AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,11.8.2021
COM(2021) 468 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
maidir leis an seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála a bunaíodh leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile
Cinneadh Uimh .../2021 ón gCoiste Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin i ndáil le Cumraíocht Trádála
an xx.xx.xxxx
lena leasaítear Foscríbhinn XVII‑3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide), Foscríbhinn XVII‑4 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí poist agus cúiréireachta) agus Foscríbhinn XVII‑5 (Rialacha is infheidhme maidir le hiompar idirnáisiúnta muirí) d’Iarscríbhinn XVII den Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile
AN COISTE COMHLACHAIS I nDÁIL LE CUMRAÍOCHT TRÁDÁLA,
Ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, agus go háirithe Airteagal 465(3) agus Airteagal 11 d’Iarscríbhinn XVII,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tháinig an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile (“an Comhaontú”) i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017.
(2)Dearbhaítear leis an mBrollach agus le hAirteagal 1(2)(d) den Chomhaontú gur mian leis na Páirtithe tacú leis an bpróiseas athchóirithe san Úcráin, lena n‑áirítear trí chomhfhogasú reachtach, agus ar an gcaoi sin go rannchuideofar le tuilleadh comhtháthaithe eacnamaíoch agus le doimhniú an chomhlachais pholaitiúil.
(3)In Airteagail 114, 124 agus 138 den Chomhaontú, aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé reachtaíocht na hÚcráine atá ann cheana a chomhfhogasú do reachtaíocht an Aontais Eorpaigh i ndáil le hearnálacha na seirbhísí teileachumarsáide, seirbhísí poist agus cúiréireachta, agus seirbhísí iompair idirnáisiúnta mhuirí. Áiritheoidh an Úcráin go mbeidh na dlíthe atá aici faoi láthair agus an reachtaíocht a bheidh aici amach anseo comhoiriúnach le acquis an Aontais de réir a chéile. De réir a chéile cuimseoidh an comhfhogasú sin gach eilimint de acquis an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú.
(4)Tháinig forás substaintiúil ar acquis an Aontais a liostaítear in Foscríbhinn XVII‑3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide), Foscríbhinn XVII‑4 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí poist agus cúiréireachta) agus in Foscríbhinn XVII‑5 (Rialacha is infheidhme maidir le hiompar idirnáisiúnta muirí) d’Iarscríbhinn XVII ó tugadh i gcrích caibidlíocht an Chomhaontaithe. Ba cheart an forás sin a léiriú sna Foscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú a luaitear.
(5)I gcomhréir le hAirteagal 4(2) d’Iarscríbhinn XVII, tráth a mheasfaidh an Úcráin go ndearnadh gníomh dlí áirithe de chuid an Aontais a achtú agus a chur chun feidhme i gceart, ba cheart don Úcráin an tábla/na táblaí trasuímh ábhartha, mar aon le haistriúchán oifigiúil Béarla ar ghníomh dlí cur chun feidhme na hÚcráine, a chur faoi bhráid chomhrúnaí an Aontais ar an gCoiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála chun dul ar aghaidh leis an measúnú dá bhforáiltear i bhFoscríbhinn XVII‑6.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1.Cuirtear leis seo Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Foscríbhinn XVII‑3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) d’Iarscríbhinn XVII den Chomhaontú.
2.Cuirtear leis seo Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Foscríbhinn XVII‑4 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí poist agus cúiréireachta) d’Iarscríbhinn XVII den Chomhaontú.
3.Cuirtear leis seo Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Foscríbhinn XVII‑5 (Rialacha is infheidhme maidir le hiompar idirnáisiúnta muirí) d’Iarscríbhinn XVII den Chomhaontú.
Airteagal 2
Tá an cinneadh seo leagtha síos i mBéarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis, Ungáiris agus Úcráinis, agus comhúdarás ag gach ceann de na teangacha sin.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.
Arna dhéanamh i/sa …, an ….
|
Le haghaidh an Choiste Comhlachais
i ndáil le cumraíocht Trádála
|
|
An Cathaoirleach
|
Na rúnaithe
|
IARSCRÍBHINN 1
Foscríbhinn XVII‑3
RIALACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE SEIRBHÍSÍ TEILEACHUMARSÁIDE
Beidh na forálacha infheidhme de ghníomhartha an Aontais a leanas formheasta i gcomhréir leis na forálacha maidir le hoiriúnuithe cothrománacha a leagtar amach i bhFoscríbhinn XVII‑1 mura sonraítear a mhalairt. I gcás inar gá, leagtar amach anseo thíos oiriúnuithe sonracha le haghaidh gach gnímh aonair.
Forálacha is infheidhme atá le glacadh:
|
A.Beartas foriomlán um chumarsáid leictreonach Eorpach
|
Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach
–chun bearta reachtacha, teicniúla agus eagraíochtúla a dhéanamh atá iomchuí agus comhréireach, ag féachaint do chreat na mbeart a cuireadh i láthair i ‘Bosca Uirlísí maidir le bearta maolaitheacha rioscaí do Chibearshlándáil líonraí 5G’ a foilsíodh tar éis Mholadh (AE) 2019/534 ón gCoimisiún an 26 Márta 2019 (C(2019) 2335), a mhéid a bhaineann le rioscaí ar shlándáil líonraí agus seirbhísí a bhainistiú mar is cuí.
|
An tráthchlár: Cuirfear forálacha na Treorach chun feidhme faoin 31 Nollaig 2024.
|
Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon agus lena leasaítear Treoir 2002/22/CE maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí
–Airteagail 2‑6 de Rialachán (AE) 2015/2120 a chur chun feidhme.
|
An tráthchlár: Cuirfear forálacha an Rialacháin chun feidhme faoin 31 Nollaig 2025.
|
Treoir 2002/77/CE ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2002 maidir le hiomaíocht i margaí na líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí
–lena ndéantar faireachán ar an iomaíocht chóir sna margaí cumarsáide leictreonaí, go háirithe maidir le praghsanna atá dírithe ar chostais le haghaidh seirbhísí.
Treoir 98/84/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 1998 maidir le cosaint dhlíthiúil seirbhísí bunaithe ar rochtain choinníollach.
|
An tráthchlár: cuirfear forálacha na Treorach chun feidhme laistigh de dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
|
Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (‘an Treoir maidir le tráchtáil leictreonach’).
Cumhdaítear leis an Treoir seirbhísí na sochaí faisnéise uile, gnólacht le gnólacht agus gnólacht le tomhaltóir araon, i.e. aon seirbhís a sholáthraítear de ghnáth i gcomhair luach saothair, go cianda, trí mhodh leictreonach agus ar iarraidh aonair ó fhaighteoir seirbhíse.
|
An tráthchlár: cuirfear forálacha na Treorach chun feidhme laistigh de 3 bliana ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
|
Treoir 2014/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le bearta chun an costas a bhaineann le cur in úsáid líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a laghdú.
|
An tráthchlár: Cuirfear forálacha na Treorach chun feidhme faoin 31 Nollaig 2021.
|
|
B.Creat rialála don bheartas speictrim raidió
|
Cinneadh 676/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialála don bheartas speictrim raidió sa Chomhphobal Eorpach
–lena ndéanfar anailís i gcomhréir leis an mbeartas agus leis an gcreat dlíthiúil faoi mar a shonraítear i gCinneadh 676/2002/CE agus beartais agus rialachán a ghlacadh lena n‑áiritheofar infhaighteacht chomhchuibhithe agus úsáid éifeachtúil speictrim.
Cinneadh 2010/267/AE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2010 maidir le húsáid chomhchuibhithe coinníollacha teicniúla sa bhanda minicíochta 790–862 MHz do chórais trastíre a bheadh in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar san Aontas Eorpach.
Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/251/AE ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2011 lena leasaítear Cinneadh 2009/766/CE maidir le comhchuibhiú na mbandaí minicíochta 900 MHz agus 1800 MHz do chórais trastíre a bheadh in ann seirbhísí uile‑Eorpacha cumarsáide leictreonaí a sholáthar sa Chomhphobal.
Cinneadh 2009/766/CE ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2009 maidir le comhchuibhiú na mbandaí minicíochta 900 MHz agus 1800 MHz do chórais trastíre a bheadh in ann seirbhísí uile Eorpacha cumarsáide leictreonaí a sholáthar sa Chomhphobal.
Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/688/AE ón gCoimisiún an 5 Samhain 2012 maidir le comhchuibhiú na mbandaí minicíochta 1920–1980 MHz agus 2110‑2170 MHz do chórais trastíre a bheadh in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar san Aontas Eorpach.
Cinneadh 2008/477/CE ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2008 maidir le comhchuibhiú an bhanda minicíochta 2500–2690 MHz do chórais trastíre a bheadh in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar sa Chomhphobal.
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/235 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2019 lena leasaítear Cinneadh 2008/411/CE a mhéid a bhaineann le nuashonrú coinníollacha teicniúla ábhartha is infheidhme maidir le banda minicíochta 3400–3800 MHz.
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1538 ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2018 maidir le comhchuibhiú speictrim raidió lena úsáid ag feistí gearr‑raoin laistigh de bhandaí minicíochta 874–876 agus 915–921 MHz.
Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/276/AE ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2014 lena leasaítear Cinneadh 2008/411/CE maidir le comhchuibhiú an bhandaí minicíochta 3400–3800 MHz do chórais trastíre a bheadh in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar sa Chomhphobal.
Cinneadh 2008/411/CE ón gCoimisiún an 21 Bealtaine 2008 maidir le comhchuibhiú an bhandaí minicíochta 3400 ‑ 3800 MHz do chórais trastíre a bheadh in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar sa Chomhphobal.
Cinneadh 2008/671/CE ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2008 maidir le húsáid chomhchuibhithe speictrim raidió sa bhanda minicíochta 5875 ‑ 5905 MHz d‘feidhmeanna sábháilteachta Chóras Cliste Iompair (CCI).
Cinneadh 2007/344/CE ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2007 maidir le faisnéis ar úsáid speictrim raidió sa Chomhphobal a chur ar fáil go comhchuibhithe.
Cinneadh 2007/90/CE ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2007 lena leasaítear Cinneadh 2005/513/CE maidir le húsáid chomhchuibhithe speictrim raidió sa bhanda minicíochta 5 GHz chun Córais Rochtana gan Sreang a chur chun feidhme, lena n‑airítear Líonraí Achair Logánta Raidió (WASanna/RLANanna).
Cinneadh 2005/513/CE ón gCoimisiún an 11 Iúil 2005 maidir le húsáid chomhchuibhithe speictrim raidió sa bhanda minicíochta 5 GHz chun Córais Rochtana gan Sreang a chur chun feidhme lena n‑airítear Líonraí Achair Logánta Raidió (WASanna/RLANanna).
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1483 ón gCoimisiún an 8 Lúnasa 2017 lena leasaítear Cinneadh 2006/771/CE maidir le comhchuibhiú an speictrim raidió lena úsáid ag feistí gearr‑raoin agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2006/804/CE.
Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/752/AE ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2013 lena leasaítear Cinneadh 2006/771/CE maidir le comhchuibhiú an speictrim raidió lena úsáid ag feistí gearr‑raoin agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2005/928/CE.
Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/829/AE ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2011 lena leasaítear Cinneadh 2006/771/CE maidir le comhchuibhiú an speictrim raidió lena úsáid ag feistí gearr‑raoin.
Cinneadh 2010/368/AE ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2010 lena leasaítear Cinneadh 2006/771/CE maidir le comhchuibhiú an speictrim raidió lena úsáid ag feistí gearr‑raoin.
Cinneadh 2009/381/CE ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2009 lena leasaítear Cinneadh 2006/771/CE maidir le comhchuibhiú an speictrim lena úsáid ag feistí gearr‑raoin.
Cinneadh 2008/432/CE ón gCoimisiún an 23 Bealtaine 2008 lena leasaítear Cinneadh 2006/771/CE maidir le comhchuibhiú an speictrim lena úsáid ag feistí gearr‑raoin.
Cinneadh 2006/771/CE ón gCoimisiún 9 Samhain 2006 maidir le comhchuibhiú an speictrim raidió lena úsáid ag feistí gearr‑raoin.
Cinneadh 2010/166/CE ón gCoimisiún an 19 Márta 2010 maidir le coinníollacha comhchuibhithe úsáide speictrim raidió do sheirbhísí cumarsáide móibílí ar bord soithí (seirbhísí MCV) san Aontas Eorpach.
Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/641/AE ón gCoimisiún an 1 Meán Fómhair 2014 maidir le coinníollacha teicniúla comhchuibhithe speictrim raidió lena úsáid i dtaifeadadh clár fuaime gan sreang agus i dtrealamh le haghaidh imeachtaí speisialta san Aontas.
Cinneadh Cur Chun Feidhme 2017/2077 (AE) ón gCoimisiún an 10 Samhain 2017 lena leasaítear Cinneadh 2005/50/CE maidir le comhchuibhiú an bhanda speictrim raidió sa raon 24 GHz lena úsáid ar feadh am teoranta i dtrealamh radair gearr‑raoin mótarfheithiclí sa Chomhphobal.
Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/485/AE ón gCoimisiún an 29 Iúil 2011 lena leasaítear Cinneadh 2005/50/CE maidir le comhchuibhiú an bhanda speictrim raidió sa raon 24 GHz lena úsáid ar feadh am teoranta i dtrealamh radair gearr‑raoin mótarfheithiclí sa Chomhphobal.
Cinneadh 2005/50/CE ón gCoimisiún an 17 Eanáir 2005 maidir le comhchuibhiú an bhanda speictrim raidió sa raon 24 GHz lena úsáid ar feadh am teoranta i dtrealamh radair gearr‑raoin mótarfheithiclí sa Chomhphobal.
Cinneadh 2004/545/CE ón gCoimisiún 8 Iúil 2004 maidir le comhchuibhiú an bhanda speictrim raidió sa raon 79 GHz le haghaidh úsáid trealamh radair gearr‑raoin mótarfheithiclí sa Chomhphobal. lena úsáid i dtrealamh radair gearr‑raoin mótarfheithiclí sa Chomhphobal.
Cinneadh 2007/98/CE ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2007 maidir le húsáid chomhchuibhithe speictrim raidió sna bandaí minicíochta 2 GHz chun córais a sholáthraíonn seirbhísí satailíte soghluaiste a chur chun feidhme.
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/339 ón gCoimisiún an 8 Márta 2016 maidir le comhchuibhiú an bhanda minicíochta 2010–2025 MHz do naisc físe shoghluaiste gan sreang nó so‑iompartha agus ceamaraí gan sreang a úsáidtear le haghaidh taifeadadh clár agus imeachtaí speisialta.
Cinneadh Cur Chun Feidhme 2015/750 (AE) ón gCoimisiún an 8 Bealtaine 2015 maidir le comhchuibhiú an bhanda minicíochta 1452–1492 MHz do chórais trastíre a bheadh in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar san Aontas Eorpach.
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/687 ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2016 maidir le comhchuibhiú an bhanda minicíochta 694–790 MHz do chórais trastíre a bheadh in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí i gcomhair úsáid solúbtha náisiúnta a sholáthar san Aontas Eorpach.
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2317 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2016 lena leasaítear Cinneadh 2008/294/CE agus Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/654/AE, chun oibríocht cumarsáidí soghluaiste ar bord aerárthaí (seirbhísí MCA) a shimpliú san Aontas.
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/191 ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2017 lena leasaítear Cinneadh 2010/166/AE, chun teicneolaíochtaí nua agus bandaí minicíochta do sheirbhísí cumarsáide soghluaiste ar bord soithí (seirbhísí MCV) san Aontas Eorpach.
Cinneadh Cur Chun Feidhme 2018/637 (AE) ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2018 lena leasaítear Cinneadh 2009/766/CE maidir le comhchuibhiú na mbandaí minicíochta 900 MHz agus 1800 MHz do chórais trastíre a bheadh in ann seirbhísí uile‑Eorpacha cumarsáide leictreonaí a sholáthar sa Chomhphobal a mhéid a bhaineann le coinníollacha teicniúla ábhartha le haghaidh Idirlíon na Rudaí Nithiúla.
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/661 an 26 Aibreán 2018 ón gCoimisiún lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/750 maidir le comhchuibhiú an bhanda minicíochta 1452–1492 MHz do chórais trastíre a bheadh in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar san Aontas maidir lena gcuimsiú sna bandaí minicíochta 1427–1452 MHz agus 1492–1517 MHz.
An Cinneadh 243/2012/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear clár beartais ilbhliantúil um an speictream raidió, tháinig sé i bhfeidhm an 10 Aibreán 2012.
An Cinneadh (AE) 2017/899 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le húsáid an bhanda minicíochta 470–790 MHz san Aontas, tháinig sé i bhfeidhm an 14 Meitheamh 2017.
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/785 ón gCoimisiún an 14 Bealtaine 2019 maidir le speictream raidió a chomhchuibhiú do threalamh a úsáideann teicneolaíocht ultra‑leathanbhanda san Aontas agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2007/131/CE.
|
An tráthchlár: déanfar na forálacha sna gníomhartha thuas a bhaineann le ‘Córas rialála don bheartas speictrim raidió’ a chur chun feidhme faoin 30 Nollaig 2022.
|
|
C.Sainaithint leictreonach, fíordheimhniú agus seirbhísí iontaoibhe
|
Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh‑shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh‑idirbhearta sa mhargadh inmheánach agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/93/CE.
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/806 an 22 Bealtaine 2015 ón gCoimisiún lena leagtar síos sonraíochtaí a bhaineann leis an gcineál trustmharc de chuid an Aontais le haghaidh seirbhísí iontaoibhe cáilithe.
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1505 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos sonraíochtaí agus formáidí teicniúla a bhaineann le liostaí iontaoibhe de bhun Airteagal 22(5) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh‑shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh‑idirbheart sa mhargadh inmheánach.
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1506 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos sonraíochtaí i ndáil le formáidí ríomhshínithe ardleibhéil agus ríomhshéalaí ardleibhéil atá le haithint ag comhlachtaí san earnáil phoiblí de bhun Airteagail 27(5) agus 37(5) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh‑shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh‑idirbheart sa mhargadh inmheánach.
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/650 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2016 lena leagtar síos caighdeáin i ndáil le measúnú slándála ar fheistí cruthaithe sínithe agus séalaí cáilithe de bhun Airteagail 30(3) agus 39(2) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh‑shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh‑idirbheart sa mhargadh inmheánach.
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/296 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2015 lena mbunaítear na socruithe nós imeachta le haghaidh comhar idir na Ballstáit maidir le sainaithint leictreonach de bhun Airteagal 12(7) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh‑shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh‑idirbheart sa mhargadh inmheánach
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1501 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 maidir leis an gcreat idir‑inoibritheachta de bhun Airteagal 12(8) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh‑shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh‑idirbheart sa mhargadh inmheánach.
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 maidir le sonraíochtaí agus nósanna imeachta teicniúla le haghaidh leibhéil mhuiníne do mhodhanna ríomh‑shainaitheantais de bhun Airteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh‑shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh‑idirbheart sa mhargadh inmheánach.
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1984 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2015 lena sainítear na cúinsí, formáidí agus nósanna imeachta um fhógra a thabhairt de bhun Airteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh‑shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh‑idirbheart sa mhargadh inmheánach.
|
An tráthchlár: cuirfear na forálacha sna gníomhartha thuas a bhaineann le ‘Seirbhísí ríomhaitheantais, fíordheimhnithe agus iontaoibhe’ i bhfeidhm faoin 31 Nollaig 2021.
|
IARSCRÍBHINN 2
Foscríbhinn XVII‑4
RIALACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE SEIRBHÍSÍ POIST
Beidh na forálacha infheidhme de ghníomhartha an Aontais a leanas formheasta i gcomhréir leis na forálacha maidir le hoiriúnuithe cothrománacha a leagtar amach i bhFoscríbhinn XVII‑1 mura sonraítear a mhalairt. I gcás inar gá, leagtar amach anseo thíos oiriúnuithe sonracha le haghaidh gach gnímh aonair.
Forálacha is infheidhme atá le glacadh:
Treoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir le rialacha coiteanna um fhorbairt an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí poist an Chomhphobail agus um fheabhsú cháilíocht na seirbhíse.
Treoir 2002/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 lena leasaítear Treoir 97/67/CE maidir le seirbhísí poist an Chomhphobail a oscailt a thuilleadh don iomaíocht.
Treoir 2008/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 lena leasaítear Treoir 97/67/CE maidir le margadh inmheánach sheirbhísí poist an Chomhphobail a ghnóthú go hiomlán.
Rialachán (AE) Uimh. 2018/644 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018, maidir le seirbhís beartseachadta trasteorann *.
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1263 ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear na foirmeacha chun faisnéis a chur isteach le seirbhísí beartseachadta trasteorann de bhun Rialachán (AE) 2018/644 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
|
An tráthchlár: déanfar na forálacha sna gníomhartha thuas a bhaineann le seirbhísí poist agus cúiréireachta a chur chun feidhme faoin 31 Nollaig 2021, seachas i gcás na ngníomhartha a luaitear (*) leo, a chuirfear chun feidhme faoin 31 Nollaig 2024.
|
IARSCRÍBHINN 3
Foscríbhinn XVII‑5
RIALACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE MUIRIOMPAR IDIRNÁISIÚNTA
Beidh na forálacha infheidhme de ghníomhartha an Aontais a leanas formheasta i gcomhréir leis na forálacha maidir le hoiriúnuithe cothrománacha a leagtar amach i bhFoscríbhinn XVII‑1 mura sonraítear a mhalairt. I gcás inar gá, leagtar amach anseo thíos oiriúnuithe sonracha le haghaidh gach gnímh aonair.
Forálacha is infheidhme le glacadh:
|
A.Sábháilteacht mhuirí – stáit na mbratach/cumainn aicmiúcháin
|
Treoir 2009/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus maidir le gníomhaíochtaí ábhartha córas riaracháin muirí.
Treoir Cur Chun Feidhme 2014/111/AE ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2014 lena leasaítear Treoir 2009/15/CE maidir le glacadh Cóid áirithe den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) agus leasuithe gaolmhara ar choinbhinsiúin agus ar phrótacail áirithe.
Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta long.
Ceartúchán ar Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta long.
Rialachán Cur Chun Feidhme 2014/1355/AE ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2014 lena leasaítear Rialachán 2009/391/CE maidir le glacadh Cóid áirithe den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) agus leasuithe gaolmhara ar choinbhinsiúin agus ar phrótacail áirithe.
Rialachán (CE) Uimh. 336/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2006 maidir le cur chun feidhme an Chóid um Bainistíocht Sábháilteachta Idirnáisiúnta laistigh den Chomhphobal agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 3051/95 ón gComhairle.
Rialachán (CE) Uimh. 540/2008 ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2008 lena leasaítear Iarscríbhinn II den Rialachán (CE) Uimh. 336/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur chun feidhme an Chóid um Bainistíocht Sábháilteachta Idirnáisiúnta (ISM) laistigh den Chomhphobal, a mhéid a bhaineann le formáid na bhfoirmeacha.
|
An tráthchlár: cuirfear na forálacha sna gníomhartha thuas a bhaineann le ‘Sábháilteacht mhuirí – stáit na mbratach/cumainn aicmiúcháin’ chun feidhme faoin 31 Nollaig 2021.
|
Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le calafoirt faoi rialú an Stáit.
Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le calafoirt faoi rialú an Stáit.
Treoir 2013/38/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Lúnasa 2013 lena leasaítear Treoir 2009/16/CE maidir le calafoirt faoi rialú an Stáit.
Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé‑ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE.
Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hathchúrsáil long agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 agus Treoir 2009/16/CE.
Rialacháin (AE) Uimh. 428/2010 ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2010 lena gcuirtear Airteagal 14 de Threoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun feidhme a mhéid a bhaineann le cigireachtaí leathnaithe long.
Rialacháin (AE) Uimh. 801/2010 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2010 lena gcuirtear Airteagal 10(3) de Threoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun feidhme a mhéid a bhaineann le critéir an Stáit brataí.
Rialacháin (AE) Uimh. 802/2010 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2010 lena gcuirtear Airteagal 10(3) agus Airteagal 27 de Threoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun feidhme a mhéid a bhaineann le feidhmíocht na gcuideachtaí *.
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1205/2012 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2012 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 802/2010 a mhéid a bhaineann le feidhmíocht na cuideachtaí *.
|
An tráthchlár: déanfar na forálacha sna gníomhartha thuas a bhaineann le ‘Stát an chalafoirt’ a chur chun feidhme faoin 31 Nollaig 2021, seachas i gcás na ngníomhartha a luaitear (*) leo, a chuirfear chun feidhme faoin 31 Nollaig 2022
|
Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear córas faireacháin agus faisnéise um thrácht soithí sa Chomhphobal agus lena n‑aisghairtear Treoir 93/75/CEE ón gComhairle.
Treoir 2009/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena leasaítear Treoir 2002/59/CE lena mbunaítear córas faireacháin agus faisnéise um thrácht soithí sa Chomhphobal.
Treoir 2009/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena mbunaítear na bunphrionsabail lena rialaítear imscrúdú ar thionóiscí in earnáil an mhuiriompair agus lena leasaítear Treoir 1999/35/CE ón gComhairle agus Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Treoir 2011/15/AE an 23 Feabhra 2011 ón gCoimisiún lena leasaítear Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear córas faireacháin agus faisnéise um thrácht sa Chomhphobal.
Treoir 2014/100/AE an Dé Máirt 28 Deireadh Fómhair 2014 ón gCoimisiún lena leasaítear Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear córas faireacháin agus faisnéise um thrácht sa Chomhphobal.
(a)Rialacha teicniúla agus oibríochtúla
— Longa paisinéirí
Threoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le rialacha sábháilteachta agus caighdeáin le haghaidh longa paisinéirí.
Treoir 2010/36/AE an 1 Meitheamh 2010 ón gCoimisiún lena leasaítear Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta le haghaidh longa paisinéirí.
Treoir 2016/844 (AE) ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2016 lena leasaítear Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta le haghaidh longa paisinéirí.
Treoir (AE) 2017/2110 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 maidir le córas cigireachtaí le haghaidh oibríocht shábháilte long paisinéirí róró agus árthaí paisinéirí ardluais i seirbhís rialta agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/35/CE ón gComhairle.
Rialachán (AE) Uimh. 1286/2011 ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2011 lena nglactar modheolaíocht chomhchoiteann chun taismigh agus teagmhais mhuirí arna bhforbairt de bhun Airteagal 5(4) de Threoir 2009/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a imscrúdú.
Treoir 2003/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 maidir le ceanglais shonracha chobhsaíochta le haghaidh longa paisinéirí róró.
Treoir 2005/12/CE an 18 Feabhra 2005 ón gCoimisiún lena leasaítear Iarscríbhinní I agus II den Treoir 2003/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais shonracha chobhsaíochta le haghaidh longa paisinéirí róró.
— Tancaeir ola
Rialachán (AE) Uimh. 530/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 maidir le ceanglais cabhlach dúbailte nó ceanglais deartha choibhéiseacha a chéimniú isteach ar mhodh luathaithe do thancaeir ola aonchabhlach **.
— Bulc‑iompróirí
Treoir 2001/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Nollaig 2001 lena mbunaítear ceanglais agus nósanna imeachta comhchuibhithe maidir le luchtú agus díluchtú sábháilte builc‑iompróirí.
— Foireann
Treoir 2008/106/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir leis an íosleibhéal oiliúna ar mharaithe.
Treoir 2012/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena leasaítear Treoir 2008/106/CE maidir leis an íosleibhéal oiliúna ar mharaithe.
(b)an comhshaol
Treoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le saoráidí glactha i gcalafoirt chun seachadadh dramhaíola ó longa, lena leasaítear Treoir 2010/65/AE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2000/59/CE *.
Rialachán (CE) Uimh. 782/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 maidir le toirmeasc ar chomhdhúile organaitín ar bord long.
Rialachán (CE) Uimh. 536/2008 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2008 lena dtugtar éifeacht d’Airteagal 6(3) agus d’Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 782/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le toirmeasc ar chomhdhúile organaitín ar bord long agus lena leasaítear an Rialachán sin.
Treoir 2002/84/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 maidir le rialacha sábháilteachta muirí agus trualliú ó longa a chosc.
|
An tráthchlár: déanfar na forálacha sna gníomhartha thuas a bhaineann le ‘Faireachán tráchta’ a chur chun feidhme faoin 31 Nollaig 2021, seachas i gcás na ngníomhartha a luaitear (*) leo, a chur chun feidhme faoin 31 Nollaig 2023, agus gníomhartha a bhfuil (**) luaite leo, leanfaidh siad an t‑amchlár chun deireadh a chur le tancaeir aonchabhlach de réir a chéile i gcomhréir leis an sceideal a shonraítear i gCoinbhinsiún MARPOL.
|
|
D.Coinníollacha Teicniúla
|
Treoir 2010/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe le haghaidh longa atá ag teacht isteach i gcalafoirt na mBallstát agus/nó ag imeacht ó chalafoirt na mBallstát agus lena n‑aisghairtear Treoir 2002/6/CE.
Rialachán (AE) 2019/1239 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí agus lena n‑aisghairtear Treoir 2010/65/AE.
|
An tráthchlár: déanfar na forálacha i dTreoir 2010/65/AE a chur chun feidhme faoin 31 Nollaig 2021, agus na forálacha i Rialachán (AE) 2019/1239 faoin 15 Lúnasa 2025.
|
Treoir 92/29/CEE ón gComhairle an 31 Márta 1992 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte chun cóir leighis fheabhsaithe ar bord soithí a chur chun cinn*.
Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2003 lena n‑oiriúnaítear do Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle na forálacha a bhaineann le coistí a thugann cúnamh don Choimisiún i bhfeidhmiú a chumhachtaí cur chun feidhme a leagtar síos in ionstraimí atá faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 de Chonradh CE.
Treoir 2007/30/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 lena leasaítear Treoir 89/391/CE ón gComhairle, a Threoracha aonair agus Treoracha 83/477/CEE, 91/383/CEE, 92/29/CEE agus 94/33/CEE ón gComhairle d’fhonn na tuairiscí ar chur chun feidhme praiticiúil a shimpliú agus a chuíchóiriú.
Treoir 1999/63/CE ón gComhairle an 21 Meitheamh 1999 maidir leis an gComhaontú maidir le heagrú ama oibre maraithe arna thabhairt i gcrích ag Comhlachas Úinéirí Long an Chomhphobail Eorpaigh (ECSA) agus ag an gCónaidhm na gCeardchumann Oibrithe Iompair san Aontas Eorpach (FST) – Iarscríbhinn: An Comhaontú Eorpach maidir le heagrú ama oibre na maraithe, cé is moite de Chlásal 16.
Treoir 2009/13/CE ón gComhairle an 16 Feabhra 2009 lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú arna thabhairt i gcrích ag Comhlachais Úinéirí Long an Chomhphobail Eorpaigh (ECSA) agus Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa (ETF) maidir le Coinbhinsiún Oibreachais Mhuirí 2006, agus lena leasaítear Treoir 1999/63/CE.
Treoir 1999/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 1999 maidir le forfheidhmiú na bhforálacha i ndáil le huaireanta oibre maraithe ar bord long a thagann isteach i gcalafoirt an Chomhphobail.
|
An tráthchlár: déanfar na forálacha sna gníomhartha thuas a bhaineann le ‘Dálaí sóisialta’ a chur chun feidhme faoin 31 Nollaig 2021, seachas i gcás na ngníomhartha a luaitear (*) leo, a dhéanfar a chur chun feidhme faoin 31 Nollaig 2023.
|
Treoir 2005/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le slándáil chalafoirt a fheabhsú.
Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004, maidir le slándáil long agus saoráidí calafoirt a fheabhsú.
2009/83/CE: Cinneadh ón gCoimisiún an 23 Eanáir 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an Scéim um Uimhir Aitheantais IMO Cuideachtaí Uathúla agus Úinéirí Cláraithe.
Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le trealamh muirí agus lena n‑aisghairtear Treoir 96/98/CE ón gComhairle.
|
An tráthchlár: déanfar na forálacha sna gníomhartha thuas a bhaineann le ‘Sábháilteacht mhuirí’, cé is moite díobh a bhaineann leis an gCoimisiún, cigireachtaí a chur chun feidhme faoin 31 Nollaig 2021.
|
Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort.
|
An tráthchlár: déanfar na forálacha sa ghníomh thuas a bhaineann le ‘Seirbhísí calafoirt’ a chur chun feidhme faoin 31 Nollaig 2024.
|