Válassza ki azokat a kísérleti funkciókat, amelyeket ki szeretne próbálni

Ez a dokumentum az EUR-Lex webhelyről származik.

Dokumentum 52022AE3551

    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Clár Oibre Eorpach Nua um Nuálaíocht” (COM(2022) 332 final)

    EESC 2022/03551

    IO C 100, 16.3.2023., 89—94. o. (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    16.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 100/89


    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Clár Oibre Eorpach Nua um Nuálaíocht”

    (COM(2022) 332 final)

    (2023/C 100/13)

    Rapóirtéir:

    Maurizio MENSI

    Comhrapóirtéir:

    Christophe LEFÈVRE

    Comhairliúchán

    An Coimisiún Eorpach, 27/10/2022

    Bunús dlí

    Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

    Rannóg atá freagrach

    An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

    Dáta a glactha sa rannóg

    10.11.2022

    Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

    14.12.2022

    Seisiún iomlánach Uimh.

    574

    Toradh na vótála

    (ar son/in aghaidh/staonadh)

    177/0/0

    1.   Conclúidí agus moltaí

    1.1.

    Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) Clár Oibre Eorpach an Choimisiúin um Nuálaíocht agus go háirithe an dá chuspóir atá aige, mar atá iomaíochas na hEorpa a chothú, ar thaobh amháin, agus leas shaoránaigh na hEorpa a chur chun cinn, ar an taobh eile.

    1.2.

    Is díol sásaimh do CESE freisin go bhfuil an Coimisiún ag díriú ar na bearnaí “uas-scálaithe” agus domhainteicneolaíochta, mar a thugtar orthu, a dhúnadh, ar bearnaí iad atá le sonrú san Aontas Eorpach faoi láthair murab ionann agus stáit lasmuigh den Aontas, áit ar minice gnólachtaí teicneolaíochta atá ag céim an fháis le fáil iontu. Tá CESE ag moladh don Choimisiún tuilleadh béime a chur ar an ról atá ag gnólachtaí, ag FBManna, agus ag gnólachtaí nuathionscanta go háirithe, agus ag na líonraí nuálaíochta a bhíonn á stiúradh acu maidir leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a chur i gcrích.

    1.3.

    Is mór ag CESE struchtúr an tionscnaimh féin atá dírithe ar chúig thionscnamh shuaitheanta. Ní mór foráil a dhéanamh freisin maidir le huirlisí chun na torthaí a fhíorú agus chun faireachán a dhéanamh orthu.

    1.4.

    Is díol sásaimh do CESE an togra chun Grúpa Comhairleach um Rialacháin atá fabhrach don Nuálaíocht a chur ar bun a fhad a bhaineann le seirbhísí poiblí agus tá sé á mholadh aige go mbeadh ionadaí ó CESE ina lánchomhalta den ghrúpa.

    1.5.

    Tá sé á chur in iúl ag CESE a thábhachtaí atá sé saoráidí tástála agus turgnamhaíochta a chistiú chun cabhrú le gnólachtaí nuathionscanta agus chun an bhearna idir saotharlanna agus cur i bhfeidhm tráchtála a dhúnadh. I ndáil leis sin, is díol sásaimh gur tugadh isteach an coincheap nua “saoráidí tástála agus turgnamhaíochta” sa dréacht leasaithe de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine (GBER) maidir le státchabhair.

    1.6.

    Is díol sásaimh do CESE freisin an tionscnamh a bhaineann leis an soláthar poiblí. Sa chomhthéacs sin, tá CESE ag moladh go ndéanfaí foráil maidir le rannpháirtíocht gnólachta nuathionscanta amháin ar a laghad i nósanna imeachta soláthair um nuálaíocht.

    1.7.

    Tá sé á chur i bhfios ag CESE a thábhachtaí atá córas fónta um maoin intleachtúil (IP) is infheidhme maidir le haireagáin gnólachtaí nuathionscanta d’fhonn forbairt leanúnach taighde a chur chun cinn.

    1.8.

    Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún gné idir-réigiúnach na n-infheistíochtaí a chur chun cinn, i gcomhar leis na réigiúin is lú agus is mó nuáil araon.

    1.9.

    Tá sé á chur in iúl ag CESE gur cheart don tacaíocht phoiblí dul chun tairbhe do shaotharlanna ardoideachais agus nuálaíochta freisin. I ndáil leis sin, tá sé ag moladh go n-úsáidfidh an Coimisiún roinnt ionaid taighde phíolótacha agus ollscoileanna chun spriocanna nuálacha a bhaint amach.

    1.10.

    Is díol sásaimh do CESE freisin an tacaíocht atá tugtha ag an gCoimisiún do na Ballstáit tionscadail trasteorann ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne a chur chun cinn. Dá bhrí sin, tá sé ag moladh go ndéanfaí obair thaighde agus forbairt ghairmiúil na dtaighdeoirí a chistiú agus go gcuirfí aon torthaí taighde a dtugtar tacaíocht phoiblí dóibh ar fáil do nuálaithe, trí bhíthin an ardáin Innospace b’fhéidir, le gur féidir leo tuilleadh forbartha a dhéanamh orthu.

    1.11.

    Is díol sásaimh do CESE gur eisíodh treoirdhoiciméad chun cuidiú leis na húdaráis leasmhara an clár beartais is ábhartha de chuid an Aontais a roghnú, agus tá sé á chur i bhfios aige a thábhachtaí atá sé na cláir sin a chur i bhfeidhm ar bhealach cothrománach.

    1.12.

    Is díol sásaimh do CESE an smaoineamh go ndéanfaí staidéar ar láimhseáil cánach níos fabhraí do scair-roghanna agus ar chóras fioscach do dhaoine tallannacha a bhíonn ag gluaiseacht thar theorainneacha. Tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún comhordú a dhéanamh ar na tionscnaimh náisiúnta atá dírithe ar dhaoine tallannacha a chothú.

    1.13.

    Is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún bunachair sonraí níos stóinsithe agus níos inchomparáide ná a raibh ann cheana a fhorbairt maille le comhthacsanomaíocht sonraí a d’fhéadfadh bonn eolais a chur faoi na beartais sa réimse seo ar gach leibhéal, chomh maith le dea-chleachtais a scaipeadh ar bhealach struchtúrtha trí Fhóram na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí.

    1.14.

    Is díol sásaimh do CESE, ina theannta sin, na pleananna atá ag an gCoimisiún dea-chleachtais a chomhroinnt agus treoirlínte do rialtais a eisiúint maidir le conas iad a úsáid, d’fhonn ilroinnt rialála ar fud na mBallstát a chur ina ceart.

    2.   Cúlra

    2.1.

    Is éard is aidhm don Chlár Oibre Eorpach Nua um Nuálaíocht an Eoraip a chur ar thús cadhnaíochta i dtaca leis an rabharta nua de nuálaíocht domhainteicneolaíochta agus de ghnólachtaí nuathionscanta tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

    rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú do ghnólachtaí nuathionscanta Eorpacha agus do ghnólachtaí atá ag méadú;

    feabhas a chur ar na coinníollacha faoinar féidir le nuálaithe triail a bhaint as smaointe nua trí bhoscaí gainimh rialála;

    cuidiú le “gleannta nuálaíochta réigiúnacha” a chruthú, lena n-áirítear i réigiúin atá tite ar gcúl;

    daoine tallannacha a mhealladh agus a choinneáil san Eoraip;

    feabhas a chur ar an gcreat beartais a bhuí sin le téarmaíocht shoiléir, táscairí soiléire agus tacair shonraí shoiléire, chomh maith le tacaíocht bheartais do na Ballstáit.

    2.2.

    Sa Chlár Oibre Eorpach Nua um Nuálaíocht, leagtar amach 25 shainghníomhaíocht agus iad rangaithe de réir cúig thionscnamh shuaitheanta:

    Ach cistiú a chur ar fáil do ghnólachtaí atá ag méadú, beifear in ann infheisteoirí institiúideacha agus infheisteoirí príobháideacha eile a spreagadh chun infheistíocht a dhéanamh.

    Tríd an nuálaíocht a chumasú trí bhíthin spásanna turgnamhaíochta agus an tsoláthair phoiblí, beifear in ann an nuálaíocht a éascú.

    Ach an nuálaíocht a luathú agus a neartú in éiceachórais na hEorpa fud fad an Aontais Eorpaigh, agus iarracht a thabhairt san am céanna ar an mbearna idir na tíortha agus na réigiúin a dhúnadh, cuidiú a bheidh ann chun gleannta nuálaíochta réigiúnacha a chruthú agus a nascadh le chéile agus cuideofar leis na Ballstáit EUR 10 mbilliún ar a laghad a dhíriú ar thionscadail nuálaíochta ar an leibhéal réigiúnach atá nasctha le tosaíochtaí an Aontais.

    Trí dhaoine a bhfuil tallann sa domhainteicneolaíocht acu a chothú, a mhealladh agus a choinneáil, cinnteofar go ndéanfar an tallann sin a fhorbairt laistigh den Aontas agus go sreabhfaidh sí ar a fhud freisin.

    Is den mhórthábhacht feabhas a chur ar uirlisí ceaptha beartas chun tacair shonraí stóinsithe inchomparáide agus sainmhínithe comhroinnte (gnólachtaí nuathionscanta, gnólachtaí atá ag méadú) a fhorbairt agus a úsáid, ar tacair iad a chuirfidh bonn eolais faoi na beartais sa réimse seo ar gach leibhéal ar fud an Aontais.

    3.   Barúlacha ginearálta

    3.1.

    Is díol sásaimh do CESE Clár Oibre Eorpach an Choimisiúin um Nuálaíocht agus go háirithe an dá chuspóir atá aige, mar atá iomaíochas na hEorpa a chothú, ar thaobh amháin, agus leas shaoránaigh na hEorpa a chur chun cinn, ar an taobh eile.

    3.2.

    I ndáil leis sin, is mór ag CESE go bhfuil plean an Choimisiúin bunaithe ar sprioc uileghabhálach, mar atá an deighilt leanúnach nuálaíochta a dhúnadh ar fud na mBallstát agus sna réigiúin Eorpacha óir d’fhéadfadh sí bac a chur ar an gcomhtháthú sóisialta agus eacnamaíoch.

    3.3.

    Dar le CESE, ba cheart an díbhinn dhigiteach a bheith ar fáil do shaoránaigh uile na hEorpa beag beann ar an áit a bhfuil cónaí orthu. Ba cheart go bhféadfadh an réabhlóid dhigiteach na bearnaí leanúnacha a dhúnadh a tháinig chun cinn le linn na réabhlóide tionsclaíche agus atá imithe chun donachta i gcuid de na Ballstáit sin a tháinig isteach san Aontas tar éis don chuirtín iarainn titim.

    3.4.

    Is mó fós an tábhacht atá leis sin anois toisc nach foláir do Bhallstáit agus réigiúin uile an Aontais a bheith neamhspleách ar thíortha lasmuigh den Aontas ar an ábhar gur léir ón gcogadh san Úcráin, ón ngéarchéim fuinnimh agus ón nganntanas sliseanna nach féidir brath ar na tríú tíortha sin i gcónaí agus nach bhfuil beann acu ar bhunluachanna na hEorpa, ar aon chuma.

    3.5.

    Is díol sásaimh do CESE freisin go bhfuil an Coimisiún ag díriú ar na bearnaí “uas-scálaithe” agus domhainteicneolaíochta, mar a thugtar orthu, a dhúnadh murab ionann agus stáit lasmuigh den Aontas, áit ar minice gnólachtaí teicneolaíochta atá ag céim an fháis le fáil iontu. Tá sé ag moladh don Choimisiún tuilleadh béime a chur ar an ról atá ag gnólachtaí, ag FBManna agus ag gnólachtaí nuathionscanta, agus ag na líonraí nuálaíochta a bhíonn á stiúradh acu maidir leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a chur i gcrích (1). Is den tábhacht freisin tionscnaimh a chur chun cinn atá ceaptha chun cuideachtaí traidisiúnta a iompú ina gcuideachtaí nuálacha.

    3.6.

    Dar le CESE, d’fhéadfadh an digitiú, dá dtabharfaí faoi ar bhonn níos doimhne agus níos cothroime, tús a chur le fáinne óir, as a leanfaidh na nithe seo a leanas: leas na saoránach a fheabhsú; spriocanna i réimse na hinbhuanaitheachta a bhaint amach; comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta san Aontas Eorpach a neartú; agus spleáchas tionsclaíoch agus eacnamaíoch ar thríú tíortha nach bhfuil na luachanna céanna acu a laghdú.

    3.7.

    Ar na cúiseanna uile sin thuas, is díol lánsásaimh do CESE an tionscnamh ón gCoimisiún agus tá sé i bhfách leis ar bhonn na mbuanna a bhaineann leis.

    3.8.

    Is díol sásaimh do CESE freisin struchtúr an tionscnaimh féin atá dírithe ar chúig thionscnamh shuaitheanta. B’inmholta an ní foráil a dhéanamh maidir le huirlisí chun torthaí a fhíorú agus faireachán a dhéanamh orthu go rialta chun bearta ceartaitheacha agus feabhsúcháin a ullmhú, i gcás inar gá sin.

    3.9.

    Is díol sásaimh do CESE an togra chun Grúpa Comhairleach um Rialacháin atá fabhrach don Nuálaíocht a chur ar bun a fhad a bhaineann le seirbhísí poiblí agus tá sé á mholadh aige go mbeadh ionadaí ó CESE ina lánchomhalta den ghrúpa.

    4.   Tionscnamh suaitheanta maidir le maoiniú do ghnólachtaí domhainteicneolaíochta atá ag méadú

    4.1.

    Is díol mór sásaimh do CESE na bearta uile atá beartaithe arb é is aidhm dóibh costas an chothromais nua ar fud an Aontais a laghdú. Áirítear orthu sin cead a thabhairt cearta maoine intleachtúla a úsáid mar chomhthaobhacht, agus dlí nua liostúcháin a mholadh lena simpleofar agus lena n-éascófar ceanglais liostúcháin tosaigh agus leanúnacha araon le haghaidh cineálacha áirithe cuideachtaí, d’fhonn costais a laghdú agus deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú d’eisitheoirí, agus cosaint infheisteoirí agus sláine an mhargaidh á gcumhdach ag an am céanna.

    4.2.

    Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE go bhfuil gá le córas maoine intleachtúla san Eoraip a mbeadh cothromaíocht leordhóthanach ann idir an eolaíocht oscailte agus an mhaoin intleachtúil. Maidir leis sin, is iomaí gnólacht nuathionscanta a bhfuil bunphaitinní caighdeáin aige (nó a bhaineann úsáid astu). Níor cheart a fhágáil go ndéanfaí oibleagáidí dlíthiúla a fhorchur, ar FBManna ar a laghad, maidir le seiceálacha a dhéanamh ar shraitheanna bunphaitinní caighdeáin a bhfuil sé i gceist acu a cheadúnú. D’fhéadfadh oibleagáid den chineál sin dochar a dhéanamh don nuálaíocht ós rud é go bhféadfadh sí fad a chur leis an gcaibidlíocht, as a n-eascródh díospóidí tráth nach bhfuil aon chinnteacht fós ann maidir lenar féidir a fháil ón gceadúnú ó thaobh ioncaim de.

    4.3.

    Is díol sásaimh do CESE an bhéim a chuirtear ar mhná agus ar bhailiú sonraí ar mhná agus ar ghrúpaí atá faoi ghannionadaíocht chun beartais shaincheaptha a fhorbairt chun bearnaí inscne agus bearnaí eile a líonadh a dhéanann difear do ghnólachtaí nuathionscanta freisin. Tá tábhacht lárnach le fostaíocht na mban in earnáil na nuálaíochta a chur chun cinn má táthar chun iomaíochas na hEorpa a áirithiú, agus, bonn ar bhonn leis sin, is uirlis eolais úsáideach é innéacs a bhunú maidir le hinscne agus le grúpaí atá faoi ghannionadaíocht chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin.

    4.4.

    Tá sé á chur in iúl ag CESE nach foláir do FBManna seanbhunaithe agus do chuideachtaí meánchaipitlithe a bheith nuálach freisin chun an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a bhaint amach; ar an ábhar sin, ba cheart a áireamh sa chlár oibre bearta atá dírithe ar chabhair a thabhairt do FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe san iarracht sin agus atá dírithe ar a n-iomaíochas a chur chun cinn. Ar bhonn níos ginearálta, tá sé tábhachtach éiceachóras a chruthú lena bhféadfar cuideachtaí traidisiúnta a iompú ina gcuideachtaí nuálacha.

    4.5.

    Ós rud é – mar atá luaite ag an gCoimisiún – gurb iad na táirgí bainc is príomhfhoinse maoiniúcháin ag cuideachtaí, tá sé á chur chun suntais ag CESE a ábhartha atá ráthaíochtaí arna gcistiú go poiblí agus tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar a fhéideartha atá sé an méid dá bhforáiltear cheana leis na Creataí Sealadacha le haghaidh COVID-19 agus le haghaidh an chogaidh san Úcráin a mhacasamhlú sa réimse sin. I ndáil leis sin, d’fhéadfaí a shamhlú go meallfadh ráthaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón bpobal infheisteoirí fadtéarmacha atá níos drogallaí i leith rioscaí (amhail cistí pinsin agus cistí ceannasacha) nach mbaintear dóthain úsáide san Eoraip as an gcistiú a dhéantar orthu.

    4.6.

    Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún, agus an tionscnamh suaitheanta sin á chur chun feidhme aige, tús áite a thabhairt do shaotharlanna taighde trasteorann agus do sheachghnólachtaí nuathionscanta ó ollscoileanna éagsúla. Go deimhin, ach comhoibriú fairsing a bheith ann idir ollscoileanna is féidir an nuálaíocht a chothú le feidhmchláir phraiticiúla, a bhuí sin le cur chuige ón mbun aníos, rud is oiriúnaí, is cosúil, d’fhonn an chruthaitheacht a spreagadh.

    4.7.

    Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún freisin tacaíocht an Aontais a dhíriú ar earnálacha aonair (e.g. sliseanna, foinsí in-athnuaite fuinnimh, etc.) chun taighde feidhmeach a chur chun cinn i gcás ina bhfuil gá dáiríre leis chun spriocanna straitéiseacha an Aontais a bhaint amach.

    4.8.

    Chomh maith le costais chothromais a laghdú agus córais chánach a chomhchuibhiú, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar thabhairt isteach “cistiú méadúcháin” sonrach de chuid an Aontais a bhfuil sé d’aidhm aige cabhrú le gnólachtaí nuathionscanta straitéiseacha áirithe agus iad i mbun fáis. Ina theannta sin, is féidir go laghdódh sin a tharraingtí atá díoth-éadálacha nó athlonnú cuideachtaí thar lear toisc go bhféadfadh na bunaitheoirí a gcuid cuideachtaí féin a chothú gan iad a dhíol ná a athlonnú.

    4.9.

    Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar chruthú margaidh dhigitigh Eorpaigh do ghnólachtaí nuathionscanta ionas gur féidir leo dul i dteagmháil le hinfheisteoirí ionchasacha ar fud an Aontais. A bhuí le margadh den chineál sin, d’fhéadfaí an ceann is fearr a fháil ar an deacracht a bheadh ag gnólachtaí nuathionscanta, go háirithe sna Ballstáit bheaga, mar atá infheisteoirí a aimsiú go háitiúil agus rochtain a fháil ar leachtacht shuntasach ar bhealach tráthúil.

    4.10.

    Tá sé á chur i bhfios ag CESE a ábhartha atá na bonneagair teicneolaíochta chun teicneolaíochtaí nuathionscanta domhainteicneolaíochta a mhéadú. Dá réir sin, ba cheart rochtain den sórt sin a chur chun cinn agus a éascú a thuilleadh. D’fhéadfaí oibleagáidí rochtana oscailte neamh-idirdhealaitheacha a sholáthar do bhonneagair agus do shonraí arna gcistiú go poiblí.

    5.   Tionscnamh suaitheanta maidir le nuálaíocht domhainteicneolaíochta a chumasú trí spásanna turgnamhaíochta agus trí sholáthar poiblí

    5.1.

    Is díol sásaimh do CESE gur eisíodh treoirdhoiciméad maidir le boscaí gainimh rialála, binsí tástála agus saotharlanna beo mar uirlis chun an turgnamhaíocht a mhealladh chuig an Aontas. Is díol sásaimh dó freisin scaipeadh na ndea-chleachtas atáthar a mholadh ar fud na mBallstát d’fhonn an comhchuibhiú a chur chun cinn.

    5.2.

    Is díol sásaimh eile fós do CESE gur tugadh isteach foráil nua sa chreat státchabhrach le haghaidh TFN, trína bhféadfaidh na Ballstáit tuilleadh saoráidí tástála agus turgnamhaíochta a chistiú. Sa chomhthéacs sin, tá CESE ag moladh uasteorainn a leagan síos do chistiú poiblí náisiúnta inghlactha ionas nach ngearrfar pionós ar na Ballstáit bheaga/bhochta nó, mar mhalairt air sin, cistiú ón Aontas a dhíriú ar bhealach comhlántach ar na Ballstáit sin nach féidir leo dul san iomaíocht sa rás maidir le státchabhair. Tá sé á mholadh ag CESE freisin go n-eiseofaí treoirlínte an Aontais chun léirmhíniú náisiúnta a chomhchuibhiú i gcásanna ina bhféadfadh an léirmhíniú sin a bheith éagsúil ó chéile.

    5.3.

    Tá sé á chur in iúl ag CESE a thábhachtaí atá sé saoráidí tástála agus turgnamhaíochta a chistiú chun cabhrú le gnólachtaí nuathionscanta a dteicneolaíochtaí a mhéadú agus chun an bhearna idir saotharlanna agus cur i bhfeidhm tráchtála a dhúnadh. I ndáil leis sin, is díol sásaimh gur tugadh isteach an coincheap nua “saoráidí tástála agus turgnamhaíochta” sa dréacht leasaithe de GBER maidir le státchabhair. Thar aon ní eile, ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir coincheap na saoráidí tástála agus turgnamhaíochta agus na bonneagair sin ar a dtugtar “bonneagair teicneolaíochta”, de ghnáth. I ndáil leis sin, d’fhéadfadh sé gurb í an toisc is sainiúla ná an úsáid eacnamaíoch, a bheag nó a mhór, is féidir a bhaint astu. Ina theannta sin, ba cheart na tairseacha fógartha a bheith cothrom le EUR 21 mhilliún le haghaidh saoráidí tástála agus turgnamhaíochta agus bonneagair teicneolaíochta araon, agus foráil a dhéanamh maidir le téarmaí fabhracha do chuideachtaí a ranníocann 5 % ar a laghad de chostais infheistíochta na saoráidí tástála agus turgnamhaíochta.

    5.4.

    Is díol sásaimh do CESE freisin an tionscnamh a bhaineann leis an soláthar poiblí. Sa chomhthéacs sin, tá CESE ag moladh machnamh a dhéanamh ar a fhéideartha atá sé sásra a thabhairt isteach chun a áirithiú go mbeidh gnólacht nuathionscanta amháin ar a laghad rannpháirteach sna nósanna imeachta soláthair nuálaíochta.

    5.5.

    Tá sé á chur i bhfios ag CESE a thábhachtaí atá córas fónta um maoin intleachtúil is infheidhme maidir le haireagáin gnólachtaí nuathionscanta d’fhonn forbairt leanúnach taighde a chur chun cinn. A luaithe a bhaineann comhpháirtithe tráchtála úsáid eisiach as torthaí eolaíocha luathchéime (ar gá ceart eisiach ina leith sin chun tacú le saotharlanna taighde agus comhoibriú leo), tá an baol ann nach ndéanfaidh saotharlanna eolaíocha tuilleadh forbartha ar thorthaí taighde den sórt sin toisc nach bhfuil leas eacnamaíoch le baint astu a thuilleadh.

    6.   Tionscnamh suaitheanta maidir le nuálaíocht a luathú agus a neartú in Éiceachórais Nuálaíochta Eorpacha ar fud an Aontais Eorpaigh agus aghaidh a thabhairt ar an deighilt nuálaíochta

    6.1.

    Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún gné idir-réigiúnach na n-infheistíochtaí a chur chun cinn. Is díol sásaimh dó go háirithe go dtugtar tús áite do thionscadail nuálaíochta idir-réigiúnacha áirithe a bhaineann le príomhthosaíochtaí an Aontais (amhail an inbhuanaitheacht), i gcomhar leis na réigiúin is lú agus is mó nuáil araon.

    6.2.

    Tá sé á chur i bhfios ag CESE go bhfuil an nuálaíocht bunaithe ar an slabhra iomlán taighde agus forbartha. Cuimsíonn an slabhra sin taighde a dhéantar de ghrá na fiosrachta agus gníomhaíochtaí taighde agus forbartha feidhmí, chomh maith le réimse an oideachais agus na hoiliúna, agus braitheann sé ar a bhfuil de chumais agus d’acmhainní ann le haghaidh ghlacadh na nuálaíochta arna gcinneadh ag córais pholaitiúla, chultúrtha agus shocheacnamaíocha. I ndáil leis sin, tá sé á chur i bhfios ag CESE, chun go mbeidh nuálaíocht struchtúrach ann agus chun smaointe nua feidhmeacha a chothú, gur cheart don tacaíocht phoiblí dul chun tairbhe don ardoideachas, lena n-áirítear an gairmoideachas (rud atá ríthábhachtach chun dlús a chur leis an nuálaíocht) agus na saotharlanna nuálaíochta, seachas do thionscadail a bhfuil céim an mhargaidh bainte amach acu cheana, agus dóibh sin amháin. Is féidir leis an gCoimisiún tarraingt ar roinnt ollscoileanna píolótacha chun an sprioc sin a bhaint amach.

    6.3.

    Is díol sásaimh do CESE freisin an tacaíocht atá tugtha ag an gCoimisiún do na Ballstáit mórthionscadail trasteorann ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne a chur chun cinn, agus béim á leagan aige ar a thábhachtaí atá sé céim an taighde a choinneáil ar bun freisin toisc gur próiseas áitiúil í an nuálaíocht ar cheart tacaíocht a thabhairt di ón mbun aníos, i gcomhréir leis an toradh deiridh ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (tograí 12 agus 35). Dá réir sin, ba cheart obair thaighde agus forbairt ghairmiúil na dtaighdeoirí araon a chistiú. Ba cheart go gcuirfí aon torthaí taighde a dtugtar tacaíocht phoiblí dóibh ar fáil do nuálaithe, trí bhíthin an ardáin Innospace b’fhéidir, le gur féidir leo tuilleadh forbartha a dhéanamh orthu.

    6.4.

    Is díol sásaimh do CESE gur eisíodh treoirdhoiciméad chun cuidiú leis na húdaráis leasmhara an clár beartais is ábhartha de chuid an Aontais a roghnú. Tá sé á chur chun suntais ag CESE freisin a thábhachtaí atá sé gan cláir bheartais a cheapadh ar mhodh “dúnta neamhchomhtháite”, ach a gcomhlántacht a chur san áireamh agus, i gcás inar féidir, iad a chur i bhfeidhm ar bhealach cothrománach.

    7.   Tionscnamh suaitheanta maidir le daoine a bhfuil tallann sa domhainteicneolaíocht acu a chothú, a mhealladh agus a choinneáil

    7.1.

    Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh sin a bhfuil sé d’aidhm aige deiseanna a mhéadú agus fostóirí agus daoine tallannacha a thabhairt le chéile ar fud na hEorpa.

    7.2.

    Is díol sásaimh do CESE go mór mór é a bheith beartaithe go scrúdófaí a indéanta atá sé láimhseáil cánach níos fabhraí a chur i bhfeidhm ar scair-roghanna san Aontas.

    7.3.

    Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar staid fhioscach na ndaoine tallannacha a bhíonn ag gluaiseacht thar theorainneacha chun a áirithiú nach gcuirfidh sé sin srian ar shaorghluaiseacht na ndaoine sin.

    7.4.

    Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún comhordú a dhéanamh ar na tionscnaimh náisiúnta atá dírithe ar dhaoine tallannacha a chothú.

    8.   Tionscnamh suaitheanta maidir le huirlisí ceaptha beartas a fheabhsú

    8.1.

    Is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún bunachair sonraí níos stóinsithe agus níos inchomparáide ná a raibh ann cheana a fhorbairt maille le comhthacsanomaíocht sonraí, chomh maith le dea-chleachtais a scaipeadh ar bhealach struchtúrtha trí Fhóram na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí.

    8.2.

    Is díol sásaimh do CESE freisin na pleananna atá ag an gCoimisiún dea-chleachtais a chomhroinnt chun samplaí maithe de bhoscaí gainimh rialála agus de chreataí dlíthiúla solúbtha ó gach cearn den Aontas a thiomsú agus chun treoirlínte do rialtais a eisiúint maidir le conas iad a úsáid. Tá CESE ag moladh don Choimisiún úsáid a bhaint as na huirlisí sin chun ilroinnt rialála agus difríochtaí rialála ar fud na mBallstát a chur ina gceart.

    An Bhruiséil, an 14 Nollaig 2022.

    Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    Christa SCHWENG


    (1)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Moil Nuálaíochta Digití agus FBManna (tuairim féintionscnaimh) (IO C 75, 28.2.2023, lch. 82).


    Az oldal tetejére