Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022DC0123

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE de bhun Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19

    COM/2022/123 final

    An Bhruiséil,15.3.2022

    COM(2022) 123 final

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

    de bhun Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19


    1.Réamhrá

    An 14 Meitheamh 2021, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2021/953 lena mbunaítear Deimhniú Digiteach COVID AE(‘an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE’) 1 . Tá an Rialachán bunaithe ar thogra ón gCoimisiún 2 , agus leagtar amach ann creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo chun saorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais agus baill a dteaghlaigh a éascú le linn phaindéim COVID-19. Ag gabháil leis an Rialachán seo, tá Rialachán (AE) 2021/954 3 , lena leathnaítear an creat maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE chuig náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríoch Ballstáit agus atá i dteideal taisteal chuig Ballstáit eile i gcomhréir le dlí an Aontais.

    Is bealach simplí agus slán é Deimhniú Digiteach COVID AE chun stádas vacsaínithe, tástála nó téarnaimh COVID-19 duine a léiriú le linn dó a bheith ag taisteal. Tá sé saor in aisce agus is féidir é a úsáid i bhformáid dhigiteach agus i bhformáid pháipéarbhunaithe araon 4 . Gné ríthábhachtach de fhreagairt na hEorpa ar phaindéim COVID-19 is ea Deimhniú Digiteach COVID AE agus is rud caighdeánach atá ann anois san Eoraip agus níos faide i gcéin. Ó tháinig an Rialachán i bhfeidhm, eisíodh níos mó ná 1.7 billiún Deimhniú Digiteach COVID AE 5 .

    Tá gné thábhachtach idirnáisiúnta ag baint leis an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE. Tugtar de chumhacht don Choimisiún córais deimhnithe COVID-19 i dtríú tíortha a nascadh a luaithe a bheidh sé suite aige go gcomhlíonann a gcuid deimhnithe na ceanglais ábhartha ionas go measfar iad a bheith coibhéiseach le Deimhnithe Digiteacha COVID AE chun feidhmiú cheart a sealbhóirí chun na saorghluaiseachta a éascú 6 . Rinneadh córas Dheimhniú Digiteach COVID AE a fhorbairt ina chaighdeán domhanda, agus tá 35 thríú tír agus thríú críoch ar fud cúig ilchríoch cláraithe leis an gcóras go dtí seo, chomh maith leis na 27 mBallstát. Leis an rath a bhí ar Dheimhniú Digiteach COVID AE, cuireadh tús an athuair le taisteal sábháilte idirnáisiúnta.

    I gcomhréir leis an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE, chuir an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i mí Dheireadh Fómhair 2021 7 . Tugadh forléargas sa tuarascáil sin ar chur chun feidhme an Rialacháin ó glacadh é an 14 Meitheamh 2021. Bhí faisnéis ann maidir le cur chun feidhme teicniúil an Rialacháin, maidir le nasc tríú tíortha leis an gcóras, maidir le húsáid na ndeimhnithe ag earnáil an aeriompair, agus maidir le húsáid na ndeimhnithe ag na Ballstáit chun críocha nach mbaineann le taisteal. Bhí anailís ann freisin ar an bhféidearthacht deimhnithe téarnaimh a eisiúint ar bhonn torthaí mearthástálacha antaiginí agus tástálacha antasubstainte, agus ar thréimhse bhailíochta na ndeimhnithe téarnaimh agus vacsaínithe. Chuir sé forléargas ar fáil ar an bhfaisnéis a fuair na Ballstáit maidir le cur chun feidhme an Rialacháin, lena n-áirítear na fógraí maidir le srianta breise ar an tsaorghluaiseacht do shealbhóirí Dheimhniú Digiteach COVID AE. Ar deireadh, léiríodh leis an tuarascáil go molfadh an Coimisiún tograí chun tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin a fhadú, agus éabhlóid na staide eipidéimeolaíche i ndáil le paindéim COVID-19 á cur san áireamh.

    Foráiltear leis an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE go gcuirfidh an Coimisiún tuarascáil eile faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Márta 2022. Cuimseofar sa tuarascáil sin, go háirithe, measúnú ar thionchar an Rialacháin seo ar éascú na saorghluaiseachta, lena n-áirítear ar an taisteal agus ar an turasóireacht agus ar an méid a ghlactar leis na cineálacha éagsúla vacsaíne, ar chearta bunúsacha, agus an neamh-idirdhealú, chomh maith le cosaint sonraí pearsanta le linn phaindéim COVID-19.

    Seachas na hábhair dá dtagraítear go sainráite sa Rialachán, tá faisnéis nuashonraithe sa tuarascáil seo freisin faoi líon Dheimhnithe Digiteacha COVID AE eisíodh, faoi na forbairtí teicniúla is déanaí a bhaineann le córas Dheimhniú Digiteach COVID AE, agus faoi nasc leis an gcóras de thríú tíortha breise. Mar obair leantach ar an gcéad tuarascáil, tá faisnéis ann freisin maidir le deimhnithe téarnaimh a eisiúint ar bhonn torthaí mearthástálacha antaiginí agus tástálacha antasubstainte, maidir le deimhnithe tástála a eisiúint ar bhonn tástálacha antaiginí saotharlainne-bhunaithe, agus maidir le tréimhse bhailíochta na ndeimhnithe téarnaimh agus vacsaínithe. Ar deireadh, mínítear sa Tuarascáil an fáth ar ghlac an Coimisiún, an 3 Feabhra 2022, togra le haghaidh síneadh a chur leis an Rialachán um an Deimhniú Digiteach COVID AE go dtí an 30 Meitheamh 2023 8 .

    2.Cur i bhfeidhm an Rialachán um an Deimhniú Digiteach COVID AE agus a thionchar ar chearta bunúsacha agus ar an neamh-idirdhealú

    2.1.An tsaorghluaiseacht agus an neamh-idirdhealú a éascú

    2.1.1.Paindéim COVID-19 agus an tsaorghluaiseacht laistigh den Aontas

    Tá an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh de chríoch Bhallstáit an Aontais ar cheann de na cearta is mó a chaomhnaíonn saoránaigh an Aontais. I suirbhé Eorabharaiméadair in 2020 9 , bhí níos mó ná 8 as 10 freagróir (84 %) den tuairim go dtéann saorghluaiseacht shaoránaigh AE laistigh den Aontas chun tairbhe do gheilleagar a dtíre ar an iomlán. Tá an ceart bunúsach chun saorghluaiseachta cumhdaithe in Airteagal 21(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus in Airteagal 45 den Chairt um Chearta Bunúsacha.

    An ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, níl an tsaoirse sin iomlán. Féadfaidh fheidhmiú an chirt sin a bheith faoi réir teorainneacha, ar choinníoll go gcuirtear i bhfeidhm iad i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus, go háirithe, le prionsabail an neamh-idirdhealaithe 10 agus na comhréireachta 11 . Mar shampla, is féidir srian a chur ar cheart shaoránaigh an Aontais gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar fhorais na slándála poiblí 12 .

    Le linn phaindéim COVID-19, rinne na Ballstáit bearta a chuir srian ar fheidhmiú an chirt chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh den Aontas ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí a chosaint. Bhí sé d’aidhm ag na bearta sin leathadh SARS-CoV-2 a theorannú agus córais cúraim sláinte a chosaint ar a n-acmhainneacht a shárú.

    D’fhéadfadh cosaint na sláinte poiblí a bheith ina cúis dhlisteanach chun an tsaorghluaiseacht a theorannú. Mar sin féin, ní mór do na srianta sin atá bunaithe ar an tsláinte phoiblí prionsabail dlí an AE a urramú, amhail an chomhréireacht agus an neamh-idirdhealú. Dá bhrí sin, níor cheart d’aon bheart a dhéanfar a dhul thar a bhfuil fíor-riachtanach chun an tsláinte phoiblí a chosaint. Lean an Coimisiún de bhéim a leagan ar an bpointe seo, ar pointe é a leagtar amach freisin in Airteagal 11(1) den Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE, ina thograí éagsúla a glacadh maidir le saincheist na saorghluaiseachta le linn phaindéim COVID-19 13 .

    Na srianta a ghlac na Ballstáit mar fhreagairt ar ráig COVID-19, bhí siad i bhfoirmeacha éagsúla. Le linn luathchéim na paindéime, chuaigh roinnt Ballstát chomh fada le cosc ar dhul isteach ina gcríoch nó ar imeacht aisti, rinne cuid de na Ballstáit rialuithe teorann inmheánacha laistigh de Limistéar Schengen a athbhunú. I measc na mbeart eile bhí gá le taistealaithe tástálacha a dhéanamh le haghaidh ionfhabhtú SARS-CoV-2 nó féinleithlisiú/coraintín a dhéanamh. Chuir roinnt Ballstát de cheangal ar thaistealaithe foirmeacha aimsithe paisinéirí a chur isteach nó ceanglais eile chlárúcháin a chomhlíonadh, roimh theacht isteach ina gcríoch nó ar theacht isteach ina gcríoch dóibh.

    Chomh fada agus go bhfuil gá le srianta áirithe taistil ó thaobh na sláinte poiblí de agus go gcomhlíonann siad prionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta, ní sárú iad ar an gceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh de chríoch an Aontais.

    Is sa chomhthéacs sin a glacadh an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE. Maidir leis an Rialachán lena mbunaíodh deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh, tá sé tábhachtach a chur i dtreis nach gceanglaítear ar na Ballstáit teorainneacha a thabhairt isteach maidir leis an gceart chun saorghluaiseachta 14 . Má shocraíonn Ballstát gan cruthúnas ar vacsaíniú, ar thástáil nó ar théarnamh a éileamh i gcomhthéacs fheidhmiú na saorghluaiseachta, ní chuireann an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE d’oibleagáid orthu é sin a dhéanamh. Mar thoradh air sin, ní féidir leis an Rialachán tionchar diúltach a imirt ar an tsaorghluaiseacht laistigh den Aontas.

    Os a choinne sin, measann an Coimisiún go raibh tionchar dearfach ag córas Dheimhniú Digiteach COVID AE – agus go bhfuil tionchar dearfach aige fós – ar an tsaorghluaiseacht tráth a bhfuil na Ballstáit ag cur teorainn lena fheidhmiú ar fhorais na sláinte poiblí. Déantar é seo trína chinntiú go bhfuil an ceart ag saoránaigh deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 a fháil i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh, deimhnithe a ghlactar go frithpháirteach leo ar féidir le saoránaigh úsáid a bhaint astu agus iad a gceart chun na saorghluaiseachta á fheidhmiú acu. I gcás ina dtarscaoilfidh na Ballstáit srianta áirithe ar an tsaorghluaiseacht le haghaidh daoine a bhfuil cruthúnas vacsaínithe, tástála nó téarnaimh ina seilbh acu, áirithítear le Rialacháin maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE gur féidir le saoránaigh, ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, tairbhe a bhaint as na díolúintí sin ar bhonn deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir leis an Rialachán.

    Gan an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE ní bheadh ceachtar de na cearta sin ann – an ceart chun deimhniú a fháil agus an ceart chun a bheith díolmhaithe ó shrianta ar an gcaoi chéanna le saoránaigh de Bhallstát ar bhonn an deimhnithe sin. Ina theannta sin, ní bheadh caighdeán aonair ann lena n-áiritheofaí idir-inoibritheacht thrasteorann dheimhnithe COVID-19. I suirbhé a rinne an Coimisiún ag tús mhí Feabhra 2022, thug dhá thrian de na Ballstáit a thug freagra le fios go mbreithneodh siad deimhniú náisiúnta COVID-19 a bhunú murach go glacadh Deimhniú Digiteach COVID-19 AE. Cé go bhféadfadh soláthraithe cúraim sláinte teastais a eisiúint do shaoránaigh, ní bheadh aon ráthaíocht ann go nglacfaí leo – nó, in éagmais caighdeáin ionchódaithe, go dtuigfí iad – i mBallstáit eile. Ina theannta sin, le go leor cineálacha éagsúla deimhnithe ann, chuirfí leis an riosca calaoise agus brionnaithe.

    I gcomhréir le prionsabal an comhréireachta, aon srianta ar shaorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas, srianta a cuireadh i bhfeidhm mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, lena n-áirítear ceanglais ó na Ballstáit Deimhnithe Digiteacha COVID AE a thaispeáint, ba cheart deireadh a chur leo a luaithe is féidir sin i bhfianaise na staide eipidéimeolaíche. Mar thoradh air sin, tá teorainn ama le tréimhse infheidhmeachta an Rialacháin maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE, rud a chiallaíonn go cheart deireadh a theacht leis an bhfeidhm atá aige nuair a shárófar an phaindéim agus nuair nach mbeidh gá a thuilleadh leis na deimhnithe chun taisteal a éascú.

    Le déanaí, chuaigh an tAontas i ngleic le sraith cásanna COVID-19 arbh é an leagan ‘Omicron’ ba chúis leo 15 . Nuair a bhainfidh na cásanna Omicron a mbuaicphointe amach, táthar ag súil leis go mbeidh cosaint ó COVID-19 ag sciar nach beag den phobal, ar feadh tréimhse áirithe ar a laghad, toisc go bhfuil siad vacsaínithe nó go raibh an víreas orthu, nó an dá rud. Mar sin féin, tá an fhíorfhéidearthacht ann go mbeidh méadú athnuaite ar ionfhabhtuithe sa dara leath de 2022, lena n-áirítear de bharr leaganacha nua SARS-CoV-2 ar ábhar imní iad, a fhad is a leanann an víreas de bheith ag scaipeadh go forleathan i gcomhthéacs difríochtaí móra i rátaí vacsaínithe ar fud an domhain. Mar a thug an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) faoi deara, tá neamhchinnteachtaí suntasacha fós ann ag an gcéim seo de phaindéim COVID-19 16 . Ar deireadh, níor fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go fóill go bhfuil deireadh leis an éigeandáil sláinte phoiblí ar cúis imní idirnáisiúnta í de bharr SARS-CoV-2.

    Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar na Ballstáit ceanglas a choinneáil nó a thabhairt isteach arís ar shaoránaigh an Aontais Eorpaigh a bhfuil a gceart chun saorghluaiseachta á fheidhmiú acu, cruthúnas ar vacsaíniú, tástáil nó téarnamh COVID-19 a chur ar fáil, ar feadh tréimhse áirithe tar éis an 30 Meitheamh 2022, an dáta atá ann faoi láthair a rachaidh an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE in éag. Sa suirbhé a luadh roimhe seo, go bunúsach, léirigh na Ballstáit go léir a thug freagra an fhéidearthacht go mbeadh gá, i gcomhthéacs taistil, le cruthúnais ar vacsaíniú, ar thástáil nó ar théarnamh le linn an dara leath de 2022 agus an chéad leath de 2023.

    Dá bhrí sin, an 3 Feabhra 2022, mhol an Coimisiún síneadh 12 mhí a chur le cur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE, ionas, i gcás ina mbeadh srianta áirithe ar an tsaorghluaiseacht bunaithe ar shláinte phoiblí fós i bhfeidhm tar éis an 30 Meitheamh 2022, ní bhainfear Deimhnithe Digiteacha COVID AE de shaoránaigh an Aontais mar bhealach éifeachtach slán, lena gcaomhnófar príobháideachas chun a stádas vacsaínithe COVID-19, tástála agus téarnaimh a chruthú 17 . D’áiritheofaí an méid sin leis an togra ón gCoimisiún. 

    Mar a chuirtear i dtreis leis an togra, níor cheart an tuiscint a bhaint as an síneadh go gceanglófar ar na Ballstáit, go háirithe na Ballstáit sin a chuirfidh deireadh le bearta sláinte poiblí náisiúnta, srianta saorghluaiseachta a choinneáil nó a fhorchur. Is féidir leis na Ballstáit deireadh a chur le gach ceann de na bearta sin fad is atá an Rialachán i bhfeidhm, mar, a mhéid a bhaineann leis na srianta, lena n-áirítear an oibleagáid cruthúnas a chur ar fáil maidir le haon cheann de na trí theagmhas leighis a chumhdaítear le Deimhniú Digiteach COVID AE, níor cheart feidhm a bheith ag aon cheann acu ach a fhad is atá gá leo agus a fhad is atá comhréireach.

    Trí shíneadh 12 mhí a chur leis an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE, áirithítear go mbeidh Deimhniú Digiteach COVID AE fós ar fáil i gcás ina mbeidh gá leis tar éis mhí an Mheithimh 2022.

    Os a choinne sin, mura gcuirfí síneadh leis an Rialachán, chuirfí d’oibleagáid ar an gCoimisiún deireadh a chur le creat iontaoibhe Dheimhniú Digiteach COVID AE ag deireadh mhí an Mheithimh 2022. I gcás ina mbeadh gá leis an deimhniú arís ag tráth níos déanaí, mar thoradh ar shrianta a bheith á gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit an athuair le linn an dara leath de 2022 nó an chéad leath de 2023, bheadh sé thar a bheith deacair an tráth sin – mura mbeadh sé dodhéanta – i dtéarmaí dlíthiúla agus teicniúla araon, an córas a athbhunú ar ghearrfhógra. Bheadh an ceart bainte de shaoránaigh an Aontais úsáid a bhaint as Deimhnithe Digiteacha COVID AE mar mhodh seanbhunaithe chun stádas COVID-19 a chruthú, agus d’fhéadfadh easpa idir-inoibritheachta trasteorann deimhnithe COVID-19 a bheith i ndán dóibh.

    2.1.2.Comhordú na srianta ar an tsaorghluaiseacht atá nasctha le paindéim COVID-19

    Féadfaidh na Ballstáit srianta a chur ar shaorghluaiseacht ar fhorais an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na sláinte poiblí, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na rialacha agus na teorainneacha a leagtar síos le dlí an Aontais. Is gnách go nglactar na srianta sin ar an leibhéal aonair – mar shampla, saoránach den Aontas nach bhfuil ag comhlíonadh na gcoinníollacha cónaithe a thuilleadh a dhíbirt – agus níl gá le comhordú idir Ballstáit iomadúla ná na Ballstáit uile. Tá sé léirithe ag an bpaindéim, áfach, in éagmais comhordaithe, gur mar thoradh ar shrianta aontaobhacha ar an tsaorghluaiseacht arna nglacadh ag na Ballstáit uile, go bunúsach, gur féidir éiginnteacht a bheith ann do shaoránaigh den Aontas fiú má dhéantar measúnú ar na bearta ina n-aonar, i gcomhréir le dlí an Aontais.

    Chun comhordú a áirithiú ar fud an Aontais, d’oibrigh an Coimisiún go dlúth leis na Ballstáit, ó thús na paindéime, chun comhar agus malartú faisnéise faoin tsaincheist seo a chothú 18 . Measann an Coimisiún gur gá cur chuige dea-chomhordaithe, intuartha agus trédhearcach a bheith ann maidir le glacadh na srianta taistil a fhorchuirtear chun leathadh an víris a chosc agus chun sláinte na saoránach a chosaint d’fhonn an tsaorghluaiseacht a choinneáil ar bun laistigh den Aontas, faoi choinníollacha sábháilte.

    An 13 Deireadh Fómhair 2020, ar bhonn thogra ón gCoimisiún, ghlac an Chomhairle Moladh (AE) 2020/1475 maidir le cur chuige comhordaithe i leith an tsaorghluaiseacht a shrianadh mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 19 . Leis an Moladh ón gComhairle, bunaíodh cur chuige coiteann maidir leis na príomhphointí seo a leanas: Critéir chomhchoiteanna a chur i bhfeidhm agus cinneadh á dhéanamh ar cheart srianta ar an tsaorghluaiseacht a thabhairt isteach; an riosca i dtaobh tharchur COVID-19 a mhapáil de réir cód dathanna comhaontaithe, arna fhoilsiú ag ECDC; agus cur chuige comhordaithe i leith na mbeart, más ann dóibh, a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm maidir le daoine atá ag gluaiseacht idir limistéir éagsúla. Mar fhreagairt ar an gcaoi ar tháinig forbairt ar an bpaindéim, tugadh an Moladh ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe i leith srian ar an tsaorghluaiseacht cothrom le dáta arís agus arís eile ó mhí Dheireadh Fómhair 2020 20 .

    Ba céim chun tosaigh tábhachtach eile i ndáil leis sin é gur ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE an 14 Meitheamh 2021. Tá sé mar cheann de chuspóirí an Rialacháin rannchuidiú le héascú a dhéanamh ar dheireadh a chur de réir a chéile, ar bhealach comhordaithe, le srianta ar an tsaorghluaiseacht a chuir na Ballstáit i bhfeidhm, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun leathadh SARS-CoV-2 a theorannú. Chun an leas is fearr a bhaint as an gcreat maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE, rinne an Chomhairle an cur chuige comhordaithe a leagtar amach i Moladh (AE) 2020/1475 21 a oiriúnú an lá céanna. Thug an Chomhairle dá haire gur cheart go mbeadh deimhnithe a eisítear i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE mar phríomhuirlis le húsáid a bhaint astu i gcomhthéacs an taistil laistigh den Aontas 22 . Ina theannta sin, leis an Moladh ón gComhairle, bunaíodh comhthuiscint ar na coinníollacha faoinar cheart daoine vacsaínithe a dhíolmhú ó shrianta taistil, chomh maith le tréimhsí bailíochta caighdeánacha do thástálacha le haghaidh ionfhabhtú SARS-CoV-2.

    Chabhraigh Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE, mar aon leis an gcur chuige comhordaithe a leagtar amach sa Mholadh ón gComhairle, le saoránaigh den Aontas a gceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú gan stró i samhradh na bliana 2021. Ó shin i leith, tá méadú suntasach tagtha ar ghlacadh vacsaíní ar fud an Aontais, agus tá dul chun cinn tapa déanta ar chur i bhfeidhm Dheimhniú Digiteach COVID AE. Ag an am céanna, mar thoradh ar thonnta ionfhabhtuithe COVID-19 a tháinig as na athraitheacha ar díol imní iad, Delta agus Omicron, le linn gheimhreadh na bliana 2021/2022, ghlac na Ballstáit bearta breise sláinte poiblí, a raibh baint ag cuid acu le taisteal idir na Ballstáit, chun sláinte daoine aonair a chosaint chomh maith le hacmhainn na gcóras cúraim sláinte.

    An 25 Eanáir 2022, ghlac an Chomhairle Moladh (AE) 2022/107 23 maidir le cur chuige comhordaithe chun saorghluaiseacht shábháilte a éascú le linn phaindéim COVID-19, a chuirtear in ionad Mholadh (AE) 2020/1475, ag bogadh ó chur chuige ‘bunaithe ar réigiúin’ go cur chuige ‘duine-bhunaithe’. Foráiltear sa Mholadh nár cheart srianta breise a chur ar an té ag a bhfuil Deimhniú Digiteach COVID AE atá bailí, srianta macasamhail tástálacha nó coraintín, agus gan beann ar an áit imeachta dóibh san Aontas. D’fhéadfaí a chur de cheangal ar dhaoine nach bhfuil Deimhniú Digiteach COVID AE acu tástáil a dhéanamh sula dtagann siad nó tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig ina dhiaidh sin. Taistealaithe a bhfuil feidhm ríthábhachtach nó riachtanas ríthábhachtach acu, comaitéirí trasteorann agus páistí faoi 12 bhliain d’aois, níor cheart a chur de cheangal orthu Deimhniú Digiteach COVID AE bailí a bheith acu.

    Neartaíonn an cur chuige duine-bhunaithe seo saorghluaiseacht do gach taistealaí ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, toisc gur féidir le taistealaithe gluaiseacht faoi shaoirse bunaithe ar dheimhniú vacsaínithe, tástála nó téarnaimh. Ó glacadh Moladh (AE) 2022/107 ón gComhairle, tá na Ballstáit ag cur a gcuid riachtanas taistil i gcomhréir níos mó agus níos mó leis an gcur chuige duine-bhunaithe sin. Faoin 4 Márta 2022, ní chuireann 21 Bhallstát aon srian breise taistil ar shealbhóirí Dheimhniú Digiteach COVID AE in imthosca ar bith, nó nach bhfuil aon srian taistil i bhfeidhm acu in aon chor.

    Ní chuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit, le Moladh (AE) 2022/107 ón gComhairle ná, mar a luadh thuas, leis an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE, a chur de cheangal ar thaistealaithe Deimhniú Digiteach COVID AE a bheith ina seilbh acu. Os a choinne sin, tá an Coimisiún ag spreagadh na mBallstát, go háirithe na Ballstáit sin a chuireann deireadh le bearta sláinte poiblí intíre, chun na bearta sin a bhaint 24 . Tá deireadh curtha cheana féin ag cúig Bhallstát 25 leis an gceanglas Deimhniú Digiteach COVID AE a bheith ina seilbh acu chun dul isteach ina gcríocha faoi seach.

    Dá bhrí sin, ba uirlisí tábhachtacha iad Deimhniú Digiteach COVID AE agus Moladh 2022/107 ón gComhairle (chomh maith lena réamhtheachtaí, Moladh 2020/1475 ón gComhairle) chun saorghluaiseacht a éascú laistigh den Aontas le linn phaindéim COVID-19. D’fhéach siad lena áirithiú go mbeidh cur chuige dea-chomhordaithe ann maidir le glacadh srianta ar an tsaorghluaiseacht, agus beidh siad fós tábhachtach chun deireadh a chur leis na srianta sin de réir mar a thagann feabhas ar an staid eipidéimeolaíoch.

    2.1.3.Cur chuige neamh-idirdhealaitheach a áirithiú

    Áirithítear le creat Dheimhniú Digiteach COVID AE neamh-idirdhealú trí dheimhnithe idir-inoibritheacha i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh a chur san áireamh. Tá sé d’oibleagáid ar gach Ballstát na trí chineál deimhnithe éagsúla a eisiúint, agus leagtar amach i Moladh (AE) 2022/107 ón gComhairle cur chuige comhordaithe maidir lena nglacadh. De thoradh sin, is féidir leis an oiread daoine agus is féidir tairbhe a bhaint as Deimhniú Digiteach COVID AE agus a gceart chun saorghluaiseachta á fheidhmiú acu. Mar a cuireadh in iúl in Aithris 36, ní féidir a thuiscint gurb ionann Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE agus oibleagáid vacsaín a ghlacadh a bhunú, agus ní ‘pas vacsaínithe’ é.

    Ag an am céanna, ní féidir a mheas gurb ionann, ó thaobh na sláinte poiblí de, vacsaíniú, tástáil nó aisghabháil, ós rud é go bhfuil daoine gan vacsaíniú agus daoine atá vacsaínithe go páirteach i mbaol i bhfad níos airde go mbeidh torthaí tromchúiseacha orthu 26 . Léirítear é sin freisin sna rialacha atá éagsúil óna chéile maidir le bailíocht na ndeimhnithe.

    Ní chuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit, leis an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE, glacadh le gach ceann de na trí chineál deimhnithe. Is cinneadh beartais de chuid na mBallstát fós é sin i réimse na sláinte poiblí, agus go deimhin chinn roinnt Ballstát gan glacadh le deimhnithe áirithe, go háirithe le deimhnithe i ndáil le téarnamh.

    I gcás ina nglacann Ballstát, áfach, le cruthúnas ar vacsaíniú, tástáil nó téarnamh ó ionfhabhtú SARS-CoV-2 d’fhonn srianta ar an tsaorghluaiseacht a tharscaoileadh, ní mór dó glacadh, faoi na coinníollacha céanna, le Deimhnithe Digiteacha COVID AE a eisíodh don teagmhas leighis céanna. Tá an luach céanna ag Deimhniú Digiteach COVID AE, is cuma cén Ballstát inar tugadh an vacsaín, ná gan beann ar an tástáil a rinneadh. Ar deireadh, mar a cuireadh i bhfios go láidir i bpointe 5 de Mholadh (AE) 2022/107 ón gComhairle, ní féidir srianta taistil a bhunú ar náisiúntacht an duine lena mbaineann.

    2.1.4.Faisnéis a fuarthas de bhun Airteagal 11 den Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE

    Leanann an Coimisiún d’fhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme Deimhniú Digiteach COVID AE ag na Ballstát agus ar Mholadh ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe chun saorghluaiseacht shábháilte a éascú le linn phaindéim COVID-19. Bailítear faisnéis ó na Ballstáit maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE trí bhíthin táblaí forléargais a chuir na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin agus na Comhairle, agus cuirtear ar fáil í freisin ar ardán Re-open EU, ar uirlis idirghníomhach é atá ar fáil ar líne agus mar fheidhmchlár móibíleach 27 .

    Foráiltear le Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE nach féidir srianta breise a chur ar shealbhóirí Deimhnithe Digiteacha COVID AE ach amháin i gcás ina bhfuil siad sin riachtanach agus comhréireach chun an tsláinte phoiblí a chosaint mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19. Tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas 48 uair an chloig roimh ré aon uair a chinnfidh siad srianta breise a fhorchur 28 .

    Idir an 13 Deireadh Fómhair 2021 agus an 4 Márta 2022, chuir na Ballstáit seo a leanas faisnéis isteach de bhun na forála seo: An Ostair, an Bhulgáir, an Chipir, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Ghréig, an Iodáil, Éire, an Laitvia, an Phortaingéil agus an tSualainn. Is féidir an t-ardú sin sna fógraí i gcomparáid leis an tuarascáil roimhe seo a mhíniú leis na bearta éigeandála a glacadh mar fhreagairt ar an athraitheach Omicron. Cuireadh san áireamh leis na ceanglais bhreise ar thug na Ballstáit sin fógra ina leith, mar shampla, tástálacha réamhimeachta, nó tástálacha tar éis teachta, lena n-áirítear do thaistealaithe vacsaínithe agus/nó do thaistealaithe atá téarnaithe. I mionlach an-bheag cásanna, cuireadh ceanglais choraintín chun feidhme.

    Go luath ag teacht chun cinn athraitheach Omicron, mheas an Coimisiún, i gcomhréir le prionsabal an réamhchúraim, gur dóigh oiriúnach do na Ballstáit, i gcomhréir le prionsabal an réamhchúraim, go mbeadh ceanglais bhreise tástála réamhimeachta ina modh oiriúnach do na Ballstáit a mheas mar chuid de bheart éigeandála moill a chur ar leathadh na malairtí nua sin 29 . Idir an dá linn, áfach, i bhfianaise tharchur comhphobail Omicron ar mhórscála ar fud an Aontais, d’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit deireadh a chur le haon cheanglas tástála a bhaineann le taisteal laistigh den Aontas a fhorchuirtear ar dhaoine vacsaínithe agus ar dhaoine atá téarnaithe mar fhreagairt ar theacht chun cinn Omicron. Faoin 4 Márta 2022, níor choinnigh aon Bhallstát srianta breise ar bun a cuireadh i bhfeidhm go sonrach mar fhreagairt ar athraitheach Omicron.

    Leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh bhearta sláinte poiblí na mBallstát uile atá fós i bhfeidhm, bearta a dhéanann difear do cheart na saoránach chun saorghluaiseachta faoi dhlí an Aontais, go háirithe prionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta.

    2.1.5.Faisnéis eile ar chur chun feidhme an Rialacháin maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE

    Foráiltear le Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE go n-eiseoidh an Ballstát inar tugadh an vacsaín deimhnithe vacsaínithe. Más rud é go ndéantar saoránaigh a vacsaíniú in dhá Bhallstát éagsúla, ba cheart don chéad Bhallstát Deimhniú Digiteach COVID AR a eisiúint ina léirítear an chéad dáileog agus ba cheart don dara Ballstát Deimhniú Digiteach COVID AE a eisiúint ina léirítear an dara dáileog (léireofar ‘2/2’ mar líon na dáileoga a thugtar), agus cruthúnas gur tugadh an chéad dáileog i mBallstát eile a thaispeáint. Tá na rialacha céanna i bhfeidhm maidir le teanndáileoga; maidir leis an mBallstát ina dtugtar an teanndáileog, ba cheart dó Deimhniú Digiteach COVID AE a eisiúint, agus cruthúnas gur tugadh an tsraith vacsaínithe phríomhúil i mBallstát eile a thaispeáint, ina léireofar an dáileog dheireanach (léireofar ‘3/3’ nó ‘2/1’ ag brath ar an gcineál vacsaíne). Soiléirítear na rialacha sin freisin sa togra ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a leathnú (féach Roinn 2.9).

    I gcomhréir le hAirteagal 5(2)(b) de Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE, beidh ‘líon na ndáileog a tugadh don sealbhóir’ go deimhin i ndeimhnithe vacsaínithe arna n-eisiúint ag Ballstát tar éis dáileog vacsaíne in aghaidh COVID-19 a thabhairt, is é sin le rá, nach mbeidh líon na ndáileog a thugtar sa Bhallstát a eisíonn na deimhnithe iontu amháin. Ós rud é go bhfuil deimhniú le heisiúint tar éis do gach dáileog a thabhairt, ba cheart go mbeadh Deimhniú Digiteach COVID AE i seilbh an tsaoránaigh lena mbaineann de ghnáth, deimhniú ar cruthúnas iontaofa é gur tugadh dáileoga roimhe sin.

    Níor cheart eisiúint na ndeimhnithe cuí vacsaínithe i bhformáid Dheimhniú Digiteach COVID AE a bheith faoi réir ceanglais riaracháin bhreise nach bhforáiltear dóibh sa Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE. Go háirithe, ní cheanglaítear le Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE go gclárófaí an duine lena mbaineann i gcóras cúraim sláinte an Bhallstáit atá ag tabhairt na vacsaíne, ná ní cheanglaítear leis go soláthrófaí baiscuimhir dáileoga a tugadh roimhe sin, sula n-eiseofar Deimhniú Digiteach COVID AE dó.

    I gcásanna áirithe, áfach, thuairiscigh saoránaigh deacrachtaí maidir le Deimhnithe Digiteacha COVID AE a fháil, go háirithe deimhnithe vacsaínithe. Mar shampla, thuairiscigh saoránaigh fadhbanna maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a fháil ón mBallstát ina raibh vacsaín faighte acu toisc nach raibh cláruimhir náisiúnta ná uimhir slándála sóisialta acu. Tháinig saincheisteanna eile chun cinn nuair a fuair saoránaigh dáileoga vacsaíní in aghaidh COVID-19 i mBallstáit éagsúla. Go hiondúil, thuairiscigh saoránaigh, nuair a fuair siad a ndara dáileog nó a dteanndáileog i mBallstát, gur fágadh ar lár sa Deimhniú Digiteach COVID AE a eisíodh dóibh ina dhiaidh sin dáileoga a tugadh dóibh roimhe sin i mBallstát eile. Sna cásanna sin, níor léirigh líon na dáileoga a léirítear sa deimhniú is déanaí an líon ceart dáileog a tugadh don duine lena mbaineann.

    Mar a cuireadh in iúl sa chéad tuarascáil uaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE, lean an Coimisiún dá theagmháil rialta leis na Ballstáit chun na saincheisteanna sin a réiteach ar leibhéal teicniúil a luaithe is féidir. Réitíodh go leor saincheisteanna ar an mbealach seo cheana féin. Chun forbhreathnú a fháil ar aon saincheist atá fós ann, rinne an Coimisiún suirbhé i measc na mBallstát ar an ábhar sin ag deireadh 2021 agus d’iarr sé ar údaráis na mBallstát aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a sainaithníodh. Tá anailís á déanamh ag an gCoimisiún faoi láthair ar fhreagraí na mBallstát agus déanfaidh sé obair leantach, de réir mar is iomchuí, chun aon saincheist atá fós ann a réiteach.

    Tá roinnt de na saincheisteanna sin nasctha le cineál díláraithe chreat Dheimhniú Digiteach COVID AE atá mar sin d’aon ghnó, creat nach mbunaítear bunachar sonraí ar leibhéal an Aontais le haghaidh vacsaíniú, tástáil nó téarnamh ó COVID-19 leis ná nach nasctar leis aon bhunachar sonraí den sórt sin atá ann cheana féin ar leibhéal na mBallstát. De thoradh sin, níl ann do mhalartú uathoibríoch sonraí a chuirfeadh ar chumas na mBallstát deimhnithe a eisiúint go héasca agus faisnéis atá stóráilte i mBallstát eile á cur san áireamh, amhail faisnéis faoi dháileog vacsaíne in aghaidh COVID-19 a tugadh roimhe sin. Dá bhrí sin, braitheann na Ballstáit ar shaoránaigh a sholáthraíonn cruthúnas gur tugadh dáileoga roimhe seo i mBallstáit eile, go háirithe i bhfoirm Deimhnithe Digiteacha COVID AE.

    Chun faisnéis bhreise a chur ar fáil do shaoránaigh, d’fhoilsigh an Coimisiún freagraí ar na ceisteanna is coitianta maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE, vacsaíniú agus srianta taistil 30 , a tugadh cothrom le dáta an 11 Márta 2022.

    2.2.Sonraí pearsanta a chosaint

    Tá an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE agus a chur chun feidhme i gcomhréir iomlán le rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí, lena n-áirithítear, mar shampla, go bhfuil an méid sonraí a bhailítear teoranta don mhéid is gá chun an cuspóir atá leo a bhaint amach. Go háirithe, foráiltear leis nach bhfuil sonraí pearsanta a bhfuarthas rochtain orthu i gcomhthéacs an phróisis fíoraithe le coinneáil. Déantar Deimhniú Digiteach COVID AE a stóráil agus a fhíorú as líne, agus mar thoradh air sin, ní chuirtear an Ballstát eisiúna ar an eolas nuair a fhíoraítear deimhniú. Áirithíonn an Coimisiún freisin go gcomhlíontar prionsabal an íoslaghdaithe sonraí i gcomhthéacs gníomhartha cur chun feidhme agus gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun fhorálacha an Rialacháin.

    Is léir go bhfuil slándáil na nDeimhnithe Digiteacha COVID AE iontu féin láidir. Freagracht atá ar na Ballstáit is ea comhlíonadh na cosanta sonraí a áirithiú, lena n-áirítear slándáil faisnéise, sna córais eisiúna. Cé gur tuairiscíodh deimhnithe a eisíodh go calaoiseach, níl aon chúis lena chreidiúint gur cuireadh i gcontúirt aon eochair cripteagrafach a úsáidtear chun Deimhnithe Digiteacha COVID AE a shíniú agus a fhíordheimhniú (féach Roinn 2.6.2 freisin).

    I gcás ina gcinneann na Ballstáit Deimhniú Digiteach COVID AE a úsáid chun críoch intíre, ní mór foráil a dhéanamh maidir leis sin sa dlí náisiúnta, agus ní mór don dlí náisiúnta na ceanglais maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh (féach Roinn 2.5 freisin) 31 . Is faoi na húdaráis náisiúnta atá sé comhlíonadh na rialacha náisiúnta sin a fhorfheidhmiú. 

    2.3.Taisteal agus turasóireacht

    Bhí tionchar tromchúiseach ag paindéim COVID-19 ar roinnt earnálacha, agus bhí tionchar ar leith aici ar iompar agus ar thurasóireacht. Sa chomhthéacs dúshlánach sin, chuir comhlachais taistil agus turasóireachta fáilte i gcoitinne roimh Dheimhniú Digiteach COVID AE agus roimh iarrachtaí cur chuige comhordaithe a bhunú maidir le taisteal ar leibhéal an Aontais mar fhorbairtí tábhachtacha chun é a chur ar a gcumas do shaoránaigh taisteal agus chun iad a spreagadh chun taistil trí fhoráil a dhéanamh maidir leis an intuarthacht is gá. Ina theannta sin, tá tionchar dearfach ag córas Dheimhniú Digiteach COVID AE lasmuigh den Aontas Eorpach.

    Ó thosaigh paindéim COVID-19, tá an t-iompar ar cheann de na hearnálacha is mó atá buailte. Tar éis na tonnta éagsúla ionfhabhtuithe, agus tar éis na mbeart éagsúil a rinneadh chun iad a shrianadh, sainaithníodh roinnt gnéithe mar spreagadh do thionchar na paindéime ar an earnáil sin. Sa ghearrthéarma, is iad bearta dianghlasála, srianta eile, agus iarrachtaí deonacha daoine aonair atá ag iarraidh ionfhabhtú a sheachaint a spreagann na tionchair. Ina theannta sin, féadfar athruithe a bheith ar ghníomhaíochtaí iompair mar gheall ar thosca éagsúla: éabhlóid na paindéime, lena n-áirítear glacadh le vacsaíniú, athruithe ar iompraíocht (glacadh le vacsaíniú, gá/mian taistil, rogha an mhodha taistil), chomh maith le téarnamh eacnamaíoch earnáil na seirbhísí iompair.

    Léirítear le hanailís ar líon na n-eitiltí tráchtála 32 gur cláraíodh an leibhéal is ísle i mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh 2020, tréimhse a chomhfhreagraíonn don tréimhse dianghlasála agus na srianta taistil diana i bhformhór na mBallstát. Cé is moite de na chéad trí mhí, ar leibhéal an Aontais, bhí líon na n-eitiltí níos airde i ngach mí in 2021 ná mar a bhí in 2020, agus lean siad an patrún séasúrach céanna a bhí ann do na blianta roimhe sin: ar leibhéal an Aontais, baineadh an líon is airde amach i mí Iúil agus i mí Lúnasa, agus bhí buaicphointe ann i mí Lúnasa, agus tháinig laghdú ar an líon de réir a chéile sna míonna ina dhiaidh sin. Is cosúil go ndeimhnítear an patrún sin le hanailís ar na sonraí atá ar fáil maidir le líon na bpaisinéirí aeir 33 , agus bhí an leibhéal is airde paisinéirí aeir ann i mí Iúil agus mí Lúnasa 2021, i gcomhthráth le leathadh amach Dheimhniú Digiteach COVID AE. Mar sin féin, níor baineadh amach leibhéal 2019 in aon cheann de na tíortha a bhfuil sonraí ar fáil ina leith 34 .

    Chuir comhlachais taistil agus turasóireachta fáilte roimh Dheimhniú Digiteach COVID AE mar rannchuidiú tábhachtach le hatosú éiceachóras turasóireachta an Aontais le linn shéasúr samhraidh 2021 agus ina dhiaidh sin. Dúirt Comhaontas an Fhorógra Turasóireachta Eorpaigh, grúpa de 70 eagraíocht taistil agus turasóireachta, idir phoiblí agus phríobháideach, ‘gur rímhaith atá ag éirí le cur chun feidhme Dheimhniú Digiteach COVID AE 35 .

    Cé go raibh sé beartaithe chun an tsaorghluaiseacht a éascú laistigh den Aontas, chuidigh Deimhniú Digiteach COVID AE níos mó agus níos mó le taisteal idirnáisiúnta chuig an Aontas Eorpach agus níos faide i gcéin a athbhunú. Sa chomhthéacs sin, an 22 Feabhra 2022, ghlac an Chomhairle leasú ar Mholadh 2020/912 maidir leis an srian sealadach ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas agus maidir leis an bhféidearthacht deireadh a chur leis an srian sin 36 . Foráiltear ann gur cheart do na Ballstáit deireadh a chur leis an srian sealadach ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas do dhaoine atá vacsaínithe le vacsaín atá formheasta ag an Aontas nó ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus do dhaoine a théarnaigh ó COVID-19 roimh thaisteal go dtí an tAontas Eorpach (féach Roinn 2.4 thíos freisin). Ba cheart úsáid a bhaint as Deimhniú Digiteach COVID AE agus as deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag tríú tíortha a mheastar a bheith coibhéiseach i gcomhréir leis an nós imeachta a bhunaítear sa Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE mar an príomhbhealach chun tástáil agus vacsaíniú a chruthú, agus mar an t-aon bhealach chun téarnamh a chruthú, ós rud é gur féidir iad a fhíorú go slán. Ar deireadh, cé nach gcumhdaítear é leis an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE, is féidir le Deimhniú Digiteach COVID AE taisteal shaoránaigh de chuid an Aontais chuig tríú tíortha a éascú, go háirithe na tíortha sin atá nasctha le córas an Aontais trí bhíthin ‘cinneadh coibhéise’ (féach Roinn 2.7.1).

    Mar thoradh air sin, tá tacaíocht léirithe ag eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhíonn ag plé le hábhair a bhaineann leis an turasóireacht do Dheimhniú Digiteach COVID AE agus/nó d’aithin siad gur caighdeán idirnáisiúnta é chun taisteal a éascú le linn phaindéim COVID-19. Ina measc tá an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta 37 , an Eagraíocht Dhomhanda Turasóireachta 38 agus Grúpa an Fhichead 39 .

    Ní hamháin gur éascaigh Deimhniú Digiteach COVID AE taisteal shaoránaigh de chuid an Aontais, ach ba dhoiciméad iontaofa agus inghlactha é freisin, doiciméad a d’fhéadfaidís a úsáid i gcás ina raibh deimhnithe COVID-19 á n-úsáid ag a mBallstát cinn scríbe chun críoch intíre, amhail chun rochtain ar bhialanna, ar bheáir nó ar óstáin (le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir le húsáid intíre Dheimhniú Digiteach COVID AE, féach Roinn 2.5).

    2.4.Cineálacha éagsúla vacsaíní agus tástálacha COVID-19 a ghlacadh

    Mar a fhoráiltear sa Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE, tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit glacadh le deimhnithe vacsaínithe le haghaidh vacsaíní a bhfuil údarú margaíochta faighte acu ón Aontas maidir le srianta ar shaorghluaiseacht a tharscaoileadh 40 . Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh 41 srianta a tharscaoileadh maidir le taistealaithe a fuair vacsaín a bhfuil an nós imeachta maidir le liostáil úsáide éigeandála de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) curtha i gcrích ina leith 42 nó atá údaraithe ar an leibhéal náisiúnta i mBallstát eile 43 , ach níl sé d’oibleagáid orthu na srianta sin a tharscaoileadh.

    Tá méadú tagtha ar ghlacadh na mBallstát le vacsaíní a bhfuil an nós imeachta maidir le liostáil úsáide éigeandála de chuid EDS curtha i gcrích ina leith, agus chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit sa Choiste Slándála Sláinte, a bunaíodh le hAirteagal 17 de Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE 44 , chun faisnéis a bhailiú maidir leis na vacsaíní in aghaidh COVID-19 nach bhfuil údaraithe ar leibhéal an Aontais a nglacann siad leo chun bearta a bhaineann le taisteal a tharscaoileadh, amhail tástáil bhreise nó coraintín. Mar a luadh thuas, leis an leasú is déanaí ar Mholadh 2020/912 ón gComhairle maidir leis an srian sealadach ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas agus leis an bhféidearthacht deireadh a chur leis an srian sin, foráiltear gur cheart do na Ballstáit deireadh a chur leis an srian sealadach ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas do dhaoine atá vacsaínithe le vacsaín atá údaraithe ag EDS. Mar sin féin, d’fhéadfadh taistealaithe den sórt sin a bheith faoi réir ceanglas breise amhail tástálacha, coraintín nó vacsaín atá údaraithe ag an Aontas a fháil.

    A mhéid a bhaineann le tástálacha le haghaidh ionfhabhtú SARS-CoV-2, i gcomhthéacs taistil, glacann thart ar dhá thrian de na Ballstáit le deimhnithe arna n-eisiúint ar bhonn mearthástálacha antaiginí ardcháilíochta. Na Ballstáit sin nach nglacann le mearthástálacha antaiginí, luann siad, go háirithe, ardrátaí torthaí diúltacha bréagacha mar chúiseanna nach nglacann siad le deimhnithe den sórt sin. Ní cheanglaíonn an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE orthu glacadh leo, ar choinníoll go ndéantar é ar bhealach neamh-idirdhealaitheach.

    2.5.Deimhniú Digiteach COVID AE a úsáid chun críoch intíre

    Cumhdaíonn an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE úsáid a bhaint as na deimhnithe chun taisteal laistigh den Aontas a éascú le linn phaindéim COVID-19. Ní fhorordaítear ná ní thoirmisctear úsáid dheimhnithe COVID-19 chun críoch intíre leis, amhail rochtain ar imeachtaí, bialanna, ionaid spóirt, iompar poiblí nó an ionad oibre a rialú.

    I gcás ina gcinneann na Ballstáit Deimhniú Digiteach COVID AE a úsáid chun críoch eile, ní mór foráil a dhéanamh maidir leis sin sa dlí náisiúnta, agus ní mór don dlí náisiúnta na ceanglais maidir le cosaint sonraí go háirithe a chomhlíonadh 45 . An tráth céanna, i gcás ina gcuireann Ballstát córas deimhnithe COVID-19 ar bun chun críoch intíre, ba cheart dó a áirithiú gur féidir Deimhnithe Digiteacha COVID AE a úsáid freisin 46 . Áirithítear leis sin gur féidir le taistealaithe ó Bhallstáit eile a ndeimhnithe a úsáid le linn a bhfanachta.

    Ón tuarascáil dheireanach maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE, tá athruithe tagtha ar úsáid dheimhnithe COVID-19 chun críoch intíre. Ag freagairt d’ardú ar líon na gcásanna i bhfómhar 2021, thug roinnt Ballstát ceanglais isteach maidir le deimhnithe COVID-19 a úsáid chun críoch breise, mar shampla i gcomhthéacs an iompair phoiblí intíre nó chun an ionad oibre a rochtain. Mar sin féin, i dtús 2022, thosaigh roinnt Ballstát ag cur teorann leis na ceanglais i leith deimhnithe COVID-19 chun críoch intíre, nó chuir siad stop leis na ceanglais ina n-iomláine. Sa suirbhé a rinne an Coiste Slándála Sláinte, thug cúig thír 47 le fios go raibh úsáid intíre Dheimhniú Digiteach COVID AE curtha ar fionraí cheana féin, agus thug cúig thír le fios go raibh plé ar siúl chun é a chur ar fionraí 48 .

    Ós rud é nach gcumhdaítear úsáid intíre deimhnithe COVID-19 leis an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE, is féidir leis na Ballstáit a rialacha agus a gcoinníollacha féin maidir le glacadh a leagan síos freisin. Leanann an Coimisiún de spreagadh a thabhairt do na Ballstáit a gcuid rialacha maidir le húsáid intíre a ailíniú leis na rialacha maidir le glacadh is infheidhme i gcomhthéacs an taistil, ach tá éagsúlachtaí fós ann. Mar shampla, cé gur léirigh ocht mBallstát sa suirbhé go nglactar le deimhnithe vacsaínithe lena léirítear go bhfuil an tsraith vacsaínithe phríomhúil críochnaithe le haghaidh úsáid intíre ar feadh 270 lá, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme i gcomhthéacs an taistil, chuir na Ballstáit eile tréimhsí inghlacthachta éagsúla in iúl. Thug dhá Bhallstát déag le fios go nglactar le deimhnithe ar a dtaispeántar teanndáileog le haghaidh úsáid intíre ar feadh tréimhse éiginnte ama, mar atá i gcomhthéacs an taistil.

    Tá taighdeoirí tar éis iarracht a dhéanamh tionchar na gceanglas maidir le deimhniú COVID-19 a mheas. In alt réamhphriontála le taighdeoirí ó Ollscoil Simon Fraser in British Columbia meastar go raibh méadú suntasach ar vacsaínithe agus gnóthachain charnacha mharthanacha ann tar éis gur fógraíodh ceanglas intíre maidir le deimhniú COVID-19, i gcomparáid leis an treocht roimh an bhfógairt 49 . In alt a foilsíodh in The Lancet léirítear gur tháinig méadú, de thoradh deimhnithe COVID-19 a bheith á dtabhairt isteach, ar vacsaínithe 20 lá roimh chur i bhfeidhm na ndeimhnithe in oirchill a gcur chun feidhme, agus gur lean an éifeacht ar feadh suas le 40 lá i ndiaidh na fógartha 50 . I bpáipéar oibre a d’fhoilsigh taighdeoirí na meithle machnaimh Bruegel, meastar gur tháinig na méaduithe seo a leanas ar ghlacadh vacsaíní nuair a fógraíodh deimhnithe COVID i samhradh 2021: méadú 13 phointe céatadáin den daonra iomlán sa Fhrainc suas le deireadh na bliana, méadú 6.2 pointe céatadáin sa Ghearmáin, agus méadú 9.7 pointe céatadáin san Iodáil 51 . Thairis sin, measann na húdair gur seachnaíodh 3 979 bás breise sa Fhrainc, 1 133 sa Ghearmáin, agus 1 331 san Iodáil; agus gur seachnaíodh caillteanas san olltáirgeacht intíre dar luach EUR 6 bhilliún sa Fhrainc, EUR 1.4 billiún sa Ghearmáin, agus EUR 2.1 billiún san Iodáil. Go háirithe, maíonn na húdair gur laghdaigh cur i bhfeidhm deimhnithe COVID go mór an brú ar aonaid dianchúraim agus gur de thoradh an chur i bhfeidhm sa Fhrainc nár sáraíodh leibhéil áitíochta i gcás inar cuireadh dianghlasálacha i bhfeidhm roimhe sin.

    2.6.Cur chun feidhme teicniúil

    2.6.1.Líon na nDeimhnithe Digiteacha COVID AE arna n-eisiúint

    Faoin 1 Márta 2022, bhí níos mó ná 1.72 milliún Deimhniú Digiteach COVID AE eisithe ag na Ballstáit: 1.15 milliún deimhniú vacsaínithe, 511 mhilliún deimhniú tástála, agus 55 mhilliún deimhniú téarnaimh 52 . Áirítear miondealú mionsonraithe in aghaidh an Bhallstáit in Iarscríbhinn I.

    2.6.2.Tairseach an Aontais Eorpaigh agus obair ar an leibhéal teicniúil

    Na sonraíochtaí, caighdeáin agus treoirlínte teicniúla maidir le comheisiúint, comhfhíorú agus comhghlacadh Deimhniú Digiteach COVID AE, rinne an Coimisiún agus na Ballstáit iad a fhorbairt go comhpháirteach faoi chuimsiú an Líonra r-Shláinte 53 . Bunaithe ar chaighdeáin oscailte atá na sonraíochtaí ar fad a d’fhorbair an Líonra r-Shláinte agus foilsítear iad mar fhoinse oscailte ar shuíomh gréasáin an Líonra r-Shláinte 54 agus ar GitHub 55 . D’éascaigh sé sin idir-inoibritheacht le córais arna bhforbairt ag tríú tíortha (féach Roinn 2.7.1 thíos).

    Ó bhí Deireadh Fómhair 2021 ann, ba chuid den obair ar an leibhéal teicniúil chun tuilleadh feabhais a chur ar chóras Dheimhniú Digiteach COVID AE é ionchódú na dteanndáileog a mhionchoigeartú (féach Roinn 2.8.1thíos) agus, go háirithe, sásra a fhorbairt chun liostaí de Dheimhnithe Digiteacha COVID AE arna gcúlghairm a mhalartú.

    Foráiltear leis an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE go bhféadfaidh a chreat iontaoibhe tacú le liostaí cúlghairme deimhnithe a mhalartú, ar liostaí iad ar a bhfuil aitheantóirí uathúla na ndeimhnithe a cúlghaireadh 56 . Má dhéantar deimhnithe a chúlghairm, d’fhéadfaí an tsláinte phoiblí a chosaint i gcás go n-eisítear deimhnithe go hearráideach nó mar thoradh ar chalaois nó tar éis baisc vacsaíní in aghaidh COVID-19 a fuarthas a bheith lochtach a chur ar fionraí 57 .

    Ó cuireadh i bhfeidhm Deimhniú Digiteach COVID AE, tuairiscíodh líon beag Deimhnithe Digiteacha COVID AE a eisíodh go calaoiseach. Mar a d’fhíoraigh an Coimisiún leis na Ballstáit, is iondúil gur mar gheall ar bhall foirne aonair de chuid eisitheoirí deimhnithe údaraithe a bheith ag eisiúint deimhnithe bailí ar bhealach calaoiseach nó ar bhealach neamhrialta a tharla na cásanna teoranta sin. Tá sé tábhachtach i gcónaí go leanfaidh na húdaráis náisiúnta den obair leantach a dhéanamh maidir leis na cásanna sin.

    Sa chomhthéacs sin, tá réitigh chúlghairme curtha chun feidhme cheana féin ag roinnt Ballstát ar an leibhéal náisiúnta, is é sin, maidir leis na deimhnithe a eisíonn siad féin. Tá an Coimisiún, i gcomhar le saineolaithe ó na Ballstáit, ag obair chun sásra a fhorbairt lena bhféadfar liostaí cúlghairme deimhnithe a mhalartú go tapa agus go slán idir na Ballstáit trí Thairseach Dheimhniú Digiteach COVID AE, arb í an chuid lárnach den chreat iontaoibhe í. Tá sé sin déanta aige toisc, cé gur féidir le córas Dheimhniú Digiteach COVID AE deimhnithe brionnaithe a léiriú ar an bpointe, nach féidir deimhnithe barántúla a eisítear go neamhdhleathach ar bhonn doiciméadacht bhréagach, le rochtain neamhúdaraithe nó le hintinn chalaoiseach a bhrath i mBallstáit eile ach amháin i gcás ina malartaítear idir na Ballstáit na liostaí de dheimhnithe cúlghairthe a ghintear ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart an réiteach a fhorbrófar a bheith oibríochtúil sna seachtainí amach romhainn.

    2.7.Gnéithe idirnáisiúnta de chóras Dheimhniú Digiteach COVID AE

    2.7.1.An Eoraip agus tríú tíortha a nascadh

    Sonraítear leis an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE gur féidir leis an gCoimisiún cinneadh a eisiúint lena mbunaítear go measfar deimhnithe tríú tír a bheith coibhéiseach le Deimhnithe Digiteacha COVID AE (‘cinntí coibhéise’) chun go n-éascófar do na sealbhóirí a gceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú. Is é an toradh atá air sin go bhfuil an tríú tír lena mbaineann nasctha le Tairseach an Aontais. Tá faisnéis mhionsonraithe maidir leis an bpróiseas sin ar fáil sa chéad tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme Dheimhniú Digiteach COVID AE.

    Mar a míníodh sa chéad tuarascáil sin, bhí cinntí coibhéise glactha cheana ag an gCoimisiún maidir le deimhnithe COVID-19 a eisíonn an Albáin, Andóra, Oileáin Fharó, Iosrael, Monacó, Maracó, an Mhacadóin Thuaidh, Panama, San Mairíne, an Tuirc, an Úcráin agus Cathair na Vatacáine. Ina theannta sin, tá an Eilvéis nasctha le córas Dheimhniú Digiteach COVID AE bunaithe ar chinneadh coibhéise a glacadh de bhun Airteagal 3(10) den Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE, i bhfianaise an Chomhaontaithe maidir le saorghluaiseacht daoine idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, ar an taobh eile 58 . I dteannta na dtríú tíortha agus na dtríú críocha atá nasctha ar bhonn cinneadh coibhéise, tá an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua nasctha bunaithe ar ionchorprú an Rialacháin sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

    Ó shin i leith, agus faoi dheireadh mhí Feabhra 2022, ghlac an Coimisiún cinntí coibhéise breise maidir leis an Airméin 59 , Beinin 60 , Cabo Verde 61 , an tSalvadóir 62 , an tSeoirsia 63 , an Iordáin 64 , an Liobáin 65 , an Mholdóiv 66 , Montainéagró 67 , an Nua-Shéalainn 68 , an tSeirbia 69 , Singeapór 70 , an Téaváin 71 , an Téalainn 72 , an Túinéis 73 , Tóga 74 , Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha 75 , an Ríocht Aontaithe 76 agus Uragua 77 .

    Dá bharr sin, tá 35 tír agus críoch nach bhfuil san Aontas Eorpach tar éis dul isteach i gcóras Dheimhniú Digiteach COVID AE sa bhreis ar na 27 Ballstát atá ann. Fágann sin gurb é 62 líon iomlán na dtíortha atá nasctha le córas le Dheimhniú Digiteach COVID AE. I gcas 22 de na 32 cinneadh coibhéise, aithnítear gach ceann de na trí chineál deimhnithe a bunaíodh leis an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE.

    Ina theannta sin, tá níos mó tríú tíortha fós ag cur isteach ar chinneadh coibhéise. Faoin 16 Feabhra 2022, bhí réamhtheagmháil déanta le 35 tríú tír nó críoch a raibh spéis acu ann, agus chuir 25 díobh sin isteach go foirmiúil torthaí a bhféinmheasúnaithe maidir lena n-ullmhacht dul isteach i gcóras an Aontais.

    Na tríú tíortha a iarrann cinneadh coibhéise, ní hé go gceanglaítear go sainráite orthu leis an Rialachán go nglacfaidh siad go cómhalartach le Deimhniú Digiteach COVID AE le haghaidh taisteal chuig a dtíortha faoi seach. Sular ghlac an Coimisiún cinneadh coibhéise, áfach, d’iarr sé go córasach ar na tríú tíortha uile lena mbaineann glacadh le Deimhniú Digiteach COVID AE.

    Leanfaidh an Coimisiún dá iarrachtaí tacú le tríú tíortha ar spéis leo córais idir-inoibritheacha deimhnithe COVID-19 a fhorbairt. D’fhéadfaí a áireamh leis sin sonraíochtaí teicniúla agus réitigh thagartha foinse oscailte a chomhroinnt le tríú tíortha, ar réitigh iad a d’fhéadfadh tacú le deimhnithe tríú tír a thiontú i bhformáid atá idir-inoibritheach le Deimhniú Digiteach COVID AE. Bhain roinnt tríú tíortha úsáid as sásraí maidir le tiontú chun tacú lena n-iarrataí ar chinntí coibhéise.

    I dteannta an chórais maidir le cinntí coibhéise, foráiltear leis an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach AE go bhféadfaidh na Ballstáit Deimhniú Digiteach COVID AE a eisiúint do dhaoine a fuair vacsaín a úsáidtear san Aontas i dtríú tír, i gcás inar cuireadh an fhaisnéis uile is gá ar fáil do na tíortha sin, lena n-áirítear cruthúnas iontaofa ar an vacsaíniú sin 78 . Tá ardáin ar líne forbartha ag roinnt Ballstát 79 chun cabhrú le taistealaithe ó thríú tíortha nach gcumhdaítear le cinneadh coibhéise a iarraidh go ndéanfaí a ndeimhniú COVID-19 a thiontú ina Dheimhniú Digiteach COVID AE.

    2.7.2.Idir-inoibritheacht le córais arna bhforbairt ar an leibhéal idirnáisiúnta

    I gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Rialachán, ba cheart creat iontaobhais Dheimhniú Digiteach COVID AE idir-inoibritheacht a áirithiú le córais teicneolaíocha a bhunaítear ar an leibhéal idirnáisiúnta.

    Leanann an Coimisiún de bheith ag obair i gcomhar le hinstitiúidí idirnáisiúnta chun treoir a thabhairt maidir leis na prionsabail atá mar bhonn agus mar thaca ag córas dheimhniú digiteach COVID atá sábháilte agus iontaofa, go háirithe an rannchuidiú le Doiciméadacht Dhigiteach EDS maidir le sonraíochtaí agus treoirlínte i dtaca le Deimhnithe COVID-19. Tá idirphlé leanúnach ar bun ag an gCoimisiún leis an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) chun na roghanna féideartha a shainaithint maidir le hidir-inoibritheacht idir Deimhniú Digiteach COVID AE agus deimhniú VDS-NC ICAO.

    2.8.Forbairtí maidir le Deimhnithe Digiteacha COVID AE

    2.8.1.Tréimhse bhailíochta deimhnithe vacsaínithe

    Nuair a glacadh an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE, ní raibh go leor sonraí ar fáil maidir le fad na cosanta a eascraíonn as cur i gcrích na sraithe príomhúla den vacsaín in aghaidh COVID-19. Dá bhrí sin, níor socraíodh aon tréimhse bhailíochta le haghaidh deimhnithe vacsaínithe.

    Sa tuarascáil dheireanach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh leasú ar an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE á bhreithniú aige, an tráth sin, chun bailíocht deimhnithe vacsaínithe a shonrú ag an am sin. Thug an Coimisiún dá aire, áfach, go leanfadh sé de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar an bhfianaise eolaíoch a bhaineann leis an ábhar sin.

    An 4 Deireadh Fómhair 2021, tháinig an Coiste um Tháirgí Íocshláinte lena nÚsáid ag an Duine, ar coiste de chuid na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí é, ar an gconclúid gur féidir teanndáileoga le haghaidh Comirnaty a mheas sé mhí ar a laghad tar éis an dara dáileog i gcás daoine atá 18 mbliana d’aois nó níos sine. An 25 Deireadh Fómhair 2021, tháinig an Coiste ar an gconclúid go bhféadfaí teanndáileog Spikevax a mheas 
    i gcás daoine atá 18 bliana d’aois nó os a chionn, sé mhí ar a laghad tar éis an dara dáileog. An 15 Nollaig 2021, tháinig an Coiste ar an gconclúid gur féidir teanndáileog le haghaidh COVID-19 Vaccine Janssen a mheas dhá mhí ar a laghad tar éis na chéad dáileoige i gcás daoine atá 18 mbliana d’aois nó níos sine, agus gur féidir, freisin, COVID-19 Vaccine Janssen a thabhairt tar éis dhá dháileog de Comirnaty nó de Spikevax.

    Sa chomhthéacs sin, an 24 Samhain 2021, d’fhoilsigh ECDC Mear-Mheasúnú Riosca 80 ar an staid eipidéimeolaíoch SARS-CoV-2 an tráth sin, ar na réamh-mheastacháin le haghaidh shéasúr na Nollag agus na hAthbhliana, agus ar straitéisí freagartha san Aontas, inar luaigh sé go raibh fianaise ag teacht chun cinn a léiríonn go dtagann méadú mór ar an gcosaint ar an ionfhabhtú agus ar an ngalar tromchúiseach tar éis teanndáileoige agus é sin i ngach aoisghrúpa sa ghearrthéarma. Dar le ECDC, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh go práinneach ar theanndáileog do na daoine sin atá 40 bliana sin agus níos sine, agus díriú ar na daoine is leochailí agus ar dhaoine scothaosta, agus d’fhéadfadh tíortha breithniú a dhéanamh freisin ar theanndáileog do gach duine fásta 18 mbliana agus níos sine ar a laghad sé mhí tar éis dóibh a sraith phríomhúil a chur i gcrích chun an chosaint ar ionfhabhtú de dheasca imdhíonacht mhaolaitheach a mhéadú, rud a d’fhéadfadh tarchur an víris sa daonra a laghdú agus ospidéalú agus básanna breise a chosc.

    I dtaca leis na forbairtí eolaíocha sin, ghlac níos mó agus níos mó Ballstát rialacha maidir le cé chomh fada agus is ceart glacadh le deimhnithe vacsaínithe lena léirítear gur cuireadh i gcrích an tsraith vacsaínithe phríomhúil. D’fhéadfadh na bearta aontaobhacha sin cur isteach go mór ar shaoránaigh an Aontais agus a gcearta saorghluaiseachta á bhfeidhmiú acu.

    Mar fhreagairt air sin, an 21 Nollaig 2021, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe 81 lena mbunaítear tréimhse inghlacthachta cheangailteach 270 lá le haghaidh deimhnithe vacsaínithe lena gcumhdaítear an tsraith vacsaínithe phríomhúil, chun críocha taistil laistigh den Aontas 82 . Dá bhrí sin, ní ghlacfar le deimhnithe den sórt sin má tá níos mó ná 270 lá caite ó tugadh an dáileog dheireanach. Cuirtear san áireamh sa tréimhse bhailíochta sin treoir ECDC, ar dá réir a mholtar teanndáileoga sé mhí ar a dhéanaí tar éis an chéad timthriall vacsaínithe a bheith curtha i gcrích, mar a mhínítear thuas. Déantar foráil ann freisin maidir le tréimhse chairde de thrí mhí sa bhreis ar na sé mhí sin chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag saoránaigh ar theanndáileoga.

    Níl uastréimhse inghlacthachta ag deimhnithe a eisítear le haghaidh teanndáileoga, agus dá bhrí sin tá siad bailí faoi láthair gan aon dáta éaga, a mhéid a bhaineann le taisteal san Aontas, cé go bhféadfaí é sin a athbhreithniú ag céim níos déanaí i gcás ina léireodh fianaise eolaíoch gur gá tréimhse inghlacthachta a thabhairt isteach do dheimhnithe den sórt sin freisin.

    Tá feidhm ag na rialacha maidir le tréimhse inghlacthachta na ndeimhnithe vacsaínithe chun críocha taistil. Mar a mhínítear thuas, nuair a bheidh rialacha éagsúla á dtabhairt isteach chun na deimhnithe a úsáid ar an leibhéal náisiúnta, moltar do na Ballstáit iad a ailíniú leis na rialacha nua sin chun cinnteacht a chur ar fáil do thaistealaithe agus chun briseadh isteach a laghdú.

    Ina theannta sin, ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme 83 lena soiléirítear na rialacha maidir le deimhnithe vacsaínithe a ionchódú. Ba ghá sin chun a áirithiú gur féidir idirdhealú a dhéanamh i gcónaí idir na deimhnithe vacsaínithe a léiríonn gur críochnaíodh an tsraith phríomhúil agus deimhnithe vacsaínithe a eisíodh tar éis teanndáileoige, beag beann ar líon na ndáileog a riartar sa tsraith phríomhúil.

    2.8.2.Tástálacha antaiginí sa tsaotharlann

    Ó mhí Iúil 2021 ar aghaidh, tá athbhreithniú á dhéanamh ag an meitheal theicniúil um thástálacha diagnóiseacha COVID-19 de chuid an Choiste Slándála Sláinte ar na tograí a rinne na Ballstáit agus monaróirí maidir le tástálacha antaiginí le haghaidh COVID-19 sa tsaotharlann. Déantar na tograí sin a mheasúnú de réir na gcritéar céanna leis na mearthástálacha antaiginí, a comhaontaíodh an 21 Meán Fómhair 2021. Má mheasann an mheitheal theicniúil go bhfuil na tograí rathúil agus má aontaíonn an Coiste Slándála Sláinte léi, cuirtear na tástálacha antaiginí sa tsaotharlann a chomhlíonann na critéir le liosta ar leithligh (Iarscríbhinn III a ghabhann le doiciméad liosta coiteann an AE).

    Ar na cúiseanna a leagadh amach ina thogra maidir le fadú a chur leis an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE, mhol an Coimisiún go n-áireofaí na tástálacha ardcháilíochta antaiginí sin sa tsaotharlann ar na cineálacha tástálacha ar féidir Deimhniú Digiteach COVID AE a eisiúint ina leith 84 Is é is aidhm dó sin raon na gcineálacha tástálacha diagnóiseacha a leathnú tráth atá éileamh mór ar thástálacha COVID-19.

    2.8.3.Deimhnithe téarnaimh a eisiúint ar bhonn torthaí tástálacha antaiginí

    Nuair a glacadh an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE, níorbh fhéidir deimhnithe téarnaimh a eisiúint ach amháin tar éis toradh dearfach ar thástáil mhóilíneach aimpliúcháin aigéid núicléasaigh (NAAT). Ní dhearnadh foráil sa Rialachán maidir le deimhnithe téarnaimh a eisiúint ar bhonn tástálacha eile, amhail mearthástálacha antaiginí.

    I mí na Bealtaine 2021, bhunaigh an Coiste Slándála Sláinte meitheal theicniúil maidir le tástálacha diagnóiseacha COVID-19 85 . Is é is aidhm don mheitheal theicniúil sin athbhreithniú a dhéanamh ar na tograí arna gcur chun cinn ag na Ballstáit agus ag monaróirí chun mearthástálacha antaiginí COVID-19 a chur ar liosta coiteann an Aontais de mhearthástálacha antaiginí, liosta a chomhaontaíonn an Coiste Slándála Sláinte 86 . 

    An 11 Eanáir 2022, phléigh an mheitheal theicniúil sin úsáid na mearthástálacha antaiginí le haghaidh deimhnithe téarnaimh, agus an staid eipidéimeolaíoch a bhí imithe in olcas á cur san áireamh aici, nó bhí líon chásanna COVID-19 níos airde ná riamh de thoradh Omicron, athraitheach ar díol imní é, chomh maith le ganntanas acmhainní NAAT i mBallstáit éagsúla mar thoradh ar éileamh mór ar an tástáil. I bhfianaise na gcúinsí sin, chomhaontaigh an mheitheal theicniúil go bhféadfaí mearthástálacha antaiginí atá ar liosta coiteann an Aontais a úsáid chun deimhnithe téarnaimh a eisiúint. Chuir an grúpa oibre teicniúil i bhfáth nár cheart ach torthaí mearthástálacha antaiginí arna ndéanamh ag gairmithe leighis nó ag pearsanra oilte eile a úsáid amháin chun na deimhnithe sin a eisiúint.

    Mearthástálacha antaiginí atá bailíochtaithe go hiomchuí agus a chomhlíonann critéir ard-sainiúlachta de níos mó ná 98 %, measann ECDC gur féidir iad a úsáid chun a dheimhniú gur théarnaigh duine ó ionfhabhtú COVID-19 a bhí air roimhe 87 . Dá mhéad an tsainiúlacht is ea is airde an bhailíocht tástála a úsáidfear chun duine téarnaithe a dheimhniú.

    I bhfianaise a bhfuil thuas, agus bunaithe ar thuilleadh comhairliúchán leis an gCoiste Slándála Sláinte, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe an 22 Feabhra 2022 lena leasaítear an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE chun foráil a dhéanamh, maidir le mearthástáil antaiginí atá liostaithe ar liosta coiteann an Aontais agus a ndearna gairmithe sláinte nó pearsanra tástála oilte í, go bhféadfaidh an Ballstát ina ndearnadh an tástáil sin deimhniú téarnaimh a eisiúint tar éis toradh dearfach ar an tástáil sin freisin 88 .

    2.8.4.Ceist eisiúint na ndeimhnithe téarnaimh ar bhonn torthaí tástála antasubstainte

    Sa chéad tuarascáil uaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE, dhírigh an Coimisiún freisin ar cheist eisiúint na ndeimhnithe téarnaimh ar bhonn torthaí tástála antasubstainte. Ba é conclúid an Choimisiúin, bunaithe ar threoraíocht eolaíoch, nach raibh sé i gceist aige leasú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE chun eisiúint na ndeimhnithe téarnaimh ar bhonn tástálacha antasubstainte a cheadú.

    Mar a luadh cheana sa chéad tuarascáil, measann ECDC nach mbíonn torthaí na dtástálacha antasubstainte oiriúnach chun measúnú a dhéanamh ar am ionfhabhtaithe duine aonair ná ar a stádas imdhíonachta. Níor athraigh ECDC a sheasamh maidir leis an gceist seo, mar is léir ó thuarascáil nua a foilsíodh an 10 Feabhra 2022 89 . Is iad príomhchonclúidí an chéad nuashonraithe ar an tuarascáil nach féidir tástálacha antasubstainte a úsáid chun deimhnithe digiteacha COVID-19 a eisiúint nó a fhadú. Is iad na príomhchúiseanna leis sin, ar an gcéad dul síos, cé gur féidir le toradh dearfach ar thástáil antasubstainte ionfhabhtú nó vacsaíniú roimhe sin a léiriú, nach féidir úsáid a bhaint as chun a chinneadh an bhfuil an duine ionfhabhtaíoch nó cosanta ar ionfhabhtú faoi láthair, ná nach féidir am an ionfhabhtaithe a chinneadh leis (in easnamh tástáil dhiagnóiseach dhearfach). Ar an dara dul síos, ní fios faoi láthair an raon leibhéal antasubstainte atá i gcomhchoibhneas leis an gcosaint ar an ionfhabhtú nó ar ghalair thromchúiseacha. Thairis sin, tá éagsúlachtaí móra ann idir dhaoine aonair agus idir spriocanna antasubstainte ó thaobh leibhéal na n-antasubstaintí agus ráta meatha na n-antasubstaintí de, agus braitheann siad sin ar fhachtóirí amhail an aois, an stádas géiniteach agus imdhíonachta, an t-ualach víreasach agus déine ghalair an ionfhabhtaithe SARS-CoV-2 a bhí ann. Dá bhrí sin, ní féidir ráta caighdeánach intuartha a ríomh. Ar an tríú dul síos, tá tástálacha antasubstainte éagsúla ar fáil agus tá sé thar a bheith deacair a gcuid torthaí a chur i gcomparáid le chéile i ngeall ar an éagsúlacht agus ar an easpa chaighdeánaithe (ar fud an domhain agus laistigh de na Ballstáit). Agus ar deireadh, tá baol ann nach gcoiscfidh na hantasubstaintí a bhraitear leis na tástálacha tráchtála atá in úsáid faoi láthair ionfhabhtú le hathraitheacha nua SARS-CoV-2 a thagann chun cinn.

    I bhfianaise an mhéid thuas, tá an Coimisiún ag cloí lena sheasamh gan an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a leasú i ndáil leis an bpointe seo.

    2.8.5.Tréimhse bhailíochta na ndeimhnithe téarnaimh

    Sa tuarascáil dheireanach, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid freisin, ar bhonn threoraíocht eolaíoch, nach raibh sé i gceist aige fadú a chur le tréimhse bhailíochta na ndeimhnithe téarnaimh thar 180 lá tar éis dháta an chéad toraidh tástála dhearfaigh. Mar atá luaite ag ECDC, ní raibh a dhóthain fianaise ann chun tacú le fadú ar an tréimhse bhailíochta.

    Tar éis na tréimhse 180 lá, níl ach eolas teoranta ar fhad imdhíonacht an duine a ionfhabhtaíodh le SARS-CoV-2. Is próiseas dinimiciúil é an measúnú ar bhailíocht na ndeimhnithe téarnaimh agus braitheann sé ar an bhfianaise eolaíoch a thagann chun cinn, rud a bhfuil dlúthbhaint aige le hathruithe ar na tréithchineálacha ceannasacha SARS-CoV-2 a bhíonn ag scaipeadh ag aon phointe ar leith 90 .

    Leanann ECDC de mheasúnú rialta a dhéanamh ar thréimhse bhailíochta na ndeimhnithe téarnaimh, trí fhaireachán a dhéanamh ar an bhfianaise eolaíoch is déanaí a bhíonn ar fáil. Níl ach fianaise láidir an-teoranta ar fáil go fóill maidir le méid agus fad na himdhíonachta ar athraitheach Omicron. Measann ECDC nach bhfuil údar ann i láthair na huaire athbhreithniú a dhéanamh ar an tréimhse bhailíochta atá ag na deimhnithe téarnaimh faoi láthair, mar atá,180 lá.

    I bhfianaise an mhéid thuas, níl sé i gceist ag an gCoimisiún faoi láthair leasú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE chun fadú a chur le tréimhse bhailíochta na ndeimhnithe téarnaimh.

    2.9.An Rialachán a fhadú

    Mar a mhínítear faoi Roinn 2.1.1, measann an Coimisiún gur gá fadú 12 mhí a chur le córas Dheimhniú Digiteach COVID AE. Is fíorfhéidearthacht é athmhéadú ar na hionfhabhtuithe sa dara leath de 2022, rud a d’fhéadfadh eascairt as teacht chun cinn athraitheacha nua SARS-CoV-2 i measc nithe eile. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar na Ballstáit ceanglas a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach athuair go ndéanfadh saoránaigh den Aontas a fheidhmíonn a gceart chun saorghluaiseachta cruthúnas ar vacsaíniú, ar thástáil nó ar théarnamh i ndáil le COVID-19 a chur ar fáil agus sin go ceann tréimhse áirithe tar éis an 30 Meitheamh 2022. I gcás den sórt sin, ba cheart a sheachaint nach mbeadh an deis ag saoránaigh an Aontais úsáid a bhaint as Deimhnithe Digiteacha COVID AE mar bhealach éifeachtach slán chun cruthúnas i leith a stádais COVID-19 a léiriú gan dochar don phríobháideacht. Dá bhrí sin, mhol an Coimisiún an 3 Feabhra 2022 go gcuirfí fadú bliana, go dtí an 30 Meitheamh 2023, leis an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE.

    An tráth céanna, mhol an Coimisiún Rialachán (AE) 2021/954 a fhadú, rialachán lena leathnaítear raon na rialacha a leagtar síos sa Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE chuig náisiúnaigh tríú tír nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin, ach atá ag fanacht go dleathach nó ina gcónaí go dleathach ar a gcríoch agus atá i dteideal taisteal chuig Ballstáit eile i gcomhréir le dlí an Aontais 91 .

    Ina theannta sin, tá líon beag leasuithe breise ar an Rialachán sa togra ón gCoimisiún:

    Ar an gcéad dul síos, mar a luaitear thuas, mhol an Coimisiún tástálacha antaiginí ardcháilíochta sa tsaotharlann a chur san áireamh i measc na gcineálacha tástálacha ar féidir deimhniú tástála a eisiúint ina leith. Is é is aidhm dó sin raon feidhme na gcineálacha tástálacha diagnóiseacha a leathnú tráth atá éileamh mór ar thástálacha COVID-19 (féach Roinn 2.8.2 freisin).

    Ar an dara dul síos, soiléiríonn an togra go léiríonn na deimhnithe vacsaíne líon cruinn iomlán na ndáileog a tugadh i mBallstát ar bith, seachas líon na ndáileog a tugadh i mBallstát a n-eisithe amháin. Déanfar sin chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní phraiticiúla atá luaite ag saoránaigh maidir le deimhnithe a léiríonn líon mícheart dáileog tar éis dóibh dáileoga vacsaíne a fháil i níos mó ná Ballstát amháin (féach Roinn 2.1.5 freisin).

    Ar deireadh, foráiltear sa togra go bhféadfar deimhnithe a eisiúint do dhaoine a ghlacann páirt i dtrialacha cliniciúla, is é sin, staidéir a dhéantar chun sábháilteacht nó éifeachtúlacht cógais a imscrúdú, is cuma cé acu a fuair na rannpháirtithe an t-iarrthóir vacsaíne COVID-19 nó, ionas nach mbainfear an bonn de na staidéir, an dáileog a tugadh don ghrúpa cóimheasa. Ina dhiaidh sin, féadfaidh Ballstáit eile glacadh le Deimhniú Digiteach COVID AE a eisítear do rannpháirtithe na dtrialacha.

    Go háirithe i bhfianaise athraithigh nua de SARS-CoV-2 ar díol imní iad a bheith ag teacht chun cinn, tá sé ríthábhachtach fós go leanfar ag forbairt vacsaíní in aghaidh COVID-19 agus ag déanamh staidéir orthu. Mar thoradh air sin, tá sé tábhachtach rannpháirtíocht na saorálaithe i dtrialacha cliniciúla a éascú. Dá mbainfí an rochtain ar Dheimhnithe Digiteacha COVID AE de na saorálaithe, d’fhéadfadh sé sin a bheith ina dhídhreasú mór roimh an rannpháirtíocht sna trialacha cliniciúla, rud a chuirfeadh moill ar a dtabhairt i gcrích agus a d’imreodh tionchar diúltach ar an tsláinte phoiblí.

    3.Conclúid agus na chéad chéimeanna eile

    Bhí, agus tá fós, tionchar an-dearfach ag córas Dheimhniú Digiteach COVID AE ar an tsaorghluaiseacht tráth a leanann na Ballstáit de shrianta a chur ar an taisteal ar fhorais sláinte poiblí. Áirithítear leis go mbeidh sé de cheart ag saoránaigh deimhnithe idir-inoibritheacha a fháil a nglactar go frithpháirteach leo i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh maidir le COVID-19, deimhnithe ar féidir leo iad a úsáid agus a gceart chun saorghluaiseachta á fheidhmiú acu. I gcás ina dtarscaoilfidh Ballstáit srianta áirithe ar an tsaorghluaiseacht i gcás daoine a bhfuil cruthúnas vacsaínithe, tástála nó téarnaimh acu, áirithítear leis na Rialacháin maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE gur féidir leis na saoránaigh tairbhe a bhaint as na díolúintí sin. Le Deimhniú Digiteach COVID AE, seachnaíodh córas scoilte de dheimhnithe náisiúnta éagsúla.

    I gcás ina mbeidh srianta áirithe ar an tsaorghluaiseacht ar bhonn sláinte poiblí fós i bhfeidhm tar éis an 30 Meitheamh 2022, mar shampla i gcás athmhéadú ar ionfhabhtuithe sa dara leath de 2022, ba cheart a sheachaint nach mbeidh an deis ag saoránaigh an Aontais úsáid a bhaint as Deimhnithe Digiteacha COVID AE mar bhealach éifeachtach slán chun a stádas COVID-19 a chruthú gan dochar don phríobháideacht. Dá bhrí sin, mhol an Coimisiún go gcuirfí fadú bliana, go dtí an 30 Meitheamh 2023, leis an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE.

    Tríd is tríd, is díol sásaimh do chomhlachais taistil agus turasóireachta Deimhniú Digiteach COVID AE, chomh maith leis na hiarrachtaí a rinneadh cur chuige comhordaithe i leith an taistil a chur ar bun ar leibhéal an Aontais, nó is uirlis thábhachtach iad chun an taisteal a chur ar a gcumas do shaoránaigh agus chun iad a spreagadh le taisteal a dhéanamh trí fhoráil a dhéanamh faoi chomhair na hintuarthachta is gá. Tá tionchar dearfach ag córas Dheimhniú Digiteach COVID AE fiú lasmuigh den Aontas féin, nó is caighdeán domhanda anois é atá bunaithe go daingean ar luachanna an Aontais maidir leis an oscailteacht, an tslándáil agus cosaint na sonraí. Bhí páirt ag an rath sin in atosú an taistil shábháilte idirnáisiúnta agus sa téarnamh domhanda. Leanfaidh an Coimisiún den ghné idirnáisiúnta de Dheimhniú Digiteach COVID AE a chur chun cinn.

    Leanfaidh an Coimisiún d’fhorbairtí eolaíocha a leanúint go dlúth chun córas Dheimhniú Digiteach COVID AE a oiriúnú nuair is gá, de réir mar a rinne sé le déanaí trí thréimhse chaighdeánach inghlacthachta a bhunú le haghaidh na ndeimhnithe vacsaínithe, trí eisiúint na ndeimhnithe téarnaimh a cheadú ar bhonn mearthástálacha antaiginí, agus trí shásra a fhorbairt chun liostaí de dheimhnithe cúlghairthe a mhalartú.

    Ina theannta sin, leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair go dlúth leis na Ballstáit chun cur chuige dea-chomhordaithe, intuartha agus trédhearcach a áirithiú maidir le glacadh aon srianta is gá ar an tsaorghluaiseacht le linn phaindéim COVID-19. Moltar do na Ballstáit deireadh a chur le haon srianta taistil, lena n-áirítear an oibleagáid Deimhniú Digiteach COVID AE a thíolacadh, a luaithe is féidir de réir na staide eipidéimeolaíche.

    Tá an Coimisiún fós lánmheáite go bhfillfear ar an tsaorghluaiseacht neamhshrianta a luaithe is féidir. Cé gur léiríodh le Deimhniú Digiteach COVID AE go bhfuil sé de chumas ag institiúidí an Aontais agus ag na Ballstáit torthaí nithiúla a bhaint amach a rachaidh chun tairbhe shaoránaigh an Aontais, nuair a chuirfear deireadh leis is léiriú a bheidh ann go mbeidh an phaindéim, agus na srianta atá nasctha léi, sáraithe.

    (1)

         Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19, (IO L 211, 15.6.2021, lch. 1).

    (2)

         Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha maidir le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (Deimhniú Glas Digiteach) (COM(2021) 130 final).

    (3)

         Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, a mhéid a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 (IO L 211, 15.6.2021, lch. 24).

    (4)

         Tá teimpléad don fhormáid pháipéir ar fáil ag:

          https://ec.europa.eu/health/sites/default/files/ehealth/docs/covid-certificate_paper_guidelines_en.pdf  

    (5)

         Scoithdháta an 28 Feabhra 2022. Áirítear in Iarscríbhinn I miondealú mionsonraithe in aghaidh an Bhallstáit.

    (6)

         Dá bhforáiltear le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2021/953.

    (7)

         Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle de bhun Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (COM(2021) 649 críochnaitheach).

    (8)

         Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/953 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (COM(2022) 50 críochnaitheach).

    (9)

      https://www.europarl.europa.eu/cmsdata/214273/Eurobarometer%20Report%20Summary%20_%20EU%20Citizenship%20&%20Democracy%20-%20July%202020.pdf

    (10)

         Airteagal 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha.

    (11)

         Airteagal 52(2) den Chairt agus breithiúnas an 17 Meán Fómhair 2002, Baumbast and R, C-413/99, AE:C:2002:493.

    (12)

         Airteagal 27 de Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).

    (13)

         Féach togra ón gCoimisiún an 4 Meán Fómhair 2020 le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe i ndáil le srian a chur ar an tsaorghluaiseacht mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 (COM(2020) 499 críochnaitheach), togra ón gCoimisiún an 17 Márta 2021 le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (An Deimhniú Glas Digiteach) (COM(2021) 130 críochnaitheach), togra ón gCoimisiún an 25 Samhain 2021, Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 agus a chuirtear in ionad Mholadh (AE) 2020/1475 (COM(2021) 749 críochnaitheach) agus Togra ón gCoimisiún an 3 Feabhra 2022 le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/953 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (COM(2022) 50 críochnaitheach).

    (14)

         Féach freisin Aithris 14 den Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE: “Tá sé beartaithe leis an Rialachán seo cur i bhfeidhm phrionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe a éascú maidir le srianta a d’fhéadfadh a bheith ar an tsaorghluaiseacht le linn phaindéim COVID-19, agus ardleibhéal cosanta don tsláinte phoiblí á shaothrú ag an am céanna. Níor cheart an tuiscint a bhaint as an Rialachán seo go n-éascaítear nó go spreagtar srianta ar an tsaorghluaiseacht, nó srianta ar chearta bunúsacha eile, a ghlacadh, mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, i bhfianaise na n-éifeachtaí díobhálacha a bhíonn acu ar shaoránaigh den Aontas agus ar ghnólachtaí de chuid an Aontais […]”.

    (15)

          https://www.ecdc.europa.eu/en/covid-19/country-overviews  

    (16)

          https://www.ecdc.europa.eu/sites/default/files/documents/RRA-19th%20update-27-jan-2022.pdf  

    (17)

      https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/regulation_amending_regulation_eu_2021_-_953.pdf  

    (18)

         Ina theannta sin, tá athbhreithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún faoi láthair ar threoirlínte 2009 maidir le saorghluaiseacht, chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú do shaoránaigh den Aontas atá ag feidhmiú a gceart chun saorghluaiseacht, agus chun cur i bhfeidhm níos éifeachtaí agus níos aonfhoirmí na reachtaíochta maidir leis an tsaorghluaiseacht a áirithiú ar fud an Aontais, mar a mhínítear i dTuarascáil ar Shaoránacht AE 2020 ( https://ec.europa.eu/info/files/eu-citizenship-report-2020-empowering-citizens-and-protecting-their-rights_en ).

    (19)

         Moladh (AE) 2020/1475 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2020 maidir le cur chuige comhordaithe i leith an tsaorghluaiseacht a shrianadh mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 (IO L 337, 14.10.2020, lch. 3).

    (20)

         Moladh (AE) 2021/119 ón gComhairle an 1 Feabhra 2021 lena leasaítear Moladh (AE) 2020/1475 maidir le cur chuige comhordaithe i leith an tsaorghluaiseacht a shrianadh mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 (IO L 36I, 2.2.2021, lch. 1). agus Moladh (AE) 2021/961 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena leasaítear Moladh (AE) 2020/1475 maidir le cur chuige comhordaithe i leith an tsaorghluaiseacht a shrianadh mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 (IO L 213I, 16.6.2021, lch. 1).

    (21)

         Moladh (AE) 2021/961 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena leasaítear Moladh (AE) 2020/1475 maidir le cur chuige comhordaithe i leith an tsaorghluaiseacht a shrianadh mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 (IO L 213I, 16.6.2021, lch. 1).

    (22)

         Aithris 9 de Mholadh (AE) 2021/961 ón gComhairle.

    (23)

         Moladh (AE) 2022/107 ón gComhairle an 25 Eanáir 2022 maidir le cur chuige comhordaithe chun saorghluaiseacht shábháilte a éascú le linn phaindéim COVID-19 agus a chuirtear in ionad Mholadh (AE) 2020/1475 (IO L 18, 27.1.2022, lch. 110).

    (24)

         Féach freisin COM(2022) 50 final.

    (25)

         DK, IE, LT, SI agus SE.

    (26)

          https://www.ecdc.europa.eu/sites/default/files/documents/RRA-19-update-27-jan-2022.pdf  

    (27)

          https://reopen.europa.eu/en  

    (28)

         Airteagal 11 den Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE.

    (29)

         Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin reatha COVID-19 agus ar dhúshláin nua COVID-19 (COM(2021) 764 final).

    (30)

         Ar fáil ar: https://ec.europa.eu/info/policies/justice-and-fundamental-rights/eu-citizenship/movement-and-residence/eu-digital-covid-certificate-vaccinations-and-travel-restrictions_en  

    (31)

         Aithris 48 den Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE.

    (32)

         Eurostat, ‘Commercial flights by reporting country – monthly data’, 10-02-2022, atá ar fáil ag https://appsso.eurostat.ec.europa.eu/nui/show.do?dataset=avia_tf_cm&lang=en  

    (33)

         Eurostat, ‘Air passenger transport by reporting country’, 14-02-2022, atá ar fáil ag: https://appsso.eurostat.ec.europa.eu/nui/show.do?dataset=avia_paoc&lang=en  

    (34)

         Níl sonraí ar fáil le haghaidh BE, EL, RO agus SI.

    (35)

          https://tourismmanifesto.eu/position-on-the-european-commissions-proposals-for-council-recommendations-on-intra-eu-and-international-travel/

    (36)

         Moladh (AE) 2022/290 ón gComhairle an 22 Feabhra 2022 lena leasaítear Moladh (AE) 2020/912 ón gComhairle maidir leis an srian sealadach ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas agus maidir leis an bhféidearthacht deireadh a chur leis an srian sin (IO L 43, 24.2.2022, lch. 79).

    (37)

          https://www.oecd-forum.org/posts/the-oecd-safe-international-mobility-initiative  

    (38)

          https://www.unwto.org/news/vaccines-and-digital-solutions-to-ease-travel-restrictions  

    (39)

          https://www.oecd.org/cfe/g20-rome-guidelines-for-the-future-of-tourism-d11080db-en.htm  

    (40)

         Airteagal 5(5), an chéad fhomhír, den Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE.

    (41)

         Airteagal 5(5), an dara fhomhír, den Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE.

    (42)

          https://extranet.who.int/pqweb/key-resources/documents/status-covid-19-vaccines-within-who-eulpq-evaluation-process  

    (43)

         Bunaithe ar fhorálacha Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).

    (44)

       Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (IO L 293, 5.11.2013, lch. 1).

    (45)

         Aithris 48 den Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE.

    (46)

         Aithris 49 den Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE.

    (47)

         CZ, ES, FI, LI agus NO.

    (48)

         EE, HR, LV, AT agus SK.

    (49)

          https://doi.org/10.1101/2021.10.21.21265355

    (50)

          https://doi.org/10.1016/S2468-2667(21)00273-5  

    (51)

          https://www.bruegel.org/2022/01/the-effect-of-covid-certificates-on-vaccine-uptake-public-health-and-the-economy/  

    (52)

       I gcás nach raibh Ballstát in ann ach figiúr foriomlán a sholáthar le haghaidh na dtrí chineál deimhnithe, áirítear iad i líon na ndeimhnithe vacsaínithe arna n-eisiúint ós rud é gurb iad sin formhór mór na ndeimhnithe arna n-eisiúint.

    (53)

         Is líonra deonach é an Líonra r-Shláinte a nascann na húdaráis náisiúnta atá freagrach as r-Shláinte arna n-ainmniú ag na Ballstáit, líonra a bunaíodh ar bhonn Airteagal 14 de Threoir 2011/24/AE.

    (54)

          https://ec.europa.eu/health/ehealth/covid-19_en

    (55)

          https://github.com/eu-digital-green-certificates  

    (56)

         Airteagal 4(2) den Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE.

    (57)

         Aithris 19 den Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE.

    (58)

         IO L 114, 30.4.2002, lch. 6.

    (59)

         Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1894 ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair 2021 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na hAirméine leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 384, 29.10.2021, lch. 109).

    (60)

         Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/206 ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2022 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht Bheinin leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 34, 16.2.2022, lch. 46).

    (61)

         Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2189 ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2021 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht Cabo Verde leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 443I, 10.12.2021, lch. 7).

    (62)

         Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2113 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2021 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag an tSalvadóir leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 429, 1.12.2021, lch. 152).

    (63)

         Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1995 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2021 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag an tSeoirsia leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 405, 16.11.2021, lch. 26).

    (64)

         Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/207 ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2022 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Ríocht Haisimíteach na hIordáine leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 34, 16.2.2022, lch. 49).

    (65)

         Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2187 ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2021 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na Liobáine leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 443I, 10.12.2021, lch. 1).

    (66)

         Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1994 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2021 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na Moldóive leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 405, 16.11.2021, lch. 23).

    (67)

         Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2297 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Montainéagró leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 458, 22.12.2021, lch. 524).

    (68)

         Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1993 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2021 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Nua-Shéalainn leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 405, 16.11.2021, lch. 20).

    (69)

         Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1996 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2021 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na Seirbia leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 405, 16.11.2021, lch. 29).

    (70)

         Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2057 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2021 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht Shingeapór leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 420, 25.11.2021, lch. 129).

    (71)

         Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2300 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Téaváin leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 458, 22.12.2021, lch. 533).

    (72)

         Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2299 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag an Téalainn leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 458, 22.12.2021, lch. 530).

    (73)

         Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2296 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na Túinéise leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 458, 22.12.2021, lch. 521).

    (74)

         Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2056 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2021 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht Thóga leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 420, 25.11.2021, lch. 126).

    (75)

         Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2188 ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2021 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 443I, 10.12.2021, lch. 4).

    (76)

         Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1895 ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair 2021 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 384, 29.10.2021, lch. 112).

    (77)

         Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2298 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht Oirthear Uragua leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 458, 22.12.2021, lch. 527).

    (78)

    Airteagal 8(1) den Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE.

    (79)

         Mar shampla, BE, FR agus LV.

    (80)

          https://www.ecdc.europa.eu/en/publications-data/rapid-risk-assessment-sars-cov-2-november-2021

    (81)

         Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2288 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tréimhse inghlacthachta na ndeimhnithe vacsaínithe arna n-eisiúint i bhformáid Dheimhniú Digiteach COVID AE lena léirítear gur críochnaíodh an tsraith vacsaínithe phríomhúil (IO L 458, 22.12.2021, lch. 459).

    (82)

         Chuir an Coimisiún san áireamh cheana féin togra le haghaidh tréimhse inghlacthachta 9 mí ina thogra an 25 Samhain 2021 le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe chun saorghluaiseacht shábháilte a éascú le linn phaindéim COVID-19 agus a chuirtear in ionad Mholadh (AE) 2020/1475.

    (83)

         Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2301 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla agus rialacha maidir le cur chun feidhme an chreata iontaoibhe i ndáil le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 458, 22.12.2021, lch. 536).

    (84)

    https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/regulation_amending_regulation_eu_2021_-_953.pdf  

    (85)

        https://ec.europa.eu/health/health-security-and-infectious-diseases/crisis-management/covid-19-diagnostic-tests_en  

    (86)

        https://ec.europa.eu/health/system/files/2022-01/covid-19_rat_common-list_en.pdf  

    (87)

        https://www.ecdc.europa.eu/sites/default/files/documents/Options-for-the-use-of-rapid-antigen-tests-for-COVID-19-first-update.pdf  

    (88)

         Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/256 ón gCoimisiún an 22 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le deimhnithe téarnaimh a eisiúint bunaithe ar mhearthástálacha antaiginí (IO L 42, 23.2.2022, lch. 4).

    (89)

          https://www.ecdc.europa.eu/en/publications-data/use-antibody-tests-sars-cov-2  

    (90)

          https://www.ecdc.europa.eu/en/publications-data/covid-19-omicron-risk-assessment-further-emergence-and-potential-impact  

    (91)

    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/954 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID-19 AE) a eisiúint a mhéid a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo (COM(2022) 55 final).

    Top

    An Bhruiséil,15.3.2022

    COM(2022) 123 final

    IARSCRÍBHINN

    a ghabhann leis an

    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle

    de bhun Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19


    IARSCRÍBHINN

    Miondealú mionsonraithe ar líon na nDeimhnithe Digiteacha COVID AE a eisíodh 
    (faoin 1 Márta 2022)

    Deimhnithe vacsaínithe a eisíodh

    Deimhnithe tástála (NAAT 1 ) a eisíodh

    Deimhnithe tástála (RAT 2 ) a eisíodh

    Deimhnithe téarnaimh a eisíodh

    Líon iomlán a eisíodh

    An Ostair

    18.416.199

    68.935.045

    37.343.912

    2.260.248

    126.955.404

    An Bheilg*

    27.843.418

    14.657.908

    2.782.364

    45.283.690

    An Bhulgáir

    2.716.596

    838.624

    3.505.401

    415.423

    7.476.044

    An tSeicia

    13.678.543

    5.190.427

    5.674.028

    2.185.985

    26.728.983

    An Danmhairg

    206.325.823

    2.533.065

    6.276.777

    5.366.301

    220.501.966

    An Ghearmáin

    168.238.478

    18.724.453

    22.413.682

    7.107.023

    216.483.636

    An Eastóin*

    1.472.009

    49.071

    244.678

    1.765.758

    Éire

    6.764.062

    497.662

    156.354

    461.955

    7.880.033

    An Ghréig

    6.537.796

    52.070

    1.482.081

    2.180.450

    10.252.397

    An Spáinn*

    62.721.555

    796.735

    1.097.948

    1.085.842

    65.702.080

    An Fhrainc

    139.067.349

    63.769.840

    100.606.359

    9.923.368

    313.366.916

    An Chróit

    3.392.222

    71.104

    2.330.404

    672.263

    6.465.993

    An Iodáil

    122.277.609

    24.140.594

    93.800.081

    11.855.504

    252.073.788

    An Chipir

    1.897.107

    128.455

    4.761.217

    318.218

    7.104.997

    An Laitvia

    2.444.497

    400.992

    60.860

    335.348

    3.241.697

    An Liotuáin

    1.824.226

    3.797.655

    486.036

    396.548

    6.504.465

    Lucsamburg

    3.004.509

    1.386.231

    747.266

    209.251

    5.347.257

    An Ungáir

    14.280.192

    461.724

    181.899

    514.673

    15.438.488

    Málta*

    410.100

    1.620

    329

    412.049

    An Ísiltír**

    220.841.972

    220.841.972

    An Pholainn*

    27.852.340

    978.644

    1.219.591

    30.050.575

    An Phortaingéil

    12.344.024

    416.755

    1.538.551

    1.412.592

    15.711.922

    An Rómáin

    10.901.708

    139.392

    418.354

    946.543

    12.405.997

    An tSlóivéin

    7.469.742

    648.215

    8.392.937

    1.656.389

    18.167.283

    An tSlóvaic

    6.619.074

    3.470.221

    4.316.257

    1.153.544

    15.559.096

    An Fhionlainn

    13.246.048

    1.586.451

    536.934

    15.369.433

    An tSualainn*

    13.390.224

    513.375

    8.216

    13.911.815

    An Íoslainn

    1.142.320

    101.201

    669.701

    53.807

    1.967.029

    Lichtinstéin

    75.559

    39.985

    33.844

    10.706

    160.094

    An Iorua**

    35.300.000

    35.300.000

    Iomlán AE/LEE

    1.152.495.301

    214.327.514

    296.293.949

    55.314.093

    1.718.430.857

    *    Líon iomlán na ndeimhnithe tástála NAAT agus RAT 
    **    Líon iomlán na ndeimhnithe de na trí chineál sin a eisíodh

    (1)    ‘Tástáil aimpliúcháin aigéid núicléasaigh’, amhail teicnící um imoibriú slabhrúil polaiméaráise cúl-trascrioptáise (RT-PCR), um aimpliúchán isiteirmeach trí mheán lúibe (LAMP) agus um aimpliúchán trí mheán tras-scríofa (TMA), a úsáidtear chun láithreacht aigéad ribeanúicléasach (RNA) SARS-CoV-2 a bhrath.
    (2)    ‘Mearthástáil antaiginí’, is é sin tástáil a bhraitheann ar phróitéiní víreasacha (antaiginí) a bhrath trí imdhíonmheasúnacht sreafa chliathánaigh a úsáid agus a chuireann torthaí ar fáil i níos lú ná 30 nóiméad.
    Top