AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,26.11.2021
COM(2021) 745 final
2021/0389(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Comhpháirtíochta arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, maidir le síneadh a chur leis an tréimhse eatramhach dá dtagraítear in Airteagal 552 (11) den Chomhaontú sin inar féidir leis an Ríocht Aontaithe maolú ón oibleagáid sonraí i dTaifead Ainmneacha Paisinéirí na bpaisinéirí a scriosadh tar éis dóibh imeacht ón Ríocht Aontaithe
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Comhpháirtíochta i dtaca le hAirteagal 552(13) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (dá ngairtear: ‘an Ríocht Aontaithe’ anseo feasta), den pháirt eile (dá ngairtear ‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’ anseo feasta).
Leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, is féidir sonraí i dTaifead Ainmneacha Paisinéirí (‘PNR’) a bhaineann le paisinéirí ar eitiltí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a aistriú chuig an Ríocht Aontaithe lena bpróiseáil agus lena n‑úsáid. Leis an gComhaontú Trádála agus Comhair ceanglaítear ar an Ríocht Aontaithe sonraí PNR a fhaightear de bhun an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair a scriosadh tar éis do phaisinéirí imeacht as an tír, ach amháin i gcás ina léirítear i measúnú riosca gur gá sonraí PNR den sórt sin a choinneáil.
Mar sin féin, leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, déantar foráil maidir le maolú ón gceanglas sin ar bhonn sealadach, ar feadh tréimhse eatramhach aon bhliana amháin, i.e., go dtí an 31 Nollaig 2021, agus na himthosca speisialta á gcur san áireamh, eadhon nach mór don Ríocht Aontaithe coigeartuithe teicniúla áirithe a dhéanamh chun na córais phróiseála PNR a d'oibrigh an Ríocht Aontaithe fad a bhí feidhm ag dlí an Aontais maidir leis, agus nuair a chuirfí i gcrích é, go bhféadfaí sonraí PNR a scriosadh i gcomhréir leis an gComhaontú Trádála agus Comhair.
Tá próiseas ceangailte den mhaolú, trína gcuirfidh an Ríocht Aontaithe tuarascáil ar fáil ó chomhlacht riaracháin neamhspleách don Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, tuarascáil ina mbeidh iarscríbhinn ó údarás maoirseachta na Ríochta Aontaithe maidir le cosaint sonraí, i dtaca leis an gceist an bhfuil na bearta cosanta sonraí breise is infheidhme le linn na tréimhse eatramhaí sin curtha i bhfeidhm go héifeachtach mar aon le measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil na himthosca speisialta sin fós ann, agus tuairisc ar na hiarrachtaí a rinneadh chun córais phróiseála PNR na Ríochta Aontaithe a iompú ina gcórais lena bhféadfaí sonraí PNR a scriosadh tar éis do na paisinéirí imeacht as an tír. An tuarascáil agus an measúnú a chuir an Ríocht Aontaithe ar fáil, rinne an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach iad a mheas ag an gcruinniú a bhí aige an 19 Deireadh Fómhair 2021. De bhun an dara habairt d’Airteagal 552(13) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, i gcás ina mbeidh na himthosca speisialta thuasluaite fós ann, cuirfidh an Chomhairle Comhpháirtíochta síneadh bliana leis an tréimhse eatramhach i.e., go dtí an 31 Nollaig 2022.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe
Leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, leagtar síos an bonn le haghaidh caidreamh leathan idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, laistigh de limistéar rathúnais agus dea-chomharsanúlachta, caidreamh arb é is príomhthréith dó dlúthchaidreamh síochánta atá bunaithe ar chomhar agus a dhéanann neamhspleáchas agus ceannasacht na bPáirtithe a urramú. Tháinig an Comhaontú Trádála agus Comhair i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021 agus tá sé á chur i bhfeidhm i bhfeidhm go sealadach ón 1 Eanáir 2021 i leith.
2.2.An Chomhairle Comhpháirtíochta
Leis an gComhaontú Trádála agus Comhair bunaítear roinnt comhchomhlachtaí, lena n‑áirítear an Chomhairle Comhpháirtíochta, ar ‘comhlacht é arna chur ar bun le comhaontú’ de réir bhrí Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).
2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gComhairle Comhpháirtíochta
Déantar foráil le hAirteagal 552(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair go scriosfaidh an Ríocht Aontaithe sonraí PNR na bpaisinéirí tar éis dóibh imeacht ón tír, ach amháin i gcás ina léireofar i measúnú riosca gur gá na sonraí PNR sin a choinneáil. Is é cásdlí an Aontais 2017 maidir le haistriú idirnáisiúnta sonraí PNR ón Aontas chuig tríú tíortha an bunús atá leis an dualgas sin.
Déantar foráil le hAirteagal 552 (11) den Chomhaontú Trádála agus Comhair gur féidir leis an Ríocht Aontaithe maolú ar mhír 4 den airteagal sin ar bhonn sealadach ar feadh tréimhse eatramhaí, go dtí go mbeidh coigeartuithe teicniúla bheith curtha chun feidhme ag an Ríocht Aontaithe ar a gcórais phróiseála PNR, rud a dhéanfaidh sí a luaithe is féidir. Le linn na tréimhse eatramhaí, tá údarás inniúil na Ríochta Aontaithe faoi oibleagáid cosc a chur ar úsáid shonraí PNR atá le scriosadh trí roinnt bearta cosanta sonracha breise a chur i bhfeidhm maidir leis na sonraí PNR sin.
Déantar foráil le hAirteagal 552(10) den Chomhaontú Trádála go mbeidh feidhm ag mír 11 den airteagal sin mar gheall ar na himthosca speisialta a chuireann bac ar an Ríocht Aontaithe na coigeartuithe teicniúla is gá a dhéanamh chun na córais phróiseála PNR a d’oibrigh an Ríocht Aontaithe fad a bhí feidhm ag dlí an Aontais maidir léi, a iompú ina gcórais lena bhféadfaí sonraí PNR a scriosadh i gcomhréir le mír 4 den airteagal sin.
Déantar foráil le hAirteagal 552(12) den Chomhaontú Trádála go gcuirfidh an Ríocht Aontaithe tuarascáil ón gcomhlacht riaracháin neamhspleách dá dtagraítear i mír 7 den airteagal sin ar fáil don Choiste Speisialaithe i ndáil le Forfheidhmiú an Dlí agus Comhar Breithiúnach, agus go gcuirfear ar fáil í 9 mí tar éis theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe sin, agus go mbeidh tuarascáil inti ón gcomhlacht riaracháin neamhspleách de chuid na Ríochta Aontaithe dá dtagraítear in Airteagal 525(3) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, maidir leis an gceist an bhfuil na bearta cosanta breise maidir le cosaint sonraí curtha i bhfeidhm go héifeachtach agus measúnú ón Ríocht Aontaithe inti maidir leis an gceist an bhfuil na himthosca speisialta dá dtagraítear in Airteagal 552(10) den Chomhaontú Trádála agus Comhair fós ann, mar aon le tuairisc ar na hiarrachtaí a rinneadh chun córais phróiseála PNR na Ríochta Aontaithe a iompú ina gcórais lena bhféadfaí sonraí PNR a scriosadh i gcomhréir le mír 4 den airteagal sin.
Déantar foráil le hAirteagal 552(13), an dara habairt den Chomhaontú Trádála agus Comhair i gcás ina mbeidh na himthosca speisialta dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal sin fós ann, go gcuirfidh an Chomhairle Comhpháirtíochta síneadh bliana leis an tréimhse eatramhach dá dtagraítear i mír 11 den airteagal sin.
An cinneadh ón gComhairle Comhpháirtíochta maidir le síneadh a chur leis an tréimhse eatramhach, féadfaidh sé a bheith in aon fhoirm. Is de chomhthoil a ghlacfar cinntí chomhchathaoirligh na Comhairle Comhpháirtíochta (féach Airteagal 1(2) d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair). Ba cheart an cinneadh a dhéanamh roimh dheireadh na tréimhse eatramhaí, i.e., roimh an 1 Eanáir 2022.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
3.1.Cúlra
An 1 Deireadh Fómhair 2021, chuir an Ríocht Aontaithe measúnú de bhun Airteagal 552(12)(b) den Chomhaontú Trádála faoi bhráid an Choiste Speisialaithe maidir le Forfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach.
Cinntear sa mheasúnú a rinne an Ríocht Aontaithe go bhfuil na himthosca speisialta fós ann i ndáil le córais phróiseála sonraí PNR de chuid na Ríochta Aontaithe Tá an Ríocht Aontaithe sa chás sonrach nach mór di córas próiseála sonraí PNR atá cumraithe chun dlí an Aontais a bhaineann le Ballstáit a chomhlíonadh a chur in oiriúint do chóras atá cumraithe chun ceanglais an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair a chomhlíonadh agus nach raibh dóthain ama ann roimh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair chun na hoiriúnuithe is gá a dhéanamh ar chóras casta próiseála sonraí PNR. Léiríonn ceanglais an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair cásdlí 2017 ón gCúirt Bhreithiúnais maidir le haistriú idirnáisiúnta sonraí PNR ón Aontas chuig tríú tíortha (Tuairim 1/15).
Is in 2004 a bunaíodh córas próiseála PNR reatha na Ríochta Aontaithe agus oiriúnaíodh é in 2016 chun go mbeadh sé i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/681 an 27 Aibreán 2016 maidir le húsáid sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Dá réir sin, ceapadh feidhmiú chóras próiseála PNR na Ríochta Aontaithe, ar nós chóras próiseála na mBallstát eile, chun na sonraí PNR uile a choimeád ar feadh tréimhse cúig bliana d’fhonn iarrataí cuí‑réasúnaithe a fhreagairt i gcásanna sonracha tráth ar bith le linn na gcúig bliana sin. Ní raibh sé ceaptha chun sonraí PNR paisinéirí a scriosadh tar éis dóibh imeacht ón Ríocht Aontaithe, de réir mar a cheanglaítear leis an gComhaontú Trádála agus Comhair.
Ina theannta sin, ceapadh próiseas measúnaithe riosca reatha na Ríochta Aontaithe, mar atá i mBallstáit eile, chun daoine aonair a shainaithint a gcomhfhreagraíonn a gcuid sonraí do rialacha oibiachtúla spriocdhírithe nó do chritéir réamhshocraithe eile chun críche seiceálacha slándála agus rialaithe teorann a dhéanamh. Níor ceapadh é chun a chinneadh an bhfuil gá le sonraí PNR sonracha a choinneáil tar éis do phaisinéir imeacht ón Ríocht Aontaithe.
Sa mheasúnú uaithi, a tíolacadh an 1 Deireadh Fómhair 2021 de bhun Airteagal 552(12)(b) den Chomhaontú Trádála thuairiscigh an Ríocht Aontaithe go raibh anailís á déanamh aici ar na ceanglais dhlíthiúla, theicniúla agus oibríochtúla, idir ceanglais fheidhmiúla agus neamhfheidhmiúla, d'fhonn a áirithiú go mbeidh córais phróiseála sonraí PNR na Ríochta Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 552(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair. Tháinig an Ríocht Aontaithe ar an gconclúid gur oibríocht an‑chasta í sin.
Léiríonn measúnú na Ríochta Aontaithe go bhfuil sé beartaithe na córais reatha a úsáideann an Ríocht Aontaithe chun sonraí PNR a phróiseáil a dhíchoimisiúnú faoi 2024. Míníonn an Ríocht Aontaithe go bhfuil na coigeartuithe teicniúla is gá ar a córais mar a cheanglaítear faoin gComhaontú Trádála agus Comhair á ndéanamh trí cheanglais theicniúla na gcóras nua atá á bhforbairt a oiriúnú agus cur leo, seachas tríd an gcroíchóras reatha atá á dhíchoimisiúnú a oiriúnú a thuilleadh.
Tugtar tuairisc i measúnú na Ríochta Aontaithe ar an dul chun cinn atá déanta ar thionscadal na Ríochta Aontaithe maidir le coigeartuithe teicniúla chun ceanglais fheidhmiúla agus neamhfheidhmiúla a shainiú, agus chun cumas teicniúil a cheapadh, a thógáil agus a chur chun feidhme chun oibriú i gcomhréir le hAirteagal 552(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair agus chun sonraí PNR na bpaisinéirí a scriosadh tar éis dóibh imeacht ón tír, mura léirítear i measúnú riosca gur gá na sonraí PNR sin a choinneáil.
De bhreis ar an measúnú sin, an 1 Deireadh Fómhair 2021, chuir an Ríocht Aontaithe tuarascáil de bhun Airteagal 552(12)(a) den Chomhaontú Trádála ón gcomhlacht riaracháin neamhspleách dá dtagraítear in Airteagal 552(7) faoi bhráid an Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach, faoi ar cuireadh na bearta cosanta sonraí breise dá bhforáiltear in Airteagal 552(11) den Chomhaontú Trádála agus Comhair i bhfeidhm go héifeachtach. Airítear iarscríbhinn sa tuarascáil sin ó údarás maoirseachta na Ríochta Aontaithe dá dtagraítear in Airteagal 525(3) den Chomhaontú Trádála agus Comhair.
Rinne an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach tuarascálacha na Ríochta Aontaithe a mheas ag an gcruinniú a bhí aige an 19 Deireadh Fómhair 2021. Ag an ócáid sin, mhaígh an Ríocht Aontaithe go bhfuil sé beartaithe aici an iarscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil de bhun Airteagal 552(13) den Chomhaontú Trádála agus Comhair a chomhlánú agus comhaontaíodh go ndéanfaí é sin i mí na Samhna 2021 sula ndéanfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta cinneadh maidir le síneadh a chur leis an tréimhse eatramhach de bhun Airteagal 552(13) den Chomhaontú Trádála agus Comhair.
3.2.An seasamh atá á bheartú
I bhfianaise an mhéid atá thuas, measann an Coimisiún gur cheart don Chomhairle Comhpháirtíochta a chinneadh síneadh bliana a chur leis an tréimhse eatramhach go dtí an 31 Nollaig 2022. Ba cheart don Chomhairle Comhpháirtíochta an cinneadh sin a dhéanamh faoin 31 Nollaig 2021.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Na prionsabail
In Airteagal 218(9) de CFAE déantar foráil maidir le cinntí lena leagfar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Áirítear leis an gcoincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear orthu freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Comhlacht arna chur ar bun le comhaontú is ea an Chomhairle Comhpháirtíochta eadhon an Comhaontú Trádála agus Comhair.
Déantar foráil le hAirteagal 552(13) den Chomhaontú Trádála agus Comhair i gcás ina mbeidh na himthosca speisialta dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal sin fós ann, go gcuirfidh an Chomhairle Comhpháirtíochta síneadh bliana leis an tréimhse eatramhach dá dtagraítear i mír 11 den airteagal sin. Dá bhrí sin, is faoi raon feidhme Airteagal 218(9) CFAE a thagann glacadh sheasamh an Aontais i leith na bhfógraí sin.
Is ar an Aontas ina iomláine, mar pháirtí sa Chomhaontú Trádála agus Comhair, a thiteann éifeachtaí dlíthiúla an tsínidh. Ciallaíonn sin, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) CFAE, go bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas i leith an ábhair sin.
Ní bheidh i gceist leis an gcinneadh maidir le síneadh a chur leis an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 552(13) den Chomhaontú Trádála agus Comhair go ndéanfar creat an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair a fhorlíonadh ná a leasú.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí don nós imeachta maidir leis an gcinneadh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Na prionsabail
Braitheann an bunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh‑chomhpháirt agus an ceann eile a shainaithint mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, eadhon an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.
Maidir le gníomh atá beartaithe a bhfuil roinnt cuspóirí éagsúla á saothrú leis ag an am céanna, nó a bhfuil roinnt comhpháirteanna éagsúla ann, ar cuspóirí nó comhpháirteanna iad a bhfuil dlúthnasc doscartha eatarthu gan aon cheann acu a bheith teagmhasach le hais an ceann eile, ní mór, ar bhonn eisceachtúil, na bunúis chomhfhreagracha dlí áirithe a áireamh sa bhunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Leis an síneadh ar an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 552(13) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, saothraítear cuspóirí i réimse na cosanta sonraí agus an chomhair phóilíneachta agus tá comhpháirteanna ann a bhaineann leis an réimse sin.
Dá bhrí sin, is iad Airteagail 16(2) agus 87(2)(a) CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Ba cheart Airteagail 16(2) agus 87(2)(a) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith ina mbunús dlí le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.
2021/0389 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Comhpháirtíochta arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, maidir le síneadh a chur leis an tréimhse eatramhach dá dtagraítear in Airteagal 552 (11) den Chomhaontú sin inar féidir leis an Ríocht Aontaithe maolú ón oibleagáid sonraí i dTaifead Ainmneacha Paisinéirí na bpaisinéirí a scriosadh tar éis dóibh imeacht ón Ríocht Aontaithe
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16 (2) agus Airteagal 87(2)(a), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2021/689 an 29 Aibreán 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann den pháirt eile (dá ngairtear: ‘an Ríocht Aontaithe’), anseo feasta: Sa ‘Chomhaontú Trádála agus Comhair’) leagtar síos rialacha faoina bhféadfar sonraí i dtaifid ainmneacha paisinéirí, sonraí (‘PNR’ anseo feasta) a aistriú chuig údarás inniúil na Ríochta Aontaithe agus faoina bhféadfaidh siad iad a phróiseáil agus a úsáid i gcás eitiltí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, agus leagtar amach ann na bearta cosanta sonracha i ndáil leis sin.
(2)Leagtar amach in Airteagal 542 den Chomhaontú Trádála agus Comhair go leagtar síos rialacha i dTeideal III de Chuid III (FORFHEIDHMIÚ AN DLÍ AGUS COMAHR BREITHIÚNACH IN ÁBHAIR CHOIRIÚLA) den Chomhaontú Trádála agus Comhair faoina bhféadfar sonraí PNR a aistriú chuig údarás inniúil na Ríochta Aontaithe agus faoina bhféadfaidh siad iad a phróiseáil agus a úsáid i gcás eitiltí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, agus leagtar amach ann na bearta cosanta sonracha i ndáil leis sin
(3)Déantar foráil le hAirteagal 552(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair go ndéanfaidh an Ríocht Aontaithe sonraí PNR na bpaisinéirí a scriosadh tar éis dóibh imeacht ón tír, ach amháin i gcás ina léirítear i measúnú riosca gur gá sonraí PNR den sórt sin a choinneáil.
(4)Déantar foráil le hAirteagal 552 (11) den Chomhaontú Trádála agus Comhair gur féidir leis an Ríocht Aontaithe maolú ó mhír 4 den airteagal sin ar bhonn sealadach ar feadh tréimhse eatramhaí, ar fheitheamh coigeartuithe teicniúla bheith curtha chun feidhme ag an Ríocht Aontaithe ar a gcórais phróiseála PNR a luaithe agus is féidir. Le linn na tréimhse eatramhaí sin, cuirfidh údarás inniúil na Ríochta Aontaithe cosc ar úsáid na sonraí PNR atá le scriosadh i gcomhréir le hAirteagal 552(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair trí na bearta cosanta breise a liostaítear in Airteagal 552(11), pointí (a)-(d) den Chomhaontú Trádála agus Comhair a chur i bhfeidhm maidir leis na sonraí PNR sin.
(5)Déantar foráil le hAirteagal 552(10) den Chomhaontú Trádála agus Comhair go bhfuil feidhm ag Airteagal 552(11) den Chomhaontú Trádála agus Comhair mar gheall ar na himthosca speisialta a chuireann bac ar an Ríocht Aontaithe na coigeartuithe teicniúla is gá a dhéanamh chun na córais phróiseála PNR a d’oibrigh an Ríocht Aontaithe fad a bhí feidhm ag dlí an Aontais maidir léi, a iompú ina gcórais lena bhféadfaí sonraí PNR a scriosadh i gcomhréir le hAirteagal 552(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair.
(6)Déantar foráil le hAirteagal 552(13) den Chomhaontú Trádála agus Comhair i gcás ina mbeidh na himthosca speisialta dá dtagraítear in Airteagal 552(10) den Chomhaontú Trádála agus Comhair fós ann, go gcuirfidh an Chomhairle Comhpháirtíochta síneadh bliana leis an tréimhse eatramhach dá dtagraítear in Airteagal 552(11) den Chomhaontú Trádála agus Comhair.
(7)An 1 Deireadh Fómhair 2021, chuir an Ríocht Aontaithe measúnú de bhun Airteagal 552(12)(b) den Chomhaontú Trádála agus Comhair faoi bhráid an Choiste Speisialaithe maidir le Forfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair.
(8)Tagann an Ríocht Aontaithe ar an gconclúid go bhfuil na himthosca speisialta dá dtagraítear in Airteagal 552(10) den Chomhaontú Trádála agus Comhair fós ann, ag tagairt di don staid shonrach atá os comhair na Ríochta Aontaithe maidir le córais phróiseála sonraí PNR atá cumraithe chun bheith i gcomhréir le dlí an Aontais mar Bhallstát a chomhlíonadh a oiriúnú chuig córas atá cumraithe chun ceanglais an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair maidir le haistrithe idirnáisiúnta sonraí PNR ón Aontas go tríú tíortha a chomhlíonadh. Tugann an Ríocht Aontaithe tuairisc ar na hiarrachtaí a rinneadh maidir lena gcórais próiseála sonraí a iompú ina gcórais lena bhféadfaí sonraí PNR a scriosadh i gcomhréir le hAirteagal 552(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair. Thug an Ríocht Aontaithe le fios go raibh anailís á déanamh aici ar na ceanglais dhlíthiúla, theicniúla agus oibríochtúla, idir ceanglais fheidhmiúla agus neamhfheidhmiúla, d'fhonn a áirithiú go mbeidh córais próiseála sonraí PNR na Ríochta Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 552(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair. De bhun Airteagal 552(13) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, rinne an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach tuarascáil na Ríochta Aontaithe a mheas an 19 Deireadh Fómhair 2021.
(9)An 1 Deireadh Fómhair 2021, chuir an Ríocht Aontaithe tuarascáil de bhun Airteagal 552(12)(a) den Chomhaontú Trádála ón gcomhlacht riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 552 faoi bhráid an Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach, mar aon le hiarscríbhinn ó údarás maoirseachta na Ríochta Aontaithe dá dtagraítear in Airteagal 552 (3) den chomhaontú sin, faoi ar cuireadh na bearta cosanta dá bhforáiltear in Airteagal 552(11) den chomhaontú sin i bhfeidhm go héifeachtach.
(10)De bhun Airteagal 552(13) den Chomhaontú Trádála agus Comhair , rinne an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach tuarascáil na Ríochta Aontaithe a mheas an 19 Deireadh Fómhair 2021. Ag an ócáid sin, mhaígh an Ríocht Aontaithe go raibh sé beartaithe aici an iarscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil sin a chomhlánú agus go ndéanfaí é sin i mí na Samhna 2021 sula ndéanfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta cinneadh maidir le síneadh a chur leis an tréimhse eatramhach de bhun Airteagal 552(13) den Chomhaontú Trádála agus Comhair.
(11)Dá bhrí sin, meastar go bhfuil na himthosca speisialta dá dtagraítear in Airteagal 552 (10) den Chomhaontú Trádála agus Comhair fós ann agus de bhun Airteagal 552(13) den Chomhaontú Trádála, ba cheart don Chomhairle Comhpháirtíochta síneadh bliana a chur leis an tréimhse eatramhach dá dtagraítear in Airteagal 552 (11) den Chomhaontú Trádála agus Comhair go dtí an 31 Nollaig 2022.
(12)Tá an Comhaontú Trádála agus Comhair ina cheangal ar na Ballstáit uile de bhua Chinneadh (AE) 2021/689, atá bunaithe ar Airteagal 217 CFAE mar a bhunús dlí substainteach.
(13)Tá an Danmhairg agus Éire faoi cheangal ag Cuid III den Chomhaontú Trádála agus Comhair de bhua Chinneadh (AE) 2021/689 agus dá bhrí sin tá siad rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Chinnidh seo lena gcuirtear an Comhaontú Trádála agus Comhair chun feidhme,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhpháirtíochta de bhun Airteagal 552(13) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, teacht ar chomhaontú maidir le síneadh go dtí an 31 Nollaig 2022, ar an tréimhse eatramhach ar lena linn a fhéadfaidh an Ríochta aontaithe maolú ón oibleagáid sonraí i dTaifead Ainmneacha Paisinéirí na bpaisinéirí a scriosadh tar éis dóibh imeacht ón Ríocht Aontaithe.
Airteagal 2
Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán