le haghaidh athmhúnlú ar an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh isteach ar chumhachtaí cánach na mBallstát ar roinnt bealaí: i) gan cead a thabhairt do na Ballstáit rátaí cánach difriúla a shocrú do tháirgí fuinnimh sa chatagóir chéanna; ii) gur sháraigh an sásra um innéacsú uathoibríoch de leibhéil chánach ar chumhachtaí cánach na mBallstát trí chosc a chur ar bheartas cánach réasúnach, go háirithe i gcás ina bhfuil boilsciú ard ann; iii) gur gné bhunriachtanach iad na híosleibhéil chánach agus gur cheart iad a choigeartú dá bhrí sin trí ghníomh reachtach amháin, ní trí ghníomh tarmligthe ón gCoimisiún; agus iv) nach raibh an sainmhíniú ar theaghlaigh leochaileacha a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as laghduithe cánach solúbtha go leor agus go ndearna sé teorannú suntasach ar roghanna na mBallstát maidir le haghaidh a thabhairt ar thionchair shóisialta na Treorach.
D'fhreagair an Coimisiún gur coinníodh leis an togra an tsolúbthacht do Bhallstáit an reachtaíocht náisiúnta a oiriúnú chun freastal ar a gcomhthéacs agus a riachtanais shonracha féin. Dhéanfaí leis an struchtúr cánach atá beartaithe táirgí fuinnimh agus leictreachas a ghrúpáil ina gcatagóirí agus iad a rangú de réir a bhfeidhmíochta comhshaoil, agus bhainfeadh an chóireáil chánach chéanna le grúpaí táirgí a bhfuil saintréithe comhchosúla acu (amhail breoslaí iontaise). Mar sin féin, bheadh cead ag na Ballstáit a leibhéil chánachais a shocrú os cionn an íosráta cánachais de réir mar is cuí leo, fad is a urramaíonn siad an rangú sin. Choinneofaí leis an sásra innéacsaithe atá beartaithe, bunaithe ar innéacs comhchuibhithe ó Eurostat, ábharthacht na n‑íosrátaí cánach agus a bhfíorluach le himeacht ama. Ar deireadh, bheadh an díolúine ó cháin a d'fhéadfadh a bheith ann do theaghlaigh leochaileacha nasctha le critéar comhchuibhithe ach bheadh cur i bhfeidhm an chritéir sin ag brath ar chásanna náisiúnta.
Ina thuairim réasúnaithe maidir leis an athbhreithniú ar Threoir AE maidir le Trádáil Astaíochtaí, mheas Senát na Seice nach raibh anailísí tírshonracha ar thionchair san áireamh sa mheasúnú tionchair agus san anailís a bhí ag gabháil leis na tograí reachtacha ón gCoimisiún. Mhaígh sé nár chuir an Coimisiún san áireamh go leordhóthanach na héifeachtaí diúltacha sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann le trádáil astaíochtaí a thabhairt isteach in earnálacha an iompair de bhóthar agus na bhfoirgneamh sna Ballstáit a bhfuil cumhacht ceannaigh níos ísle acu, go háirithe de bharr nach bhfuil sásraí ann chun trádáil amhantrach a chosc.
Ina fhreagra, mhínigh an Coimisiún go bhfuil an cás beartais, a chomhcheanglaíonn na tograí beartais éagsúla, bunaithe ar shonraí tírshonracha atá ar fáil go poiblí. Mhol an Coimisiún praghas carbóin a thabhairt isteach sa bhreis ar bheartais ar an leibhéal náisiúnta toisc gur léir ó na blianta roimhe sin nár leor na beartais Eorpacha agus náisiúnta atá ann cheana chun astaíochtaí in earnálacha an iompair de bhóthar agus na bhfoirgneamh a laghdú chun an sprioc maidir le hastaíochtaí 55% a laghdú faoi 2030 a bhaint amach. Dá mbeadh tionchar míchothrom sóisialta ag cur i bhfeidhm praghsála carbóin i leith astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus iompar de bhóthar laistigh de na Ballstáit agus i measc na mBallstát, thabharfadh an Ciste Aeráide Sóisialta aghaidh ar na tionchair seo ar na daoine agus ar na teaghlaigh is leochailí.
D’áitigh Tithe an Oireachtais in Éirinn nach mbeadh an córas trádála astaíochtaí atá beartaithe ag soláthar leibhéal ioncaim inchomparáide leis an gcáin charbóin náisiúnta agus dá bhrí sin go mbeadh tionchar aige ar chumas na hÉireann bearta aeráide a chur chun feidhme chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus chun a sprioc náisiúnta maidir le haeráidneodracht a bhaint amach. Bheadh gníomhaíocht na mBallstát níos éifeachtaí ná gníomhaíocht an Aontais. D’fhreagair an Coimisiún nach gcuirfeadh an córas trádála astaíochtaí nua cosc ar na Ballstáit beartais phraghsála carbóin náisiúnta níos uaillmhianaí a chur chun feidhme trí bhíthin cánach dá mba mhian leo sin a dhéanamh.
Maidir leis an togra le haghaidh Rialacháin maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid, mheas Senát na Seice nár chruthaigh an Coimisiún go raibh na spriocanna ceangailteacha atá beartaithe le haghaidh bonneagar atá tiomnaithe d’fheithiclí tromshaothair inbhainte amach go réadúil le costas réasúnta do na Ballstáit, agus dá bhrí sin gur mhainnigh sé fíor‑bhreisluach an chur chuige a roghnaíodh a léiriú ar leibhéal an Aontais. Ina fhreagra, mhínigh an Coimisiún nach mbeadh feidhm ag na spriocanna ceangailteacha ach amháin maidir leis an gcroíghréasán Eorpach (an ‘gréasán tras‑Eorpach iompair’), agus dá dtabharfaí bonneagar iomchuí dó, go mbeadh gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais mar gheall ar a ghné thrasnáisiúnta agus a thábhacht ar fud na hEorpa. Cé gur fhág an Rialachán atá beartaithe go mbeadh sé de rogha ag na Ballstáit na hacmhainní a chinneadh chun na spriocanna a bhaint amach, d’fhéadfadh na Ballstáit a bhfuil sé beartaithe acu cómhaoiniú a dhéanamh úsáid a bhaint as cistí arna soláthar ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.
Maidir leis an gcuid fuinnimh den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ – is é sin, na tograí i ndáil leis an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite agus i ndáil leis an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh –, fuair an Coimisiún dhá thuairim réasúnaithe, ó Riksdag na Sualainne maidir leis an gcéad togra agus ó Senát na Seice maidir leis an dá thogra. Cháin siad leibhéal mionsonraithe an rialacháin (Riksdag), agus mheas siad nár cuireadh cásanna sonracha na mBallstát san áireamh (Senát). Leis na moltaí seo, ní chuirfí réitigh níos costéifeachtaí san áireamh (Riksdag, Senát). Ina theannta sin, ceistíodh na spriocanna maidir le substaint, go háirithe in earnáil an téimh, mar shampla maidir le téamh ceantair (Senát). Maidir le foinsí inathnuaite fuinnimh, leag Senát béim air, i bhfianaise staid gheografach na Seicia agus na hacmhainne teoranta atá ann d’fhuinneamh inathnuaite sa tír, gur cheart fuinneamh núicléach a aithint mar inbhuanaithe i dtacsanomaíocht an Aontais, chomh maith le gás ar feadh idirthréimhse.
D’áitigh an Coimisiún go bhfuil údar maith le gníomhaíocht an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 191 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, toisc go méadaíonn comhordú ar leibhéal an Aontais slándáil fuinnimh agus tairbhí comhshaoil agus aeráide. Bhí gá le creat reachtach éifeachtach agus le cur chuige comhordaithe agus comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais chun príomhsprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais a bhaint amach. Choinneodh na Ballstáit solúbthacht ó thaobh a meascán beartas, na hearnálacha agus na bearta aonair a roghnú chun an coigilteas fuinnimh is gá a bhaint amach, trína gcomhthéacs náisiúnta agus a sainiúlachtaí a chur san áireamh. Bhí gá le laghdú 9% ar sprioc cheangailteach an Aontais maidir le hídiú fuinnimh phríomhúil agus dheiridh mar chuid den phacáiste reachtach a mbeidh laghdú 55% ar astaíochtaí gás ceaptha teasa mar thoradh air.
I ndáil leis an togra lena leasaítear an Rialachán maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (LULUCF), chuir Sénat na Fraince ábhar imní in iúl, agus d’aithin sé ag an am céanna go raibh breisluach AE ag baint le sprioc i leith aeráidneodracht a leagan síos don Aontas faoi 2050. Mheas sé, maidir leis an tréimhse 2026‑2029, nár urramaíodh prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta an chumhacht a thabhairt don Choimisiún chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, a bhféadfadh raon feidhme neamhtheoranta a bheith acu, chun leibhéil cheangailteacha CO2 a fhorchur ar ghníomhaíochtaí talmhaíochta i ngach Ballstát. Ina theannta sin, sonraíodh nach ndearnadh na nósanna imeachta faireacháin do na Parlaimintí náisiúnta a leagan amach go leordhóthanach sna socruithe rialachais a bhaineann le spriocanna na mBallstát a leagan amach don tréimhse 2026‑2030.
Ina fhreagra, mhínigh an Coimisiún gur mhol sé sprioc do 2030 i gcomhréir le conair i dtreo earnála talún atá aeráidneodrach in 2035 agus go raibh an dáileadh atá beartaithe idir na Ballstáit bunaithe ar dhá ghné: i) go gcoinníonn gach Ballstát a leibhéal aistrithe agus astaíochtaí a tuairiscíodh le déanaí (i.e. an meán don tréimhse 2016 go 2018) – a léiríonn an leibhéal tosaigh céanna arna chur i bhfeidhm faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill; ii) déanfar an bhearna atá le líonadh chun sprioc an Aontais a bhaint amach in 2030 a dháileadh i gcomhréir le limistéar na talún bainistithe i ngach Ballstát. Shoiléirigh an Coimisiún nach ndeachaigh an togra thar a bhfuil riachtanach chun na spriocanna a bhaint amach. Maidir le rialachas, mhínigh an Coimisiún go dtabharfaí isteach prionsabail atá cosúil leis na prionsabail atá sa chreat comhlíonta faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill (AE) 2018/842 agus an trasdul chuig spriocanna náisiúnta bliantúla don earnáil úsáide talún, don athrú ar úsáid talún agus d’earnáil na foraoiseachta sa tréimhse 2026 go 2030. D'iarrfaí ar na Ballstáit pleananna náisiúnta a chur isteach ina sonraíonn siad a rannchuidiú chun sprioc 2035 a bhaint amach. Ar deireadh, i bhfeidhmiú a chumhachtaí cur chun feidhme, chuir an Coimisiún in iúl go raibh Coiste um Athrú Aeráide de chúnamh aige, ar a bhfuil ionadaíocht ag na Ballstáit go léir.
D’eisigh Sénat na Fraince tuairimí réasúnaithe maidir le gach ceann de na trí thogra i bPacáiste Aontas Sláinte na hEorpa. Cháin sé an méid a chonaic sé mar chúngú ar inniúlachtaí náisiúnta sa togra le haghaidh Rialacháin maidir le ról treisithe don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach. Mheas Sénat go raibh an ceart atá beartaithe ag an gCoimisiún na bearta uile is gá a ghlacadh chun maolú a dhéanamh ar éifeachtaí ganntanas drugaí nó feistí leighis iarbhír nó féideartha, a mheastar a bheith ríthábhachtach i gcomhthéacs éigeandála sláinte, contrártha le hinniúlacht na mBallstát seirbhísí sláinte agus cúraim leighis a sholáthar, i gcomhréir le hAirteagal 168(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Sa togra le haghaidh Rialacháin maidir leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a chosc agus a rialú, cháin Sénat comhchuibhiú líomhnaithe an Aontais ar dhlíthe nó ar rialacháin is gá chun go mbeadh idir‑inoibritheacht pleananna náisiúnta ullmhachta agus freagartha le haghaidh bagairt trasteorann thromchúiseach ar shláinte contrártha leis na Conarthaí agus, ag féachaint don mheasúnú tionchair, cheistigh sé cumas an lárionaid tabhairt faoi mheastóireachtaí agus iniúchtaí. Maidir leis an togra le haghaidh Rialacháin maidir le bagairt trasteorann thromchúiseach ar shláinte, cháin Sénat an úsáid a bhaintear as gníomhartha cur chun feidhme agus dhírigh sé ar choinbhleacht inniúlachtaí agus éiginnteachtaí i dtaca leis an gcomhordú le sásra comhtháite an Aontais maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna.
Ina fhreagra, d’áitigh an Coimisiún i gcoinne na tuairime gur sháraigh an Rialachán atá beartaithe maidir leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach freagrachtaí na mBallstát faoi Airteagal 168(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, toisc go bhfuil iarmhairtí ag éigeandálaí sláinte poiblí de mhéid na géarchéime COVID‑19 ar na Ballstáit go léir, ar éigeandálaí iad nach bhfuiltear in ann freagra leordhóthanach a thabhairt ina leith ina n‑aonar. D’fhéadfadh faireachán comhordaithe ar leibhéal an Aontais ar ghanntanais fhéideartha cabhrú leis na Ballstáit ullmhú níos fearr le haghaidh ardú tobann san éileamh, srianta onnmhairithe laistigh den mhargadh aonair a sheachaint, cosc a chur ar chúlchistí iomarcacha agus díréireacha a chruthú, agus acmhainní a leithdháileadh ar bhealach níos éifeachtúla ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach. Ní cheanglófaí le haon cheann dá thograí go ndéanfaí pleananna, dlíthe ná rialacháin náisiúnta ullmhachta a chomhchuibhiú. Níor bhain na bearta cur chun feidhme ach le nósanna imeachta agus ní thabharfaidís aon chumhacht bhreise don Choiste Slándála Sláinte ná ní dhéanfaidís aon cheangal ar Thuairimí an Choiste Slándála Sláinte.
Amhail in 2020, spreag an Comhshocrú nua maidir le himirce agus tearmann tuairimí réasúnaithe in 2021, ó Národná rada na Slóvaice ar an togra maidir le bainistiú tearmainn agus imirce agus ó Senato della Repubblica na hIodáile ar na cúig thogra reachtacha a chuimsítear sa phacáiste. Mheas Národná Rada gur sáraíodh prionsabal na coimhdeachta toisc nár aithníodh leis an togra an bunús dlí don eochair leithdháilte agus d’inniúlachtaí Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann ná d’inniúlachtaí an Gharda Teorann agus Cósta Eorpach. Cheistigh sé freisin úsáid gníomhartha tarmligthe agus d’áitigh sé go raibh gach Ballstát inniúil chun cinneadh a dhéanamh maidir le daoine a ligean isteach ina chríoch féin, bunaithe ar a dhlíthe náisiúnta tearmainn. Chonacthas do Senato della Repubblica gur sáraíodh an choimhdeacht a mhéid is gur léirigh na tograí neamhshiméadracht fhollasach idir na hoibleagáidí agus an dlúthpháirtíocht agus nár réitigh siad na fadhbanna atá ann faoi láthair agus, dá bhrí sin, nach raibh aon bhreisluach ag baint le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais. Maidir leis an gcomhréireacht, mhaígh Senato go raibh an baol ann go ndéanfadh an córas ‘réamhiontrála’ difear iomarcach don chóras dlí náisiúnta agus don chosaint dlí sa tír iontrála; gurbh é an toradh a bhí ar an tairseach, nach mór an nós imeachta teorann a chur i ngníomh faoina bun, go mbeadh beagnach gach imirceach muirí faoi réir an nós imeachta teorann seachas nósanna imeachta athlonnaithe; agus gur tháinig méadú ar chostais urraíochta agus rómhaorlathas don Bhallstát iontrála mar gheall ar an sásra sin a rialáil.
Ina chuid freagraí, mhínigh an Coimisiún nach gné nua a bhí san eochair leithdháilte agus nach n‑éascódh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) ach gnéithe oibríochtúla gnímh cur chun feidhme. Maidir leis na gníomhartha tarmligthe, chuir an Coimisiún i bhfios go láidir go raibh na forálacha sin bunaithe ar Rialachán Bhaile Átha Cliath III agus nár athraigh siad na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair. Thug sé dá aire freisin go gcuireann Airteagal 78(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh rogha shonrach ar fáil don Chomhairle gníomhú i gcás éigeandála arb é is príomhthréith di méadú tobann ar theacht isteach náisiúnach tríú tíortha. Mura n‑éireodh le filleadh ó chríoch na mBallstát is tairbhí, agus sa chás sin amháin, d’iarrfaí ar an mBallstát is urraitheoir an t‑imirceach neamhrialta a aistriú isteach ina chríoch chun leanúint d’iarrachtaí an t‑imirceach a thabhairt ar ais.
Mheas an Coimisiún go raibh an chothromaíocht cheart sa chomhshocrú idir freagracht agus dlúthpháirtíocht, toisc gur áirithigh roinnt eisceachtaí solúbthacht an nós imeachta teorann agus na cásanna nach mór é a chur i bhfeidhm. Ba cheart an critéar freagrachta a bhaineann leis an gcéad tír iontrála a mheas in éineacht leis na critéir freagrachta eile. Ba é cuspóir shásra dlúthpháirtíochta an Chomhshocraithe freisin líon na ndaoine a bhí i láthair i mBallstáit ag a raibh líon ard imirceach a laghdú agus tacaíocht a sholáthar maidir le fothú acmhainneachta, oibríochtaí agus bearta i réimse an chaidrimh sheachtraigh a fhorbairt i gcás ina bhféadfadh na nithe sin difear a dhéanamh do shreabha imirce isteach i mBallstáit áirithe. Ní mhéadódh urraíocht fillte na costais don Bhallstát is tairbhí.
Maidir leis an togra le haghaidh Treorach maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach, a glacadh an 28 Deireadh Fómhair 2020, fuair an Coimisiún an tríú tuairim réasúnaithe, ó Kamra tad‑Deputati Mhálta, i ndiaidh an dá thuairim réasúnaithe a fuarthas cheana in 2020.
Rinne Kamra tad‑Deputati agóid faoin rogha i dtaobh an bhunúis dlí. I dtéarmaí na coimhdeachta, mheas sé go bhféadfaí cuspóirí an togra a bhaint amach go héifeachtach trí ghníomhaíocht na mBallstát, i bhfianaise na ndifríochtaí i socrú pá. I gcodarsnacht leis sin, d’fhéadfadh éifeachtaí diúltacha a bheith ag an togra, amhail an próiseas cómhargála a dhéanamh níos dúshlánaí agus an baol coinbhleachta tionsclaíche a mhéadú i roinnt earnálacha.
Mhínigh an Coimisiún go raibh formhór na mBallstát ag tabhairt aghaidh ar an bhfadhb a bhaineann le leordhóthanacht neamhleor agus/nó cumhdach pá íosta, agus nach raibh gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb. Leag sé béim ar na difríochtaí móra i gcaighdeáin maidir le rochtain a fháil ar chosaint leordhóthanach pá íosta agus gurbh fhearr aghaidh a thabhairt ar neamhréireachtaí den sórt sin ar leibhéal an Aontais. Na Ballstáit sin a bhfuil cumhdach cómhargála acu atá faoi bhun 70 %, bheadh orthu creat a chur ar fáil maidir le coinníollacha a chumasú agus plean gníomhaíochta a tharraingt suas chun cómhargáil a chur chun cinn, ach seachas sin bheadh ceapadh an chreata agus an phlean gníomhaíochta go hiomlán i lámha na dtíortha aonair.
Maidir leis an togra lena leasaítear an Treoir maidir le CBL a mhéid a bhaineann le cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun brí na dtéarmaí a úsáidtear i bhforálacha áirithe den Treoir sin a chinneadh, d'athdhearbhaigh Riksdag na Sualainne i dtuairim réasúnaithe tábhacht an cheanglais aontoilíochta maidir le cánachas agus mheas sé go gciallódh an nós imeachta cinnteoireachta a mhol an Coimisiún aistriú cumhachta ón leibhéal náisiúnta go dtí leibhéal an Aontais i réimse atá lárnach do cheannasacht náisiúnta, de bhreis ar a raibh riachtanach chun cuspóirí an togra a bhaint amach.
D’fhreagair an Coimisiún gur chuir feidhmiú neamh‑chomhchuibhithe na mBallstát i ndáil le coincheapa atá sa Treoir maidir le CBL bac ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus gur dócha go mbeadh cánachas dúbailte nó neamhchánachas mar thoradh air, agus nárbh fhéidir leis na Ballstáit amháin aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin. Níor foráladh leis an togra go nglacfadh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ach amháin maidir le sraith theoranta rialacha lena gcuirtear forálacha na Treorach maidir le CBL chun feidhme, ar ghá na coincheapa i reachtaíocht CBL an Aontais a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach ina leith. Baineadh úsáid cheana féin as nósanna imeachta vótála trí thromlach cáilithe agus nósanna imeachta coiste i ndáil le cánachas indíreach, agus ba é an nós imeachta coiste an cur chuige caighdeánach a bhí in úsáid i ndlí an Aontais le go bhféadfaí dearcadh agus cleachtas comhchoiteann a thabhairt chun cinn.
4.idirphlé polaitiúil i scríbhinn leis na parlaimintí náisiúnta
I dteannta le sásra grinnscrúdaithe na coimhdeachta atá fréamhaithe i bPrótacal Uimh. 2 a ghabhann leis na Conarthaí, áirítear freisin i gcaidreamh an Choimisiúin leis na Parlaimintí náisiúnta raon gníomhaíochtaí breise, go háirithe an t‑idirphlé polaitiúil a cuireadh ar bun in 2006. Áirítear leis sin idirphlé i scríbhinn ar aon tionscnamh de chuid an Choimisiúin ar mian leis na Parlaimintí náisiúnta a n‑ionchur a thabhairt ina n‑idirphlé polaitiúil ó bhéal nó a dtuairimí a thabhairt ina leith, mar a thuairiscítear tuilleadh i Roinn 5 thíos.
Barúlacha ginearálta
In 2021, sheol na Parlaimintí náisiúnta 360 tuairim chuig an gCoimisiún. Ba mhéadú suntasach é sin i gcomparáid leis an 2 bhliain roimhe sin (255 in 2020 agus 159 in 2019) ach bhí sé fós níos lú ná mar a bhí sna blianta i lár shainordú an Choimisiúin roimhe seo (569 in 2018, 576 in 2017 agus 620 in 2016).
As na 360 tuairim sin, bhain 199 (55.3%), lena n‑áirítear na 16 thuairim réasúnaithe (4.4%), leis na tograí reachtacha sin ón gCoimisiún a bhí faoi réir an nós imeachta chun faireachán a dhéanamh ar phrionsabal na coimhdeachta. Is líon agus céatadán i bhfad níos airde é seo ná mar a bhí an dá bhliain roimhe sin, agus is dócha go bhfuil sé mar thoradh ar an méadú ar líon na dtograí reachtacha a thíolaic an Coimisiún.
Bhain na 161 tuairim (44.7%) eile go príomha le tionscnaimh neamhreachtacha, amhail teachtaireachtaí, nó ba thuairimí féintionscnaimh iad nach mbaineann go díreach le tionscnamh ón gCoimisiún, líon seasmhach (156 in 2020) a léirigh gur lean roinnt Parlaimintí náisiúnta le hionchur polaitiúil luachmhar réamhbhreathnaitheach a sholáthar don Choimisiún.
Tarraingíonn an Coimisiún aird na seirbhísí ábhartha de chuid an Choimisiúin agus na gCoimisinéirí ábhartha ar na pointí a tharraingíonn na Parlaimintí nó na seomraí tionóil náisiúnta anuas i gcónaí, agus, i gcás tograí reachtacha, tarraingíonn sé aird na n‑ionadaithe ón gCoimisiún a ghlacann páirt i gcaibidlíocht na gcomhreachtóirí.
Rannpháirtíocht agus raon feidhme
Mar a tharla sna blianta roimhe seo, d'athraigh líon na dtuairimí a seoladh chuig an gCoimisiún go mór ó Pharlaimint náisiúnta amháin go Parlaimint náisiúnta eile. D’eisigh na 10 seomra tionóil is gníomhaí 285 thuairim. Is é seo 79% den iomlán, ar aon dul leis an meán le blianta beaga anuas. Laghdaigh líon na bParlaimintí nó na seomraí tionóil náisiúnta nár eisigh aon tuairim go 8 seomra tionóil (as 39 san iomlán), rud a chiallaíonn nach raibh 5 Bhallstát – arb ionann sin agus níos lú ná an cúigiú cuid den iomlán – páirteach san idirphlé polaitiúil i scríbhinn in 2021. Léiríonn sé sin spéis mhéadaitheach ó na Parlaimintí náisiúnta maidir le páirt a ghlacadh i ngrinnscrúdú coimhdeachta agus san idirphlé polaitiúil.
Seo a leanas na 12 Pharlaimint nó seomra tionóil náisiúnta a sheol an líon is mó tuairimí in 2021: Cortes Generales na Spáinne (57 dtuairim), Assembleia da República na Portaingéile (54 thuairim), Senát na Seice (47 dtuairim), Camera Deputaților na Rómáine (27 dtuairim), Bundesrat na Gearmáine (24 thuairim), Senat na Rómáine (18 dtuairim), Sénat na Fraince (17 dtuairim), Eerste Kamer na hÍsiltíre (17 dtuairim), Poslanecká sněmovna na Seice (12 thuairim), Camera dei Deputati na hIodáile (12 thuairim) agus Riksdag na Sualainne (12 thuairim). Bhí siad sin i measc na seomraí tionóil ba ghníomhaí sna blianta roimhe seo freisin. Sonraítear in Iarscríbhinn 2 líon na dtuairimí a sheol gach seomra tionóil.
Níorbh ionann an cineál tuairimí a bhí ag Parlaimint nó seomra tionóil náisiúnta amháin agus a bhí ag Parlaimint nó seomra tionóil náisiúnta eile. Bhí cuid acu dírithe den chuid is mó ar fhíorú ar chomhlíon togra ón gCoimisiún prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, agus rinne cuid eile acu trácht níos mine ar ábhar na dtograí nó sheol siad tuairimí féintionscnaimh. I measc an ghrúpa sin, bhí Senát na Seice, Camera Deputaților agus Senat na Rómáine, Bundesrat na Gearmáine, agus Sénat na Fraince an‑ghníomhach.
Príomhábhair na dtuairimí san idirphlé polaitiúil
Ba iad na pacáistí a leanas is mó a tharraing aird in 2021 ‘Oiriúnach do 55’ (49 dtuairim), an Comhshocrú nua maidir le himirce agus tearmann (17 dtuairim), seirbhísí digiteacha (17 dtuairim) agus Aontas Sláinte na hEorpa (11 tuairim). Maidir le tionscnaimh aonair, sheol na Parlaimintí náisiúnta formhór na dtuairimí faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (10 dtuairim), an togra maidir le pá íosta leordhóthanach (9 dtuairim), an dá thogra maidir le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais (8 dtuairim an ceann), an togra maidir le Ciste Tearmainn agus Imirce (7 tuairim), an Ionstraim um Margaí Digiteacha (7 dtuairim), an togra maidir le Ciste Aeráide Sóisialta (6 thuairim), an togra leasaithe lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann maidir le cosaint idirnáisiúnta san Aontas (6 thuairim) agus an togra maidir le pá comhionann as obair ar comhionann a luach (6 thuairim). In 6 thuairim maidir le clár oibre 2021 an Choimisiúin, chuir na Parlaimintí náisiúnta in iúl don Choimisiún freisin a dtosaíochtaí bliantúla féin do 2021.
As na 49 dtuairim ar an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’, ba thuairimí réasúnaithe iad 9 gcinn díobh (a sonraíodh cheana féin sa roinn roimhe seo), agus dhearbhaigh 14 cinn díobh go simplí go raibh prionsabail na coimhdeachta á gcomhlíonadh ag na tograí. I measc na dtionscnamh a bhí sa phacáiste, ba iad a leanas na cinn ba mhó a raibh trácht orthu, an togra lena leasaítear an Rialachán maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (LULUCF), an togra chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, an togra le haghaidh Treorach maidir le Fuinneamh Inathnuaite, an togra chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh, an togra le haghaidh Rialacháin lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, an togra le haghaidh Rialacháin lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus an Teachtaireacht maidir le straitéis foraoise nua an Aontais Eorpaigh.
Ar an togra lena leasaítear an Rialachán maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (LULUCF), fuair an Coimisiún trí thuairim faoi chuimsiú an idirphlé pholaitiúil. I gceann amháin díobh sin, léiríodh ábhar imní faoin gcumas chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2035, tugadh ar aird easpa dreasachtaí chun aistrithe a mhéadú (atá riachtanach chun aeráidneodracht a bhaint amach), measadh gur gnéithe tábhachtacha iad tuairisciú cruinn agus comhchuibhithe agus córas pionóis chun cuspóirí an rialacháin atá beartaithe a bhaint amach, agus measadh gur cheart bearta chun aeráidneodracht a bhaint amach a áireamh cheana féin i bpleananna straitéiseacha an chomhbheartais talmhaíochta do 2023‑2027. Iarradh i dtuairim eile ar an gCoimisiún staidéar tionchair a ullmhú ina ndéanfaí cur síos ar indéantacht shonrach na mbeart atá beartaithe agus ina ndéanfaí éifeachtaí na n‑athruithe atá beartaithe a chainníochtú, go háirithe na costais agus na tairbhí don tSeicia.
Ina chuid freagraí, mhínigh an Coimisiún an chaoi a bhfuil sé beartaithe aige aeráidneodracht a bhaint amach agus na measúnuithe tionchair a bhí déanta aige sular thíolaic sé na tograí ‘Oiriúnach do 55’. Maidir le spriocanna 2030 agus 2035, leag sé béim ar an tábhacht a bhaineann le pleananna straitéiseacha uaillmhianacha a fháil ó na Ballstáit don chomhbheartas talmhaíochta do 2023‑2027 agus chuir sé fáilte roimh an tacaíocht d’fhaireachán agus do thuairisciú cruinn agus comhchuibhithe, chomh maith le córas pionóis, mar ghnéithe bunriachtanacha chun cuspóirí an rialacháin atá beartaithe a bhaint amach.
Fuair an Coimisiún sé thuairim ar an gcuid cánachais den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’, trí cinn ar an togra le haghaidh sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a bhunú agus trí cinn, lena n‑áirítear tuairim réasúnaithe, ar an togra le haghaidh athmhúnlú ar an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh. Maidir leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, d'fhiosraigh na Parlaimintí náisiúnta cibé an raibh sé i gcomhréir le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála, an tionchar a bhí ag an sásra ar iomaíochas an Aontais agus an fhéidearthacht go ndéanfaí liúntais saor in aisce a chothabháil go sealadach. D’fhreagair an Coimisiún gur ceapadh an togra i gcomhréir le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála, gur léirigh a mheasúnú tionchair go mbeadh an tionchar ar iomaíochas íseal, agus go mbeadh baol ann go ndéanfadh liúntais saor in aisce dochar don dreasacht chun infheistíocht a dhéanamh i dtáirgeadh níos glaise. Maidir leis an athmhúnlú ar an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh, cé gur léirigh an tuairim réasúnaithe go raibh ábhar imní ann faoi chur isteach ar chumhachtaí cánach na mBallstát, thacaigh an dá thuairim eile go láidir lena chéile, in ainneoin gur tugadh faoi deara go raibh baol ann go mbeadh cánachas dúbailte ann. Maidir leis an dara ceann, d’fhreagair an Coimisiún nach raibh an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh agus an Córas Trádála Astaíochtaí ag teacht salach ar a chéile, mar gur shocraigh an chéad cheann díobh dleachtanna maidir le hídiú fuinnimh agus chuaigh an dara ceann i ngleic le hastaíochtaí.
Maidir leis na tograí i ndáil leis an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite agus maidir leis an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, i dteannta na dtuairimí réasúnaithe a ndearnadh trácht orthu cheana sa roinn roimhe seo, fuair an Coimisiún tuairimí inar tugadh tacaíocht ghinearálta dó ó thrí sheomra tionóil. Cosúil leis na tuairimí réasúnaithe, léiríodh roinnt cáinte maidir leis na spriocanna, i bhfianaise na spriocdhátaí sna tograí, go háirithe maidir le hearnáil an téimh. Maidir le fuinneamh inathnuaite, chuir seomra tionóil amháin i dtreis gur cheart fuinneamh núicléach a aithint mar fhuinneamh inbhuanaithe i dtacsanomaíocht an Aontais, chomh maith le gás ar feadh idirthréimhse. Maidir le spriocanna agus a n‑impleachtaí, threisigh an Coimisiún gur cuireadh na túsphointí éagsúla de chuid na mBallstát san áireamh nuair a bhí an togra á ullmhú agus, go háirithe, nuair a bhí spriocanna agus tagarmharcanna á mbeartú le haghaidh foinsí inathnuaite fuinnimh san iomlán agus in earnálacha ar leith. Thug sé chun suntais go bhfuil costas na giniúna fuinnimh inathnuaite laghdaithe go mór le deich mbliana anuas, a bhuíochas don dul chun cinn teicneolaíoch, agus dá bhrí sin go raibh an sprioc 40% atá beartaithe do sciar na bhfoinsí inathnuaite san Aontas inbhainte amach go heacnamaíoch faoi 2030. Maidir le ról an fhuinnimh núicléach agus an gháis nádúrtha, thug an Coimisiún dá aire go n‑áirítear le Gníomh Tarmligthe Comhlántach Tacsanomaíochta an Aontais gníomhaíochtaí áirithe núicléacha agus gáis sa chatagóir gníomhaíochtaí idirthréimhseacha a chumhdaítear le hAirteagal 10(2) den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, faoi réir dianchritéar.
Thacaigh na Parlaimintí Náisiúnta le cruthú an Chiste Aeráide Sóisialta, agus chuir siad fáilte roimh 25% den ioncam ón gCóras Trádála Astaíochtaí le haghaidh iompar de bhóthar agus foirgneamh a chur in áirithe chun tacú le haistriú fuinnimh do dhaoine atá thíos le bochtaineacht fuinnimh. Mar sin féin, léirigh seomra tionóil amháin ábhar imní faoin sainmhíniú ar fud an Aontais ar ‘bhochtaineacht fuinnimh’ chun críocha daoine agus eintitis a shainaithint a dteastaíonn tacaíocht uathu ón gciste agus mheas sé gur cheart aird níos fearr a thabhairt ar shainiúlachtaí na mBallstát aonair leis an sainmhíniú sin. Seomra tionóil eile a léirigh ábhar imní maidir le hionstraimí atá ann cheana i mbuiséad an Aontais a ceapadh chun na cuspóirí céanna a bhaint amach.
Maidir leis an sainmhíniú ar ‘bhochtaineacht fuinnimh’ ar fud an Aontais, leag an Coimisiún béim ar an tsolúbthacht a thug sé do na Ballstáit maidir le teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair agus úsáideoirí iompair a shainaithint de réir a gcúinsí náisiúnta sonracha. Ar an gcaoi chéanna, leagtar béim sa Rialachán maidir leis an gCiste Aeráide Sóisialta gurb iad na Ballstáit, i gcomhairle le húdaráis ar leibhéal réigiúnach, is fearr atá in ann pleananna aeráide sóisialta a cheapadh agus a chur chun feidhme a oiriúnaítear dá gcúinsí áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta agus atá dírithe orthu. Maidir leis na hábhair imní a bhaineann le hionstraimí atá ann cheana, shoiléirigh an Coimisiún go raibh cuspóirí difriúla ag baint leis an gCiste Aeráide Sóisialta i ndáil le cistí eile de chuid an Aontais a thacaíonn le hobair na mBallstát i dtreo aistriú aeráide cothrom. Níl an creat ama céanna acu agus níl an bhéim chéanna acu ar spriocghrúpaí ar leith atá ag an gCiste Aeráide Sóisialta. Difríocht mhór amháin a bhí ann i gcomparáid le go leor cistí eile ná go raibh fócas láidir ag an gCiste Aeráide Sóisialta atá beartaithe ar an ngá go dtabharfadh na Ballstáit faoi athchóirithe chun údar a thabhairt lena n‑úsáid as an gciste.
Spreag an togra le haghaidh straitéis nua foraoise an Aontais do 2030, cuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ ina theannta sin, trí thuairim. D’aithin na Parlaimintí Náisiúnta a thábhachtaí atá foraoisí sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, ach léirigh siad ábhar imní faoi lárú méadaithe agus faoi ghnéithe níos fornáisiúnta sa straitéis, agus níor shocraigh an Conradh comhbheartas foraoise. Ina theannta sin, rinneadh an measúnú ar thionchair na mbeart atá beartaithe do na Ballstáit a cháineadh mar easnamhach agus ardaíodh ceisteanna faoin gcaoi ar bhain an straitéis leis an gcomhbheartas talmhaíochta agus an raibh na bearta atá beartaithe, go háirithe an raon feidhme táirgí atá beartaithe, leordhóthanach chun dífhoraoisiú domhanda agus lománaíocht neamhdhleathach a chomhrac.
D’fhreagair an Coimisiún gur tháinig foraoisí agus foraoiseacht faoi inniúlachtaí comhroinnte an Aontais agus gur fheidhmigh an tAontas na hinniúlachtaí sin i roinnt cásanna, mar shampla an Treoir maidir le Gnáthóga nó an Rialachán lena leagtar síos oibleagáidí na n‑oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh á urramú aige i gcónaí. Tharraing sé aird ar an measúnú tionchair ginearálta chun sprioc laghdaithe glanastaíochtaí 2030 an Aontais a neartú, agus ar na tograí reachtacha sonracha faoin bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’, ar gabhadh tionchair tírhsonracha ina leith, bunaithe ar chás tagartha an Aontais a ndeachthas i gcomhairle leis na Ballstáit ina leith. Dúirt sé freisin go raibh an inbhuanaitheacht ag dul i méid agus coinníollacha agus riachtanais áitiúla á gcur san áireamh ag an straitéis nua foraoise agus ag an gcomhbheartas talmhaíochta nua araon. Maidir leis an inniúlacht atá ag na Ballstáit bearta rialaithe i gcoinne lománaíocht neamhdhleathach a fhorfheidhmiú, thacódh an Coimisiún le húdaráis náisiúnta agus chuirfeadh sé chun cinn úsáid fhorleathan na faisnéise geospásúla. Ar deireadh, bheadh raon feidhme forásach táirgí ag reachtaíocht amach anseo, rud a d'fhágfadh go mbeifí ag díriú ar na táirgí agus na tráchtearraí sin ina raibh an dífhoraoisiú agus an tionchar ar dhíghrádú foraoise ar an leibhéal is airde.
In 2021, lean an Coimisiún de thuairimí a fháil faoin gcomhshocrú nua maidir le himirce agus tearmann, a glacadh an 23 Meán Fómhair 2020. Léirigh na tuairimí sin seasaimh éagsúla, go príomha maidir leis an sásra dlúthpháirtíochta. D’eisigh roinnt seomraí tionóil tuairimí fabhracha, agus d’iarr ceann acu roinnt faisnéis bhreise maidir le cosaint dlí dídeanaithe agus na hamlínte a leagtar amach sa togra. Chuir tuairim eile amhras in iúl maidir le héifeachtacht an tsásra agus iarradh inti go ndéanfaí athlonnú éigeantach in ionad ligean d’urraíochtaí le haghaidh filleadh. Bhí imní ar sheomraí tionóil eile go bhféadfadh míchothromaíochtaí náisiúnta a bheith mar thoradh ar aon athshocrú éigeantach atá bunaithe ar chuótaí, mura gcuirfí an staid oibiachtúil sna Ballstáit faoi seach san áireamh. Bhí eagla ar chuid acu go gcuirfeadh an nós imeachta teorann ualach breise ar na Ballstáit, agus thug cuid acu foláireamh go mbeadh infheistíocht bhreise i mbonneagair agus i bhfoireann de dhíth chun an togra a chur i bhfeidhm. I dtéarmaí níos ginearálta, d’iarr na seomraí tionóil cur chuige ina gcuirfí cearta na ndídeanaithe san áireamh ag gach céim den nós imeachta, lena n‑áirítear cosaint sonraí agus roghanna achomhairc.
Ina chuid freagraí, leag an Coimisiún béim ar a thábhachtaí atá sé urraíocht le haghaidh filleadh a eagrú go héifeachtach. Ba é ba chuspóir leis sin a áirithiú trí chomhiarrachtaí dea‑chomhordaithe ó na gníomhaithe ábhartha uile – lena n‑áirítear Frontex mar shampla – go dtabharfaí faoi fhilleadh chomh tapa agus is féidir, agus fíorthacaíocht a thairiscint don Bhallstát is tairbhí. Bheadh rogha i gcónaí ag na Ballstáit idir dhá chineál beart dlúthpháirtíochta ar a laghad, ionas nach mbeadh an t‑athshocrú uathoibríoch ná éigeantach. Bheadh na Ballstáit in ann úsáid a bhaint as na cistí a leithdháileadh faoi chláir náisiúnta faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht atá ann cheana agus faoin gCiste Tearmainn agus Imirce chun tacú le haon infheistíocht is gá chun tacú leis an nós imeachta teorann. Maidir le cosaint dlí agus cearta bunúsacha, leag an Coimisiún béim air go ndéanfaí na coimircí uile a ráthú i gcónaí le linn an scagtha, arna ráthú ag an oibleagáid atá ar na Ballstáit sásra faireacháin neamhspleách a chur ar bun.
Fuair an Coimisiún 17 dtuairim ó 10 seomra tionóil maidir leis an bPacáiste um Sheirbhísí Digiteacha (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus an Ionstraim um Margaí Digiteacha). Is ar chosaint tomhaltóirí agus ainmniú geatóirí ar ardáin mhóra is mó atá tuairimí na bParlaimintí Náisiúnta dírithe. I seomraí tionóil éagsúla iarradh soiléiriú ar an gcomhordú idir na gníomhartha beartaithe agus na rialacha earnála agus reachtaíocht eile atá ann cheana. Leag seomra tionóil amháin béim ar an ngá atá le cearta na mBallstát a choimirciú chun iolrachas sna meáin a chaomhnú. Léirigh roinnt seomraí tionóil ábhar imní maidir leis an sainmhíniú ar ábhar neamhdhleathach agus á scrios, agus d'iarr siad tograí reachtacha breise maidir le hábhar dleathach ach díobhálach nó na cinntí ábhartha a fhágáil faoi chúirteanna neamhspleácha. Bhí roinnt seomraí tionóil ag iarraidh go dtabharfaí aghaidh leis an bpacáiste atá beartaithe ar scaipeadh na bréagaisnéise.
Ina chuid freagraí, mhínigh an Coimisiún gur dréachtaíodh an pacáiste nua go cúramach le go mbeadh sé oiriúnach laistigh den chreat dlíthiúil atá ann cheana agus chuir sé i bhfios go láidir go mbeadh baint ag údaráis na mBallstát lena fhorfheidhmiú agus go mbeadh siad in ann a iarraidh ar an gCoimisiún tús a chur le himscrúduithe maidir le geatóirí a ainmniú. Chuige sin, bhí an nós imeachta ainmniúcháin bunaithe ar chritéir chainníochtúla agus cháilíochtúla agus bhí an deis ann freagairt d’athruithe tapa san earnáil dhigiteach trí na tairseacha a choigeartú. Maidir le saoirse na meán, thug an Coimisiún chun suntais nár chuir na tograí isteach ar iolrachas na meán ar bhealach ar bith ach a mhalairt ar fad, go neartóidís ról na meán i sochaithe na hEorpa. Tairgeadh leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha creat rialála chun aghaidh a thabhairt ar ábhar neamhdhleathach, a bhain an chothromaíocht cheart amach idir oibleagáidí soiléire a fhorchur ar sheirbhísí idirghabhála digiteacha agus saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a chosaint. Ba cheart do na cúirteanna, ar deireadh thiar, cinneadh a dhéanamh maidir le neamhdhleathacht an ábhair chun cearta agus leasanna dlisteanacha na bpáirtithe go léir dá ndéantar difear a chaomhnú. Maidir le hábhar díobhálach, lena n‑áirítear bréagaisnéis, bheadh sé d’oibleagáid ar ardáin mhóra ar líne na rioscaí sistéamacha a d'fhéadfadh a gcórais a chruthú a mheas agus a mhaolú dá bharr.
Spreag na tograí maidir le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais tuairimí ó sheacht seomra tionóil, gach aon cheann acu fabhrach. Chuir tuairim amháin ábhar imní in iúl freisin, áfach, maidir leis an gcaoi a gcaitear le sonraí pearsanta agus maidir le fad bhailíocht an deimhnithe COVID. Chuir Senato na hIodáile i dtreis go raibh sé de cheart ag Ballstáit an Aontais rochtain ar a gcríoch féin a cheadú de réir a reachtaíochta, lena n‑áirítear do dhaoine nach bhféadfadh Deimhniú Digiteach COVID an Aontais a thaispeáint. Ina chuid freagraí, thug an Coimisiún chun suntais go gcomhlíonann an Rialachán an prionsabal maidir le sonraí a íoslaghdú a chumhdaítear sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Ní chruthófaí aon bhunachar sonraí Eorpach maidir le vacsaíniú, tástáil nó téarnamh ó COVID‑19 ach d'fhéadfaí deimhnithe idir‑inoibritheacha atá sínithe go digiteach a fhíorú go díláraithe. Ina theannta sin, bhí an príomh‑Rialachán solúbtha go leor chun freagairt d'fhianaise eolaíoch nua agus do threoraíocht eolaíoch nua. Ní dhéanfaidh sé difear d’inniúlacht na mBallstát cinneadh a dhéanamh maidir leis na bearta is iomchuí chun an tsláinte phoiblí a chosaint. Mar sin féin, níor cheart d’aon srian ar shaorghluaiseacht dul thar a bhfuil fíor‑riachtanach agus níor cheart aon idirdhealú a dhéanamh idir taistealaithe bunaithe ar a náisiúntacht.
I dteannta na dtuairimí réasúnaithe a shonraítear thuas, spreag an togra le haghaidh Treorach maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach seacht dtuairim eile. Tá cáineadh i láthair i gcuid acu, tá daoine eile go ginearálta tacúil le cuspóir an togra chun feabhas a chur ar leordhóthanacht pá íosta agus rochtain na n‑oibrithe ar chosaint pá íosta a leathnú chomh maith le moltaí breise a chur i láthair. Mheas Parlaimint amháin gur dhílsigh an bunús dlí a roghnaíodh inniúlacht chomhlántach agus thacúil don Aontas nach bhféadfaí a chur i bhfeidhm maidir le pá. Measadh sa tuairim go mbeadh moladh ón gComhairle ina ionstraim dlí níos iomchuí ná treoir. Chuir dhá Pharlaimint i gcoinne coinníollacha éagsúla a mholadh do Bhallstáit a bhfuil pá íosta reachtúil acu agus do Bhallstáit a úsáideann córais chómhargála, ag glacadh leis sin mar shárú ar phrionsabal na comhréireachta. Leag roinnt seomraí tionóil béim ar an ngá atá le bearta sonracha, a bheadh curtha in oiriúint do gach Ballstát, chun aghaidh a thabhairt ar phá agus ar dhumpáil shóisialta. D’iarr seomra tionóil amháin go ndéanfaí pá íosta reachtúil a fhorfheidhmiú go héifeachtach trí mhaoirseacht, rialuithe agus cigireachtaí allamuigh a neartú. Mhol Parlaimint eile go gcaithfí breathnú níos géire ar an gcosaint a thugtar do mharaithe atá ag obair ar longa atá cláraithe faoi bhratach Ballstáit den Aontas Eorpach ach a bhfuil cónaí orthu go buan i dtríú tíortha.
Ina chuid freagraí, chuir an Coimisiún in iúl do na Parlaimintí nár ceistíodh leis an treoir atá beartaithe sainiúlachtaí na gcóras agus na dtraidisiún náisiúnta, agus lánurraim a thabhairt d’inniúlachtaí náisiúnta agus do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta, i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, agus laistigh de theorainneacha inniúlacht an Aontais i réimse an phá. Leag an Coimisiún béim air go mbeadh ar na Ballstáit uile, iad siúd a bhfuil pá íosta reachtúil acu agus iad siúd a bhfuil cómhargáil acu, fíorú a dhéanamh ar an ngá atá le hathruithe beartais agus reachtaíochta. Mar sin féin, bhí cead acu cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcaoi leis na híoscheanglais a leagtar amach sa togra a chomhlíonadh. Maidir le rialuithe níos láidre, thug an Coimisiún dá aire freagracht na mBallstát maidir le pá íosta reachtúil. Is amhlaidh an cás maidir le bearta nithiúla a cheapadh a bhaineann le cómhargáil.
Liostaítear in Iarscríbhinn 3 na tionscnaimh aonair ón gCoimisiún a spreag cúig thuairim ar a laghad.
5.teagmhálacha, cuairteanna, cruinnithe, comhdhálacha agus gníomhaíochtaí eile
Cuairteanna an Choimisiúin ar na Parlaimintí náisiúnta agus cruinnithe leo
San idirphlé polaitiúil ó bhéal idir an Coimisiún agus na Parlaimintí náisiúnta áirítear cineálacha éagsúla idirghníomhaíochta: cuairteanna ó Fheisirí an Choimisiúin ar na Parlaimintí náisiúnta, cuairteanna toscaireachtaí na bParlaimintí náisiúnta ar an gCoimisiún, rannpháirtíocht an Choimisiúin i gcruinnithe agus i gcomhdhálacha idirpharlaiminteacha (lena n‑áirítear an Chomhdháil de na Coistí Parlaiminteacha um Ghnóthaí an Aontais de chuid Pharlaimintí an Aontais Eorpaigh (‘COSAC’), cur i láthair an Choimisiúin do bhuanionadaithe na bParlaimintí náisiúnta sa Bhruiséil, díospóireachtaí leanúnacha maidir le cláir oibre an Choimisiúin, agus Idirphlé an tSeimeastair Eorpaigh.
Líon na gcuairteanna ar na Parlaimintí náisiúnta agus líon na gcruinnithe leo
ó Chomhaltaí an Choimisiúin in 2021 (iomlán i gcás na mBallstát go léir: 130)
In 2021, thug Comhaltaí an Choimisiúin 130 cuairt ar Pharlaimintí náisiúnta nó cruinniú le toscaireachtaí na bParlaimintí náisiúnta, agus bhain siad beagnach gach Parlaimint náisiúnta agus gach seomra tionóil amach, méadú suntasach i gcomparáid leis an 2 bhliain roimhe sin (101 in 2020 agus 55 in 2019). Bhí formáid na n‑imeachtaí sin (72 cheann aghaidh ar aghaidh agus 58 gcianchruinniú trí fhíschomhdháil) mar léiriú ar fhorbairt na paindéime COVID‑19, agus bhí an chuid is mó de na cruinnithe fíorúla ar siúl le linn an chéad leath den bhliain agus an chuid is mó de na cruinnithe aghaidh ar aghaidh ar siúl le linn an dara leath den bhliain. Ba í an tuarascáil ar an ‘smacht reachta’ an t‑ábhar ba mhó a pléadh ag na himeachtaí seo, ach ba mhinic a tugadh aghaidh ar Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus ar chlár oibre an Choimisiúin do 2022.
In 2021, thug oifigigh an Choimisiúin 36 chur i láthair (iad go léir trí fhíschomhdháil) d’ionadaithe Pharlaimintí náisiúnta sa Bhruiséil maidir le hábhair éagsúla, amhail clár gníomhaíochta an Aontais i réimse na sláinte, straitéis an Aontais Eorpaigh um vacsaíní, an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, plean gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, an tÚdarás Eorpach um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil (HERA), an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’, an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, rialáil níos fearr, an tuarascáil bhliantúil maidir leis an bhfadbhreathnaitheacht straitéiseach nó an Teachtaireacht maidir leis an Artach. Leis na cuir i láthair trí fhíschomhdháil, ní hamháin gur féidir an lucht féachana a leathnú chun oifigigh ó na Parlaimintí náisiúnta a áireamh sna príomhchathracha, rud a mhéadaigh líon na rannpháirtithe agus a d’fheabhsaigh for‑rochtain an Choimisiúin ar na Parlaimintí náisiúnta, ach ceadaíodh mar thoradh orthu freisin i bhfad níos mó cuir i láthair a eagrú ná mar a rinneadh sna blianta roimhe sin (i gcomparáid le 23 in 2020 – nuair a bhí na cuir i láthair aghaidh ar aghaidh agus trí fhíschomhdháil araon – nó i gcomparáid le 13 in 2019 – nuair a bhí siad go léir aghaidh ar aghaidh).
Cruinnithe agus comhdhálacha idirpharlaiminteacha
Ag tógáil ar thaithí na bliana roimhe sin, lean comhar idirpharlaiminteach ar aghaidh i bhfoirm físchomhdhálacha, agus bhí Comhaltaí an Choimisiúin rannpháirteach ann go ginearálta, lena n‑áirítear:
-an Chomhdháil de na Coistí Parlaiminteacha um Ghnóthaí an Aontais de chuid Pharlaimintí an Aontais Eorpaigh (COSAC);
-Seachtain Pharlaiminteach na hEorpa;
-an Grúpa um Ghrinnscrúdú Parlaiminteach Comhpháirteach maidir le Europol;
-comhdhálacha idirpharlaiminteacha agus cruinnithe coiste idirpharlaiminteacha éagsúla.
Ag cruinniú iomlánach COSAC LXV, a tionóladh trí fhíschomhdháil ó Liospóin an 31 Bealtaine‑1 Meitheamh, rinne na Leas‑Uachtaráin Šuica agus Schinas agus na Coimisinéirí Schmit agus Gentiloni ionadaíocht láidir thar ceann an Choimisiúin. I measc na n‑ábhar a pléadh bhí an t‑athbhreithniú ar Uachtaránacht na Portaingéile, an múnla sóisialta san aistriú trípháirteach, aistriú eacnamaíoch, digiteach agus aeráide, ról na bParlaimintí náisiúnta i gcur chun feidhme na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, agus staid na himeartha maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. D'fhreastail an Leas‑Uachtarán Šuica ar chruinniú iomlánach COSAC LXVI freisin, a tionóladh trí fhíschomhdháil ó Liúibleána an 29‑30 Samhain, agus ghlac an Coimisinéir Várhelyi páirt i dteachtaireacht físe. I measc na n‑ábhar a pléadh bhí an t‑athbhreithniú ar Uachtaránacht na Slóivéine, an pheirspictíocht Eorpach do na Balcáin Thiar, ról na ndaoine óga amach anseo i bpróisis chinnteoireachta an Aontais agus níos faide i gcéin, agus an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa.
Tionóladh an dá chruinniú rialta de Chathaoirligh COSAC trí fhíschomhdháil, ó Liospóin agus Liúibleána, an 11 Eanáir agus an 19 Iúil faoi seach. Dhírigh cruinniú mhí Eanáir, ar ar fhreastail an Coimisinéir Ferreira, ar thosaíochtaí Uachtaránacht na Portaingéile agus ar théarnamh agus athléimneacht. Dhírigh cruinniú mhí Mheán Fómhair, ar ar fhreastail an Coimisinéir Breton, ar thosaíochtaí Uachtaránacht na Slóivéine agus ar an gcibearshlándáil.
Mar thoradh ar fhormáid na físchomhdhála, bhí ar chumas COSAC roinnt idirphlé téamach neamhfhoirmiúil a reáchtáil, i gcomhar leis an gCoimisiún, chomh maith leis na himeachtaí rialta, rud a d’éascaigh idirphlé polaitiúil níos dlúithe idir na Parlaimintí náisiúnta agus an Coimisiún.
Tar éis chruinniú Chathaoirligh COSAC an 11 Eanáir 2021, sheol 34 thoscaire ó na Parlaimintí náisiúnta litir chomhshínithe an 16 Feabhra, ag iarraidh ar Uachtaráin Pharlaimint na hEorpa, ar an gComhairle Eorpach, ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún ról gníomhach do na Parlaimintí náisiúnta a chumhdach sa Dearbhú Comhpháirteach maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, atá le glacadh ag na trí institiúid. Cinntíodh leis an Dearbhú Comhpháirteach seo, a síníodh an 10 Márta 2021, mar aon le rialacha nós imeachta na Comhdhála go raibh gné láidir pharlaiminteach ann. Bhí Parlaimintí Náisiúnta rannpháirteach agus 108 ionadaí ann – ar comhchéim le líon na n‑ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa agus ó shaoránaigh i seisiún iomlánach na comhdhála, agus bhí Troika Uachtaránacht COSAC ina bhreathnóir buan ar bhord feidhmiúcháin na Comhdhála. Ina theannta sin, bhí na Parlaimintí náisiúnta ina gcathaoirligh ar dhá cheann de mheithleacha na comhdhála, maidir leis an aistriú digiteach agus maidir leis an imirce.
I litir arna síniú an 1 Meitheamh 2021, chuir Troika COSAC (an Ghearmáin‑an Phortaingéil‑an tSlóivéin) fáilte roimh na socruithe sin do na Parlaimintí náisiúnta.
Maidir leis an gComhdháil, chuaigh an Coimisiún i dteagmháil leis na Parlaimintí náisiúnta trí bhíthin COSAC den chuid is mó (agus thug an Leas‑Uachtarán Šuica príomhóráidí ag roinnt imeachtaí idirpharlaiminteacha) agus tá sé tar éis tarraingt ar thuairimí agus ar mholtaí a cuireadh ar aghaidh in dhá thuairim agus i ráiteas comhpháirteach. San ionchur sin, bhí aiféala ar na Parlaimintí náisiúnta nár bronnadh ach stádas breathnóra ar a n‑ionadaithe gan cearta vótála ag an mbord feidhmiúcháin agus d'iarr siad go n‑áireofaí sa chomhdháil Parlaimintí náisiúnta ó thíortha na mBalcán Thiar atá ag súil le ballraíocht san Aontas. D'iarr siad freisin go dtabharfaí aghaidh ar shaincheisteanna institiúideacha ag an gcomhdháil, amhail síneadh a chur leis an tréimhse grinnscrúdaithe coimhdeachta ocht seachtaine agus ‘cárta glas’ a thabhairt isteach a chuirfeadh ar chumas na bParlaimintí tionscnaimh nua nó leasuithe ar na cinn atá ann cheana a mholadh.
Daingniú an Chinnidh maidir le hacmhainní dílse
Ghlac an Chomhairle an Cinneadh maidir le córas acmhainní dílse an Aontais an 14 Nollaig 2020 agus b'éigean do na Ballstáit uile é a fhormheas i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach sula bhféadfadh sé teacht i bhfeidhm. In 22 Bhallstát, bhí daingniú parlaiminteach i gceist leis sin. Ghlac an daingniú roimhe sin níos mó ná 2 bhliain chun é a thabhairt i gcrích. An uair seo, i bhfianaise na práinne atá ann Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh a sheoladh, laistigh de 6 mhí, faoin 31 Bealtaine 2021, bhí fógra éifeachtach tugtha ag na Ballstáit go léir don Chomhairle faoina ndaingniú. Ar an 1 Meitheamh 2021, tháinig an Cinneadh i bhfeidhm, agus d’fhéadfaí tús a chur le hiasachtú le haghaidh Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh ar na margaí.
I gcomhréir le comhthéacsanna bunreachtúla agus polaitiúla náisiúnta, bhí baint ag na Parlaimintí náisiúnta le linn an nós imeachta, ón gCinneadh maidir le hacmhainní dílse a dhaingniú go dtí tús an chistithe do thionscadail téarnaimh. I roinnt Ballstát, bhí díospóireacht ann i dtaobh an leagfadh an plean téarnaimh síos fasach maidir le hiasachtaí AE nó an mbeadh sé ina réiteach aonuaire. I gcás amháin, chuir an nós imeachta daingniúcháin tús le himeachtaí os comhair na Cúirte Bunreachtúla sa tír sin. Bhí ról suntasach ag na Parlaimintí náisiúnta freisin sa phróiseas formheasta do na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir le bunreacht gach Ballstáit, chun sainordú a thabhairt dá nAirí Airgeadais do chruinnithe na Comhairle lena nglactar cinntí cur chun feidhme lena bhféadfaí na cistí a eisíoc. Leag Uachtarán an Choimisiúin von der Leyen béim freisin ina ráiteas ag cruinniú iomlánach COSAC i mí na Nollag 2020 go bhféadfadh taithí agus ionchur na bParlaimintí náisiúnta a bheith an‑luachmhar agus na pleananna á ndréachtú agus á gcur chun feidhme.
6.ról na bparlaimintí réigiúnacha
Cuireann na Parlaimintí réigiúnacha go hindíreach le caidreamh an Choimisiúin leis na Parlaimintí náisiúnta. Faoi Phrótacal Uimh. 2, agus seiceáil na coimhdeachta le haghaidh dréachtghníomhartha reachtacha AE á déanamh aici d’fhonn tuairimí réasúnaithe a eisiúint, is faoi gach Parlaimint náisiúnta a bheidh sé dul i gcomhairle, i gcás inarb iomchuí, le Parlaimintí réigiúnacha a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu.
Déantar ionadaíocht ar chomhaltaí na bParlaimintí réigiúnacha freisin i gCoiste na Réigiún, a dhéanann obair faireacháin tríd an Líonra um Fhaireachán ar an gCoimhdeacht agus a ardán ar líne atá saincheaptha chun tacú le rannpháirtíocht na bParlaimintí réigiúnacha ag a bhfuil cumhachtaí reachtacha sa sásra luathrabhaidh maidir le coimhdeacht (REGPEX). Glacann siad páirt freisin, trí líonra RegHub, ar ardán an Choimisiúin, ‘Réidh don Todhchaí’, ar cuid é dá obair rialála níos fearr.
Cé nach bhfuil aon fhoráil shainráite sna Conarthaí maidir le hidirghníomhaíocht dhíreach idir an Coimisiún agus na Parlaimintí réigiúnacha, cuireann an Coimisiún a rannchuidiú san áireamh. Chuir roinnt Parlaimintí réigiúnacha líon méadaitheach rún faoi bhráid an Choimisiúin ar shaincheisteanna éagsúla, amhail beartas comhtháthaithe agus saincheisteanna réigiúnacha, saincheisteanna Eorpacha (ina measc, an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa), agus saincheisteanna domhanda amhail rochtain ar vacsaíní, cearta an duine agus cearta mionlach ar fud an domhain. Dhírigh roinnt rannchuidithe ar phacáistí nó ar Theachtaireachtaí sonracha ón gCoimisiún agus ar phacáistí nó tograí sonracha ón gCoimisiún. Chomh maith le tuairimí, bhí Parlaimintí réigiúnacha rannpháirteach i gcomhairliúcháin phoiblí an Choimisiúin, cé nár bhain ach Parlaimint réigiúnach amháin úsáid ghníomhach as an gcainéal sin go dtí seo agus thíolaic sí freagraí ar roinnt mhaith comhairliúcháin phoiblí a sheol an Coimisiún. D'úsáid Parlaimint réigiúnach amháin cainéal eile, ag tíolacadh dhá thuairim trí Pharlaimint náisiúnta. Chomh maith le hidirphlé scríofa, bhí cruinnithe ag Comhaltaí an Choimisiúin le roinnt Parlaimintí réigiúnacha.
7.conclúid
Agus achoimre á déanamh ar na forbairtí in 2021 maidir leis an ngrinnscrúdú ar an urraim don choimhdeacht agus don chomhréireacht i reachtaíocht an Aontais agus ar an gcaidreamh idir an Coimisiún agus na Parlaimintí náisiúnta, ceadaítear do na trí phríomhchonclúid seo a leanas:
Ar an gcéad dul síos, léiríonn fócas na bParlaimintí náisiúnta na príomhthosaíochtaí polaitiúla atá á saothrú ag an gCoimisiún seo, go háirithe an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’, an Comhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann, claochlú digiteach, Aontas Sláinte na hEorpa agus paindéim COVID‑19.
Ar an dara dul síos, díríonn roinnt Parlaimintí náisiúnta aird shuntasach ar an gcoimhdeacht agus ar sheiceálacha na comhréireachta maidir le tograí ón gCoimisiún, ach is annamh a fheictear ábhair imní nithiúla maidir le sárú:
-Baineann ábhair imní arna léiriú ag na Parlaimintí náisiúnta leis na tuairimí is réasúnaithe nach mbaineann le sárú nithiúil a bhraitear a bheith déanta ar phrionsabal na coimhdeachta ach leis an méid a mheasann siad a bheith ina bhonn cirt neamhleor do na dréachtghníomhartha reachtacha nach gceadaíonn dóibh breithmheas a dhéanamh ar chomhlíonadh phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta.
-Bhí céatadán na dtuairimí ó na Parlaimintí náisiúnta a bhain le rialú coimhdeachta níos airde in 2021 ná mar a bhí sna blianta roimhe seo – i gcomhréir leis an méadú ar thograí reachtacha.
-Ní dhearna aon togra ar leith níos mó ná trí thuairim réasúnaithe a spreagadh, i bhfad níos lú ná an tairseach le haghaidh ‘cárta buí’ agus níos lú ná líon na dtuairimí réasúnaithe ar gheall an Coimisiún go dtabharfaidís níos mó infheictheachta ar ábhair imní a bhaineann le coimhdeacht na bParlaimintí náisiúnta trí bhíthin freagra chomhiomláin.
Ar an tríú dul síos, tá an caidreamh idir an Coimisiún agus na Parlaimintí náisiúnta dinimiciúil agus fadréimseach, ach baineann na Parlaimintí náisiúnta úsáid astu ar bhealaí éagsúla.
-Tá sé míthreorach an méid a chuireann na Parlaimintí náisiúnta leis an bpróiseas polaitiúil ar leibhéal an Aontais a mheas de bharr líon na dtuairimí cainníochtúla faoi rialú na coimhdeachta agus a n‑éifeachtaí láithreacha. Rannchuidíonn siad freisin trí bhealaí iomadúla le haghaidh comhrá ó bhéal i gcruinnithe agus in imeachtaí idirpharlaiminteacha.
-Mar gheall ar mhodhanna digiteacha a úsáideadh le linn phaindéim COVID‑19 bhí teagmháil níos rialta agus níos torthúla idir an Coimisiún agus na Parlaimintí náisiúnta ar leibhéal polaitiúil agus teicniúil.
-Tá méadú breise tagtha ar líon na bParlaimintí náisiúnta atá rannpháirteach i seiceálacha coimhdeachta agus san idirphlé polaitiúil i scríbhinn leis an gCoimisiún, agus tá treocht ann fós ó bhí 2019 ann. Ag an am céanna, in 2021, bhí ocht bParlaimint nó seomra tionóil náisiúnta (as cúig Bhallstát) ann freisin nár thug tuairimí ar bith ar chúiseanna bunreachtúla náisiúnta, traidisiúin pholaitiúla nó rogha pholaitiúil.
-D'eisigh thart ar aon trian de na Parlaimintí náisiúnta nó na seomraí tionóil níos mó ná 10 dtuairim in 2021. Mar a tharla sna blianta roimhe seo, chuir beagnach 80% de na tuairimí go léir chuig na 10 bParlaimint nó seomra tionóil is gníomhaí. Ina measc siúd, dhírigh cuid acu a gcuid tuairimí ar cé acu a urramaíodh nó nár urramaíodh prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta agus níor léirigh siad cáineadh ná moltaí nithiúla maidir le tograí an Choimisiúin.
-Fanann líon na dtuairimí a bhaineann le tionscnaimh neamhreachtacha arna ndéanamh ag an gCoimisiún nó a chuireann tuairimí nó tosaíochtaí polaitiúla na bParlaimintí náisiúnta in iúl ar a dtionscnamh féin ar an leibhéal ard céanna agus a bhí sna blianta roimhe sin, rud a léiríonn go mbaineann roinnt Parlaimintí nó seomraí tionóil úsáid an‑ghníomhach as an agallamh polaitiúil i scríbhinn leis an gCoimisiún chun a seasaimh a chur in iúl go luath sa phróiseas polaitiúil. D'éascaigh an Coimisiún rannchuidiú na bParlaimintí náisiúnta le comhairliúcháin phoiblí chun tograí reachtacha a ullmhú trína n‑ionchur a shainaithint ar bhealach níos soiléire.
Is freagracht chomhroinnte agus iarracht chomhroinnte, ina bhfuil idirphlé gníomhach i scríbhinn agus ó bhéal leis na Parlaimintí náisiúnta ríthábhachtach, a áirithiú nach ndéantar gníomhaíocht an Aontais ach amháin nuair is gá agus a mhéid is gá.