AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,27.10.2021
COM(2021) 653 final
2021/0336(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Tháinig an Comhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta) i bhfeidhm an 7 Lúnasa 2007. Foráiltear le hAirteagal XII (2) den Chomhaontú ‘go mbeidh sé bailí ar dtús ar feadh tréimhse 5 bliana agus go bhféadfar é a athnuachan le comhaontú idir na Páirtithe tar éis meastóireachta le linn na bliana leithdheireanaí de chuid gach tréimhse athnuachana’. Rinneadh an Comhaontú a athnuachan den uair is déanaí in 2017 agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an 7 Lúnasa 2022, mura ndéanfaidh na Páirtithe é a athnuachan le haghaidh an chéad tréimhse 5 bliana eile.
Ón uair dheireanach a rinneadh an Comhaontú a athnuachan (Cinneadh 2018/343/AE, lean an Bhrasaíl de bheith ag déanamh cur chun cinn maidir lena heolaíocht, teicneolaíocht agus nuálaíocht (STI) a fhorbairt. Tá an Bhraisíl mar a bheadh mór-roinn ann féin de bharr a fairsinge agus a hacmhainní, feadfar a mheas gur ‘lárionad mór eolaíoch’ i mór-roinn Meiriceá Laidineach í. Leanann an tír de bheith ina príomh-chomhpháirtí STI de chuid an Aontais sa réigiún, agus comhar sa taighde agus sa nuálaíocht (T&N) ina mbunchlocha tábhachtacha dearfacha i gcónaí maidir le caidreamh foriomlán an Aontais leis an tír seo.
Is iad cláir réime an Aontais maidir le taighde agus nuálaíocht na hionstraimí is tábhachtaí i dtaca le comhar. I measc tríú tíortha neamhchomhlachaithe, ba í an Bhrasaíl an 6ú tír ba ghníomhaí in Fís 2020 (sin breis agus 25 % de rannpháirtíocht thíortha iomlána Meiriceá Laidineach agus Mhuir Chairib), a raibh ráta rathúlachta i bhfad os cionn an mheáin aici. Léiríonn an mheastóireacht a rinne an Coimisiún go soiléir go soláthraítear creat tábhachtach leis an gComhaontú chun comhar idir an tAontas agus an Bhrasaíl a éascú i réimsí tosaíochtaí comhchoiteannaeolaíochta agus teicneolaíochta, a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh dá bharr.
Le linn shaolré Fís 2020 (2014-2020), i measc na dtorthaí a bhí ar an gcomhar idir pobal taighde an Aontais agus pobal taighde na Brasaíle, bhí forbairt bhreise ar an taighde agus ar an nuálaíocht mhuirí thrasatlantach laistigh den Chomhghuaillíocht Thrasatlantach um Thaighde ar an Aigéan, bunaithe ar Ráiteas Belém leis an Aontas agus an Afraic Theas. Chomh maith leis sin, rinneadh comhar tábhachtach i leith an taighde sláinte, lenar tugadh aghaidh do dhúshláin domhanda ar nós víreas Zika, agus bhí an Bhrasaíl an-rannpháirteach sna glaonna ar thograí a sheol an tAontas in 2016. Ní mór béim a chur ar an gcomhar tairbheach maidir le haghaidh a thabhairt ar COVID-19, nuair a ghlac eintitis na Brasaíle páirt in dhá thionscadal faoi ‘ghlaonna éigeandála’ a sheol an Coimisiún Eorpach, chomh maith leis an bpáirt a ghlac siad faoi thionscnaimh iltaobhacha, go háirithe an Comhar Taighde Domhanda um Ullmhacht do Ghalair Thógálacha (GloPID-R). Thairis sin, le cúig bliana anuas chuidigh rannpháirtíocht dhearfach eintiteas de chuid na Brasaíle i dtionscadail bhonneagar taighde chun bonneagar taighde Meiriceá Laidineach agus Mhuir Chairib a mhapáil.
Chuir Comhaontú Comhair, faoin gComhaontú, arna shíniú in 2013, agus arna athnuachan in 2018, idir an tAirmheán Comhpháirteach Taighde agus an Aireacht Eolaíochta, Teicneolaíocht agus Nuálaíochta de chuid na Brasaíle, chuir sé le comhar déthaobhach i go leor réimsí eadhon cosc tubaistí agus bainistiú géarchéime, faireachán a dhéanamh ar fhalscaithe agus díghrádú foraoisí trí bhíthin cianbhraiteachta; athrú aeráide agus amhábhair chriticiúla.
De ghnáth, íocann eintitis dhlíthiúla i dtríú tíortha ardioncaim neamhchomhlachaithe na costais maidir lena rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí comhair faoi chlár réime an Aontais maidir le taighde agus nuálaíocht. Sa chomhthéacs sin, is fiú a thabhairt faoi deara gur síníodh an Comhshocrú Riaracháin idir Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle agus comhlachtaí Maoinithe Stáit na Brasaíle agus an Coimisiún Eorpach i mí Bhealtaine 2018 , agus é d’aidhm aige comhar a éascú leis na Gníomhaireachtaí a chur maoiniú ar fáil d’eintitis dhlíthiúla na Brasaíle a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochta comhair Fís 2020. Tá comhshocrú comhchosúil le síniú i gcomhthéacs Fís Eorpach chomh maith, a áiritheofar go mbeidh tacaíocht ag eintitis de chuid na Brasaíle maidir lena rannpháirtíocht i dtionscadail Fís Eorpach a roghnaítear le haghaidh maoinithe.
Deimhníodh i gcruinniú de chuid Chomhchoiste Stiúrtha AE-na Brasaíle um Eolaíocht agus Teicneolaíocht an 24 Márta 2021 na dinimicí dearfacha inár bplé sna réimsí thuasluaite, agus an fhéidearthacht ann go leanfar de chomhar taighde agus nuálaíochta déthaobhach agus go gcuirfear dlús faoin gcomhar sin faoi Fís Eorpach (2021-2027). Is dea-thuar é seo ar fad maidir le deiseanna rannpháirtíocht na Brasaíle i Misin agus Comhpháirtíochtaí Fís Eorpach a bheidh ann amach anseo. Anuas air sin, tá an Bhrasaíl le sonrú go láidir i bpleanáil forbartha SEGS ar feadh na tréimhse 2021-2027 le go leor Tionscnamh Fhoireann na hEorpa (TEInna) de chuid AE-na Brasaíle, atá dírithe ar chuspóirí uileghabhálacha an Aontais. Leis sin, athdhearbhaítear seasamh na Brasaíle mar chomhpháirtí straitéiseach STI de chuid an Aontais chomh maith leis an acmhainneacht shuntasach maidir le sineirgíochtaí.
I bhfianaise an mhéid sin thuas, is chun leasa an Aontais atá sé an Comhaontú maidir le comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle a athnuachan ar feadh tréimhse nua de 5 bliana.
Dheimhnigh an dá Pháirtí gur mian leo an Comhaontú a athnuachan trí litreacha a mhalartú, arna ndátú an 11 Bealtaine 2021 agus an 24 Bealtaine 2021.
Is ionann an t‑inneachar ábhartha a bheidh sa Chomhaontú athnuaite agus an t‑inneachar ábhartha atá sa Chomhaontú reatha.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an tionscnamh seo go hiomlán i gcomhréir le Teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2021 maidir leis an gCur Chuige Domhanda i leith Taighde agus Nuálaíochta ‘Straitéis na hEorpa don chomhar idirnáisiúnta i saol athraitheach’ (COM(2021)252 final/2).
Sampla luachmhar ar leith den Chomhghuaillíocht Dhomhanda, arna cur chun cinn ag an Aontas agus an Bhrasaíl, is ea an Chomhghuaillíocht Thrasatlantach um Thaighde ar an Aigéan, a luadh cheana, Comhghuaillíocht a spreag go mór coincheap iomlán na gComhghuaillaíochtaí Domhanda sa Teachtaireacht thuasluaite. Sampla eile is ea Misean um Nuálaíocht (MI), ar tionscnamh domhanda é de chuid 22 thír agus an Aontais, a bhfuil sé d’aidhm aige dlús a chur faoin iarracht nuálaíocht a dhéanamh maidir le fuinneamh glan. Tagann breis agus 90 % d’infheistíocht phoiblí an domhain maidir le taighde agus nuálaíocht um fhuinneamh glan ó bhaill MI. Tá an tAontas agus an Bhrasaíl ina mbaill ghníomhacha de MI, eadhon i réimse na mbithbhreoslaí.
Tacaíonn an Straitéis um an gCur Chuige Domhanda leis an gcoincheap gur cheart ‘rannpháirteachas níos láidre a lorg leis an mBrasaíl [...] agus le comhpháirtithe eile de chuid an Aontais sa réigiún, i réimsí amhail an claochlú glas agus an claochlú digiteach, sláinte, nó réitigh chomhchoiteanna ar théarnamh inbhuanaithe a fhorbairt. Beidh tionchar mór ag an gcomhar méadaithe le clár Spáis an Aontais agus moil Copernicus agus ionaid Galileo nua i Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib chun nuálaíocht agus taighde a chur chun cinn sa réigiún.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Deimhnítear le Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais gur gné thábhachtach de chuid bheartas seachtrach an Aontais an comhar taighde agus go sainaithnítear comhar taighde mar eilimint riachtanach de naisc shocheacnamaíocha níos láidre, go háirithe i dtíortha i Meiriceá Laidineach. Tá sé tábhachtach a lua freisin go n‑athdheimhnítear tiomantas an Aontais i ndáil le hoscailteacht idirnáisiúnta agus urraim do bhunluachanna i réimse an taighde agus na nuálaíochta i dTeachtaireacht an Choimisiúin maidir le Cur Chuige Domhanda i leith Taighde agus Nuálaíocht. Ar an gcaoi sin, meabhraítear sa teachtaireacht an tábhacht a bhaineann le comhar iltaobhach chomh maith le comhar déthaobhach le comhpháirtithe idirnáisiúnta éagsúla, lena n‑áirítear an Bhrasaíl. Léirítear tosaíochtaí beartais uileghabhálacha an Aontais, amhail an Comhaontú Glas agus forbairt inbhuanaithe, an claochlú digiteach agus sláinte domhanda, i gcaidreamh déthaobhach STI an Aontais leis an mBrasaíl, go háirithe i gcomhar sa chlár Fís Eorpach.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá cumhacht an Aontais Eorpaigh gníomhú go hidirnáisiúnta sa taighde agus i bhforbairt teicneolaíochta bunaithe ar Airteagal 186 CFAE. Is é pointe (a)(v) an dara fomhír d’Airteagal 218(6) CFAE bunús dlí nós imeachta an togra.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Oiriúnacht Rialála agus simpliú
Ní cuid de chlár oibre REFIT an tionscnamh seo
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl ach acmhainní daonna agus riaracháin ag teastáil agus leagtar amach iad sa ‘Ráiteas Airgeadais Reachtach’.
I bhfianaise na mbreithniúchán thuas, iarrann an Coimisiún ar an gComhairle:
-
formheas a dhéanamh, thar ceann an Aontais agus le toiliú ó Pharlaimint na hEorpa, ar athnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle a mbeidh feidhm aige, tar éis dhul in éag na 5 bliana, ar feadh tréimhse bhreise 5 bliana (i.e. ó 8.8.2022 go 7.8.2027);
-
Uachtarán na Comhairle a údarú chun go n‑ainmneoidh sé an duine nó na daoine dá dtabharfar de chumhacht fógra thabhairt do Rialtas Phoblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle go bhfuil tugtha chun críche ag an Aontas na nósanna imeachta inmheánacha is gá chun go dtiocfaidh an Comhaontú athnuaite seo i bhfeidhm.
2021/0336 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 186, i gcomhar le pointe (a)(v) den dara fomhír d’Airteagal 218(6) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Cinneadh 2005/781/CE, d’fhormheas an Chomhairle tabhairt chun críche an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle (‘an Comhaontú’).
(2)I gcomhréir le hAirteagal XII den Chomhaontú, tiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm ar an dáta a thabharfaidh an dá Pháirtí fógra i scríbhinn dá chéile gur comhlánaíodh a gcuid nósanna imeachta inmheánacha faoi seach is gá chun go dtiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm. Bhí an Comhaontú bailí ar dtús ar feadh tréimhse 5 bliana agus féadfar é a athnuachan le comhaontú idir na Páirtithe tar éis meastóireachta le linn na bliana leathdheireanaí de chuid gach tréimhse athnuachana.
(3)Le Cinntí 2012/646/AE agus 2018/343/AE, d’fhormheas an Chomhairle athnuachan an Chomhaontaithe go ceann tréimhse bhreise 5 bliana an dá uair.
(4)Deimhnigh an dá Pháirtí sa Chomhaontú gur mian leo an Comhaontú a athnuachan go ceann 5 bliana leis an malartú litreacha idir eatarthu, arna ndátú an 11 Bealtaine 2021 agus an 24 Bealtaine 2021.
(5)Ba cheart athnuachan an Chomhaontaithe a fhormheas thar ceann an Aontais,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déantar leis seo athnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle, go ceann tréimhse bhreise 5 bliana, a fhormheas thar ceann an Aontais.
Airteagal 2
Ainmneoidh Uachtarán na Comhairle an duine nó na daoine dá dtabharfar de chumhacht fógra a thabhairt do Phoblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle, thar ceann an Aontais, go ndearna an tAontas a chuid nósanna imeachta inmheánacha is gá chun go ndéanfar an Comhaontú a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal XII(2) den Chomhaontú.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
Ábhar
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:
1.4.Cuspóirí
1.4.1.Cuspóirí ginearálta
1.4.2.Cuspóirí sonracha
1.4.3.Na torthaí agus an tionchar a bhfuil coinne leo
1.4.4.Táscairí feidhmíochta
1.5.Forais an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais atá le comhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme an tionscnaimh ar bhonn céimneach
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain mar thoradh ar chomhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
1.6.Fad agus tionchar airgeadais
1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
2.2.Córas bainistíochta agus rialúcháin
2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialúcháin atá beartaithe
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialúcháin inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
2.2.3.Meastachán ar chost‑éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialúcháin ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar ioncam
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
Straitéis bheartais agus comhordú Ard-Stiúrthóireachtaí RTD, AGRI, CLIMA, JRC, EAC, ENER, GROW, CNECT, MARE, MOVE agus SANTE go háirithe.
1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:
◻ gníomhaíocht nua
◻ gníomhaíocht nua a leanann treoirthionscadal/réamhghníomhaíocht
☑ síneadh ar ghníomhaíocht atá ann cheana
◻ gníomhaíocht nó gníomhaíochtaí a chumasc nó a atreorú i dtreo gníomhaíocht eile/gníomhaíocht nua
1.4.Cuspóirí
1.4.1.Cuspóirí ginearálta
Leis an tionscnamh seo féadfaidh an dá pháirtí an comhar eatarthu a fheabhsú agus a neartú i réimsí leasa coitinn eolaíochta agus teicneolaíochta.
1.4.2.Cuspóirí sonracha
Cuspóir sonrach
Leis an gcinneadh seo ba cheart don dá pháirtí an comhar eatarthu a fheabhsú agus comhpháirtíocht níos straitéisí a fhorbairt trí scála agus raon feidhme an chomhair atá ann cheana a mhéadú, aghaidh a thabhairt ar dhúshláin mhóra shochaíocha chomhchoiteanna agus tríd an rochtain chómhalartach ar chláir agus ar mhaoiniú a chur chun cinn. Beifear in ann comhar réigiúnach a mhéadú i gcás inarb iomchuí leis an gcinneadh freisin.
1.4.3.Na torthaí agus an tionchar a bhfuil coinne leo
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
Leis an gcinneadh seo féadfaidh an Bhrasaíl agus an tAontas araon comhshochar a bhaint as an dul chun cinn eolaíochta agus teicneolaíochta a bhainfear amach trí chomhar taighde ina gcláir taighde féin agus trí ghníomhaíochtaí comhair leanúnacha. Leis sin, féadfar saineolas a mhalartú a thuilleadh agus fios gnó a aistriú, rud a rachaidh chun tairbhe do chomhphobal eolaíochta, d’earnáil tionsclaíochta agus do shaoránaigh an dá Pháirtí.
1.4.4.Táscairí feidhmíochta
Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn agus ar ghnóthachain.
Déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin faireachán leanúnach ar na gníomhaíochtaí uile a dhéantar faoin gComhaontú, lena n‑áirítear meastóireacht ag an Aontas ar ghníomhaíochtaí comhair. Áireofar leis an meastóireacht sin na heilimintí seo a leanas, i measc eilimintí eile:
(a) táscairí comhair —anailís ar an líon eintiteas de chuid na Brasaíle agus ar chineál rannpháirteachais na n‑eintiteas de chuid na Brasaíle i gcláir arna maoiniú ag an Aontas (e.g. an líon tograí, an líon comhaontuithe deontais sínithe, príomhnaisc chomhair, príomhthéamaí; an t‑aschur a ghintear) agus vice-versa (nuair a bhíonn na sonraí ar fáil);
(b) táscairí feidhmíochta — ráta rathúlachta eintiteas de chuid na Brasaíle atá rannpháirteach i gcláir réime an Aontais i gcomparáid le tríú tíortha eile, leis na Ballstáit nó le tíortha comhlachaithe; anailís ar cháilíocht na rannpháirtíochta (e.g. an líon ollscoileanna is airde rangú atá rannpháirteach sa chlár, an líon paitinní agus foilseachán a eascraíonn as tionscadail chomhoibríocha);
(c) bailiú sonraí maidir le gníomhaíochtaí comhair agus naisc thar na cláir taighde ar leith agus measúnú ar thionchar na ngníomhaíochtaí sin, amhail rannpháirtíocht i dtionscnaimh iltaobhacha agus i meithleacha.
1.5.Forais an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais atá le comhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme an tionscnaimh ar bhonn céimneach
Leis an tionscnamh seo féadfaidh an dá pháirtí an comhar eatarthu a fheabhsú agus a neartú i réimsí eolaíochta agus teicneolaíochta ar mhaithe le sochar frithpháirteach.
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain mar thoradh ar chomhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.
Tá méadú seasta ag teacht ar an gcomhar sa taighde agus sa nuálaíocht idir an Bhrasaíl agus an Aontas le blianta anuas. Le rannpháirtíocht an Aontais Eorpaigh féadfar gníomhaíochtaí lena mbainfidh scála agus raon feidhme méadaithe a bheith ann ar mhaithe le leas na mBallstát uile. Le hathnuachan an Chomhaontaithe seo féadfaidh an tAontas rochtain níos fearr a fháil ar eolas eolaíochta arna tháirgeadh sa Bhrasaíl agus dul i mbun tuilleadh gníomhaíochtaí comhair a mbeidh malartú breise eolais agus teicneolaíochtaí ann dá mbarr. Soláthrófar rochtain níos éasca ar mhargadh na Brasaíle do chuideachtaí Eorpacha freisin.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
Ar bhonn na taithí a fuarthas go dtí seo i réimse an chomhair eolaíochta agus teicneolaíochta, meastar gur chun an tsochair fhrithpháirtigh é leanúint den chomhar taighde leis an mBrasaíl, mar chomhpháirtí straitéiseach de chuid an Aontais sa taighde agus sa nuálaíocht.
1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
Meastar go bhfuil athnuachan an Chomhaontaithe leis an mBrasaíl comhleanúnach go hiomlán agus i gcomhréir leis an gcreat beartais foriomlán maidir le Comhar Idirnáisiúnta sa Taighde agus sa Nuálaíocht, eadhon an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2021 a glacadh le déanaí maidir leis an gCur Chuige Domhanda i leith Taighde agus Nuálaíochta, straitéis na hEorpa le haghaidh comhar idirnáisiúnta i ndomhan atá ag athrú (COM(2021)252 final/2)
Lorgófar sineirgí le hionstraimí eile de chuid an Aontais i réimse comhair AE-na Brasaíle, go háirithe trí thionscnaimh Fhoireann na hEorpa sa réigiún, leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta agus le go leor tionscnamh earnálach de chuid an Choimisiúin, go háirithe sna hArd-Stiúrthóireachtaí EAC, CNECT, DEFIS, ENV, CLIMA agus REGIO, i measc Ard-Stiúrthóireachtaí eile.
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
Tá na riachtanais airgeadais chun an gníomh atá beartaithe a chumhdach ar fáil laistigh den Chlár Fís Eorpach (leithreasuithe riaracháin). Cumhdóidh an Coimisiún comhordú an ghnímh atá beartaithe agus cur chun feidhme an ghnímh go hinmheánach, agus meastar go n‑éileofar 0.5 FTE go bliantúil ar feadh fad an ghnímh atá beartaithe leis an miondealú seo a leanas:
Bliain 2022: 7 mí de thuarastal de 0.5 oifigigh
Blianta 2023-2026: 12 mhí de thuarastal de 0.5 oifigigh
Bliain 2027: 5 mí de thuarastal de 0.5 oifigigh
1.6.Fad agus tionchar airgeadais
☑ tréimhse theoranta
–☑
Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón 08/8/2022 go dtí an 07/8/2027
–☑
Tionchar airgeadais ón 08/08/2022 go dtí an 07/08/2027
◻ tréimhse neamhtheoranta
–Cur chun feidhme ag a bhfuil tréimhse tosaigh ó BBBB go BBBB,
–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
☑ Bainistíocht dhíreach a dhéanfaidh an Coimisiún
–◻ ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
–◻
a dhéanfaidh na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
◻ Bainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit
◻ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
–◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;
–◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (le sonrú);
–◻ an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
–◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;
–◻ comhlachtaí dlí poiblí;
–◻ comhlachtaí a rialaítear leis an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraíonn siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
–◻ comhlachtaí a rialaítear leis an dlí príobháideach Ballstáit, a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
–◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme sa Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála de bhun Theideal V CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.
–I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Barúlacha’ le do thoil.
Nótaí
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.
Déantar faireachán ar rannpháirtíocht na Brasaíle sa chlár réime ar bhonn rialta trí chruinnithe de chuid an Chomhchoiste stiúrtha arna bhunú faoi Airteagal VI den Chomhaontú.
2.2.Córas bainistíochta agus rialúcháin
2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialúcháin atá beartaithe
Déanfar an tionscnamh atá beartaithe i gcomhthéacs Chlár Réime Fís Eorpach i leith Taighde agus Nuálaíochta a chur chun feidhme trí mhodh na bainistíochta dírí.
Mar ghníomhaíocht a bheidh le déanamh go hiomlán ag oifigeach beartais de chuid an Choimisiúin, is é bainistíocht dhíreach an modh cur chun feidhme is iomchuí. Go sonrach, is príomhghníomhaíochtaí na seirbhíse cur chun feidhme de chuid an Choimisiúin – ‘Cur Chuige Domhanda & Comhar Idirnáisiúnta sa Taighde agus sa Nuálaíocht’ Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta – na príomhchúraim ionchasacha is gá maidir le cur chun feidhme mar is ceart na ngníomhaíochtaí atá beartaithe, amhail idirphlé beartais, measúnú ar thimpeallacht comhair AE-na Brasaíle sa taighde agus sa nuálaíocht, tosaíochtaí comhchomhair agus cúraim chomhchoiteanna a shainaithint.
Féadfar cúraim tacaíochta bhreise de chineál eagrúcháin, lóistíochta, riaracháin agus comhairleach a shannadh faoi chreatchonradh a bheidh ann amach anseo i leith gníomhaíochtaí tacaíochta maidir leis an gcomhar idirnáisiúnta sa taighde agus sa nuálaíocht. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar na cúraim tacaíochta sin, a cheaptar chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht an ghnímh atá beartaithe a mhéadú, agus fanfaidh siad faoina bhainistiú díreach.
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialúcháin inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
Bíonn cruinnithe agus teagmhálacha déthaobhacha ann ar bhonn rialta trínar féidir eolas agus rialú a roinnt go córasach. Níor aithníodh aon riosca sa chóras rialaithe.
2.2.3.Meastachán ar chost‑éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialúcháin ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Bearta coisc agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe a shonrú.
Nuair a éilítear le cur i bhfeidhm an Chláir Réime go n‑úsáidtear conraitheoirí seachtracha nó nuair is éard atá i gceist leis go ndeonaítear ranníocaíochtaí do thríú páirtithe, tabharfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, faoi iniúchtaí airgeadais, go háirithe má bhíonn údar amhrais aige i leith nádúr réalaíoch na hoibre arna déanamh nó a ndéantar cur síos uirthi sna tuarascálacha ar ghníomhaíochtaí.
Is iad a thabharfaidh faoi iniúchtaí airgeadais an Aontais Eorpaigh a fhoireann féin nó saineolaithe cuntasaíochta arna bhformheas i gcomhréir le dlí an pháirtí a ndéanfar iniúchadh air. Is faoi shaoirse a roghnóidh an tAontas Eorpach na saineolaithe, agus seachnóidh sé ag an am céanna aon riosca maidir le coimhlintí leasa a d’fhéadfadh a bheith curtha in iúl dó ag an bpáirtí a ndéanfar an t‑iniúchadh air. Anuas air sin, áiritheoidh an Coimisiún, agus é ag déanamh na ngníomhaíochtaí taighde, go gcosnaítear leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh le seiceálacha éifeachtacha agus, i gcás ina mbraitear neamhrialtachtaí, le bearta agus le pionóis dhíspreagthacha chomhréireacha.
Chun an aidhm seo a bhaint amach, déanfar rialacha maidir le seiceálacha, bearta agus pionóis, agus tagairt iontu do Rialacháin Uimh. 2988/95, Uimh. 2185/96 agus Uimh. 883/2013, a ionchorprú sna conarthaí uile a úsáidtear i gcur chun feidhme an Chláir Réime.
Ní mór, go háirithe, foráil a dhéanamh maidir leis na pointí a leanas sna conarthaí:
- go dtabharfar isteach clásail chonartha shonracha lena gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí sheiceálacha agus rialuithe a dhéanamh maidir leis an obair arna déanamh;
- go ndéanfar seiceálacha riaracháin mar chuid de bhearta frithchalaoise, i gcomhréir le Rialacháin Uimh. 2185/96, Uimh. 883/2013;
go gcuirfear i bhfeidhm pionóis riaracháin le haghaidh na neamhrialtachtaí intinneacha nó faillíocha uile i gcur chun feidhme na gconarthaí, i gcomhréir le Creat-Rialachán Uimh. 2988/95, lena n‑áirítear sásra dúliostála;
gurb amhlaidh nach mór d’aon ordú gnóthaithe i gcás neamhrialtachtaí agus calaoise, a bheith in-fhorfheidhmithe i gcomhréir le hAirteagal 299 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Mar bhreis air sin agus mar ghnáthbheart, beidh clár rialaithe ann i leith gnéithe eolaíochta agus buiséadacha, clár a dhéanfaidh an fhoireann fhreagrach in Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta; déanfaidh an tAonad um Iniúchóireacht Inmheánach de chuid Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta iniúchadh inmheánach; agus déanfaidh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa cigireachtaí áitiúla.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar
·Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne buiséid
|
An cineál
caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Ceannteideal 1 – an Margadh aonair, Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha– Taighde agus Nuálaíocht – Fís Eorpach
|
Leithreasuithe difreáilte (LD) / Leithreasuithe neamhdhifreáilte (LN).
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
|
1
|
01 01 01 01
|
Neamhdhif.
|
TARLAÍONN
|
TARLAÍONN
|
TARLAÍONN
|
NÍL
|
|
1
|
01 01 01 03
|
Neamhdhif.
|
TARLAÍONN
|
TARLAÍONN
|
TARLAÍONN
|
NÍL
|
·Línte nua bhuiséid atáthar a iarraidh
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne buiséid
|
An cineál
caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Uimhir [Ceannteideal………………………………………]
|
Leithreasuithe difreáilte (LD) / Leithreasuithe neamhdhifreáilte (LN)
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
|
|
[XX.YY.YY.YY]
|
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
☑
Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
◻
Éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
1
|
‘an Margadh aonair, Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha – Taighde agus Nuálaíocht – Fís Eorpach’
|
|
Ard‑Stiúrthóireacht: Taighde agus Forbairt Theicneolaíoch
|
|
|
Bliain
2022
|
Bliain
2023
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
IOMLÁN
|
|
•Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Líne buiséid
|
Gealltanais
|
(1a)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2a)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Líne buiséid
|
Gealltanais
|
(1b)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2b)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
·Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Líne bhuiséid 01 01 01 01
|
Gealltanais agus Íocaíochtaí
|
(3)
|
0.044
|
0.076
|
0.076
|
0.076
|
0.076
|
0.032
|
0.380
|
|
Líne bhuiséid 01 01 01 03
|
Gealltanais agus Íocaíochtaí
|
(3)
|
0.004
|
0.012
|
0.012
|
0.012
|
0.012
|
0.008
|
0.060
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe
le haghaidh AS RTD
|
Gealltanais
|
=1a+1b +3
|
0.048
|
0.088
|
0.088
|
0.088
|
0.088
|
0.040
|
0.440
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=2a+2b
+3
|
0.048
|
0.088
|
0.088
|
0.088
|
0.088
|
0.040
|
0.440
|
•IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
Gealltanais
|
(4)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
•IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach clár sonrach
|
(6)
|
0.048
|
0.088
|
0.088
|
0.088
|
0.088
|
0.040
|
0.440
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 1
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
=4+ 6
|
0.048
|
0.088
|
0.088
|
0.088
|
0.088
|
0.040
|
0.440
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=5+ 6
|
0.048
|
0.088
|
0.088
|
0.088
|
0.088
|
0.040
|
0.440
|
Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:
|
•IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)
|
Gealltanais
|
(4)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
•IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach clár sonrach
|
(6)
|
0.048
|
0.088
|
0.088
|
0.088
|
0.088
|
0.040
|
0.440
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 6
den chreat airgeadais ilbhliantúil
(Méid tagartha)
|
Gealltanais
|
=4+ 6
|
0.048
|
0.088
|
0.088
|
0.088
|
0.088
|
0.040
|
0.440
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=5+ 6
|
0.048
|
0.088
|
0.088
|
0.088
|
0.088
|
0.040
|
0.440
|
Ceanntheideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
7
|
‘Caiteachas riaracháin’
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
|
Bliain
2022
|
Bliain
2023
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain 2026
|
Bliain 2027
|
IOMLÁN
|
|
Ard‑Stiúrthóireacht: <…….>
|
|
• Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
• Caiteachas riaracháin eile
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN AS <…….>
|
Leithreasuithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe
Faoi CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
|
Bliain
2022
|
Bliain 2023
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain2026
|
Bliain2027
|
IOMLÁN
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
0.048
|
0.088
|
0.088
|
0.088
|
0.088
|
0.040
|
0.440
|
|
|
Íocaíochtaí
|
0.048
|
0.088
|
0.088
|
0.088
|
0.088
|
0.040
|
0.440
|
3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Sonraigh cuspóirí agus aschuir
⇩
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Cuir isteach an oiread blianta is gá chun fad an tionchair a léiriú (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
|
|
ASCHUIR
|
|
|
Cineál
|
Meánchostas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
An líon iomlán
|
Costas iomlán
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1…
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2 ...
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin
–◻
Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
–☑
Éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain
2022
|
Bliain
2023
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
IOMLÁN
|
|
CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
0.044
|
0.076
|
0.076
|
0.076
|
0.076
|
0.032
|
0.380
|
|
Caiteachas eile
de chineál riaracháin
|
0.004
|
0.012
|
0.012
|
0.012
|
0.012
|
0.008
|
0.060
|
|
Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
0.048
|
0.088
|
0.088
|
0.088
|
0.088
|
0.040
|
0.440
|
|
IOMLÁN
|
0.048
|
0.088
|
0.088
|
0.088
|
0.088
|
0.040
|
0.440
|
Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad le leithreasuithe ón Ard‑Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistiú an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
–◻
Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.
–☑
Éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
|
Bliain
2022
|
Bliain
2023
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain 2026
|
Bliain 2027
|
|
•Poist le haghaidh an phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
|
|
|
20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
|
|
|
|
|
|
|
20 01 02 03 (Toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
01 01 01 01 (Taighde indíreach)
|
0.35
|
0.5
|
0.5
|
0.5
|
0.5
|
0.25
|
|
01 01 01 11 (Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
•Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)
|
|
|
20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)
|
|
|
|
|
|
|
|
20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 xx yy zz
|
- sa cheanncheathrú
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- i dtoscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
01 01 01 02 (AC, END, INT – Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
01 01 01 12 (AC, END, INT – Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
0.35
|
0.5
|
0.5
|
0.5
|
0.5
|
0.25
|
XX is ea an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.
Baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistiú an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht a chuirfidh na hacmhainní daonna is gá ar fáil, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Tuairisc ar na cúraimí a bheidh le déanamh:
|
Oifigigh agus foireann shealadach
|
Ullmhúchán agus bainistíocht Cruinnithe de chuid an Chomhchoiste atá beartaithe faoi Airteagal VI den Chomhaontú agus misin lena n‑áirithítear dea-fheidhmiú agus cur chun feidhme an Chomhaontaithe, chomh maith le hathbhreithniú rialta.
Déantar ríomhanna go comhréireach de réir fhad an Chomhaontaithe.
|
|
Foireann sheachtrach
|
|
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–☑
is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).
Mínigh cén t‑athshannadh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. Cuir tábla Excel ar fáil i gcás athchlárú mór.
–◻
is gá an corrlach gan leithdháileadh faoi cheannteideal ábhartha CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.
Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.
–◻
is gá athbhreithniú ar CAI.
Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–☑ ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.
–Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir leis an gcómhaoiniú atá measta thíos:
Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Cuir isteach an oiread blianta is gá chun fad an tionchair a léiriú (féach pointe 1.6)
|
Iomlán
|
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar ioncam
–☑
Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra ar ioncam.
–◻
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
–◻
maidir le hacmhainní dílse
–◻
ar ioncam ilghnéitheach
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Líne bhuiséid ioncaim:
|
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha
|
Tionchar an togra/t
|
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Cuir isteach an oiread blianta is gá chun fad an tionchair a léiriú (féach pointe 1.6)
|
|
Airteagal ………….
|
|
|
|
|
|
|
|
|
I gcás ioncam ilghnéitheach atá ‘sannta’, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.
Barúlacha eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).