This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52021XC0305(08)
COVID – 19 outbreak (Regulation (EU) 2021/267 of the European Parliament and of the Council of 16 February 2021 laying down specific and temporary measures in view of the persistence of the COVID-19 crisis concerning the renewal or extension of certain certificates, licences and authorisations, the postponement of certain periodic checks and periodic training in certain areas of transport legislation and the extension of certain periods referred to in Regulation (EU) 2020/698 (OJ L 60, 22.2.2021, p. 1.)) 2021/C 76 I/05
Ráig COVID – 19 (Rialachán (AE) 2021/267 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2021 lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise mharthanacht ghéarchéim COVID-19 i dtaca le deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe áirithe a athnuachan nó síneadh a chur leo agus le cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe agus oiliúint thréimhsiúil áirithe i réimsí áirithe den reachtaíocht iompair agus le síneadh a chur le tréimhsí áirithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/698 (IO L 60, 22.2.2021, lch. 1.)) 2021/C 76 I/05
Ráig COVID – 19 (Rialachán (AE) 2021/267 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2021 lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise mharthanacht ghéarchéim COVID-19 i dtaca le deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe áirithe a athnuachan nó síneadh a chur leo agus le cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe agus oiliúint thréimhsiúil áirithe i réimsí áirithe den reachtaíocht iompair agus le síneadh a chur le tréimhsí áirithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/698 (IO L 60, 22.2.2021, lch. 1.)) 2021/C 76 I/05
IO C 76I, 5.3.2021, pp. 9–10
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
5.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 76/9 |
Ráig COVID – 19
(Rialachán (AE) 2021/267 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2021 lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise mharthanacht ghéarchéim COVID-19 i dtaca le deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe áirithe a athnuachan nó síneadh a chur leo agus le cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe agus oiliúint thréimhsiúil áirithe i réimsí áirithe den reachtaíocht iompair agus le síneadh a chur le tréimhsí áirithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/698 (1))
(2021/C 76 I/05)
an Ísiltír
Dáta na faisnéise le haghaidh an Choimisiúin: 22.2.2021
Chinn an Ísiltír, i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/267 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an nach gcuirfidh sé an fhoráil nó na forálacha seo a leanas i bhfeidhm:
|
— |
Airteagal 4(1) maidir le cigireachtaí rialta ar thacagraif in iompar de bhóthar faoi Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 (2); |
|
— |
Airteagal 4(2) maidir le hathnuachan cártaí tiománaí faoi Rialachán (AE) Uimh. 165/2014; |
|
— |
Airteagal 4(3) maidir le hionadú cártaí tiománaí faoi Rialachán (AE) Uimh. 165/2014; |
|
— |
Airteagal 5(1) maidir le teorainneacha ama i leith na dtástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta ar mhótarfheithiclí agus ar leantóirí mótarfheithiclí faoi Threoir 2014/45/AE (3); |
|
— |
Airteagal 5(2) maidir le bailíocht deimhnithe ródacmhainneachta faoi Threoir 2014/45/AE; |
|
— |
Airteagal 7(1) maidir le bailíocht an cheadúnais Comhphobail le haghaidh tarlú de bhóthar faoi Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 (4); |
|
— |
Airteagal 7(2) maidir le bailíocht an fhianaithe tiománaí faoi Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009; |
|
— |
Airteagal 8(1) maidir le bailíocht an cheadúnais Comhphobail le haghaidh iompar paisinéirí faoi Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 (5); |
|
— |
Airteagal 9(1) maidir leis na teorainneacha ama chun deimhnithe sábháilteachta aonair a athnuachan faoi Threoir (AE) 2016/798 (6); |
|
— |
Airteagal 9(2) maidir le bailíocht údaruithe sábháilteachta faoi Threoir (AE) 2016/798; |
|
— |
Airteagal 10(1) maidir leis na teorainneacha ama a bhaineann le hathnuachan deimhnithe sábháilteachta faoi Threoir 2004/49/CE (7); |
|
— |
Airteagal 10(2) maidir le teorainneacha ama a bhaineann le hathnuachan deimhnithe sábháilteachta faoi Threoir (AE) 2004/49/CE; |
|
— |
Airteagal 12(2) maidir le bailíocht ceadúnas sealadach faoi Threoir 2012/34/AE (8); |
|
— |
Airteagal 14(1) maidir leis na teorainneacha ama i dtaca le dul faoi scrúdú dochtúra faoi Threoir 96/50/CE (9); |
|
— |
Airteagal 15(1) maidir le bailíocht deimhnithe Aontais um loingseoireacht intíre faoi Threoir (AE) 2016/1629 (10); |
|
— |
Airteagal 15(2) maidir le bailíocht doiciméad a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2016/1629 agus a eisítear faoi Threoir 2006/87/CE (11); |
(1) IO L 60, 22.2.2021, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1).
(3) Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tástálacha tréimhsiúla ródachmhainneachta ar mhótarfheithiclí agus ar leantóirí mótarfheithiclí agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/40/CE (IO L 127, 29.4.2014, lch. 51).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (IO L 300, 14.11.2009, lch. 72).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 (IO L 300, 14.11.2009, lch. 88).
(6) Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le sábháilteacht iarnróid (IO L 138, 26.5.2016, lch. 102).
(7) Treoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sábháilteacht ar iarnróid an Chomhphobail agus lena leasaítear Treoir 95/18/CE ón gComhairle maidir le ceadúnú gnóthas iarnróid agus Treoir 2001/14/CE maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a leithdháileadh agus maidir le muirir a ghearradh i leith úsáid bonneagair iarnróid agus deimhniúchán sábháilteachta (an Treoir Sábháilteachta Iarnróid) (IO L 164, 30.4.2004, lch. 44).
(8) Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32)
(9) Treoir 96/50/CE ón gComhairle an 23 Iúil 1996 maidir le comhchuibhiú na gcoinníollacha a bhaineann le deimhnithe náisiúnta máistrí báid chun earraí agus paisinéirí a iompar d’uiscebhealach intíre sa Chomhphobal (IO L 235, 17.9.1996, lch. 31).
(10) Treoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 lena leagtar síos ceanglais theicniúla le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre, lena leasaítear Treoir 2009/100/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/87/CE (IO L 252, 16.9.2016, lch. 118).
(11) Treoir 2006/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena leagtar síos ceanglais theicniúla le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre agus lena n-aisghairtear Treoir 82/714/CEE ón gComhairle (IO L 389, 30.12.2006, lch. 1).