AN COIMISIÚN EORPACH
Strasbourg, 15.2.2022
COM(2022) 61 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
Treochlár maidir le teicneolaíochtaí criticiúla le haghaidh na slándála agus na cosanta
1.
Réamhrá
Tá sé ríthábhachtach go bhfanfaidh an Eoraip ar thús cadhnaíochta na forbartha teicniúla chun rathúnas, slándáil agus dóigh bheatha na hEorpa a áirithiú. Tá earnálacha na slándála agus na cosanta á gclaochlú ag teicneolaíochtaí nua níos tapúla ná a bhí riamh roimhe seo, agus tá an líne dhealaithe idir an réimse sibhialtach agus an réimse míleata ag éirí doiléir dá thoradh sin. Tá na teicneolaíochtaí digiteacha go háirithe ag déanamh difear do chothromaíocht na cumhachta laistigh de thimpeallacht na slándála domhanda. Dá bhrí sin, is den ríthábhacht é a áirithiú go mbeidh earnálacha slándála agus cosanta na hEorpa oiriúnach dá bhfeidhm ó thaobh na teicneolaíochta de.
Tagann a lán teicneolaíochtaí criticiúla le haghaidh na slándála agus na cosanta níos mó agus níos mó ón earnáil shibhialtach agus bíonn comhpháirteanna de chineál dé-úsáide iontu. Tá gá le malartú níos fearr idir lucht taighde agus nuálaíochta sa réimse sibhialtach agus i réimse na cosanta chun dlús a chur leis an nuálaíocht ar fud na réimsí agus chun ceannasacht theicneolaíoch a chothú in earnálacha na slándála agus na cosanta. I bhfianaise shaineolas seanbhunaithe an Aontais ar an bhforbairt theicneolaíoch shibhialtach agus a ionstraimí comhair cosanta nua, is maith atá sé in ann an príomhról a thógáil air féin. Mar sin féin, beidh gá leis na hacmhainní a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla agus beidh gá le bheith réidh na deiseanna dé-úsáide a iniúchadh chun an méid sin a bhaint amach, agus seasamh le bunluachanna an Aontais san am céanna. Beidh gá freisin leis na spleáchais straitéiseacha agus na leochaileachtaí sna slabhraí luacha agus soláthair a bhaineann leis na teicneolaíochtaí sin a laghdú.
Tá neamhéifeachtúlachtaí eacnamaíocha, acmhainneacht oibríochtúil laghdaithe agus spleáchais straitéiseacha mhéadaithe ann de thoradh ilroinnt cumais slándála agus chosanta na hEorpa. Leis an réabhlóid leanúnach i dteicneolaíochtaí na slándála agus cosanta, agus le hionstraimí comhair cosanta nua an Aontais, tá deis ag an Aontas na cineálacha botún a rinneadh san am atá thart a sheachaint, cur leis na hacmhainneachtaí atá aige cheana féin, agus a rathúnas eacnamaíoch agus a shlándáil a chaomhnú. San am atá le teacht, ba cheart timpeallacht teicneolaíochta agus nuálaíochta na hEorpa maidir leis an tslándáil agus leis an gcosaint a fhorbairt faoi chreataí comhoibritheacha an Aontais ón tús.
San aitheasc uaithi ar Staid an Aontais Eorpaigh in 2021
, d’aithin an tUachtarán von der Leyen go raibh gá le hAontas Eorpach um Chosaint cé go raibh tús curtha le forbairt éiceachórais cosanta Eorpaigh. Leis an gCompás Straitéiseach maidir leis an tslándáil agus leis an gcosaint (an ‘Compás Straitéiseach’), atá le glacadh ag na Ballstáit i mí an Mhárta 2022, leagfar amach fís straitéiseach chomhchoiteann le haghaidh na ndeich mbliana romhainn, agus tabharfar breac-chuntas ar an gcaoi a leasóidh an tAontas a inniúlacht gníomhaíochta agus a chumas chun dul i ngleic le géarchéimeanna agus dúshláin éagsúla; a leasanna a dhaingniú agus a shaoránaigh a chosaint; infheistíocht agus nuálaíocht a dhéanamh chun na cumais agus na teicneolaíochtaí riachtanacha a fhorbairt; agus comhpháirtíochtaí atá bunaithe ar luachanna agus leasanna an Aontais a neartú.
An treochlár seo maidir le teicneolaíochtaí criticiúla le haghaidh na slándála agus na cosanta, is freagairt é ar iarraidh ón gComhairle Eorpach an 25-26 Feabhra 2021 bealach a leagan amach chun taighde, forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht (TFTN) a threisiú, agus spleáchais straitéiseacha an Aontais sna teicneolaíochtaí criticiúla agus slabhraí luacha le haghaidh na slándála agus na cosanta a laghdú. Cuirfear an treochlár i láthair ag an gcruinniú mullaigh neamhfhoirmiúil i bPáras an 10-11 Márta 2022 agus cuirfear leis an gCompás Straitéiseach é. Sa treochlár moltar bealach chun cinn don Aontas agus na Ballstáit chun an sprioc thuasluaite a bhaint amach le chéile, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
-teicneolaíochtaí atá ríthábhachtach do shlándáil agus do chosaint an Aontais a shainaithint agus iad a threisiú trí chláir taighde, forbartha teicneolaíochta agus nuálaíochta (TFTN) Eorpacha;
-a áirithiú go gcuirfear gnéithe cosanta san áireamh ar bhonn níos fearr i gcláir TFTN shibhialtacha na Eorpa agus i mbeartais thionsclaíocha agus trádála, de réir mar is iomchuí, agus go gcuirfear úsáidí sibhialtacha teicneolaíochtaí féideartha san áireamh ar bhonn níos fearr i gcláir TFTN cosanta chomh maith leis sin;
-cur chuige straitéiseach agus comhordaithe uile-Aontais a chur chun cinn ón tús maidir le teicneolaíochtaí criticiúla le haghaidh na slándála agus na cosanta chun an leas is fearr a bhaint as cláir TFTN an Aontais agus na mBallstát, chun sineirgí idir pobail TFTN san earnáil shibhialtach agus in earnáil na cosanta a bhaint amach agus chun spleáchais straitéiseacha a mhéid a bhaineann le foinsí seachtracha a mhaolú; agus
-comhordú a oiread agus is féidir le comhpháirtithe atá ar aon intinn, amhail Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT), faoi choinníollacha atá chun tairbhe do gach taobh.
2.
Teicneolaíochtaí criticiúla agus spleáchais straitéiseacha in earnáil na slándála agus in earnáil na cosanta
An nuashonrú a rinneadh ar an ‘Straitéis Nua Tionsclaíochta 2020: Margadh aonair níos láidre a thógáil do théarnamh na hEorpa’(‘straitéis tionsclaíochta nuashonraithe’) i mí na Bealtaine 2021, deimhníonn sé go bhfuil an cheannaireacht theicneolaíoch fós ina spreagadh bunriachtanach ag iomaíochas agus nuálaíocht an Aontais, go háirithe maidir leis na ‘teicneolaíochtaí criticiúla’ mar a thugtar orthu. Cuireann sé i dtreis freisin cé chomh tábhachtach agus atá sé spleáchais straitéiseacha a shainaithint agus a mhaolú sna ‘héiceachórais íogaire’, lena n‑áirítear ‘cóngaracht, geilleagar sóisialta agus slándáil shibhialta’ agus ‘aeraspás agus cosaint’, chun athléimneacht an Aontais a áirithiú.
I bplean gníomhaíochta an Choimisiúin i mí na Feabhra 2021 maidir le sineirgí idir na tionscail shibhialtacha, chosanta agus spáis (‘plean gníomhaíochta na sineirgí’) aithnítear tábhacht mhéadaitheach na dteicneolaíochtaí bunathraitheacha agus cumasúcháin a thagann as an réimse sibhialtach le haghaidh shlándáil agus chosaint na hEorpa amach anseo agus an gá atá ann le malartú agus sineirgí idir teicneolaíochtaí sibhialtacha agus cosanta a chur chun cinn. Leagtar amach ann roinnt príomhghníomhaíochtaí le malartú faisnéise agus comhar idir pobail san earnáil shibhialtach agus in earnáil na cosanta a spreagadh, agus cláir agus ionstraimí TFTN an Aontais á n‑úsáid mar thúsphointe dóibh.
2.1.
Gnéithe sonracha d’earnálacha na slándála agus na cosanta
Tá éagsúlacht i struchtúr thionscal arm an Aontais, le cuideachtaí ilnáisiúnta móra agus fiontair bheaga agus mheánmhéide. Is ó rialtais náisiúnta a eascraíonn an t‑éileamh ar fad, beagnach, agus is iad na rialtais náisiúnta freisin a rialaíonn aimsiú iomlán na dtáirgí agus na dteicneolaíochtaí a bhaineann leis an gcosaint, chomh maith lena n‑onnmhairiú. Tá margadh cosanta an Aontais fós á ilroinnt de thoradh difríochtaí sna riachtanais náisiúnta, sa chaiteachas poiblí náisiúnta agus san infheistíocht phoiblí náisiúnta, agus tá baol ann in amanna go gcuirfear bac ar an idir-inoibritheacht idir fórsaí armtha náisiúnta na mBallstát. Dá bhrí sin, ní chloítear san earnáil cosanta leis na gnáthrialacha ná na gnáthshamhail ghnó lena rialaítear margaí níos traidisiúnta, agus dá bhrí sin níl ach acmhainn theoranta aici tionchar a imirt ar infheistíochtaí agus ar na roghanna a dhéantar ar an margadh. Dá thoradh sin, bíonn sé deacair don lucht tionscail tabhairt faoi thionscadail TFTN atá substaintiúil agus féinmhaoinithe.
Tá dúshláin den chineál céanna le sárú i dtionscal slándála an Aontais, toisc go bhfuil na margaí sin náisiúnta den chuid is mó, ach níos ilroinnte fós. Tá a lán cineálacha custaiméirí i gceist (e.g. fórsaí póilíneachta, gníomhaireachtaí slándála inmheánacha, gníomhaireachtaí custaim, údaráis teorann, seirbhísí slándála príobháideacha), bíonn gníomhaíochtaí an tionscail á gcur i gcrích ag leibhéil éagsúla (leibhéil áitiúla, réigiúnacha, agus náisiúnta), agus bíonn difríochtaí i leith an eagrúcháin ann freisin ó Bhallstát go Ballstát. Cuirfidh an Coimisiún staidéar ar mhargadh cosanta an Aontais i láthair in 2022, lena gcuirfear léargas breise ar fáil ar an earnáil chasta sin. Sa bhreis air sin, sa chéad leath de 2022 déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin achoimre ar na moltaí maidir le glacadh cineálacha cur chuige cumasbhunaithe a chothú, cineálacha cur chuige a bheidh le cur i bhfeidhm ar fud na n‑earnálacha slándála. Neartóidh na moltaí sin sainaithint luath agus réamhbhreathnaitheach na riachtanas agus na réiteach maidir leis an tslándáil agus le forfheidhmiú an dlí.
Is ‘cumasóirí’ straitéiseacha iad an teicneolaíocht spáis agus an chibear-theicneolaíocht le haghaidh earnálacha an tslándála agus na cosanta. Tá a lán de na gnéithe céanna ag an earnáil spáis, toisc go bhfuil méideanna beaga margaidh aici agus beagán giarála aici ar mhargadh príobháideach na gcomhpháirteanna. Tá athléimneacht na gclár spáis agus athléimneacht shlabhraí luacha an spáis ríthábhachtach le haghaidh cuspóirí shlándála agus chosanta an Aontais. Tá méadú ag teacht ar a thábhachtaí atá an chibear-theicneolaíocht freisin ó thaobh na gcumas cosanta de freisin, agus tá aird agus infheistíocht de dhíth uirthi. Toisc go bhfuil méadú mór ag teacht ar na cibirionsaithe a dhírítear ar shócmhainní agus ar líonraí sibhialtacha agus cosanta araon, agus toisc go bhfuil méadú ag teacht ar ról na hearnála sibhialtaí sa nuálaíocht agus sa chaighdeánú laistigh den earnáil chibir, tá naisc níos dlúithe de dhíth idir an chibearshlándáil agus an chibearchosaint. Tugann rannchuidiú an Choimisiúin do chosaint na hEorpa i gcomhthéacs an Chompáis Straitéisigh (‘teachtaireacht maidir le cosaint’), atá mar chuid den phacáiste cosanta seo, breac-chuntas ar bhearta breise le haghaidh an dá earnáil sin.
2.2.
Teicneolaíochtaí criticiúla agus spleáchais straitéiseacha in earnáil na slándála agus in earnáil na cosanta a mhapáil
Leis an straitéis thionsclaíoch nuashonraithe cuirtear mapáil agus anailís níos leithne ar fáil maidir le spleáchais straitéiseacha agus acmhainneachtaí straitéiseacha an Aontais, ar bhonn an chéad bhabhta de ghrinn‑athbhreithnuithe ar éiceachórais íogaire. Cé go mbeidh an obair sin ina bonn do ghníomhaíocht bheartais d’fhonn tacú le hathléimneacht níos fearr san Aontas, aithnítear inti freisin go bhfuil gá le tuilleadh oibre chun ár dtuiscint a fheabhsú i leith spleáchais straitéiseacha an Aontais, ar na hathruithe a d’fhéadfadh a theacht orthu, agus ar an gcaoi óna bhféadfadh leochaileachtaí breise a eascairt. San obair sin tá an dara babhta de ghrinn‑athbreithnuithe ar éiceachórais íogaire agus córas faireacháin tríd an bhFaireachlann um theicneolaíochtaí criticiúla (‘Faireachlann’), féach Roinn 2.3.
Tá tús curtha ag seirbhísí an Choimisiúin le hobair ar ghrinn‑athbhreithnuithe maidir le réimsí theicneolaíocht na cosanta agus na slándála, réimse na cibearshlándála san áireamh, d’fhonn tacú leis an straitéis thionsclaíoch nuashonraithe agus le forbairt na Faireachlainne. Rinneadh dhá chás‑staidéar tosaigh go dtí seo ar réimsí theicneolaíocht cosanta na gcóras uathrialach agus na leathsheoltóirí, samplaí a measadh a bheith ionadaíoch mar gheall ar a n‑ábharthacht thrasghearrach i leith na gcumas míleata i réimsí éagsúla, féach Bosca 1. Bhí sé d’aidhm patrúin choiteanna a shainaithint i measc na réimsí teicneolaíochta cosanta sin, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na cúiseanna le spleáchais agus na rioscaí gaolmhara, agus na chéad bhealaí chun iad a mhaolú.
Deimhníonn na cás‑staidéir go mbaineann na spleáchais straitéiseacha agus na leochaileachtaí céanna leis an earnáil cosanta agus a bhaineann le héiceachórais íogaire eile, go háirithe a mhéid a bhaineann le bearnaí teicneolaíochta, amhábhair (criticiúla), scileanna, infheistíocht íseal in TFTN agus rialacháin sheach‑chríochacha ó thíortha neamh‑AE. Léiríonn siad chomh maith go bhfuil leochaileachtaí na hearnála níos géire i gcoitinne toisc go bhfuil na gníomhaíochtaí a bhaineann léi de chineál straitéiseach agus íogair (e.g. caighdeáin níos airde ó thaobh slándáil faisnéise de agus ó thaobh shlándáil an tsoláthair de), agus toisc go bhfuil a margadh beag i gcomparáid le hearnálacha eile.
Anuas air sin léiríonn na cás‑staidéir go ndéanann cuid d’iomaitheoirí domhanda an Aontais gníomhaíochtaí níos ionsaitheacha agus níos cosantacha ná mar atá déanta ag an Aontas go dtí seo chun teicneolaíochtaí criticiúla a chur chun cinn agus chun dul i ngleic le spleáchais straitéiseacha. Mar shampla, cuireann siad gnéithe cosanta náisiúnta san áireamh i bhforbairt theicneolaíoch shibhialtach ar bhealach níos córasaí, déanann siad infheistíocht mhór ina TFTN dúchasach féin agus ina n‑acmhainneacht thionsclaíoch féin, meallann siad infheisteoirí seachtracha agus in amanna baineann siad úsáid as straitéisí ionsaitheacha táthcheangail i dtríú tíortha. Cosnaíonn siad a gcuid saineolais thionsclaíoch agus a dtionchar tionsclaíoch freisin trí leas a bhaint as idirthuilleamaíochtaí nó trí úsáid a bhaint as rialacháin sheach‑chríochacha dhochta chun rochtain tríú tíortha ar theicneolaíochtaí a theorannú.
Cé go bhfuil uirlisí dá chuid féin ag an Aontas chun a acmhainneacht thionsclaíoch a neartú i gcomhréir le rialacha an Aontais, is baic go fóill iad an t‑éileamh ilroinnte ó mhargadh cosanta an Aontais, an deighilt láidir sheanbhunaithe atá idir TFTN sibhialtach agus TFTN cosanta ag leibhéal an Aontais, agus an tearcinfheistíocht is inchomparáide a dhéanann na Ballstáit i mBonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí(EDTIB). Go deimhin tá caiteachas comhchoiteann na mBallstát ar nuálaíocht cosanta (EUR 2.5 billiún nó 1.2 % den chaiteachas cosanta) fós faoin sprioc de 2 % a shocraigh an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) 15 bliana ó shin.
Cé gurb amhlaidh de thoradh fórsaí margaidh nach féidir le haon tír ceannasacht theicneolaíoch iomlán a bhaint amach in earnáil teicneolaíochta, tá rás domhanda ann le haghaidh ceannaireacht theicneolaíoch agus na buntáistí eacnamaíocha agus míleata a bhaineann léi. Dá thoradh sin d’fhéadfadh na spleáchais straitéiseacha atá san Aontais dul chun donais nó d’fhéadfadh spleáchais nua a theacht ar an bhfód, mura ngníomhaíonn an tAontas. Tá gá le cur chuige struchtúrtha chun go bhfanfaidh an tAontas ar thús cadhnaíochta sna teicneolaíochtaí criticiúla agus chun spleáchais straitéiseacha i réimse na slándála agus na cosanta a shainaithint agus a mhaolú. Is é an aidhm atá leis an treochlár seo an cur chuige sin a sholáthar lena chomhtháthú i gCompás Straitéiseach an Aontais.
|
Bosca 1: Cas‑staidéir – Córais uathrialaitheacha agus leathsheoltóirí don chosaint
Le hobair anailíseach an Choimisiúin ar chórais uathrialaitheacha don chosaint, agus aird shonrach á tabhairt ar an intleacht shaorga agus meaisínfhoghlaim, sainaithníodh teicneolaíochtaí criticiúla ábhartha agus ceithre phríomhréimse ina bhfuil an tAontas tite ar gcúl, eadhon: scileanna, sonraí, crua-earraí, agus tástáil. Bheadh bearta chun aghaidh a thabhairt orthu bunaithe ar straitéis an Aontais maidir le hintleacht shaorga atá ann cheana agus na tionscnaimh bheartais a bhaineann léi, chomh maith le straitéis náisiúnta na mBallstát maidir leis an intleacht shaorga. Áirítear leo gníomhaíochtaí TFTN (e.g. na sonraí agus an oiliúint san intleacht shaorga a bheith ar fáil níos mó, nasc chuig an Tionscnamh maidir le Próiseálaí Eorpach), an bonneagar (e.g. acmhainneacht néalríomhaireachta chun críche cosanta, saoráidí tástála intíre) agus cosaint sócmhainní criticiúla atá ann cheana (e.g. scagadh ar infheistíocht díreach choigríche).
Cuireadh i dtreis san obair anailíseach ar leathsheoltóirí don chosaint go bhfuil leathsheoltóirí le fáil i ngach trealamh míleata nach mór, agus go raibh spleáchais ann cheana agus a bheidh ann amach anseo de thoradh an ghanntanais acmhainneachtaí dúchasacha atá san Aontas (teilgcheártaí) i leith na nód is ardfhorbartha. Chuir an Coimisiún bearta maolaithe sa togra le haghaidh Ionstraim Eorpach um Shliseanna a glacadh an 8 Feabhra 2022, ionstraim a bhfuil mar aidhm aici éiceachóras úrscothach Eorpach um shliseanna a chruthú chun cumais an Aontais sa réimse sin a fheabhsú, agus chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais chosanta san am céanna dá réir.
|
2.3.
An Fhaireachlann um theicneolaíochtaí criticiúla
Is í an easpa fadbhreathnaitheachta maidir le tábhacht na dteicneolaíochtaí amach anseo cuid den chúis atá le spleáchais straitéiseacha an Aontais atá ann faoi láthair ar thríú tíortha (e.g. córais chianphíolótaithe, leathsheoltóirí). Tá gá san Aontas le fadbhreathnaitheacht níos struchtúrtha agus machnamh straitéiseach níos struchtúrtha maidir le teicneolaíochtaí criticiúla le haghaidh na slándála agus na cosanta chun na réimsí is tábhachtaí a shainaithint inar cheart an taighde agus nuálaíocht a threisiú, chun na spleáchais straitéiseacha atá ann a laghdú agus a leithéid a sheachaint san am atá romhainn.
Cothóidh an Fhaireachlann um theicneolaíochtaí criticiúla, atá á bunú ag an Coimisiún faoi láthair agus atá i gcomhréir le plean gníomhaíochta na sineirgí (gníomhaíocht 4), an machnamh sin. Cuirfear tionscnaimh eile den chineál céanna san áireamh ina modhanna oibre chun dúbailt oibre a sheachaint. Leis sin féadfar liosta na dteicneolaíochtaí criticiúla ó phlean gníomhaíochta na sineirgí a mhionchoigeartú i bhfianaise na timpeallachta teicneolaíochta agus na riachtanais cumas atá ag teacht chun cinn.
Na teicneolaíochtaí criticiúla do na hearnálacha spáis agus cosanta agus na hearnálacha sibhialtacha gaolmhara, mar aon le cur i bhfeidhm féideartha na dteicneolaíochtaí sin agus slabhraí luacha agus slabhraí soláthair gaolmhara, déanfaidh an Fhaireachlann iad a shainaithint agus déanfaidh sé faireachán agus measúnú orthu. Chomh maith leis sin, sainaithneoidh an Fhaireachlann bearnaí teicneolaíochta iarbhír agus intuartha, na bunchúiseanna atá le spleáchais straitéiseacha agus leochaileachtaí, agus déanfaidh sé faireachán agus anailís orthu.
Is den bhunriachtanas é comhaontú leis na Ballstáit maidir le leibhéal leormhaith mionsonraí chun na saincheisteanna sin a phlé ar leibhéal an Aontais, agus maidir leis an ngá atá ann le sonraí ábhartha a roinnt i measc na mBallstát agus leis an gCoimisiún. Bunófar sásra laistigh den Fhaireachlann, i bhfoirm grúpa tiomnaithe saineolaithe, chun eolas a mhalartú agus a phlé leis na Ballstáit i dtimpeallacht rúnaicmithe. Áirítear leis sin plé maidir le teicneolaíochtaí nua agus bunathraitheacha chun spleáchais nua a sheachaint i leith na dtionscal slándála, cosanta, agus spáis. Beidh baint ag an Ardionadaí agus a sheirbhísí leis an bpróiseas sin.
Ar bhonn sonraí ón bhFaireachlann, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil rúnaicmithe faoi bhráid na mBallstát maidir le teicneolaíochtaí criticiúla agus na rioscaí a bhaineann le spleáchais straitéiseacha a dhéanann difear don tslándáil, don spás agus don chosaint faoi dheireadh na bliana 2022 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin. Ullmhóidh an Coimisiún treochláir bunaithe ar na tuarascálacha sin ina mbeidh bearta maolaithe chun TFTN a threisiú agus chun spleáchais straitéiseacha a dhéanann difear don tslándáil agus don chosaint a laghdú.
Nuair a bheidh oibríochtaí na Faireachlainne seanbhunaithe, féadfaidh raon feidhme a cuid oibre a leathnú chun tionscail eile a chuimsiú, mar a léirítear sa straitéis thionsclaíoch nuashonraithe.
|
An bealach chun cinn:
ØIn 2022 bunóidh an Coimisiún grúpa saineolaithe chun malartú eolais leis na Ballstáit a éascú maidir le teicneolaíochtaí criticiúla, slabhraí luacha agus slabhraí soláthair. Beidh sé ina chuid den Fhaireachlann um theicneolaíochtaí criticiúla don chosaint, don spás agus do thionscail shibhialtacha gaolmhara. Bheadh d’aidhm aige an méid seo a leanas:
·dul i mbun comhairliúchán go tráthrialta le hÚdaráis na mBallstát chun an tuarascáil rúnaicmithe a ullmhú;
·láimhseáil iomchuí a áirithiú i leith faisnéis íogair agus rúnaicmithe a d’fhéadfaí a mhalartú i gcomhthéacs na Faireachlainne um theicneolaíochtaí criticiúla, na dtuarascálacha gaolmhara agus na dtreochlár gaolmhar.
ØFaoi lár na bliana 2022 cuirfidh an Coimisiún staidéar i láthair maidir le margadh slándála an Aontais, rud a chuideoidh leis an tuiscint ar na gnéithe sonracha den mhargaidh slándála shibhialtaigh, rud a chuideoidh le sainaithint teicneolaíochtaí criticiúla agus spleáchas straitéiseach, agus rud a chuirfidh bonn faoin gcur chuige cumasbhunaithe nua le haghaidh gníomhaíochtaí slándála agus gníomhaíochtaí TFTN eile.
ØFaoi lár na bliana 2022 eiseoidh seirbhísí de chuid an Choimisiúin páipéar ina mbeidh achoimre ar na moltaí maidir le glacadh cineálacha cur chuige cumasbhunaithe a chothú, cineálacha cur chuige a bheidh le cur i bhfeidhm ar fud na n‑earnálacha slándála.
|
3.
TFTN a threisiú do theicneolaíochtaí criticiúla le haghaidh na slándála agus na cosanta
Na treochláir theicneolaíochta a ullmhóidh an Coimisiún ar bhonn na measúnuithe ón bhFaireachlann, cuirfidh siad bonn faoi ghníomhaíochtaí idir clárú TFTN i leith teicneolaíochtaí criticiúla agus forbairt tionscnamh mór suaitheanta a chuirfidh le neartú iomaíochta agus athléimneacht an Aontais in earnálacha na slándála agus na cosanta. Chun na cuspóirí sin a chur chun críche, beidh gá leis na hacmhainní airgeadais atá ar fáil a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla trí chomhordú níos fearr ar chláir agus ionstraimí TFTN ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.
3.1.
An deighilt idir TFTN san earnáil shibhialtach agus in earnáil na cosanta an Aontais a shárú
Faoina phlean gníomhaíochta na sineirgí (gníomhaíocht 2) thug an Coimisiún gealltanas an comhordú inmheánach idir chláir agus ionstraimí an Aontais a fheabhsú faoi 2022 (féach Bosca 2) chun leas a bhaint as na tairbhí ollmhóra a eascraíonn ó shineirgí idir TFTN san earnáil shibhialtach agus in earnáil na cosanta le haghaidh fás eacnamaíoch, an mhargaidh aonair agus shlándáil shaoránaigh na hEorpa.
Cé gur féidir leanúint le cur chun feidhme an chuspóra sin in 2023 freisin (e.g. trí phleanáil agus sioncrónú níos fearr, trí threoir a thabhairt d’údaráis bhainistíochta sna Ballstáit etc.), beidh roinnt bac ann lena mbeidh sé níos deacra dul i ngleic sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, agus d’fhéadfaí go mbeadh gá le rannpháirtíocht páirtithe leasmhara eile. Go sonrach, is amhlaidh atá i gcás ina leagtar síos srianta praiticiúla le forálacha dlíthiúla i mbunghníomhartha agus ionstraimí an Aontais. Mar shampla, cé gur féidir gníomhaíochtaí dé-úsáide a mhaoiniú faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE), bíonn na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin gclár Fís Eorpach dírithe ar fheidhmeanna sibhialtacha; níl aon chreat ann le haghaidh tacaíocht dhíreach do na gníomhaíochtaí sin faoi chláir agus ionstraimí TFTN. Mar an gcéanna, tá srianta ar an mbeartas iasachta atá ag an mBanc Eorpach Infheistíochta maidir le hearnáil na cosanta.
Chun malartuithe idir pobail san earnáil shibhialtach agus in earnáil na cosanta a éascú, go háirithe i réimse na dteicneolaíochtaí criticiúla, ullmhóidh an Coimisiún in 2023 cur chuige chun TFTN dé-úsáide a spreagadh ar leibhéal an Aontais, cur chuige a bheidh le cur chun feidhme go hiomlán sa mheántéarma agus san fhadtéarma ar fud chláir agus ionstraimí an Aontais. Bainfear úsáid an obair sin chun meastóireacht meántéarma a dhéanamh ar chláir na hearnála ábhartha, amhail na cistí faoin Rialachán maidir le Forálacha Coiteanna, lena n‑áirítear cistí le haghaidh ullmhacht i dtaca le héigeandálaí sláinte.
|
Bosca 2: Cláir agus ionstraimí an Aontais chun tacú le TFTN ar theicneolaíochtaí criticiúla atá ábhartha don tslándáil agus don chosaint agus imscaradh a mbonneagair faoin gClár Airgeadais Ilbhliantúil (2021-2027)
-Tiomnaíonn EDF EUR 8 billiún do thaighde agus forbairt na cosanta. Leithdháilfear 4-8 % de bhuiséad thaighde agus forbairt EDF ar theicneolaíochtaí bunathraitheacha, i.e. suas le EUR 100 milliún in aghaidh na bliana.
-faoi cholún II, ‘Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach’, leithdháileann Fís Eorpach EUR 1.6 billiún do thaighde agus nuálaíocht shibhialtach na cosanta faoin mbraisle ‘An tSlándáil Shibhialta don tSochaí’, agus maoinítear teicneolaíochtaí criticiúla faoi na braislí ‘Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás’ agus ‘Bia, Bithgheilleagar, Acmhainní Nádúrtha, Talmhaíocht agus an Comhshaol’. Maoinítear gníomhaíochtaí comhlántacha faoi cholún I, ‘Eolaíocht Den Scoth’, ón gComhairle Nuálaíochta Eorpach (CNE) agus ón Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) faoi cholún III, ‘Eoraip Nuálach’, chomh maith le comhpháirtíochtaí Eorpacha, a chomhthiomsaíonn agus a shlógann acmhainní chun ceannaireacht theicneolaíoch agus uathriail straitéiseach an Aontais i réimsí ríthábhachtacha a áirithiú;
-cothóidh an Clár don Eoraip Dhigiteach (DEP) gníomhaíochtaí cur chun feidhme a bhaineann le teicneolaíochtaí criticiúla i réimsí tosaíochta na cibearshlándála, na hintleachta saorga agus na sár-ríomhaireachta;
-glacfaidh an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála agus Líonra na Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin clár oibre straitéiseach in 2022 maidir le cibir-infheistíochtaí a chuirtear isteach faoi Fís Eorpach agus faoin gClár don Eoraip Dhigiteach. Féadfar sineirgí idir teicneolaíochtaí sibhialtacha agus na cosanta agus feidhmeanna dé-úsáide a iniúchadh trí naisc le EDF i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme.
-féadfaidh Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE) (go háirithe Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus Ciste Sóisialta na hEorpa+) a úsáid chun tacú le EDTIB;
-i measc chláir, chistí agus ionstraimí ábhartha eile de chuid an Aontais tá an Clár Spáis, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, an Clár InvestEU, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, an Clár LIFE, comhpháirtíochtaí phríobháideacha poiblí, agus saoráidí measctha.
|
3.2.
Cláir agus ionstraimí an Aontais a nascadh le cláir agus ionstraimí náisiúnta chun tacú le TFTN ar theicneolaíochtaí criticiúla le haghaidh na slándála agus na cosanta
Cé go soláthraíonn cláir agus ionstraimí de chuid an Aontais maoiniú suntasach do ghníomhaíochtaí TFTN le haghaidh na slándála agus na cosanta san Aontas, is iad na Ballstáit a dhéanann an chuid is mó den mhaoiniú ar na gníomhaíochtaí sin, agus is tromchúiseach an fhadhb fós é ilroinnt mhargaí na slándála agus na cosanta. Dá dheasca sin, beidh gá le comhordúchán ar fud an Aontais chun ceannasacht theicneolaíoch a bhaint amach i réimsí áirithe de na teicneolaíochta criticiúla, agus chun spleáchais straitéiseacha a mhaolú i réimsí eile.
Iarrtar ar na Ballstáit gealltanas a thabhairt sa Chompás Straitéiseach cur chuige comhordaithe uile-Aontais a fhorbairt, ón tús, le haghaidh na dteicneolaíochtaí criticiúla atá ábhartha don tslándáil agus don chosaint, agus lánurraim á tabhairt d‘éagsúlacht agus do chastacht rialachas an Aontais agus do chláir agus d‘ionstraimí náisiúnta. Chuirfeadh an cur chuige sin struchtúir chomhordúcháin eile san áireamh, amhail Mol Nuálaíochta an Aontais maidir leis an tSlándáil Inmheánach, faoi chathaoirleacht an Bhuanchoiste um an gComhar Oibríochtúil sa tSlándáil Inmheánach, agus Mol Nuálaíochta an Aontais Eorpaigh um an gCosaint , an mol nua a bhunóidh GEC.
D’úsáidfeadh an cur chuige na tuarascálacha rúnaicmithe maidir le teicneolaíochtaí criticiúla agus na treochláir theicneolaíochta a d’ullmhaigh an Coimisiún mar thúsphointe sa phlé idir údaráis na mBallstát agus an Coimisiún. Bheadh sé mar chuspóir na réimsí óna dteastaíonn an ghníomhaíocht is práinní a shainaithint ar bhonn na dtreochlár teicneolaíochta agus cláir, ionstraimí agus beartais de chuid an Aontais agus na mBallstát a shlógadh chun aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach comhordaithe, i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir leis an státchabhair. D’áiritheodh an méid sin go ndíreofaí na hinfheistíochtaí ar na réimsí is tábhachtaí do shlándáil shaoránaigh an Aontais. Dhéanfaí na tosaíochtaí a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta chun a áirithiú go leanfaidh siad de bheith ábhartha agus go mbeidh an caiteachas éifeachtúil.
Oibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit chun an sásra is fearr a éascóidh an obair chomhordúcháin sin a shainaithint (e.g. grúpa saineolaithe na Faireachlainne).
3.3.
Tacú leis an nuálaíocht agus leis an bhfiontraíocht sa tslándáil agus sa chosaint – Scéim Nuálaíochta Cosanta AE a chruthú
Ní mór don Aontas úsáid níos fearr a bhaint as an acmhainn ar fad atá ag a phobal eolais agus nuálaíochta chun tacú leis an tslándáil agus an gcosaint. Chuige sin, caithfear cuidiú le gníomhaithe neamhthraidisiúnta, chomh maith le gnólachtaí nuathionscanta nuálacha agus fiontair nuálacha bheaga agus mheánmhéide (FBManna) atá ag feidhmiú cheana sa dá earnáil, ionas go bhfeadfaidh siad na constaicí móra atá rompu ó thaobh teicneolaíochta, riaracháin, rialaithe agus iontráil sa mhargadh de a shárú, na hardchaighdeáin slándála a chomhlíonadh, agus maoiniú a fháil. Go minic, bíonn ról lárnach i struchtúr an mhargaidh cosanta ag líon beag gníomhaithe móra, agus tacú acu ó thacar FBManna speisialaithe a bhfuil an rochtain dhíreach atá acu ar an margadh sin teoranta. Mar gheall air sin, bíonn deacrachtaí ag FBManna nuálacha in earnáil na cosanta maoiniú a fháil, rud a fhágann gur minice a théann siad i muinín infheisteoirí eachtracha nó a ndíríonn na hinfheisteoirí sin a n‑aird orthu. Is cosúil an cás le cás FBManna nuálacha in earnáil na slándála, nó bíonn dúshláin den chineál céanna rompu agus iad ag dul i dteagmháil le custaiméirí féideartha nó ag iarraidh maoiniú saincheaptha a fháil.
Tá tacaíocht á tabhairt ag an gCoimisiún do ghnólachtaí nuathionscanta nuálacha agus do FBManna nuálacha in earnáil na slándála faoi Fhís 2020, agus bhí an maoiniú á leithdháileadh faoi dhúshlán sochaíoch 7 ‘Slándáil shibhialta don tsochaí’, mar aon leis na rátaí ratha foriomlána faoin dúshlán sin, os cionn an mheáin le haghaidh nuálaithe beaga. Cé go leanfar den tacaíocht sin faoi Fhís Eorpach, beidh tacaíocht shaincheaptha bhreise fós ag teastáil ó ghnólachtaí nuathionscanta agus FBManna in earnáil na slándála chun luas a chur lena mbealach go dtí an margadh. D’fhéadfaí a n‑acmhainneacht táirgeachta, a n‑iomaíochas agus a n‑inbhuanaitheacht a chur chun cinn trí ionstraimí nua a fhiosrú le haghaidh na nuálaíochta dé-úsáide.
Tá an Coimisiún ag tosú gníomhaíochtaí den chineál sin a chur ar bun faoi EDF chun bosca uirlisí a fhorbairt le haghaidh na nuálaíochta cosanta agus dé-úsáide, bosca uirlisí a chumhdóidh Leibhéil Ullmhachta Teicneolaí (LUTanna) 1-9. Tá obair ar bun ar na huirlisí seo a leanas a chumhdaíonn an chosaint, na teicneolaíochtaí nua agus an dé-úsáid:
a)Nuálaíocht sa chosaint trí EDF – Tá gníomhaíochtaí sonracha á bhfiosrú chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do thionscadail faoi theicneolaíochtaí bunathraitheacha, agus do réitigh chosanta atá nuálach nó dírithe ar an todhchaí, go háirithe chun rannpháirtíocht a spreagadh ó FBManna nuálacha, ó shaotharlanna nuálacha agus ó eagraíochtaí taighde agus teicneolaíochta (ETTanna). Féadfar na gníomhaíochtaí sin a reáchtáil faoi fhoirmeacha éagsúla, mar shampla cóitseáil ghnó (CO2021); dúshláin teicneolaíochta (CO2022), haiceatóin nó duaiseanna (CO2023 nó níos déanaí). Bainfidh siad leas as taithí ábhartha ó CNE agus féadfar baint a bheith acu leis an CASSINI nua le haghaidh na cosanta.
b)Saoráid mheasctha infheistíochta cosanta faoi InvestEU – Dá gcruthófaí saoráid dá leithéid chuirfí ar a chumas don Choimisiún na hinfheistíochtaí a dhéanann idirghabhálaithe airgeadais ar fud an Aontais in FBManna cosanta nuálacha nó straitéiseacha a ráthú. Mhaolódh sé sin na fadhbanna a bhaineann leis an rochtain theoranta ar mhaoiniú atá ag FBManna a fhorbraíonn teicneolaíochtaí a bhfuil gealladh fúthu le haghaidh na cosanta Eorpaí, sholáthródh sé caipitil iontaofa agus sheachnódh sé táthcheangail naimhdeacha ó eintitis tríú tíortha. Dá dtabharfaí rochtain níos fearr ar chistiú cothromais do FBManna nuálacha cosanta agus do chuideachtaí meánchaipitlithe nuálacha cosanta, thacódh sé sin lena bhfás agus, ar deireadh, bheadh sé le leas nuálaíocht EDTIB. Fiosróidh an Coimisiún, freisin, cén gá atá le hionstraimí breise chun tacú le príomhghníomhaithe margaidh sa slabhra luacha.
c)CASSINI na cosanta – Is é an tionscnamh CASSINI, tionscnamh a fheidhmíonn faoi láthair chun tacú le FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta sa tionscail spáis, a bheadh ina spreagadh don tionscnamh seo. Sholáthródh sé seirbhísí dóibh amhail: forbairt gnó agus líonraí (e.g. cleamhnais ghnó, luasaire gnó), agus duaiseanna agus comórtais (lena n‑áirítear haiceatóin, meantóireacht, etc.), rud a chomhlánódh an tsaoráid mheasctha infheistíochta cosanta a luaitear thuas.
d)Gorlann nuálaíochta – In 2022 bunóidh an Coimisiún gorlann nuálaíochta chun tacú le forbairt na dteicneolaíochtaí nua agus chun an nuálaíocht dé-úsáide a mhúnlú i gcomhréir le plean gníomhaíochta na sineirgí (gníomhaíocht 6), rud a d’fhéadfadh ról tábhachtach a imirt chun an bhearna idir na cláir TFTN atá dírithe ar an earnáil shibhialtach agus na cláir TFTN atá dírithe ar earnáil na cosanta a laghdú. Tar éis anailís chórasach ar thorthaí na gcéimeanna tosaigh d’fhorbairt na dteicneolaíochtaí, chuirfeadh an ghorlann na seirbhísí ábhartha sa Choimisiún agus sna Ballstáit ar an eolas faoi na tionscadail agus/nó na teicneolaíochtaí a léireodh feidhmeanna féideartha sa tslándáil, sa spás nó sa chosaint chun go bhféadfaidís iad a ghlacadh dá mba chuí. Dhéanfadh an Coimisiún measúnú ar conas a d’fhéadfaí na tionscadail sin a threorú chuig deiseanna cistithe breise, de réir mar ab iomchuí, amhail scéim cistithe aistrithe CNE nó EDF.
e)Tacaíocht le líonraí nuálaíochta – D’fhéadfadh líonraí trasteorann nuálaíochta cosanta feidhmiú mar bhróicéirí nuálaíochta agus d’fhéadfaidís tionscadail chomhoibríocha a spreagadh chun réitigh nuálacha a chuimsiú. Trí scabhtáil teicneolaíochta, d’aimseofaí agus shainaithneofaí réitigh agus teicneolaíochtaí nua nuálacha a bhféadfadh tairbhe a bheith iontu le haghaidh feidhmeanna cosanta. Ansin, dhéanfadh lárionaid taighde agus saoráidí tástála teicniúla ábharthacht na dteicneolaíochtaí sin ón earnáil shibhialtach a thástáil agus dea-chleachtais a mhalartú. Bheadh GEC ina chomhpháirtí lárnach ag an gCoimisiún chun cuid eile de ghníomhaíocht 6 de phlean gníomhaíochta na sineirgí a chur i bhfeidhm.
Sainaithneoidh an Coimisiún conas an bosca uirlisí a nascadh le hionstraimí a thacaíonn leis an nuálaíocht i réimsí na slándála (e.g. Fís Eorpach) nó na cibearshlándála (e.g. líonra na Lárionad Náisiúnta Comhordaithe Cibearshlándála i gcomhar leis na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha).
Ba cheart láidreachtaí comhlántacha an Choimisiúin agus GEC a thabhairt le chéile faoi ‘Scéim Nuálaíochta Cosanta AE’. Faoin scéim sin, beidh ról lárnach ag an gCoimisiún chun an nuálaíocht a spreagadh do EDTIB, ar bhonn an taithí atá aige buiséad an Aontais a chur chun feidhme chun tacú le TFTN cosanta, sibhialta agus dé-úsáide. Ag féachaint dá shaineolas cosanta, lena n‑áirítear teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, teicneolaíochtaí bunathraitheacha, agus riachtanais chumais mhíleata a thabhairt le chéile, déanfaidh GEC iarrachtaí na mBallstát a nascadh a thuilleadh agus tuilleadh tacaíochta a thabhairt dóibh trína Mhol Nuálaíochta in Earnáil na Cosanta. Le dlúthchomhar agus le sineirge, cuirfidh an Coimisiún agus GEC luas leis an nuálaíocht in earnálacha na slándála agus na cosanta le haghaidh an Aontais agus a Bhallstát.
3.4.
Scileanna
Is dúshláin mhóra iad roimh an tionscail chosanta agus slándála an easpa scileanna agus ganntanais luchta saothair, go háirithe ganntanais fostaithe sciliúla a bhfuil cúlra acu san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic, nó braitheann na tionscail sin go mór orthu, cosúil le han‑chuid tionscail ardteicneolaíochta eile. Tráth atá na teicneolaíochtaí agus timpeallacht na bagartha ag athrú go gasta, tá sé tábhachtach go dtéann an tionscal i dteagmháil níos minice le taighdeoirí agus fiontraithe nua agus óga, lena n‑áirítear mná, agus go mbíonn cur chuige cuimsitheach inrochtana aige i dtaca leis na buanna agus na scileanna uile agus an lucht saothair uile atá ar fáil.
I mí na Samhna 2020, sheol an Coimisiún an Comhshocrú um Scileanna leis an gcéad bhabhta de comhpháirtíochtaí scileanna i dtrí phríomhéiceachóras tionsclaíoch, mar atá, an mhicrileitreonaic, an tionscal gluaisteán, agus an tionscal aeraspáis agus cosanta. Thug comhaltaí an chomhshocraithe (an tionscail, ollscoileanna agus eagraíochtaí oiliúna, agus comhpháirtithe sóisialta) gealltanais chun soláthar scileanna leanúnach inbhuanaithe a áirithiú sna réimsí is mó gá trí 200 000 fostaí a uas‑sciliú agus 300 000 duine a athsciliú, le hinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach EUR 1 billiún faoi 2030.
|
An bealach chun cinn:
ØIarrann an Coimisiún ar na Ballstáit gealltanais a thabhairt sa Chompás Straitéiseach cur chuige comhordaithe uile-Aontais a fhorbairt, ón tús, le haghaidh na dteicneolaíochtaí criticiúla atá ábhartha sa tslándáil agus sa chosaint.
ØIn 2023 déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na hionstraimí AE atá ann faoi láthair agus molfaidh sé bealaí breise chun TFTN dé-úsáide a spreagadh ar leibhéal an Aontais.
ØTacóidh an Coimisiún leis an nuálaíocht agus leis an bhfiontraíocht i dteicneolaíochtaí atá criticiúil le haghaidh na slándála agus na cosanta ar bhonn na n‑uirlisí seo a leanas: a) gníomhaíochtaí tiomnaithe EDF; b) saoráid nua mheasctha infheistíochta cosanta faoi InvestEU; c) CASSINI nua le haghaidh na cosanta; d) gorlann nuálaíochta nua le haghaidh teicneolaíochtaí nua agus na nuálaíochta dé-úsáide in 2022; agus e) tacaíocht bhreise do líonraí nuálaíochta.
ØBunóidh an Coimisiún, i dteannta GEC agus a Mhoil Nuálaíochta in Earnáil na Cosanta, Scéim Nuálaíochta Cosanta AE chun luas a chur leis an nuálaíocht in earnálacha na slándála agus na cosanta le haghaidh an Aontais agus a Bhallstát.
|
4.
Spleáchais straitéiseacha i dteicneolaíochtaí criticiúla agus i slabhraí luacha na slándála agus na cosanta a laghdú
Tá roinnt uirlisí ag an Aontas, lasmuigh dá chuid cláir agus uirlisí TFTN, a d’fhéadfadh páirt a bheith acu chun a spleáchais straitéiseacha i dteicneolaíochtaí criticiúla agus i slabhraí luacha earnálacha na slándála agus na cosanta a laghdú. Rannchuidíonn na huirlisí sin le hacmhainneacht thionsclaíoch, iomaíochas, ceannasacht theicneolaíoch agus athléimneacht an Aontais a neartú, agus le forbairtí agus cumais theicneolaíocha faoi láthair agus amach anseo a chosaint freisin.
Ar bhonn obair na Faireachlainne um Theicneolaíochtaí Criticiúla, agus de réir na straitéise tionsclaíche nuashonraithe, déanfaidh an Coimisiún measúnú córasach ar ghnéithe slándála agus cosanta, mar is iomchuí, le linn dó ionstraimí tionsclaíocha agus trádála AE a chur chun feidhme agus a athbhreithniú, nó cinn nua a dhearadh, lena áirithiú go mbeidh siad oiriúnach don fheidhm.
-Comhghuaillíochtaí tionsclaíocha – Trí chomhghuaillíochtaí tionsclaíocha, téann raon leathan comhpháirtithe (e.g. gníomhaithe poiblí agus príobháideacha, an tsochaí shibhialta) i mbun comhghníomhaíocht maidir le príomhchuspóirí beartais de chuid an Aontais i dtionscail shonracha nó i slabhraí luacha sonracha. Tá na comhghuaillíochtaí bunaithe ar phrionsabail na hoscailteachta, na trédhearcachta, na héagsúlachta agus na cuimsitheachta, agus oibríonn siad i gcomhréir iomlán leis na rialacha iomaíochais. Is féidir, i gcás inarb iomchuí, gnéithe sonracha oibre a chur ar bun sna comhghuaillíochtaí tionsclaíocha chun spleáchais straitéiseacha earnálacha na slándála agus na cosanta a laghdú. Tá a leithéid sin á meas sa Chomhghuaillíocht Eorpach um Shonraí Tionsclaíocha, Imeall-Ríomhaireacht agus Néalríomhaireacht agus sa Chomhghuaillíocht Thionsclaíoch um Próiseálaithe agus Teicneolaíochtaí Leathsheoltóirí.
-Tionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne (IPCEI) – Is iad na Ballstáit a thionscnaíonn IPCEInna agus tá siad faoi réir rialacha an Aontais maidir le státchabhair. Ceaptar iad chun eolas, saineolas, acmhainní airgeadais agus gníomhaithe eacnamaíocha a thabhairt le chéile ar fud an Aontais chun teipeanna margaidh, teipeanna córasacha nó dúshláin shochaíocha a shárú nach mbeadh sé ar a gcumas ag gníomhaithe príobháideacha amháin aghaidh a thabhairt orthu, go háirithe i réimse na nuálaíochta ceannródaíche agus an phríomhbhonneagair. Is féidir gnéithe slándála agus cosanta a thabhairt san áireamh in IPCEInna. D’fhéadfaí sin a dhéanamh i gcás an dara IPCEI i réimse na micrileictreonaice a fógraíodh san Ionstraim Eorpach um Shliseanna.
-Cláir chistithe an Aontais – Tá beartas taighde agus nuálaíochta oscailte ag an Aontas riamh. Is é prionsabal na huathrialach straitéisí oscailte a threoraíonn é agus tá sé d’aidhm aige cothrom na Féinne agus an chómhalartacht a áirithiú. Le cur chuige domhanda an Aontais maidir leis an taighde agus an nuálaíocht, spreagtar comhpháirtíochtaí straitéiseacha le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis, i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais (e.g. ECAT, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, an tSeapáin, an Choiré Theas).
An tráth céanna, is gá don Eoraip a áirithiú go gcaomhnaítear a leas straitéiseach. Le haghaidh thréimhse 2021-2027, tá na rialacha maidir le rannpháirtíocht na dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad, agus maidir le hincháilitheacht na n‑eintiteas, soiléirithe agus comhchuibhithe ag an gCoimisiún ar fud chláir agus ionstraimí an Aontais. Leagadh coinníollacha incháilitheachta sonracha síos le haghaidh gníomhaíochtaí atá íogair ó thaobh na slándála de i gcás cláir áirithe (Fís Eorpach, an clár don Eorpach Digiteach, EDF, an Clár Spáis, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa) agus rinneadh iad a mhionchoigeartú a thuilleadh sna cláir oibre ábhartha chun leasanna slándála fíor-riachtanacha an Aontais a chosaint. Leis an athbhreithniú ar Rialachán Airgeadais an Choimisiúin atá ar bun, tabharfar soiléireacht bhreise freisin faoi conas cur chuige uathrialach straitéisí oscailte an Aontais a choinneáil ar bun, i.e. conas leasanna slándála fíor-riachtanacha an Aontais a chosaint go hiomlán agus a oibleagáidí idirnáisiúnta á n‑urramú an tráth céanna.
-Caighdeáin – Faoi phlean gníomhaíochta na sineirgí tá an Coimisiún ag cur úsáid na gcaighdeán hibrideach sibhialtach/cosanta chun cinn, mar aon le forbairt caighdeán nua faoi dheireadh 2022 (gníomhaíocht 5) agus déanfar an chosaint i mbeartas agus gníomhaíochtaí caighdeánaithe an Choimisiúin a mheas freisin. Cé go bhfuil sé d’aidhm ag straitéis an Aontais um chaighdeánú ceannaireacht an Aontais a áirithiú maidir le socrú na gcaighdeán sibhialtach, beidh sé an‑ábhartha d’earnáil na cosanta ós rud é gur ó earnálacha sibhialtacha a thagann beagnach 80 % de na caighdeáin a úsáidtear in earnáil na cosanta. Fiosróidh an Coimisiún, in éineacht le páirtithe leasmhara (e.g. GEC), an bhféadfar ceanglais chosanta a chuimsiú sna hiarrachtaí caighdeánaithe a dtacóidh sé leo amach anseo, ionas go bhfeabhsófar comhoiriúnacht na n‑iarrachtaí sin le riachtanais na cosanta.
-Scagadh ar an infheistíocht dhíreach choigríche – Tá an tAontas ar na timpeallachtaí is oscailte ar domhan don infheistíocht choigríche agus tá sé ar na cinn scríbe is mó ar domhan ag an infheistíocht dhíreach choigríche. Mar sin féin, féadfaidh infheistíochtaí áirithe dochar a dhéanamh do leasanna fíor-riachtanacha slándála an Aontais. Chun na rioscaí sin a chosc, chuir an tAontas creat ar bun chun scagadh a dhéanamh ar an infheistíocht dhíreach choigríche, agus tá an creat sin ag feidhmiú ó mhí Dheireadh Fómhair 2020. Deimhníonn an chéad tuarascáil bhliantúil ar an scagadh ar an infheistíocht dhíreach choigríche a thábhachtaí is atá scagadh éifeachtach ar an infheistíocht dhíreach choigríche ar leibhéal na mBallstát mar aon le dlúthchomhar ar leibhéal an Aontais, ag díriú ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann ar an tslándáil nó ar an ord poiblí. Moltar do na Ballstáit sásraí náisiúnta um scagadh ar an infheistíocht dhíreach choigríche a bhunú; tá na sásraí sin ar bun ag 18 mBallstát cheana agus tá sé cinn eile ar na bacáin. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán agus cuirfidh sé tuarascáil i láthair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoi Dheireadh Fómhair 2023.
-Bonneagair chriticiúla – Tá teicneolaíochtaí nua agus bunathraitheacha ag teacht chun cinn níos gasta ná riamh, rud a imríonn tionchar mór ar shlándáil an trealaimh, an bhonneagair, na seirbhísí, agus na slabhraí luacha agus soláthair in earnálacha straitéiseacha, lena n‑áirítear earnálacha na slándála agus na cosanta. Caithfidh an tAontas agus na Ballstáit na leochaileachtaí sin a chur san áireamh ar bhealach níos cuimsithí sna measúnuithe ábhartha ar riosca agus san fhaireachán ábhartha, agus i gcur chun feidhme na mbeart chun an athléimneacht a neartú in aghaidh bagairtí slándála, e.g. bagairtí hibrideacha agus cibearbhagairtí. Beidh gá le comhordú AE chun a áirithiú go gcoinníonn na Ballstáit leibhéal athléimneachta a sheasfaidh an aimsir, agus caighdeáin slándála chomhsheasmhacha, ar bun ag leibhéal an Aontais ionas go seachnófar leochaileachtaí.
-Úsáid chliste chiorclach na n‑ábhar – Tá an Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach, ó mhí an Mhárta 2020, ar bhunchlocha an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, clár oibre nua na hEorpa le haghaidh an fháis inbhuanaithe. An nuálaíocht agus samhlacha gnó nua atá bunaithe ar thíosaíocht mhéadaithe ar acmhainní, ar fhorbairt na n‑ábhar nua, ar chur chun cinn na n‑amhábhar tánaisteach, agus ar sholáthar poiblí níos inbhuanaithe, ní hamháin caomhnófar an comhshaol dá mbua ach daingneofar rochtain an tionscail ar ábhair. Teicnící monaraithe suimitheach, an soláthar glas, agus athchúrsáil na n‑ábhar, is rudaí iad a d’fhéadfadh rannchuidiú le hiomaíochas thionscail slándála agus chosanta an Aontais agus athléimneacht an Aontais a neartú, ach iad a chur chun feidhme go maith.
-Slándáil sonraí – Sa Straitéis Eorpach maidir le Sonraí, leagtar bearta amach chun a áirithiú go bhféadfaidh daoine aonair agus cuideachtaí an smacht a choimeád ar a gcuid sonraí. Tabharfar aghaidh air sin sa Ghníomh Sonraí a ghlacfaidh an Coimisiún go luath in 2022.
Mar chuid den tionscadal ilnáisiúnta faoi bhonneagair agus seirbhísí sonraí coiteanna (lena dtugtar an chónaidhm néalríomhaireachta Eorpach agus na spáis choiteanna sonraí Eorpacha le chéile), tá an Coimisiún ag éascú infheistíochtaí (e.g. an clár don Eoraip Dhigiteach, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, ciste Next Generation EU) in acmhainneachtaí néal-go-himeall atá slán, athléimneach, tíosach ar fhuinneamh, agus inrochtana i bhfíor-am, agus a sholáthraíonn cáilíocht seirbhíse ar fud na hEorpa. Dá n‑áireofaí aistriú teicneolaíochtaí sna néalteicneolaíochtaí agus sna himeall-teicneolaíochtaí idir na tionscail shibhialta (go háirithe an tionscal slándála), cosanta agus spáis, chuirfí leis an gceannasacht theicneolaíoch. D’fhéadfadh an Chomhghuaillíocht Eorpach um Shonraí Tionsclaíocha, Imeall-Ríomhaireacht agus Néalríomhaireacht a bheith ina ardán chun na sineirgí sin a chothú.
-Beartas trádála – Ní hé an tAontas amháin a chaithfidh aghaidh a thabhairt ar chastacht agus leochaileacht na slabhraí soláthair domhanda. Braitheann tíortha eile ar an Aontas (‘spleáchais droim ar ais’) agus féadfaidh an trádáil (‘idirthuilleamaíocht’) cur le cobhsaíocht na slabhraí luacha domhanda. Tá an tAontas ullamh, freisin, chun gníomhú go teanntásach chun é féin a chosaint ar chleachtais éagóracha trádála, amhail fóirdheontais eachtracha shaobhacha, ag gníomhú dó i gcomhréir lena ghealltanais idirnáisiúnta. Leanfaidh an tAontas ag baint na feidhme is fearr as a bhosca uirlisí ionstraimí trádála agus iomaíochais, agus a áirithiú go bhfuil uirlisí an Aontais éifeachtúil agus cothrom le dáta. Dá bhrí sin, tá ionstraimí nua molta ag an gCoimisiún, amhail an Rialachán maidir le Fóirdheontais Eachtracha a thugann aghaidh ar shaobhadh sa mhargadh inmheánach de thoradh fóirdheontais eachtracha.
Liostaítear bearta beartais ábhartha breise (e.g. tarscaoileadh Cánach Breisluacha (CBL) a d’fhéadfaí a thabhairt isteach, éascú ar aistriú na dtáirgí cosanta a fhaigheann cistiú ón Aontas) sa teachtaireacht maidir le cosaint.
|
An bealach chun cinn:
ØTá an Coimisiún ag fiosrú an féidir gnéithe oibre cosanta a chur le tionscnaimh amhail an Chomhghuaillíocht Eorpach um Shonraí Tionsclaíocha, Imeall-Ríomhaireacht agus Néalríomhaireacht agus an Chomhghuaillíocht Thionsclaíoch um Próiseálaithe agus Teicneolaíochtaí Leathsheoltóirí.
ØAn gá le measúnú riosca ar shlabhraí soláthair an bhonneagair chriticiúil, go háirithe sa réimse digiteach, chun leasanna slándála agus cosanta an Aontais a chosaint níos fearr, sainaithneoidh an Coimisiún é agus tuairisceoidh sé faoi, in éineacht leis na Ballstáit, in 2023.
ØMolann an Coimisiún do na Ballstáit uile sásraí náisiúnta um scagadh ar an infheistíocht dhíreach choigríche a bhunú mura bhfuil sé sin déanta acu cheana.
|
5.
An ghné sheachtrach
Tá an comhar le comhpháirtithe ar aon intinn ar fud an domhain fíor-riachtanach chun athléimneacht an Aontais agus a shlándáil soláthair a fheabhsú, mar aon le spleáchais straitéiseacha a laghdú agus na tairbhí frithpháirteacha a mhéadú. Tá ról tábhachtach ag prionsabal na cómhalartachta sa chomhthéacs seo. Áirítear ar chomhpháirtithe traidisiúnta an Aontais i réimsí na teicneolaíochta, na slándála agus na cosanta comhaltaí an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (an Iorua go háirithe), tíortha is iarrthóirí, tíortha comharsanachta, agus tríú tíortha eile (e.g. Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, an tSeapáin, an Choiré Theas) chomh maith le heagraíochtaí idirnáisiúnta (e.g. ECAT). Ar na malartuithe deireanacha bhí, go háirithe:
5.1.
An Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta AE-SAM
Tionóladh an chéad chruinniú den Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta AE-SAM an 29 Meán Fómhair 2021. Sa ráiteas comhpháirteach, d’athdhearbhaigh an tAontas agus Stáit Aontaithe Mheiriceá a ngealltanas ‘díriú ar athléimneacht an tslabhra soláthair agus slándáil an tsoláthair a chur chun cinn faoi seach i bpríomhearnálacha an aistrithe ghlais agus dhigitigh agus cosaint ár saoránach a chinntiú’ agus d’athdhearbhaigh siad an aidhm atá acu ‘trédhearcacht an tsoláthair agus an éilimh a fheabhsú; na cumais atá ag na hearnálacha cheana a mhapáil; faisnéis a mhalartú maidir le bearta beartais agus tosaíochtaí taighde agus forbartha; agus comhoibriú ar straitéisí chun athléimneacht agus éagsúlú na slabhraí soláthair a chur chun cinn’. Is í an obair atá ar bun cheana i ngrúpaí oibre maidir le slabhraí soláthair slána (lena n‑áirítear na leathsheoltóirí i rian speisialaithe), slándáil teicneolaíochta cumarsáide faisnéise, rialuithe onnmhairiúcháin, agus is é an scagadh ar infheistíochtaí is mó atá ábhartha i dtaca leis an treochlár seo. D’fhéadfadh an t‑idirphlé idir an tAontas agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir leis an tslándáil agus an gcosaint, a seoladh le deireanas, a bheith ina fhóram chun na saincheisteanna seo a phlé freisin.
5.2.
An chomhpháirtíocht le ECAT
Ag Cruinniú Mullaigh na Bruiséile in 2021, leag ceannairí ECAT clár oibre uaillmhianach amach maidir le teicneolaíochtaí, go háirithe maidir leis na teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus na teicneolaíochtaí bunathraitheacha. Soláthraíodh leis sin treoraíocht bhreise le haghaidh na hoibre a cuireadh i gcrích i gcomhréir le straitéis cur chun feidhme ECAT maidir le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus teicneolaíochtaí bunathraitheacha, straitéis a d’fhormhuinigh airí cosanta ECAT i mí Feabhra 2021.
Déanfaidh an Coimisiún agus an tArdionadaí faireachán ar dhul chun cinn na dtionscnamh ábhartha ECAT sa réimse sin trí theagmháil rialta le ECAT ar leibhéal na hoibre d’fhonn idirghníomhaíocht fhéideartha a bheadh inghlactha agus tairbhiúil don dá thaobh a bhaint amach idir na tionscnaimh sin agus na tionscnaimh AE ábhartha ar bhealach a bheadh trédhearcach go hiomlán do na Ballstáit, agus san am céanna gan spleáchais teicneolaíochta nó spleáchais cumais nua a chruthú ná na cinn atá ann cheana a mhéadú.
|
An bealach chun cinn:
ØFiosróidh an Coimisiún agus an tArdionadaí, i gcomhthéacs na Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta AE-SAM agus an idirphlé idir an tAontas agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir leis an tslándáil agus an gcosaint, a seoladh le deireanas, conas athléimneacht na slabhraí soláthair a chur chun cinn agus cosaint ár saoránach a áirithiú.
ØFiosróidh an Coimisiún agus an tArdionadaí le ECAT, i gcreat na Ráiteas Comhpháirteach faoin gcomhar AE-ECAT agus le trédhearcacht iomlán do na Ballstáit, conas idirghníomhaíochtaí a bheadh inghlactha agus tairbhiúil don dá thaobh a chur chun cinn idir na tionscnaimh ábhartha atá ag an dá pháirtí.
|
6.
Conclúidí
Ós rud é go bhfuil an staid gheopholaitiúil dhomhanda fós casta agus go leanann an rás ar theicneolaíochtaí nua atá ábhartha maidir leis an tslándáil agus an gcosaint, ní mór don Aontas agus a Bhallstáit an comhar a neartú i dtaca leis na teicneolaíochtaí atá criticiúil le haghaidh shlándáil agus chosaint fhadtéarmach na hEorpa agus i dtaca lena gcuid iarrachtaí na spleáchais straitéiseacha a bhaineann leo sin a laghdú.
Moltar sa treochlár seo go n‑oibreofar go dlúth leis na Ballstáit chun teicneolaíochtaí agus slabhraí luacha atá criticiúil le haghaidh na slándála agus na cosanta – chomh maith le bunchúiseanna na spleáchas straitéiseach a bhaineann leo sin, i gcomhthéacs na Faireachlainne um Theicneolaíochtaí Criticiúla – a shainaithint chun bunús a thabhairt do chur chuige straitéiseach comhordaithe uile-Aontais maidir leis na teicneolaíochtaí criticiúla atá ábhartha i dtaca leis an tslándáil agus an gcosaint, cur chuige a bhainfidh an leas is fearr is féidir as na cláir agus na huirlisí TFTN AE agus náisiúnta.
Chun iomaíochas agus athléimneacht earnálacha na slándála agus na cosanta a fheabhsú, rannchuideoidh na torthaí ón bhFaireachlann agus an obair ghaolmhar faoin straitéis thionsclaíoch nuashonraithe lena áirithiú go gcuirfear gnéithe slándála agus cosanta san áireamh ar bhealach níos fearr i mbeartais thionsclaíocha agus trádála an Aontais, de réir mar is iomchuí agus i gcomhréir le rialacha iomaíochais an Aontais agus lena oibleagáidí idirnáisiúnta.
Tá sé d’aidhm ag na moltaí sa treochlár seo rannchuidiú le gné TFTN de Chompás Straitéiseach an Aontais atá ar na bacáin, compás trína socróidh na Ballstáit spriocanna uaillmhianacha fadtéarmacha chun slándáil agus cosaint na hEorpa a fheabhsú go mór.