Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021SC0341

    DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Treoir lena leasaítear Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 agus Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus maidir le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe

    SWD/2021/341 final

    An Bhruiséil,25.11.2021

    SWD(2021) 341 final

    DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

    ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

    a ghabhann leis an doiciméad

    Togra le haghaidh Treoir lena leasaítear Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 agus Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009

    maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus maidir le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe

    {COM(2021) 721 final} - {SEC(2021) 570 final} - {SWD(2021) 340 final}


    Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

    Measúnú tionchair ar Thogra le haghaidh Treoir lena leasaítear Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe

    A. An gá atá le beart

    Cén fáth? Cén fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?

    De réir chonclúidí na tuarascála ón gCoimisiún agus aiseolas páirtithe leasmhara ón gcomhairliúchán poiblí maidir le feidhmiú AIFMD, bhí tionchar dearfach den chuid mó ag an Treoir ó thaobh margadh inmheánach a chruthú le haghaidh CIManna, lenar ceadaíodh formhaoirseacht níos éifeachtaí agus trédhearcacht gníomhaíochtaí ciste agus ar an gcaoi sin cuireadh feabhas ar chosaint infheisteoirí. Ag an am céanna, chuir an tuarascáil agus an comhairliúchán i dtábhacht roinnt réimsí ina bhféadfaí feabhsúcháin spriocdhírithe a dhéanamh chun tuilleadh feabhais a chur ar éifeachtacht na treorach agus aghaidh a thabhairt ar réimsí ina mbíonn léirmhínithe éagsúla ag na húdaráis mhaoirseachta ar an téacs dlíthiúil. D’fhéadfaí faireachán agus bainistiú na rioscaí don chobhsaíocht airgeadais a fheabhsú, go háirithe i ndáil le forbairtí nua, nó i gcásanna áirithe tearcfhorbairt mhargadh AIF na hEorpa, lena n‑áirítear iasachtú díreach ag cistí infheistíochta. Ar deireadh, i gcás ina ndéanann bainisteoirí ciste a gcuid feidhmeanna a sheachfhoinsiú chuig tríú páirtithe, bíonn difear ann i léirmhíniú agus cur chun feidhme náisiúnta rialacha tarmligin AIFMD agus GCUI, rud a cothaíonn imní dá bhrí sin faoi chosaint infheisteoirí san Aontas Eorpach. D’fhéadfadh na bearnaí seo rioscaí iarmhartacha a chruthú don chóras airgeadais níos leithne ach freisin teorainn a chur le cumas na n‑údarás maoirseachta rioscaí don chóras airgeadais atá ag teacht chun cinn a shainaithint agus a mhaolú.

    Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?

    Is é is príomhchuspóir don tionscnamh seo éifeachtacht agus feidhmiú dlíthiúil AIFMD a fheabhsú i gcomhréir lena chuspóirí príomhúla maidir le cosaint infheisteoirí, laghdú a chur ar rioscaí CIManna don chobhsaíocht fhoriomlán airgeadais agus comhtháthú mhargadh CIM a chur chun cinn.

    Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais? 

    Maidir le cuspóirí AIFMD ó thaobh CIManna a chomhtháthú níos fearr sa mhargadh, cobhsaíocht fhoriomlán airgeadais a áirithiú agus rialacha aonfhoirmeacha cosanta infheisteoirí, ní féidir leis na Ballstáit iad a bhaint amach leo féin. Ní féidir éifeachtaí den sórt seo ar fud an mhargaidh a bhaint amach ach trí bhearta a dhéanamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, ní théann AIFMD thar a bhfuil riachtanach chun a chuid cuspóirí a bhaint amach, mar a leagadh amach nuair a tugadh isteach AIFMD den chéad uair.

    B. Réitigh

    Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a breithníodh? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth? 

    Chun na cuspóirí thuasluaite a bhaint amach, leis an tionscnamh seo féachtar ar raon roghanna beartais agus sainaithnítear roghanna tosaíochta sna réimsí seo a leanas: (i) rialacha comhchuibhithe a thabhairt isteach le haghaidh BCIManna a bhainistíonn cistí atá gníomhach sa spás iasachtaithe dhírigh (LOFanna); (ii) feabhas a chur ar an soláthar seirbhísí taisce i margaí níos lú; (iii) tuilleadh soiléireachta a chur ar fáil i dtaobh na riachtanas i gcomhair bainisteoirí ciste a tharmligeann feidhmeanna áirithe chuig tríú páirtithe; (iv) feabhas a chur ar an leibhéal sonraí a bhailítear trí thuairisciú rialála; (v) an fháil a bhíonn ar uirlisí bainistithe leachtachta (LMTanna) a chomhchuibhiú ar fud an Aontais; agus (vi) taisclanna lárnacha urrús (CSDanna) a chur ar áireamh sa líne chúraim chun a áirithiú gur féidir leis na taiscí a gcuid dualgas a chomhlíonadh agus an chosaint infheisteoirí a choimirciú.

    Go teoiriciúil, d’fhéadfaí a bheith tar éis a iarraidh ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM) leanúint den chóineasú maoirseachta. Tugadh faoi deara, áfach, go bhfuil na pléití ina leith seo ídithe gan dul chun cinn leordhóthanach a dhéanamh agus go bhfuil gá le caighdeáin choiteanna ag a bhfuil feidhm normatach.

    Cé hiad na páirtithe leasmhara éagsúla agus cé na bearta is rogha leo? 

    Tá go leor údarás poiblí san Aontas Eorpach i bhfách le ceanglais le haghaidh LOFanna a chomhchuibhiú. Thacaigh tromlach na n‑údarás poiblí a d’fhreagair an comhairliúchán poiblí leis an moladh chun rialacha tarmligin AIFMD agus UCITSD a shoiléiriú. Tá tacaíocht leathan i measc páirtithe leasmhara príobháideacha agus poiblí chun LMTanna chomhchuibhiú. Tromlach na bpáirtithe leasmhara (thart ar 70 %) agus ÚEUM, sa tuairim uaidh, tacaíonn siad leis an moladh chun CSDanna a thabhairt isteach sa líne chúraim. Ina bhfreagra ar an gcomhairliúchán poiblí, dúirt údaráis phoiblí ó Bhallstáit ina bhfuil margaí taisce níos lú go dtacaíonn siad leis an rogha a coinníodh chun a chumhachtú do NCAanna cead a thabhairt seirbhísí taisce a fhoinsiú thar an teorainn. B’fhearr le tromlach na bpáirtithe leasmhara cur chuige incriminteach i leith athruithe féideartha ar cheanglais tuairiscithe maoirseachta le haghaidh AIFManna agus UCITS.

    C. Tionchar na rogha tosaíochta

    Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)? 12 líne ar a mhéad 

    Tá an togra ceaptha chun leasuithe spriocdhírithe a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a cuireadh i dtábhacht sa mheastóireacht a rinneadh maidir le creat rialála AIFMD a dhéanamh níos éifeachtaí agus éifeachtúla. Trí bhíthin creat rialála comhchuibhithe le haghaidh AIFManna a bhainistíonn cistí de bhunadh iasachtaí, ligfear do na cistí sin oibriú i margaí nua agus uas‑scálú méide a dhéanamh, lena soláthrófar foinse mhalartach mhaoinithe don fhíorgheilleagar. I gcás ina mbeidh rochtain níos mó ar LMTanna agus NCAnna atá in ann LMT níos caolchúisí a ghníomhachtú, cuirfear feabhas ar an gcobhsaíocht airgeadais agus cosnófar infheisteoirí. Le sonraí tuairiscithe rialála níos cuimsithí beifear in ann faireachán níos fearr a dhéanamh ar charnadh rioscaí sa chóras. Maidir leis na roghanna ó thaobh rochtain trasteorann ar sheirbhísí taisce agus ó thaobh cothrom na Féinne a thabhairt i gcrích le haghaidh LOFanna, tá siad ceaptha chun soláthar agus iomaíocht a mhéadú sa réimse seo agus chun margadh AIF AE a dhéanamh níos éifeachtúla. Áiritheoidh tuilleadh soiléireachta ar na rialacha tarmligin go gcosnófar infheisteoirí i gcoinne mí‑úsáid fhéideartha na socruithe tarmligin. Má thugtar CSDanna isteach sa líne chúraim, áiritheoidh sé sin leibhéal níos airde cosanta infheisteoirí a bhfuil sé i gceist ag taisclanna a choimirciú.

    Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? 

    Níor cheart go mbeadh aon chostas suntasach, diúltach, eacnamaíoch, sóisialta ná comhshaoil ag an togra. Níor cheart go dtabhóidh AIFManna costais shuntasacha bhreise oibriúcháin mar thoradh air, agus de thoradh roinnt de na bearta d’fhéadfaí laghduithe costais a fheiceáil trí bhreis iomaíochta agus éifeachtúlachtaí. Is mó ná cibé costais bhreise na buntáistí a chruthófar don chosaint infheisteoirí agus don chobhsaíocht fhoriomlán airgeadais.

    Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, do FBManna agus do mhicrifhiontair?

    Ba cheart go rachadh an togra chun tairbhe do ghnólachtaí, lena n‑áirítear FBManna, trí chomhchuibhiú a dhéanamh ar na ceanglais le haghaidh AIFManna a bhainistíonn AIFanna lena dtionscnaítear iasachtaí. Cuirfidh sé sin ar chumas na gcistí sin creidmheas a aimsiú trasna an Aontais Eorpaigh, lena soláthrófar foinse maoinithe malartaigh i gcomhair FBManna lena bhfuil géarghá, go háirithe FBManna dá bhféadfadh sé a bheith deacair nó costasach creidmheas a fháil ó iasachtóirí traidisiúnta.

    An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? 

    Níltear ag súil le haon tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta go dtí an dara céim den athbhreithniú ar na ceanglais tuairiscithe maoirseachta.

    An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist? 

    Ní bheidh aon tionchar diúltach, eacnamaíoch, comhshaoil nó sóisialta ag an athbhreithniú seo ná ní bheidh aon tionchar diúltach aige ar chearta bunúsacha. Dá dtabharfaí cumas scaoilte do AIFanna chun creidmheas a sholáthar ar bhealach inbhuanaithe, chuirfí méadú ar an maoiniú atá ar fáil don fhíorgheilleagar agus go háirithe le haghaidh FBManna ar minic dóibh ag streachailt chun creidmheas a fháil ó na bainc. Beidh ríthábhacht le margadh fiachais príobháideach atá bríomhar ach ordúil chun aistriú an Aontais Eorpaigh chuig todhchaí níos inbhuanaithe a chur chun cinn.

    D. Iarobair

    Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

    Bheadh sé iomchuí tús a chur le hathbhreithniú ar AIFMD le linn na 5 bliana tar éis do na leasuithe ar an gcreat rialála teacht i bhfeidhm. Ba cheart don athbhreithniú anailís a dhéanamh ar fheidhmiú an mhargaidh LOF agus ar na rioscaí a bhaineann leis don chobhsaíocht airgeadais agus d’fheidhmiú an mhargaidh taisclainne, agus ba cheart dó cleachtais tarmligin a shainaithint. Níor mhór anailís a dhéanamh ar cé acu a cuireadh le cobhsaíocht an chórais airgeadais trí raon níos leithne LMTanna a thabhairt isteach agus gráinneacht na sonraí a mhéadú.

    Top