EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022AB0016

Tuairim on m Banc Ceannais Eorpach an 27 Aibreán 2022 maidir le togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2013/36/AE maidir le cumhachtaí maoirseachta, smachtbhannaí, brainsí tríú tír, priacal comhshaoil, sóisialta agus rialachais (CON/2022/16) 2022/C 248/03

CON/2022/16

IO C 248, 30.6.2022, p. 87–96 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

30.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 248/87


TUAIRIM ON M BANC CEANNAIS EORPACH

an 27 Aibreán 2022

maidir le togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2013/36/AE maidir le cumhachtaí maoirseachta, smachtbhannaí, brainsí tríú tír, priacal comhshaoil, sóisialta agus rialachais

(CON/2022/16)

(2022/C 248/03)

Réamhrá agus bunús dlí

An 17 agus an 21 Eanáir 2022 fuair an Banc Ceannais Eorpach (BCE) iarrataí ó Pharlaimint na hEorpa agus ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh ar thuairim maidir le togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2013/36/AE maidir le cumhachtaí maoirseachta, smachtbhannaí, brainsí tríú tíortha, priacal comhshaoil, sóisialta agus rialachais (1) (dá ngairtear “na leasuithe atá beartaithe ar CRD” anseo feasta).

Tá dlúthbhaint idir na leasuithe atá beartaithe ar CRD agus togra eile a bhfuair BCE iarraidh ar chomhairliúchán ina leith, eadhon togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le ceanglais i leith riosca creidmheasa, riosca coigeartaithe luachála creidmheasa, riosca oibríochtúil, riosca margaidh agus íosráta an aschuir (2) (mar aon leis na leasuithe atá beartaithe ar CRD, “pacáiste athchóirithe baincéireachta an Choimisiúin”).

Tá inniúlacht BCE maidir le tuairim a thabhairt bunaithe ar Airteagail 127(4) agus 282(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ós rud é go bhfuil forálacha sna leasuithe atá beartaithe ar CRD lena ndéantar difear do chúraimí BCE maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa i gcómhréir le hAirteagal 127(6) den Chonradh agus do rannchuidiú an Chórais Eorpaigh Banc (CEBC) i ndáil le seoladh rianúil beartas a bhaineann le cobhsaíocht an chórais airgeadais, dá dtagraítear in Airteagal 127(5) den Chonradh. I gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 17.5 de Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh, tá an Chomhairle Rialaithe tar éis an tuairim seo a ghlacadh.

Barúlacha ginearálta

Tacaíonn BCE go láidir le pacáiste athchóirithe baincéireachta an Choimisiúin, lena ndéantar gnéithe tábhachtacha den chlár oibre um athchóiriú rialála domhanda a chur chun feidhme i reachtaíocht an Aontais. Neartóidh sé sin Leabhar Rialacha Aonair an Aontais Eorpaigh agus neartóidh sé go mór an creat rialála i réimsí ina bhfuil bearnaí sainaitheanta ag na húdaráis mhaoirseachta a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le faireachán neamhleor ar rioscaí agus le cumhdach neamhleor na rioscaí sin.

Ar an gcéad dul síos, trí fheabhas a chur ar an gcaoi a dtugtar aghaidh ar priacail comhshaoil, sóisialta agus rialachais (environmental, social and governance, ESG) trí cheanglais níos déine a fhorchur agus tríd an tsraith straitéisí maoirseachta sa réimse sin a leathnú, cuideofar lena áirithiú go bhforbróidh institiúidí creataí feabhsaithe bainistithe riosca go réamhghníomhach, agus ar an gcaoi sin laghdófar an dóchúlacht go gcarnfaidh institiúidí aonair agus an córas airgeadais ina iomláine rioscaí iomarcacha.

Ar an dara dul síos, le cur chun feidhme dílis an íosráta aschuir laghdófar inathraitheacht gan údar san ualú riosca (3) agus is díol sásaimh é nach mbeidh aon chomhaireamh dúbailte rioscaí ann maidir le riachtanais eile, agus ba cheart freisin castachtaí oibríochtúla a sheachaint.

Ar an tríú dul síos, le forálacha comhchuibhithe maidir le measúnú a dhéanamh ar stiúrthóirí na mbanc agus ar eochairchomhaltaí foirne (measúnuithe “cuí cóir”), éascófar éifeachtacht na maoirseachta agus feabhsófar rialachas fónta.

Ar an gceathrú dul síos, tiocfaidh sraith choiteann rialacha do bhrainsí grúpaí baincéireachta tríú tíortha atá ag feidhmiú sna Ballstáit in ionad cur chuige náisiúnta ilchineálach agus neartófar leis an tsraith sin an margadh aonair.

Ar an gcúigiú dul síos, trí chomhchuibhiú breise a dhéanamh ar chumhachtaí náisiúnta a bhaineann le sealúchais cháilitheacha, aistrithe sócmhainní nó dliteanas, cumaisc nó deighiltí, mar aon leis an gcóras smachtbhannaí a chomhchuibhiú, áiritheofar comhsheasmhacht agus stóinseacht an chreata.

Ar an séú dul síos, iarrann BCE go mbeadh comhsheasmhacht ann idir Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) (dá ngairtear “CRD” anseo feasta) agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle (5), maidir le nithe a bhaineann le neamhspleáchas maoirseachta i gcoitinne agus maidir le coinbhleachtaí leasa go háirithe. Agus coinbhleachtaí leasa féideartha á dteorannú, tá sé tábhachtach go mbeadh cur chuige dian ach comhréireach solúbtha ann, agus aird chuí á tabhairt ar gach cás ar leithligh.

Ar deireadh, trí chead a thabhairt do mhaoirseoirí deireadh a chur le húdarú na n-institiúidí creidmheasa ar dearbhaíodh ina leith go bhfuil ag cliseadh orthu nó ar dócha go gclisfidh orthu, ach nach gcáilíonn do réiteach toisc nár comhlíonadh critéar leas an phobail, éascófar imeacht ordúil na mbanc sin ón margadh (6).

Leis an tuairim seo tugtar aghaidh ar shaincheisteanna a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo ó thaobh BCE de, agus déantar na saincheisteanna sin a dheighilt sna ranna arna liostú thíos.

1.   Priacail comhshaoil, sóisialta agus rialachais (priacail ESG)

1.1   Tacaíocht do na leasuithe atá beartaithe

Is díol mór sásaimh do BCE an togra ón gCoimisiún feabhas a chur ar na ceanglais maidir le priacail ESG i ndáil le hinstitiúidí creidmheasa agus an sainordú faoi seach le haghaidh údaráis inniúla. Tá BCE den tuairim gur féidir impleachtaí forleathana a bheith ag priacail ESG do chobhsaíocht na n-institiúidí aonair agus don chóras airgeadais ina iomláine. Tá spriocanna uaillmhianacha leagtha síos ag an gCoimisiún, mar is ceart, chun an tAontas Eorpach a oiriúnú d’iarmhairtí priacail ESG agus le haghaidh aistriú an Aontais chuig geilleagar inbhuanaithe, spriocanna lena mbaineann athruithe sonracha ar a chóras táirgthe in imeacht tréimhse theoranta ama. Léirítear sa straitéis “go mbraitheann an rath a bheidh ar an gComhaontú Glas don Eoraip ar rannchuidiú na ngeallsealbhóirí eacnamaíocha ar fad agus ar a gcuid dreasachtaí chun ár spriocanna a bhaint amach. Chuige sin, ní mór d’institiúidí airgeadais spriocanna inbhuaine an Aontais a aistriú isteach sna straitéisí fadtéarmacha maoinithe agus sna próisis chinnteoireachta atá acu” (7). Bíonn tionchar ag an aistriú agus ag na rioscaí gaolmhara ar bheagnach gach earnáil den gheilleagar agus bíonn tionchair fhorleathana acu ar fud na réigiún; ina theannta sin, tá siad ag brath ar bheartais dícharbónaithe, ar athruithe ar roghanna na dtomhaltóirí agus na n-infheisteoirí chomh maith le hathruithe teicneolaíochta. Leis na tionchair fhorleathana sin, tá gá le straitéisí saincheaptha chomh maith le cumais fheabhsaithe bainistithe riosca chun athléimneacht shamhlacha gnó na n-institiúidí creidmheasa a áirithiú sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma agus chun carnadh aistriú-riosca iomarcaigh ina gcuid punann a sheachaint. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go ndéanfadh institiúidí creidmheasa faireachán ar an riosca a thagann as mí-ailíniú a bpunann le cuspóirí aistrithe AE, agus ar an gcaoi sin amlínte nithiúla uaillmhianacha a leagan síos, lena n-áirítear garspriocanna idirmheánacha, chun críche a gcuid pleanála straitéisí.

Tacaíonn BCE leis an togra chun priacail ESG a chumhdach ar bhealach níos sainráite i gceanglais mhaoirseachta, rud a bheidh ina chabhair chun na bagairtí a bhaineann leis na rioscaí sin d’institiúidí aonair agus don chobhsaíocht airgeadais a íoslaghdú. Sa mheasúnú maoirseachta a rinne BCE le déanaí, leagadh béim ar an ngá atá le bainistiú riosca níos fearr a dhéanamh go hinmheánach sna bainc agus ar an ngá atá le grinnscrúdú breise maoirseachta a dhéanamh ar na rioscaí sin. Leis an gcleachtadh cuimsitheach sin léiríodh nach bhfuil aon institiúid ag teannadh leis na cleachtais atá acu a ailíniú go hiomlán leis na hionchais mhaoirseachta maidir le priacail í a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol (climate-related and environmental, C&E) agus go measann na hinstitiúidí féin go bhfuil 90 % dá gcleachtais thuairiscithe nach bhfuil ailínithe ach go páirteach nó nach bhfuil siad ailínithe ar chor ar bith le hionchais mhaoirseachta BCE (8).

Aithníonn BCE an tús áite arna thabhairt do na priacail C&E ar fhachtóirí sóisialta agus rialachais, i bhfianaise na ndifríochtaí sna modheolaíochtaí freisin. Is éard atá i priacail C&E go háirithe bagairtí a eascraíonn as an aistriú atá ag teastáil chuig geilleagar níos inbhuanaithe agus an t-oiriúnú do bhagairtí fisiciúla atá ag méadú. Is rioscaí speisialta iad rioscaí aistrithe agus fisiciúla i gcomparáid le rioscaí stuamachta eile agus toisc go gcarnann siad le himeacht ama, tá gá le pleanáil chúramach agus le straitéisí maolaithe soiléire, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le gníomhaíocht ghearrthéarmach láithreach chun tionchair fhadtéarmacha a mhaolú.

Tacaíonn BCE leis an gceanglas atá beartaithe go bhforbróidh institiúidí creidmheasa pleananna sonracha chun faireachán a dhéanamh ar priacail ESG agus chun aghaidh a thabhairt orthu sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Áiritheofar leis sin go dtomhaisfidh institiúidí creidmheasa priacail ESG in imeacht tréimhsí níos faide agus go ndéanfaidh siad measúnú críochnúil ar na hathruithe struchtúracha is dócha a tharlóidh sna tionscail a bhfuil siad neamhchosanta orthu, de réir na gconairí don aistriú arna gcinneadh le creat dlíthiúil an Aontais (9). Leis an gceanglas pleananna den sórt sin a fhorbairt méadófar an trédhearcacht maidir leis na rioscaí a bhfuil an córas airgeadais neamhchosanta orthu. Thairis sin, áiritheofar leis freisin go ndéanfaidh institiúidí creidmheasa athbhreithniú réamhghníomhach, i ndáil le cuspóirí an Aontais don aistriú freisin, i dtaobh an ionchorpraítear cúinsí a bhaineann le ESG go leordhóthanach ina gcuid straitéisí, agus dá chionn sin maolú á dhéanamh ar rioscaí do chlú nó ar rioscaí a eascraíonn as seintimint mhearathraitheach an mhargaidh chomh maith.

Tá BCE réidh chun comhoibriú le gníomhaireachtaí an Aontais chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na n-institiúidí creidmheasa ó thaobh fhorbairt a bpleananna sonracha (Airteagal 76(2) nua) agus cuireann sé i bhfáth go bhfuil gá le gníomhaíocht thráthúil ina thaobh sin. Feictear do BCE gur gá tús áite a thabhairt d’athléimneacht agus oiriúnú na n-institiúidí do thionchair dhiúltacha fhadtéarmacha na priacail ESG. Beidh tábhacht ar leith ag baint leis na treoirlínte beartaithe ón Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) maidir le hinneachar phleananna na n-institiúidí (Airteagal 87a(5)(b) nua) i ndáil leis sin, agus measann BCE dá bhrí sin gur cheart na treoirlínte sin a fhoilsiú laistigh de 12 mhí. Os a choinne sin, is cosúil gur iomchuí sprioc-am 24 mhí le haghaidh na dtreoirlínte atá beartaithe maidir le caighdeáin íosta agus modheolaíochtaí tagartha (Airteagal 87ú(5)(a) nua).

Le bainistiú ceart inmheánach riosca, lena n-áirítear pleanáil shonrach, éascófar freisin measúnú ag na húdaráis inniúla agus ag na húdaráis mhacrastuamachta ar priacail ESG. I gcomhthéacs chur in iúl breise na gceanglas atá ar institiúidí creidmheasa na rioscaí ábhartha uile a bhainistiú, trína n-athléimneacht i leith thionchair dhiúltacha fhadtéarmacha na priacail C&E a thástáil, is geal le BCE feabhsú na gcumhachtaí maoirseachta gaolmhara ar bhealach atá i gcomhréir leis an tréimhse chun priacail ESG a thabhairt i gcrích. Leis sin, beidh BCE in ann aghaidh a thabhairt ar priacail ESG ar bhealach níos éifeachtaí, ag tosú le rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol, lena gcuirtear isteach ar staid stuamachta na hinstitiúide creidmheasa (e.g. caipiteal agus leachtacht) freisin sa mheántéarma agus san fhadtéarma (i.e. 5-10 bliana). Leis na ceanglais sin cabhrófar freisin le húdaráis mhacrastuamachta iarmhairtí uile-chórais na priacail ESG a mhaolú, agus anailís á déanamh go háirithe ar a ngnéithe sistéamacha, e.g. trí thástáil struis aeráide ar fud an gheilleagair. Leis an méid sin ar fad, ba cheart go ndéanfaí uirlisí níos leordhóthanaí a chur ar fáil do BCE chun cuidiú le carnadh sócmhainní tréigthe ar chláir chomhardaithe na n-institiúidí creidmheasa a sheachaint, i gcomhpháirt leis na húdaráis ábhartha eile, agus comhlántacht a áirithiú idir na cineálacha cur chuige micreastuamachta agus macrastuamachta.

Maidir leis an tsraith uirlisí macrastuamachta, is geal le BCE freisin an soiléiriú in aithris ar na leasuithe atá beartaithe ar CRD gur féidir an creat maolánach um riosca sistéamach (systemic risk buffer, SyRB) a úsáid cheana chun aghaidh a thabhairt ar chineálacha éagsúla rioscaí sistéamacha, lena n-áirítear rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide. Sa mhéid go bhféadfadh iarmhairtí diúltacha tromchúiseacha a bheith ag rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide ar an gcóras airgeadais agus ar an bhfíorgheilleagar sna Ballstáit, is féidir ráta SyRB a thabhairt isteach chun na rioscaí sin a mhaolú.

1.2.   Athléimneacht ó thionchair dhiúltacha fhadtéarmacha priacail ESG

Maidir leis na cásanna féideartha agus na modhanna chun measúnú a dhéanamh ar an athléimneacht ar thionchair dhiúltacha fhadtéarmacha priacail ESG, go háirithe an t-athrú aeráide agus an díghrádú comhshaoil, is mian le BCE béim a leagan ar an bhfíoras nach féidir measúnú a dhéanamh ar na dúshláin a bhaineann leo don earnáil airgeadais agus aghaidh a thabhairt orthu ach amháin tríd an anailís eolaíoch a chomhtháthú le ceapadh beartais. Beidh ról lárnach i ndáil leis sin ag an rannchuidiú ón taighde eolaíoch, ó eintitis san earnáil airgeadais agus ó ghníomhaireachtaí comhshaoil. Is geal le BCE tiomantas an Choimisiúin an comhar idir na húdaráis phoiblí ábhartha uile a neartú, lena n-áirítear maoirseoirí, agus go bhfuil an comhar sin ceaptha “chun cabhrú le spriocanna idirmheánacha a shainiú don earnáil airgeadais” (10). Mar sin féin, bheadh sé úsáideach, in aithrisí na leasuithe atá beartaithe ar CRD, an gealltanas a tugadh i bpointe Gníomhaíochta 5.c den Straitéis maidir leis an Aistriú chuig Geilleagar Inbhuanaithe a Mhaoiniú (COM(2021) 390 final) a mheabhrú. Tá sé tábhachtach, go sonrach, a chur in iúl go láidir go bhfuil gealltanas tugtha ag an gCoimisiún an comhar le BCE, leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach, leis na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha agus leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil a neartú agus go bhfuil sé i gceist go gcuideodh an comhar sin le spriocanna idirmheánacha a shainiú don earnáil airgeadais, go dtuigfí ar bhealach níos fearr an leor an dul chun cinn leanúnach agus ionchasach atá á dhéanamh, agus ar an gcaoi sin gníomhaíocht bheartais níos comhoibríche a éascú do na húdaráis phoiblí ábhartha uile nuair is gá. D’fháilteodh BCE roimh thagairt do ghealltanas den sórt sin freisin i gcomhthéacs an tsainordaithe arna bhunú in Airteagal 87a(5)(c) nua de CRD.

2.   Íosráta aschuir

Is geal le BCE go bhfuil an t-íosráta aschuir, ar gné thábhachtach é d’athchóirithe Basel III, á thabhairt isteach (11). Tugann BCE dá aire go n-áirítear sna leasuithe atá beartaithe ar CRD roinnt sásraí lena rialaítear an idirghníomhaíocht idir an t-íosráta aschuir agus socrú (i) cheanglais mhaoirseachta Cholún 2 agus (ii) na maolán macrastuamachta.

Aontaíonn BCE leis an gcuspóir foriomlán atá ann comhaireamh dúbailte rioscaí a sheachaint laistigh de na creataí micreastuamachta agus macrastuamachta agus é mar aidhm aige a áirithiú go mbeidh na ceanglais faoi seach fós iomchuí. Maidir le ceanglais Cholún 2, is mian le BCE béim a leagan ar an bhfíoras go bhfuil ceanglas ginearálta ann cheana aon chomhaireamh dúbailte rioscaí a sheachaint agus, dá bhrí sin, tá sé réidh chun a áirithiú nach dtarlóidh aon chomhaireamh dúbailte rioscaí den sórt sin laistigh dá réimse freagrachtaí. Maidir le maoláin mhacrastuamachta, mar a úsáidtear iad faoi láthair, tugtar aghaidh leo sin ar rioscaí macrastuamachta atá éagsúil le sprioc an íosráta aschuir laghdú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le hathraitheacht iomarcach nó easpa inchomparáideachta na n-ualaí riosca de bharr úsáid a bheith á baint ag an institiúid as samhlacha inmheánacha.

Ina theannta sin, ceanglaítear leis an togra nach dtiocfaidh méadú láithreach ar an méid ainmniúil de cheanglais Cholún 2 mar thoradh ar institiúid a bheith ceangailte de réir an íosráta aschuir. Aontaíonn BCE leis an mbunchuspóir agus le spiorad na bhforálacha sin neodrú a dhéanamh ar éifeachtaí uimhríochtúla gan údar ar cheanglais Cholún 2 arb éifeachtaí iad a eascraíonn as tabhairt isteach an íosráta aschuir agus tá sé réidh chun na bearta is gá a dhéanamh chun an tionchar sin a neodrú.

Is den tábhacht é go n-urramófar leis na sásraí atá beartaithe cleachtais mhaoirseachta agus mhacrastuamachta atá ann cheana agus go seachnófar castachtaí oibríochtúla agus ualaí riaracháin ar údaráis inniúla agus mhacrastuamachta. Maidir le ceanglais Cholún 2, go háirithe, mar a luadh cheana, measann BCE go bhfuil sainordú tugtha cheana féin do na húdaráis inniúla, sa chreat rialála atá ann faoi láthair, chun comhaireamh dúbailte rioscaí agus athruithe gan údar ar na ceanglais stuamachta a sheachaint, agus go dtugtar leis na treoirlínte arna n-eisiúint ag ÚBE faoi Airteagal 107(3) de CRD bunús fónta dlí chun modheolaíocht chomhchoiteann a bhunú chun é sin a bhaint amach. Cé nach bhfeictear do BCE, dá bhrí sin, gur gá go leagfaí síos go buan i reachtaíocht Leibhéal 1 an chaoi ar cheart an t-íosráta aschuir a chur san áireamh nuair a bhíonn ceanglais Cholún 2 á leagan síos, tugann sé dá aire an togra reachtach sonrach maidir leis an tsaincheist sin agus cuireann sé i bhfios go láidir gur gá a áirithiú nach gcuirfear isteach leis an bhforáil atá beartaithe – lena n-áirítear an calcadh sealadach – go buan ar chur chuige reatha Cholún 2 ná ar mhinice an chur chuige sin. Is é tuairim BCE gur cheart an neodrú meandrach a dhéanamh an tráth a dtagann an banc chun bheith faoi cheangal ag an íosráta. Sna blianta ina dhiaidh sin, is i gcomhthéacs an phróisis rialta athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta a dhéanfaí aon choigeartú a bheadh de dhíth.

D’fhéadfadh sé gur mhian le reachtóirí an Aontais sainordú sonrach a thabhairt do ÚBE treoirlínte a fhorbairt maidir leis an gcaoi ar cheart d’údaráis inniúla déileáil le tionchar an íosráta aschuir nuair a bhíonn ceanglais Cholún 2 á socrú acu, mar a shainítear sa togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (Airteagal 465(1)). Más mian le reachtóirí an Aontais tagairt reachtach don tsaincheist sin a chur isteach, chuir BCE moltaí ar fáil freisin sa doiciméad oibre teicniúil maidir leis an gcaoi a bhféadfaí an dréacht reachtach a leasú chun cur chuige reatha Cholún 2 agus minice an chur chuige sin a urramú, agus an idirghníomhaíocht idir an t-íosráta aschuir agus ceanglais Cholún 2 i dtéacs Leibhéal 1 á rialáil go sainráite freisin ag an am céanna.

Maidir le SyRB, tá an-imní ar BCE maidir leis an gceanglas atá beartaithe go ndéanfaí athbhreithniú éigeantach ar a chalabrú, lena n-áirítear uasteorainn dhinimiciúil ar an maolán, á chalcadh ar leibhéil íosráta réamh-aschuir go dtí go dtabharfar an t-athbhreithniú sin chun críche agus go bhfoilseofar an toradh.

Tá trí chúis leis an imní sin.

Ar an gcéad dul síos, leis an athbhreithniú éigeantach atá beartaithe méadaítear castacht an chreata agus an t-ualach riaracháin, ós rud é go dtugann sé le tuiscint go mbeadh ar na húdaráis athbhreithniú a dhéanamh ar chalabrú an SyRB i ndáil le gach institiúid creidmheasa a thagann faoi cheangal ag an íosráta aschuir ar bhonn indibhidiúil. Ar an dara dul síos, tá uasteorainn shealadach agus athbhreithniú institiúid-sonrach ar an SyRB ag teacht salach ar chineál macrastuamachta an mhaoláin agus ar a chur i bhfeidhm ar fud na hearnála (agus na bhfo-earnálacha). Bhunófaí leis sin láimhseáil shonrach gan údar ar institiúid chreidmheasa aonair a ndéanann SyRB difear di agus a thagann faoi cheangal ag an íosráta aschuir. Ar an tríú dul síos, tá forálacha leordhóthanacha in CRD cheana chun athbhreithniú rialta a dhéanamh ar mhaoláin chaipitil, ar leor iad chun a áirithiú go ndéanfar aon athrú is gá ar na rátaí arna gcur chun feidhme.

Tá imní den chineál céanna ar BCE maidir leis an gceanglas atá beartaithe chun calabrú mhaolán na n-institiúidí eile a bhfuil tábhacht shistéamach leo (O-SII) a athbhreithniú ach a mbeidh an t-íosráta aschuir ina cheangal. Cosúil leis an athbhreithniú ar an SyRB, leis an oibleagáid seo chun maolán O-SII a athbhreithniú méadaítear castacht an chreata agus an t-ualach riaracháin. Thairis sin, déantar foráil cheana féin in CRD maidir le hathbhreithnithe rialta ar mhaolán O-SII.

In ionad an tsásra athbhreithnithe atá beartaithe don SyRB ach a mbeidh an t-íosráta aschuir ceangailteach ar institiúid creidmheasa, molann BCE soiléiriú sainráite a chur isteach ina sonraítear nach bhféadfar an SyRB a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar an riosca a ghabhann an t-íoslíon aschuir, bíodh an t-íosráta aschuir ceangailteach ar institiúid shonrach nó ná bíodh. B’inmholta an soiléiriú sin a chur isteach mar aithris ach d’fhéadfaí é a chur isteach in airteagal de CRD freisin. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar aon imní a d’fhéadfadh a bheith ann go bhféadfaí rioscaí a chomhaireamh faoi dhó faoin íosráta aschuir agus faoin SyRB. D’fhéadfaí an réasúnú agus an soiléiriú céanna a chur chun feidhme freisin maidir le maolán O-SII.

3.   “Cuí cóir”

3.1.   Tacaíocht do na leasuithe atá beartaithe

Is rígheal le BCE an togra ón gCoimisiún an creat “cuí cóir” a athbhreithniú. Is uirlis thábhachtach mhaoirseachta í maoirseacht a dhéanamh ar a chuí agus a chóra atá comhaltaí bhord bainistíochta institiúidí creidmheasa, agus í ríthábhachtach chun rialachas na n-institiúidí creidmheasa a fheabhsú. Le an dea-rialachas in institiúidí creidmheasa cuirtear lena n-athléimneacht i leith forbairtí dochracha sa mhargadh agus is réamhriachtanas lárnach é don chobhsaíocht airgeadais. Laistigh dá ghníomhaíochtaí maoirseachta, feictear do BCE go bhfuil gá suntasach fós le bearnaí a líonadh agus le cáilíocht na gcreataí rialachais a mhéadú (12), agus dá bhrí sin is rígheal leis go bhfuil an tsraith uirlisí maoirseachta le neartú mar a mhol an Coimisiún. Tá an creat “cuí cóir” atá ann faoi láthair ar cheann de na réimsí is lú a bhfuil comhchuibhiú déanta air sa dlí maoirseachta mar gheall ar éagsúlacht na ndlíthe náisiúnta lena gcuirtear CRD chun feidhme. De bharr na ndifríochtaí cuirtear sin isteach ar éifeachtúlacht mhaoirseacht “cuí cóir” BCE agus tá siad tar éis bac a chur ar an gcothroime iomaíochta laistigh san Aontas. Céim mhór chun cinn atá sna tograí ón gCoimisiún, toisc go n-áiritheofaí leo maoirseacht níos comhsheasmhaí, níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí ar chomhaltaí boird agus ar shealbhóirí eochairfheidhme, ag díriú ar na saincheisteanna is tábhachtaí maidir le maoirseacht stuamachta. Is fíor sin go háirithe i ndáil le hábhair amhail (i) bunú sprioc-amanna soiléire agus próiseas soiléir do na Ballstáit uile; (ii) an gá atá le fíorais nua do tharlú chun athnuachan téarmaí oifige a mheasúnú; (iii) measúnachtaí sainordaitheacha ex ante do na hinstitiúidí is mó tionchar; (iv) measúnú a dhéanamh ar shealbhóirí eochairfheidhme; (v) an tarscaoileadh a bhaineann leis an bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin agus an Cathaoirleach a bhaint ó Airteagal 88 de CRD; agus (vi) freagracht na hinstitiúide creidmheasa as oiriúnacht a gcomhaltaí boird a áirithiú.

Measann BCE gur cheart leibhéal leormhaith comhréireachta a leabú sa chreat nua, a bhainfeadh tairbhe freisin as cur chuige níos comhréirí fós i leith measúnuithe “cuí cóir” ag údaráis inniúla. Cé go nglacann an creat atá beartaithe cur chuige comhréireach cuí cheana féin maidir le measúnuithe “cuí cóir” (lena n-áirítear trí mheasúnuithe ex ante a theorannú d’institiúidí móra), tá BCE toilteanach bealaí a fhiosrú agus a phlé tuilleadh chun leibhéal iomchuí comhréireachta an chreata nua a áirithiú. Thar aon ní eile, leis an gcomhréireacht cuirtear ar chumas na n-údarás inniúil a gcuid acmhainní a dhíriú ar na measúnuithe is tábhachtaí.

Ar deireadh, tugann BCE dá aire nach ndéantar leis na measúnuithe “cuí cóir”ex ante atá beartaithe sna leasuithe atá beartaithe ar CRD difear do chearta reachtúla comhlachtaí áirithe ionadaithe a cheapadh ar bhoird na n-eintiteas faoi mhaoirseacht faoin dlí náisiúnta.

D’ainneoin na tacaíochta láidre tríd is tríd do na hathruithe atá beartaithe, tugann BCE roinnt barúlacha maidir le gnéithe sonracha, thíos agus sa doiciméad oibre teicniúil araon.

3.2.   Soiléiriú nach bhfuil sna measúnuithe “cuí cóir” ex ante atá beartaithe ach measúnuithe de chineál nós imeachta: Aithris 38 de na leasuithe atá beartaithe ar CRD

Le hAithris 38 leagtar béim ar a thábhachtaí atá sé measúnú oiriúnachta a dhéanamh ar chomhaltaí na n-institiúidí móra sula dtéann na comhaltaí sin i mbun a bpoist. Cé go dtacaíonn BCE go láidir leis an measúnú comhréireach ex ante atá beartaithe, d’fhéadfaí a shoiléiriú tuilleadh gur forálacha nós imeachta den chuid is mó iad na forálacha atá beartaithe maidir le measúnú “cuí cóir”ex ante agus nach ndéantar difear leo do na cearta reachtúla náisiúnta atá ag comhlachtaí áirithe nó ag eintitis dhlíthiúla áirithe ionadaithe a cheapadh ar chomhlachtaí bainistíochta na n-eintiteas faoi mhaoirseacht faoin dlí náisiúnta is infheidhme. Dá bhrí sin, molann BCE soiléiriú breise a thabhairt isteach maidir le hAithris 38, lena ndírítear ar na Ballstáit a chur ar a suaimhneas nach ndéanfar leis na leasuithe atá molta ar CRD difear d’aon chearta reachtúla atá bunaithe ar an dlí náisiúnta is infheidhme. Mar sin féin, ba cheart coimircí iomchuí a bheith i bhfeidhm chun oiriúnacht na n-ionadaithe sin a áirithiú, amhail maoirseacht éifeachtach ar oiriúnacht an chomhlachta bainistíochta ina iomláine (oiriúnacht chomhchoiteann) agus bearta leantacha chun dul i ngleic le coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann agus saincheisteanna a bhaineann le coimitmint ama agus taithí i gcás inar gá.

3.3.   Spriocdháta 2 lá chun admháil fála a thabhairt isteach: Airteagail 91b(3) agus 91d(3) nua de CRD

Ní bheadh ach 2 lá i gceist leis an sprioc-am atá molta chun fáil a admháil i scríbhinn, agus bheadh sé an-dúshlánach go deo ag na húdaráis inniúla go léir lena mbaineann an sprioc-am sin a chomhlíonadh mar thoradh ar an insreabhadh an-ard iarratas “cuí cóir” agus de bharr na doiciméadachta líonmhaire is gá a sheiceáil. Go sonrach, san iliomad cásanna a mbíonn breis agus ceapaí amháin i gceist san iarratas, d’fhéadfadh sé nach mbeadh na maoirseoirí in ann an spriocdháta sin a bhaint amach. Ar an iomlán, d’fhéadfaí dochar a dhéanamh leis an bhforáil seo do chomhlíonadh an spriocdháta atá leagtha síos le haghaidh nósanna imeachta “cuí cóir”.

Áitíonn BCE mar sin go scriosfaí an spriocdháta 2 lá.

3.4.   Sainordú chun caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt maidir le foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha chun faisnéis a sholáthar: Airteagail 91b(10) agus 91d(8) nua de CRD

Tá BCE freagrach as feidhmiú éifeachtach agus comhsheasmhach an tSásra Aonair Maoirseachta (SAM). I ndáil leis sin, tá dul chun cinn déanta laistigh de SAM maidir le foirmeacha agus réitigh TF a úsáid go comhsheasmhach chun iarratais “cuí cóir” a phróiseáil. Ar an gcaoi sin, cuireann BCE i bhfios go láidir gur cheart do na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a bheith i gcomhréir leis an iarracht sin comhchuibhiú a bhaint amach agus go bhféadfaí leo, b’fhéidir, an bonneagar atá forbartha cheana a ghiaráil.

I bhfianaise an mhéid thuas, molann BCE go gcuirfí isteach, sna forálacha nó sna haithrisí ábhartha, tagairt lena spreagtar ÚBE cur leis na cleachtais agus na huirlisí is fearr atá ann cheana agus na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme á bhforbairt.

3.5.   Iarmhairtí nós imeachta i gcás nach gcomhlíonann eintitis faoi mhaoirseacht na hoibleagáidí agus na spriocdhátaí: Airteagail 91b(7) agus 91d(6) nua de CRD

Maidir leis na cumhachtaí maoirseachta atá ar fáil do mhaoirseoirí i gcásanna nach dtugann eintitis freagra ar iarrataí ar fhaisnéis bhreise laistigh den spriocdháta atá leagtha síos, ní áirítear orthu an chumhacht atá ag na húdaráis inniúla a dhearbhú go bhfuil an t-iarratas neamhiomlán agus, mar thoradh air sin, go n-éilítear iarratas nua a thíolacadh. Iarrann BCE, dá bhrí sin, go dtabharfaí isteach bunús dlí breise lena gceadaítear do na húdaráis inniúla a mheas go bhfuil iarratas neamhiomlán, agus gur gá, dá chionn sin, an t-iarratas a thíolacadh an athuair. D’áiritheofaí leis sin go mbeadh iarmhairt nós imeachta ann de bharr shárú na spriocdhátaí i dtaobh doiciméid nó faisnéis bhreise a sholáthar, gan dochar don deis a bheadh ag an eintiteas iarratas nua a thíolacadh agus, dá chionn sin, nós imeachta nua a thionscnamh.

I bhfianaise an mhéid thuas, molann BCE iarmhairt bhreise nós imeachta den sórt sin a chur le hAirteagail 91b(4) agus 91d(4) nua de CRD.

3.6.   An fhéidearthacht síneadh a chur leis an tréimhse measúnaithe i gcás ina n-iarrtar faisnéis ar pháirtithe eile

Le hAirteagail 91b(4) agus 91d(4) nua de CRD ceadaítear síneadh a chur leis an tréimhse mheasúnaithe i gcás ina n-iarrann na húdaráis inniúla doiciméadacht bhreise nó faisnéis bhreise ar eintitis, ach ní hamhlaidh i gcás ina n-iarrann páirtithe eile doiciméadacht nó faisnéis, e.g. údaráis bhreithiúnacha agus/nó údaráis mhaoirseachta eile. Tarlaíonn an dara cás díobh sin go han-choitianta agus ídítear breis ama go minic dá bharr.

Dá bhrí sin, molann BCE na forálacha sin a leasú chun cásanna ina n-éilítear doiciméid nó faisnéis ó eintitis/údaráis eile a chumhdach freisin.

3.7.   An fhéidearthacht go bhféadfadh eintitis measúnú oiriúnachta (inmheánach) a dhéanamh ar chomhaltaí den bhord tar éis dóibh a bpoist a ghlacadh: Airteagal 91d(2) nua de CRD

Le hAirteagal 91d(2) nua, an dara fomhír, de CRD ceadaítear comhaltaí den chomhlacht bainistíochta a cheapadh, i gcomhthéacsanna práinneacha, gan aon chineál measúnaithe oiriúnachta a dhéanamh. Is ábhar imní do BCE go bhféadfaí iarrthóirí mí-oiriúnacha a cheapadh mar thoradh ar an bhféidearthacht sin, mar thoradh freisin ar an débhríocht is bonn le léirmhíniú na dtéarmaí “géarghá” agus “láithreach” a úsáidtear sa chomhthéacs sin.

Dá bhrí sin, molann BCE gur cheart ceangal a chur ar eintitis measúnú oiriúnachta a dhéanamh sula rachaidh comhaltaí den chomhlacht bainistíochta i mbun a bpoist fiú sna cásanna is eisceachtúla. Mar sin féin, i gcás den sórt sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh údar maith le measúnú níos éadroime, faoi choinníollacha a bheidh le sonrú i dtreoirlínte arna bhforbairt ag ÚBE. Thabharfaí treoir leis na treoirlínte sin freisin maidir le cásanna a bhféadfaí a mheas ina dtaobh gur cásanna práinneacha iad, i.e. nuair atá géarghá le comhaltaí den bhord a ionadú láithreach.

4.   Ceanglais maidir le brainsí tríú tír (third-country branches, TCBanna)

Is den tábhacht é an creat TCB a chomhchuibhiú chun léargas cuimsitheach a bhunú ar ghníomhaíochtaí grúpaí tríú tír san Aontas, chun cleachtais a ailíniú laistigh den Aontas agus chun cothroime iomaíochta a áirithiú do ghrúpaí tríú tír san Aontas agus d’institiúidí creidmheasa Eorpacha trí na féidearthachtaí go dtarlódh arbatráiste rialála a sheachaint, agus ag an am céanna gan cosc a chur ar rochtain grúpaí tríú tír ar mhargadh airgeadais an Aontais trí bhrainsí a bhunú. Measann BCE gur den ríthábhacht é uirlisí éifeachtacha maoirseachta a chur ar fáil do na húdaráis inniúla ábhartha. Is deis é comhchuibhiú an chreata TCB freisin ceanglais an Aontais a ailíniú le caighdeáin inchomparáide i mórdhlínsí eile agus oscailteacht dhomhanda an Mhargaidh Aonair a choimeád.

Sa chomhthéacs sin, is geal le BCE na híoschaighdeáin chomhchuibhithe maidir le húdarú brainsí agus tarraingt siar údaruithe brainsí, chomh maith leis an gcéanna i réimse an rialachais inmheánaigh agus na rialuithe riosca, agus is geal leis na ceanglais tuairiscithe chomhchuibhithe mhéadaithe. Is geal le BCE freisin an chumhacht atá ag na húdaráis inniúla a cheangal ar TCBanna fochuideachta a bhunú i gcásanna lena mbaineann tábhacht shistéamach, nár cheart a bheith faoi réir truicear uathoibríoch ach faoi réir sásra measúnaithe maoirseachta nach bhfuil aon toradh faoi leith leagtha síos dó, a luaithe a shroichtear tairseacha áirithe. Ina theannta sin, leis an gcreat nua féadfar maoirseacht chuimsitheach a dhéanamh trí chomhar feabhsaithe idir maoirseoirí, mar shampla trí TCBanna de chuid Aicme 1 a áireamh i gcoláistí maoirseoirí. I ndáil leis an méid sin, is mór ag BCE freisin na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an gCoimisiún chun a áirithiú go mbeidh maoirseoirí ar ghrúpeintitis eile (i.e. fochuideachtaí) rannpháirteach go leordhóthanach sna cinntí lena ndéantar difear do struchtúr oibríochtaí grúpaí tríú tír san Aontas.

Thairis sin, tacaíonn BCE leis an soiléiriú nach bhféadfaidh TCBanna ach na gníomhaíochtaí dá bhfuil siad údaraithe a dhéanamh agus laistigh de chríoch an Bhallstáit a bhfuil an t-údarú sin curtha ar fáil aige, agus laistigh den chríoch sin amháin, agus go bhfuil toirmeasc sainráite ar ghníomhaíochtaí den sórt sin a dhéanamh ar bhonn trasteorann laistigh de chríocha an Aontais.

De bhreis ar an tacaíocht láidir a thugann sé don togra, molann BCE leasuithe sna réimsí seo a leanas.

Chun a áirithiú go ndéanfar méid iarbhír na ngníomhaíochtaí atá ar siúl ag brainse a ghabháil, rud a chuideoidh lena sheachaint go n-úsáidfidh grúpaí tríú tír cleachtais shonracha leabharchoimeádta chun fanacht faoi na tairseacha, is den tábhacht é ní hamháin go gcuirfear san áireamh na sócmhainní a ndéantar leabharchoimeád orthu sa bhrainse, ach freisin na sócmhainní a thionscnaíonn an brainse ach a ndéantar leabharchoimeád orthu go cianda chuig suíomh eile, a mhéid a mheastar an cleachtas sin a bheith indéanta faoin reachtaíocht nua. Cé go n-áirítear sna leasuithe atá beartaithe ar CRD sainordú do ÚBE caighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt maidir le socruithe leabharchoimeádta, measann BCE go mbeadh sé níos éifeachtaí soiléiriú díreach a chur in CRD féin maidir le conas sócmhainní brainse a ríomh chun tairseacha a mheasúnú (e.g. chun brainsí a aicmiú faoi Aicme 1 agus chun measúnú a dhéanamh ar an tábhacht shistéamach).

Thairis sin, maidir leis na sócmhainní agus na dliteanais atá ina seilbh nó a ndéantar leabharchoimeád orthu ag fochuideachtaí grúpa tríú tír agus ag brainsí tríú tír san Aontas, agus a gceanglaítear ar bhrainsí tríú tír iad a thuairisciú dá n-údarás inniúil, molann BCE gur cheart an fhaisnéis chomhiomlánaithe ar na sócmhainní agus na dliteanais sin a chur ar fáil freisin do na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fhochuideachtaí an ghrúpa tríú tír sin. Leis an togra seo, beifear in ann forléargas cuimsitheach agus anailís chuimsitheach a dhéanamh ar lorg Eorpach na ngrúpaí tríú tír. Chuige sin, molann BCE freisin go bhfeabhsófar raon feidhme an cheanglais tuairiscithe sin a bhaineann le seirbhísí arna soláthar ag an bpríomhghnóthas chun go gcuimseofar freisin an soláthar díreach seirbhísí infheistíochta trasteorann ag an ngrúpa tríú tír agus na seirbhísí infheistíochta a sholáthraíonn an grúpa tríú tír ar bhonn sirtheoireacht droim ar ais.

5.   Soláthar díreach seirbhísí baincéireachta san Aontas ag gnóthais tríú tír

5.1.   Ceanglas maidir le brainse a bhunú le haghaidh soláthar seirbhísí baincéireachta ag gnóthais tríú tír: Airteagal 21c nua de CRD

Is geal le BCE an soiléiriú atá in Airteagal 21c nua CRD gurb amhlaidh, d’fhonn seirbhísí baincéireachta a sholáthar san Aontas, a chaithfidh gnóthais tríú tír brainse a bhunú nó fochuideachta a chruthú in aon cheann de chríocha an Aontais, chun go seachnófar gníomhaíochtaí neamhrialáilte agus neamh-mhaoirsithe lena gcruthófaí rioscaí don chobhsaíocht airgeadais san Aontas.

Measann BCE, áfach, go bhfuil raon feidhme na gcroísheirbhísí baincéireachta atá ar áireamh in Airteagal 21c nua de CRD doiléir. Dá bhrí sin, iarrann BCE ar chomhlachtaí reachtacha an Aontais foclaíocht Airteagal 21c nua de CRD a shoiléiriú agus go háirithe liosta soiléir a thabhairt de na croísheirbhísí baincéireachta atá ar áireamh san airteagal sin, agus aird á tabhairt freisin ar na ceanglais atá ann cheana i ndlí eile an Aontais lena rialaítear seirbhísí áirithe, amhail seirbhísí íocaíochta agus airgead leictreonach, chomh maith leis an tionchar atá ag an airteagal nua ar leachtacht na margaí airgeadais domhanda.

6.   Cumhachtaí maoirseachta

Is geal le BCE na leasuithe atá beartaithe ar CRD maidir le cumhachtaí maoirseachta agus comhchuibhiú breise á dhéanamh acu ar thrí chineál cumhachtaí, trína cheangal ar an údarás inniúil measúnú a dhéanamh (i) ar éadálacha sealúchas in eintitis den earnáil airgeadais agus den earnáil neamhairgeadais; (ii) aistrithe ábhartha sócmhainní agus (iii) cumaisc/deighiltí. Leis an éagsúlacht atá ann faoi láthair sna cumhachtaí náisiúnta sna trí ghné sin agus leis an bhfíric nach bhfeidhmíonn BCE cumhachtaí den sórt sin faoi láthair ach amháin nuair a bhíonn siad ar fáil faoin dlí náisiúnta, ní bhíonn cothroime iomaíochta ann agus laghdaítear éifeachtúlacht ghníomhaíochtaí maoirseachta BCE laistigh de SAM. Le sraith choiteann rialacha maidir le croíchumhachtaí stuamachta cothófar comhchuibhiú laistigh den mhargadh inmheánach agus ag an am céanna cuirfear le cáilíocht agus éifeachtúlacht fhoriomlán na maoirseachta. Tá gá le comhordú breise idir na cumhachtaí nua maoirseachta sin agus na cumhachtaí dá bhforáiltear cheana in CRD. Chuige sin, cuireann BCE roinnt moltaí dréachtaithe ar fáil sa doiciméad oibre teicniúil.

Is geal le BCE, go háirithe, go n-aithnítear leis an togra ón gCoimisiún gur gá ailíniú a dhéanamh ar na cumhachtaí dá bhforáiltear i dTeideal III, Caibidlí 3, 4 agus 5, de CRD maidir le éadálacha sealúchais cháilithigh in institiúid creidmheasa agus maidir le héadálacha sealúchais ábhartha ag institiúid. Mar sin féin, ba cheart go bhforálfaí leis an ailíniú sin ní hamháin do mhalartú faisnéise idir na húdaráis inniúla, ach ba cheart foráil a dhéanamh freisin maidir le próiseas agus uainiú na nósanna imeachta ábhartha a tharlaíonn go comhuaineach i ndáil leis an oibríocht chéanna.

Chomh maith leis an ailíniú nós imeachta sin, ba cheart idirdhealú soiléir a dhéanamh idir coincheap an “tsealúchais cháilithigh”, ar cheart é a bheith dírithe ar an tionchar a bheadh ag éadáil ar an sprioc-institiúid creidmheasa, agus “éadáil ábhartha”, ar cheart é a bheith dírithe ar an tionchar atá ag éadáil ar an bhfaighteoir.

Thairis sin, i gcomhréir leis an seasamh a chuir sé in iúl roimhe seo (13), molann BCE cumhachtaí maoirseachta breise a chur isteach maidir le (i) leasú ar airteagail chomhlachais na n-institiúidí creidmheasa, (ii) idirbhearta páirtithe gaolmhara, agus (iii) socruithe ábhartha i dtaobh seachfhoinsiú. Is gá go fóill na cumhachtaí sin a chomhchuibhiú agus chuideofaí leis an gcomhchuibhiú sin le dul chun cinn breise a dhéanamh i dtreo fíorleabhar rialacha aonair agus le hilroinnt rialála a laghdú in SAM trí chéile.

7.   Smachtbhannaí riaracháin

Is léiriú iad na leasuithe atá beartaithe ar CRD ar sheasamh BCE ar an ní sin (14). Is díol sásaimh iad na hiarrachtaí uile chun na cumhachtaí smachtbhannaí agus forfheidhmiúcháin a chomhchuibhiú agus a neartú ar leibhéal an Aontais, rud a chothóidh forfheidhmiú éifeachtach ceanglas stuamachta san Aontas. Tugtar faoi deara, go háirithe, go bhfeabhsaítear cumhachtaí forfheidhmiúcháin na n-údarás inniúil tríd an deis a thabhairt isteach íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur mar bheart nua forfheidhmiúcháin atá dírithe ar chomhlíonadh na gceanglas stuamachta a athbhunú agus go bhfuil an beart sin gan dochar don deis a d’fhéadfadh a bheith ann ina dhiaidh sin smachtbhannaí a fhorchur i leith an tsáraithe. Is den ríthábhacht é, dá bhrí sin, go léireofar freisin i dtrasuí na reachtaíochta ag na Ballstát sa dlí náisiúnta an t-idirdhealú idir an beart forfheidhmiúcháin nua seo, pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile faoi CRD. Thairis sin, is geal le BCE freisin go leathnaítear an liosta de na sáruithe atá faoi réir pionóis riaracháin agus go soiléirítear an sainmhíniú ar “láimhdeachas bliantúil iomlán”.

8.   Tagarmharcáil mhaoirseachta

Is geal le BCE na leasuithe a mholtar ar Airteagal 78 de CRD agus, go háirithe, go leathnaítear raon feidhme na tagarmharcála maoirseachta leis na leasuithe sin go samhlacha arna n-úsáid ag institiúidí creidmheasa chun na caillteanais chreidmheasa ionchasacha a ríomh faoi IFRS9. Tá sé sin an-tábhachtach chun go n-áiritheofar stóinseacht na samhlacha a mbaintear úsáid astu, inter alia, ag institiúidí creidmheasa nach bhfuil samhlacha inmheánacha formheasta acu chun a gceanglais chaipitil le haghaidh riosca creidmheasa a chinneadh. Is díol sásaimh freisin é an cur chuige caighdeánaithe malartach le haghaidh riosca margaidh a bheith á chur le raon feidhme na tagarmharcála maoirseachta mar chomhlánú ar an bhfaisnéis ó chur chuige na samhla inmheánaí agus mar chéim bhreise chun creat riosca margaidh Basel a chur chun feidhme ina iomláine san Aontas.

Ina theannta sin, is geal le BCE an togra go dtabharfaí an tsolúbthacht do ÚBE na freachnaimh thagarmharcála a dhéanamh ar bhonn débhliantúil. Molann BCE tuilleadh solúbthachta fós a thabhairt do ÚBE minicíocht na bhfreachnamh sin a shocrú. Molann BCE freisin na freachnaimh sin a shainiú ar bhealach níos soiléire.

Ar deireadh, molann BCE nár cheart ceangal a chur ar institiúidí torthaí a ríomhanna a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil gach bliain, i.e. i mblianta nach ndéanann ÚBE an freachnamh freisin. Ina ionad sin, molann BCE ailíniú a dhéanamh ar na minicíochtaí a bhaineann le tíolacadh agus le measúnú, a mbeadh de thoradh air go laghdófaí an t-ualach tuairiscithe ar institiúidí.

9.   Nochtadh

Is geal le BCE cuspóir an mhoil chomhtháite nua arna bhainistiú ag ÚBE le haghaidh nochtadh de chuid Cholún III ag institiúidí creidmheasa, arb é is aidhm dó an t-ualach ar na bainc a laghdú agus an úsáid a bhaineann na geallsealbhóirí uile as faisnéis de chuid Cholún III a éascú. D’fhéadfadh maoirseoirí leas a bhaint as mol nochta láraithe toisc gurbh fhusa dóibh cáilíocht na faisnéise de chuid Cholún III a áirithiú.

Is é an togra atá ann cur chuige difriúil a chur i bhfeidhm maidir le nochtadh cainníochtúil poiblí institiúidí beaga neamhcheasta (small and non-complex institutions, SNCInna) agus institiúidí creidmheasa móra. I gcás SNCInna, úsáidfidh ÚBE tuairisciú maoirseachta chun an nochtadh poiblí comhfhreagrach (cainníochtúil) a thiomsú ar bhonn mapáil réamhshainithe, agus i gcás institiúidí móra gheobhaidh ÚBE na comhaid iomlána maidir le nochtadh “i bhformáid leictreonach” agus beidh ar ÚBE na comhaid a fhoilsiú an lá a bhfaighidh sé iad. Ní léir údar maith a bheith leis an gcur chuige difriúil sin. D’fhéadfaí an cur chuige céanna maidir le nochtaí cainníochtúla a chur i bhfeidhm ar gach institiúid creidmheasa, beag beann ar a méid agus ar a choimpléascaí atá siad, agus é mar chuspóir aige an t-ualach tuairiscithe atá ar na hinstitiúidí creidmheasa uile a laghdú. Ina theannta sin, leis an amlíne lena bhfoilseoidh ÚBE faisnéis de chuid Cholún III maidir leis an mol láraithe, ní bheifear in ann réiteach a dhéanamh idir tuairisciú maoirseachta agus faisnéis um nochtadh de chuid Cholún III, rud a bhféadfadh ualach oibre breise ar mhaoirseoirí agus easpa soiléireachta d’infheisteoirí agus d’úsáideoirí eile faisnéise de chuid Cholún III a bheith mar thoradh air. Ina theannta sin, ní féidir nochtaí cáilíochtúla ná roinnt nochtaí cainníochtúla a bhaint as tuairisciú maoirseachta ar bhonn na mapála réamhshainithe. Baineann an tsaincheist sin le SNCInna agus le hinstitiúidí eile araon. Dá bhrí sin, ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar an bpróiseas chun nochtaí den sórt sin a chur faoi bhráid ÚBE. Cuirtear breithnithe breise maidir leis an mol nochtaí láraithe atá beartaithe de chuid Cholún III ar fáil i gcomhthéacs Thuairim CON/2022/11.

I gcás ina molann BCE go ndéanfaí na leasuithe beartaithe ar CRD a leasú, leagtar amach togra sonrach maidir le dréachtú i ndoiciméad oibre teicniúil ar leithligh a bhfuil téacs míniúcháin chun na críche sin ag gabháil leis. Tá an doiciméad oibre teicniúil le fáil i mBéarla ar EUR-Lex.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 27 Aibreán 2022.

Uachtarán an BCE

Christine LAGARDE


(1)  COM(2021) 663 final.

(2)  COM(2021) 664 final.

(3)  Féach, maidir le cur chun feidhme ginearálta an íosráta aschuir, Tuairim CON/2022/11 ón mBanc Ceannais Eorpach an 24 Márta 2022 maidir le togra le haghaidh leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil le ceanglais maidir le riosca creidmheasa, riosca coigeartaithe luachála creidmheasa, riosca oibríochtúil, riosca margaidh agus an t-íosráta aschuir. Tá gach tuairim ó BCE le fáil ar EUR-Lex.

(4)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sainiúla don Bhanc Ceannais Eorpach i dtaca le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).

(6)  Féach, go háirithe, rannchuidiú BCE le comhairliúchán spriocdhírithe an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an athbhreithniú ar an gcreat bainistithe géarchéime agus árachais taiscí, lch. 9, atá le fáil ar shuíomh gréasáin BCE ag www.ecb.europa.eu

(7)  Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 6 Iúil 2021: Straitéis maidir leis an Aistriú chuig Geilleagar Inbhuanaithe a Mhaoiniú, COM(2021) 390 final, lch. 14.

(8)  Staid an bhainistithe riosca aeráide agus comhshaoil in earnáil na baincéireachta – Tuarascáil ar an athbhreithniú maoirseachta ar chur chuige na mbanc chun rioscaí aeráide agus comhshaoil a bhainistiú, Samhain 2021, le fáil ar shuíomh gréasáin BCE ag www.ecb.europa.eu

(9)  E.g. Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13). Le caighdeáin den sórt sin déantar difear díreach d’institiúidí creidmheasa, trína gcontrapháirtithe, sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma.

(10)  Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 6 Iúil 2021: Straitéis maidir leis an Aistriú chuig Geilleagar Inbhuanaithe a Mhaoiniú, COM(2021) 390 final, lch. 17.

(11)  Féach freisin Tuairim CON/2022/11, ina dtugtar tuairimí níos mionsonraithe maidir le cur chun feidhme an íosráta aschuir, go háirithe maidir lena leibhéal cur i bhfeidhm agus maidir le socruithe idirthréimhseacha.

(12)  Tá easnaimh ar chumais stiúrtha na gcomhlachtaí bainistíochta i measc na n-eochairleochaileachtaí sna hinstitiúidí creidmheasa a liostaítear i dtosaíochtaí maoirseachta BCE i gcomhair 2022-2024, ar a mbunófar an próiseas athbhreithnithe agus scrúdaithe maoirseachta, agus iad le fáil ar shuíomh gréasáin BCE ag www.ecb.europa.eu

(13)  Féach mír 1.12.2 de Thuairim CON/2017/46 ón mBanc Ceannais Eorpach an 8 Samhain 2017 maidir le leasuithe ar chreat an Aontais le haghaidh ceanglais chaipitil institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (IO C 34, 31.1.2018, lch. 5).

(14)  Féach mír 1.15 de Thuairim CON/2017/46.


Top