EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52022AB0024
Opinion of the European Central Bank of 4 July 2022 on the Proposal for a Council Regulation amending Regulation (EC) No 974/98 as regards the introduction of the euro in Croatia and on the Proposal for a Council Regulation amending Regulation (EC) No 2866/98 as regards the conversion rate to the euro for Croatia (CON/2022/24) 2022/C 271/03
Tuairim ón Mbanc Ceannais Eorpach den 4 Iúil 2022 maidir le moladh le haghaidh rialacháin ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 974/98 maidir leis an euro a thabhairt isteach sa Chróit agus maidir le moladh le haghaidh rialacháin ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 2866/98 maidir leis an ráta comhshó go dtí an euro don Chróit (CON/2022/24) 2022/C 271/03
Tuairim ón Mbanc Ceannais Eorpach den 4 Iúil 2022 maidir le moladh le haghaidh rialacháin ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 974/98 maidir leis an euro a thabhairt isteach sa Chróit agus maidir le moladh le haghaidh rialacháin ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 2866/98 maidir leis an ráta comhshó go dtí an euro don Chróit (CON/2022/24) 2022/C 271/03
CON/2022/24
IO C 271, 14.7.2022, p. 3–3
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
14.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/3 |
TUAIRIM ÓN MBANC CEANNAIS EORPACH
den 4 Iúil 2022
maidir le moladh le haghaidh rialacháin ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 974/98 maidir leis an euro a thabhairt isteach sa Chróit agus maidir le moladh le haghaidh rialacháin ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 2866/98 maidir leis an ráta comhshó go dtí an euro don Chróit
(CON/2022/24)
(2022/C 271/03)
Réamhrá agus bunús dlí
An 3 Meitheamh 2022, fuair an Banc Ceannais Eorpach (BCE) iarratas ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh ar thuairim maidir le moladh le haghaidh rialacháin ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 974/98 maidir leis an euro a thabhairt isteach sa Chróit (1). Ar an 1 Iúil 2022, fuair an Banc Ceannais Eorpach (BCE) iarratas ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh ar thuairim maidir le moladh le haghaidh rialacháin ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 2866/98 maidir leis an ráta comhshó go dtí an euro don Chróit (2).
Tá inniúlacht BCE maidir le tuairim a thabhairt bunaithe ar Airteagal 140(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 17.5 de Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh, tá an Chomhairle Rialaithe tar éis an tuairim seo a ghlacadh.
Breathnuithe
1. |
Leis na rialacháin atá beartaithe beifear in ann an euro a thabhairt isteach mar airgeadra na Cróite tar éis mhaolú na Cróite a aisghairm i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 140(2) den Chonradh. |
2. |
Fáiltíonn an BCE roimh na rialacháin atá beartaithe. |
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 4 Iúil 2022.
Uachtarán BCE
Christine LAGARDE
(1) COM(2022) 281 final.
(2) COM(2022) 319 final.