AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,28.10.2021
COM(2021) 656 final
2021/0340(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SEC(2021) 379 final} - {SWD(2021) 299 final} - {SWD(2021) 300 final} - {SWD(2021) 301 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Gealltanais an Aontais faoi Choinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (‘Coinbhinsiún Stócólm’) arna fhormheas le Cinneadh 2006/507/CE ón gComhairle, agus gealltanais an Aontais faoin bPrótacal a ghabhann le Coinbhinsiún 1979 ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha (‘an Prótacal maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha’) arna fhormheas le Cinneadh 2004/259/CE ón gComhairle, déantar na gealltanais a chur chun feidhme le Rialachán (AE) Uimh. 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha (an Rialachán maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha).
Is é príomhchuspóir an togra oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh faoi Choinbhinsiún Stócólm a chur chun feidhme, i gcás na substaintí atá laistigh dá raon feidhme, agus, go sonrach, na hoibleagáidí sin a ghabhann leis an Rialachán maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha. Dá bhrí sin, is é príomhchuspóir an togra sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar na héifeachtaí díobhálacha arb iad substaintí POP is siocair leo agus astaíochtaí truailleán orgánach marthanach ó dhramhaíl a dhíothú nó a íoslaghdú. Agus é sin á chur san áireamh, tá de chuspóirí ginearálta ag an tionscnamh seo freisin cothromaíocht optamach le huaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a áirithiú, a mhéid is féidir, timthriallta ábhair atá saor ó thocsaineacht a bhaint amach, an athchúrsáil agus an chiorclaíocht a mhéadú agus astaíochtaí GCT a laghdú.
Na fadhbanna arb iad substaintí POP is siocair leo, baineann siad lena n‑airíonna intreacha fisiceacha agus ceimiceacha, leis an dóigh agus an áit ar úsáideadh iad, agus leis na héifeachtaí díobhálacha a bhaineann lena scaoileadh de réir a chéile ar shláinte an duine, ar éiceachórais agus ar na seirbhísí atá á soláthar acu sin. Ar dhóigh nó ar dhóigh eile, aithnítear go bhfuil éifeachtaí díobhálacha fadtéarmacha ag na substaintí POP uile ar orgánaigh bheo. Is fada buan a mhaireann siad sa chomhshaol agus sa chorp agus ní mó ná go bhfuil aon phointe ar domhan dá iargúlta é nach féidir iad a iompar chuige gan athrú, i bhfad ó áit a dtáirgthe nó a n‑úsáidte.
Ar bhealach is coincréití, is é is aidhm don tionscnamh seo, i gcás substaintí áirithe agus grúpaí áirithe substaintí, na teorainneacha tiúchana a shocraítear in Iarscríbhinní IV agus V den Rialachán maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha a thabhairt cothrom le dáta, ar teorainneacha tiúchana iad lena gcinntear an dóigh a gcóireáiltear dramhaíl ina bhfuil truailleáin orgánacha mharthanacha, go háirithe an féidir í a athchúrsáil nó ar cheart í a scriosadh nó a chlaochlú go mbeidh sí do-aisiompaithe. Tugtar Iarscríbhinní IV agus V den Rialachán i gcomhréir le Coinbhinsiún Stócólm agus le hIarscríbhinn I den Rialachán maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha leis an nuashonrú seo trí ailíniú leis na substaintí a liostaítear iontu agus trí theorainnluachanna tiúchana a thabhairt isteach ina leith. Na teorainnluachanna maidir le roinnt substaintí a liostaítear cheana féin, cuirtear in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil iad freisin leis.
Ba cheart bainistiú dramhaíola POP, lena n‑áirítear í a athchúrsáil i gcás inar féidir, a dhéanamh ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, agus ar bhealach a bhfuil tionchair íosta ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol aige. Ba cheart na hábhair thánaisteacha a thagann as sin a bheith sábháilte i gcónaí le húsáid, iad oiriúnach don fheidhm agus, a mhéid is féidir, saor ó shubstaintí tocsaineacha. Ba cheart dó an méid a scaoiltear substaintí tocsaineacha amach sa chomhshaol a laghdú freisin, agus rannchuidiú amhlaidh leis an uaillmhian maidir le truailliú nialasach trína dtionchar ar an gcomhshaol agus ar an tsláinte a laghdú. Chun é sin a bhaint amach, ní mór teicneolaíochtaí oiriúnacha, úrscothacha sórtála agus dí‑éilliúcháin a bheith ar fáil.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Leagtar síos sa Rialachán maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha rialacha reatha an Aontais maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha a bhainistiú. Ina theannta sin, i dtaca le hoibleagáidí an Aontais a bhaineann le truailleáin orgánacha mharthanacha a onnmhairiú, cuirtear na hoibleagáidí sin chun feidhme le Rialachán (AE) Uimh. 649/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Leasaítear leis an togra Iarscríbhinní IV agus V den Rialachán maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha, déantar gealltanais an Aontais i gcomhthéacs Choinbhinsiún Stócólm agus an Phrótacail a chur chun feidhme, agus tá an togra comhsheasmhach le Coinbhinsiún Basel maidir le gluaiseachtaí trasteorann agus diúscairt dramhaíola guaisí agus dramhaíola eile. Cuirtear chun feidhme leis an togra, i gcás na substaintí atá faoina raon feidhme, oibleagáid na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Basel a áirithiú go ndéantar bainistiú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol ar dhramhaíl ghuaiseach agus dramhaíl eile. Leis na luachanna a leagtar amach in Iarscríbhinn IV den Rialachán maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha, cuirtear chun feidhme ar leibhéal an Aontais coincheap ‘luachanna ísle tiúchana maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha’ a liostaítear i gCoinbhinsiún Basel ina luachanna neamhcheangailteacha faoi ‘Threoirlínte teicniúla ginearálta maidir le bainistiú neamhdhíobhálach don chomhshaol ar dhramhaíl atá comhdhéanta de thruailleáin orgánacha mharthanacha, ina bhfuil truailleáin orgánacha mharthanacha nó atá éillithe acu’.
•
Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra comhsheasmhach leis an gcuspóir atá sa Straitéis Ceimiceán um an Inbhuaine, ceimiceáin a bhfuil éifeacht ainsealach acu ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol (cineál amháin substaintí is ábhar imní) a íoslaghdú agus a ionadú, a mhéid is féidir, agus deireadh a chur leis na cinn is díobhálaí de réir a chéile i bhfeidhmeanna atá neamhriachtanach don tsochaí, go háirithe na ceimiceáin sin i dtáirgí tomhaltais.
Ar an gcuma chéanna, tá an togra comhsheasmhach leis an gcuspóir, a chuirtear chun cinn sa Chomhaontú Glas don Eoraip, an aeráidneodracht a bhaint amach san Eoraip faoi 2050, agus comhsheasmhach le Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach nua a chur chun feidhme chun forbairt na bpríomh-mhargaí le haghaidh táirgí aeráidneodracha agus le haghaidh táirgí ciorclacha a spreagadh san Aontas agus níos faide i gcéin. Tá an togra i gcomhréir freisin leis an Teachtaireacht maidir le Plean Gníomhaíochta um Thruailliú Nialasach, inar shainigh an tAontas fís maidir le truailliú nialasach faoi 2050, faoina dtarlódh laghdú ar thruailliú aeir, uisce agus ithreach go leibhéil nach measfaí a bheith díobhálach don tsláinte agus d’éiceachórais nádúrtha a thuilleadh agus lena bhfantar i mbun na measarthachta lena bhfuil ár bpláinéad in ann a bheith ag teacht.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is ar Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhaineann le cosaint an chomhshaoil a bhunaítear an togra, ós rud é go saothraítear cuspóir comhshaoil den chuid is mó leis na bearta a comhaontaíodh faoi Choinbhinsiún Stócólm, eadhon astaíochtaí truailleán orgánach marthanach a dhíothú nó a laghdú.
Sonraítear in Airteagal 15(2) den Rialachán maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha nach mór don Choimisiún athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar Iarscríbhinní IV agus V agus go ndéanfaidh sé tograí reachtacha, i gcás inarb iomchuí, chun na hIarscríbhinní sin a leasú chun iad a oiriúnú do na hathruithe ar liosta na substaintí a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún nó leis an bPrótacal nó chun iontrálacha nó forálacha atá cheana féin sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a choigeartú chun iad a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.
•Coimhdeacht
Maidir le substaintí POP laistigh de raon feidhme an togra seo, iompraítear thar theorainneacha inmheánacha an Aontais, i bhfad óna bhfoinsí iad, agus is tosaíocht ina leith sin scaoileadh ó dhramhaíl ina bhfuil truailleáin orgánacha mharthanacha a sheachaint.
Córas lena ráthaítear bainistiú fónta dramhaíl POP, ní bheidh sé éifeachtúil ag cosaint an chomhshaoil agus shláinte an duine ach amháin má shainmhínítear agus má bhunaítear rialacha comhchoiteanna ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, ní féidir leis na Ballstáit ina n‑aonar cuspóirí an togra a bhaint amach toisc gur riachtanach cur chuige comhchuibhithe chun a áirithiú go ndéanfaidh an tAontas, i gcáil Páirtí i gCoinbhinsiún Stócólm, a oibleagáidí idirnáisiúnta a chomhlíonadh.
•Comhréireacht
Ceanglaítear leis an Rialachán maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha aird a thabhairt ar an gcomhréireacht, mar a léirítear in aithris 34 den Rialachán. Féachtar le gníomhaíochtaí a dhéanann institiúidí an Aontais a leabú laistigh de theorainneacha sonraithe le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar síos in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
Tá na bearta sa togra teoranta don mhéid is gá chun a chuspóirí a ghnóthú agus cuirtear san áireamh iontu na forálacha in Airteagal 5 de Phrótacal uimhir 2 a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, ina léirítear go ndéanfar‘aird a thabhairt leis na dréachtghníomhartha reachtacha ar an ngá atá ann aon ualach, bíodh sé ina ualach airgeadais nó ina ualach riarthach, a bheidh ar an Aontas, ar rialtais náisiúnta, ar údaráis réigiúnacha nó áitiúla, ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar shaoránaigh, a íosmhéadú agus é a bheith comhchuimseach leis an gcuspóir a bheidh le gnóthú’.
Tacaítear sa mhodheolaíocht lena socraítear na teorainnluachanna, a bhfuil cur síos uirthi in Iarscríbhinn IV den mheasúnú tionchair, le teorainnluachanna a fhorbairt a bheidh indéanta agus infheidhmithe maidir le gach sruth dramhaíola ábhartha. Déantar measúnú ar indéantacht theicniúil agus eacnamaíoch na dteorainnluachanna atá beartaithe le haghaidh na bpríomhoibreoirí a ndéantar difear dóibh; is go sainiúil don chás agus ar bhonn na faisnéise atá ar fáil a dhéantar gach measúnú. Cuirtear san áireamh gnéithe amhail líon, méid agus cineál na bpáirtithe leasmhara a ndéanfar difear dóibh agus a gcumas measta costais agus infheistíochtaí breise a ionsú, chomh maith le hacmhainn cóireála na n‑oibreoirí dramhaíola.
Tá achoimre i gcuid 8.2 den mheasúnú tionchair ar anailís ar thionchar na roghanna beartais tosaíochta.
•An rogha ionstraime
Faoi Airteagal 15(2) den Rialachán maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha, ní mór don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha a dhéanamh chun Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann leis an Rialachán a leasú, chun iad a oiriúnú do na hathruithe ar liosta na substaintí a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún nó leis an bPrótacal, nó chun iontrálacha nó forálacha atá ann cheana féin sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a choigeartú chun iad a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. Dá bhrí sin, mar a fhorordaítear le hAirteagal 15(2), tá an tionscnamh seo i bhfoirm Rialachán lena leasaítear an Rialachán maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
I bhfianaise chineál teoranta, teicniúil an togra seo, agus i bhfianaise athmhúnlú an Rialacháin maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha in 2019, measadh nach raibh gá le haon mheastóireacht ex post ar an reachtaíocht atá ann cheana.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Bhí an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo faoi réir comhairliúchán mion le páirtithe leasmhara chun a áirithiú gur léiríodh agus go mbreithníodh go cuí tuairimí na bpáirtithe leasmhara. I bhfianaise chineál teicniúil an togra agus leibhéal domhain na mionsonraithe a ghabhann leis, díríodh an measúnú go príomha chuig páirtithe leasmhara gairmiúla, acadúla agus tionsclaíocha/earnála, chomh maith le hionadaithe ón tsochaí shibhialta amhail eagraíochtaí neamhrialtasacha, comhlachais tomhaltóirí agus ceardchumainn.
Foilsíodh an Treochlár um Measúnú Tionchair Tionscanta an 29 Bealtaine 2020 agus tugadh an tréimhse chomhairliúcháin i gcrích an 7 Lúnasa 2020; fuarthas aiseolas ó 51 fhreagróir. Léiríodh san anailís a rinneadh ar na freagairtí sin roinnt neamhréireachtaí ar leith idir páirtithe leasmhara maidir leis an dóigh le déileáil le truailleáin orgánacha mharthanacha sa gheilleagar ciorclach.
Cuireadh in iúl i gcuid mhaith freagairtí, go háirithe ó eagraíochtaí neamhrialtasacha, nach comhoiriúnach dá chéile geilleagar ciorclach atá sábháilte agus dramhaíl ina bhfuil truailleáin orgánacha mharthanacha a athchúrsáil. Na truailleáin orgánacha mharthanacha a bhaint amach as slabhra an tsoláthair an tosaíocht san argóint sin, thar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le táirgí den sórt sin a athchúrsáil. Is caolchúisí an léargas a thugtar i bhfreagairtí ón tionscal agus cuirtear in iúl iontu gur minic beartais an Aontais, lena bhféachtar le ‘timpeallacht saor ó thocsaineach’ chomh maith le tuilleadh athchúrsála a bhaint amach, gur minic sin ag teacht salach ar a chéile, rud a fhágann ar chrann oibreoirí dramhaíola rialacha nach bhfuil intuartha agus nach bhfuil inchomhalta i gcónaí. Thug dhá chomhlachas le fios gur cheart níos mó tacaíocht phoiblí a chur ar fáil chun infheistíochtaí nua a chothú i sórtáil agus dí‑éilliú dramhaíola, mar go bhféadfaí tuilleadh athchúrsála agus athchúrsáil is fearr a dhéanamh dá thairbhe.
Ina theannta sin, rinneadh comhairliúchán spriocdhírithe le páirtithe leasmhara i gcomhthéacs an staidéir tacaíochta, inar cuimsíodh gach gné a bhain leis an measúnú tionchair, lena n‑áirítear gnéithe socheacnamaíocha, trí bhíthin ceistneoir leictreonach agus agallaimh le páirtithe leasmhara a dhéanann ionadaíocht ar phríomhearnálacha agus príomheagraíochtaí. Baintear leas freisin sa mheasúnú tionchair, lena dtacaítear leis an togra seo, as faisnéis faoi thuairimí na bpáirtithe leasmhara agus na sochaí i gcoitinne, maidir le substaintí ar ábhar imní iad in ábhair athchúrsáilte, tuairimí a bailíodh le linn an chomhairliúcháin phoiblí oscailte faoi chomhrac na reachtaíochta ceimiceáin, táirge agus dramhaíola. Tugadh aghaidh sa chomhairliúchán sin, a rinneadh in 2018, ar ghnéithe níba leithne, nach raibh chomh teicniúil céanna agus a bhain leis an mbeart sin, agus dá bhrí sin, bhí an fhaisnéis sin ar fáil cheana féin agus baineadh úsáid aisti chun tacú leis an mbeart. Foilsíodh tuarascáil achomair ar an gcomhairliúchán sin an 28 Feabhra 2019.
Tá cuntas mionsonraithe ar chomhairliúcháin na bpáirtithe leasmhara agus ar thorthaí na gcomhairliúchán céanna san áireamh in Iarscríbhinn 2 den mheasúnú tionchair.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Chun tacú leis an anailís ar an measúnú tionchair, bhronn an Coimisiún conradh tacaíochta ar shainchomhairleoirí seachtracha: ‘Study to support the assessment of impacts associated with the review of limit values in waste for POPs listed in Annexes IV and V of Regulation (EU) 2019/1021’ (RPA/INERIS, 2021) [Staidéar chun tacú leis an measúnú ar thionchair a bhaineann leis an athbhreithniú ar theorainnluachanna maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha a liostaítear in Iarscríbhinní IV agus V de Rialachán (AE) 2019/1021 sa dramhaíl]. Bhí seasamh an mheasúnaithe freisin ar staidéar a rinneadh chun tacú le leasú a rinneadh roimhe ar Iarscríbhinní IV agus V den Rialachán maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha, go háirithe i gcás ollsreafaí substaintí agus dramhaíola, a rinneadh i gcomhthéacs athmhúnlú Rialachán (CE) Uimh. 850/2004: ‘Study to support the review of waste related issues in Annexes IV and V of Regulation (EC) 850/2004’ (Ramboll Environment & Health GmbH, January 2019) [Staidéar chun tacú leis an athbhreithniú ar shaincheisteanna a bhaineann leis an dramhaíl in Iarscríbhinní IV agus V de Rialachán (AE) Uimh. 850/2004] (Ramboll Environment & Health GmbH, Eanáir 2019).
I dteannta an dá staidéar sin, breithníodh freisin ar fhaisnéis atá i staidéir roimhe sin faoi shubstaintí ábhartha, staidéir a rinneadh chun tacú le leasuithe a rinneadh roimhe ar an Rialachán maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha:
·Study on waste related issues of newly listed POPs and candidate POPs (ESWI Consortium, April 2011) [Staidéar ar shaincheisteanna a bhaineann leis an dramhaíl i gcás truailleáin orgánacha mharthanacha nualiostaithe agus truailleáin orgánacha mharthanacha is iarrthóirí] (ESWI Consortium, Aibreán 2011)
·Study to facilitate the implementation of certain waste related provisions of the Regulation on Persistent Organic Pollutants (POPs) (BiPRO, August 2005) [Staidéar chun a éascú forálacha áirithe den Rialachán maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha (POPanna) a bhaineann leis an dramhaíl a chur chun feidhme] (BiPRO, Lúnasa 2005)
Rinne Grúpa Stiúrtha Idirsheirbhíse um Measúnú Tionchair cúnamh a thabhairt freisin chun an measúnú tionchair chun tacú leis an togra a fhorbairt. Bhunaigh Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil an grúpa sin a tháinig sé le chéile ceithre huaire ó mhí Iúil 2020 go mí an Mheithimh 2021.
•Measúnú tionchair
Measúnú tionchair an bun faisnéise leis an togra. Tar éis dul i ngleic le barúlacha an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála, barúlacha a eisíodh ina chéad thuairim an 5 Márta 2021, fuarthas tuairim dhearfach ar an measúnú tionchair an 29 Meitheamh 2021, ach bhí roinnt agús léi. Ina thuairim dheiridh, d’iarr an Bord tuilleadh sonraí maidir leis an modheolaíocht a úsáideadh chun na teorainnluachanna éagsúla a mholadh maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha laistigh de raon feidhme an togra.
Tagraíonn na roghanna beartais a breathnaíodh sa mheasúnú tionchair do raon teorainnluachanna a ghabhann le luachanna in Iarscríbhinn IV atá le moladh maidir leis na substaintí éagsúla laistigh de raon feidhme an togra. Sainmhínítear luachanna in Iarscríbhinn IV (ar a dtugtar ‘teorainneacha ísle tiúchana maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha’ freisin) in Airteagal 7(4)(a) den Rialachán maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha. Sainmhínítear leo luach substaintí POP i ndramhaíl nach mór an dramhaíl a scriosadh nó a chlaochlú go mbeidh sí do-aisiompaithe má bhaintear an luach sin amach nó má sháraítear é. Is amhlaidh a chiallaíonn sin gur féidir dramhaíl a bhfuil truailleáin orgánacha mharthanacha inti faoi bhun an luacha sin a chóireáil ar bhealaí eile, lena n‑áirítear í a athchúrsáil.
I gcás gach substainte atá laistigh de raon feidhme an togra, déantar cur síos i Rogha Beartais 1 ar an mbonnlíne reatha agus sin é an luach is airde a mheastar (nó easpa teorann i gcás substaintí nach liostaítear go fóill). Faoin mbonnlíne, ní thabharfaí isteach aon athrú in Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann leis an Rialachán maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha. Ciallaíonn sin nach n‑áireofaí substaintí nualiostaithe faoin gCoinbhinsiún sna hIarscríbhinní ábhartha. Bheadh feidhm aige sin freisin maidir le substaintí a bhfuil teorainneacha socraithe cheana féin leo faoin Rialachán maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha, agus a moltar ina leith ón dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, athbhreithniú a dhéanamh orthu.
Léirítear luachanna i lár an raoin atá á mheas le Rogha Beartais 2. Sa rogha sin, moltar teorainnluachanna nua a bhunú faoi Iarscríbhinn IV maidir le substaintí nua agus moltar teorainnluachanna a chur chun doichte maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha liostaithe áirithe i gcás inar féidir údar a thabhairt leis sin. Baineann an chéad chás le PFOA, ar substaint nualiostaithe é, lena shalainn agus lena chomhdhúile PFOA-ghaolmhara. Níor breithníodh luach idirmheánach Rogha 2 maidir le déchófól ná peinteaclóraifeanól. Maidir leis na substaintí atá fágtha laistigh de raon feidhme an togra seo – PBDEnna, HBCDD, SCCPanna agus dé-ocsainí agus fúráin (lena n‑áirítear dl-PCBanna) – breithníodh teorainnluach meánraoin sa mheasúnú tionchair.
Faoi Rogha Beartais 3, moltar teorainnluachanna is déine in Iarscríbhinn IV maidir le hocht substaint. I gcás PBDEnna, déantar anailís ar Rogha 3 ina dhá fho-rogha, rogha amháin acu lena gcuirtear an teorainnluach atá níos ísle i bhfeidhm láithreach agus an rogha eile acu lena meastar moille 5 bliana sa chur chun feidhme tar éis theacht i bhfeidhm an bhirt (agus Rogha 2 á cur chun feidhme idir an dá linn).
Breithníodh Rogha Beartais 4, rogha ina bhfuil luach íseal breise, maidir le dé-ocsainí agus fúráin (PCDD/Fs). Tá an rogha bhreise sin ann chun measúnú a dhéanamh an bhféadfaí luach níos ísle a shocrú in Iarscríbhinn IV maidir leis na substaintí sin, chomh maith le luach sonrach níos ísle a shocrú mar fho-rogha bhreise, luach nach n‑úsáidfear ach amháin mar theorainn le dramhaíl neamhchóireáilte a chuirtear go díreach ar thalamh (e.g. i bhfeidhmeanna talmhaíochta).
Cuirtear i láthair sa tábla seo a leanas raon luachanna (roghanna beartais) d’Iarscríbhinn IV maidir le gach substaint/grúpa substaintí a breithníodh:
Táblaí 1 agus 2: Roghanna beartais a breithníodh le haghaidh teorainneacha in Iarscríbhinn IV
|
Tábla 1
|
Rogha 1
(bonnlíne)
|
Rogha 2
|
Rogha 3
|
|
PFOA, a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara (mg/kg)
|
-
|
50 maidir le PFOA agus a shalainn;
2 000 maidir le comhdhúile gaolmhara
|
0.025 maidir le PFOA agus a shalainn;
1 maidir le comhdhúile gaolmhara#
|
|
Déchófól (mg/kg)
|
-
|
-
|
50
|
|
Peinteaclóraifeanól (PCP), a shalann agus a eistir (mg/kg)
|
-
|
-
|
100
|
|
Suim 5 PBDE (mg/kg)
|
1 000
|
500
|
200
|
|
SCCPanna (mg/kg)
|
10 000
|
1 500
|
420
|
|
HBCDD (mg/kg)
|
1 000
|
500
|
100
|
Nóta: Níl aon luach bonnlíne ar fáil maidir le PFOA, déchófól ná PCP, ós rud é gur substaintí nualiostaithe iad sin.
|
Tábla 2
|
Rogha 1 (bunlíne)
|
Rogha 2
|
Rogha 3
|
Rogha 4
|
|
Dé-ocsainí agus fúráin*
(mg/kg)
|
0.015
|
0.010
|
0.005+ (0.001)
|
0.001++ (0.00005)
|
*: Déantar measúnú freisin ar a oiriúnaí atá sé PCBanna dé-ocsainiúla a chur san áireamh sa luach grúpa le haghaidh dé-ocsainí agus fúrán.
+/++: Maidir le dé-ocsainí agus fúráin, sainmhínítear i Roghanna 3 agus 4 luach is infheidhme go ginearálta maidir le gach oibríocht bhainistithe dramhaíola. Áirítear iontu a mbeirt fo-rogha a d’fhéadfadh a bheith ann lena n‑áireofaí teorainnluach sonrach breise idir lúibíní nach mbeadh feidhm aige ach amháin maidir le dramhaíl a chur ar thalamh.
Tar éis measúnú a dhéanamh ar thionchar comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch na roghanna beartais éagsúla a breithníodh le haghaidh luachanna in Iarscríbhinn IV maidir le substaintí ábhartha POP, cuirtear na roghanna tosaíochta i dtábhacht sa tábla thíos.
Tábla 3: Rogha tosaíochta le haghaidh teorainneacha in Iarscríbhinn IV (scáthaithe)
|
Substaint
|
Rogha 1
Bunlíne
|
Rogha 2
|
Rogha 3
|
Rogha 4
|
|
PBDEnna
|
1 000 mg/kg
|
500 mg/kg
|
Cur chun feidhme tosaigh 500 mg/kg, agus laghdú ina dhiaidh sin go 200 mg/kg 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na teorann tosaigh
|
Ní bhaineann le hábhar
(ní bhaineann le hábhar)
|
|
HBCDD
|
1 000 mg/kg
|
500 mg/kg
|
100 mg/kg
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
PCDD/Fs (dé-ocsainí agus fúráin)
|
0.015 mg TEQ/kg
|
0.010 mg TEQ/kg
|
0.005 mg TEQ/kg
|
0.001 mg TEQ/kg
|
|
PCBanna dé-ocsainiúla
|
Gan breithniú sonrach ar dl-PCBanna (san áireamh cheana féin i dteorainn iomlán 50 mg/kg maidir le PCB)
|
Sainmhíniú ar theorainn shonrach neamhspleách maidir le dl-PCBanna
|
dl-PCBanna a chur san áireamh sa teorainn maidir le PCDD/Fs
(faoi PCDD/Fanna Rogha 3 – 0.005 mg TEQ/kg)
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
Pairifíní clóirínithe gearrshlabhracha (SCCPanna)
|
10 000 mg/kg
|
1 500 mg/kg
|
420 mg/kg
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
PFOA, a shalainn agus a chomhdhúile gaolmhara
|
Ní ann do theorainneacha
|
50 mg/kg (PFOA agus salainn)
2 000 mg/kg (comhdhúile PFOA-ghaolmhara)
|
1 mg/kg maidir le PFOA agus salainn agus 40 mg/kg maidir le comhdhúile PFOA-ghaolmhara
[Tabhair do d’aire: Moltar an luach thuas in ionad Rogha 3 a measadh ar dtús:
0.025 mg/kg (PFOA agus salainn)
1 mg/kg (comhdhúile PFOA-ghaolmhara)]
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
Peinteaclóraifeanól (PCP), a shalainn agus a eistir
|
Ní ann do theorainneacha
|
Ní bhaineann le hábhar
|
100 mg/kg
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
Déchófól
|
Ní ann do theorainneacha
|
Ní bhaineann le hábhar
|
50 mg/kg
|
Ní bhaineann le hábhar
|
Le cois na luachanna in Iarscríbhinn IV thuas, breithnítear sa mheasúnú tionchair freisin, i gcás na substaintí a bhfuil liostú nua beartaithe ina leith, rogha beartais aonair ar luach í atá le háireamh in Iarscríbhinn V den Rialachán. Ar mhaithe leis an gcomhsheasmhacht, moltar an tsubstaint decaBDE a chur san áireamh freisin sa teorainnluach maidir le PBDEnna (liostaithe). Déantar tagairt do na luachanna in Iarscríbhinn V in Airteagal 7(4)(b) den Rialachán maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha agus tugtar ‘teorainneacha uastiúchana maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha’ orthu freisin.
Tábla 4: Teorainnluachanna beartaithe le haghaidh Iarscríbhinn V
|
Substaint
|
Luach
|
|
PBDEnna (lena n‑áirítear decaBDE)
|
10 000 mg/kg
|
|
PFOA, a shalainn agus a chomhdhúile gaolmhara
|
50 mg/kg maidir le PFOA agus a shalainn
2 000 mg/kg maidir le substaintí PFOA-ghaolmhara
|
|
Peinteaclóraifeanól (PCP)
|
1 000 mg/kg
|
|
Déchófól
|
5 000 mg/kg
|
Na roghanna beartais tosaíochta a mholtar, tacaítear leo sa mhodheolaíocht a thuairiscítear i roinn 5.2 agus in Iarscríbhinn IV den mheasúnú tionchair. Cuirtear san áireamh iontu na cuspóirí ginearálta maidir le sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint (mar chuspóir uileghabhálach), athchúrsáil agus glacadh amhábhar tánaisteach a mhéadú, agus rannchuidiú le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú (mar thaca le cuspóirí aeráide an Aontais).
Is de thoradh an mhodheolaíocht a chur i bhfeidhm a thagann na luachanna atá beartaithe le haghaidh Iarscríbhinn V agus i ndeireadh na scríbe is ar luachanna in Iarscríbhinn V, luachanna atá comhaontaithe cheana maidir le substaintí comhchosúla, atá siad bunaithe.
Chomh maith leis na substaintí a liostaítear thuas, tugadh aghaidh ar shubstaint bhreise sa mheasúnú tionchair, aigéad sulfónach sárfhluaraiheacsáin (PFHxS). Rinne an Coiste um Athbhreithniú ar POPanna, ag feidhmiú dó faoi Choinbhinsiún Stócólm, cinneadh a ghlacadh á mholadh go mbreithneodh Comhdháil na bPáirtithe (COP) PFHxS, a shalainn agus a chomhdhúile PFHxS-ghaolmhara a liostú in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún gan díolúintí sonracha. De dheasca phaindéim COVID‑19, cuireadh moill ar an gcinneadh maidir leis an gcuimsiú sin, cinneadh a bhí beartaithe do mhí Iúil 2021 ar dtús, agus tá sé le déanamh anois sa chuid de COP10 de Choinbhinsiún Stócólm lena linn a dtiocfar i gceann a chéile atá beartaithe don 6‑17 Meitheamh 2022. Ós rud é nach liostaítear PFHxS go fóill faoin gCoinbhinsiún, níltear ag beartú faoi láthair é a liostú faoin Rialachán maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha. Má dhéantar liostú den sórt sin faoin gCoinbhinsiún le linn an phróisis comhchinnteoireachta d’fhéadfaí a mholadh go n‑áireofaí sa Rialachán é bunaithe ar an anailís a rinneadh sa mheasúnú tionchair.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Níor sainaithníodh aon bheart simpliúcháin, ós rud é go ndeachaigh cleachtadh athmhúnlaithe ar an Rialachán maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha le déanaí. Tá an tionscnamh teoranta do luachanna a leagan síos maidir le substaintí sonracha in Iarscríbhinní IV agus V den Rialachán maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha; dá bhrí sin, leantar raon feidhme agus formáid atá sainithe go docht ó thaobh dlí de sa togra.
•Cearta bunúsacha
De dheasca bainistíocht mhíchuí ar shubstaintí guaiseacha, go háirithe ar thruailleáin orgánacha mharthanacha, cuirtear le truailliú an chomhshaoil i gcoitinne, truailliú a d’fhéadfadh cur isteach go mór ar an gceart chun na beatha, ar an gceart chun sláine an duine, ar an gceart ar dhálaí oibre atá ceart agus cóir agus ar an gceart chun comhshaoil fholláin.
Is leis an Rialachán maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha a dhéantar forálacha Choinbhinsiún Stócólm agus an Phrótacail a chur chun feidhme san Aontas. Agus prionsabail 14 agus 15 de Dhearbhú Rio maidir leis an gComhshaol agus leis an bhForbairt á n‑áireamh, foráiltear leis an Rialachán bearta chun scaoileadh truailleán orgánacha marthanacha a íoslaghdú – agus d’fhonn iad a dhíothú, i gcás inar féidir, a luaithe is féidir. Bunaítear leis freisin forálacha maidir le dramhaíl arb éard í aon cheann de na substaintí sin, ina bhfuil aon cheann de na substaintí sin nó atá éillithe ag aon cheann díobh.
Leasaítear leis an togra Iarscríbhinní IV agus V den Rialachán maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha, lena gcuirtear ar chumas an Aontais cloí lena ghealltanais, maidir leis na substaintí a thagann faoi raon feidhme an togra, arna ndéanamh ag an Aontas faoi Choinbhinsiún Stócólm agus faoin bPrótacal.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní mheastar iarmhairtí buiséadacha a bheith ann don Choimisiún Eorpach leis an mbeart atá beartaithe. Dá bhrí sin, ní chuirtear ráiteas airgeadais reachtach ar fáil.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairisciúcháin
Is oibleagáid atá ann cheana faoin Rialachán faireachán a dhéanamh ar thionchar agus ar éifeachtacht an Rialacháin maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha, lena n‑áirítear a fhorálacha maidir le dramhaíl; dá bhrí sin, níl aon bheart ná sásra breise beartaithe sa togra seo. Foilsítear go rialta tuarascálacha sintéise a ullmhaíonn an gCoimisiún, agus atá bunaithe ar thuairisciú na mBallstát ar chur chun feidhme an Rialacháin maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha.
•Doiciméid mhíniúcháin
Ós rud é gur Rialachán, atá infheidhme go díreach sna Ballstáit, an ionstraim dlí atá beartaithe, níl gá le doiciméad míniúcháin.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Déantar foráil in Airteagal 1 maidir le hIarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 a leasú.
Tá forálacha in Airteagal 2 maidir le teacht i bhfeidhm an bhirt.
Tá forálacha sonracha in Iarscríbhinn lena leasaítear Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2019/1021.
2021/0340 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Maidir leis na gealltanais a leagtar amach i gCoinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (‘Coinbhinsiún Stócólm’ anseo feasta) arna bhformheas thar ceann an Chomhphobail le Cinneadh 2006/507/CE ón gComhairle, agus sa Phrótacal a ghabhann le Coinbhinsiún 1979 ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha arna bhformheas thar ceann an Chomhphobail i gCinneadh 2004/259/CE ón gComhairle, déantar na gealltanais sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais le Rialachán (AE) Uimh. 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha.
(2)Ag an seachtú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún, a tionóladh ón 4 go dtí an 15 Bealtaine 2015, comhaontaíodh peinteaclóraifeanól, a shalainn agus a eistir (‘peinteaclóraifeanól’) a chuimsiú in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. Ag an naoú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún, a tionóladh ón 29 Aibreán go dtí an 10 Bealtaine 2019, comhaontaíodh déchófól chomh maith le haigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara a chuimsiú in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. I bhfianaise na leasuithe sin ar an gCoinbhinsiún agus chun a áirithiú go ndéanfar dramhaíl ina bhfuil na substaintí sin a bhainistiú i gcomhréir le forálacha an Choinbhinsiúin, is gá Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 a leasú freisin trí pheinteaclóraifeanól, déchófól agus aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara a chuimsiú sna hIarscríbhinní agus teorainn tiúchana gach ceann ar leith díobh a lua.
(3)Liostaíodh peinteaclóraifeanól roimhe in Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le Rialachán (AE) 2019/636 ón gCoimisiún, agus luach 100 mg/kg luaite maidir leis in Iarscríbhinn IV agus luach 1 000 mg/kg luaite maidir leis in Iarscríbhinn V. Aisghaireadh Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 le Rialachán (AE) 2019/1021, ach fágadh peinteaclóraifeanól ar lár go neamhbheartaithe ón Rialachán sin. Is gá, dá bhrí sin, Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 a leasú chun peinteaclóraifeanól a chur san áireamh.
(4)Tá teorainneacha tiúchana cheana féin ann in Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 maidir leis na substaintí nó na grúpaí substaintí seo a leanas: a) suim na tiúchana éitir teitreabrómaidhéfheinile, éitir peinteabrómaidhéfheinile, éitir heicseabrómaidhéfheinile, éitir heipteabrómaidhéfheinile agus éitir deacabrómaidhéfheinile (seachas an t‑éitear deiridh, éitear nach liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin); b) Heicseabrómaiciogladóideacán; c) Alcáin C10-C13, clóra (pairifíní clóirínithe gearrshlabhracha) (SCCPanna); agus d) débheinsea-p-dé-ocsainí polaclóirínithe agus débheinseafúráin pholaclóirínithe (PCDD/PCDF). De bhun Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2019/1021, is iomchuí na teorainneacha tiúchana in Iarscríbhinn IV a leasú maidir leis na substaintí sin chun a dteorainnluachanna a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. Chun bheith comhsheasmhach leis an liosta d’éitir défheinile pholabróimínithe (PBDEnna) a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021, ba cheart an tsubstaint éitear deacabrómaidhéfheinile a chuimsiú i measc na PBDEnna a liostaítear sa tríú colún d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin.
(5)Ós rud é go bhfuil airíonna tocsaineolaíocha ag gabháil le foghrúpa ina bhfuil 12 chomhaicmeach PCB, ar a dtugtar PCBanna dé-ocsainiúla (dl-PCBanna), airíonna tocsaineolaíocha atá cosúil go mór le hairíonna tocsaineolaíocha PCDD/PCDF, agus chun éifeacht chomhiomlánaithe na gcomhdhúl dé-ocsainiúil uile a liostaítear i Rialachán (AE) 2019/1021 a chur san áireamh, is iomchuí dl-PCBanna a chuimsiú san iontráil ghrúpa atá ann cheana le haghaidh PCDD/PCDF in Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021. Ba cheart an liosta de luachanna fachtóra coibhéise tocsaineachta i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú freisin chun na luachanna comhfhreagracha a thabhairt isteach i gcás na gcomhaicmeach dl-PCB aonair.
(6)Na teorainneacha tiúchana a mholtar in Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021, socraíodh iad trí bhíthin na modheolaíochta céanna lenar bunaíodh na teorainneacha tiúchana i leasuithe a rinneadh roimhe seo ar Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 850/2004. Na teorainneacha tiúchana a mholtar, ba cheart iad a bheith sa chaoi go mbainfear amach leo an cuspóir maidir le leibhéal ard cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol, cosaint lena ngabhann scriosadh nó claochlú do-aisiompaithe na substaintí lena mbaineann. Agus na teorainneacha sin á socrú, ba cheart an cuspóir beartais leathan a chur san áireamh, eadhon gnóthú an chuspóra maidir le geilleagar aeráidneodrach ciorclach, a chumhdaítear sa Chomhaontú Glas don Eoraip..
(7)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/1021 a leasú dá réir.
(8)Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le tréimhse leordhóthanach ionas go mbeidh cuideachtaí agus údaráis inniúla in ann iad féin a chur in oiriúint do na ceanglais nua.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón [Nóta chuig Oifig na bhFoilseachán: cuirtear isteach dáta 6 mhí tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh].
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán