Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0669

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara (‘Coinbhinsiún Barcelona’) faoi Chinneadh a ghlacadh chun an Mheánmhuir, ina hiomláine, a ainmniú mar limistéar rialála astaíochtaí ocsaídí sulfair (‘ECA SOx na Meánmhara’) de bhun Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc (‘Coinbhinsiún MARPOL’)

COM/2021/669 final

An Bhruiséil,26.10.2021

COM(2021) 669 final

2021/0349(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara (‘Coinbhinsiún Barcelona’) faoi Chinneadh a ghlacadh chun an Mheánmhuir, ina hiomláine, a ainmniú mar limistéar rialála astaíochtaí ocsaídí sulfair (‘ECA SOx na Meánmhara’) de bhun Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc (‘Coinbhinsiún MARPOL’)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 22ú cruinniú de chuid na bPáirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún maidir le Cosaint na Meánmhara ar Thruailliú (‘Coinbhinsiún Barcelona’) agus sna Prótacail a ghabhann leis faoi chinneadh maidir le togra a chur faoi bhráid an 78ú seisiún de Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí (‘MEPC 78’) de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (‘IMO’) in 2022, maidir leis an Meánmhuir, ina hiomláine, a ainmniú mar limistéar rialaithe astaíochtaí ocsaídí sulfair (‘ECA SOx na Meánmhara’) mar aon le dáta teacht i bhfeidhm na n‑oibleagáidí ábhartha.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Coinbhinsiún maidir le Cosaint na Meánmhara ar Thruailliú

Is é atá i gCoinbhinsiún Barcelona agus sna seacht bPrótacal a ghabhann leis, a glacadh mar chuid de Phlean Gníomhaíochta na Meánmhara, an príomh‑chomhaontú iltaobhach réigiúnach atá ceangailteach ó thaobh dlí le haghaidh na Meánmhara.

Tá sé d’aidhm ag Coinbhinsiún Barcelona truailliú i limistéar na Meánmhara a chosc, a laghdú, a chomhrac agus a dhíothú agus feabhas a chur ar chosaint shláinte an duine agus ar chosaint an chomhshaoil mhuirí sa limistéar sin agus rannchuidiú lena fhorbairt inmharthana.

Is páirtí é an tAontas Eorpach i gCoinbhinsiún Barcelona (arna leasú) 1 .

2.2.Cruinniú na bPáirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona agus sna Prótacail a ghabhann leis

Le cruinniú na bPáirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona agus sna Prótacail a ghabhann leis, tugtar airí agus oifigigh shinsearacha le chéile a dhéanann ionadaíocht ar gach Páirtí Conarthach i gCoinbhinsiún Barcelona agus sna Prótacail a ghabhann leis. Tiocfaidh na Páirtithe Conarthacha le chéile in Antalya na Tuirce idir an 7 agus an 10 Nollaig 2021.

De réir Airteagal 25 de Choinbhinsiún Barcelona, feidhmeoidh an tAontas Eorpach a cheart vótála agus líon vótaí aige atá cothrom le líon a chuid Ballstát atá ina bPáirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún seo agus i gceann amháin, ar a laghad, de na prótacail a ghabhann leis. Ní fheidhmeoidh an tAontas a cheart vótála nuair a fheidhmeoidh na Ballstáit a gceart vótála féin, ná ní fheidhmeoidh na Ballstáit a gceart vótála nuair a fheidhmeoidh an tAontas a cheart vótála féin.

De réir Riail 43 de Rialacha Nós Imeachta Chruinniú na bPáirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona agus sna Prótacail a ghabhann leis, mura bhforáiltear a mhalairt sa Choinbhinsiún, déanfaidh tromlach dhá thrian de na Páirtithe Conarthacha atá i láthair agus ag vótáil, na prótacail nó na téarmaí tagartha airgeadais, cinntí substainteacha, moltaí agus réitigh.

2.3.An gníomh atá beartaithe ag an 22ú Cruinniú de chuid na bPáirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona agus sna Prótacail a ghabhann leis

De réir Airteagal 6 de Choinbhinsiún Barcelona, déanfaidh na Páirtithe Conarthacha gach beart i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta chun truailliú ar sceitheadh ó longa is cúis leis i limistéar na Meánmhara a chosc, a laghdú, a chomhrac agus, a oiread agus is féidir, a dhíothú agus, chun cur chun feidhme éifeachtach na rialacha sa limistéar sin a áirithiú, déanfaidh siad rialacha maidir leis an gcineál truaillithe seo a rialú a aithnítear go ginearálta ar an leibhéal idirnáisiúnta.

De réir Airteagal 18(1)(vii) de Choinbhinsiún Barcelona, féadfaidh Cruinniú na bPáirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún sin aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil a mheas agus a dhéanamh chun críocha an Choinbhinsiúin agus na bPrótacal a bhaint amach.

Le bunú limistéir rialaithe astaíochtaí ocsaídí sulfair, chomhlíonfaí na cuspóirí thuasluaite trí cheanglais speisialta a thabhairt isteach chun astaíochtaí truailleán aeir ó longa a laghdú sa Mheánmhuir.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Aithníodh arís agus arís eile an gá atá le bithéagsúlacht mhuirí agus éiceachórais mhuirí sa Mheánmhuir a chosaint, lena n‑áirítear sna limistéir mhuirí lasmuigh de dhlínse náisiúnta.

Tá drochthionchair nach beag ag na hastaíochtaí truailleán aeir ó longa ar shláinte an duine, agus ar an gcomhshaol. Bealach amháin chun an dúshlán a bhaineann le hastaíochtaí ó longa a chomhrac is ea an Mheánmhuir a ainmniú, i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a gabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc (‘Coinbhinsiún MARPOL’), mar limistéar rialaithe astaíochtaí ocsaídí sulfair (‘ECA SOx na Meánmhara’), mar a gcuirfear ceanglais speisialta chun feidhme chun astaíochtaí ó longa a laghdú.

De bharr éifeachtaí ceangailteacha dlíthiúla an togra atá beartaithe, is gá don Aontas seasamh a ghlacadh. Ó tharla go bhfuil an togra i gcomhréir le huaillmhian an Aontais maidir le truailliú a laghdú agus feabhas a chur ar chosaint an chomhshaoil, moltar go dtacóidh an tAontas le glacadh an ghnímh atá beartaithe.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear leis an gcoincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear leis freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a bhféadfadh tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh 2 .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is é atá i gCruinniú na bPáirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona agus sna Prótacail a ghabhann leis, comhlacht arna chur ar bun le comhaontú, eadhon Coinbhinsiún Barcelona.

Leis an ngníomh atá beartaithe, cuirfear togra faoi bhráid MEPC 78 de chuid IMO in 2022 chun an Mheánmhuir a ainmniú mar limistéar rialála astaíochtaí ocsaídí sulfair (‘ECA SOx na Meánmhara’). Dá bhrí sin, an gníomh sin a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla aige.

Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach Choinbhinsiún Barcelona agus na bPrótacal a ghabhann leis.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí leis an nós imeachta maidir leis an gcinneadh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh‑chomhpháirt agus an ceann eile a shainaithint mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, eadhon an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Baineann príomhchuspóir agus príomhinneachar an ghnímh atá beartaithe le cosaint an chomhshaoil.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 192(1) CFAE an bunús dlí substainteach leis an gcinneadh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Ba cheart Airteagal 192(1) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith mar bhunús dlí leis an gcinneadh atá beartaithe.

2021/0349 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara (‘Coinbhinsiún Barcelona’) faoi Chinneadh a ghlacadh chun an Mheánmhuir, ina hiomláine, a ainmniú mar limistéar rialála astaíochtaí ocsaídí sulfair (‘ECA SOx na Meánmhara’) de bhun Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc (‘Coinbhinsiún MARPOL’)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Thug an tAontas an Coinbhinsiún leasaithe maidir le Cosaint na Meánmhara ar Thruailliú (‘Coinbhinsiún Barcelona’) i gcrích le Cinneadh 1999/802/CE ón gComhairle 3 agus tháinig sé i bhfeidhm an 9 Iúil 2004.

(2)De bhun Airteagal 18(1)(vii) de Choinbhinsiún Barcelona, féadfaidh Cruinniú na bPáirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona agus sna Prótacail a ghabhann leis aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil a mheas agus a dhéanamh chun críocha an Choinbhinsiúin agus na bPrótacal a bhaint amach. I gcomhréir le Riail 43 de Rialacha Nós Imeachta Chruinniú na bPáirtithe Conarthacha, mura bhforáiltear a mhalairt sa Choinbhinsiún, leis na prótacail nó na téarmaí tagartha airgeadais, is é tromlach dhá thrian de na Páirtithe Conarthacha, atá i láthair agus ag vótáil a dhéanfaidh na cinntí substainteacha.

(3)Le linn a 22ú cruinniú an 710 Nollaig 2021, maidir leis na Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona agus sna Prótacail a ghabhann leis, tá siad chun Cinneadh a ghlacadh maidir le togra a chur faoi bhráid an 78ú seisiún de Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí (‘MEPC 78’) de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (‘IMO’) in 2022. Is togra é sin chun an Mheánmhuir, ina hiomláine, a ainmniú mar limistéar rialála astaíochtaí ocsaídí sulfair (‘ECA SOx na Meánmhara’) agus sonrófar leis sin dáta a theacht i bhfeidhm.

(4)An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag Cruinniú na bPáirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona agus sna Prótacail a ghabhann leis, is gá é sin a bhunú toisc go gcuirfear togra faoi bhráid MEPC 78 de chuid IMO leis an gCinneadh atá beartaithe, thar ceann eagraíocht ina bhfuil an tAontas ina Pháirtí, chun an Mheánmhuir, ina hiomláine, a ainmniú mar limistéar rialála astaíochtaí ocsaídí sulfair (‘ECA SOx na Meánmhara’), agus dá bhrí sin, is é atá i nglacadh an ghnímh sin gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla aige.

(5)Ó tharla go bhfuil sé de chuspóir ag an gCinneadh atá beartaithe go dtiocfaidh nuashonrú ar na ceanglais maidir le cosaint na Meánmhara as, i gcomhréir le huaillmhian an Aontais truailliú a laghdú sa chomhshaol muirí agus sláinte an duine a chosaint, moltar go dtacóidh an tAontas le glacadh an Chinnidh.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ag an 22ú cruinniú de chuid na bPáirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona agus sna Prótacail a ghabhann leis, is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais tacú le glacadh an Chinnidh maidir le togra a chur faoi bhráid an 78ú seisiún de Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí (‘MEPC 78’) de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (‘IMO’), chun an Meánmhuir, ina hiomláine, a ainmniú mar limistéar rialaithe astaíochtaí ocsaídí sulfair (‘ECA SOx na Meánmhara’) mar aon le dáta a theacht i bhfeidhm.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 322, 14.12.1999, lch. 3243.
(2)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(3)    IO L 322, 14.12.1999, lch. 3243.
Top