Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0562

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE

COM/2021/562 final

An Bhruiséil,14.7.2021

COM(2021) 562 final

2021/0210(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2021) 562 final} - {SWD(2021) 635 final} - {SWD(2021) 636 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

75 % de mhéid trádála seachtraí an Aontais agus 31 % de mhéid trádála inmheánaigh an Aontais, sin é méid trádála an mhuiriompair agus is cuid fhíor-riachtanach de chóras iompar na hEorpa agus tá ról ríthábhacht aige i ngeilleagar na hEorpa. Tuairim agus 400 milliún duine a bhíonn ag bordáil loinge agus díbhordáil loinge ag calafoirt an Aontais gach bliain, lena n‑áirítear 14 mhilliún long chúrsála. Tá ról tábhacht ag an muiriompar chun coimirce a thabhairt do nascacht na n‑oileán agus na réigiúin muirí forimeallach leis an gcuid eile den mhargadh aonair 1 . Tá naisc éifeachtúla mhuiriompair fíor-riachtanach do shoghluaisteacht shaoránaigh an Aontais, réigiúin an Aontais a fhorbairt agus do gheilleagar trí chéile.

Tá earnáil an mhuiriompair ag feidhmiú i dtimpeallacht ina bhfuil margaí oscailte agus an iomaíocht idirnáisiúnta i réim. Tá seirbhísí muiriompair laistigh den Aontas ar fáil do longúinéirí uile an Aontais, is féidir le hoibreoirí gach náisiúntachta seirbhísí muiriompar idir Ballstáit den Aontas, agus seirbhísí muiriompair agus idir Ballstáit den Aontas agus tríú tíortha (tíortha nach Ballstáit den Aontas iad), a sholáthar. Tá cothrom na Féinne d’oibreoirí long agus do ghnólachtaí loingseoireachta ríthábhachtach le haghaidh dhea-fheidhmiú mhargadh an Aontais i dtaca leis an muiriompar.

I mí Mheán Fómhair 2020 ghlac an Coimisiún togra chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 55 % faoi 2030 2 , chun an Eoraip a chur ar chosán stuama chun bheith aeráidneodrach faoi 2050. Chun aeráidneodracht a bhaint amach, tá gá le laghdú 90 % ar astaíochtaí iompair faoi 2050. Beidh sé riachtanach ar earnáil gach modha iompair, lena n‑áirítear earnáil an mhuiriompair, cur leis na hiarrachtaí laghdaithe.

Chun laghdú suntasach a dhéanamh ar na hastaíochtaí CO2 ón muiriompar idirnáisiúnta, éilítear níos lú fuinnimh a úsáid (an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú) mar aon le cineálacha fuinnimh níos glaine a úsáid (breoslaí in-athnuaite ísealcharbóin a úsáid). Is é seo a leanas atá sa Teachtaireacht maidir leis an bPlean um Sprioc Aeráide 2030 3 : ‘Beidh ar na hearnálacha eitlíochta agus muiriompair araon iarrachtaí a mhéadú chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht aerárthaí, long agus a n‑oibríochtaí agus chun úsáid breoslaí in-athnuaite a tháirgtear ar bhealach inbhuanaithe agus úsáid breoslaí ísealcharbóin a mhéadú. Déanfar measúnú níos mionsonraithe ar an méid sin i gcomhthéacs an Tionscnaimh Eitlíochta ReFuelEU agus an Tionscnaimh Muirí FuelEU arb é is aidhm dóibh táirgeadh agus úsáid breoslaí malartacha inbhuanaithe sna hearnálacha sin a mhéadú. Ní mór an fhorbairt teicneolaíochta agus cur i bhfeidhm na teicneolaíochta is gá a bheith déanta faoi 2030 chun ullmhú d’athrú i bhfad níos gasta ina dhiaidh sin.’

Maidir leis an meascán breosla muiriompair idirnáisiúnta is breosla in-athnuaite agus nó ísealcharbóin é, ba cheart idir 6 % agus 9 % de bheith ina bhreosla in-athnuaite agus nó ísealcharbóin faoi 2030, agus idir 86 % agus 88 % de faoi 2050, agus sin ag brath ar na cásanna beartais a ndearnadh measúnú orthu faoi chuimsiú Phlean um Sprioc Aeráide 2030 agus chun tacú leis an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste, ionas go gcuirfear le cuspóirí laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud gheilleagar an Aontais 4 .

Luaitear sa Phlean um Sprioc Aeráide nach mór sciar na mbreoslaí in-athnuaite in earnáil an iompair a mhéadú tríd an leictriú, trí bhithbhreoslaí forbartha, trí bhreoslaí in-athnuaite eile agus trí bhreosla ísealcharbóin a fhorbairt mar chuige iomlánaíoch agus comhtháite, agus go mbeidh breoslaí sintéiseacha hidrigin-bhunaithe ríthábhachtach don dícharbónú, go háirithe maidir leis an earnáil eitlíochta agus mhuirí.

An t‑éileamh atá ar an earnáil mhuiriompair breoslaí níos glaine a úsáid, tá sé ar an leibhéal idirnáisiúnta chomh maith. In 2018 ghlac an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta a straitéis tosaigh um astaíochtaí gás ceaptha teasa ó longa a laghdú. Áirítear ar an liosta beart gearrthéarmach a d’fhéadfaí a dhéanamh ón Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta, breoslaí ísealcharbóin malartacha agus breoslaí saor ó charbón a chur chun cinn agus a úsáid agus leictreachas ar tír a sholáthar.

Breoslaí iontaise ar fad is ea an meascán fuinnimh a úsáidtear in earnáil an mhuiriompair. Tá an méid sin amhlaidh de dheasca nach leor na dreasachtaí d’oibreoirí astaíochtaí a laghdú agus de thairbhe easpa roghanna malartacha aibí, inacmhainne agus fónta ar fud an domhain ach bhreoslaí iontaise. Roinnt teipeanna margaidh is cuid den chúis leis na fadhbanna sin agus a dhéanann iad a threisiú. Áirítear orthu sin:

an idirthuilleamaíocht idir soláthar agus dáileadh na mbreoslaí mar aon leis éileamh ar bhreoslaí;

an easpa faisnéise maidir le ceanglais rialála a bheidh ann amach anseo;

saolré fhada na sócmhainní (na soithí agus an bonneagar buncaeireachta).

Sa Tionscnamh Muirí FuelEU moltar creat rialála coiteann an Aontais lena méadófar an sciar sin den mheascán breosla in earnáil an mhuiriompair idirnáisiúnta is breosla in-athnuaite ísealcharbóin gan bacainní a chur ar an margadh aonair.

Breithnithe maidir le bacainní a d’fhéadfadh a bheith ar an margadh aonair, le saobhadh iomaíochta idir oibreoirí agus le hatreorú bealaí trádála, tá tábhacht ar leith ag baint leis na breithnithe sin maidir le riachtanais bhreosla, ós rud é sciar suntasach de chostais oibreoirí long iad costais bhreosla. An sciar sin de chostais oibriúcháin long is costais bhreosla, d’fhéadfadh sé a bheith idir tuairim agus 35 % den last-táille, i gcás tancaer beag, agus tuairim agus 53 %, i gcás soithí coimeádáin/builc. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh na hathruithe sin ar phraghsanna breosla muirí tionchar suntasach a imirt ar fheidhmíocht eacnamaíoch oibreoirí long.

San am céanna, an difreálach praghsanna idir breoslaí traidisiúnta muirí a thagann ó fhoinse iontaise agus breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin, leanann an difreálach sin de bheith ard. Tá gá le hoibleagáidí soiléire aonfhoirmeacha maidir leis an úsáid a bhaineann longa as breoslaí ísealcharbóin in-athnuaite chun t‑iomaíochas a choimeád ar bun agus, san am céanna, an earnáil a stiúradh i dtreo an aistrithe breosla nach mór di a dhéanamh go cinnte.

An intuarthacht mhéadaithe maidir leis an gcreat rialála, táthar ag ceapadh go spreagfaidh sé forbairt teicneolaíochta agus táirgeadh breosla agus go gcuideoidh sé leis an earnáil an fáinne fí atá ann faoi láthair a réiteach, is é sin an t‑éileamh agus an soláthar breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin. Tá gá le ceanglais shoiléire aonfhoirmeacha maidir le húsáid fuinnimh loinge chun an riosca sceite carbóin a mhaolú, agus bíonn earnáil an mhuiriompair i mbaol sceite carbóin i ngeall ar nádúr idirnáisiúnta na hearnála sin agus ar an bhféidearthacht bhuncaeireachta breosla lasmuigh den Aontas. I ngeall ar ghné thrasteorann agus dhomhanda an mhuiriompair, is fearr Rialachán muirí coiteann seachas creat dlíthiúil lena gceanglaítear ar Bhallstáit an Aontais dlí náisiúnta a dhéanamh de reachtaíocht an Aontais. D’fhéadfadh meascán beart náisiúnta, agus ceanglais agus spriocanna éagsúla iontu, a bheith mar thoradh ar an gcreat dlíthiúil sin.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an Tionscnamh Muirí FuelEU mar chuid de ‘phacáiste beart’ atá ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí ón muiriompar agus cothrom na Féinne á choinneáil san am céanna. Tá sé i lán-chomhsheasmhacht le bearta eile a chuirtear i láthair mar chuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ agus cuireann sé le huirlisí beartais atá ann cheana, amhail Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 lena mbunaítear córas an Aontais chun faireachán, tuairisciú agus fíorú (MRV) a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ar fhaisnéis ábhartha eile ó longa móra a úsáideann calafoirt san Aontas.

Meastar go bhfuil gá le pacáiste beart chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh éagsúla agus ar theipeanna margaidh ar leith lena gcuirtear bac ar chur i bhfeidhm bearta maolaithe in earnáil an mhuiriompair. Chomh maith leis an Tionscnamh Muirí FuelEU arb é is aidhm dó an t‑éileamh ar bhreoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a mhéadú, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA) 6 a leathnú chun earnáil an mhuiriompair a chumhdach agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir Cánachas Fuinnimh 7 . Leis an dá thionscnamh sin ba cheart laghdú astaíochtaí costéifeachtach san earnáil a áirithiú agus ba cheart é a áirithiú go léireofar le praghas an iompair an tionchar atá aige ar an gcomhshaol, ar an tsláinte agus ar an tslándáil fuinnimh.

Ina theannta sin, cuimsítear sa phacáiste beart athbhreithniú ar roinnt treoracha eile, lena n‑áirítear an méid seo a leanas:

an Treoir maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha (AFID) 8 ; agus

an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite (RED II) 9 .

In éineacht leis na rialacháin athbhreithnithe sin, tabharfaidh an Coimisiún aghaidh ar an ngá atá le gníomhaíochtaí breise taighde agus nuálaíochta (T&N), go háirithe tríd an gcomhpháirtíocht Uisce-Iompar Astaíochtaí Nialasacha atá beartaithe ag Ardán Teicneolaíochta Uisce-Iompar faoin gclár Fís Eorpach 10 . Déanfaidh sé athbhreithniú ar na Treoirlínte maidir le Státchabhair um chaomhnú comhshaoil agus um fhuinneamh 11 i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, agus dá thoradh sin ba cheart claochlú glas na hearnála a chistiú go leordhóthanach (lena n‑áirítear chun bonneagar muirearaithe ar tír a chur i bhfeidhm), agus saobhadh iomaíochta a sheachaint san am céanna.

Agus aird níos mionsonraithe á tabhairt ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe, níl aon sásra ann faoi láthair ar leibhéal na hEagraíocht Muirí Idirnáisiúnta, nó ar leibhéal an Aontais, chun na seachtrachtaí diúltacha atá san earnáil (costais indíreacha na n‑astaíochtaí nach gcuirtear san áireamh seachas sin) a cheartú. Fágann sé sin nach féidir le hoibreoirí costas sóisialta a gcuid gníomhaíochtaí i dtaca leis an athrú aeráide agus le truailliú aeir, a chur san áireamh ina roghanna oibríochtúla agus roghanna infheistíochta. Tugann an litríocht eacnamaíoch le fios gurb iad na sásraí praghsála an rogha ionstraimí chun costais sheachtracha a ‘inmheánú’. Ar na príomhshamplaí de sin tá cáin socraithe ag leibhéal an chostais sheachtraigh, nó sásra ‘teorannaithe agus trádála’, amhail Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA), lena leagfaí teorainn leis na hastaíochtaí foriomlána agus lena ligfí don mhargadh an praghas iomchuí a chinneadh. Is mar ‘bhearta margadhbhunaithe’ a thugtar tuairisc ar an dá shásra sin.

Mar sin féin, in ainneoin gur féidir laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach ar bhealach costéifeachtach, mar aon le tionchar a imirt ar na cinntí a ghlacann oibreoirí, leis an trádáil astaíochtaí, ní thugtar aghaidh go leormhaith leis an trádáil astaíochtaí ar na bacainní uile roimh réitigh na n‑astaíochtaí ísle agus na n‑astaíochtaí nialasacha.

Tá gá le gníomhaíochtaí beartais breise chun a áirithiú go ndéanfar cothrom na Féinne a choimeád ar bun agus deireadh a chur le bacainní ar infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí agus bonneagar fuinnimh ghlain, lena laghdófaí costais laghdaithe agus lena gcomhlánófar gníomhaíocht CTA AE. Baineann sé sin go háirithe le tacú le bearta maolaithe – amhail breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid in earnáil an mhuiriompair – a bhfuil an-acmhainneacht acu astaíochtaí a laghdú amach anseo ach a bhfuil costais arda laghdaithe orthu faoi láthair chomh maith le bacainní sonracha margaidh rompu.

Cé go gcuirfear feabhas breise ar an éifeachtúlacht fuinnimh le CTA AE chun an earnáil mhuirí a chumhdach, mar aon leis an mbearna i bpraghsanna idir gnáth-theicneolaíochtaí astaíochtaí agus teicneolaíochtaí íseal-astaíochta a chúngú, ach braitheann a cumas tacú le mear-úsáid theicneolaíochtaí breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin san earnáil mhuirí ar a leibhéal praghsanna iarbhír, rud is éadóigh a bheith ar leibhéil leordhóthanacha chun na críche sin sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma.

Ar an gcaoi chéanna, ní raibh tionchar suntasach ag an reachtaíocht a bhaineann leis an soláthar breosla (RED II) agus le bonneagar breosla (AFID) ar ghlacadh breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin san earnáil mhuirí agus ní mór í a chomhlánú le bearta atá in ann éileamh ar bhreoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a chruthú. Ina theannta sin, leis an athbhreithniú ar RED II ní fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar an riosca ard a bhaineann le buncaireacht bhreosla lasmuigh den Aontas don earnáil loingseoireachta.

Níl creat rialála Aontais Eorpaigh ann faoi láthair lena dtugtar aghaidh go sonrach ar úsáid breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin i réimse an mhuiriompair. Beartaítear leis an tionscnamh seo an bhearna sin a líonadh tríd an éileamh ar breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin in earnáil an mhuiriompair a mhéadú agus cothrom iomaíochta agus margadh dea-fheidhmiúil san Aontas a choimeád ar bun maidir le breoslaí muirí agus leis an muiriompar.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh seo glacadh breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin i muiriompar an Aontais a mhéadú agus cothrom na Féinne a choimeád ar bun ar muir agus i mbeart araon, agus cuidiú cuspóirí aeráide agus comhshaoil idirnáisiúnta agus an Aontais a bhaint amach. Tá sé ríthábhachtach meascán breosla níos ilghnéithí agus glacadh breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin ar leibhéal níos airde a chinntiú chun a áirithiú go rannchuideoidh an earnáil le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais faoi 2050, mar a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip. An tráth céanna, tá cur chuige difreáilte maidir le húsáid breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin sa loingseoireacht agus i gcalafoirt tábhachtach chun impleachtaí éagsúla ar thruailliú aeir a chur san áireamh mar aon le ceanglais níos déine do longa i gcalafoirt agus infhaighteacht éagsúil teicneolaíochtaí (tuilleadh roghanna do longa i gcalafoirt).

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh seo leibhéil arda nascachta a choimeád ar bun agus iomaíochas tionsclaíoch san earnáil mhuirí a chaomhnú agus a hinbhuanaitheacht a mhéadú. Le hAirteagal 100(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) tugtar de chumhacht don Aontas forálacha iomchuí le haghaidh an mhuiriompair a leagan síos.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Is earnáil idirnáisiúnta é an muiriompar. San Eoraip, tá tuairim agus 75 % de na haistir a thuairiscítear faoi MRV laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) (agus d’fhéadfadh sé, dá bhrí sin, a bheith ina n‑aistear laistigh den Aontas Eorpach) agus meastar gur tuairim agus 9 % den trácht aistir intíre (aistir idir calafoirt laistigh d’aon Bhallstát amháin den Aontas Eorpach). Dá bhrí sin, tá gné thrasteorann na hearnála ríthábhachtach agus éilítear leis sin gníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais.

Mura mbeadh gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais ann, d’fhéadfadh meascán ceanglas réigiúnach nó náisiúnta a bheith ann lena spreagfaí réitigh theicniúla a fhorbairt, rud a d’fhágfadh nach gá iad a bheith comhoiriúnach lena chéile. Tá straitéisí muirí náisiúnta á bhforbairt cheana féin ag roinnt Ballstát an Aontais lena n‑áirítear cineálacha sonracha cur chuige maidir le hastaíochtaí long agus go háirithe úsáid breoslaí malartacha 12 a bhféadfadh éifeachtaí neamhbheartaithe a bheith acu agus saobhadh ar an margadh. Ós rud é nach bhfuil difear bunúsach idir príomhchúiseanna na faidhbe a sainaithníodh i gcomhthéacs an togra seo ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, agus i bhfianaise ghné thrasteorann ghníomhaíochtaí na hearnála, is fearr is féidir aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin ar leibhéal an Aontais. Le gníomhaíocht an Aontais is féidir an bealach a réiteach chun bearta a fhorbairt amach anseo, agus iad a spreagadh, lena gcuirfear dlús le glacadh breoslaí malartacha ar an leibhéal domhanda 13 .

Le gníomhaíocht an Aontais a rinneadh roimhe seo maidir le saincheisteanna gás ceaptha teasa spreagadh freagairt chomhfhreagrach ón Eagraíocht Mhuir Idirnáisiúnta, go sonrach tar éis don Aontas Rialachán a ghlacadh maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó longa, ghlac an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta Córas éigeantach domhanda comhchosúil maidir le Bailiú Sonraí Gás Ceaptha Teasa. A bhuí le cur chuige comhordaithe ag Ballstáit an Aontais maidir le freagairt d’fhorbairtí ón Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta i laghdú astaíochtaí, áirithíodh le déanaí go n‑áirítear bearta éigeantacha oibríochtúla mar chuid de ghníomhaíochtaí gearrthéarmacha na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta chun gáis ceaptha teasa a laghdú. Cuireann an tAontas tuairim choiteann ó ghrúpa suntasach de Bhallstáit den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta i láthair laistigh d’fhóraim na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta, fágann sé sin gur féidir leis an Aontas tionchar suntasach a imirt ar threo agus ar thoradh phlé na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta.

Comhréireacht

Tá gá leis an tionscnamh seo a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais chun barainneachtaí scála a bhaint amach maidir le glacadh breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin sa mhuiriompar agus chun sceitheadh carbóin a sheachaint, agus chun cothrom na Féinne a áirithiú idir oibreoirí atá ag teacht isteach i gcalafoirt an Aontais agus idir calafoirt an Aontais iad féin. Mar shampla, d’fhéadfadh oibleagáidí a bhunaítear ar an leibhéal náisiúnta maidir le húsáid breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin trácht a atreorú chuig calafoirt atá in iomaíocht lena chéile i mBallstáit eile agus an iomaíocht a shaobhadh. Dá réir sin, tá gá leis an gcomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais chun cothrom na Féinne a áirithiú le haghaidh gach páirtí leasmhara san earnáil mhuirí (go háirithe na hoibreoirí, na calafoirt agus na soláthróirí breosla).

An rogha ionstraime

Dearbhaíodh sa measúnú tionchair go bhfuil gá le bearta ceangailteacha rialála chun na cuspóirí a bhaint amach. Rialachán is ea an ionstraim is iomchuí chun cur chun feidhme comhchoiteann na mbeart atá beartaithe a áirithiú, agus an baol saofa laistigh den mhargadh aonair a laghdú, baol a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar dhifríochtaí sa chaoi a ndéanann Ballstáit an Aontais dlí náisiúnta de na ceanglais. Ós rud é go bhfuil gá le hinfheistíochtaí suntasacha ó sholáthróirí breosla, ó dháileadh breosla agus ó bhrú láidir agus soiléir ó thaobh an athraithe go dtí na breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin, tá sé ríthábhachtach go gcuirfidh an creat rialála tacar aonair, fadtéarmach agus láidir rialacha ar fáil do gach infheisteoir ar fud an Aontais. Go sonrach, tá sé tábhachtach nach gcruthófar meascán beart náisiúnta ar an leibhéal náisiúnta, rud a bheadh amhlaidh dá gcuirfí i bhfeidhm faoi threoir thrasearnálach é.

Is de chineál an-teicniúil é an togra, agus tá seans ard go gcaithfear é a leasú go rialta chun forbairtí teicniúla agus dlíthiúla a léiriú. Chun freagairt air sin, tá roinnt beart cur chun feidhme beartaithe chomh maith. Díreofar iontu sin den chuid is mó ar na sonraíochtaí teicniúla chun na ceanglais fheidhmiúla a chur chun feidhme.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ós togra nua é seo, ní dhearnadh aon mheastóireacht ná seiceáil oiriúnachta.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle go gníomhach le páirtithe leasmhara agus rinne sé comhairliúcháin chuimsitheacha le linn phróiseas an mheasúnaithe tionchair. Tosaíodh ar thuairimí na bpáirtithe leasmhara a bhailiú mar fhreagairt ar fhoilsiú an mheasúnaithe thionchar tionscanta (Mí Mhárta agus Aibreáin 2020). Fuarthas 81 fhreagra san iomlán a bhí mar bhonn eolais faoi bpróiseas dréachtaithe agus lenar cuidíodh an cur chuige a bheachtú agus na bacainní a chuireann isteach ar úsáid reatha breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin san earnáil mhuirí a shainaithint ar bhealach níos fearr.

Mar chuid d’ullmhú an togra, áirítear an méid seo a leanas ar na gníomhaíochtaí eile comhairliúcháin:

Comhairliúchán poiblí oscailte, arna eagrú ag an gCoimisiún, a bhí ar siúl ón 2 Iúil 2020 go dtí an 10 Meán Fómhair 2020. Fuarthas 136 fhreagra san iomlán agus cuimsíodh grúpaí éagsúla de pháirtithe leasmhara. Tháinig na freagraí ó na hearnálacha seo a leanas — úinéirí loinge agus ó bainistíocht loinge (40), táirgeoirí fuinnimh agus soláthar breosla (37), loingseoireacht ghearrthurais (25), údaráis phoiblí náisiúnta (15), eagraíochtaí leasa (14), bainistíocht agus riarthóirí calafort (13), oibreoir críochfoirt calafoirt nó soláthraí seirbhísí calafoirt eile (13), taighde agus nuálaíocht acadúil (12), earnáil na n‑uiscebhealaí intíre (11), monaróirí longthógála agus trealaimh mhuirí (10), údaráis phoiblí réigiúnacha nó áitiúla (9), soláthraithe lóistíochta, lastóirí agus úinéirí lastais (9), comhlachtaí caighdeánaithe teicniúla agus cumainn aicme (2), infheistíocht agus maoiniú (2), agus eile (17) 14 ;

Comhairliúchán spriocdhírithe ar páirtithe leasmhara arna eagrú ag an sainchomhairleoir freagrach as staidéar tacaíochta an mheasúnaithe tionchair, a reáchtáladh ón 18 Lúnasa 2020 go dtí an 18 Meán Fómhair 2020 agus a bhí dírithe ar shaineolaithe ó Fhóram Eorpach na Loingseoireachta Inbhuanaithe (ESSF). Chomh maith leis sin, rinne an sainchomhairleoir sraith agallamh le páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear ionadaithe tionscail agus údaráis náisiúnta, idir an 10 Iúil 2020 agus an 1 Nollaig 2020;

Cruinniú comhchéime páirtithe leasmhara, arna eagrú ag an gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2020 le comhaltaí d’Fhóram Eorpach na Loingseoireachta Inbhuanaithe 15 (ESSF) agus d’Fhóram Eorpach na gCalafort 16 (EPF);

Cruinnithe rialta grúpa saineolaithe, faoi chuimsiú fhoghrúpa ESSF maidir le cumhacht mhalartach inbhuanaithe don loingseoireacht.

Bhí an fhaisnéis a chuir na páirtithe leasmhara ar fáil ríthábhachtach chun deis a thabhairt don Choimisiún dearadh na roghanna beartais a bheachtú chomh maith lena dtionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a mheas, iad a chur i gcomparáid lena chéile agus a chinneadh cén rogha beartais is dócha a bhainfidh leis an gcóimheas sochar/costas don tsochaí a uasmhéadú.

Léiríodh sna comhairliúcháin go bhfuil comhdhearcadh i measc na ngrúpaí páirtithe leasmhara uile maidir leis an tábhacht a bhaineann le glacadh breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin sa mhuiriompar chomh maith leis na fadhbanna sonracha a sainaithníodh sa mheasúnú tionchair.

Deimhníodh sna comhairliúcháin go bhfuil na cúig chúis a sainaithníodh i gcreat mheasúnú tionchair an togra ábhartha. Tugann na torthaí le fios go n‑aontaíonn na páirtithe leasmhara éagsúla gurb iad costais arda breosla, mar aon le neamhchinnteacht d’infheisteoirí, na bacainní is tábhachtaí. I dtaca le cuspóirí beartais, is cosúil gurb é ‘níos mó cinnteachta a chur ar fáil maidir leis na ceanglais aeráide agus chomhshaoil le haghaidh longa atá i mbun oibríochta’ an cuspóir beartais is tábhachtaí de réir na bpáirtithe leasmhara.

Léirigh formhór na bpáirtithe leasmhara gurbh fhearr leo freisin beartas bunaithe ar spriocanna in ionad beartas saintreorach, rud atá ag teacht le ceanglas eile maidir leis an mbeartas a léirigh formhór na bpáirtithe leasmhara, is é sin neodracht na teicneolaíochta. Maidir le bearta beartais, thug na páirtithe leasmhara na scóir is airde do bhealach rialaitheach soiléir a shocrú chun an breosla muirí atá ann faoi láthair a dhícharbónú. Ó thaobh raon feidhme geografach de, níor aon rogha shoiléir ann maidir le raon feidhme ceart le haghaidh na mbeart. I dtaca le feidhmíocht chomhshaoil a thomhas agus i dtaca leis an gcaoi ar cheart astaíochtaí a chur san áireamh sa chreat beartais, is fearr le formhór na bpáirtithe leasmhara cur chuige ‘tobar go marbhshruth’ ós rud é gur gcuirtear san áireamh leis sin ní hamháin astaíochtaí ó dhóchán breosla ar bord na loinge, ach astaíochtaí réamhtheachtacha ó tháirgeadh, ó iompar agus ó dháileadh breoslaí freisin. Ar longa atá i mbeart, measann formhór na bpáirtithe leasmhara go bhfuil na ceanglais maidir le húsáid an tsoláthair cumhachta ar tír ábhartha agus riachtanach chun na cuspóirí i dtaca le dícharbónú a bhaint amach.

Bailiú agus úsáid saineolais

Rinne conraitheoir seachtrach staidéar chun tacú leis an measúnú tionchair is bonn faoin tionscnamh. Seoladh an staidéar sin i mí Iúil 2020 agus tugadh i gcríoch é i mí an Mhárta 2021. Thug an staidéar léargas luachmhar le haghaidh sheirbhísí an Choimisiúin, go háirithe chun roghanna beartais a cheapadh, chun measúnú a dhéanamh ar roinnt de na tionchair a mheasfar a bheith ann, agus chun tuairimí na bpáirtithe leasmhara imríodh tionchar díreach orthu a bhailiú. Bhí seirbhísí an Choimisiúin ag brath freisin ar thacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) maidir le gnéithe teicniúla a bhaineann leis an tionscnamh seo.

Measúnú tionchair

Cuirtear bonn eolais faoi na bearta beartais atá cuimsithe sa togra seo le torthaí measúnaithe tionchair. Maidir leis an tuarascáil ar an measúnú tionchair [SWD(2021) 635] fuarthas tuairim dhearfach ó Bhord um Ghrinnscrúdú Rialála an Choimisiúin [SEC(2021) 562]. Sa tuairim a thug an Bord, thug sé roinnt moltaí faoi chur i láthair na n‑argóintí sa tuarascáil ar an measúnú tionchair. Pléadh na moltaí sin; In Iarscríbhinn 1 leis an tuarascáil ar an measúnú tionchair soláthraítear breac-chuntas achomair ar an dóigh a ndearnadh é sin.

Breithníodh trí rogha beartais i gcomhthéacs an mheasúnaithe tionchair chun na cuspóirí sainaitheanta a bhaint amach. Tá dhá phríomhthréith acu a dtriúr:

(1)tá siad de chineál rialaitheach chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar; agus

(2)tá fócas ar ghnéithe atá dírithe ar an éileamh chun táirgeadh agus glacadh breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a spreagadh, aghaidh a thabhairt ar an bhfáinne fí agus chun sceitheadh carbóin a sheachaint.

D’fhág na roghanna beartais bealaí éagsúla chun an oibleagáid a dhearadh agus bhí siad éagsúil go háirithe maidir lena gcur chuige i leith rogha teicneolaíochta agus maidir leis an gcaoi a mbaintear amach an fheidhmíocht riachtanach.

Tá rogha beartais 1 ceaptha mar chur chuige saintreorach, lena gceanglaítear sciar de bhreoslaí sonracha/de chineálacha sonracha breosla a úsáid. Tugann sé le tuiscint roghnú teicneolaíochta ag an rialtóir. Is cur chuige spriocbhunaithe iad roghanna beartais 2 agus 3 araon, rud a éilíonn uasteorainn bhliantúil ar an meándéine gás ceaptha teasa le haghaidh an fhuinnimh a úsáidtear ar bord. Fágann sé sin go mbeidh oibreoirí margaidh in ann an teicneolaíocht a roghnú. Ina theannta sin, tá sásraí i rogha beartais 3 chun róghnóthachtálaithe a chúiteamh chun forbairt teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha atá níos forbartha (comhthiomsú agus iolraitheoirí le haghaidh teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha) lena laghdaítear truailleáin aeir agus gáis cheaptha teasa araon. Ceanglaítear leis na roghanna go léir ar na longa is mó truailliú i gcalafoirt (longa coimeádán agus longa paisinéirí) soláthar cumhachta ar tír (nó teicneolaíocht choibhéiseach astaíochtaí nialasacha) a úsáid.

Tar éis an mheasúnaithe, aithnítear rogha beartais 3 ina rogha thosaíochta ós rud é go mbaintear amach léi an chothromaíocht is fearr idir na cuspóirí atá le gnóthú agus na costais fhoriomlána chur chun feidhme. Ní hamháin go bhfreagraíonn sé do riachtanais solúbthachta, ar chuir na páirtithe leasmhara béim orthu le linn na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin (go háirithe oibreoirí agus calafoirt), ach laghdaíonn sé freisin an baol gaibhnithe teicneolaíochta [agus dreasaíonn sé na teicneolaíochtaí is forbartha a ghlacadh go luath].

Tiocfaidh laghdú suntasach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus astaíochtaí ó thruailliú aeir mar thoradh ar ghlacadh breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin ar leibhéal níos airde sa mheascán breosla muirí. Meastar gurb ionann na coigiltis ghaolmhara i gcostais sheachtracha agus EUR 10 billiún i gcás truailliú aeir agus EUR 138.6 billiún i gcás athrú aeráide, i gcoibhneas leis an mbonnlíne agus curtha in iúl mar luach reatha le haghaidh na tréimhse 2021-2050. Ríomhadh iad sin sa mheasúnú tionchair bunaithe ar ghlacadh samhaltaithe réamh-mheasta breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin ar leibhéal níos airde a bhfuil coinne leis. Measfar go sábhálfaidh oibreoirí loinge EUR 2.3 billiún mar gheall ar chostais oibríochta laghdaithe (costais cothabhála, criú, etc.). Beidh an laghdú sin bunaithe ar ghníomhaíocht iompair mhuirí atá beagán níos ísle i gcoibhneas leis an mbonnlíne. Bhain tionchar breise suntasach le húsáid breoslaí sárfhorbartha agus le teicneolaíochtaí tiomána, agus go hindíreach leis an tionchar ar an nuálaíocht. Tá coinne leis go gcuirfidh an tionscnamh borradh faoin leibhéal glactha soithí breosla-chille (18.9 %) sa chabhlach chomh maith le tiomáint leictreach (5.4 %) faoi 2050 (i gcomparáid le gan aon ghlacadh leis na teicneolaíochtaí sin sa bhunlíne).

Is ar oibreoirí long a rachaidh an príomhchostas faoin togra, is é sin EUR 89.7 billiún. Tagann sin as costais mhéadaithe chaipitil (EUR 25.8 billiún) agus costais bhreosla (EUR 63.9 billiún). Nascfar costais indíreacha ar chalafoirt leis an mbonneagar buncaeireachta riachtanach a sholáthar, a mheastar gurb é EUR 5.7 billiún a luach. Meastar gurb é EUR 521.7 milliún na costais riaracháin ar oibreoirí long mar thoradh ar bhailiú sonraí, ar chur isteach agus ar fhíorú na bpleananna comhlíontachta agus ar an tuarascáil bhliantúil ar fhuinneamh, ar an gcomhar le linn iniúchtaí agus cigireachtaí chomh maith le hoiliúint foirne. Aithníodh EUR 1.8 milliún breise chun treoirlínte a bhunú do chalafoirt chun láimhseáil shábháilte breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a ráthú. Níorbh fhéidir costais shonracha a bhaineann deimhniú breosla a chainníochtú. Meastar go mbeidh na costais forfheidhmiúcháin ar údaráis phoiblí teoranta (EUR 1.5 milliún) agus go ndíreofar ar uirlisí tuairiscithe TF is gá a sholáthar. Dá bhrí sin, EUR 58.4 billiún de ghlansochair a sholáthraítear thar thréimhse ama an togra leis an rogha thosaíochta.

Cearta bunúsacha

Níl aon tionchar ag an togra seo ar chosaint na gceart bunúsach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Bainfidh impleachtaí buiséadacha leis an rogha is fearr don Choimisiún. EUR 0.5 milliún an costas a mheasfar a bheidh ar sheirbhísí TF agus ar fhorbairt córas TF. Tá sé sin bunaithe ar chostas THETIS-MRV agus ar thaithí ar mhodúil THETIS-AE atá ann cheana agus lena dtacaítear le píosaí éagsúla de reachtaíocht Aontais, meastar gur EUR 300,000 a bheidh sna costais forbartha TF sin. Bheadh feidhmiúlacht bhreise ag teastáil leis an rogha beartais thosaíochta chun tacú le comhthiomsú long le haghaidh comhlíonta. Meastar go mbeidh costas EUR 200,000 ar an uirlis bhreise sin. Beidh roghanna forbartha agus soláthair TF faoi réir réamhcheadú Bhord an Choimisiúin Eorpaigh um Theicneolaíocht Faisnéise agus um Chibearshlándáil.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Leanfaidh an Coimisiún dul chun cinn, tionchair agus torthaí an togra seo trí shraith sásraí monatóireachta/meastóireachta. Déanfaidh an Coimisiún an dul chun cinn i dtreo chuspóirí sonracha an togra a bhaint amach a thomhais, go háirithe trí na sonraí a bhailítear gach bliain mar chuid de chóras an Aontais chun Faireacháin, Tuairisciú agus Meastóireacht a dhéanamh (MRV).

Déanfar iarratais ar fhaisnéis (tuarascálacha, freagraí ar shuirbhéanna) a chothromú go cúramach ionas nach gcuirfear ualach breise ar pháirtithe leasmhara trí iarratais tuairiscithe úra dhíréireacha a chruthú.

Cúig bliana i ndiaidh dheireadh dháta chur chun feidhme an togra dhlíthiúil, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na rialacha chun a sheiceáil ar baineadh cuspóirí an tionscnaimh amach nó nár baineadh. Cuirfidh an mheastóireacht bonn eolais faoi phróisis chinnteoireachta amach anseo chun na coigeartuithe riachtanacha a áirithiú maidir leis na cuspóirí atá leagtha síos a bhaint amach.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

In Airteagal 1 déantar cur síos ar ábhar an Rialacháin atá beartaithe, rialachán lena leagtar síos rialacha chun laghdú a dhéanamh ar dhéine gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord ag longa atá ag teacht isteach i gcalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit de chuid an Aontais, laistigh de na calafoirt sin nó ag imeacht uathu, chun forbairt chomhchuí agus úsáid chomhsheasmhach breoslaí inathnuaite agus ísealcharbóin a chur chun cinn ar fud an Aontais, gan bacainní a thabhairt isteach ar an margadh aonair chun laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar a chur chun cinn.

Le hAirteagal 2 leagtar síos an raon feidhme.

Le hAirteagal 3 leagtar amach na sainmhínithe.

Le hAirteagal 4 bunaítear an teorainn le déine bhliantúil astaíochtaí gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord loinge.

Le hAirteagal 5 bunaítear ceanglais maidir le soláthar cumhachta ar tír, nó fuinneamh astaíochtaí nialasacha, a úsáid agus long i mbeart, i dtaca le cineálacha sonracha long agus liostaítear na heisceachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann.

Le hAirteagal 6 leagtar síos na prionsabail choiteanna chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht.

Le hAirteagal 7bunaítear an méid ba cheart a áireamh sna pleananna faireacháin.

In Airteagal 8 liostaítear na cásanna inar cheart an plean faireacháin a leasú.

Le hAirteagal 9 bunaítear na prionsabail a bhaineann le deimhniúchán bithbhreoslaí, bithgháis, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte.

Le hAirteagal 10 leagtar síos raon feidhme na ngníomhaíochtaí fíorúcháin a bheidh le déanamh ag fíoraitheoirí.

Le hAirteagal 11 socraítear na hoibleagáidí ginearálta agus na prionsabail ghinearálta le haghaidh na bhfíoraitheoirí.

Le hAirteagal 12 leagtar amach na príomhphrionsabail nach mór a urramú le linn na nósanna imeachta fíorúcháin.

Le hAirteagal 13 leagtar síos na rialacha maidir le creidiúnú do na fíoraitheoirí le haghaidh na gníomhaíochtaí a bheidh le déanamh faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

In Airteagal 14 sainítear na paraiméadair ar cheart do chuideachtaí faireachán a dhéanamh orthu agus taifead a dhéanamh orthu chun comhlíontacht a léiriú.

Le hAirteagal 15 leagtar amach cúram na bhfíoraitheoirí maidir leis an bhfaisnéis a chuireann na cuideachtaí ar fáil.

Le hAirteagal 16 bunaítear an bunachar sonraí comhlíontachta agus leagtar síos na príomhpharaiméadair maidir le tuairisciú.

Le hAirteagal 17bunaítear forálacha solúbthachta, lena gceadaítear d’oibreoirí barrachas comhlíontachta a thaisceadh nó a fháil ar iasacht, laistigh de theorainn áirithe, chun comhlíontacht a chumasú.

Le hAirteagal 18 leagtar amach na príomhphrionsabail agus na príomhnósanna imeachta le haghaidh comhthiomsú féideartha iarmhéideanna comhlíontachta.

Le hAirteagal 19 leagtar síos na coinníollacha maidir le deimhniú comhlíontachta FuelEU a eisiúint.

Le hAirteagal 20 bunaítear na pionóis a bheidh le tabhú mura mbeidh comhlíontacht bainte amach.

Le hAirteagal 21 bunaítear na prionsabail maidir le pionóis a leithdháileadh chun tacú le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin san earnáil mhuirí.

Le hAirteagal 22 bunaítear an oibleagáid atá ar longa deimhniú comhlíontachta FuelEU bailí a bheith acu.

Le hAirteagal 23 leagtar síos na rialacha maidir le cigireachtaí long.

Le hAirteagal 24 bunaítear an ceart chun athbhreithniú a dhéanamh ar na cinntí a dhéanann difear do chuideachtaí.

Le hAirteagal 25 ceanglaítear údaráis inniúla a bheidh freagrach as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú a ainmniú.

Le hAirteagal 26 bunaítear na coinníollacha maidir le cumhachtaí tarmligthe a thabhairt don Choimisiún faoin Rialachán seo.

Le hAirteagal 27 bunaítear an nós imeachta coiste maidir le feidhmiú na cumhachta a tugadh don Choimisiún chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh.

Le hAirteagal 28 ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, gach cúig bliana ar a laghad.

Le hAirteagal 29 leasaítear Treoir 2009/16/CE chun deimhniú comhlíontachta FuelEU a chur le hIarscríbhinn IV.

In Airteagal 30 leagtar amach teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Le hIarscríbhinn sainítear na foirmlí agus na modheolaíochtaí chun meándéine bhliantúil astaíochtaí gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord loinge a ríomh.

In Iarscríbhinn II tugtar liosta luachanna réamhshocraithe is féidir a úsáid chun na fachtóirí astaíochtaí a úsáidtear san fhoirmle a thuairiscítear in Iarscríbhinn I a chinneadh.

In Iarscríbhinn III tugtar liosta teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha is féidir a úsáid in ionad an naisc le soláthar cumhachta ar tír agus long i mbeart, mar aon le critéir shonracha maidir lena n‑úsáid.

Le hIarscríbhinn IV sainítear eilimintí íosta na ndeimhnithe atá le heisiúint ag comhlacht bainistíochta an chalafoirt i gcásanna nach féidir le longa úsáid a bhaint as soláthar cumhachta ar tír ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo.

Le hIarscríbhinn V sainítear na foirmlí chun iarmhéid comhlíontachta long agus an pionós i gcás neamhchomhlíonta a bhunú.

2021/0210 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 17 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 18 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)San earnáil muiriompair atá thart ar 75 % de thrádáil sheachtrach an Aontais agus 31 % de thrádáil inmheánach an Aontais i dtéarmaí méideanna. An tráth céanna, is é trácht loingseoireachta isteach i gcalafoirt sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó amach astu is cúis le tuairim agus 11 % d’astaíochtaí CO2 uile an Aontais ó iompar, agus le 3-4 % d’astaíochtaí CO2 uile an Aontais. Téann 400 milliún paisinéir ar bord nó i dtír i gcalafoirt de chuid na mBallstát go bliantúil, tuairim agus 14 mhilliún paisinéir ar longa cúrsála san áireamh. Dá bhrí sin, is cuid riachtanach de chóras iompair na hEorpa é an muiriompar agus tá ról ríthábhachtach aige maidir le geilleagar na hEorpa. Tá an margadh muiriompair faoi réir iomaíochas láidir idir gníomhaithe eacnamaíocha san Aontas agus lasmuigh de, iomaíochas a bhfuil cothrom na Féinne fíor-riachtanach lena aghaidh. Maidir le cobhsaíocht agus rathúnas an mhargaidh muiriompair agus ghníomhaithe eacnamaíocha an mhargaidh sin, braitheann sin ar chreat beartais atá soiléir agus comhchuibhithe inar féidir le hoibreoirí muiriompair, calafoirt agus gníomhaithe eile san earnáil feidhmiú ar bhonn comhionannas deiseanna. I gcás ina dtarlaíonn saobhadh margaidh, bíonn an riosca ann go gcuirfí oibreoirí loinge nó calafoirt faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le hiomaitheoirí laistigh den earnáil muiriompair nó in earnálacha iompair eile. Dá réir sin, d’fhéadfadh caillteanas a bheith ann mar thoradh air sin in iomaíochas an tionscail muiriompair, agus caillteanas nascachta le haghaidh saoránach agus gnólachtaí.

(2)Chun cur le gealltanas aeráide an Aontais faoi Chomhaontú Pháras agus chun na céimeanna a leagan amach atá le glacadh chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, agus chun oibleagáid dhlíthiúil a dhéanamh den ghealltanas polaitiúil, ghlac an Coimisiún an togra (leasaithe) le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1999 (An Dlí Aeráide Eorpach) 19 chomh maith leis an Teachtaireacht ‘Stepping up Europe’s 2030 climate ambition’ 20 . Comhtháthaítear leis sin freisin an sprioc astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990. Dá réir sin, tá gá le hionstraimí beartais comhlántacha éagsúla chun úsáid breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a tháirgtear go hinbhuanaithe a spreagadh, lena náirítear a núsáid san earnáil muiriompair. Ní mór an teicneolaíocht is gá a fhorbairt agus a imscaradh faoi 2030 chun ullmhú le haghaidh athruithe a bheidh i bhfad níos mire ina dhiaidh sin.

(3)I gcomhthéacs breosla a aistriú chuig breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin agus foinsí ionadacha fuinnimh, tá sé riachtanach feidhmiú ceart mhargadh muiriompair an Aontais maidir le breoslaí muirí a áirithiú, chomh maith le hiomaíochas cothrom sa mhargadh a áirithiú, breoslaí ar sciar substaintiúil de chostais na noibreoirí loinge iad. Is féidir tionchar mór a bheith ag difríochtaí i riachtanais bhreosla ar fud Bhallstáit an Aontais ar fheidhmiú eacnamaíoch oibreoirí loinge agus is féidir tionchar diúltach a bheith ag na difríochtaí sin ar iomaíochas sa mhargadh. De thairbhe nádúr idirnáisiúnta na loingseoireachta, is féidir le hoibreoirí loinge umar a lastáil i dtríú tíortha go furasta agus méideanna móra breosla a iompar. D’fhéadfadh sceitheadh carbóin agus éifeachtaí díobhálacha ar iomaíochas na hearnála a bheith mar thoradh air sin, más rud é nach bhfuil infhaighteacht breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin ag calafoirt mhuirí faoi dhlínse Ballstáit ag gabháil le ceanglais maidir lena núsáid a bhfuil feidhm acu maidir le gach oibreoir loinge a thagann isteach i gcalafoirt faoi dhlínse na mBallstát nó a imíonn astu. Leis an Rialachán seo, ba cheart bearta a leagan síos chun a áirithiú go rachaidh breoslaí in-athnuaite ísealcharbóin i bhfód ar mhargadh na mbreoslaí muirí faoi dhálaí cóiriomaíochta i margadh muiriompair an Aontais.

(4)Chun tionchar a bheith aige ar ghníomhaíochtaí uile na hearnála muiriompair, is iomchuí go gcumhdaítear leis an Rialachán seo sciar de na haistir idir calafort faoi dhlínse Ballstáit agus calafort faoi dhlínse tríú tíre. Dá réir sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le leath den fhuinneamh a úsáideann long atá ag tabhairt faoi aistir a thagann isteach i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit ó chalafort lasmuigh de dhlínse Ballstáit, maidir le leath den fhuinneamh a úsáideann long atá ag tabhairt faoi aistir a imíonn ó chalafort faoi dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i calafort lasmuigh de dhlínse Ballstáit, maidir leis an bhfuinneamh iomlán a úsáideann long atá ag tabhairt faoi aistir a thagann isteach i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit ó chalafort faoi dhlínse Ballstáit, agus maidir leis an bhfuinneamh a úsáidtear i mbeart i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit. Le cumhdach den sórt sin maidir le sciar den fhuinneamh a úsáideann long le linn aistir isteach agus amach idir an tAontas agus tríú tíortha, agus trí thionchar dearfach na creata sin ar an gcomhshaol a mhéadú freisin, áirithítear éifeachtacht an Rialacháin seo. An tráth céanna, leis an gcreat sin cuirtear teorainn leis an riosca maidir le cuairteanna seachanta ar chalafoirt agus leis an riosca maidir le dí-chomhchruinniú gníomhaíochtaí trasloingsithe lasmuigh den Aontas. Chun oibriú rianúil tráchta muiriompair chomh maith le cothrom na Féinne i measc oibreoirí muiriompair agus i measc calafort a áirithiú, agus chun saobhadh ar an margadh inmheánach a sheachaint, ba cheart gach muiraistear a thagann isteach i gcalafoirt faoi dhlínse na mBallstát nó a imíonn astu, chomh maith le fanacht na long sna calafoirt sin, a chumhdach faoi rialacha comhionanna atá sa Rialachán seo.

(5)Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le gach long ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, gan beann ar a mbratach. Ar mhaithe le comhleanúnachas leis an Aontas agus le rialacha idirnáisiúnta i réimse an mhuiriompair, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le longa cogaidh, cúntaigh chabhlaigh, longa gabhála éisc ná longa próiseála éisc, ná longa rialtais arna núsáid chun críoch neamhthráchtála.

(6)Is í an chuideachta loingseoireachta ar cheart a bheith ina dhuine nó ina eagraíocht atá freagrach as comhlíonadh an Rialacháin seo, cuideachta a shainmhínítear mar úinéir na loinge nó aon eagraíocht nó duine eile, amhail an bainisteoir nó an cairtfhostóir forléasta, a bhfuil an fhreagracht glactha aige, ó úinéir na loinge, an long a oibriú, agus a bhfuil aontaithe aige, trí bhíthin an fhreagracht sin a ghlacadh, na dualgais agus na freagrachtaí uile a fhorchuirtear leis an gCód Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta Long agus um Chosc ar Thruailliú a ghlacadh ar láimh. Tá an sainmhíniú sin bunaithe ar an sainmhíniú ar ‘cuideachta’ in Airteagal 3, pointe (d) de Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21 , agus i gcomhréir leis an gcóras domhanda bailithe sonraí a bhunaigh an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) in 2016. I gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, d’fhéadfadh an chuideachta loingseoireachta, trí bhíthin socrú conarthach, an teintiteas atá freagrach go díreach as na cinntí a ghlacadh a bhfuil tionchar acu ar dhéine ghás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáideann an long a thabhairt chun cuntais as na costais chomhlíontachta faoin Rialachán seo. De ghnáth, is é sin an teintiteas atá freagrach as breosla, bealach agus luas na loinge a roghnú.

(7)Chun an tualach riaracháin a theorannú, go háirithe ualach riaracháin oibreoirí beaga, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le longa adhmaid de thógáil bhunúsach ná longa nach dtiomáintear le fearas meicniúil, agus ba cheart díriú ar longa a bhfuil olltonnáiste os cionn 5 000 acu. D’ainneoin nach bhfuil sna longa deireanacha sin ach thart ar 55 % de na longa uile a thagann isteach i gcalafoirt faoi Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is iadsan is cúis le 90 % d’astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin (CO2) ón earnáil muirí.

(8)Chun breoslaí nua agus réitigh fuinnimh nua a fhorbairt agus a imscaradh, ní mór cur chuige comhordaithe a bheith ann chun freastal ar sholáthar, éileamh agus cur ar fáil bonneagar dáilte iomchuí. Cé go dtugann an creat Eorpach rialála atá ann faoi láthair aghaidh, i bpáirt, ar tháirgeadh breosla le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 agus ar dháileadh le Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 , tá gá freisin le huirlis lena mbunaítear leibhéil mhéadaitheacha éilimh ar bhreoslaí muirí in-athnuaite agus ísealcharbóin.

(9)Cé go gcuirtear feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh chun cinn le hionstraimí amhail praghsáil carbóin nó spriocanna i ndáil le déine carbóin gníomhaíochta, níl siad oiriúnach chun athrú mór a spreagadh i dtreo breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin sa ghearrthéarma ná sa mheántéarma. Dá bhrí sin, tá gá le cur chuige rialála sonrach atá tiomnaithe d’imscaradh breoslaí muirí in-athnuaite agus ísealcharbóin agus foinsí ionadacha fuinnimh, amhail an ghaoth nó leictreachas.

(10)Maidir le hidirghabháil bheartais chun éileamh ar bhreoslaí muirí in-athnuaite agus ísealcharbóin a spreagadh, ba cheart í a bheith sprioc-bhunaithe agus ba cheart go ndéanfaí prionsabal na neodrachta teicneolaíche a urramú léi. Dá réir sin, ba cheart teorainneacha a leagan amach ar dhéine gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord long gan úsáid aon bhreosla nó teicneolaíochta ar leith a fhorordú.

(11)Maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a bhfuil ardacmhainneacht inbhuanaitheachta, aibíocht tráchtála agus ardacmhainneacht nuálaíochta agus fáis chun freastal ar na riachtanais a bheidh ann amach anseo ag gabháil leo, ba cheart forbairt agus imscaradh na mbreoslaí sin a chur chun cinn. Leis sin, tacófar le margaí breosla nuálacha agus iomaíocha a chruthú agus le soláthar leordhóthanach breoslaí muirí inbhuanaithe a áirithiú sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma chun rannchuidiú le huaillmhianta dícharbónaithe iompair an Aontais, agus san am céanna iarrachtaí an Aontais i leith ardleibhéal cosanta comhshaoil a neartú. Chun na críche sin, ba cheart breoslaí muirí inbhuanaithe arna dtáirgeadh ó na bunábhair a liostaítear i gCodanna A agus B d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001, chomh maith le breoslaí muirí sintéiseacha, a bheith incháilithe. Go háirithe, tá na breoslaí muirí inbhuanaithe arna dtáirgeadh ó na bunábhair a liostaítear i gCointí B d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 fíor-riachtanach, toisc gurb í an teicneolaíocht ar a bhfuil siad bunaithe is aibí í ó thaobh tráchtála de faoi láthair agus go bhféadfaí an muiriompar a dhícharbónú leo sa ghearrthéarma.

(12)Tarlaíonn athrú indíreach ar an talamhúsáid nuair a ghlacann saothrú barra le haghaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise ról traidisiúnta a dtáirgthe le haghaidh bia agus beatha. Cuireann an téileamh breise sin brú breise ar an talamh agus mar thoradh air, d’fhéadfadh sé go gcuirfí síneadh le talamh talmhaíochta le go gcumhdófaí limistéir a bhfuil stoc ard carbóin orthu, amhail foraoisí, bogaigh agus talamh portaigh, rud as a neascródh astaíochtaí gás ceaptha teasa breise agus cailliúint bhreise bithéagsúlachta. Léiríonn taighde a rinneadh go mbraitheann méid na héifeachta sin ar thosca éagsúla, lena náirítear an cineál bunábhair a úsáidtear chun breosla a tháirgeadh, leibhéal an éilimh breise ar bhunábhar i ngeall ar úsáid bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise, agus a mhéid a thugtar cosaint do thalamh a bhfuil stoc ard carbóin air ar fud an domhain. Ní féidir leibhéal na nastaíochtaí gás ceaptha teasa a eascraíonn as athrú indíreach ar an talamhúsáid a ríomh go haonchiallach a bheaichte agus is gá chun na fachtóirí astaíochta a bhunú a bhfuil gá leo chun an rialachán seo a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, tá fianaise ann go neascraíonn athrú indíreach ar an talamhúsáid, ar leibhéil éagsúla, as gach breosla arna tháirgeadh ó bhunábhar. Anuas ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le hathrú indíreach ar an talamhúsáid – a d’fhéadfadh an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a thiocfadh as bithbhreoslaí aonair, as bithleachtanna aonair nó as breoslaí bithmhaise aonair, nó cuid den laghdú sin, a chur ar neamhní – tá rioscaí maidir leis an mbithéagsúlacht ag baint le hathrú indíreach ar an talamhúsáid. Tá an riosca sin fíor-thromchúiseach i ndáil leis an leathnú mór táirgthe a d’fhéadfadh a bheith ann de thoradh méadú mór ar an éileamh. Dá réir sin, níor cheart aon bhithbhreosla a dhíorthaítear ó bharra bia agus beatha a chur chun cinn. Maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus bithmhais den sórt sin, i bhfianaise a dtairbhí comhshaoil atá níos ísle, a leibhéil feidhmíochta atá níos ísle i dtéarmaí cumas laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ábhair imní inbhuanaitheachta níos leithne, le Treoir (AE) 2018/2001 cuirtear teorainn cheana lena nionchur, agus cuirtear caidhp air, maidir leis na spriocanna coigiltis i dtaobh astaíochtaí GCT san earnáil iompair de bhóthar agus d’iarnród.

(13)Mar sin féin, ní mór an cur chuige sin a bheith níos doichte san earnáil muiriompair. Faoi láthair, tá leibhéil neamhshuntasacha éilimh ar bhithbhreoslaí, ar bhithleachtanna agus ar bhreoslaí bithmhaise a dhíorthaítear ó bharra bia agus beatha san earnáil muiriompair toisc gur de bhunadh iontaise níos mó ná 99 % de na breoslaí muirí atá á núsáid faoi láthair. Dá bhrí sin, le neamh-incháilitheacht na mbreoslaí a dhíorthaítear ó bharra bia agus beatha faoin Rialachán seo, íoslaghdaítear freisin aon riosca maidir le moill a chur le dícharbónú na hearnála iompair, rud a d’fhéadfadh eascairt, murach sin, as aistriú bithbhreoslaí a dhíorthaítear ó bharra ón earnáil bóithre chuig an earnáil mhuirí. Ós rud é go leanann an tiompar de bhóthar go fóill de bheith ar an earnáil iompair is mó truaillithe ar fad agus go núsáidtear breoslaí de bhunadh iontaise den chuid is mó sa mhuiriompar faoi láthair, tá sé fíor-riachtanach aistriú den sórt sin a íoslaghdú. Dá bhrí sin, is iomchuí cruthú éilimh ar bhithbhreoslaí ó bharra bia agus beatha, ar bhithleachtanna agus ar bhreoslaí bithmhaise a sheachaint, éileamh a d’fhéadfadh a bheith mór trína núsáid a chur chun cinn faoin Rialachán seo. Dá réir sin, leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa breise agus le cailliúint na bithéagsúlachta arb é gach cineál bithbhreosla a dhíorthaítear ó bharra bia agus beatha is cúis leo, ní mór a mheas gur breoslaí iad sin lena mbaineann na fachtóirí astaíochta céanna leis an gconair is mífhabhraí.

(14)De thairbhe na nagaí fada tionscanta a bhaineann le forbairt agus le himscaradh breoslaí agus réitigh fuinnimh nua le haghaidh an mhuiriompair, tá gá le gníomhaíocht ghasta agus le creat rialála fadtéarmach atá soiléir agus intuartha a bhunú lena néascófaí pleanáil agus infheistíocht ó na páirtithe leasmhara uile lena mbaineann. Le creat rialála fadtéarmach atá soiléir agus cobhsaí, éascófar forbairt agus úsáid breoslaí agus réitigh fuinnimh nua le haghaidh an mhuiriompair agus spreagfar infheistíocht ó pháirtithe leasmhara. Le creat mar sin, ba cheart teorainneacha a shainiú le haghaidh dhéine astaíochtaí gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord long go dtí 2050. Ba cheart na teorainneacha sin éirí níos uaillmhianaí le himeacht ama chun an fhorbairt theicneolaíoch agus an méadú ar tháirgeadh breoslaí muirí in-athnuaite agus ísealcharbóin a bhfuil coinne leo a léiriú.

(15)Leis an Rialachán seo, ba cheart an mhodheolaíocht agus an fhoirmle a bhunú ar cheart feidhm a bheith acu maidir le meándéine bhliantúil astaíochtaí gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord loinge a ríomh. Ba cheart an fhoirmle sin a bheith bunaithe ar an ídiú breosla arna thuairisciú ag longa agus ba cheart fachtóirí astaíochta ábhartha na mbreoslaí sin a mheas léi. Ba cheart úsáid foinsí ionadacha fuinnimh, amhail an ghaoth nó leictreachas, a léiriú sa mhodheolaíocht freisin.

(16)Chun léargas níos iomláine a thabhairt ar fheidhmíocht chomhshaoil na bhfoinsí fuinnimh éagsúla, ba cheart feidhmíocht GCT breoslaí a mheas ar bhonn tobair-go-marbhshruth, agus tionchair an táirgthe fuinnimh, an iompair, an dáilte agus na húsáide ar bord á gcur san áireamh. Dhéanfaí sin chun conairí teicneolaíochta agus táirgthe a dhreasachtú lena soláthrófaí lorg GCT níos ísle agus fíorthairbhí ag baint leo i gcomparáid leis na breoslaí traidisiúnta atá ann faoi láthair.

(17)Ba cheart feidhmíocht tobair-go-marbhshruth na mbreoslaí muirí in-athnuaite agus ísealcharbóin a bhunú agus úsáid á baint as fachtóirí astaíochta réamhshocraithe nó fachtóirí astaíochta iarbhír deimhnithe lena gcumhdaítear astaíochtaí tobair-go-humar agus astaíochtaí umair-go-marbhshruth. Mar sin féin, níor cheart feidhmíocht breoslaí iontaise a mheas ach amháin trí fachtóirí astaíochta réamhshocraithe a úsáid dá bhforáiltear leis an Rialachán seo.

(18)Ní mór cur chuige cuimsitheach a bheith ann maidir leis na hastaíochtaí GCT is ábhartha (CO2, CH4 agus N2O) chun úsáid foinsí fuinnimh a chur chun cinn a bhfuil lorg iomlán GCT níos ísle acu. Chun acmhainneacht téite domhanda an mheatáin agus ocsaídí nítriúla a léiriú, ba cheart an teorainn a leagtar síos leis an Rialachán seo a shloinneadh i dtéarmaí ‘CO2 coibhéiseach’.

(19)Le húsáid foinsí fuinnimh in-athnuaite agus foinse mhalartaigh tiomána, amhail an ghaoth agus grianfhuinneamh, laghdaítear go mór an déine astaíochtaí gás ceaptha teasa maidir le húsáid fhuinneamh foriomlán na loinge. Maidir leis an deacracht na foinsí fuinnimh sin a thomhais agus a chainníochtú go beacht (eadrannacht na húsáide fuinnimh, aistriú díreach chun tiomána, etc.), níor cheart dó sin bac a chur ar a naitheantas in úsáid fhuinneamh foriomlán na loinge trí bhíthin meastacháin ar a rannchuidiú le cothromaíocht fuinnimh na loinge.

(20)Is ábhar imní suntasach ag limistéir chósta agus ag cathracha calafoirt an truailliú aeir arna tháirgeadh ag longa i mbeart (ocsaídí sulfair, ocsaídí nítrigine agus ábhar cáithníneach). Dá bhrí sin, ba cheart oibleagáidí sonracha agus diana a fhorchur chun astaíochtaí i mbeart a laghdú ó longa a úsáideann cumhacht óna ninnill agus iad ag fanacht i gcalafort. De réir na sonraí a bailíodh faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2015/757 in 2018, is iad longa paisinéirí agus longa coimeádán na catagóirí long a tháirgeann an méid is mó astaíochtaí i mbeart in aghaidh na loinge. Dá réir sin, ba cheart aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí ó na catagóirí long sin mar thosaíocht.

(21)Le húsáid soláthair cumhachta ar tír (OPS), maolaítear truailliú aeir arna tháirgeadh ag longa agus laghdaítear an méid astaíochtaí GCT arna ghineadh ag an muiriompar. Is éard atá in OPS soláthar cumhachta atá ar fáil do longa i mbeart, cumhacht atá ag éirí níos glaine, i bhfianaise an sciar mhéadaithigh d’fhuinneamh in-athnuaite i meascán leictreachais an Aontais. Cé nach gcumhdaítear le Treoir 2014/94/AE (An Treoir maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha – AFID) ach an fhoráil maidir le pointí nasctha OPS, lean an téileamh ar an teicneolaíocht sin agus, dá thoradh sin, imscaradh na teicneolaíochta de bheith teoranta riamh. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha sonracha a bhunú chun úsáid OPS a shainordú i measc na long is mó truailliú.

(22)Anuas ar OPS, le teicneolaíochtaí eile d’fhéadfaí a bheith ábalta tairbhí comhshaoil coibhéiseacha a chur ar fáil i gcalafoirt. Nuair a léirítear go bhfuil úsáid teicneolaíochta malartaí coibhéiseach le húsáid OPS, ba cheart an long sin a bheith díolmhaithe ó OPS a úsáid.

(23)Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí ó úsáid OPS ar roinnt cúiseanna oibiachtúla freisin, agus ba cheart iad a bheith deimhnithe ag comhlacht bainistíochta an chalafoirt cuarda agus teoranta do chuairteanna neamhsceidealaithe ar chalafoirt ar chúiseanna sábháilteachta nó chun beatha a shábháil ar muir, do ghearrfhanachtaí long i mbeart ar lú iad ná 2 uair an chloig óir is é seo an tam íosta a theastaíonn chun nascadh, agus do ghiniúint fuinnimh ar bord a úsáid i gcásanna práinne.

(24)I gcás nach bhfuil OPS ar fáil nó ina bhfuil sé neamh-chomhoiriúnach, ba cheart eisceachtaí a bheith teoranta go dtí go mbeadh dóthain ama ag oibreoirí loinge agus calafoirt na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh, chun na dreasachtaí is gá a chur ar fáil le haghaidh na ninfheistíochtaí sin agus chun iomaíochas éagórach a sheachaint. Amhail ó 2035, ba cheart d’oibreoirí loinge a gcuairteanna ar chalafoirt a phleanáil go cúramach chun a áirithiú go mbeidh siad in ann a gcuid gníomhaíochtaí a dhéanamh gan truailleáin aeir ná gáis ceaptha teasa a astú i mbeart agus an comhshaol i limistéir chósta agus i gcathracha calafoirt a chur i mbaol. I gcás nach bhfuil OPS ar fáil nó ina bhfuil sé neamh-chomhoiriúnach, ba cheart líon teoranta eisceachtaí a choinneáil ar bun chun an deis a chur ar fáil athruithe a dhéanamh ag an nóiméad deireanach ó am go chéile ar sceidil chuairteanna ar chalafoirt agus ar chuairteanna ar chalafoirt ina bhfuil trealamh neamh-chomhoiriúnach.

(25)Leis an Rialachán seo, ba cheart córas láidir faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe a chur i bhfeidhm chun comhlíonadh a fhorálacha a rianú. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcóras sin ar bhonn neamh-idirdhealaitheach maidir le gach long agus ba cheart gá a bheith le fíorúchán tríú páirtí chun cruinneas na sonraí a chuirtear isteach sa chóras sin a áirithiú. Chun gur fusa cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach, ba cheart aon sonra a tuairiscíodh cheana chun críoch Rialachán (AE) 2015/757 a úsáid, i gcás inar gá, chun comhlíonadh an Rialacháin seo a dheimhniú chun an tualach riaracháin a fhorchuirtear ar chuideachtaí, ar fhíoraitheoirí agus ar údaráis mhuirí a theorannú.

(26)Ba cheart do chuideachtaí a bheith freagrach as faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar an méid fuinnimh agus ar an gcineál fuinnimh a úsáidtear ar bord long agus iad i mbun loingseoireachta agus i mbeart, chomh maith le faisnéis ábhartha eile, amhail faisnéis faoin gcineál innill atá ar bord nó faoi theicneolaíochtaí gaothchuidithe a bheith ann, d’fhonn comhlíontacht a léiriú leis an teorainn le déine astaíochtaí gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord loinge a leagtar amach sa Rialachán seo. Chun gur fusa do na fíoraitheoirí na hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe sin agus an próiseas fíoraithe a chomhlíonadh, amhail a dhéantar le Rialachán (AE) 2015/757, ba cheart do chuideachtaí an modh faireacháin atá beartaithe a dhoiciméadú agus tuilleadh sonraí a chur ar fáil faoi chur i bhfeidhm rialacha an Rialacháin seo i bplean faireacháin. Ba cheart an plean faireacháin, chomh maith le haon mhodhnú air ina dhiaidh sin, más infheidhme, a chur faoi bhráid an fhíoraitheora.

(27)Tá deimhniúchán breoslaí fíor-riachtanach chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach agus chun sláine comhshaoil na mbreoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a ráthú, breoslaí a meastar go ndéanfar iad a imscaradh san earnáil mhuirí. Ba cheart tabhairt faoi dheimhniúchán den sórt sin trí bhíthin próiseas trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. D’fhonn deimhniúchán a éascú agus an tualach riaracháin a theorannú, ba cheart deimhniú bithbhreoslaí, bithgháis, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a bheith ag brath ar na rialacha a bhunaítear le Treoir (AE) 2018/2001. Ba cheart feidhm ar bheith ag an gcur chuige deimhniúcháin sin maidir le breoslaí a stóráiltear lasmuigh den Aontas freisin, ar cheart iad a mheas mar bhreoslaí allmhairithe, ar an gcaoi chéanna a ndéantar sin le Treoir (AE) 2018/2001. Nuair a bheartaíonn cuideachtaí imeacht ó na luachanna réamhshocraithe dá bhforáiltear leis an Treoir sin nó leis an gcreat nua seo, níor cheart é sin a dhéanamh ach amháin nuair is féidir luachanna a dheimhniú le ceann de na scéimeanna deonacha a aithnítear faoi Threoir (AE) 2018/2001 (le haghaidh luachanna tobair go humar) nó trí bhíthin tástáil saotharlainne nó tomhais dhíreacha astaíochtaí (umar go marbhshruth).

(28)Le fíorú arna dhéanamh ag fíoraitheoirí creidiúnaithe, ba cheart cruinneas agus iomláine an fhaireacháin agus an tuairiscithe arna ndéanamh ag cuideachtaí agus comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. Chun neamhchlaontacht a áirithiú, ba cheart na fíoraitheoirí a bheith ina neintitis dlí neamhspleácha agus inniúla agus ba cheart iad a bheith creidiúnaithe ag comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta a bhunaítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 .

(29)Agus úsáid á baint as na sonraí agus as an bhfaisnéis a ndéanann cuideachtaí faireachán orthu agus a thuairiscíonn siad, ba cheart do na fíoraitheoirí meándéine bhliantúil astaíochtaí gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord loinge agus cothromaíocht na loinge maidir leis an teorainn a ríomh agus a bhunú, lena náirítear aon bharrachas nó easnamh comhlíontachta, chomh maith le hurramú na gceanglas maidir le soláthar cumhachta ar tír a úsáid i mbeart. Ba cheart don fhíoraitheoir fógra a thabhairt don chuideachta lena mbaineann faoin bhfaisnéis sin. I gcás inarb é an fíoraitheoir an teintiteas céanna leis an bhfíoraitheoir chun críoch Rialachán (AE) 2015/757, d’fhéadfaí fógra den sórt sin a thabhairt i dteannta leis an tuarascáil fíorúcháin faoin Rialachán sin. Ba cheart don chuideachta lena mbaineann faisnéis den sórt sin a thuairisciú don Choimisiún ansin.

(30)Ba cheart don Choimisiún bunachar sonraí leictreonach a bhunú agus feidhmiú an bhunachair sonraí sin a áirithiú, bunachar sonraí ina gclárófaí feidhmíocht gach loinge agus lena náiritheofaí comhlíontacht gach loinge leis an Rialachán seo. Chun tuairisciú a éascú agus chun an tualach riaracháin ar chuideachtaí, ar fhíoraitheoirí agus ar úsáideoirí eile a theorannú, leis an mbunachar sonraí leictreonach sin ba cheart tógáil ar mhodúl THETIS-MRV atá ann faoi láthair agus ba cheart a chur san áireamh an fhéidearthacht maidir le faisnéis agus sonraí a bhaileofar chun críoch Rialachán (AE) 2015/757 a athúsáid.

(31)Bhraithfeadh comhlíonadh an Rialacháin seo ar ghnéithe a bhféadfadh sé nach mbeadh smacht ag an gcuideachta orthu, amhail saincheisteanna a bhaineann le hinfhaighteacht an bhreosla nó le cáilíocht an bhreosla. Dá bhrí sin, ba cheart solúbthacht a thabhairt do chuideachtaí barrachas comhlíontachta a thar-rolladh ó bhliain go bliain nó barrachas comhlíontachta a fháil ar réamhiasacht, laistigh de theorainneacha áirithe, ón mbliain dár gcionn. Maidir le húsáid OPS i mbeart, rud a bhfuil tábhacht mhór ag baint leis maidir leis an gcáilíocht aeir áitiúil i gcathracha calafoirt agus i limistéir chósta, níor cheart an úsáid sin a bheith incháilithe le haghaidh forálacha solúbthachta comhchosúla.

(32)Chun gaibhniú teicneolaíochta a sheachaint agus chun leanúint de thacú le himscaradh na réiteach lena mbaineann an fheidhmíocht is fearr, ba cheart deis a bheith ann do chuideachtaí feidhmíocht long éagsúil a chomhthiomsú agus an rófheidhmíocht a d’fhéadfadh a bheith ag long amháin a úsáid chun cúiteamh a dhéanamh ar thearcfheidhmíocht loinge eile. Leis sin, cruthaítear féidearthacht maidir le cúiteamh a dhéanamh ar an ró-chomhlíontacht agus dreasaítear an infheistíocht i dteicneolaíochtaí ardfhorbartha. An fhéidearthacht maidir le comhlíontacht chomhthiomsaithe a roghnú, ba cheart di leanúint de bheith deonach agus faoi réir comhaontú ag na cuideachtaí lena mbaineann.

(33)Maidir le doiciméad comhlíontachta (‘deimhniú comhlíontachta FuelEU’) a eisíonn fíoraitheoir de réir na nósanna imeachta a bhunaítear leis an Rialachán seo, ba cheart sin a choimeád ar bord long mar fhianaise gur comhlíonadh na teorainneacha maidir le déine astaíochtaí gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord loinge agus gur comhlíonadh na ceanglais maidir le húsáid OPS i mbeart. Ba cheart d’fhíoraitheoirí an Coimisiún a chur ar an eolas nuair a eisítear doiciméid den sórt sin.

(34)Ba cheart d’fhíoraitheoirí líon na gcuairteanna neamh-chomhlíontacha ar chalafoirt a chinneadh i gcomhréir le sraith critéar atá soiléir agus oibiachtúil, lena gcuirtear san áireamh an fhaisnéis ábhartha uile, lena náirítear tréimhse na fanachta, an méid fuinnimh a ídíodh maidir le gach cineál fuinnimh a úsaideadh, agus cur i bhfeidhm aon choinníll eisiaimh, le haghaidh gach cuairte ar chalafort san Aontas. Ba cheart do na cuideachtaí an fhaisnéis sin a chur ar fáil d’fhíoraitheoirí chun comhlíontacht a chinneadh.

(35)Gan dochar don fhéidearthacht maidir le comhlíonadh tríd na forálacha solúbthachta agus comhthiomsaithe, na longa nach gcomhlíonann na teorainneacha maidir le meándéine bhliantúil astaíochtaí gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord, beidh siad faoi réir pionós a mbeidh tionchar athchomhairleach aige. Ba cheart an pionós a bheith comhréireach le méid na neamh-chomhlíontachta agus ba cheart deireadh a chur le haon bhuntáiste eacnamaíoch de thoradh neamh-chomhlíontachta leis, agus cothrom iomaíochta san earnáil á chaomhnú dá réir. Ba cheart é a bheith bunaithe ar an méid breosla in-athnuaite agus ísealcharbóin ba cheart do na longa a úsáid chun ceanglais an Rialacháin a chomhlíonadh agus ar chostas an bhreosla sin.

(36)Ba cheart an pionós a fhorchuirtear ar gach cuairt neamh-chomhlíontach ar chalafort a bheith comhréireach leis an gcostas ar an leictreachas a úsáid agus ba cheart é a bheith ar leibhéal leordhóthanach ionas go mbeadh tionchar athchomhairleach aige ar úsáid foinsí fuinnimh ar mó an truailliú uathu. Ba cheart an pionós a bheith bunaithe ar an gcumhacht atá suiteáilte ar bord an tsoithigh, arna shloinneadh ina meigeavatanna, arna iolrú faoi phionós seasta in EUR in aghaidh gach uaire a fhanann an soitheach i mbeart. I ngeall ar easpa figiúirí cruinne maidir leis an gcostas ar OPS a sholáthar san Aontas, ba cheart an ráta seo a bheith bunaithe ar mheánphraghas leictreachais an Aontais le haghaidh tomhaltóirí nach teaghlaigh iad, arna iolrú faoi fhachtóir a dó, chun muirir eile a bhaineann le soláthar na seirbhíse a chur san áireamh, lena náirítear, i measc nithe eile, costais nasctha agus gnéithe téarnaimh infheistíochta.

(37)Ba cheart an tioncam a ghinfear ó íocaíocht na bpionós a úsáid chun dáileadh agus úsáid breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a chur chun cinn san earnáil mhuirí agus chun cuidiú le hoibreoirí muirí a spriocanna aeráide agus comhshaoil a bhaint amach. Chun na críche sin, ba cheart an tioncam sin a leithdháileadh ar an gCiste don Nuálaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10a(8) de Threoir 2003/87/CE.

(38)Ba cheart forfheidhmiú na noibleagáidí a bhaineann leis an Rialachán seo a bheith bunaithe ar ionstraimí atá ann cheana, eadhon orthu sin arna mbunú faoi Threoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 25 agus faoi Threoir 2009/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 26 . Ba cheart an doiciméad lena ndeimhnítear comhlíonadh na loinge le ceanglais an Rialacháin seo a chur le liosta na ndeimhnithe agus na ndoiciméad dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2009/16/CE.

(39)I bhfianaise na tábhachta a bhaineann le hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta atá glactha ag na fíoraitheoirí faoin Rialachán seo ar na cuideachtaí lena mbaineann, go háirithe maidir le cuairteanna neamh-chomhlíontacha ar chalafoirt a chinneadh, an méid pionós a ríomh agus eisiúint dheimhnithe comhlíontachta FuelEU a dhiúltú, ba cheart do na cuideachtaí sin a bheith i dteideal iarratas ar athbhreithniú ar na bearta sin a chur faoi bhráid an údaráis inniúil sa Bhallstát inar creidiúnaíodh an fíoraitheoir. I bhfianaise an chirt bhunúsaigh chun leighis éifeachtaigh, a chumhdaítear in Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ba cheart cinntí a ghlacann údaráis inniúla agus comhlachtaí bainistíochta an chalafoirt faoin Rialachán seo a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach, arna dhéanamh i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann.

(40)Chun cothrom iomaíochta a choinneáil ar bun trí fheidhmiú éifeachtúil an Rialacháin seo, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an liosta fachtóirí astaíochta tobair go marbhshruth a leasú, liosta na dteicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha is infheidhme nó na critéir lena núsáid a leasú, rialacha a bhunú maidir leis an tástáil saotharlainne agus na tomhais dhíreacha astaíochtaí a dhéanamh, fíoraitheoirí a chreidiúnú, an fachtóir pionóis a ghlacadh, agus módúlachtaí íocaíochta pionós a ghlacadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(41)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 27 . Agus na teimpléid le haghaidh pleananna faireacháin caighdeánaithe á mbunú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, lena náirítear na rialacha teicniúla maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na dteimpléad sin, ba cheart don Choimisiún a chur san áireamh an fhéidearthacht maidir le faisnéis agus sonraí a bhaileofar chun críoch Rialachán (AE) 2015/757 a athúsáid.

(42)I bhfianaise ghné idirnáisiúnta na hearnála muirí, is fearr cur chuige domhanda chun déine astaíochtaí gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord long a theorannú ós rud é go bhféadfaí a mheas go mbeadh sé níos éifeachtaí de bharr raon feidhme níos leithne a bheith ag gabháil leis. Sa chomhthéacs sin, agus d’fhonn forbairt rialacha idirnáisiúnta a éascú laistigh den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO), ba cheart don Choimisiún faisnéis ábhartha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a roinnt le IMO agus le comhlachtaí idirnáisiúnta ábhartha eile, agus ba cheart aighneachtaí ábhartha a chur faoi bhráid IMO. I gcás ina dtagtar ar chomhaontú ar chur chuige domhanda maidir le hábhair atá ábhartha maidir leis an Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo d’fhonn é a ailíniú, i gcás inarb iomchuí, leis na rialacha idirnáisiúnta.

(43)Maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin agus foinsí ionadacha fuinnimh a bheith á nglacadh ar fud an Aontais ag longa a thagann isteach i gcalafort, atá laistigh de chalafort nó a imíonn ó chalafort, ar calafort é atá faoi dhlínse Ballstáit, ní cuspóir é sin ar féidir leis na Ballstáit é a bhaint amach go leordhóthanach gan an riosca a ghlacadh go dtabharfaí isteach bacainní ar an margadh inmheánach agus saobhadh iomaíochta idir calafoirt agus oibreoirí muirí. Is fearr is féidir an cuspóir sin a bhaint amach trí rialacha aonfhoirmeacha a thabhairt isteach ar leibhéal an Aontais lena gcruthófaí dreasachtaí eacnamaíocha d’oibreoirí muirí chun leanúint den fheidhmiú gan bhac agus, san am céanna, oibleagáidí maidir le húsáid breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a chomhlíonadh. Dá réir sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Cuspóir agus aidhm

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha lena bhforchuirtear na nithe seo a leanas:

(a) an teorainn le déine astaíochtaí gás ceaptha teasa (‘GCT’) an fhuinnimh a úsáidtear ar bord loinge a thagann isteach chuig calafoirt faoi dhlínse Ballstáit, a fhanann iontu nó a imíonn uathu agus

(b) an oibleagáid maidir le soláthar cumhachta ar tír nó teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha a úsáid i gcalafoirt faoi dhlínse Ballstáit,

chun úsáid chomhsheasmhach breoslaí in-athnuaite, breoslaí ísealcharbóin agus foinsí ionadacha fuinnimh a mhéadú ar fud an Aontais, agus oibriú rianúil an tráchta mhuirí á áirithiú agus saobhadh sa mhargadh inmheánach á sheachaint.

Airteagal 2

Raon feidhme

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na longa ar fad a bhfuil olltonnáiste os cionn 5 000 acu, gan beann ar a mbratach, i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(a) an fuinneamh a úsáidtear le linn a bhfanachta laistigh de chalafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit,

(b) an fuinneamh ar fad a úsáidtear ar mhuiraistir ó chalafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit chuig calafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit, agus

(c) leath an fhuinnimh a úsáidtear ar mhuiraistir a imíonn ó chalafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit nó a thagann isteach chuig calafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit, i gcás ina bhfuil an calafort cuarda deiridh nó an chéad chalafort cuarda eile faoi dhlínse tríú tír.

Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le longa cogaidh, cúntaigh chabhlaigh, longa gabhála éisc ná longa próiseála éisc, longa adhmaid de thógáil bhunúsach, longa nach dtiomáintear le fearas meicniúil, ná longa rialtais a úsáidtear chun críoch neamhthráchtála.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn ‘astaíochtaí gás ceaptha teasa’ dé-ocsaíd charbóin (CO2), meatán (CH4) agus ocsaídí nítriúla (N2O) a scaoiltear isteach san atmaisféar;

(b)ciallaíonn ‘bithbhreoslaí’ bithbhreoslaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (33) de Threoir (AE) 2018/2001;

(c)ciallaíonn ‘bithghás’ bithghás mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (28) de Threoir (AE) 2018/2001;

(d)ciallaíonn ‘breoslaí carbóin athchúrsáilte’ breoslaí carbóin athchúrsáilte mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (35) de Threoir (AE) 2018/2001;

(e)ciallaíonn ‘breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch’ breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (36) de Threoir (AE) 2018/2001;

(f)ciallaíonn ‘barra bia agus beatha’ barra bia agus beatha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (40) de Threoir (AE) 2018/2001;

(g)ciallaíonn ‘teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha’ teicneolaíocht lena gcomhlíontar ceanglais Iarscríbhinn III nach dtugtar le tuiscint léi go scaoileann longa na gáis ceaptha teasa agus na truailleáin aeir seo a leanas isteach san atmaisféar: dé-ocsaíd charbóin (CO2), meatán (CH4), ocsaídí nítriúla (N2O), ocsaídí sulfair (SOx), ocsaídí nítrigine (NOx) agus ábhar cáithníneach(PM);

(h)ciallaíonn ‘foinsí ionadacha fuinnimh’ fuinneamh in-athnuaite gaoithe nó gréine a ghintear ar bord nó leictreachas a sholáthraítear ón soláthar cumhachta ar tír;

(i)ciallaíonn ‘calafort cuarda’ calafort cuarda mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (b) de Rialachán (AE) 2015/757;

(j)ciallaíonn ‘muiraistear’ muiraistear mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (c) de Rialachán (AE) 2015/757;

(k)ciallaíonn ‘cuideachta’ cuideachta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (d) de Rialachán (AE) 2015/757;

(l)ciallaíonn ‘olltonnáiste’(GT) olltonnáiste mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (e) de Rialachán (AE) 2015/757;

(m)ciallaíonn ‘long atá i mbeart’ long atá i mbeart mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (n) de Rialachán (AE) 2015/757;

(n)ciallaíonn ‘úsáid fuinnimh ar bord’ an méid fuinnimh arna shloinneadh ina mheigigiúil (MJ) a úsáideann long chun tiomáint nó chun aon trealamh ar bord a oibriú, ar muir nó i mbeart;

(o)ciallaíonn ‘déine astaíochtaí gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord’ an méid astaíochtaí gás ceaptha teasa, arna shloinneadh ina ghraim de choibhéis CO2 a bhunaítear ar bhonn tobar go marbhshruth, in aghaidh MJ d’fhuinneamh a úsáidtear ar bord;

(p)ciallaíonn ‘tobar go marbhshruth’ modh chun astaíochtaí a ríomh lena gcuirtear san áireamh an tionchar gáis ceaptha teasa a bhaineann le fuinneamh a tháirgeadh, a iompar, a dháileadh agus a úsáid ar bord, lena náirítear le linn dócháin;

(q)ciallaíonn ‘fachtóir astaíochta’ an meánráta astaíochta gás ceaptha teasa i gcoibhneas leis na sonraí gníomhaíochta maidir le sreabhadh foinse, lena nglactar le hocsaídiú iomlán i gcás dócháin agus tiontú iomlán i gcás na nimoibrithe ceimiceacha eile uile;

(r)ciallaíonn ‘soláthar cumhachta ar tír’ an córas chun leictreachas a sholáthar do longa i mbeart, ar leictreachas ardvoltais nó ísealvóltais é le sruth ailtéarnach nó díreach, lena náirítear suiteálacha cois loinge agus cois cladaigh nuair atáthar ag cothú phríomh-lasc-chlár dáileacháin na loinge go díreach chun an tréimhse ar bord nó ualaí oibre seirbhíse a chumhachtú nó chun ceallraí in-athluchtaithe a luchtú;

(s)ciallaíonn ‘fíoraitheoir’ eintiteas dlítheanach a dhéanann gníomhaíochtaí fíorúcháin agus atá creidiúnaithe ag comhlacht náisiúnta creidiúnaithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus de bhun an Rialacháin seo;

(t)ciallaíonn ‘tréimhse tuairiscithe’ tréimhse tuairiscithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (m) de Rialachán (AE) 2015/757;

(u)ciallaíonn ‘deimhniú comhlíontachta FuelEU’ deimhniú is sonrach do long, a eisíonn fíoraitheoir do chuideachta, ar deimhniú é lena ndeimhnítear gur chomhlíon an long sin an Rialachán seo le haghaidh tréimhse shonrach tuairiscithe;

(v)ciallaíonn ‘long paisinéirí’ long a iompraíonn níos mó ná 12 phaisinéir, lena náirítear longa cúrsála, árthaí ardluais paisinéirí agus longa ag a bhfuil saoráidí chun é a chur ar a gcumas d’fheithiclí bóthair nó iarnróid rolladh ar bord an tsoithigh agus rolladh as;

(w)ciallaíonn ‘long coimeádáin’ long a dheartar chun coimeádáin a iompar sa bholg nó ar deic, agus chuige sin amháin;

(x)ciallaíonn ‘cuairt neamhchomhlíontach ar chalafort’ cuairt ar chalafort nuair nach gcomhlíonann an long ceanglas Airteagal 5(1) agus nuair nach bhfuil feidhm ag aon cheann de na heisceachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 5(3);

(y)ciallaíonn ‘an chonair is lú fabhar’ an chonair táirgeachta is déine ó thaobh carbóin de a úsáidtear le haghaidh aon bhreosla ar leith;

(z)Ciallaíonn ‘coibhéis CO2 ’ an tomhas méadrach a úsáidtear chun astaíochtaí ó CO2, CH4 agus N2O a ríomh ar bhonn a nacmhainneachta téite domhanda, trí mhéideanna CH4 agus N2O a choinbhéartú go dtí an méid coibhéise dé-ocsaíde carbóin ag a bhfuil an acmhainneacht téite domhanda chéanna;

(aa)ciallaíonn ‘iarmhéid comhlíontachta’ an tomhas ar ró-chomhlíontacht nó ar thearc-chomhlíontacht loinge maidir leis na teorainneacha le meándéine bhliantúil astaíochtaí gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord loinge, tomhas a ríomhtar i gcomhréir le hIarscríbhinn V.

(bb)ciallaíonn ‘barrachas comhlíontachta’ iarmhéid comhlíontachta a bhfuil luach dearfach leis.

(cc)ciallaíonn ‘easnamh comhlíontachta’ iarmhéid comhlíontachta a bhfuil luach diúltach leis;

(dd)ciallaíonn ‘iarmhéid comhlíontachta an chomhthiomsaithe iomláin’ suim iarmhéideanna comhlíontachta na long uile a áirítear sa chomhthiomsú.

(ee)ciallaíonn ‘comhlacht bainistíochta an chalafoirt’ aon chomhlacht poiblí nó príobháideach mar a shainmhínítear in Airteagal 2(5) de Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 .

CAIBIDIL II

CEANGLAIS MAIDIR LE FUINNEAMH A ÚSÁIDTEAR AR BORD LONG

Airteagal 4

Teorainn maidir le déine astaíochtaí gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord loinge

1.Ní bheidh meándéine bhliantúil astaíochtaí gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord loinge le linn tréimhse tuairiscithe níos mó ná an teorainn a leagtar amach i mír 2.

2.Ríomhfar an teorainn dá dtagraítear i mír 1 trí luach tagartha [X gram de choibhéis CO2 in aghaidh MJ]* a laghdú faoi na céatadáin seo a leanas: 

-2 % ón 1 Eanáir 2025;

-6 % ón 1 Eanáir 2030;

-13 % ón 1 Eanáir 2035;

-26 % ón 1 Eanáir 2040;

-59 % ón 1 Eanáir 2045;

-75 % ón 1 Eanáir 2050.

[Réiltín: An luach tagartha, a ríomhfar ag céim níos deireanaí sa nós imeachta reachtach, comhfhreagraíonn sé do mheándéine gás ceaptha teasa an fhlít ón bhfuinneamh a úsáidtear ar bord long in 2020, meándéine a cinneadh ar bhonn na sonraí a ndearnadh faireachán orthu agus a tuairiscíodh i gcreat Rialachán (AE) 2015/757 agus úsáid á baint as an modheolaíocht agus as na luachanna réamhshocraithe a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin.]

3.Ríomhfar déine astaíochtaí gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord loinge mar an méid astaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh an aonaid fuinnimh de réir na modheolaíochta a shonraítear in Iarscríbhinn I.

4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun Iarscríbhinn II a leasú chun fachtóirí astaíochta tobar go marbhshruth a bhaineann le haon fhoinse nua fuinnimh a chur ar áireamh nó chun fachtóirí astaíochta atá ann cheana a oiriúnú chun comhsheasmhacht a áirithiú le caighdeáin idirnáisiúnta a bheidh ann amach anseo nó le reachtaíocht an Aontais i réimse an fhuinnimh.

Airteagal 5

Ceanglais astaíochtaí nialasacha bhreise an fhuinnimh a úsáidtear i mbeart

1.Ón 1 Eanáir 2030 ar aghaidh, long i mbeart i gcalafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit, nascfaidh sí leis an soláthar cumhachta ar tír agus úsáidfidh sí é le haghaidh a riachtanas fuinnimh ar fad agus í i mbeart.

2.Beidh feidhm ag mír 1 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)longa coimeádán;

(b)longa paisinéirí.

3.Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis na cásanna seo a leanas:

(a)longa atá i mbeart ar feadh níos lú ná 2 uair an chloig, tréimhse a ríomhtar ar bhonn uair na himeachta agus uair na teachta isteach a ndéantar faireachán orthu i gcomhréir le hAirteagal 14;

(b)longa a úsáideann teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha, mar a shonraítear in Iarscríbhinn III;

(c)longa ar gá dóibh cuairt neamhsceidealaithe a thabhairt ar chalafort, ar chúiseanna sábháilteachta nó tarrthála ar muir;

(d)longa nach féidir leo nascadh leis an soláthar cumhachta ar tír toisc nach bhfuil pointí nasctha ar fáil i gcalafort;

(e)longa nach féidir leo nascadh leis an soláthar cumhachta ar tír toisc nach bhfuil an tsuiteáil ar tír sa chalafort comhoiriúnach leis an trealamh cumhachta ar tír ar bord;

(f)longa a bhfuil féinghiniúint fuinnimh ar bord ag teastáil uathu, ar feadh tréimhse theoranta ama, i gcásanna práinne ina bhfuil baol láithreach don bheatha, don long, don chomhshaol nó ar chúiseanna eile force majeure.

4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun Iarscríbhinn III a leasú chun tagairtí do theicneolaíochtaí nua a chur isteach i liosta na dteicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha infheidhme nó tagairtí do chritéir lena núsáid, i gcásanna ina bhfaightear amach go bhfuil na teicneolaíochtaí nua sin coibhéiseach leis na teicneolaíochtaí a liostaítear san Iarscríbhinn sin, i bhfianaise dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.

5.Cinnfidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt cibé acu an bhfuil feidhm ag na heisceachtaí a shocraítear i mír 3 nó nach bhfuil agus eiseoidh sé an deimhniú i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn IV nó diúltóidh sé an deimhniú sin a eisiúint.

6.Ón 1 Eanáir 2035 ar aghaidh, ní fhéadfar na heisceachtaí a liostaítear i mír 3, pointí (d) agus (e), a chur i bhfeidhm maidir le long ar leith, níos mó ná cúig huaire ar an iomlán in aon bhliain tuairiscithe amháin. Ní áireofar cuairt ar chalafort chun críche comhlíontachta leis an bhforáil seo i gcás ina léiríonn an chuideachta nárbh fhéidir léi a fhios a bheith aici go réasúnach nach mbeadh an long in ann nascadh ar na cúiseanna dá dtagraítear i mír 3, pointí (d) agus (e).

7.Maidir le cásanna éigeandála a fhágann gur gá gineadóirí ar bord a úsáid, dá dtagraítear i mír 3, pointe (f), déanfaidh an long iad a dhoiciméadú agus tuairisceoidh sí iad do chomhlacht bainistíochta an chalafoirt iad.

CAIBIDIL III

COMHPRHIONSABAIL AGUS DEIMHNIÚCHÁN

Airteagal 6

Comhphrionsabail le haghaidh faireacháin agus tuairisciú

1.I gcomhréir le hAirteagail 7 go 9, déanfaidh cuideachtaí faireachán agus tuairisciú ar na sonraí ábhartha, le haghaidh gach loinge dá gcuid, le linn tréimhse tuairiscithe. Déanfaidh siad an faireachán agus an tuairisciú sin laistigh de na calafoirt uile atá faoi dhlínse Ballstáit agus le haghaidh aon mhuiraistir chuig calafort atá faoi dhlínse Ballstáit nó aon mhuiraistir uaidh.

2.Beidh an faireachán agus an tuairisciú iomlán agus cumhdófar leo an fuinneamh a úsáidtear ar bord long, le linn do na longa a bheith ar muir agus le linn dóibh a bheith i mbeart freisin. Cuirfidh cuideachtaí bearta iomchuí i bhfeidhm chun aon bhearna sna sonraí a sheachaint laistigh den tréimhse tuairiscithe.

3.Beidh an faireachán agus an tuairisciú comhsheasmhach agus inchomparáide thar am. Chuige sin, úsáidfidh cuideachtaí na modheolaíochtaí faireacháin céanna agus na tacair sonraí chéanna faoi réir modhnuithe arna measúnú ag an bhfíoraitheoir. Áiritheoidh na cuideachtaí go ndéanfar sláine na sonraí a mbeidh faireachán agus tuairisciú le déanamh orthu a dhearbhú go réasúnach .

4.Gheobhaidh cuideachtaí sonraí faireacháin, lena náirítear toimhdí, tagairtí, fachtóirí astaíochta agus sonraí gníomhaíochta, agus déanfaidh siad iad a thaifeadadh, a thiomsú, a anailísiú agus a dhoiciméadú ar bhealach cruinn trédhearcach chun gur féidir leis an bhfíoraitheoir déine astaíochtaí gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord loinge a chinneadh.

5.Agus faireachán agus tuairisciú á ndéanamh ar ghníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagail 7 go 9 agus in Airteagal 14 den Rialachán seo, úsáidfear faisnéis agus sonraí arna mbailiú chun críoch Rialachán (AE) 2015/757 i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 7

Plean faireacháin

1.Faoin 31 Lúnasa 2024, cuirfidh cuideachtaí plean faireacháin faoi bhráid na bhfíoraitheoirí le haghaidh gach loinge dá gcuid, plean ina léireofar an modh a roghnaítear as measc na modhanna sin a leagtar amach in Iarscríbhinn I chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar an méid fuinnimh, an cineál fuinnimh agus fachtóir astaíochta an fhuinnimh a úsáidtear ar bord long agus aon fhaisnéis ábhartha eile.

2.I gcás longa a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo den chéad uair i ndiaidh an 31 Lúnasa 2024, cuirfidh cuideachtaí plean faireacháin faoi bhráid an fhíoraitheora gan aon mhoill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná 2 mhí i ndiaidh céad chuairt gach loinge ar chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit.

3.Is éard a bheidh sa phlean faireacháin doiciméadú iomlán trédhearcach agus beidh na heilimintí seo a leanas, ar a laghad, san áireamh ann:

(a)céannacht agus cineál na loinge, lena náirítear a hainm, a huimhir aitheantais IMO, a calafort cláraithe nó a calafort baile, agus ainm úinéir na loinge;

(b)ainm na cuideachta agus seoladh, uimhir theileafóin agus sonraí ríomhphoist duine teagmhála;

(c)tuairisc ar na córais tiontaithe fuinnimh a suiteáladh ar bord agus an toilleadh cumhachta lena mbaineann arna shloinneadh ina mheigeavatanna (MW);

(d)tuairisc gur suiteáladh agus gur deimhníodh trealamh ar an long chun gur féidir nascadh leis an soláthar cumhachta ar tír, ag voltas sonraithe agus ar mhinicíocht, lena náirítear an trealamh a shonraítear in IEC/IEEE 80005-1 (Ardvoltas) agus IEC/IEEE 80005-3 (Ísealvoltas) nó tuairisc gur feistíodh í le foinsí ionadacha fuinnimh nó le teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha mar a shonraítear in Iarscríbhinn III;

(e)tuairisc ar na foinsí fuinnimh a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid ar bord agus an long i mbun loingseoireachta agus í i mbeart chun na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5 a chomhlíonadh;

(f)tuairisc ar na nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar ídiú breosla na loinge chomh maith leis an bhfuinneamh a sholáthraítear le foinsí ionadacha fuinnimh nó teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha mar a shonraítear in Iarscríbhinn III;

(g)na fachtóirí astaíochta tobar go marbhshruth dá dtagraítear in Iarscríbhinn II;

(h)tuairisc ar na nósanna imeachta arna núsáid chun faireachán a dhéanamh ar iomláine an liosta muiraistear;

(i)tuairisc ar na nósanna imeachta arna núsáid chun sonraí gníomhaíochta in aghaidh an mhuiraistir a chinneadh, lena náirítear na nósanna imeachta, na freagrachtaí, na foirmlí agus na foinsí sonraí chun an méid ama a chaitear ar muir idir an calafort imeachta agus an calafort teachta isteach agus an tam a chaitear i mbeart a chinneadh agus a thaifeadadh;

(j)tuairisc ar na nósanna imeachta, na córais agus na freagrachtaí arna núsáid chun aon sonra sa phlean faireacháin a nuashonrú le linn na tréimhse tuairiscithe;

(k)tuairisc ar an modh atá le húsáid chun sonraí ionadacha a chinneadh chun bearnaí sna sonraí a líonadh;

(l)bileog taifid athbhreithnithe chun mionsonraí uile stair an athbhreithnithe a thaifeadadh.

4.Bainfidh cuideachtaí úsáid as pleananna faireacháin caighdeánaithe bunaithe ar theimpléid. Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinnfidh an Coimisiún na teimpléid sin, lena náirítear na rialacha teicniúla lena gcur i bhfeidhm aonfhoirmeach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(3).

Airteagal 8

Modhnuithe ar an bplean faireacháin

1.Seiceálfaidh cuideachtaí go rialta, agus uair sa bhliain ar a laghad, cé acu a léirítear cineál agus feidhmiú na loinge le plean faireacháin na loinge nó nach léirítear agus cé acu is féidir an mhodheolaíocht faireacháin a fheabhsú nó nach féidir.

2.Déanfaidh cuideachtaí an plean faireacháin a mhodhnú in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)i gcás ina nathraítear cuideachta;

(b)i gcás ina bhfuil córais nua tiontaithe fuinnimh, cineálacha nua fuinnimh, lena náirítear foinsí ionadacha fuinnimh nó teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha mar a shonraítear in Iarscríbhinn III in úsáid;

(c)i gcás ina bhféadfadh athrú ar infhaighteacht sonraí, mar gheall ar chineálacha nua trealaimh tomhais, modhanna nua samplála nó modhanna nua anailíse a úsáid, nó ar chúiseanna eile, difear a dhéanamh do chruinneas na sonraí a bhailítear;

(d)i gcás ina bhfaightear amach go bhfuil na sonraí a d'eascair as an modh faireacháin a cuireadh i bhfeidhm mícheart;

(e)i gcás ina sainaithnítear nach bhfuil cuid áirithe den phlean faireacháin i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo agus ina gceanglaíonn an fíoraitheoir ar an gcuideachta athbhreithniú a dhéanamh uirthi.

3.Tabharfaidh na cuideachtaí fógra do na fíoraitheoirí gan aon mhoill mhíchuí maidir le haon togra le haghaidh modhnú ar an plean faireacháin.

4.Beidh modhnuithe ar an bplean faireacháin dá dtagraítear i mír 2, pointí (b), (c) agus (d) den Airteagal seo faoi réir measúnú arna dhéanamh ag an bhfíoraitheoir. Tar éis an mheasúnaithe, cuirfidh an fíoraitheoir in iúl don chuideachta lena mbaineann cibé atá na modhnuithe sin i gcomhréir le hAirteagal 6 nó nach bhfuil.

Airteagal 9

Deimhniúchán le haghaidh bithbhreoslaí, bithgháis agus breoslaí iompair in-athnuaite leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte

1.I gcás ina bhfuil bithbhreoslaí, bithghás, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte, mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2018/2001, le cur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a)fachtóirí astaíochta gás ceaptha teasa i dtaca le bithbhreoslaí agus bithghás lena gcomhlíontar na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar amach in Airteagal 29 de Threoir (AE) 2018/2001, cinnfear iad sin i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a leagtar amach sa Treoir sin;

(b)fachtóirí astaíochta gás ceaptha teasa i dtaca le breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breosla carbóin athchúrsáilte lena gcomhlíontar na tairseacha maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar amach in Airteagal 27(3) de Threoir (AE) 2018/2001, cinnfear iad i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a leagtar amach sa Treoir sin;

(c)bithbhreoslaí agus bithghás nach gcomhlíonann pointe (a) nó a tháirgtear ó bharra bia nó beatha, measfar go bhfuil na fachtóirí astaíochta céanna acu agus atá ag an gconair breosla iontaise is lú fabhar le haghaidh an chineáil sin breosla;

(d)breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte nach gcomhlíonann pointe (b), measfar go bhfuil na fachtóirí astaíochta céanna acu agus atá ag an gconair breosla iontaise is lú fabhar le haghaidh an chineáil sin breoslaí.

2.Soláthróidh cuideachtaí sonraí cruinne iontaofa maidir le déine astaíochtaí gás ceaptha teasa agus maidir le tréithe inbhuanaitheachta bithbhreoslaí, bithgháis, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breosla carbóin in-athnuaite, sonraí a fhíorófar le scéim atá aitheanta ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagail 30(5) agus (6) de Threoir (AE) 2018/2001.

3.Beidh cuideachtaí i dteideal imeacht ó na luachanna bunaithe réamhshocraithe le haghaidh fachtóirí astaíochta umar go marbhshruth ar an gcoinníoll go ndeimhnítear na luachanna iarbhír trí bhíthin tástáil saotharlainne nó tomhais dhíreacha astaíochtaí. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na rialacha a leagan síos maidir le tástáil saotharlainne a dhéanamh agus tomhais dhíreacha astaíochtaí.

CAIBIDIL IV

FÍORÚ AGUS CREIDIÚNÚ

Airteagal 10

Gníomhaíochtaí fíorúcháin

1.Déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar chomhréireacht an phlean faireacháin leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 6 go 9. I gcás ina sainaithnítear i measúnú an fhíoraitheora neamh-chomhréireachtaí leis na ceanglais sin, déanfaidh an chuideachta lena mbaineann athbhreithniú ar a plean faireacháin dá réir agus cuirfidh sí an plean athbhreithnithe faoi bhráid an fhíoraitheora le haghaidh measúnú deiridh sula dtosóidh an tréimhse tuairiscithe. Tiocfaidh an chuideachta lena mbaineann ar chomhaontú leis an bhfíoraitheoir maidir leis an tréimhse atá riachtanach chun na hathbhreithnithe sin a thabhairt isteach. Ní shínfear an tréimhse sin thar thús na tréimhse tuairiscithe i gcás ar bith.

2.Déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar chomhréireacht na faisnéise a thuairiscítear leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 6 go 9 agus in Iarscríbhinní I, II agus III sula ndéanann sé na hoibríochtaí a leagtar amach in Airteagal 15(2).

3.I gcás ina sainaithnítear leis an measúnú fíorúcháin ráitis mhíchearta nó neamh-chomhréireachtaí leis an Rialachán seo, cuirfidh an fíoraitheoir an chuideachta lena mbaineann ar an eolas faoi go tráthúil. Leasóidh an chuideachta sin na ráitis mhíchearta nó na neamh-chomhréireachtaí ansin chun gur féidir an próiseas fíorúcháin a chríochnú in am.

Airteagal 11

Oibleagáidí ginearálta agus prionsabail ghinearálta do na fíoraitheoirí

1.Beidh an fíoraitheoir neamhspleách ar an gcuideachta nó ar an oibreoir loinge agus cuirfidh sé na gníomhaíochtaí a cheanglaítear faoin Rialachán seo i gcrích chun leas an phobail. Chun na críche sin, ní cuideachta ná oibreoir loinge a bheidh san fhíoraitheoir ná in aon chuid den eintiteas dlí céanna, ná ina úinéir cuideachta ná ní bheidh siad faoina núinéireacht ná ní bheidh caidreamh ag an bhfíoraitheoir leis an gcuideachta a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do neamhspleáchas ná do neamhchlaontacht an fhíoraitheora.

2.Déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar iontaofacht, inchreidteacht agus cruinneas na sonraí agus na faisnéise a bhaineann leis an méid fuinnimh, an cineál fuinnimh agus fachtóir astaíochta an fhuinnimh a úsáidtear ar bord long, go háirithe na nithe seo a leanas:

(a)ídiú breosla agus úsáid foinsí ionadacha fuinnimh a chur i leith muiraistear;

(b)na sonraí tuairiscithe maidir le hídiú breosla agus na tomhais agus na ríomhanna gaolmhara;

(c)rogha agus cur i bhfeidhm fachtóirí astaíochta;

(d)soláthar cumhachta ar tír a úsáid nó eisceachtaí arna ndeimhniú i gcomhréir le hAirteagal 5(5) a bheith ann.

3.Bunófar an measúnú dá dtagraítear i mír 2 ar na breithnithe seo a leanas:

(a)go bhfuil na sonraí tuairiscithe comhleanúnach i ndáil leis na sonraí measta atá bunaithe ar shonraí rianaithe long agus saintréithe long amhail cumhacht an innill shuiteáilte;

(b)nach bhfuil aon neamhréireacht sna sonraí tuairiscithe, go háirithe nuair a bhíonn toirt iomlán an bhreosla a cheannaíonn gach long go bliantúil á cur i gcomparáid leis an ídiú comhiomlán breosla le linn muiraistear;

(c)gur bailíodh na sonraí i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme; agus

(d)go bhfuil taifid ábhartha na loinge iomlán agus comhsheasmhach.

Airteagal 12

Nósanna imeachta fíorúcháin

1.Sainaithneoidh an fíoraitheoir rioscaí ionchasacha i ndáil leis an bpróiseas faireacháin agus tuairiscithe trí chomparáid a dhéanamh idir an méid fuinnimh, an cineál fuinnimh agus fachtóir astaíochta an fhuinnimh a úsáidtear ar bord long agus sonraí measta bunaithe ar shonraí rianaithe long agus saintréithe long amhail cumhacht an innill shuiteáilte. I gcás ina naimsítear claontaí suntasacha, déanfaidh an fíoraitheoir tuilleadh anailísí.

2.Sainaithneoidh an fíoraitheoir rioscaí ionchasacha a bhaineann leis na céimeanna difriúla ríomha trí athbhreithniú a dhéanamh ar fhoinsí na sonraí agus ar na modheolaíochtaí ar fad arna núsáid ag an gcuideachta.

3.Cuirfidh an fíoraitheoir san áireamh aon mhodh éifeachtach rialaithe riosca arna chur i bhfeidhm ag an gcuideachta lena mbaineann chun leibhéil neamhchinnteachta a laghdú, ar leibhéil iad a bhaineann leis an gcruinneas is sonrach do na modhanna faireacháin a úsáidtear.

4.Soláthróidh an chuideachta lena mbaineann aon fhaisnéis bhreise don fhíoraitheoir a chuirfidh ar a chumas na nósanna imeachta fíorúcháin a dhéanamh. Féadfaidh an fíoraitheoir seiceálacha a dhéanamh le linn an phróisis fíorúcháin d’fhonn cinneadh a dhéanamh maidir le hiontaofacht na sonraí agus na faisnéise tuairiscithe.

Airteagal 13

Creidiúnú na bhfíoraitheoirí

1.Creidiúnóidh comhlacht náisiúnta creidiúnaithe fíoraitheoirí le haghaidh gníomhaíochtaí faoi raon feidhme an Rialacháin seo de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

2.I gcás nach ndéantar aon fhoráil shonrach maidir le creidiúnú fíoraitheoirí a leagan síos sa Rialachán seo, beidh feidhm ag forálacha ábhartha Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhodhanna agus critéir bhreise a leagan síos le haghaidh creidiúnú fíoraitheoirí. Beidh na modhanna a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe sin bunaithe ar na prionsabail maidir le fíorúchán dá bhforáiltear in Airteagail 10 agus 11 agus ar chaighdeáin ábhartha a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta.

CAIBIDIL V

COMHLÍONTACHT A THAIFEADADH, A FHÍORÚ, A THUAIRISCIÚ AGUS A MHEASÚNÚ

Airteagal 14

Faireachán agus taifeadadh

1.I bhfianaise an phlean faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 7 agus tar éis don fhíoraitheoir measúnú a dhéanamh ar an bplean sin, déanfaidh cuideachtaí an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh le haghaidh gach loinge a thagann isteach chuig calafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit nó a imíonn uaidh agus le haghaidh gach muiraistir chuig calafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit nó uaidh:

(a)an calafort óna nimítear agus an calafort a dtagtar isteach ann lena náirítear dáta agus uair na himeachta agus an teachta isteach agus an méid ama a chaitear i mbeart;

(b)i gcás gach loinge a bhfuil feidhm ag ceanglas Airteagal 5(1) lena haghaidh, an nascadh leis an gcumhacht ar tír agus úsáid na cumhachta sin nó aon cheann de na heisceachtaí a liostaítear in Airteagal 5(3) a bheith ann;

(c)méid gach cineáil breosla a ídítear i mbeart agus ar muir;

(d)na fachtóirí astaíochta tobar go marbhshruth le haghaidh gach cineáil breosla a ídítear i mbeart agus ar muir, de réir tobar go humar, umar go marbhshruth agus astaíochtaí éalaitheacha lena gcumhdaítear na gáis ceaptha teasa ábhartha uile;

(e)méid gach cineáil foinse ionadaí fuinnimh a ídítear i mbeart agus ar muir.

2.Déanfaidh cuideachtaí an fhaisnéis agus na sonraí a liostaítear i mír 1 a thaifeadadh ar bhonn bliantúil ar bhealach trédhearcach lena gcuirtear ar a chumas don fhíoraitheoir comhlíontacht leis an Rialachán seo a fhíorú.

3.Faoin 30 Márta gach bliain, soláthróidh cuideachtaí an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 don fhíoraitheoir.

Airteagal 15

Fíorúchán agus ríomh

1.Tar éis an fhíorúcháin a leagtar síos in Airteagail 10 go 12, déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar cháilíocht, ar iomláine agus ar chruinneas na faisnéise arna soláthar ag an gcuideachta i gcomhréir le hAirteagal 14(3).

2.Ar bhonn na faisnéise arna fíorú de réir mhír 1, déanfaidh an fíoraitheoir na nithe seo a leanas:

(a)meándéine bhliantúil astaíochtaí gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord na loinge lena mbaineann a ríomh, agus úsáid á baint as an modheolaíocht a shonraítear in Iarscríbhinn I;

(b)iarmhéid comhlíontachta na loinge a ríomh, agus úsáid á baint as an bhfoirmle a shonraítear in Iarscríbhinn V;

(c)líon na gcuairteanna neamhchomhlíontacha ar chalafort sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin a ríomh, lena náirítear an méid ama a caitheadh i mbeart i gcás gach cuairte neamhchomhlíontaí ar chalafort;

(d)méid na bpionós dá dtagraítear in Airteagal 20(1) agus (2) a ríomh.

3.Tabharfaidh an fíoraitheoir fógra don chuideachta faoin bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2.

Airteagal 16

Bunachar sonraí comhlíontachta agus tuairisciú

1.Forbróidh an Coimisiún bunachar sonraí comhlíontachta leictreonach chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht le hAirteagail 4 agus 5, áiritheoidh an Coimisiún feidhmiú an bhunachair sonraí sin agus nuashonróidh sé é. Úsáidfear an bunachar sonraí comhlíontachta chun taifead a choimeád ar iarmhéid comhlíontachta na long agus ar úsáid na sásraí solúbthachta a leagtar amach in Airteagail 17 agus 18. Beidh rochtain ag na cuideachtaí, na fíoraitheoirí, na húdaráis inniúla agus an Coimisiún air.

2.Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, leagfaidh an Coimisiún síos na rialacha maidir le cearta rochtana agus sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla an bhunachair sonraí comhlíontachta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(3).

3.Faoin 30 Aibreán gach bliain, déanfaidh an chuideachta taifead sa bhunachar sonraí comhlíontachta maidir le gach long dá cuid, taifead ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 15(2), arna fionnadh ag an bhfíoraitheoir, mar aon leis an bhfaisnéis lenar féidir an long agus an chuideachta a shainaithint, chomh maith le céannacht an fhíoraitheora a rinne an measúnú.

Airteagal 17

Baincéireacht agus iasachtú barrachais comhlíontachta idir tréimhsí tuairiscithe

1.I gcás ina bhfuil barrachas comhlíontachta ag long le haghaidh na tréimhse tuairiscithe, féadfaidh an chuideachta é a bhancáil in iarmhéid comhlíontachta na loinge céanna le haghaidh na chéad tréimhse tuairiscithe eile. Déanfaidh an chuideachta taifead de bhancáil an bharrachais comhlíontachta le haghaidh na chéad tréimhse tuairiscithe eile sa bhunachar sonraí comhlíontachta, faoi réir a formheasta ag a fíoraitheoir. Ní fhéadfaidh an chuideachta an barrachas comhlíontachta a bhancáil a thuilleadh ón uair a eisítear an deimhniú comhlíontachta FuelEU.

2.I gcás ina bhfuil easnamh comhlíontachta ar long le haghaidh na tréimhse tuairiscithe, féadfaidh an chuideachta réamhbharrachas comhlíontachta ar an méid comhfhreagrach a fháil ar iasacht ón gcéad tréimhse tuairiscithe eile. Cuirfear an réamhbharrachas comhlíontachta le hiarmhéid na loinge le haghaidh na tréimhse tuairiscithe agus dealófar é ó iarmhéid na loinge céanna sa chéad tréimhse tuairiscithe eile. Beidh an méid a dhealófar sa chéad tréimhse tuairiscithe eile cothrom leis an réamhbharrachas comhlíontachta arna iolrú faoi 1.1. Ní fhéadfar an réamhbharrachas comhlíontachta a fháil ar iasacht sna cásanna seo a leanas:

(a)le haghaidh méid atá níos mó ná 2 % os cionn na teorann a leagtar amach in Airteagal 4(2), arna iolrú faoi ídiú fuinnimh na loinge arna ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn I;

(b)le haghaidh dhá thréimhse tuairiscithe i ndiaidh a chéile.

3.Faoi 30 Aibreán na bliana tar éis na tréimhse tuairiscithe, déanfaidh an chuideachta taifead sa bhunachar sonraí comhlíontachta den réamhbharrachas comhlíontachta, tar éis don fhíoraitheoir é a fhormheas.

Airteagal 18

Comhlíontacht a chomhthiomsú

1.Maidir le hiarmhéideanna comhlíontachta dhá long nó níos mó arna bhfíorú ag an bhfíoraitheoir céanna, féadfar iad a chomhthiomsú chun críocha cheanglais Airteagal 4 a chomhlíonadh. Ní fhéadfar iarmhéid comhlíontachta loinge a chur ar áireamh i níos mó ná aon chomhthiomsú amháin sa tréimhse tuairiscithe chéanna.

2.Faoi 30 Márta na bliana tar éis na tréimhse tuairiscithe, tabharfaidh an chuideachta fógra don fhíoraitheoir go bhfuil sé beartaithe aici iarmhéid comhlíontachta na loinge a chur san áireamh i gcomhthiomsú le haghaidh na tréimhse tuairiscithe díreach roimhe sin. I gcás ina rialaíonn dhá chuideachta nó níos mó na longa atá rannpháirteach sa chomhthiomsú, tabharfaidh na cuideachtaí fógra comhpháirteach don fhíoraitheoir.

3.Faoi 30 Aibreán na bliana tar éis na tréimhse tuairiscithe, déanfaidh an fíoraitheoir an comhthiomsú a thaifeadadh sa bhunachar sonraí comhlíontachta. Ní athrófar comhdhéanamh an chomhthiomsaithe tar éis an dáta sin.

4.I gcás na comhlíontachta comhthiomsaithe faoi mhír 1 den Airteagal seo, agus chun críocha Airteagal 15(2)(b), féadfaidh an chuideachta an chaoi le hiarmhéid comhlíontachta iomlán an chomhthiomsaithe a leithdháileadh ar gach long aonair a chinneadh, ar choinníoll go nurramaítear iarmhéid comhlíontachta iomlán an chomhthiomsaithe. I gcás ina rialaíonn dhá chuideachta nó níos mó na longa atá rannpháirteach sa chomhthiomsú, leithdháilfear iarmhéid comhlíontachta iomlán an chomhthiomsaithe i gcomhréir leis an modh a shonraítear san fhógra comhpháirteach.

5.Más barrachas comhlíontachta le haghaidh long aonair is toradh ar iarmhéid comhlíontachta meánach an chomhthiomsaithe, beidh feidhm ag Airteagal 17(1).

6.Ní bheidh feidhm ag Airteagal 17(2) maidir le long atá rannpháirteach sa chomhthiomsú.

7.Ní fhéadfaidh an chuideachta iarmhéid comhlíontachta na loinge a chur ar áireamh i gcomhthiomsú ón uair a eisítear an deimhniú comhlíontachta FuelEU.

Airteagal 19

Deimhniú comhlíontachta FuelEU

1.Faoi 30 Meitheamh na bliana tar éis na tréimhse tuairiscithe, eiseoidh an fíoraitheoir deimhniú comhlíontachta FuelEU le haghaidh na loinge lena mbaineann, ar choinníoll nach bhfuil easnamh comhlíontachta ar an long, tar éis chur i bhfeidhm féideartha Airteagail 17 agus 18, agus nár thug an long cuairteanna neamhchomhlíontacha ar chalafoirt.

2.Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa deimhniú comhlíontachta FuelEU:

(a)céannacht na loinge (ainm, uimhir aitheantais IMO agus calafort a cláraithe nó a calafort baile);

(b)ainm, seoladh agus príomháit ghnó úinéir na loinge;

(c)céannacht an fhíoraitheora;

(d)dáta eisiúna an deimhnithe sin, a thréimhse bailíochta agus an tréimhse tuairiscithe dá dtagraíonn sé.

3.Maidir leis an deimhniú comhlíontachta FuelEU, beidh sé bailí ar feadh na tréimhse 18 mí i ndiaidh dheireadh na tréimhse tuairiscithe.

4.Cuirfidh an fíoraitheoir an Coimisiún agus údarás an Stáit brataí ar an eolas gan mhoill maidir le heisiúint aon deimhnithe comhlíontachta FuelEU.

5.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar samhlacha le haghaidh an deimhnithe comhlíontachta FuelEU, lena náirítear samhlacha leictreonacha. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

Airteagal 20

Pionóis

1.I gcás ina bhfuil easnamh comhlíontachta ar long ar 1 Bealtaine na bliana tar éis na tréimhse tuairiscithe, íocfaidh an chuideachta pionós. Ríomhfaidh an fíoraitheoir méid an phionóis ar bhonn na foirmle a shonraítear in Iarscríbhinn V.

2.Íocfaidh an chuideachta pionós as gach cuairt neamhchomhlíontach ar chalafort. Ríomhfaidh an fíoraitheoir méid an phionóis tríd an tsuim EUR 250 a iolrú faoi na meigeavatanna cumhachta a suiteáladh ar bord agus faoi líon na nuaireanta a caitheadh i mbeart.

3.D’ainneoin Airteagal 19(1), eiseoidh an fíoraitheoir deimhniú comhlíontachta FuelEU a luaithe a íocfar na pionóis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo. Na gníomhaíochtaí dá dtagraítear san Airteagal seo mar aon leis an gcruthúnas ar íocaíochtaí airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 21, déanfar iad a thaifeadadh sa deimhniú comhlíontachta FuelEU.

4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun Iarscríbhinn V a leasú chun an fhoirmle dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a oiriúnú agus chun méid an phionóis sheasta a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo a leasú, agus forbairtí ar an gcostas fuinnimh á gcur san áireamh.

Airteagal 21

Pionóis a leithdháileadh chun tacú le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin san earnáil mhuirí

1.Leithdháilfear na pionóis dá dtagraítear in Airteagal 20(1) agus 20(2) chun tacú le tionscadail choiteanna lena ndírítear ar bhreoslaí in-athnuaite agus breoslaí ísealcharbóin a imscaradh go tapa san earnáil mhuirí. Le tionscadail a mhaoineofar leis na cistí a bhaileofar ó na pionóis, spreagfar líon níos mó breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a tháirgeadh le haghaidh na hearnála muirí, éascófar tógáil áiseanna iomchuí buncaeireachta nó port nasctha leictreach i gcalafoirt agus tacófar leis na teicneolaíochtaí Eorpacha is nuálaí a fhorbairt, a thástáil agus a imscaradh sa chabhlach chun laghduithe móra astaíochtaí a bhaint amach.

2.Leithdháilfear an tioncam a ghintear ó na pionóis dá dtagraítear i mír 1 ar an gCiste don Nuálaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10a(8) de Treoir 2003/87/CE. Is éard a bheidh san ioncam sin ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais agus cuirfear chun feidhme é i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir leis an gCiste don Nuálaíocht.

3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir leis na módúlachtaí chun na pionóis dá dtagraítear in Airteagal 20(1) agus 20(2) a íoc.

Airteagal 22

Oibleagáid maidir le deimhniú comhlíontachta FuelEU bailí a iompar ar bord

1.Maidir leis na longa a thugann cuairt ar chalafort faoi dhlínse Ballstáit, iompróidh siad deimhniú comhlíontachta FuelEU bailí ar bord.

2.An deimhniú comhlíontachta FuelEU arna eisiúint le haghaidh na loinge lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 19, beidh sé ina fhianaise ar chomhlíontacht leis an Rialachán seo.

Airteagal 23

Forfheidhmiú

1.Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na smachtbhannaí is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór do na smachtbhannaí dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na forálacha sin don Choimisiún faoin [ll/mm/20xx], agus tabharfaidh siad fógra faoi aon leasuithe ina dhiaidh sin don Choimisiún gan mhoill.

2.Maidir le haon chigireacht a dhéanfar ar long atá i gcalafort faoina dhlínse agus a dhéanfar i gcomhréir le Treoir 2009/16/CE, áiritheoidh gach Ballstát go náireofar leis an gcigireacht sin go seiceálfar go bhfuil deimhniú comhlíontachta FuelEU bailí á iompar ar bord.

3.I gcás ina dteipeann ar long deimhniú comhlíontachta FuelEU bailí a chur i láthair le haghaidh dhá thréimhse thuairiscithe nó níos mó agus i gcás inar theip ar bhearta eile forfheidhmiúcháin comhlíontacht a áirithiú, d’fhéadfadh údarás inniúil Bhallstát an chalafoirt cuarda, tar éis deis a thabhairt don chuideachta lena mbaineann a barúlacha a chur faoina bhráid, ordú díbeartha a eisiúint. Tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit fógra faoin ordú díbeartha don Choimisiún, do na Ballstáit eile agus don Stát brataí lena mbaineann. Cé is moite d’aon Bhallstát a bhfuil a bhratach ar foluain ar an long, diúltóidh gach Ballstát cead iontrála chuig aon chalafort dá chuid don long atá faoi réir ordú díbeartha go dtí go gcomhlíonfaidh an chuideachta a hoibleagáidí. I gcás ina bhfuil bratach Ballstáit ar foluain ar an long, agus tar éis deis a thabhairt don chuideachta lena mbaineann a barúlacha a chur faoina bhráid, ordóidh an Ballstát lena mbaineann an bhratach a choinneáil go dtí go gcomhlíonfaidh an chuideachta a hoibleagáidí.

4.Déanfar comhlíonadh na noibleagáidí sin a dheimhniú trí fhógra faoi dheimhniú comhlíontachta FuelEU bailí a thabhairt don údarás inniúil náisiúnta a d’eisigh an tordú díbeartha. Beidh an mhír seo gan dochar d’fhorálacha an dlí idirnáisiúnta is infheidhme i gcás longa atá i nguais.

5.Maidir le smachtbhannaí in aghaidh long shonraithe arna bhforchur ag aon Bhallstát, tabharfar fógra fúthu don Choimisiún, do na Ballstáit eile agus don Stát brataí lena mbaineann.

Airteagal 24

Ceart chun athbhreithniú

1.Beidh na cuideachtaí i dteideal iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú ar na ríomhanna agus ar na tomhais a chuireann an fíoraitheoir faoina mbráid faoin Rialachán seo, lena náirítear an diúltú deimhniú comhlíontachta FuelEU a eisiúint de bhun Airteagal 19(1).

2.Déanfar an tiarratas ar athbhreithniú a thaisceadh le húdarás inniúil an Bhallstáit inar creidiúnaíodh an fíoraitheoir laistigh de mhí tar éis fógra a fháil ón bhfíoraitheoir faoi thoradh an ríomha nó an tomhais. Beidh cinneadh an údaráis inniúil faoi réir athbhreithniú breithiúnach.

3.Beidh na cinntí a dhéanann comhlacht bainistíochta an chalafoirt faoin Rialachán seo faoi réir athbhreithniú breithiúnach.

Airteagal 25

Na húdaráis inniúla

Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú an Rialacháin seo (‘údaráis inniúla’). Cuirfidh siad a n‑ainm agus a sonraí teagmhála in iúl don Choimisiún. Foilseoidh an Coimisiún liosta na n‑údarás inniúil ar a shuíomh gréasáin.

CAIBIDIL VI

CUMHACHTAÍ TARMLIGTHE AGUS CUR CHUN FEIDHME AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 26

Tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(6), Airteagal 5(4), Airteagal 9(3), Airteagal 13(3), Airteagal 20(4), agus Airteagal 21(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó[dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(7), Airteagal 5(4), Airteagal 9(3), Airteagal 13(3), Airteagal 20(4), agus Airteagal 21(3) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4(7), Airteagal 5(4), Airteagal 9(3), Airteagal 13(3), Airteagal 20(4), agus Airteagal 21(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 27

Nós imeachta coiste

1.An Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a Chosc (COSS), a bunaíodh le Rialachán (CE) 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, tabharfaidh sé cúnamh don Choimisiún 29 . Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás ina bhfuiltear chun tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh

3.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 28

Tuairisciú agus athbhreithniú

1.Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, faoin 1 Eanáir 2030, maidir le torthaí meastóireachta ar fheidhmiú an Rialacháin seo agus ar an bhforbairt ar na teicneolaíochtaí agus ar an margadh le haghaidh breoslaí in-athnuaite agus íseal-charbóin sa mhuiriompar agus a thionchar ar an earnáil mhuirí san Aontais. Déanfaidh an Coimisiún machnamh ar leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

(a)an teorainn dá dtagraítear in Airteagal 4(2);

(b)na cineálacha long a bhfuil feidhm ag Airteagal 5(1) maidir leo;

(c)na heisceachtaí a liostaítear in Airteagal 5(3).

Airteagal 29

Leasuithe ar Threoir 2009/16/CE

Cuirfear an pointe seo a leanas leis an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2009/16/CE: ‘51. An deimhniú comhlíontachta FuelEU arna eisiúint faoi Rialachán (AE) xxxx maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar’.

Airteagal 30

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Iompar AE i bhfigiúirí, leabhar póca staidrimh 2020, https://ec.europa.eu/transport/media/media-corner/publications_ga
(2)    COM(2020) 563 final
(3)    COM(2020) 562 final
(4)    Rinneadh measúnú ar an gcás ina bhfuil meascán de bhearta praghsála carbóin agus bearta rialála (dá ngairtear MIX) agus meastar sa chás sin sciar 7.5 % de bhreosla in-athnuaite agus nó ísealcharbóin a bheith ann faoi 2030 agus 86 % díobh faoi 2050.
(5)    Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55). 
(6)    Treoir 2003/87/CE
(7)    Treoir 2003/96/CE ón gComhairle
(8)    Treoir 2014/94/AE
(9)    Treoir (AE) 2018/2001
(10)     https://www.waterborne.eu/  
(11)    Teachtaireacht ón gCoimisiún (2014/C 200/01)
(12)    Cuimsítear leis sin pleananna náisiúnta atá á bhforbairt ag an Ísiltír, ag an tSualainn agus ag an Iodáil (i bhfoirm ‘Treoirlínte i gcomhair Doiciméid Fuinnimh agus Pleanála Comhshaoil de chuid na nÚdarás Córas Calafoirt (DEASP)’. Tá a gcuid pleananna féin bunaithe freisin ag tíortha nach Ballstáit den Aontas iad, amhail an Ríocht Aontaithe agus an Iorua. Tá sé tábhachtach iad a lua ina leith sin mar d’fhéadfadh na cuspóirí atá acu tionchar a imirt ar thrácht loingseoireachta isteach san Aontas agus amach ón Aontas.
(13)    Liostaítear an méid sin faoi láthair i Straitéis Tosaigh na hEagraíocht Muirí Idirnáisiúnta um astaíochtaí gás ceaptha teasa ó longa i measc i measc bearta meántéarmacha iarrthacha, i.e. bearta a bheidh le comhaontú ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta idir 2023 agus 2030.
(14)     https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/12312-FuelEU-Maritime-/public-consultation_ga  
(15)     https://ec.europa.eu/transparency/expert-groups-register/screen/expert-groups/consult?do=groupDetail.groupDetail&groupID=2869&lang=ga  
(16)     https://ec.europa.eu/transparency/expert-groups-register/screen/expert-groups/consult?do=groupDetail.groupDetail&groupID=3542&lang=ga  
(17)    IO C , , lch. .
(18)    IO C , , lch. .
(19)    COM(2020) 563 final
(20)    COM(2020) 562 final
(21)    Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55).
(22)    Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2001, lch. 82).
(23)    Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le himscaradh bonneagar breoslaí malartacha (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1).
(24)    Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8 2008).
(25)    Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú Stáit ar chalafoirt (IO L 131, 28.5.2009, lch. 57).
(26)    Treoir 2009/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le comhlíonadh ceanglas Bratstát (IO L 131, 28.5.2009, lch. 132).
(27)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(28)    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (IO L 57, 3.3.2017, lch. 1).
(29)    Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 lena mbunaítear an Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a Chosc (COSS) agus lena leasaítear na Rialacháin maidir le sábháilteacht mhuirí agus truailliú ó longa a chosc (IO L 324, 29.11.2002, lch. 1).
Top

An Bhruiséil,14.7.2021

COM(2021) 562 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le hAghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE

{SEC(2021) 562 final} - {SWD(2021) 635 final} - {SWD(2021) 636 final}


IARSCRÍBHINN I

AN MHODHEOLAÍOCHT CHUN AN TEORAINN LE DÉINE GÁS CEAPTHA TEASA A BHUNÚ MAIDIR LEIS AN bhFUINNEAMH A ÚSÁIDTEAR AR BORD LOINGE

Chun an teorainn le déine gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord loinge a ríomh, beidh feidhm ag an bhfoirmle seo a leanas, ar a dtugtar Cothromóid (1):

Innéacs déine gás ceaptha teasa

Tobar go humar (WtT)

Umar go marbhshruth (TtW)

=

Cothromóid (1)

agus tugtar Cothromóid (2) ar an bhfoirmle seo a leanas:

   Cothromóid (2)

Téarma

Sainmhíniú

i

Innéacs a chomhfhreagraíonn do na breoslaí arna seachadadh go dtí an long le linn na tréimhse tagartha

j

Innéacs a chomhfhreagraíonn do na haonaid dócháin breosla ar bord na loinge. Chun críoch an Rialacháin seo is iad na haonaid atá le breithniú na príomhinnill, na hinnill chúnta agus coirí ola-adhainte

k

Innéacs a chomhfhreagraíonn do na pointí nasctha (c) i gcás ina soláthraítear leictreachas in aghaidh an phointe nasctha

c

Innéacs a chomhfhreagraíonn do líon na bpointí luchtaithe leictrigh

m

Innéacs a chomhfhreagraíonn do líon na dtomhaltóirí fuinnimh

Mais an bhreosla shonraigh i arna ocsaídiú i dtomhaltóir j [gFuel]

Leictreachas arna sheachadadh go dtí an long in aghaidh an phointe nasctha k má tá níos mó ná ceann amháin [MJ]

Fachtóir astaíochta gás ceaptha teasa WtT an bhreosla i [gCO2eq/MJ]

Fachtóir astaíochta gás ceaptha teasa WtT a bhaineann leis an leictreachas arna sheachadadh go dtí an long i mbeart in aghaidh an phointe nasctha k [gCO2eq/MJ]

Luach Calrach Íochtarach an bhreosla i [MJ/gFuel]

Comhéifeacht sceite an bhreosla innill (breosla neamhdhóite) mar chéatadán de mhais an bhreosla i arna húsáid in aghaidh an aonaid dócháin j [%]

Fachtóirí astaíochta gás ceaptha teasa WtT ó bhreosla dóite in aonad dócháin j [gGHG/gFuel]

Astaíochtaí breosla dhóite mar choibhéis CO2 TtW i in aonad dócháin j [gCO2eq/gFuel]

Fachtóirí astaíochta gás ceaptha teasa WtT ó bhreosla sceite i dtreo aonad dócháin j [gGHG/gFuel]

Astaíochtaí breosla sceite mar choibhéis CO2 TtW i dtreo aonad dócháin j [gCO2eq/gFuel]

Acmhainneacht téite domhanda CO2, CH4 , N2O in imeacht 100 bliain

I gcás breoslaí iontaise, úsáidfear na luachanna réamhshocraithe in Iarscríbhinn II.

Chun críoch an Rialacháin seo, socrófar ag nialas an téarma in uimhreoir Chothromóid (1).

Modh chun [Mi] a chinneadh

Cinnfear mais [Mi] an bhreosla agus úsáid á baint as an méid a thuairiscítear i gcomhréir le creat an tuairiscithe faoi Rialachán (AE) 2015/757 le haghaidh muiraistir a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo bunaithe ar an modheolaíocht faireacháin a roghnaigh an chuideachta.

Modh chun fachtóirí gás ceaptha teasa WtT a chinneadh

Maidir le breoslaí neamhiontaise, i gcás ina n‑úsáidtear luachanna atá éagsúil leis na luachanna réamhshocraithe in Iarscríbhinn II, beidh siad sin bunaithe ar na Nótaí Seachadta Buncair (BDNanna) ábhartha le haghaidh na mbreoslaí a sheachadtar chuig an long le linn na tréimhse tagartha, i gcás cainníochtaí breoslaí atá comhionann, ar a laghad, leis an gcainníocht a mheastar atá le tomhailt i gcomhthéacs turas a rialáiltear i gcomhréir le pointe A.

Bunaítear astaíochta gás ceaptha teasa WtT () na mbreoslaí (nach breoslaí iontaise iad) i dTreoir (AE) 2018/2001. Is iad na luachanna gan dóchán na luachanna iarbhír atá sa Treoir a úsáidfear chun críoch an Rialacháin seo, i gcomhréir leis an modheolaíocht 1 . I gcás na mbreoslaí sin nach n‑áirítear conairí dóibh sa Treoir agus i gcás breoslaí iontaise, tá luachanna réamhshocraithe na bhfachtóirí astaíochta gás ceaptha teasa WtT () in Iarscríbhinn II.

Nóta Seachadta Buncair le haghaidh Breosla (BDN)

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ar BDNanna ábhartha le haghaidh breoslaí a úsáidtear ar bord:

céannacht táirgí

mais an bhreosla [t]

toirt an bhreosla [m3]

déine an bhreosla [kg/m3]

Fachtóir astaíochta gás ceaptha teasa WtT le haghaidh CO2 (fachtóir carbóin) [gCO2/gFuel] agus le haghaidh CO2eq [gCO2eq/gFuel] agus an deimhniú gaolmhar 2

An Luach Calrach Íochtarach [MJ/g]

 

BDN le haghaidh leictreachais

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ar BDNanna ábhartha le haghaidh leictreachas a sheachadtar chuig an long:

soláthróir: ainm, seoladh, teileafón, ríomhphost, ionadaí

long ghlactha: Uimhir IMO (MMSI), ainm na loinge, cineál loinge, bratach, ionadaí na loinge

calafort: ainm, suíomh (LOCODE), críochfort/beart

pointe nasctha: pointe nasctha OPS‑SSE, mionsonraí an phointe nasctha

am nasctha: dáta/am tosaithe/críochnaithe

an fuinneamh a sholáthraítear: an codán cumhachta arna leithdháileadh ar phointe soláthair (más infheidhme) [kW], tomhaltas leictreachais (kWh) le haghaidh na tréimhse billeála, faisnéis faoin mbuaic chumhachta (má tá sí ar fáil)

méadrú

An modh chun fachtóirí gás ceaptha teasa TtW a chinneadh

Cinntear astaíochtaí TtW ar bhonn na modheolaíochta atá san Iarscríbhinn seo mar a fhoráiltear i gCothromóid (1) agus i gCothromóid (2)

Chun críoch an Rialacháin seo, in Iarscríbhinn II tá na fachtóirí astaíochta gás ceaptha teasa TtW (  ) a úsáidfear chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chinneadh. Is iad na fachtóirí CO2 Cf na cinn a bhunaítear in Rialachán (AE) 2015/757 agus a thuairiscítear ar an Tábla ionas gur furasta tagairt dóibh. I gcás breoslaí nach n‑áirítear a bhfachtóirí sa rialachán sin, úsáidfear fachtóirí réamhshocraithe mar atá in Iarscríbhinn II.

I gcomhréir lena phlean comhlíontachta dá dtagraítear in Airteagal 6 agus ar mheasúnú an fhíoraitheora, féadfar modhanna eile a úsáid, amhail tomhas díreach CO2eq agus tástáil saotharlainne, má chuireann sé le cruinneas foriomlán an ríomha.

An modh chun astaíochtaí idirleata TtW a chinneadh

Is éard atá in astaíochtaí idirleata astaíochtaí arb é is cúis leo an méid breosla nach sroicheann cuasán dócháin an aonaid dócháin nó nach n‑ídíonn an tiontaire fuinnimh toisc iad a bheith neamhdhóite, scaoilte nó tar éis sceitheadh ón gcóras. Chun críoch an Rialacháin seo, cuirtear astaíochtaí idirleata san áireamh mar chéatadán de mhais an bhreosla a úsáideann an t‑inneall. Tá na luachanna réamhshocraithe in Iarscríbhinn II.

Modhanna chun na fachtóirí luaíochta a bhaineann le foinsí ionadacha fuinnimh a chinneadh

I gcás ina ndéantar foinsí ionadacha fuinnimh a shuiteáil ar bord, is féidir fachtóir luaíochta a chur i bhfeidhm le haghaidh foinsí ionadacha fuinnimh. I gcás cumhacht ghaoithe, cinntear an fachtóir luaíochta sin mar a leanas:

Fachtóir luaíochta le haghaidh foinsí ionadacha fuinnimh- CUMHACHT GHAOITHE (fwind)

0,99

0,1

0,97

0,2

0,95

⩾ 0,3

Ansin déantar innéacs déine gás ceaptha teasa na loinge a ríomh trí thoradh Chothromóid (1) a iolrú faoin bhfachtóir luaíochta.

Fíorú agus Deimhniú

Aicme breosla

WtT

TtW

Breosla iontaise

Úsáidfear luachanna réamhshocraithe faoi mar a fhoráiltear i dTábla 1 den Rialachán seo

Úsáidfear fachtóirí carbóin CO2 Rialachán MRV le haghaidh na mbreoslaí dá bhforáiltear an fachtóir sin

Maidir le gach fachtóir astaíochta eile, féadfar luachanna réamhshocraithe a úsáid de réir mar a fhoráiltear i dTábla 1 den Rialachán seo, mar mhalairt air sin

Luachanna deimhnithe trí bhíthin tástáil saotharlainne nó tomhais dhíreacha astaíochtaí

Breoslaí In-Athnuaite Inbhuanaithe

(Bithleachtanna, Bithgháis, Leictribhreoslaí)

Is féidir luachanna CO2eq dá bhforáiltear in RED II (gan dóchán) a úsáid i gcás gach breosla a n‑áirítear a chonairí in RED II, mar mhalairt air sin

Is féidir scéim deimhniúcháin arna formheas ag RED II a úsáid

Maidir le fachtóirí astaíochta, féadfar luachanna réamhshocraithe a úsáid de réir mar a fhoráiltear i dTábla 1 den Rialachán seo, mar mhalairt air sin

Luachanna deimhnithe trí bhíthin tástáil saotharlainne nó tomhais dhíreacha astaíochtaí.

Eile (lena n‑áirítear leictreachas)

Is féidir luachanna CO2eq dá bhforáiltear in RED II (gan dóchán) a úsáid i gcás gach breosla a n‑áirítear a chonairí in RED II, mar mhalairt air sin

Is féidir scéim deimhniúcháin arna formheas ag RED II a úsáid

Maidir le fachtóirí astaíochta, féadfar luachanna réamhshocraithe a úsáid de réir mar a fhoráiltear i dTábla 1 den Rialachán seo, mar mhalairt air sin

Luachanna deimhnithe trí bhíthin tástáil saotharlainne nó tomhais dhíreacha astaíochtaí.

IARSCRÍBHINN II

Na fachtóirí astaíochta le haghaidh breoslaí iontaise atá san Iarscríbhinn seo, úsáidfear iad chun an t‑innéacs déine gás ceaptha teasa dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a chinneadh.

Na fachtóirí astaíochta a bhaineann le bithbhreoslaí, bithghás, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte, déanfar iad a chinneadh de réir na modheolaíochtaí a leagtar amach i gCuid C d’Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001.

AR AN TÁBLA:

Ciallaíonn LT Le Tomhas

Ciallaíonn N/I Neamh-Infhaighte

Ciallaíonn an dais nach mbaineann ní le hábhar

Tábla 1 – Fachtóirí réamhshocraithe

1

2

3

4

5

6

7

8

9

WtT

TtW

Aicme /

Amhábhar

Ainm na conaire

Aicme an Tiontaire Fuinnimh

Mar % de mhais an bhreosla a úsáideann an t‑inneall

Breosla iontaise

Ola bhreosla throm (HFO)

ISO 8217 Gráid RME go RMK

0,0405

13,5

GACH INNEALL DÓCHÁIN INMHEÁNAIGH (ICE)

3,114

MEPC245 (66)

Rialachán (AE) 2015/757

0,00005

0,00018

-

Gástuirbín

Galtuirbíní agus Galchoirí

Innill Chúnta

LSFO

0,0405

13,2 amh

13,7 cumasc

GACH ICE

3,114

0,00005

0,00018

-

Gástuirbín

Galtuirbíní agus Galchoirí

Innill Chúnta

ULSFO

0,0405

13,2

GACH ICE

3,114

0,00005

0,00018

-

VLSFO

0,041

13,2

GACH ICE

3,206

MEPC245 (66)

Rialachán MRV

0,00005

0,00018

-

LFO

ISO 8217 Gráid RMA go RMD

0,041

13,2

GACH ICE

3,151

MEPC245 (66)

Rialachán (AE) 2015/757

0,00005

0,00018

-

MDO (Ola dhíosail mhuirí)

MGO (Gás-ola mhuirí)

ISO 8217 Gráid DMX go DMB

0,0427

14,4

GACH ICE

3,206

MEPC245 (66)

Rialachán (AE) 2015/757

0,00005

0,00018

-

GÁS NÁDÚRTHA LEACHTAITHE (GNL)

0,0491

18,5

GNL ar thimthriall Otto (inneall débhreosla meánluais)

2,755

MEPC245 (66)

Rialachán (AE) 2015/757

0

0,00011

3,1

GNL ar thimthriall Otto (inneall débhreosla íseal‑luais)

1,7

GNL ar thimthriall Díosail (inneall débhreosla íseal‑luais)

0,2

Gás ísealdó spréachadhainte (LBSI)

N/I

Gás peitriliam leachtaithe (GPL)

0,046

7,8

GACH ICE

3,03 Bútán

3,00 Própán

MEPC245 (66)

Rialachán (AE) 2015/757

LT

LT

H2

(gás nádúrtha)

0,12

132

Breosla-chealla

0

0

-

-

ICE

0

0

LT

NH3

(gás nádúrtha)

0,0186

121

Gan inneall

0

0

LT

-

Meatánól (gás nádúrtha)

0,0199

31,3

GACH ICE

1,375

MEPC245 (66)

Rialachán (AE) 2015/757

LT

LT

-

Bithbhreoslaí leachtacha

Eatánól E100

0,0268

Tagairt do Threoir (AE) 2018/2001

GACH ICE

1,913

MEPC245 (66)

Rialachán (AE) 2015/757

LT

LT

-

Bithdhíosal

Príomhtháirgí / Dramhaíl / Cumasc amhábhair

0,0372

Tagairt do Threoir (AE) 2018/2001

GACH ICE

2,834

0,00005

LT

0,00018

LT

-

Ola Glasraí Hidreachóireáilte (HVO)

Príomhtháirgí / Dramhaíl / Cumasc amhábhair

0,044

Tagairt do Threoir (AE) 2018/2001

GACH ICE

3,115

0,00005

0,00018

-

Bith-GNL

Príomhtháirgí / Dramhaíl / Cumasc amhábhair

0,05

Tagairt do Threoir (AE) 2018/2001

GNL ar thimthriall Otto (inneall débhreosla meánluais)

2,755

MEPC245 (66),

Rialachán (AE) 2015/757

0,00005

0,00018

3,1

GNL ar thimthriall Otto (inneall débhreosla íseal‑luais)

1,7

GNL ar thimthriall Díosail (débhreoslaí)

0,2

LBSI

N/A

Bithbhreoslaí gáis

Bith-H2

Príomhtháirgí / Dramhaíl / Cumasc amhábhair

0,12

N/A

Breosla-chealla

0

0

0

-

ICE

0

0

LT

Breoslaí In-Athnuaite de Thionscnamh Neamhbhitheolaíoch

-

(leictribhreoslaí)

leictridhíosal

0,0427

Tagairt do Threoir (AE) 2018/2001

GACH ICE

3,206

MEPC245 (66)

Rialachán (AE) 2015/757

0,00005

0,00018

-

leictrimheatánól

0,0199

Tagairt do Threoir (AE) 2018/2001

GACH ICE

1,375

MEPC245 (66)

Rialachán (AE) 2015/757

0,00005

0,00018

-

leictri-GNL

0,0491

Tagairt do Threoir (AE) 2018/2001

GNL ar thimthriall Otto (inneall débhreosla meánluais)

2,755

MEPC245 (66)

Rialachán (AE) 2015/757

0

0,00011

3,1

GNL ar thimthriall Otto (inneall débhreosla íseal‑luais)

1,7

GNL ar thimthriall Díosail (débhreoslaí)

0,2

LBSI

N/A

leictri-H2

0,12

3,6

Breosla-chealla

0

0

0

-

ICE

0

0

LT

leictri-NH3

0,0186

0

Gan inneall

0

N/A

LT

N/A

Eile

Leictreachas

-

106,3

MEASCÁN AE 2020

72

MEASCÁN AE 2030

OPS

-

-

-

-

I gColún 1 sainaithnítear aicme na mbreoslaí, eadhon Breoslaí Iontaise, Bithbhreoslaí Leachtacha, Bithbhreoslaí Gásacha, Leictribhreoslaí;

I gColún 2 sainaithnítear ainm nó conair na mbreoslaí ábhartha laistigh den aicme. I gcás na mBithbhreoslaí Leachtacha, na mBithbhreoslaí Gásacha, agus na mBreoslaí In-Athnuaite de Thionscnamh Neamhbhitheolaíoch (Leictribhreoslaí), tógfar na luachanna le haghaidh na ranna WtT ó Threoir (AE) 2018/2001 (gan dóchán 3 ); i gcás breoslaí iontaise, ní úsáidfear ach na luachanna réamhshocraithe atá ar an tábla.

I gColún 3 tá Luach Calrach Íochtarach na mbreoslaí arna léiriú ina [MJ/g].

I gColún 4 tá na luachanna astaíochta CO2eq arna léiriú ina [gCO2eq/MJ]. I gcás breoslaí iontaise, ní úsáidfear ach na luachanna réamhshocraithe atá ar an tábla. Maidir le gach breosla eile, (mura léirítear iad go sainráite), déanfar luachanna a ríomh trí úsáid a bhaint as an modheolaíocht nó as na luachanna réamhshocraithe de réir Threoir (AE) 2018/2001 arna n‑asbhaint ó na hastaíochtaí dócháin agus ocsaídiú iomlán an bhreosla á chur san áireamh 4 .

I gColún 5 sainaithnítear na príomhchineálacha/na príomhaicmí tiontairí fuinnimh, amhail Innill Dócháin Inmheánaigh (ICE) dhá bhuille nó ceithre bhuille ar thimthriall Otto nó Díosail, gástuirbíní, breosla-chealla etc.

I gColún 6 tá an fachtóir astaíochta Cf le haghaidh CO2 arna léiriú ina [gCO2/gfuel]. Úsáidfear luachanna na bhfachtóirí astaíochta mar a shonraítear i Rialachán (AE) 2015/757 (nó IMO MEPC245 (66) arna leasú). I gcás na mbreoslaí sin uile nach bhfuil i Rialachán (AE) 2015/757, ba cheart na luachanna réamhshocraithe atá ar an tábla a úsáid. Is féidir luachanna arna ndeimhniú ag deimhnitheoir iontaofa (faoi na forálacha ábhartha a dhéantar i dTreoir (AE) 2018/2001) a úsáid in ionad na luachanna réamhshocraithe.

I gColún 7 tá an fachtóir astaíochta Cf le haghaidh meatáin arna léiriú ina [gCH4/gfuel]. Úsáidfear na luachanna réamhshocraithe mar atá siad ar an tábla. Is féidir luachanna arna ndeimhniú trí bhíthin tástála a úsáid in ionad na luachanna réamhshocraithe. I gcás breoslaí GNL, socraítear Cf le haghaidh meatáin ag nialas.

I gColún 8 tá an fachtóir astaíochta Cf le haghaidh ocsaíd nítriúil arna léiriú ina [gN2O/gfuel]. Úsáidfear na luachanna réamhshocraithe mar atá siad ar an tábla. Is féidir luachanna arna ndeimhniú trí bhíthin tástála a úsáid in ionad na luachanna réamhshocraithe.

I gColún 9 sainaithnítear an chuid den bhreosla a chailltear mar astaíochtaí idirleata (Cslip), arna léiriú mar % de mhais an bhreosla a úsáideann an tiontaire fuinnimh sonrach. Úsáidfear na luachanna réamhshocraithe mar atá siad ar an tábla. Is féidir luachanna arna ndeimhniú trí bhíthin tástála a úsáid in ionad na luachanna réamhshocraithe. I gcás breoslaí amhail GNL, a bhfuil na hastaíochtaí idirleata (astaíochtaí sceite) ann ina leith, sloinntear méid na n‑astaíochtaí idirleata, mar a leagtar amach i dTábla 1, mar % de mhais an bhreosla a úsáidtear (Colún 9). Úsáidfear na luachanna atá i gColún 9, i gcomhréir le Cothromóid (1). Ríomhtar na luachanna Cslip i dTábla (1) ag 50 % d’ualach an innill.



IARSCRÍBHINN III

CRITÉIR MAIDIR LE hÚSÁID NA TEICNEOLAÍOCHTA ASTAÍOCHTAÍ NIALASACHA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 5(3)(b) agus AIRTEAGAL 7(3), pointí (d) agus (f)

Sa tábla seo a leanas, tugtar liosta de na teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha dá dtagraítear in Airteagal 5(3)(b), mar aon le critéir shonracha maidir lena n‑úsáid de réir mar is infheidhme.

Teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha

Critéir maidir lena húsáid

Breosla-chealla

Breosla-chealla a úsáidtear ar bord chun cumhacht a ghiniúint agus an long i mbeart, ba cheart iad a chumhachtú go hiomlán le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin.

Stóráil leictreachais ar bord

Ceadaítear stóráil leictreachais ar bord a úsáid gan beann ar fhoinse an fhuinnimh ónar táirgeadh an chumhacht stóráilte (giniúint ar bord nó ar tír i gcás babhtáil ceallraí).

Táirgeadh leictreachais ar bord ó fhuinneamh gaoithe nó gréine

Aon long atá in ann riachtanais fuinnimh a chothú i mbeart trí úsáid a bhaint as fuinneamh gaoithe agus gréine.

Le húsáid na dteicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha sin bainfear amach, ar bhonn leanúnach, astaíochtaí atá coibhéiseach leis na laghduithe astaíochtaí a bhainfí amach trí úsáid a bhaint as an soláthar cumhachta ar tír.



IARSCRÍBHINN IV

DEIMHNIÚ ATÁ LE hEISIÚINT AG COMHLACHT BAINISTÍOCHTA AN CHALAFOIRT CUARDA I gCÁS NACH FÉIDIR LE LONGA ÚSÁID A BHAINT AS OPS AR CHÚISEANNA A bhFUIL ÚDAR CUÍ LEO (AIRTEAGAL 5(5)) – NA hÍOSEILIMINTÍ ATÁ LE hÁIREAMH SA DEIMHNIÚ

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 5(5):

(1)Céannacht na loinge

(a)Uimhir IMO

(b)Ainm na loinge

(c)Comhartha aitheantais

(d)Cineál loinge

(e)Bratach

(2)Calafort cuarda

(3)Suíomh/ainm an chríochfoirt

(4)Dáta agus am teachta (ATA)

(5)Dáta agus am imeachta (ATD)

An dearbhú ó chomhlacht bainistíochta an chalafoirt gur bhain ceann de na cásanna seo a leanas leis an long:

rinne an long cuairt neamhsceidealaithe ar chalafort, ar chúiseanna sábháilteachta nó tarrthála ar muir (Airteagal 5(2), pointe (c))

ní raibh an long ábalta nascadh leis an soláthar cumhachta ar tír toisc nach raibh pointí nasctha le fáil sa chalafort (Airteagal 5(2), pointe (d))

fuarthas go raibh an trealamh soláthair cumhachta ar bord ar neamhréir leis an tsuiteáil ar tír sa chalafort (Airteagal 5(2), pointe (e))

d’úsáid an long, ar feadh tréimhse theoranta ama, giniúint fuinnimh ar bord, i staideanna éigeandála ina raibh baol láithreach ann le haghaidh na beatha, na loinge nó an chomhshaoil (Airteagal 5(2), pointe (f)).

(6)Sonraí chomhlacht bainistíochta an chalafoirt

(a)Ainm

(b)Sonraí teagmhála (teileafón, ríomhphost)

(7)Dáta eisiúna



IARSCRÍBHINN V

FOIRMLÍ CHUN AN IARMHÉID COMHLÍONTACHTA AGUS AN PIONÓS a leagtar síos in Airteagal 20(1) A RÍOMH

Foirmle chun iarmhéid comhlíontachta na loinge a ríomh

Chun iarmhéid comhlíontachta loinge a ríomh beidh feidhm ag an bhfoirmle seo a leanas:

Iarmhéid comhlíontachta [gCO2eq/MJ] =

(GHGIEsprioc- GHGIEiarbhír) x []

Agus aird á tabhairt ar na sainmhínithe seo a leanas:

Coibhéis CO2 ina graim

GHGIEsprioc

An teorainn le déine gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord loinge de réir Airteagal 4(2) den Rialachán seo

GHGIEiarbhír

Meándéine bhliantúil gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord loinge arna ríomh le haghaidh na tréimhse tuairiscithe ábhartha

Foirmle chun an pionós a leagtar síos in Airteagal 20(1) a ríomh

Ríomhfar méid an phionóis a leagtar síos in Airteagal 20(1) mar a leanas:

Pionós =

(Iarmhéid comhlíontachta / GHGIEiarbhír)  x fachtóir coinbhéartachta ó MJ go tonaí VLSFO (41.0 MJ / kg) x EUR 2400

(1)    Déantar tagairt don téarma eu ‘astaíochtaí ón mbreosla i mbun úsáide’ i dTreoir (AE) 2018/2001, Iarscríbhinn V.C.1.(a).
(2)    Ní éilítear an luach sin i gcás breoslaí iontaise dá dtagraítear in Iarscríbhinn II. I gcás gach breosla eile, lena n-áirítear cumaisc de bhreoslaí iontaise, ba cheart an luach sin a chur ar fáil mar aon le deimhniú ar leith lena sainaithneofar an chonair táirgeachta breosla.
(3)    Déantar tagairt don téarma eu ‘astaíochtaí ón mbreosla i mbun úsáide’ i dTreoir (AE) 2018/2001, Iarscríbhinn V.C.1.(a).
(4)    Déantar tagairt don téarma eu ‘astaíochtaí ón mbreosla i mbun úsáide’ i dTreoir (AE) 2018/2001, Iarscríbhinn V.C.1.(a).
Top