Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022DC0228

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE Maidir le hoibriú na nÚdarás Maoirseachta Eorpach (ÚMEnna)

COM/2022/228 final

An Bhruiséil,23.5.2022

COM(2022) 228 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

Maidir le hoibriú na nÚdarás Maoirseachta Eorpach (ÚMEnna)


1.RÉAMHRÁ

Cruthaíodh na trí Údarás Maoirseachta Eorpacha (ÚMEnna) – an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) – in 2011 mar fhreagairt ar an ngéarchéim airgeadais dhomhanda a tháinig chun cinn in 2008. Bunaíodh iad chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sa mhaoirseacht arna nochtadh sa ghéarchéim airgeadais agus chun muinín iomlán i margaí airgeadais an Aontais a thabhairt ar ais arís.

Níos mó ná 10 mbliana i ndiaidh a gcruthaithe, tá cuntas teiste andiongbháilte ag na ÚMEnna sna réimsí seo anois. Is príomhghníomhaithe iad a stiúrann an margadh aonair le haghaidh seirbhísí caipitil agus airgeadais trí rannchuidiú le reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme sa réimse seo agus trí obair na maoirseoirí náisiúnta a chomhordú. Dʼéirigh leo cúraimí nua a ghlacadh chucu féin sna creataí do théarnamh agus réiteach freisin 1 . Mar thoradh ar ghéarchéim COVID19 tá sé cruthaithe le déanaí go bhfuil an Córas Eorpach um Maoirseacht Airgeadais ag feidhmiú go maith, agus bhí obair na ÚMEnna ina cuid thábhachtach maidir leis sin a bhaint amach.

Ina theannta sin, sa chomhthéacs geopholaitiúil reatha, agus cogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine ann, tá ról tábhachtach ag na ÚMEnna, lena n‑áirítear i gcur chun feidhme smachtbhannaí ag oibreoirí margaidh airgeadais an Aontais. Thairis sin, déanann na ÚMEnna faireachán ar an tionchar ar institiúidí airgeadais an Aontais agus leanann siad go dlúth forbairtí sa mhargadh airgeadais, go háirithe maidir le margaí fuinnimh, margaí tráchtearraí bia agus margaí díorthach tráchtearraí.

Le deich mbliana anuas, dhírigh gníomhaíochtaí na ÚMEnna ar an leabhar rialacha aonair le haghaidh seirbhísí airgeadais a thógáil agus cóineasú maoirseachta a chothú. Tá dul chun cinn den scoth déanta sna réimsí seo, ach tá gá fós le hiarrachtaí leanúnacha agus spriocdhírithe chun fíor-Aontas na Margaí Caipitil a chur chun cinn. Méadaíonn córas airgeadais lena mbaineann go leor lárionad ar fud an Aontais ar an ngá atá le leabhar rialacha aonair feabhsaithe agus cóineasú maoirseachta níos fearr.

Sa chomhthéacs sin, dʼfhoilsigh an Coimisiún a phlean gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil 2 an 24 Meán Fómhair 2020. Sa phlean gníomhaíochta seo, gheall an Coimisiún: (i) oibriú ar leabhar rialacha aonair feabhsaithe trí mheasúnú a dhéanamh ar an ngá le comhchuibhiú breise a dhéanamh ar rialacha an Aontais; agus (ii) a bhfuil bainte amach cheana féin i gcóineasú maoirseachta a chur san áireamh.

Ina theannta sin, ceanglaítear ar an gCoimisiún le hAirteagal 81 de na trí Rialachán ÚME 3 athbhreithniú a dhéanamh ar na Rialacháin. Ní mór an tathbhreithniú seo a bheith i bhfoirm tuarascáil ghinearálta fhoilsithe maidir leis an taithí a fuarthas ó oibríochtaí na ÚMEnna agus ó na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialacháin ÚME. Sa bhreis ar an gceanglas ginearálta maidir le hathbhreithniú ar fheidhmíocht na dtrí ÚME, tá clásail shonracha athbhreithnithe sna Rialacháin maidir leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí 4 agus sna Rialacháin maidir le ÚBE 5 .

Tháinig leasuithe ar Rialacháin ÚME i bhfeidhm an 1 Eanáir 2020 6 (dá ngairtear ‘athbhreithniú ÚME 2019’ anseo feasta). Leis na leasuithe sin rinneadh athruithe ar uirlisí cóineasaithe agus ar fhorálacha rialachais atá ann cheana. Leis na leasuithe cuireadh sainorduithe nua leo maidir le maoirseacht dhíreach le haghaidh an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí freisin 7 . Sa chéad athbhreithniú tar éis na leasuithe sin, dírítear go háirithe ar cé acu an ndeachaigh nó nach ndeachaigh na leasuithe sin, agus a mhéid a chuaigh siad, chun tairbhe do mhaoirseacht airgeadais an Aontais.

Chun an tuarascáil seo a ullmhú, ghlac an Coimisiún páirt i bpróiseas leathan comhairliúcháin. Rinne sé comhairliúchán spriocdhírithe a bhfuarthas 107 bhfreagra air, agus iarradh aiseolas ann freisin ó na ÚMEnna. Dʼeagraigh sé imeacht poiblí freisin agus reáchtáladh cruinnithe éagsúla le páirtithe leasmhara. Dʼfhoilsigh an Coimisiún ráiteas aiseolais 8 ina dtugtar achoimre mhionsonraithe ar na freagraí a fuarthas le linn an chomhairliúcháin seo. Ar bhonn ginearálta, rinne freagróirí an chomhairliúcháin measúnú dearfach ar thionchar na ÚMEnna maidir leis an méid seo a leanas: (i) cobhsaíocht airgeadais; (ii) feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh; (iii) cáilíocht agus comhsheasmhacht na maoirseachta; (iv) an comhordú maoirseachta idirnáisiúnta a neartú; (v) cosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí; (vi) maoiniú inbhuanaithe; agus (vii) airgeadas digiteach.

Thug go leor freagróirí faoi deara go raibh sé fós róluath le haghaidh na nithe seo a leanas: (i) meastóireacht iomlán a dhéanamh ar na hathruithe a comhaontaíodh in 2019 agus nár tháinig i bhfeidhm go dtí go luath in 2020; agus (ii) breithniú a dhéanamh ar athruithe breise i bhfianaise na gearrthréimhse ama ó cuireadh na leasuithe deireanacha chun feidhme. Ina theannta sin, thug freagróirí chun suntais na himthosca urghnácha de bharr COVID‑19 atá tar éis aird na ÚMEnna a tharraingt – go háirithe le linn mórthréimhsí in 2020. In ainneoin na ndeacrachtaí sin, bhí an chuid is mó de na freagróirí fós in ann measúnú a sholáthar. Tríd is tríd, ba léir go raibh an t‑aiseolas faoi na hathruithe a tugadh isteach le hathbhreithniú ÚME dearfach, cé gur mheas roinnt freagróirí go raibh gá le níos mó athruithe. Léiríodh ó na freagraí freisin gur ann fós do na tuairimí éagsúla a tháinig chun cinn in athbhreithniú ÚME 2019. Aontaíonn formhór mór na bhfreagróirí gur fhreagair na ÚMEnna go cuí do ghéarchéim COVID‑19 agus go bhfuil cumhachtaí reatha na ÚMEnna dóthanach den chuid is mó. De réir an aiseolais, is cosúil go n‑oibríonn comhordú na ÚMEnna go sásúil. Measann roinnt páirtithe leasmhara, áfach, nár baineadh leas iomlán as ról comhordaithe na ÚMEnna.

Sa tuarascáil seo tugtar achoimre ar thorthaí an chomhairliúcháin agus ar thorthaí ó theagmhálacha eile le páirtithe leasmhara. Dírítear ar na príomhréimsí atá faoi athbhreithniú: (i) cóineasú maoirseachta; (ii) rialachas; (iii) maoirseacht dhíreach; agus (iv) cistiú. Cuimsítear ann freisin alt ar an leabhar rialacha aonair, mar a fógraíodh i bplean gníomhaíochta 2020 ón gCoimisiúin maidir le hAontas na Margaí Caipitil.

2.CÓINEASÚ MAOIRSEACHTA

Cúlra agus torthaí

Tugadh isteach in athbhreithniú ÚME 2019 roinnt athruithe chun cóineasú maoirseachta a neartú. Go háirithe, tugadh isteach na nithe seo a leanas in athbhreithniú ÚME: (i) próiseas neartaithe le haghaidh athbhreithniú piaraí; (ii) tosaíochtaí maoirseachta straitéiseacha an Aontais; agus (iii) lámhleabhar maoirseachta an Aontais. Tugadh rialacha sainráite isteach leis freisin chun ionstraimí atá in úsáid cheana féin ag na ÚMEnna a cheapadh, amhail litreacha ‘neamhghnímh’; grúpaí comhordaithe; agus ceisteanna agus freagraí (C&F).

Sa chomhairliúchán spriocdhírithe, thug freagróirí ó údaráis phoiblí agus ón tionscal airgeadais araon rátáil andearfach do rannchuidiú na ÚMEnna chun cultúr maoirseachta coiteann agus cleachtais mhaoirseachta chomhsheasmhacha a chur chun cinn. Chuir formhór na bhfreagróirí tuairimí réasúnta dearfach in iúl faoi na hathruithe is déanaí 9 , ach dʼáitigh siad go raibh sé róluath fós chun éifeacht iomlán na nathruithe seo ar thorthaí an chóineasaithe a mheas. Dúirt siad go raibh níos mó ama ag teastáil chun teacht ar thuairim cibé an mbeadh na leasuithe leordhóthanach chun cóineasú maoirseachta a bhaint amach.

Níor léir dʼfhormhór na bhfreagróirí gur gá uirlis a leasú nó uirlis a chur le foireann uirlisí na ÚMEnna chun cóineasú maoirseachta a bhaint amach. Thug na freagróirí sin faoi deara nár úsáid na ÚMEnna na huirlisí atá acu cheana féin chun a lánacmhainneacht a bhaint amach. Ina theannta sin, chuir roinnt freagróirí béim ar éifeachtacht na nuirlisí cóineasaithe maoirseachta neamhfhoirmiúla a dʼfhorbair na ÚMEnna, amhail comhghníomhaíochtaí maoirseachta an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí 10 .

Dʼaithin na freagróirí freisin, áfach, go raibh gá le níos mó iarrachtaí chun an sprioc maidir le cóineasú maoirseachta a bhaint amach. Mheas siad gurb iad sainiúlachtaí na margaí áitiúla agus na dtimpeallachtaí dlíthiúla éagsúla (e.g. an dlí sibhialta, an dlí tráchtála agus dlí na gcuideachtaí) na príomhbhacainní ar chóineasú maoirseachta níos fearr. Luadh smachtbhannaí mar an réimse is mó ina bhféadfaí cóineasú a fheabhsú (e.g. ba cheart do na hÚdaráis Náisiúnta Inniúla smachtbhannaí comhchosúla a fhorchur má dhéantar sáruithe comhchosúla ar reachtaíocht an Aontais).

Thug go leor freagróirí faoi deara go bhfuil an próiseas nua Ceisteanna & Freagraí tar éis éirí níos moille agus nach bhfuil sé chomh héifeachtúil céanna. Luaigh na freagróirí dhá chúis leis an bhfadhb seo. Ar an gcéad dul síos, dúirt siad go raibh sé deacair idirdhealú a dhéanamh idir na ceisteanna a éilíonn léirmhíniú ar dhlí an Aontais agus, dá bhrí sin, gur gá don Choimisiún iad a fhreagairt. Ar an dara dul síos, dúirt siad go raibh moill ar an bpróiseas toisc go raibh ar an gCoimisiún cinneadh a ghlacadh go foirmiúil maidir leis an gcatagóir seo ceisteanna. Ar an gcaoi chéanna, thug go leor freagróirí faoi deara go raibh sé andeacair úsáid a bhaint as an sásra nua seo mar thoradh ar na coinníollacha a ghabhann le sásra nua na litreacha neamhghnímh, a tugadh isteach le hathbhreithniú ÚME 2019 11 . Thug siad dá naire nach féidir le rannpháirtithe margaidh brath orthu mar gheall ar chineál neamhcheangailteach na litreacha neamhghnímh, toisc nach bhfuil aon ráthaíocht ann go ngníomhóidh na hÚdaráis Náisiúnta Inniúla orthu ar bhealach comhchuibhithe. Ina ionad sin, dúirt roinnt freagróirí gur cheart na ÚMEnna a bheith in ann cinneadh a ghlacadh lena gcuirtear iallach ar údaráis inniúla foráil de dhlí an Aontais a fhorfheidhmiú nó – gan í a fhorfheidhmiú – i gcásanna áirithe. Mar sin féin, dʼaithin freagróirí, i gcásanna nár comhlíonadh na coinníollacha maidir le litreacha neamhghnímh, gur baineadh torthaí comhchosúla amach le huirlisí eile amhail ráitis neamhthosaíochta 12 , a thugann cuireadh dʼÚdaráis Náisiúnta Inniúla gan tosaíocht a thabhairt do ghníomhartha maidir le ceanglas ar leith.

Measúnú ón gCoimisiúin

Tá rannchuidiú tábhachtach déanta ag na ÚMEnna chun feabhas a chur ar chóineasú maoirseachta trí úsáid a bhaint as a sraith straitéisí. Bhain éifeacht ar leith leis na treoirlínte, moltaí agus C&Fanna maidir le sraith aonair rialacha a leagan síos do sheirbhísí airgeadais agus margaí (‘leabhar rialacha aonair’) agus, ar an gcaoi sin, ag baint amach torthaí cóineasaithe maoirseachta. Le tamall anuas, tá tús curtha ag na ÚMEnna le fócas a gcuid oibre a aistriú ón leabhar rialacha aonair a fhorbairt chun cóineasú a bhaint amach maidir lena chur i bhfeidhm agus maidir lena mhaoirseacht. Is díol sásaimh don Choimisiún é na ÚMEnna a bheith ag díriú níos mó ar chomhlíonadh na rialacha. Fáiltítear freisin roimh an gcur chuige riosca-bhunaithe i leith cóineasú maoirseachta – trína roghnóidh na ÚMEnna na hábhair ar ar cheart don obair chóineasaithe díriú sna 1-2 bhliain amach romhainn 13 .

Ar an iomlán, is cosúil go bhfuil na huirlisí atá ar fáil do na ÚMEnna, mar ar cuireadh feabhas orthu trí athbhreithniú ÚME 2019, oiriúnach don fheidhm. In ainneoin chineál na nathruithe a cuireadh i bhfeidhm le déanaí in 2020, tá tionchar dearfach áirithe le sonrú sa réimse seo cheana féin. Mar shampla, bhí an próiseas athbhreithnithe piaraí nua ina uirlis imscrúdaithe éifeachtach ad hoc le linn a chéad úsáide i gcás Wirecard 14 . Measann an Coimisiún, áfach, go bhféadfadh cásanna eile a bheith ann seachas an cás thuasluaite ina mbeadh údar le hathbhreithniú piaraí ad hoc. Thairis sin, ós rud é go mbíonn athbhreithnithe piaraí dian ar acmhainní, ba cheart do na ÚMEnna measúnú cúramach a dhéanamh ar na hábhair is mó a thuilleann athbhreithniú piaraí. Mar shampla, dʼfhéadfaidís a gcinneadh a bhunú ar mheasúnú tosaigh ar an áit is mó a bhfuil tionchar diúltach na dibhéirseachta maoirseachta.

Aontaíonn an Coimisiún gur féidir le huirlisí neamhfhoirmiúla 15 , atá forbartha ag na ÚMEnna, cóineasú a chothú ar bhealach fóinteach. Is féidir sampla de seo a fheiceáil sna comhghníomhaíochtaí maoirseachta a úsáideann an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí 16 . Tá siad seo úsáideach chun trédhearcacht agus cultúr maoirseachta coiteann a chruthú. Is féidir leo a bheith éifeachtach freisin chun léargas iomlánaíoch a fháil ar chleachtais tionscail agus ar mhaoirseacht na gcleachtas sin ar fud an Aontais. Sa mhéid go dtagann easnaimh chun solais nuair a úsáidtear na huirlisí neamhfhoirmiúla sin, ba cheart torthaí den sórt sin maoirseoirí náisiúnta a thionscnamh chun idirghabháil a dhéanamh agus beart a dhéanamh.

Mar sin féin, d’fhéadfaí an méid sin a fheabhsú freisin. Ar an gcéad dul síos, tá seans ann nach bhfuil lánúsáid á baint as cuid de na huirlisí atá i gceist chun aghaidh a thabhairt ar neamhréireachtaí maoirseachta. Mar shampla, is annamh a úsáideadh an nós imeachta maidir le sárú ar dhlí an Aontais – mar a léiríodh in dhá iniúchadh de chuid CIE le déanaí 17 . Thairis sin, ba cheart na huirlisí a úsáid ar bhonn uilechoiteann. Mar shampla, agus ó tharla gur chuir páirtithe leasmhara béim air, bheadh tuilleadh cóineasaithe níos inmhianaithe maidir le forfheidhmiú go ginearálta agus maidir le smachtbhannaí go sonrach 18 . Mar sin féin, admhaíonn freagróirí an chomhairliúcháin go bhfuil teorainneacha áirithe ar an méid is féidir a bhaint amach sa réimse seo de bharr: (i) comhchuibhiú teoranta i réimse na smachtbhannaí; agus (ii) córais dhlíthiúla éagsúla na mBallstát.

Agus an t‑aiseolas ón gcomhairliúchán á chur san áireamh go bhfuil gá le tuilleadh ama chun measúnú iomlán a dhéanamh ar thionchar na n‑athruithe is déanaí, ní mholfaidh an Coimisiún anois athruithe ar Rialacháin Ú‎ME chun cóineasú maoirseachta a neartú. Ina ionad sin, leanann an Coimisiún ag spreagadh na ÚMEnna chun úsáid mhaith a bhaint as na hionstraimí atá ann cheana.

Ina theannta sin, breithneoidh an Coimisiún feabhsuithe spriocdhírithe chun cóineasú maoirseachta a chothú i reachtaíocht earnála. Déanfar é sin chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh shonracha atá sainaitheanta ag an gCoimisiún nó a dʼfhéadfadh sé a shainaithint i réimsí áirithe de mhargaí airgeadais. Chuige sin, mhol an Coimisiún leasuithe spriocdhírithe le déanaí, lena n‑áirítear:

-an togra maidir le hathbhreithniú ar Shócmhainneacht II 19 , lena moltar ról ÚEÁPC a mhéadú i gcásanna casta trasteorann ina dteipeann ar na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann teacht ar chomhdhearcadh ar ardán comhoibríoch 20 ;

-togra maidir le hathbhreithniú ar an Treoir maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha 21 , ina moltar go mbeadh sé de chúram ar ESMA athbhreithnithe piaraí a dhéanamh agus anailís a dhéanamh ar fhógraí faoi shocruithe substaintiúla tarmligin ionas go mbeidh forléargas níos fearr ag maoirseoirí ar chleachtais an mhargaidh;

-an straitéis maidir le sonraí maoirseachta 22 , arb é is aidhm di feabhas a chur ar chomhsheasmhacht agus idir-inoibritheacht an chórais tuairiscithe maoirseachta san Aontas (éascóidh sé sin comhordú idir maoirseoirí agus cuirfidh sé le cóineasú maoirseachta);

-togra i ndáil leis an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil VI 23 , lena ndéanfaí cumhachtaí smachtbhannaí a chomhchuibhiú agus lena dtabharfaí isteach uirlisí forfheidhmithe (e.g. íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla) lena gcur ar fáil do mhaoirseoirí Eorpacha.

Chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna sonracha, leanfaidh an Coimisiún ar aghaidh ag moladh athruithe spriocdhírithe in athbhreithnithe atá le teacht ar reachtaíocht earnála de réir mar is gá.

Maidir leis an bpróiseas C&F, is ar an gCoimisiún atá an chumhacht léirmhínithe (neamhcheangailteacha) ar dhlí an Aontais a eisiúint mar chaomhnóir na gConarthaí seachas ar na ÚMEnna. Mar sin féin, tugann an Coimisiún dá aire an t‑aiseolas a fuarthas ó pháirtithe leasmhara, agus leanfaidh sé den phróiseas Ceisteanna agus Freagraí a chuíchóiriú de réir a chleachtais, in éineacht leis na ÚMEnna. Tugann an Coimisiún dá aire freisin, cé gur minic C&Fanna a bheith ina n‑uirlis úsáideach chun gnéithe den reachtaíocht a shoiléiriú, go n‑úsáideann páirtithe leasmhara iad uaireanta chun treoir a fháil dá gcásanna an‑sonracha féin, agus ní gá gur chun leas an phobail iad.

Cé go dtuigeann sé na hábhair imní a dʼardaigh páirtithe leasmhara, measann an Coimisiún go bhfuil gá le níos mó ama chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na forála nua maidir le litreacha neamhghnímh (agus cásanna úsáide féideartha na forála seo) sula ndéanfaidh sé breithniú cé acu an bhfuil gá le haon mhionchoigeartú. Mar sin féin, is cosúil gur mian le roinnt páirithe leasmhara síneadh a chur le raon feidhme agus éifeacht na forála seo a bheadh i mbaol a bheith ag teacht salach ar phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais. Sa chomhthéacs seo, mhol an Coimisiún bealaí le déanaí chun a áirithiú nach mbeidh feidhm ag forálacha sonracha de dhlí an Aontais faoi chúinsí áirithe amhail an togra i ndáil leis an Rialachán maidir le margaí in ionstraimí airgeadais 24 , agus ar an gcaoi sin féachfar le cuid de sholúbthacht an chreata atá á lorg ag na páirtithe leasmhara sin a bhaint amach ar bhonn cás ar chás.

Ar bhonn níos ginearálta, iarrann an Coimisiún ar na ÚMEnna tuilleadh feabhsuithe is féidir a chur chun feidhme sa ghearrthéarma, cinn nach n‑éileodh aon athrú ar an gcreat reachtach a mheas. Chuige sin, dʼardaigh páirtithe leasmhara roinnt smaointe sa chomhairliúchán. Measann an Coimisiún go bhfuil fiúntas ar leith sna moltaí seo a leanas chun tuilleadh machnaimh a dhéanamh orthu.

-Dʼfhéadfaí trédhearcacht maidir leis an gcaoi a gcuirtear rialacha i bhfeidhm ar fud an Aontais a mhéadú. Mar shampla, dʼfhéadfadh na ÚMEnna uirlis bunaithe ar an ngréasán a chruthú lena bhféadfadh na páirtithe leasmhara go léir cásanna neamhréireachtaí maoirseachta a thuairisciú.

-Dʼfhéadfaí an bhéim ar fhorfheidhmiú a mhéadú maidir le huirlisí cóineasaithe maoirseachta chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach beart forfheidhmithe a chothú, lena náirítear smachtbhannaí. Dʼfhéadfaí sprioc den chineál céanna a bhaint amach trína áirithiú go mbaileodh na ÚMEnna sonraí cuimsitheacha ar chásanna forfheidhmithe ar fud an Aontais.

-Dʼfhéadfaí an fhéidearthacht maidir le hathbhreithniú piaraí ad hoc a dhéanamh ar údaráis inniúla i gcás imeachtaí lena mbaineann impleachtaí maoirseachta móra a úsáid níos mó mar uirlis ex post. Ina theannta sin, dʼfhéadfadh béim níos mó a chur ar shaincheisteanna maoirseachta práinneacha nó gan choinne chun cur le húsáid níos éifeachtaí a bhaint as athbhreithnithe piaraí ós rud é go néilíonn athbhreithnithe piaraí a lán acmhainní.

-Tá a uirlisí féin um chóineasú maoirseachta neamhfhoirmiúla forbartha ag gach ceann de na ÚMEnna ar bhealach éagsúil ó na ÚMEnna eile. Tá sé seo amhlaidh mar gheall ar na creataí rialála éagsúla ina bhfeidhmíonn na ÚMEnna. Aontaíonn an Coimisiún leis na páirtithe leasmhara go bhfuil na huirlisí seo anéifeachtach, agus iarrann sé ar na ÚMEnna leanúint de na hionstraimí neamhfhoirmiúla seo a úsáid. Mar sin féin, dʼfhéadfadh na ÚMEnna iniúchadh a dhéanamh freisin ar a mhéid a dʼfhéadfaí uirlisí neamhfhoirmiúla arna bhforbairt ag ÚMEnna eile a ionchorprú ina mbosca uirlisí féin um chóineasú maoirseachta.

-Dʼfhéadfadh plé ar chásanna maoirseachta i measc na nÚdarás Náisiúnta Inniúil ar bhealach níos córasaí a bheith úsáideach chun torthaí cóineasaithe maoirseachta a chur chun cinn i gcásanna inchomparáide. Iarrann an Coimisiún ar na ÚMEnna critéir a tharraingt suas maidir le conas cásanna maoirseachta a roghnú atá ábhartha do mhalartuithe den sórt sin. Dʼfhéadfadh na ÚMEnna luach na bpléití sin a fheabhsú trí bhailiúchán de chásanna den sórt sin a chur i dtoll a chéile lena gcur ar fáil le haghaidh comhairliúcháin ag Údaráis Náisiúnta Inniúla.

3.RIALACHAS, COMHCHOMHLACHTAÍ, COMHPHÁIRTÍOCHT PHÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NEAMHSPLEÁCHAS MAOIRSEACHTA

Cúlra agus torthaí

a)Rialachas na ÚMEnna

San athbhreithniú deireanach a rinne ÚME, mhol an Coimisiún athruithe forleathana ar rialachas na ÚMEnna, agus é dʼaidhm acu iad a bheith níos neamhspleáiche ar na hÚdaráis Náisiúnta Inniúla le haghaidh cúraimí áirithe. Ba é an príomháiteamh a bhain leis na tograí sin go bhféadfaí breis úsáide a bhaint as cuid dʼuirlisí na ÚMEnna trí chinntí áirithe a fhágáil faoi chomhlacht a raibh méid áirithe neamhspleáchais aige ó na húdaráis a raibh na huirlisí sin i bhfeidhm ina leith. Bhí an cur chuige seo faoi réir dianphlé sa phróiseas reachtach. Bhí an téacs a ghlac na comhreachtóirí ar deireadh easnamhach maidir le huaillmhian tosaigh an Choimisiúin. Dʼainneoin sin, tugadh isteach feabhsuithe i réimsí spriocdhírithe (i.e. maidir le sárú ar dhlí an Aontais 25 , coinbhleachtaí leasa, agus ról na gcathaoirleach).

Sa chomhairliúchán dʼáitigh formhór mór na n‑údarás poiblí gur eagraíochtaí faoi thionchar na gcomhaltaí iad na ÚMEnna, ina nglacann ionadaithe náisiúnta ar an mBord Maoirseoirí cinntí mar an comhlacht cinnteoireachta deiridh. Chreid formhór na bhfreagróirí tionscail gur chuir socruithe reatha rialachais na ÚMEnna ar chumas na ÚMEnna oibiachtúlacht, neamhspleáchas agus éifeachtúlacht a áirithiú ina gcuid oibre/cinnteoireachta. Mar sin féin, thacaigh roinnt páirtithe leasmhara (cúpla údarás poiblí, roinnt ionadaithe tionscail, lucht acadúil agus eagraíochtaí neamhrialtasacha) le socruithe rialachais atá níos neamhspleáiche ó mhaoirseoirí náisiúnta. Mheas na páirtithe leasmhara seo nach leor na leasuithe teoranta a rinneadh ar athbhreithniú ÚME 2019 chun cásanna a shárú ina nglacann ionadaithe ó na hÚdaráis Náisiúnta Inniúla cinntí, a dʼfhéadfadh a bheith níos dírithe ar leasanna náisiúnta ná ar leasanna Eorpacha.

Bhí páirtithe leasmhara den tuairim gur fheabhsaigh na hathruithe is déanaí ar rialachas próisis chinnteoireachta na ÚMEnna 26 . Thug roinnt freagróirí faoi deara gurb é seo a leanas an toradh ar na hathruithe a tháinig as athbhreithniú ÚME 2019: (i) féadtar cinnteoireacht a dhéanamh níos tapúla; (ii) laghdaítear an baol go mbeadh coinbhleachtaí leasa ann; agus (iii) tugtar isteach leo breis neamhchlaontachta agus trédhearcachta.

Maidir le socruithe vótála, is ann do thuairimí difriúla i gcónaí. Léirítear é seo go soiléir ó ghuth ón earnáil phoiblí, ó Bhallstát níos lú, a iarrann go ndéanfaí níos mó cinntí ar bhonn ‘comhalta amháin vótála, vóta amháin’, agus mhol freagróir eile ón earnáil phoiblí, ó Bhallstát a bhfuil margadh mór airgeadais aige, go neartófaí tionchar na mBallstát is mó a ndéanann cinntí aonair an ÚME difear dóibh. Mhol cúpla freagróir go gcuirfí síneadh breise leis an gceart atá ag cathaoirleach ÚME vóta a chaitheamh i ngach cineál cinnidh (faoi láthair, ní féidir leis an gcathaoirleach vóta a chaitheamh i gcinntí a dhéantar trí thromlach cáilithe).

Bhí éagsúlacht tuairimí ann freisin maidir le cé acu ba cheart nó nár cheart an ceanglas um thromlach dúbailte le haghaidh vótaí in ÚBE (lena gceanglaítear tromlaigh shimplí ó Údaráis Náisiúnta Inniúla atá rannpháirteach san Aontas Baincéireachta agus nach bhfuil rannpháirteach ann) a choimeád gan athrú. Ar thaobh amháin, mheas na freagróirí go raibh ró‑ualú gan údar ar na Ballstáit nach raibh rannpháirteach sa Sásra Maoirseachta Aonair mar thoradh ar an gceanglas um thromlach dúbailte, rud a mhéadódh tuilleadh agus Ballstáit bhreise ag teacht isteach san Aontas Baincéireachta. Ar an taobh eile, chuir údaráis phoiblí (agus ní hamháin údaráis na mBallstát nach bhfuil rannpháirteach san Aontas Baincéireachta): (i) béim ar a thábhachtaí atá an ceanglas um thromlach dúbailte do chomhtháthú na hEorpa; agus (ii) mheas siad gur ráthaíocht é an ceanglas seo dʼionadaíocht chothrom agus chomhréireach na mBallstát laistigh den Aontas Baincéireachta agus lasmuigh de araon.

Mheabhraigh roinnt freagróirí freisin faoin ngá atá le hathrú spriocdhírithe ar rialachas ÚBE dʼfhonn a áirithiú go mbeidh deighilt níos comhsheasmhaí ann idir a fheidhmeanna réitigh agus a fheidhmeanna stuamachta.

Dʼiarr roinnt freagróirí freisin athruithe ar rialachas ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí i gcásanna maoirseachta dírí. Mhol na freagróirí sin, in ionad na saincheisteanna uile a chur faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí le haghaidh cinntí, gur cheart go ndéanfadh an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí an méid a leanas: (i) na cinntí sin a chur de chúram ar Bhord Bainistíochta neamhspleách nó ar choiste atá cosúil le Coiste Maoirseachta an Chontrapháirtí Lárnaigh (CPL); nó (ii) níos mó úsáide a bhaint as na cumhachtaí tarmligin chun an Bord Maoirseoirí a shaoradh ó chinntí maoirseachta laethúla.

Chomh maith leis an aiseolas ón gcomhairliúchán, dʼfhéadfadh sé a bheith úsáideach tarraingt ar fhoinsí eile chun measúnú a dhéanamh ar rialachas na ÚMEnna. Foinse amháin den sórt sin is ea an tuarascáil speisialta 27 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) ar iarrachtaí an Aontais chun sciúradh airgid a chomhrac. Sa tuarascáil seo, mheas CIE, in ainneoin Rialachán ÚBE athbhreithnithe lena ndéantar foráil maidir le roinnt athruithe ar an nós imeachta um dhlí an Aontais a shárú, go raibh easnaimh thábhachtacha rialachais fós in ÚBE. Mar an gcéanna, ina thuarascáil speisialta ar chistí infheistíochta le déanaí, measann CIE go bhfuil dúshláin roimh an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí maidir lena chuid uirlisí a úsáid go héifeachtach. Áirítear ar na dúshláin sin struchtúr rialachais an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí féin agus a spleáchas ar chomhar na nÚdarás Náisiúnta Inniúil.

b)Comhchomhlachtaí

Chonacthas do gach freagróir gur sásraí éifeachtacha iad an dá chomhchomhlacht atá ag na ÚMEnna (eadhon an Bord Achomhairc agus an Comhchoiste) go ginearálta chun tuairimí comhsheasmhacha agus comhar trasearnálach a áirithiú. Thug roinnt páirtithe leasmhara faoi deara, áfach, nach n‑úsáidtear an Comhchoiste a mhéid is féidir i gcásanna ina bhfuil sainordú coiteann ag na ÚMEnna (e.g. sainordú nua Ú‎ME chun neamhspleáchas maoirseachta a chothú). Dúirt roinnt freagróirí go raibh cinnteoireacht an Chomhchoiste róchasta ós rud é gur gá do bhoird na dtrí ÚME cinntí a dhéanann an Comhchoiste a fhormhuiniú.

c)Rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara

Chuathas i gcomhairle freisin leis na páirtithe leasmhara maidir lena rannpháirtíocht leis na ÚMEnna agus maidir leis an gcaoi a raibh na ÚMEnna ag feidhmiú chun rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara a áirithiú. Mheas an chuid is mó de na húdaráis phoiblí agus cúpla freagróir tionscail go noibríonn an creat reatha go maith agus go dtéitear i gcomhairle le páirtithe leasmhara go leordhóthanach. Chuir formhór na bhfreagróirí tionscail i dtreis gur cheart go neartódh na ÚMEnna a nidirghníomhaíocht agus a nidirphlé leis an tionscal agus gur cheart go nglacfaidís cur chuige níos oscailte agus níos pragmataí 28 . Ar deireadh, d’ardaigh ionadaithe tionscail éagsúla ceist na spriocdhátaí a bheith róghearr chun aiseolas a thabhairt nuair a théann ÚMEnna i mbun comhairliúchán.

d)Neamhspleáchas maoirseachta

Le linn athbhreithniú Ú‎ME 2019 tugadh isteach freagracht nua do na ÚMEnna: neamhspleáchas na maoirseoirí náisiúnta a chothú agus faireachán a dhéanamh air. Dʼfhoilsigh na ÚMEnna a gcéad tuarascálacha aonair le déanaí maidir le neamhspleáchas maoirseachta na núdarás inniúil ina nearnálacha 29 .

Sa chomhairliúchán, bhí formhór na bhfreagróirí dearfach faoin bhfreagracht nua seo atá ar na ÚMEnna chun neamhspleáchas maoirseachta a chothú. Thug na húdaráis phoiblí faoi deara go bhfágann an fhreagracht nua seo go bhféadann eintiteas atá eolach ar na feidhmeanna a dhéanann na hÚdaráis Náisiúnta Inniúla measúnú saineolach a dhéanamh. Dúirt na húdaráis phoiblí an méid seo a leanas freisin: (i) go raibh neamhspleáchas ina réamhchoinníoll chun maoirseacht éifeachtach a fhorbairt; (ii) go bhféadfadh an fhreagracht nua feabhas a chur ar chomhchuibhiú i réimse an neamhspleáchais mhaoirseachta; agus (iii) go bhféadfadh na Ú‎MEnna léargas úsáideach a sholáthar agus iad ag déanamh comparáide idir staid an neamhspleáchais mhaoirseachta ar fud na hEorpa.

Dʼáitigh roinnt freagróirí ón tionscal airgeadais go bhfuil neamhspleáchas na maoirseoirí náisiúnta ríthábhachtach chun dlisteanacht agus creidiúnacht an phróisis mhaoirseachta a áirithiú. Thug institiúid taighde faoi deara gur cheart neamhspleáchas na n‑údarás maoirseachta náisiúnta a rialáil go haonfhoirmeach ar fud na hEorpa trí leasuithe ar an reachtaíocht airgeadais ábhartha a thabhairt isteach.

Measúnú ón gCoimisiúin

Aontaíonn an Coimisiún gur céim sa treo ceart iad na leasuithe a leagtar amach in athbhreithniú ÚME 2019 agus gur cheart tionchar dearfach foriomlán a bheith acu ar rialachas na ÚMEnna. Ach in ainneoin na n‑athruithe sin, agus cinntí á ndéanamh ag na 27 maoirseoir náisiúnta tá an Coimisiún den tuairim i gcónaí go bhféadfadh córas rialachais na ÚMEnna an iomarca suntais a thabhairt fós do leasanna náisiúnta agus ó am go chéile go bhféadfaidís torthaí fo-optamacha a bhaint amach. Ina theannta sin, is deacair do na ÚMEnna, uaireanta, na huirlisí cóineasaithe atá ar fáil dóibh a úsáid ar an mbealach is iomchuí de bharr an chórais rialachais seo. Tacaíonn conclúidí Chúirt Iniúchóirí na hEorpa leis an tuairim sin agus tacaíonn freagraí ar an gcomhairliúchán leis an tuairim sin freisin, go háirithe freagraí ón lucht acadúil, ó ghrúpaí tomhaltóirí, agus ó líon teoranta páirtithe leasmhara tionscail agus ó údaráis phoiblí. Mar sin féin, measann an Coimisiún nach bhfuil go leor ama caite ó cuireadh tús leis na hathruithe is déanaí a chur i bhfeidhm de réir cleachtais chun a chinneadh cé acu an bhfuil gá le tuilleadh leasuithe. Léirigh an t‑aiseolas ón gcomhairliúchán go soiléir nach dtacaíonn páirtithe leasmhara ar an iomlán le tuilleadh athruithe reachtacha. Dá bhrí sin, staonfaidh an Coimisiún ó thuilleadh athruithe a mholadh ag an bpointe seo. Mar sin féin, déanfaidh an Coimisiún dlúthfhaireachán ar an bpríomhréimse seo agus breithneoidh sé tuilleadh beart.

Bunaithe ar mholtaí ón gcomhairliúchán, breithneoidh an Coimisiún an gá atá le hathrú spriocdhírithe ar rialachas an ÚBE chun deighilt níos comhsheasmhaí a áirithiú idir a fheidhmeanna réitigh agus a fheidhmeanna stuamachta. Thairis sin, breithneoidh an Coimisiún ar chaighdeáin neamhspleáchais a thabhairt isteach in athbhreithnithe a dhéanfar amach anseo ar reachtaíocht earnála. Chuige sin, mhol an Coimisiún forálacha oibríochtúla cheana maidir le prionsabal neamhspleáchais na núdarás inniúil sa phacáiste baincéireachta a glacadh i mí Dheireadh Fómhair 2021 30 .

Ina theannta sin, is féidir leis na ÚMEanna roinnt feabhsuithe a mhol páirtithe leasmhara sa chomhairliúchán a chur chun feidhme measartha tapa. Iarrann an Coimisiún ar na ÚMEnna machnamh a dhéanamh ar na moltaí seo a leanas.

-Ba cheart do na ÚMEnna feabhas a chur ar thrédhearcacht maidir le tráthúlacht chinntí an Bhoird Maoirseoirí agus an tábhar a bheidh iontu tríd an gcuid dá gcláir oibre a bhaineann le míreanna rialála a fhoilsiú. Maidir le cúrsaí rialála, dʼfhéadfaí féilire pleanála trialach a fhoilsiú gach 6 mhí, ionas gur féidir le páirtithe leasmhara comhairliúcháin a réamhmheas.

-I gcás nach bhfuil sin amhlaidh cheana féin, dʼfhéadfadh na ÚMEnna a nidirghníomhaíocht le páirtithe leasmhara a mhéadú tuilleadh trí pháirt níos mó a ghlacadh in idirphlé leanúnach leis na páirtithe leasmhara, de bhreis ar a bhfuil ag tarlú cheana le grúpaí na bpáirtithe leasmhara.

-Ar mhaithe le héifeachtúlacht níos fearr, iarrtar ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí breithniú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil tuilleadh féidearthachtaí ann cinntí maoirseachta laethúla a tharmligean i leith eintiteas atá faoina mhaoirseacht dhíreach chuig coistí, nó chuig an gcathaoirleach.

-Tá méadú ar líon na gcúraimí agus na nábhar trasearnálacha nach mór do na ÚMEnna déileáil leo. Dá bharr sin, tá an Comhchoiste ag éirí níos ábhartha. I bhfianaise na bhforbairtí sin, iarrtar ar na ÚMEnna machnamh a dhéanamh ar na hathruithe inmhianaithe a dʼfhéadfaí a dhéanamh ar an gcreat amach anseo chun acmhainní leordhóthanacha a áirithiú agus chun an próiseas cinnteoireachta a fheabhsú. Iarrann an Coimisiún ar na ÚMEnna an chomhairle sin a chur ar fáil don Choimisiún faoi dheireadh 2023.

-Spreagtar na ÚMEnna chun tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh sa chúram nua atá orthu maidir le faireachán a dhéanamh ar an neamhspleáchas maoirseachta agus é sin a chothú trí phrionsabail an neamhspleáchais a fhorbairt tuilleadh (i.e. neamhspleáchas oibríochtúil, airgeadais agus pearsanta chomh maith le cuntasacht agus trédhearcacht) agus trí chritéir thrasearnálacha do neamhspleáchas maoirseachta san Aontas a dhréachtú. Ansin dʼfhéadfadh na ÚMEnna measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíontar na critéir, agus ar an gcaoi sin dul níos faide ná féinmheasúnuithe na núdarás inniúil a rinneadh go dtí seo.

4.MAOIRSEACHT DHÍREACH

Cúlra agus torthaí

Le hathbhreithniú Ú‎ME 2019 cuireadh freagrachtaí maoirseachta dírí ar iontaoibh an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí sna réimsí seo a leanas: (i) tagarmharcanna ríthábhachtacha AE agus riarthóirí tagarmharcanna neamhAE; agus (ii) soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí. Tá feidhm ag na cumhachtaí maoirseachta dírí leathnaithe sin ón 1 Eanáir 2022. Ó mhí Eanáir 2020 i leith, tá réimse nua freagrachtaí maoirseachta tugtha don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí faoi chreat an Rialacháin maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach 2.2 31 maidir le Contrapháirtithe Lárnacha (CPLanna) neamhAE.

I mí Dheireadh Fómhair 2020, dʼiarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar níos mó cumhachtaí maoirseachta dírí a dheonú de réir a chéile don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, lena náirítear maoirseacht dhíreach ar dheighleoga áirithe den mhargadh, amhail: (i) CPLanna an Aontais; (ii) taisclanna lárnacha urrús; agus (iii) an Pointe Rochtana Aonair Eorpach 32 .

Sa chomhairliúchán, thug formhór na bhfreagróirí measúnuithe measartha dearfach ar chumhachtaí maoirseachta an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí agus ar fheidhmíocht an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí i dtaca le maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus ar stórtha trádála. Chuir freagróirí in iúl freisin, áfach, go bhféadfaí feabhas a chur ar chúrsaí, go príomha ó thaobh cumarsáide agus trédhearcachta de. Mar shampla, mhol na freagróirí go raibh gá leis an méid a leanas: (i) idirghníomhú níos dlúithe idir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, na hÚdaráis Náisiúnta Inniúla agus stórtha trádála; agus (ii) cruinnithe déthaobhacha níos rialta idir an maoirseoir agus an t‑eintiteas ar a ndéantar maoirseacht.

Maidir le raon feidhme na gcumhachtaí maoirseachta dírí amach anseo, níor mheas formhór na bhfreagróirí go raibh gá le tuilleadh láraithe ar chumhachtaí maoirseachta sna ÚMEnna, ar a laghad gan aon ghá a bheith leo faoi láthair. Dʼáitigh na freagróirí sin an méid a leanas: (i) gur cheart do na hÚdaráis Náisiúnta Inniúla formhór na n‑oibreoirí caipitil a mhaoirsiú i gcónaí i bhfianaise a ngaireachta agus a n‑eolais áitiúil; (ii) gur cuireadh na ÚMEnna ar bun mar eagraíochtaí faoi thionchar ballraíochta agus é mar chuspóir acu cóineasú maoirseachta a fheabhsú i measc na nÚdarás Náisiúnta Inniúil; agus (iii) go gciallaíonn prionsabal na coimhdeachta agus prionsabal na comhréireachta nach gá cumhachtaí a lárú tuilleadh. Mar sin féin, mheas freagróirí eile ó údaráis phoiblí agus ón tionscal araon gur cheart maoirseacht dhíreach a mheas i réimsí sonracha de mhargaí caipitil ina gcuirfeadh sé breisluach leo. Is iad seo a leanas na réimsí inar cheart maoirseacht dhíreach a bhreithniú, eadhon:

-gníomhaireachtaí rátála comhshaoil, sóisialta agus rialachais, soláthraithe sonraí comhshaoil, sóisialta agus rialachais, agus soláthraithe seirbhíse a bhaineann le hinbhuanaitheacht;

-bonneagair mhargaidh uile-Eorpacha amhail CPLanna an Aontais.

Bhí roinnt údarás poiblí den tuairim gur cheart an cinneadh maidir le cumhachtaí maoirseachta dírí a thabhairt do na ÚMEnna a bheith bunaithe ar fhianaise agus ar shraith critéar soiléir.

Measúnú ón gCoimisiúin

I gcomhréir leis an bplean gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil, déanfaidh an Coimisiún a mhacnamh ar mhaoirseacht dhíreach ag na ÚMEnna a mholadh i gcás ina léireofar nach bhfuil an cur ar bun maoirseachta atá ann faoi láthair oiriúnach don leibhéal comhtháthaithe margaidh atá ag teastáil. Déanfaidh an Coimisiún measúnú cúramach ar an ábhar seo agus athbhreithniú á dhéanamh aige ar an reachtaíocht earnálach ábhartha.

Chuige sin, chuir an Coimisiún san áireamh cheana féin i dtrí thogra reachtacha le déanaí atá faoi chaibidlíocht (MiCA 33 , DORA 34 agus an togra maidir le bannaí glasa an Aontais 35 ) sainorduithe maidir le maoirseacht dhíreach don Údarás Baincéireachta Eorpach agus don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí agus freagrachtaí formhaoirseachta ar na trí ÚME.

Tá an Coimisiún 36 ag féachaint freisin ar bhealaí chun aghaidh a thabhairt ar an riosca cobhsaíochta airgeadais a bhaineann leis an róspleáchas ar CPLanna atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe. Tá sé i gceist aige teacht ar aghaidh i mbliana le bearta chun CPLanna atá bunaithe san AE a dhéanamh níos tarraingtí, lena náirítear trí athbhreithniú a dhéanamh ar chóras maoirseachta an Aontais maidir le CPLanna. Sa chomhthéacs sin, reáchtáil an Coimisiún comhairliúchán spriocdhírithe le déanaí maidir leis an athbhreithniú ar an gcreat lárnach imréitigh san Aontas 37 .

Ina theannta sin, breithneoidh an Coimisiún an fhéidearthacht maidir le ‘modhanna’ éagsúla maoirseachta dírí a leagan amach mar bhealach féideartha chun cinn i réimse na maoirseachta dírí. Dʼfhéadfadh an tsamhail ‘hub and spoke’ a bheith i gceist mar shamhail amháin den sórt sin, ina bhfuil ról suntasach ag na húdaráis náisiúnta inniúla i gcónaí agus ina núsáideann siad a gcuid eolais ar shainiúlachtaí náisiúnta margaí agus ar chórais dlí chun go dtairbheoidh siad dʼúdarás maoirseachta lárnach. Is amhlaidh an cás cheana féin sa tsamhail a úsáideann an Sásra Maoirseachta Aonair nó sa togra le haghaidh Rialacháin lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac 38 .

5.AN LEABHAR RIALACHA AONAIR AGUS OIBRIÚ NA ÚMEnna

Cúlra agus torthaí

Tagraíonn ‘leabhar rialacha aonair feabhsaithe’ do rialacha níos cuimsithí agus, i gcás inarb iomchuí, do rialacha níos gráinní ar leibhéil éagsúla de reachtaíocht agus de threoir an Aontais. Maidir le gnéithe bunriachtanacha, tugtar le tuiscint leis sin go bhfuil níos mó rialacha AE leagtha amach i Leibhéal 1, eadhon Rialacháin agus Treoracha. Maidir le gnéithe neamhriachtanacha, tugtar le tuiscint leis sin go bhfuil níos mó rialacha AE a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe nó i ngníomhartha cur chun feidhme i Leibhéal 2. Ansin is féidir tuilleadh treorach agus soiléirithe a chur ar fáil i dtreoirlínte nó i gCeisteanna & Freagraí arna n‑eisiúint ag ÚMEnna i Leibhéal 3. Ina theannta sin, in ionad treoracha, is féidir níos mó comhchuibhithe a fháil trí Rialacháin atá infheidhme go díreach i Leibhéal 1 maidir le reachtaíocht earnálach amach anseo, nó maidir le reachtaíocht atá ann cheana agus a bheidh le hathbhreithniú. Dʼfhéadfadh go mbeadh rogha níos fearr i gceist le rialacháin ná treoracha sa chás seo, toisc go bhfágtar leis na treoracha go ginearálta go mbeidh an rogha ag na Ballstáit conas an treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta. Dʼfhéadfaí níos mó comhchuibhithe a chur i bhfeidhm freisin trí chéimeanna éagsúla comhchuibhithe maidir le rialacháin nó treoracha; nó trí níos lú roghanna gan a bheith páirteach a cheadú maidir le rialacha comhchuibhithe.

Tá an comhbhabhtáil idir Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 nasctha freisin leis an gceist níos leithne maidir le conas luas, inoiriúnaitheacht agus cáilíocht a bhaint amach sa reachtaíocht, ní atá ábhartha go háirithe dʼearnálacha atá ag dul faoi chlaochlú tapa.

a)Feabhas a chur ar chomhchuibhiú sna gníomhartha reachtacha

Níor léiríodh tacaíocht láidir ó pháirtithe leasmhara sa chomhairliúchán maidir le comhchuibhiú breise a dhéanamh ar reachtaíocht earnálach Leibhéal 1 amach anseo, dʼainneoin roinnt tacaíochta maidir le breis comhchuibhithe sna rialacha maidir le soláthar seirbhísí trasteorann.

b)Cur i bhfeidhm an dlí chomhchuibhithe a éascú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe nó gníomhartha cur chun feidhme

Le blianta beaga anuas, bhí cásanna i reachtaíocht seirbhísí airgeadais inar ceanglaíodh ar rannpháirtithe sa mhargadh agus ar mhaoirseoirí tús a chur le gníomhartha reachtacha a chur i bhfeidhm tráth nuair nár glacadh fós roinnt de na gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme ábhartha 39 , lena náirítear caighdeáin theicniúla rialála nó caighdeáin theicniúla cur chun feidhme. Chuir go leor páirtithe leasmhara in iúl go bhféadfadh sé sin a bheith ina ábhar mór imní i gcásanna áirithe.

Measúnú ón gCoimisiúin

a)Feabhas a chur ar chomhchuibhiú sna gníomhartha reachtacha

Níor léirigh páirtithe leasmhara tacaíocht do chomhchuibhiú breise i bhfoirm níos mó rialacha de chuid an Aontais nó rialacha níos gráinní de chuid an Aontais ar Leibhéal 1 nó Leibhéal 2. Níl sé i gceist ag an gCoimisiún, dá bhrí sin, athbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais atá ann cheana, d’aon toisc chun rialacha níos gráinní a thabhairt isteach ar Leibhéal 1, nó chun deireadh a chur le forálacha lena gceadaítear lánrogha náisiúnta. Nuair a bheidh reachtaíocht á hathbhreithniú nó á moladh, áfach, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an tionchar a dʼfhéadfadh a bheith ag rialacha níos gráinní a thabhairt isteach agus teorainn a chur leis an lánrogha náisiúnta i reachtaíocht earnálach Leibhéal 1. Maidir le treoracha, áireofar air sin freisin measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag rogha chun treoir a thiontú ina rialachán.

Maidir leis an ngá atá ann a áirithiú go mbeidh reachtaíocht an Aontais slán i bhfad na haimsire agus gur féidir léi oiriúnú go héasca do luathú na bhforbairtí teicneolaíochta agus margaidh, tá sé tábhachtach do na comhreachtóirí, nuair is féidir agus nuair is iomchuí, prionsabail ghinearálta a leagan síos i leibhéal 1 agus rialacha níos mionsonraithe a leagan síos i leibhéal 2. Cheadódh sé sin freagairt níos gasta dʼfhorbairtí tapa ar an margadh.

b)Cur i bhfeidhm an dlí chomhchuibhithe a éascú trí ghníomhartha tarmligthe nó trí ghníomhartha cur chun feidhme

Cuimsítear i ngníomhartha reachtacha Leibhéal 1 gach gné shár-riachtanach den reachtaíocht lena rialaítear réimse nó earnáil áirithe, ós rud é nach féidir leis an gCoimisiún ach gnéithe neamhriachtanacha a tharmligean chuig déanamh rialacha riaracháin. Dá bhrí sin, is féidir, i bprionsabal, aon ghníomh reachtach a chur i bhfeidhm fiú in éagmais ghníomhartha ábhartha Leibhéal 2. Mar sin féin, ní gá gur leor comhlíonadh na bprionsabal atá leagtha síos sa ghníomh reachtach chun na torthaí go léir a ceapadh leis an reachtaíocht a bhaint amach. Tá sé seo fíor go háirithe maidir le ceanglais tuairiscithe i gcás ina ndéanann tuairisciú saorfhormáide comhleanúnachas agus inchomparáideacht a chur i mbaol, in éagmais gníomhartha cur chun feidhme lena soláthraítear teimpléid ina leith. Sna cásanna sin, féadfaidh an tuairisciú saorfhormáide léirmhíniú na sonraí ag na maoirseoirí agus ag na hinfheisteoirí a dhéanamh níos casta freisin, sula mbeidh na gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann leo ar fáil.

Éiríonn an tsaincheist seo mar thoradh ar an teannas idir an dá fheiniméan seo a leanas.

Is é an chéad feiniméan go nglacann sé am chun gníomhartha Leibhéal 2 a tharraingt suas, i ngeall ar a nádúr féin. I roinnt cásanna, glacann sé go leor ama ar na ÚMEnna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus caighdeáin theicniúla cur chun feidhme, mar shampla, a tháirgeadh, i bhfianaise a gcineáil chasta agus theicniúil. Téann na ÚMEnna i gcomhairle go forleathan le páirtithe leasmhara freisin agus téann siad trí phróisis inmheánacha glactha. Dá éis sin, bíonn malartuithe teicniúla idir na ÚMEnna agus an Coimisiún agus dʼfhéadfadh am a bheith i gceist leis sin sula gcuirfear tús leis an nós imeachta glactha mar is ceart. Ar deireadh, tar éis don Choimisiún gníomhartha áirithe Leibhéal 2 a ghlacadh, amhail gníomhartha tarmligthe ón gCoimisiún agus caighdeáin theicniúla rialála, tá siad faoi réir grinnscrúdaithe ag na comhreachtóirí agus dʼfhéadfadh sé go mairfeadh sin roinnt míonna. Mar sin féin, ní féidir leis an gCoimisiún dlús a chur leis an bpróiseas trí iarraidh ar na ÚMEnna tosú ag obair ar ghníomhartha Leibhéal 2 sula nglacfar le reachtaíocht Leibhéal 1, ós rud é nach bhfuil na cumhachtuithe ábhartha tugtha chun críche go fóill ag an bpointe sin.

Is é an dara feiniméan, nuair a thagann na comhreachtóirí ar chomhaontú maidir le prionsabail an chreata, go bhféadfaidís a bheith claonta chun foráil a dhéanamh do theacht i bhfeidhm gairid ghnímh Leibhéal 1. Déanann siad é sin chun an toradh beartais atá beartaithe a bhaint amach go tapa, ach fágann sé sin go bhfuil sé an‑deacair gníomhartha Leibhéal 2 a thabhairt chun críche faoin dáta céanna.

Tá an t‑ualach ar rannpháirtithe sa mhargadh á mhaolú ag an gCoimisiún agus ag na ÚMEnna cheana féin trí ardleibhéal trédhearcachta nuair a dhréachtaíonn siad comhairle theicniúil agus caighdeáin theicniúla. Cuireann an trédhearcacht seo ar chumas rannpháirtithe sa mhargadh tús a chur lena gcuid ullmhúcháin ar bhonn dréachtaí. Mar sin féin, níl aon stádas dlí ag baint le dréachtaí agus is féidir go ndéanfaidh an Coimisiún caighdeáin theicniúla (nó gníomhartha eile Leibhéal 2) a mhodhnú ansin, tar éis do na comhreachtóirí éilimh a dhéanamh sa phróiseas grinnscrúdaithe. I gcás ina mbeidh na modhnuithe sin de chineál ábhartha, ceanglaítear ar an gCoimisiún dréachtchaighdeáin theicniúla a chur ar ais chuig na ÚMEnna lena ndréachtú tuilleadh. Dá bhrí sin, tá teorainneacha leis an méid léargais is féidir leis na páirtithe leasmhara a bhaint as dréachtaí de chaighdeáin theicniúla a foilsíodh roimhe seo, fiú i gcás ina bhféadfadh go n‑éileodh athruithe beaga ar pháirtithe leasmhara oiriúnú a dhéanamh.

Admhaíonn an Coimisiún go bhféadann sé a bheith dúshlánach forálacha áirithe a chur i bhfeidhm i ngníomhartha reachtacha sula ndéanfar gníomhartha tarmligthe nó gníomhartha cur chun feidhme a fhógairt. Oibreoidh sé chun feasacht ar an bhfadhb seo a ardú, leis na comhreachtóirí agus leis na ÚMEnna araon. Meabhraíonn an Coimisiún nár mhór aghaidh a thabhairt ar roinnt de na deacrachtaí sin roimhe seo trí athruithe a dhéanamh ar na príomhghníomhartha reachtacha i gceist chun moill a chur ar an gcur i bhfeidhm. Ina theannta sin, leanfaidh an Coimisiún de réamhthreoir neamhfhoirmiúil a lorg, i gcás inarb iomchuí, ó na ÚMEnna maidir le huainiú dóchúil na ngníomhartha beartaithe Leibhéal 2, dʼfhonn an fhaisnéis seo a chur leis an bpróiseas reachtach nuair is tairbhiúil é.

6.MAOINIÚ

Cúlra agus torthaí

Tá buiséid ÚMEnna bunaithe ar ranníocaíocht 60% ó na hÚdaráis Náisiúnta Inniúla agus ar ranníocaíocht 40% ó bhuiséad an Aontais. I gcás an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí, tá an dáileadh seo beagáinín difriúil, mar íocann eintitis a ndéanann an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí maoirseacht dhíreach orthu táillí maoirseachta leis an ngníomhaireacht sin freisin. Níor thacaigh na comhreachtóirí le tograí an Choimisiúin in athbhreithniú Ú‎ME 2019 maidir leis an gcóras cistithe a athrú, agus níor tháinig aon athrú ar na rialacha cistithe.

Sa chomhairliúchán, mheas formhór mór na bhfreagróirí go bhfuil na forálacha maidir le maoiniú iomchuí agus go gcuireann siad ar chumas na ÚMEnna acmhainní leordhóthanacha a fháil chun a gcúraimí a chur i gcrích. Dʼáitigh na húdaráis phoiblí gurb iomchuí an deighilt 40/60 atá ann faoi láthair maidir le ranníocaíochtaí cistithe. Dúirt siad, toisc gur mó a bhaineann feidhm phoiblí le hobair na ÚMEnna, go raibh sé cóir agus cuí cistiú a bheith de réir ranníocaíochtaí poiblí go príomha. Bhí roinnt údarás poiblí, as tíortha beaga den chuid is mó, den tuairim go bhféadfaí sciar an mhaoinithe ó bhuiséad an Aontais a mhéadú.

Bhreathnaigh freagróirí ón tionscal airgeadais gur leor an tsamhail chistithe atá ann faoi láthair toisc: (i) gur cheart cúraimí de chineál rialála a chistiú ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh; agus (ii) gur cheart gurb iad na hÚdaráis Náisiúnta Inniúla a chisteodh cúraimí maidir le cóineasú maoirseachta toisc go mbaineann siad leas díreach as an obair chóineasaithe agus toisc gurb í príomhfhreagracht an Stáit í an mhaoirseacht sin. Dʼáitigh na freagróirí airgeadais agus tionscail freisin go dtugann an tsamhail chistithe reatha cumhacht do Pharlaimint na hEorpa rialú buiséadach a fheidhmiú ar na ÚMEnna don chuid dá mbuiséad a mhaoinítear ó bhuiséad ginearálta an Aontais, agus dá bhrí sin go n‑áirithítear go bhféadfar na ÚMEnna a bheith cuntasach.

In ainneoin an mheasúnaithe dhearfaigh fhoriomláin, sainaithníodh roinnt saincheisteanna sna táillí a ghearrtar ar eintitis faoi mhaoirseacht chun na costais a bhaineann le sainorduithe maoirseachta dírí an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí a chumhdach. Dʼáitigh údarás poiblí amháin gur cheart gur ón Aontas a thiocfadh méadú ar mhaoiniú sainorduithe maoirseachta dírí seachas ó mhéadú ar tháillí ó eintitis faoi mhaoirseacht. Sa chomhairliúchán, dʼardaigh an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí 40 an cheist maidir leis an easpa solúbthachta i gcóras na dtáillí, rud a fhágann nach féidir leis acmhainní a athleithdháileadh ar bhonn rioscaí sainaitheanta. Ina theannta sin, i gcás roinnt cúraimí maoirseachta dírí, tá líon na neintiteas faoi mhaoirseacht beag nó is dócha go mbeidh sé beag 41 . Dʼfhéadfadh leibhéal ard táillí dʼeintitis bheaga a bheith mar thoradh air sin, toisc go gceanglaítear le reachtaíocht earnála go gcumhdaítear leis na táillí na costais go léir a thabhaítear le haghaidh gníomhaíochtaí maoirseachta a bhaineann leis na heintitis sin.

Measúnú ón gCoimisiúin

I gcomhréir leis an aiseolas a fuarthas, níl sé i gceist ag an gCoimisiún leasuithe reachtacha a mholadh chun an creat dlí reatha maidir le cistiú na ÚMEnna a athrú.

Chun aghaidh a thabhairt ar cheist na dtáillí maoirseachta agus chun a áirithiú go bhfanfaidh na táillí réasúnta i ndáil le hioncaim na n‑eintiteas faoi mhaoirseacht, iarrann an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí féachaint ar na roghanna éagsúla atá ar fáil laistigh den chreat dlíthiúil reatha. Dʼfhéadfaí breithniú a dhéanamh ar leasuithe spriocdhírithe sa reachtaíocht earnála, más rud é nach leor gach beart neamhreachtach féideartha chun aghaidh a thabhairt ar an gceist.

 

7.COSAINT AN TOMHALTÓRA

Cúlra agus torthaí

Cuid thábhachtach de shainordú na ÚMEnna is ea cosaint an chustaiméara agus an tomhaltóra a fheabhsú. Mhéadaigh athbhreithniú Ú‎ME 2019 cúraimí na ÚMEnna agus chuir sé feabhas ar a n‑uirlisí sa réimse seo. Mar shampla, leis an athbhreithniú cuireadh na nithe seo a leanas de chúram ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí: (i) rúnsiopadóireacht a chomhordú; (ii) forbairt a dhéanamh ar tháscairí riosca miondíola; (iii) bailiú, anailís agus tuairisciú ar threochtaí tomhaltóirí; agus (iv) síneadh a chur le fiosrúcháin faoi Airteagal 22(4) de Rialacháin Ú‎‎ME maidir le bagairtí a dʼfhéadfadh a bheith ann do chosaint tomhaltóirí nó infheisteoirí.

Sa chomhairliúchán poiblí, mheas formhór na bpáirtithe leasmhara gur rannchuidigh na ÚMEnna go dearfach le cosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí a choimirciú. Thug roinnt páirtithe leasmhara le fios gur minic a bhíonn saincheisteanna an tomhaltóra ar bhonn áitiúil. Ciallaíonn sé sin go bhfuil comhoibriú maith idir na hÚdaráis Náisiúnta Inniúla agus ÚMEnna ríthábhachtach. I dtuairim fhormhór na bhfreagróirí, soláthraíonn na ÚMEnna breisluach trí shaincheisteanna an tomhaltóra ar fud an Aontais a shainaithint agus trí dhea-chleachtais a roinnt i measc na nÚdarás Náisiúnta Inniúil. Ina theannta sin, thug formhór na bhfreagróirí le fios go bhfuil ról tábhachtach comhordaithe ag na ÚMEnna laistigh den mhargadh inmheánach i ndáil le soláthar seirbhísí trasteorann. I dtaca leis seo, dʼiarr roinnt údarás poiblí cumhachtaí comhordaithe níos éifeachtaí chun maoirseacht a dhéanamh ar sheirbhísí trasteorann chun an riosca díobhála do thomhaltóirí a laghdú.

Measúnú ón gCoimisiúin

Measann an Coimisiún nach bhfuil aon chás ann faoi láthair maidir le hathruithe reachtacha ar rialacháin bhunaidh na ÚMEnna i réimse chosaint an tomhaltóra. Déanfaidh an Coimisiún breithniú cúramach, áfach, ar an gcreat dlíthiúil reatha le linn na nathbhreithnithe leanúnacha atá á ndéanamh ar reachtaíocht earnálach agus molfaidh sé leasuithe iomchuí chun easnaimh aitheanta i gcosaint an tomhaltóra a shárú. Sa mheon sin, leis an leasú ar ardáin chomhoibríocha san athbhreithniú ar Shócmhainneacht II 42 , a moladh an 22 Meán Fómhair 2021, dhéanfaí an méid seo a leanas: (i) a chur ar chumas ÚEÁPC ról feabhsaithe a imirt maidir le déileáil le gnéithe stuamachta i gcásanna casta trasteorann; agus (ii) cumhachtaí ÚEÁPC a mhéadú chun na rioscaí do chosaint an tomhaltóra a laghdú nuair a thairgtear táirgí árachais thar theorainneacha. Deis eile a bheidh sa straitéis infheistíochta miondíola 43 atá le teacht chun tuilleadh feabhsuithe reachtacha a dhéanamh ar mhaithe le cosaint an tomhaltóra.

Iarrtar ar na ÚMEnna freisin leanúint dʼúsáid a bhaint as na huirlisí go léir atá ar fáil chun a gcuspóirí um chosaint an tomhaltóra agus an infheisteora a bhaint amach. I measc na n‑uirlisí seo tá tuarascálacha ar threochtaí tomhaltóirí, teasléaráidí déine maoirseachta, athbhreithnithe piaraí, agus rabhaidh/anailísí ar thuarascálacha measúnaithe féinriosca agus sócmhainneachta san earnáil árachais agus pinsin.

8.RIOSCA SISTÉAMACH

Cúlra agus torthaí

Mar fhreagairt ar an ngéarchéim airgeadais dhomhanda, tugadh do na ÚMEnna, in éineacht leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS), sainordú rannchuidiú le maoirseacht macrastuamachta a dhéanamh ar chóras airgeadais an Aontais agus an riosca sistéamach a chosc agus a mhaolú, toisc gur mheas an comhreachtóir go raibh sé tábhachtach nach ar ghnólachtaí aonair amháin a dhíreodh socruithe maoirseachta san Aontas, ach go n‑áiritheofaí leo freisin cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine.

Dúirt formhór na bhfreagróirí sa chomhairliúchán poiblí gur fheabhsaigh struchtúr reatha na maoirseachta airgeadais ag na ÚMEnna agus ag BERS an comhar agus an comhordú idir na feidhmeanna um riosca sistéamach i measc na n‑údarás inniúil. Go háirithe, dʼaithin páirtithe leasmhara an comhar idir na Ú‎‎MEnna agus BERS maidir le tástáil struis mar shampla de dhea-chleachtas. Cé go bhfuil an próiseas foriomlán tástála struis comhordaithe go maith ag na ÚMEnna, dʼiarr roinnt freagróirí go ndéanfaí an próiseas a chuíchóiriú tuilleadh. Rinne siad an iarraidh sin toisc go bhfuil an leibhéal mionsonraithe i dtuairisciú tástála struis dian ar Údaráis Náisiúnta Inniúla agus ar eintitis faoi mhaoirseacht mar gheall ar an bpróiseas dearbhaithe cáilíochta. Dá bhrí sin, mhol roinnt páirtithe leasmhara cur chuige níos bunaithe ar riosca maidir le dearbhú cáilíochta tástálacha struis. Ina theannta sin, léirigh roinnt páirtithe leasmhara tionscail ábhair imní faoi thorthaí tástála struis a fhoilsiú, nó baineann roinnt rioscaí leis sin maidir le cur isteach ar an margadh mura mbraitheann an pobal níos leithne go hiomlán na miondifríochtaí go léir a bhaineann le toradh an chleachtaidh.

Measúnú ón gCoimisiúin

Ní fheictear don Choimisiún go bhfuil gá ann faoi láthair le leasuithe reachtacha sa réimse seo, ach iarrann sé ar na ÚMEnna agus ar BERS an próiseas tástála struis a chuíchóiriú tuilleadh. Tugann an Coimisiún dá aire freisin an breisluach a bhaineann le hardleibhéal trédhearcachta a áirithiú maidir leis na torthaí tástála struis, lena n‑áirítear torthaí aonair a fhoilsiú san earnáil árachais.

Ina theannta sin, moltar do na ÚMEnna, do BERS agus do na húdaráis inniúla ar fad an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) leanúint lena gcomhar a neartú maidir le saincheisteanna a bhaineann le riosca sistéamach ar fud gach cuid den earnáil airgeadais; agus (ii) a n‑iarrachtaí a neartú chun comhtháscairí maidir le riosca sistéamach a fhorbairt, agus na hidirghníomhaíochtaí idir na hearnálacha a ndéanann siad maoirseacht orthu á gcur san áireamh.

9.CONCLÚID

Ó athbhreithniú deireanach Ú‎ME in 2019, lean na ÚMEnna lena gcuid cúraimí a chomhlíonadh go héifeachtúil agus go héifeachtach, lena n‑áirítear le linn na gcúinsí dúshlánacha is cúis le paindéim COVID‑19 le déanaí. Thaispeáin gníomhaíochtaí na ÚMEnna le linn phaindéim COVID‑19 go raibh siad in ann gníomhaíocht na n‑údarás náisiúnta a chomhordú ar bhealach éifeachtúil. Glacann an Coimisiún leis sin mar léiriú soiléir gur leor, den chuid is mó, struchtúr foriomlán an Chórais Eorpaigh um Maoirseacht Airgeadais – agus an príomhról atá aige do na trí ÚME – agus go n‑oibríonn sé go maith.

Tá roinnt éifeachtaí suntasacha le sonrú mar thoradh ar na leasuithe a tugadh isteach in athbhreithniú Ú‎ME 2019. Mar shampla, bhí an próiseas athbhreithnithe piaraí nua ina uirlis chóineasaithe thapa agus éifeachtúil, mar a chonacthas óna chéad úsáid i gcás Wirecard.

Tá an t‑aiseolas a fuarthas ó pháirtithe leasmhara ar na hathruithe a tugadh isteach le hathbhreithniú deireanach Ú‎ME in 2019 dearfach ar an iomlán. Mar sin féin, dhírigh freagróirí an chomhairliúcháin ar roinnt saincheisteanna atá fágtha, go háirithe maidir le rialachas na ÚMEnna. Meabhraíonn an Coimisiún i gcónaí nach gcabhraíonn socruithe rialachais ÚMEnna – agus cinntí á ndéanamh ag 27 maoirseoir náisiúnta – i gcónaí chun a áirithiú go n‑úsáidtear na huirlisí cóineasaithe agus na hionstraimí eile atá ar fáil do na ÚMEnna ar an mbealach is éifeachtaí.

Ó tharla nach raibh na hathruithe ar Rialacháin Ú‎ME i bhfeidhm go dtí 2020 44 , measann an Coimisiún go bhfuil níos mó ama ag teastáil chun tionchar iomlán an athbhreithnithe is déanaí a mheas sula ndéanfar aon leasuithe nua ar Rialacháin ÚME a mheas. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go bhfuil sé róluath athruithe reachtacha ar Rialacháin Ú‎ME a mholadh ag an bpointe seo. Mar sin féin, i gcás ina sainaithníonn an Coimisiún go bhfuil gá le hathruithe ar mhaoirseacht mar fhreagairt ar fhorbairtí nó easnaimh nua, féadfaidh an Coimisiún athruithe spriocdhírithe ar reachtaíocht earnála a mholadh chun feabhas a chur ar chóineasú maoirseachta agus ar mhaoirseacht.

Ina theannta sin, léiríodh ón athbhreithniú roinnt réimsí ina bhféadfaí feabhsúcháin a chur chun feidhme gan aon ghá le hathruithe reachtacha. Mar atá leagtha amach sa tuarascáil seo, oibreoidh an Coimisiún i gcomhar leis na ÚMEnna chun a mheas cé acu an bhfuil gá le bearta neamhreachtacha agus cé na réimsí ina bhfuil gá leo. Ba é aidhm na mbeart neamhreachtach seo cóineasú maoirseachta agus maoirseacht chomhsheasmhach a chur chun cinn, ar bunchloch thábhachtach é chun fíor-Aontas na Margaí Caipitil a chruthú. Tá an Coimisiún ag tnúth le leanúint lena rannpháirtíocht le Parlaimint na hEorpa, leis na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara go léir maidir leis an ábhar seo agus oibreoidh sé leis na ÚMEnna ar na bealaí a leagtar amach sa tuarascáil seo.

(1)

  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa ; Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnaimh agus réitigh contrapháirtithe lárnacha .

(2)

  Capital Markets Union 2020 Action Plan_en [Plean Gníomhaíochta 2020 Aontas na Margaí Caipitil]

(3)

  Rialachán (AE) Uimh.   1093 / 2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear an tÚdarás Baincéireachta Eorpach.

Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde.  

Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí.

(4)

Iarrtar ar an gCoimisiún le hAirteagal 81(2b) agus le hAirteagal 81(2c) de Rialachán ESMA measúnú a dhéanamh ar an maoirseacht a d’fhéadfaí a dhéanamh ar ionaid trádála agus ar thaisclanna lárnacha urrús nach bhfuil san Aontas. Tugadh aghaidh ar an maoirseacht fhéideartha ar thaisclanna lárnacha urrús mar chuid den athbhreithniú leanúnach ar an Rialachán maidir leis an Taisclann Lárnach Urrús (https://ec.europa.eu/info/publications/220316-central-securities‑depositories‑regulation‑review_en), agus déanfar an mhaoirseacht fhéideartha ar ionaid trádála nach bhfuil san Aontas a mheasúnú ag céim níos faide anonn.

(5)

Le hAirteagal 81(2b) de Rialachán ÚBE, iarrtar ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a mheasúnú: (i) na cúraimí nua a tugadh don ÚBE maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críche sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta; agus (ii) an fhéidearthacht cúraimí sonracha a thabhairt do ghníomhaireacht atá ann cheana féin nó do ghníomhaireacht thiomnaithe nua ar fud an Aontais. Tugadh aghaidh air seo sa phacáiste reachtach maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críche sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta ( https://ec.europa.eu/info/publications/210720-anti-money-laundering-countering-financing-terrorism_en ).

(6)

Athbhreithniú ÚME 2019: Rialachán (AE) 2019/2175, ina ndéantar athbhreithniú ar chumhachtaí, ar rialachas agus ar chistiú na ÚMEnna.

(7)

Tháinig na sainorduithe nua maoirseachta dírí i bhfeidhm i mí Eanáir 2022.

(8)

https://ec.europa.eu/info/files/2021-esas‑review-summary-of-responses_en

(9)

Is é sin, athbhreithnithe piaraí, tosaíochtaí maoirseachta straitéiseacha an Aontais, cúraimí nua ÚME maidir le neamhspleáchas maoirseachta a chothú, dlí an Aontais a shárú, agus idirghabháil.

(10)

Mar shampla, sa chomhthéacs seo, luaitear an méid seo a leanas: comhghníomhaíocht mhaoirseachta an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (e.g. maidir le bainistiú leachtachta GCUI); an Gréasán Comhordaithe Maoirseachta; Fóram na Maoirseoirí Sinsearacha; cur chuige riosca-bhunaithe an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí maidir le cóineasú maoirseachta (‘Teasléaráid déine’); plé ar fhíorchásanna maoirseachta; cur chun cinn ÚEÁPC ar mhalartuithe déthaobhacha agus iltaobhacha faisnéise (e.g. an tionscadal um fhógra a thabhairt ar bhonn trasteorann); plean bliantúil ÚBE agus tuarascáil ar chóineasú maoirseachta; agus treoirlínte Phróiseas Athbhreithnithe agus Maoirseachta ÚBE.

(11)

Sampla praiticiúil de litir neamhghnímh is ea an litir a ghlac an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí an 29 Aibreán 2020 maidir le cur i bhfeidhm na nochtaí nua a bhaineann le hinbhuanaitheacht le haghaidh tagarmharcanna: https://www.esma.europa.eu/press‑news/esma-news/esma-issues‑no-action‑letter-new-esg-disclosure-requirements‑under-benchmarks .

(12)

Féach ar roinnt samplaí: https://www.esma.europa.eu/sites/default/files/library/esma70-156-4714_statement_access_etds_2021.pdf ; https://www.esma.europa.eu/sites/default/files/library/esma35-43-2632_statement_suspension_rts_27.pdf .

(13)

Féach, mar shampla, cur chuige riosca-bhunaithe an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí i leith cóineasú maoirseachta (‘Teasléaráid déine’).

(14)

Rinne an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí athbhreithniú piaraí ad hoc chun measúnú a dhéanamh ar an bhfreagairt mhaoirseachta sa limistéar tuairiscithe airgeadais a thug an tÚdarás Feidearálach um Maoirseacht Airgeadais agus an Painéal Forfheidhmithe um Thuairisciú Airgeadais ar na himeachtaí ba chúis le cliseadh Wirecard AG. Sainaithníodh roinnt easnamh san athbhreithniú piaraí. Baineann siad seo le: neamhspleáchas an Údaráis Fheidearálaigh um Maoirseacht Airgeadais ó eisitheoirí agus ón rialtas; an faireachán margaidh ag an Údarás Feidearálach um Maoirseacht Airgeadais agus ag an bPainéal Forfheidhmithe um Thuairisciú Airgeadais araon; nósanna imeachta scrúdaithe an Phainéil Fhorfheidhmithe um Thuairisciú Airgeadais; agus éifeachtacht an chórais mhaoirseachta i réimse an tuairiscithe airgeadais. San athbhreithniú piaraí rinneadh moltaí chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh seo: esma42-111-5349_fast_track_peer_review_report_-_wirecard.pdf (europa.eu) . [an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí42-111-5349 tuarascáil maidir le hathbhreithniú piaraí mear - wirecard]

(15)

Is cleachtais chomhair iad na huirlisí sin chun cóineasú atá forbartha ag na ÚMEnna a chothú ach nach bhfuil sonraithe a thuilleadh sna rialacháin bhunaidh.

(16)

Leis an uirlis sin, aontaíonn na hÚdaráis Chomhordúcháin Náisiúnta a mheas go comhuaineach cé acu a chloíonn rannpháirtithe margaidh ina ndlínsí leis na rialacha ina ngnó laethúil nó nach gcloíonn, de réir modheolaíocht choiteann arna forbairt in éineacht leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí.

(17)

  Tuarascáil Speisialta 13/2021: Tá iarrachtaí an Aontais chun sciúradh airgid a chomhrac in earnáil na baincéireachta ilroinnte agus ní leor an cur chun feidhme ; Tuarascáil speisialta 04/2022: Níl fíormhargadh aonair cruthaithe ag gníomhaíochtaí an Aontais um chistí infheistiochta fós a théann chun tairbhe d’infheisteoirí .

(18)

Féach na freagraí ar an gcomhairliúchán agus freisin tuarascálacha 2020 an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí maidir le húsáid smachtbhannaí le haghaidh Gnóthas le haghaidh Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe (GCUInna) agus maidir le smachtbhannaí faoin Treoir maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha . Tá tuarascáil ón gCoimisiún faoi Airteagal 99(3) de Threoir GCUI ar na bacáin.

(19)

  https://ec.europa.eu/info/publications/210922-solvency-2-communication_en

(20)

De réir Airteagal 152b de Threoir 2009/138/CE, i gcás gur suntasach na gníomhaíochtaí árachais trasteorann i ndáil le margadh an Bhallstáit óstaigh agus go bhfuil gá le dlúthchomhar idir údaráis mhaoirseachta an Bhallstáit baile agus an Bhallstáit óstaigh, go háirithe i gcás ina bhféadfadh sé go rachadh árachóir i mbaol deacrachtaí airgeadais agus go bhféadfadh sé go n‑eascródh dochar as do shealbhóirí polasaí agus do thríú páirtithe, ba cheart do ÚEÁPC ardáin chomhoibríocha a chur ar bun agus a chomhordú.

(21)

  https://ec.europa.eu/info/publications/211125-capital-markets‑union‑package_en

(22)

  Straitéis maidir le sonraí maoirseachta i seirbhísí airgeadais an Aontais Eorpaigh | An Coimisiún Eorpach (europa.eu) .

(23)

  https://ec.europa.eu/info/publications/211027-banking-package_en

(24)

Airteagal nua 32a i dtogra an Rialacháin maidir le margaí in ionstraimí airgeadais an 25-11-2021 (COM/2021/727 final) maidir le fionraí neamhspleách na hoibleagáide trádála

(25)

Neartaíodh rialachas, i gcomhthéacs an phróisis a bhaineann le sárú ar dhlí an Aontais, trí na nithe seo a leanas a dhéanamh: (i) painéil neamhspleácha a thabhairt isteach; (ii) cinntí a dhéanamh trí nósanna imeachta i scríbhinn maidir le neamhagóid; agus (iii) deireadh a chur le ceart vótála an chomhalta a líomhnaítear gur sháraigh sé dlí an Aontais.

(26)

Tharla na líomhaintí maidir le sárú féideartha ar dhlí an Aontais ag Údarás Seirbhísí Airgeadais na Danmhairge i gcomhthéacs chás fhrithsciúradh airgid Danske Bank (an cás deireanach de shárú líomhnaithe ar dhlí an Aontais) sula raibh feidhm ag na hathruithe is déanaí. Ní féidir a mheas cé acu an mbeadh nó nach mbeadh toradh difriúil ann faoi na rialacha athbhreithnithe.

(27)

Féach fonóta 16 le haghaidh tagairtí don dá thuarascáil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa.

(28)

Mar shampla, thug páirtithe leasmhara an méid a leanas faoi deara: (i) go bhféadfaí tuilleadh cruinnithe agus idirphlé díreach le gnólachtaí agus ní hamháin le comhlachais a eagrú; (ii) go mbíonn na comhairliúcháin róchúng agus rótheicniúil uaireanta; agus (iii) go bhféadfaí aiseolas a chur ar fáil maidir leis an gcaoi ar cuireadh tuairimí na bpáirtithe leasmhara san áireamh.

(29)

  Tuarascáil an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí ; Tuarascáil ÚBE ; Tuarascáil ÚEÁPC .

(30)

  https://ec.europa.eu/info/publications/211027-banking-package_en ; Dhéanfaí Airteagal 4 den Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil a leasú chun a shoiléiriú conas is gá do Bhallstáit a áirithiú go gcaomhnófar neamhspleáchas na n‑údarás inniúil, lena n‑áirítear a bhfoireann agus a gcomhlachtaí rialachais. Thabharfaí isteach íoscheanglais chun coinbhleachtaí leasa i gcúraimí maoirseachta na n‑údarás inniúil, a bhfoirne agus a gcomhlachtaí rialachais a chosc. Bheadh sainordú ag an ÚBE freisin treoirlínte a fhorbairt ina leith sin, agus dea-chleachtais idirnáisiúnta á gcur san áireamh. Freagraíonn na bearta seo dʼfhadhbanna a tháinig chun cinn i gcás Wirecard ach go háirithe.

(31)

Rialachán (AE) 2019/2099 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 maidir leis na nósanna imeachta agus na húdaráis lena mbaineann údarú CPLanna agus ceanglais maidir le haithint CPLanna tríú tíre.

(32)

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Deireadh Fómhair 2020 maidir le hAontas na Margaí Caipitil a fhorbairt tuilleadh: feabhas a chur ar rochtain ar mhaoiniú margaidh caipitil, go háirithe ag FBManna, agus rannpháirtíocht infheisteoirí miondíola a chumasú tuilleadh ( https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-9-2020-0266_EN.html ).

(33)

Tá maoirseacht ar chomharthaí sócmhainn‑tagartha suntasacha agus ar chomharthaí ríomh‑airgid suntasacha ag ÚBE san áireamh i dtogra MiCA ón gCoimisiúin (COM (2020) 593 final an 24.9.2020) ( https://eur-lex.europa.eu/resource.html?uri=cellar:f69f89bb-fe54-11ea-b44f-01aa75ed71a1.0001.02/DOC_1&format=PDF ).

(34)

Tá formhaoirseacht ar sheirbhísí tríú páirtí TF ríthábhachtacha arna soláthar ag na ÚMEnna san áireamh i dtogra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais (DORA) ón gCoimisiún (COM (2020) 595 final an 24.9.2020) ( https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/ALL/?uri=COM:2020:595:FIN ).

(35)

Tá maoirseacht ar fhíoraitheoirí seachtracha bhannaí glasa an Aontais ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí san áireamh sa togra ón gCoimisiún maidir le Bannaí Glasa Eorpacha (COM(2021) 391 final an 6.7.2021) ( https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:52021PC0391 ).

(36)

Fógraíonn an Coimisinéir McGuinness an bealach atá beartaithe chun tosaigh don imréiteach lárnach ( https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/STATEMENT_ 21 _ 5905 ).

(37)

 Comhairliúchán spriocdhírithe maidir leis an athbhreithniú ar an gcreat lárnach imréitigh san Aontas Eorpach ( https://ec.europa.eu/info/business‑economy-euro/banking-and‑finance/regulatory-process‑financial-services/consultations‑banking-and‑finance/targeted‑consultation‑review-central-clearing-framework-eu_en ).

(38)

Féach fonóta 4.

(39)

Mar shampla, i gcás an Rialacháin maidir le Tacsanomaíocht, dʼeisigh an Coimisiún ráiteas poiblí inar míníodh go mbeadh sé dodhéanta oibleagáidí áirithe maidir le nochtadh a chomhlíonadh fad is a bheadh an gníomh tarmligthe ábhartha (sa chás, a bhaineann leis na critéir scagtha theicniúla) ar iarraidh.

(40)

  https://www.esma.europa.eu/press‑news/esma-news/esma-responds‑european‑commission‑consultation‑esas

(41)

Ar nós maoirsiú ar sholáthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí, stórtha urrúsúcháin, agus soláthraithe tagarmhairc áirithe.

(42)

Féach fonóta 18.

(43)

Ina phlean gníomhaíochta nua maidir le haontas na margaí caipitil i mí Mheán Fómhair 2020, dʼfhógair an Coimisiún Eorpach go bhfuil sé ar intinn aige straitéis a fhoilsiú le haghaidh infheistíochtaí miondíola san Eoraip sa chéad leath de 2022.

(44)

Thosaigh feidhm a bheith ag sainorduithe maoirseachta dírí don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí an 1 Eanáir 2022.

Top