|
Bileog Achoimre Feidhmiúcháin
|
|
Measúnú tionchair ar athbhreithniú agus ar fhadú an Rialacháin Fánaíochta (athmhúnlú)
|
|
A. An gá atá le beart
|
|
Cén fhadhb atá ann agus cén fáth ar fadhb í ar leibhéal an Aontais?
|
|
Rachaidh Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 in éag an 30 Meitheamh 2022. Mura ndéanfar na rialacha fánaíochta a fhadú, d’fhéadfadh tomhaltóirí agus gnólachtaí na tairbhí a bhaineann le ‘fánaíocht ar tháillí baile’ (FATB) a chailleadh, agus le bacainní breise d’fhéadfaí teorainn a chur le seirbhísí soghluaiste agus feidhmhchláir nuálacha a úsáid gan uaim agus taisteal á dhéanamh i margadh aonair an Aontais agus an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch. Baineann beagnach 170 milliún custaiméir fánaíochta Eorpach leas faoi láthair as FATB agus na tairbhí a bhaineann le leanúint de bheith nasctha ar tháillí baile agus iad ag taisteal san Aontas nó sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.
I dtuarascáil 2019 maidir le hathbhreithniú ón gCoimisiún, sainaithníodh na fadhbanna a bhfuil sé mar aidhm ag an tionscnamh seo aghaidh a thabhairt orthu. Cuireann an anailís seo le raon leathan sonraí agus aiseolais ó pháirtithe leasmhara a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar a fheabhas a d’éirigh leis an Rialachán seo agus ar an gcaoi a bhfeidhmíonn an margadh fánaíochta de réir rialacha an Aontais atá ann cheana maidir le fánaíocht. Seo thíos achoimre ar na príomhfhadhbanna:
A.Ní féidir FATB a choinneáil ar bun gan muirir mhórdhíola rialáilte ná seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte de dheasca dinimic iomaíochta neamhleordhóthanach (cliseadh margaidh).
B.Ní bhíonn a fhios ag tomhaltóirí i gcónaí cén leibhéal seirbhíse ar cheart dóibh a bheith ag súil (cáilíocht seirbhíse) leis nó cén chaoi a ngearrtar muirir ar ghlaonna ar sheirbhísí breisluacha le linn na fánaíochta (muirir níos airde). Bíonn cáilíocht na seirbhíse a thairgtear níos ísle uaireanta ná mar a bhíonn sí sa bhaile, fiú má bhíonn seirbhís ar leibhéal coibhéiseach ar fáil. Ní áirithítear i gcónaí rochtain, saor in aisce, ar sheirbhísí éigeandála trí mhodhanna malartacha agus soláthar faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora, go háirithe i gcás úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas.
C.Bíonn fadhbanna ag soláthraithe seirbhísí fánaíochta uaireanta rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola a fháil ar na líonraí a iarrtar. Toisc go bhfuil easpa trédhearcachta ann maidir le glaonna ar sheirbhísí breisluacha, níl soláthraithe seirbhísí fánaíochta in ann na raonta uimhrithe ábhartha a shainaithint agus, mar thoradh air sin, d’fhéadfadh na soláthraithe costais gan choinne a thabhú. B’fhéidir nach bhfuil rialacha an Aontais atá ann faoi láthair maidir le fánaíocht oiriúnach go leor chun nuálaíocht a chumasú agus chun aghaidh a thabhairt ar athruithe teicneolaíochta agus gnó.
|
|
Cad é ba cheart a bhaint amach?
|
|
Is é is aidhm don tionscnamh an méid seo a leanas a bhaint amach:
A) A áirithiú go mbeidh FATB inbhuanaithe d’oibreoirí agus go mbeidh siad in ann an costas a bhaineann le seirbhísí fánaíochta a sholáthar ar leibhéal mórdhíola a aisghabháil, go ndéanfar dreasachtaí chun infheistíocht a dhéanamh i líonraí, is líonraí a bhfuil cuairt á tabhairt orthu, a choimirciú agus saobhadh iomaíochta baile i margaí a bhfuil cuairt á tabhairt orthu a sheachaint.
B) Fíor-eispéireas FATB a bhaint amach le haghaidh custaiméirí fánaíochta agus an mhuinín a thabhairt d’úsáideoirí deiridh leanúint de bheith nasctha agus iad ag taisteal laistigh den Aontas Eorpach. Ba cheart do thomhaltóirí agus gnólachtaí tairbhe a bhaint as cáilíocht seirbhísí agus iad ag fánaíocht atá comhionann leis an gcáilíocht a bhíonn ar fáil agus iad sa bhaile, a bheith in ann seirbhísí nuálacha a úsáid agus tairbhe a bhaint as trédhearcacht mhéadaithe chun nach ngearrfar billí an‑ard gan choinne orthu as seirbhísí breisluacha a úsáid. Ba cheart rochtain chomhionann ar sheirbhísí éigeandála a áirithiú do chách freisin, ar an mbealach céanna a n‑áirithítear sa bhaile í.
C) Nuálaíocht a éascú, rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola ar an teicneolaíocht líonra a iarrfar a áirithiú agus cuidiú le hoibreoirí caillteanais a bhaineann le seirbhísí breisluacha a sheachaint. Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh freisin rudaí a shimpliú agus an t‑ualach ar oibreoirí agus ar pháirtithe leasmhara eile a laghdú.
|
|
Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh (coimhdeacht)?
|
|
Sa mhargadh fánaíochta idirnáisiúnta, is gá beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun feabhas a chur ar an margadh aonair teileachumarsáide. Mar a tugadh faoi deara i gcás suntasach sa Chúirt Bhreithiúnais maidir le fánaíocht (C-58/08 Vodafone), toisc gur fánaíocht trasteorann atá i bhfánaíocht idirnáisiúnta, fágann sé sin go bhfuil údar le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh toisc nach féidir leis na Ballstáit féin aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist go héifeachtach. Thairis sin, níl na huirlisí ag údaráis rialála náisiúnta chun dul i ngleic leis na fadhbanna iad féin.
Deimhnítear le torthaí thuarascáil 2019 maidir le hathbhreithniú ón gCoimisiún agus le torthaí Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) gur rannchuidigh díothú na muirear fánaíochta miondíola sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch go mór le cur i gcrích an mhargaidh aonair. Bhí úsáideoirí deiridh in ann tairbhe a bhaint as FATB agus tháinig méadú suntasach ar mhéideanna ó mhí an Mheithimh 2017 i leith. D’ainneoin roinnt dinimic iomaíochta a bheith sna margaí fánaíochta miondíola agus mórdhíola araon, is é conclúid na tuarascála nár athraigh na dálaí bunúsacha iomaíochta forluiteacha, agus nach móide go n‑athróidh siad amach anseo, a mhéid go bhféadfaí deireadh a chur le rialáil mhiondíola nó mhórdhíola an mhargaidh fánaíochta. Leis an mbreisluach cumasaítear d’úsáideoirí deiridh fíor-FATB inbhuanaithe a dhéanamh, trí uasteorainneacha mórdhíola uile-Aontais nach féidir a áirithiú ach le hionstraim de chuid an Aontais.
|
|
B. Réitigh
|
|
Cad iad na roghanna éagsúla lenar féidir na cuspóirí a bhaint amach? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Mura bhfuil, cén fáth nach bhfuil?
|
|
Tá ceithre rogha éagsúla á moladh agus á measúnú ag an gCoimisiún:
Rogha 1 (Bunlíne) – Na rialacha a fhadú, agus forálacha an Rialacháin Fánaíochta atá i bhfeidhm faoi láthair a choinneáil ar bun ar leibhéal miondíola agus mórdhíola araon.
Rogha 2 – Leanúnachas an Rialacháin Fánaíochta mar aon le soiléirithe, trédhearcacht mhéadaithe agus bearta chun iomaíocht a neartú.
Rogha 3 – Fíor-FATB inbhuanaithe (an rogha thosaíochta).
Rogha 4 – Oibleagáidí mórdhíola agus miondíola méadaithe chun feabhas a chur ar eispéireas FATB.
|
|
Cad iad tuairimí na bpáirtithe leasmhara éagsúla? Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo
|
|
Tá tuairimí éagsúla ag na páirtithe leasmhara maidir le huasteorainneacha praghais, le ceanglais maidir le cáilíocht seirbhíse agus leis an rochtain ar sheirbhísí éigeandála. Is gnách le hoibreoirí isteach mór-líonraí (agus grúpaí uile‑Eorpacha go háirithe) a bheith i bhfabhar na n‑uasteorainneacha mórdhíola a choinneáil ar an leibhéal atá ann faoi láthair. Ar an lámh eile, dealraíonn sé go dtacaíonn oibreoirí amach líonraí beaga (a bhfuil bonn custaiméirí acu a úsáideann níos mó seirbhísí soghluaiste thar lear ná mar a úsáideann bonn custaiméirí an oibreora comhpháirtíochta na seirbhísí sin ar a líonra féin) agus oibreoirí fíorúla leis na huasteorainneacha a ísliú go suntasach.
|
|
C. Tionchar na rogha tosaíochta
|
|
Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)?
|
|
Leis an rogha thosaíochta, déantar leasanna na n‑oibreoirí a chothromú ó thaobh soláthar inbhuanaithe FATB a áirithiú, maidir le haisghabháil na gcostas a bhaineann le seirbhísí fánaíochta mórdhíola a sholáthar, gan an aisghabháil sin a chur i mbaol. Maidir le huasteorainneacha mórdhíola níos ísle, is é is dóchúil a thiocfaidh astu laghdú ar chostais fánaíochta mórdhíola d’oibreoirí amach. Meastar in anailís inbhuanaitheachta an Choimisiúin, gurb é a thiocfaidh as sin laghdú ar chéatadán na n‑oibreoirí neamh‑inbhuanaithe (corrlach fánaíochta diúltach iomlán atá 3 % os cionn a gcorrlach baile) agus laghdú gaolmhar ar an gcorrlach fánaíochta diúltach iomlán i gcomparáid leis an mbunlíne 42 % in 2023 agus 52 % in 2025.
Tá sochair a fhaigheann tomhaltóirí tábhachtach freisin; dhéanfaí laghdú níos mó ná 40 % ar chion na n‑úsáideoirí deiridh a bhfuil an baol ann go mbeadh formhuirir ag bagairt orthu nuair a bheadh maolú inbhuanaitheachta deonaithe don oibreoir, agus dhéanfaí na formhuirir a íocadh go heisceachtúil a laghdú tuilleadh. Cuirfear feabhas leis an rogha seo ar eispéireas na n‑úsáideoirí deiridh agus iad ag fánaíocht trí rannchuidiú le cáilíocht fheabhsaithe seirbhíse agus feasacht tomhaltóirí níos airde maidir leis an gcáilíocht seirbhíse ar cheart dóibh a bheith ag súil leo le linn fánaíochta, agus trí chuidiú le custaiméirí fánaíochta billí an‑ard gan choinne as glaonna go seirbhísí breisluacha a sheachaint. Is dócha go mbeidh méadú ar shástacht na gcustaiméirí agus laghdú ar ghearáin mar thoradh ar an dá shochar sin.
Soláthraítear leis an rogha seo na huirlisí is gá d’oibreoirí chun rochtain shaor in aisce ar sheirbhísí éigeandála a chur chun feidhme agus chun faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a sholáthar le haghaidh gach úsáideoir deiridh fánaíochta, lena n‑áirítear iad siúd atá faoi mhíchumas. Beidh an méid sin ina chuidiú chun a sláinte, a mbeatha nó a maoin a chosaint.
Ar deireadh, is é is aidhm don rogha thosaíochta a chur ar a gcumas do thomhaltóirí agus gnólachtaí is úsáideoirí tairbhe a bhaint as forbairtí teicneolaíocha agus as nuálaíocht 5G le linn dóibh a bheith ag taisteal.
Meastar go rachaidh an rogha sin chun sochair (beagáinín) don chomhshaol trí sheirbhísí agus feidhmchláir shoghluaiste (e.g. seirbhísí nua soghluaiste 5G agus Idirlíon na Rudaí Nithiúla feithiclí agus bonneagar bóthair a nascadh a d’fhéadfadh taismigh dhaonna a chosc agus costais breosla agus truailliú aeir a laghdú) atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a dhéanamh níos éasca lena n‑úsáid ag custaiméirí fánaíochta.
|
|
Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)?
|
|
Tugtar le fios leis an laghdú ar uasteorainneacha mórdhíola gur dócha go dtiocfaidh laghdú ar ioncam fánaíochta le haghaidh oibreoirí isteach, agus aisghabháil iomlán costas á áirithiú ag an am céanna. I gcás oibreoirí, tá laghdú féideartha ar ioncam fánaíochta miondíola nasctha le formhuirir níos ísle– d’fhéadfaí a iarraidh ar chustaiméirí na formhuirir sin a íoc sna cásanna eisceachtúla ina gceadaítear iad (beartas maidir le húsáid chóir agus maoluithe inbhuanaitheachta), agus sna cásanna sin ní fhéadfaidh formhuirir a bheith os cionn na n‑uasteorainneacha mórdhíola. Is mionchostais iad na costais bhreise chomhlíontachta le haghaidh oibreoirí agus riarachán (meastar gur lú ná 6 lá in aghaidh na bliana iad do gach duine ar an meán).
Tugann an beart atá beartaithe maidir le rochtain ar sheirbhísí éigeandála le tuiscint go mbeidh costais cur chun feidhme i gceist. Mar sin féin, baineann na costais sin le cur chun feidhme na gceart agus na n‑oibleagáidí a shainítear cheana i reachtaíocht eile de chuid an Aontais (an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach). Ar deireadh, trí bhunachar sonraí a fhorbairt agus a choinneáil ar bun le raonta uimhrithe seirbhísí breisluacha ar fud an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch tabhófar costais le haghaidh BEREC (atá freagrach as an dá chúram) agus costais bheaga le haghaidh na n‑údarás rialála náisiúnta (atá freagrach as inneachar na mbunachar sonraí a thabhairt cothrom le dáta).
|
|
Cad iad na tionchair ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna)?
|
|
Beidh FBManna in ann tairbhe a bhaint as fíor‑eispéireas FATB, de bharr cáilíocht fheabhsaithe seirbhíse agus de bharr an riosca laghdaithe ar mhaoluithe inbhuanaitheachta. Bainfidh FBManna agus forbróirí feidhmchlár tairbhe bhreise as tomhaltóirí a úsáideann feidhmchláir agus iad ag trasnú teorainneacha, toisc gurb ann do cháilíocht seirbhíse fheabhsaithe aitheanta. Is féidir go mbeidh ann tairbhe indíreach d'fheidhmchláir agus seirbhísí nua, a bhfuil ardcháilíocht seirbhíse nó 5G riachtanach dóibh: le húsáid gan uaim ar fud an Mhargaidh Inmheánaigh is féidir tacú lena nglacadh.
|
|
An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta?
|
|
Ní mheastar go mbeidh tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta ná ar údaráis riaracháin náisiúnta.
|
|
An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist?
|
|
Is indéanta an t‑ualach riaracháin a laghdú a bhuí le togra chun athbhreithniú a dhéanamh ar uasteorainneacha mórdhíola, más gá, trí bhíthin gníomh tarmligthe, gníomh lena ndéantar an próiseas reachtach a shimpliú (i ndiaidh 2025). Tá baint ag coigiltis bhreise le córas faireacháin cuíchóirithe, le ceanglais shimplithe d’oibreoirí lasmuigh den limistéar euro agus le haisghairm forálacha atá imithe i léig.
|
|
Comhréireacht?
|
|
Tá tacar beart sa rogha thosaíochta nach bhfuil cunórach ná díréireach. Tá siad teoranta do na gnéithe sin ar breathnaíodh orthu agus nach dtugtar aghaidh orthu go leordhóthanach sa Rialachán atá ann faoi láthair, agus nach féidir aghaidh a thabhairt orthu go héifeachtach ar an leibhéal náisiúnta. Leis an bhfad theoranta 10 mbliana, déantar an chomhréireacht a áirithiú a thuilleadh.
|
|
D. Iarobair
|
|
Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?
|
|
Molann an Coimisiún go mairfidh an rialachán ar feadh 10 mbliana chun cinnteacht sa mhargadh a áirithiú agus chun an t‑ualach rialála a íoslaghdú. Ní mheastar go dtiocfaidh athrú suntasach ar iomaíocht sa mhargadh le linn na tréimhse sin. Tá an chéad tuarascáil athbhreithnithe beartaithe don bhliain 2025, nuair a dhéanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaoi a bhfuil an margadh fánaíochta ag feidhmiú agus measúnú ar an bhfuil gá le hathbhreithniú beartais chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn.
|