Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022AP0131

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 ar an togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhse cur i bhfeidhm an tsásra aistrithe táillí roghnaigh i ndáil le soláthairtí earraí agus seirbhísí áirithe atá soghabhálach do chalaois agus le tréimhse cur i bhfeidhm an tSásra Frithghnímh Mhear in aghaidh na calaoise CBL (COM(2022)0039 – C9-0053/2022 – 2022/0027(CNS))

IO C 465, 6.12.2022, p. 209–209 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 465, 6.12.2022, p. 183–183 (GA)

6.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 465/183


P9_TA(2022)0131

Comhchóras cánach breisluacha (CBL): síneadh a chur le tréimhse chur i bhfeidhm an tsásra aistrithe táillí roghnaigh i ndáil le soláthairtí earraí agus seirbhísí áirithe a d’fhéadfadh a bheith soghabhálach do chalaois agus le tréimhse chur i bhfeidhm an tSásra Frithghnímh Mhear in aghaidh chalaois CBL *

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 ar an togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhse cur i bhfeidhm an tsásra aistrithe táillí roghnaigh i ndáil le soláthairtí earraí agus seirbhísí áirithe atá soghabhálach do chalaois agus le tréimhse cur i bhfeidhm an tSásra Frithghnímh Mhear in aghaidh na calaoise CBL (COM(2022)0039 – C9-0053/2022 – 2022/0027(CNS))

(An nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)

(2022/C 465/19)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2022)0039),

ag féachaint d’Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9-0053/2022),

ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0128/2022),

1.

ag formheas an togra ón gCoimisiún;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí an tsásra aistrithe táillí sula gcuirfear aon síneadh breise ar a thréimhse iarratais;

3.

á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa má tá sé beartaithe aici imeacht ón téacs a d’fhormheas Parlaimint na hEorpa;

4.

á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle leis an bParlaimint má tá sé ar intinn aici an téacs a d’fhormheas Parlaimint na hEorpa a leasú go substaintiúil;

5.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Top