AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,15.7.2021
COM(2021) 397 final
2021/0215(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an socrú idirthréimhseach do chuideachtaí bainistíochta, do chuideachtaí infheistíochta agus do dhaoine a dhíolann aonaid gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) nó neamh-GCUInna nó a thugann comhairle ina dtaobh
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
Forais agus cuspóirí an togra
Le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, cuirtear ar chumas infheisteoirí miondíola táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) a thuiscint níos fearr agus a chur i gcomparáid le chéile agus cinntí infheistíochta níos eolasaí a dhéanamh. Áirítear ar PRIIPanna, ach gan a bheith teoranta don mhéid seo amháin, gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) agus cistí infheistíochta malartacha miondíola (CIManna).
Chun a chuspóirí a chomhlíonadh, ceanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 go gcloífidh monaróirí PRIIPanna le tacar aonfhoirmeach ceanglas maidir le nochtadh faisnéise agus go gcuirfidh siad doiciméad faisnéise bunriachtanaí ar fáil d’infheistóirí miondíola le haghaidh gach PRIIP a thairgeann siad. Leis an bhfaisnéis a nochtar, ba cheart í a chur ar chumas infheisteoirí miondíola cineál eacnamaíoch agus rioscaí PRIIPanna áirithe a thuiscint níos fearr agus a chur i gcomparáid le chéile. Rachaidh níos mó trédhearcachta agus comhchuibhithe chun tairbhe an mhargaidh inmheánaigh i seirbhísí airgeadais trí chothrom iomaíochta a chruthú i measc PRIIPanna agus bealaí dáileacháin.
Le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, bunaítear foirm agus ábhar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí. Tugann sé de chumhacht freisin do na hÚdaráis Eorpacha Mhaoirseachta (ÚMEnna) – i.e. An tÚdarás Baincéireachta Eorpach, an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde, agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (mar a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Uimh. 1094/2010 agus Uimh. 1095/2010, faoi seach) – caighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt go comhpháirteach ina sonraítear cur i láthair agus ábhar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí, formáid caighdeánaithe an doiciméid faisnéise bunriachtanaí, an mhodheolaíocht chun riosca agus luaíocht a chur i láthair agus chun na costais a ríomh, mar aon leis na coinníollacha agus an íosmhinicíocht i ndáil le hathbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí agus na coinníollacha maidir leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a chur ar fáil d'infheisteoirí miondíola. Leagtar síos na caighdeáin theicniúla rialála i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún.
Le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, déantar foráil maidir leis an socrú idirthréimhseach trína bhfuil díolúine shealadach ag cuideachtaí bainistíochta, cuideachtaí infheistíochta agus daoine a dhíolann aonaid GCUInna agus neamh-GCUInna nó a thugann comhairle ina dtaobh, ón gceanglas doiciméid faisnéise bunriachtanaí a sholáthar d’infheisteoirí. Tá feidhm ag an socrú sin faoi láthair go dtí an 31 Nollaig 2021 ('an socrú idirthréimhseach’).
Tá leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún ag gabháil leis an Rialachán seo. I bhfianaise an ama is gá chun na leasuithe sin ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 a chur chun feidhme agus chun an éiginnteacht dhlíthiúil a laghdú, leis an Rialachán seo, cuirtear síneadh leis an socrú idirthréimhseach go dtí an 30 Meitheamh 2022.
Tá na leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 bunaithe ar dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur isteach go comhpháirteach ag ÚMEnna an 3 Feabhra 2021. Áirítear ar na dréachtchaighdeán teicniúil rialála:
·modheolaíochtaí nua chun cásanna feidhmíochta iomchuí a ríomh agus léargas athbhreithnithe ar na cásanna, d’fhonn a áirithiú nach dtabharfar ionchais mhíchuí d’infheisteoirí miondíola maidir le torthaí féideartha;
·táscairí costais achoimre athbhreithnithe agus athruithe ar ábhar agus cur i láthair na faisnéise maidir le costais PRIIPanna, chun gur fearr is féidir le hinfheisteoirí miondíola tuiscint a chur ar na cineálacha éagsúla struchtúr costais agus ar an úsáid a bhaineann daoine a dhíolann PRIIPanna agus a thugann comhairle ina dtaobh as an bhfaisnéis sin a éascú.
·modheolaíocht mhodhnaithe chun costais idirbhirt a ríomh, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin phraiticiúla atá tagtha chun cinn agus na rialacha atá ann cheana á gcur i bhfeidhm, agus na saincheisteanna i ndáil lena gcur i bhfeidhm maidir le cineálacha áirithe infheistíochta;
·rialacha modhnaithe maidir le PRIIPanna lena dtairgtear raon roghanna infheistíochta, chun soiléiriú a dhéanamh ar an bhfaisnéis maidir leis na himpleachtaí costais.
Leagtar síos sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála forálacha i leith faisnéise maidir le feidhmíocht‑roimhe seo le haghaidh cineálacha áirithe GCUInna, CIManna miondíola agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe.
Tá leasuithe ar Threoir 2009/65/CE ag gabháil leis an Rialachán seo freisin, chun cás a sheachaint, ón 1 Iúil 2022, ina bhfaigheadh infheisteoirí miondíola dhá dhoiciméad nochta réamhchonarthacha éagsúla i ndáil leis an GCUI céanna (i.e. ‘KID’ agus ‘faisnéis bhunriachtanach don infheisteoir' i gcomhréir leis an Treoir sin).
Mar thoradh ar an togra seo, beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 maidir le cuideachtaí bainistíochta, cuideachtaí infheistíochta agus daoine a dhíolann aonaid GCUInna agus neamh-GCUInna nó a thugann comhairle ina dtaobh ón 1 Iúil 2022, chun go mbeidh sé ag teacht leis na leasuithe ar Threoir 2009/65/CE agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653.
Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Le hAirteagail 78 go 82, agus Airteagal 94 de Threoir 2009/65/CE, cuirtear de cheangal ar chuideachtaí infheistíochta agus ar chuideachtaí bainistíochta i gcomhair GCUInna ‘faisnéis bhunriachtanach don infheisteoir’ a tharraingt suas. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh na rialacha céanna a chur i bhfeidhm maidir le cistí neamh-GCUI.
Is éard is cuspóir don ‘fhaisnéis bhunriachtanach don infheisteoir’ ‘go bhféadfaidh na hinfheisteoirí sin tuiscint réasúnta a chur ar chineál agus rioscaí an GCUI lena mbaineann, agus cinntí infheistíochta a dhéanamh ar bhonn eolasach dá réir sin’. Is doiciméad gearr é an ‘fhaisnéis bhunriachtanach don infheisteoir’ (dhá leathanach, nó trí leathanach i gcás GCUInna struchtúrtha) i bhformáid chaighdeánaithe, ina léirítear an fhaisnéis i seicheamh sonraithe lena n‑éascaítear comparáidí idir GCUInna éagsúla. Cuirtear an fhaisnéis in iúl i bhfriotal neamhtheicniúil, ionas go dtuigfidh infheisteoirí miondíola í. Ba cheart an ‘fhaisnéis bhunriachtanach don infheisteoir’ a bheith ina dhoiciméad neamhspleách: ba cheart a n‑eilimintí riachtanacha a bheith sothuigthe d’infheisteoirí gan tagairt do dhoiciméid eile agus ba cheart é a bheith comhsheasmhach leis na codanna ábhartha de réamheolaire GCUInna. Tá sé bunaithe ar an gceanglas foriomlán go mbeidh an fhaisnéis a nochtfar cothrom, soiléir, agus ní bheidh sí míthreorach.
I dteannta an GCUI a shainaithint agus cur síos gairid a dhéanamh ar a chuspóirí infheistíochta agus ar a bheartas infheistíochta, tá an méid seo a leanas san ‘fhaisnéis bhunriachtanach don infheisteoir’:
·roinn maidir le costais agus muirir, de réir formáid chaighdeánach chun muirir a chur i láthair agus a mhíniú, lena n‑áirítear rabhaidh ábhartha, ionas go mbeidh infheisteoirí ar an eolas go hiomchuí faoi na muirir a bheidh orthu a thabhú agus faoina leibhéal mar chion de mhéid an chaipitil a infheistítear sa chiste;
·roinn maidir le rioscaí agus luaíochtaí , lena n‑áirítear rialacha mionsonraithe maidir le cur i láthair phróifíl riosca agus luaíochta an táirge, ina n‑úsáidtear táscaire sintéiseach, arna gcomhlánú le mínithe insinte ar an táscaire féin agus ar na rioscaí nár gabhadh leis. Is féidir an ‘fhaisnéis bhunriachtanach don infheisteoirí’ a chrostagairt do réamheolaire GCUI ina nochtar faisnéis níos mionsonraithe maidir leis na rioscaí ábhartha;
·roinn maidir le feidhmíocht, lena gcuirtear i láthair feidhmíocht roimhe seo nó, i gcásanna ábhartha, cásanna feidhmíochta ionchasacha.
Is é an ‘fhaisnéis bhunriachtanach don infheisteoir’ an tagarmharc le haghaidh nochtaí i gcreat PRIIPanna. Na forálacha maidir le nochtadh atá i Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, tá siad bunaithe cuid mhór ar Threoir 2009/65/CE. Bunaithe ar an tsamhail maidir leis an 'bhfaisnéis bhunriachtanach don infheisteoir', is bileog eolais chaighdeánaithe é an doiciméad faisnéise bunriachtanaí ina gcuirtear i láthair príomhghnéithe PRIIP ar leith ar bhealach simplí, intuigthe agus inchomparáide (lena n‑áirítear costais agus rioscaí agus luaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann). Ina theannta sin tá rialacha mionsonraithe i Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 maidir le cathain agus conas a dhéanfaidh monaróirí PRIIPanna agus iad siúd a dhíolann PRIIPanna, nó a thugann comhairle ina dtaobh, an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar d’infheisteoirí miondíola.
Ar bhonn níos leithne, is é is aidhm do Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 modhanna féideartha a thabhairt d’infheisteoirí miondíola chun cinntí infheistíochta níos fearr a dhéanamh agus táirgí fo-optamacha nó mídhíolta, rud a chuideoidh le hiontaoibh a athbhunú arís sa chóras airgeadais. I gcomparáid leis na forálacha maidir leis an ‘bhfaisnéis bhunriachtanach don infheisteoir’, ceaptar d'aon ghnórialacha an doiciméid faisnéise bunriachtanaí chun comparáid raon táirgí infheistíochta miondíola i bhfad níos leithne a éascú, lena n‑áirítear (ach ní hamháin) GCUInna agus neamh-GCUInna miondíola, táirgí árachais atá infheistíochtbhunaithe, díorthaigh agus táirgí struchtúrtha, agus táirgí árachais agus infheistíochta pacáistithe eile.
Le caighdeáin nochta maidir le PRIIPanna atá comhchosúil ó thaobh feidhme de agus PRIIPanna is féidir a ionadú, cuirtear feabhas ar thrédhearcacht agus ar inchomparáideacht, agus mearbhall a thagann ó choincheapa a bhaineann go sonrach le hearnáil faoi leith a úsáid á mhaolú ag an am céanna. Cuidíonn sé sin le hinfheisteoirí miondíola na táirgí a cheannaíonn siad a thuiscint agus iontaoibh a bheith acu astu, agus arbatráiste rialála á chosc agus comhsheasmhacht rialála á chur chun cinn ag an am céanna, rud ba cheart, dá réir sin, maoirseacht a éascú, costais a laghdú agus tacú leis an iomaíocht praghsanna. Ní cur chuige ‘a oireann do gach cás’ é an ‘caighdeánú spriocdhírithe’ i gcreat PRIIPanna, ach baineann sé le PRIIPanna a roinnt ina gceithre chatagóir agus na ceanglais maidir le nochtadh a oiriúnú dá réir. Baineann catagóir amháin leis na táirgí a rianaíonn infheistíocht fholuiteach ar bhealach líneach – cumhdaítear leis sin an chuid is mó de GCUInna, CIManna miondíola agus táirgí árachais aonadnasctha. San am céanna, áirithítear leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí cur i láthair aonfhoirmeach na faisnéise bunriachtanaí, gan beann ar an gcatagóir, i gcás ina bhfuil na PRIIPanna cosúil go leor chun é sin a dhéanamh.
Tráth a ghlactha in 2014, bhí údar cuí leis an socrú idirthréimhseach le haghaidh GCUInna agus neamh‑GCUInna toisc gur tugadh isteach ‘faisnéis bhunriachtanach don infheisteoir’ tréimhse measartha gearr roimhe sin (an 1 Iúil 2011). In aithris 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, shonraigh na comhreachtóirí go mbeadh sé ‘comhréireach tréimhse eatramhach cúig bliana a chur ar fáil i gcás na GCUInna sin’ agus ‘tar éis don idirthréimhse sin dul in éag agus in éagmais aon síneadh a chur leis ba cheart do GCUInna teacht faoi réir an Rialacháin seo’.
Le Rialachán (AE) 2019/1156 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cuirtear síneadh leis an socrú idirthréimhseach go dtí an 31 Nollaig 2021, leis an agóid (aithris 14) gur cheart do‘gach institiúid agus údarás maoirseachta rannpháirteach gníomhú chomh gasta agus is féidir leo chun éascaíocht a dhéanamh ar fhoirceannadh na díolúine idirthréimhsí sin’.
Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ghlac ÚMEnna go comhpháirteach na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 agus chuir siad isteach iad an 3 Feabhra 2021. Go hachomair, baineann na caighdeáin theicniúla rialála leis an méid seo a leanas:
Cásanna feidhmíochta
Laghdaíonn ÚMEnna an riosca maidir le cásanna feidhmíochta ró-dhóchasacha ar fud gach cineál PRIIP, agus tá rogha ghinearálta ann le haghaidh monaróirí PRIIPanna peircintílí níos ísle a úsáid maidir le dáileacháin mheasta na dtorthaí a bheidh ann amach anseo chun na cásanna a ghiniúint, i gcás ina mbeidh údar cuí leis sin. Chuirfeadh sé sin ar chumas monaróirí PRIIPanna cásanna níos coimeádaí a ghiniúint má chreideann siad go bhfuil riosca ábhartha ann go dtarlódh na cásanna forordaithe as a d'eascródh ionchais mhíchuí ar thaobh infheisteoirí de. Mar sin féin, leis an modheolaíocht sin, ní cheadaítear do mhonaróirí PRIIPanna peircintíl níos airde a úsáid.
Bunaithe ar thorthaí na tástála tomhaltóirí, cuireann ÚMEnna an toradh íosta ar an táirge leis na réimsí atá le cumhdach sna cásanna feidhmíochta i gcás gach PRIIP.
I gcás PRIIPanna chatagóir‑2 (lena n‑áirítear an chuid is mó de GCUInna agus de neamh-GCUInna), molann ÚMEnna modheolaíocht athbhreithnithe chun na cásanna feidhmíochta ‘fabhracha’, ‘measartha’ agus ‘neamhfhabhracha’ a ríomh, chun minicíocht na comhthimthriallachta a laghdú agus chun íoslaghdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go mbeadh meastacháin mhíthreoracha ann, rud a d’fhéadfadh ionchais mhíchuí a chruthú ar thaobh na n‑infheisteoirí miondíola. Go háirithe, cuireann an mhodheolaíocht síneadh le líon na mblianta sonraí is bonn le ríomh na gcásanna ó 5 bliana go 10 mbliana, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a bhaineann le meastacháin chomhthimthriallacha. Ina theannta sin, faightear léi cásanna go díreach ó dháileadh torthaí roimhe seo, chun soiléiriú a dhéanamh ar an nasc matamaiticiúil idir torthaí roimhe seo agus luachanna na gcásanna d’infheisteoirí miondíola
Maidir leis an gcás struis, coinníonn ÚMEnna an mhodheolaíocht atá ann faoi láthair, toisc gur léiríodh gur táscaire éifeachtach é sin ar an éifeacht a bhíonn ag mórtheagmhais dhíobhálacha sa mhargadh, amhail an rúscadh airgeadais tosaigh in 2020 de bharr ghéarchéim COVID-19.
Feidhmíocht roimhe seo
Sa roinn ‘Faisnéis ábhartha eile’ den doiciméad faisnéise bunriachtanaí, áirítear ar ÚMEnna nasc chuig foinse mhalartach ar líne nó chuig doiciméad seachtrach ina bhfuil sonraí caighdeánaithe maidir le feidhmíocht roimhe seo. Déantar caighdeánú leo freisin ar ábhar agus ar mhodheolaíocht na feidhmíochta roimhe seo in Iarscríbhinn VII nua a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653. Tá an mhodheolaíocht atá beartaithe bunaithe ar an gcur chuige maidir leis an ‘bhfaisnéis bhunriachtanach don infheisteoir’, le coigeartuithe sonracha i gcás inar gá. I gcás PRIIPanna seachas catagóir 2, coinníonn ÚMEnna an cur chuige atá ann faoi láthair maidir le cásanna feidhmíochta amháin a thaispeáint.
Costais
Déanann ÚMEnna athbhreithniú ar na táscairí costais achoimre agus athraíonn siad ábhar agus cur i láthair na faisnéise maidir le costais PRIIPanna chun gur fearr is féidir le hinfheisteoirí miondíola tuiscint a chur ar na cineálacha éagsúla struchtúr costais agus chun úsáid na faisnéise sin a éascú do dhaoine a dhíolann PRIIPanna nó a thugann comhairle ina dtaobh, inter alia trína cheangal go gcuirfear faisnéis mhionsonraithe faoi chostais le haghaidh táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe (mar a chumhdaítear le Treoir 2014/65/AE, MiFID II) i láthair i méideanna airgeadaíochta, i gcomhréir le hAirteagal 50(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565. I gcás táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe, sloinntear costais fós mar ‘laghdú ar tháirgeacht ’.
Déanann ÚMEnna modhnú ar an modheolaíocht maidir le costais idirbheart a ríomh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin phraiticiúla a bhaineann le cur i bhfeidhm na rialacha dáileacháin. Cuireann siad cosc freisin ar chostais dhiúltacha idirbheart trí íosmhéid a shocrú ar leibhéal na gcostas sainráite.
Le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) 1286/2014, cuirtear de cheangal ar an gCoimisiún a mheas maidir leis an socrú idirthréimhseach le haghaidh GCUInna agus neamh-GCUIanna ‘an bhfuil síneadh le cur leis, nó, tar éis aon choigeartuithe riachtanacha a shainaithint, an féidir na forálacha maidir le faisnéis bhunriachtanach don infheisteoir i dTreoir 2009/65/CE a athrú nó an féidir a mheas go bhfuil siad coibhéiseach leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí faoin Rialachán seo’.
Maidir leis sin, tá roinnt coigeartuithe sa togra ó ÚMEnna maidir le sraith athbhreithnithe dréachtchaighdeán teicniúil rialála lena dtugtar údar leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí do na táirgí atá i gceist a chur in ionad ‘na faisnéise bunriachtanaí don infheisteoir’:
·An ceanglas go n‑áireofaí sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí nasc seachtrach chuig faisnéis maidir le feidhmíocht roimhe seo a bhaineann go sonrach le táirge ar leith, arna ríomh i gcomhréir le modheolaíocht chaighdeánach, cuidíonn sé le hinfheisteoirí miondíola leanúint d’úsáid a bhaint as faisnéis den sórt sin chun measúnú a dhéanamh maidir leis an gcaoi ar éirigh le gach táirge i gcomparáid lena thagarmharc, rud atá tábhachtach chun comparáid a dhéanamh idir táirgí a ndéantar bainistiú gníomhach orthu.
·Le cásanna feidhmíochta caighdeánaithe a thabhairt isteach le haghaidh táirgí GCUInna agus neamh-GCUInna, tabharfar léargas níos iomláine d’infheisteoirí maidir leis na cineálacha torthaí feidhmíochta is féidir a bheith ag súil leo ón táirge, agus inchomparáideacht le cineálacha eile táirgí infheistíochta miondíola agus árachais a éascú.
·Bainfidh infheisteoirí tairbhe as inchomparáideachta bhreise a bhuí le creat caighdeánach chun costais chomhiomlána ar fud gach PRIIP a nochtadh, lena n‑áirítear GCUInna agus neamh-GCUInna. Ina theannta sin, le roinnt de na leasuithe atá beartaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála, tugtar aghaidh go díreach ar na hábhair imní a chuir monaróirí táirgí de chineál GCUI in iúl, lena n‑áirítear an mhodheolaíocht leasaithe chun costais idirbheart a ríomh agus an fhaisnéis mhionsonraithe faoi chostais le haghaidh táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe a ailíniú níos dlúithe le creat MiFID II maidir le nochtadh costais. Cuirfidh na hathruithe sin teorainn leis na costais atá ar thionscal na bainistíochta sócmhainní na rialacha maidir le nochtadh costais PRIIPanna a chur in oiriúint.
·Ceanglaítear leis an ‘bhfaisnéis bhunriachtanach don infheisteoir’ agus leis an ‘doiciméid faisnéise bunriachtanaí’ araon go ríomhfar táscaire riosca uimhriúil sintéiseach ina bhfuil achoimre amháin bunaithe ar chomhiomlánú rioscaí éagsúla (a mhéid is féidir) agus nach mór mínithe leordhóthanacha insinte a bheith ag gabháil leis. Faoi láthair, is beag an difear atá idir na modheolaíochtaí chun an táscaire sin a ríomh sa dá chreat maidir le nochtadh, rud a d’fhéadfadh mearbhall a chur ar infheisteoirí miondíola agus iad ag iarraidh comparáidí a dhéanamh idir na creataí uile atá ann. Cuirfidh an t‑athrú chuig modheolaíocht choiteann feabhas ar an inchomparáideacht. An tráth céanna, féadfaidh an t‑athrú sa mhodheolaíocht roinnt táirgí a chur i gcatagóir eile riosca, rud a d’fhéadfadh an tuiscint mhíthreorach a thabhairt nach bhfuil an leibhéal céanna riosca ag baint leis na táirgí sin agus a bhíodh. Leigheasadh é sin i bpáirt leis an rogha a tugadh do mhonaróirí an táscaire riosca a choigeartú aníos (ach gan é a choigeartú anuas), faoi réir coinníollacha áirithe.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
Bunús dlí
Amhail Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, a bhféachtar lena leasú leis, tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, ní fhéadfar gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais a dhéanamh ach amháin i gcás nach féidir leis na Ballstáit na torthaí atá beartaithe acu a bhaint amach, agus iad ag gníomhú ina n‑aonar. Tá gá le hidirghabháil an Aontais chun fáil réidh leis na bacainní atá ar an margadh inmheánach i seirbhísí agus táirgí airgeadais, trí chur chuige aonfhoirmeach a thabhairt isteach maidir le nochtadh faisnéise a bhaineann le PRIIPanna. Tá an reachtaíocht atá á leasú á ghlacadh i gcomhréir go hiomlán le prionsabal na comhréireachta agus is trí bhíthin togra ón gCoimisiún amháin a fhéadfar aon leasú a dhéanamh air.
Comhréireacht
Teastaíonn an ghníomhaíocht sin ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go gcuirfidh na húdaráis inniúla agus monaróirí PRIIPanna rialacha PRIIPanna i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach. Áiritheofar leis go mbainfear cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 amach ar fud an mhargaidh inmheánaigh, agus áiritheofar ardleibhéal trédhearcachta agus cosaint infheisteoirí miondíola dá réir sin.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
Níl measúnú tionchair ar leith ag gabháil leis an togra seo, ós rud é go ndearnadh measúnú tionchair cheana féin le haghaidh Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014.
Ní athraíonn an togra seo substaint an Rialacháin, ná ní chruthaíonn sé oibleagáidí nua do rannpháirtithe sa mhargadh. Ní bhaineann sé ach le síneadh 6 mhí (i.e. go dtí an 30 Meitheamh 2022) a chur leis an socrú idirthréimhseach le haghaidh cuideachtaí bainistíochta, cuideachtaí infheistíochta agus daoine a dhíolann aonaid GCUInna nó neamh-GCUInna nó a thugann comhairle ina dtaobh (Airteagal 32 den Rialachán). Is é is cuspóir dó deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú don tionscal agus do na húdaráis inniúla agus iad ag ullmhú do chur i bhfeidhm rialacha nua Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 agus Threoir 2009/65/CE, arna leasú.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl tionchar buiséadach ag an togra ar an gCoimisiún.
2021/0215 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an socrú idirthréimhseach do chuideachtaí bainistíochta, do chuideachtaí infheistíochta agus do dhaoine a dhíolann aonaid gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) nó neamh-GCUInna nó a thugann comhairle ina dtaobh
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cuirtear de cheangal ar mhonaróirí táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) doiciméad faisnéise bunriachtanaí (‘KID’) a tharraingt suas.
(2)In Airteagal 32(1) den Rialachán sin, áfach, tá díolúine maidir le doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar do chuideachtaí bainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (b), de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cuideachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 27 den Treoir sin agus daoine a dhíolann aonaid GCUI nó a thugann comhairle ina dtaobh dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Treoir sin go dtí an 31 Nollaig 2021 (‘an socrú idirthréimhseach’). Sonraítear in Airteagal 32(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, i gcás ina gcuireann Ballstát rialacha chun feidhme maidir le formáid agus inneachar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí, arna leagan síos in Airteagal 78 go dtí Airteagal 81 de Threoir 2009/65/CE, ar chistí neamh-GCUIanna a thairgtear d’infheisteoirí miondíola, beidh feidhm ag an socrú idirthréimhseach maidir le cuideachtaí bainistíochta, cuideachtaí infheistíochta agus daoine a dhíolann aonaid de chistí neamh-GCUInna den chineál sin nó a thugann comhairle ina dtaobh d'infheisteoirí miondíola.
(3)Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún, forlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 trí chaighdeáin theicniúla rialála a leagan síos maidir le cur i láthair agus ábhar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí, le formáid caighdeánaithe an doiciméid faisnéise bunriachtanaí, leis an modheolaíocht chun riosca agus luaíocht a chur i láthair agus chun na costais a ríomh, mar aon leis na coinníollacha agus an íosmhinicíocht i ndáil le hathbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí agus na coinníollacha maidir leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a chur ar fáil d'infheisteoirí miondíola.
(4)An [IO cuir isteach an dáta], ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) …/2021 ón gCoimisiún, lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún, inter alia, chun go mbeidh sé níos éasca do chuideachtaí bainistíochta, cuideachtaí infheistíochta, agus do dhaoine a dhíolann aonaid GCUInna agus neamh-GCUInna nó a thugann comhairle ina dtaobh úsáid a bhaint as cur i láthair, ábhar agus formáid caighdeánaithe an doiciméid faisnéise bunriachtanaí. Mar sin féin, socraíodh an 1 Iúil 2022 mar dháta chur i bhfeidhm Rialachán Tarmligthe (AE) .../2021 chun a ndóthain ama a thabhairt do chuideachtaí bainistíochta, do chuideachtaí infheistíochta agus do dhaoine a dhíolann aonaid GCUInna agus neamh-GCUInna nó a thugann comhairle ina dtaobh ullmhú do dheireadh an tsocraithe idirthréimhsigh agus don oibleagáid doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tháirgeadh dá réir sin. Ós rud é gur socraíodh an 1 Iúil 2022 mar dháta chur i bhfeidhm Rialachán Tarmligthe (AE) .../2021, agus ós rud é go bhfuil gá lena áirithiú go mbeidh deireadh an tsocraithe idirthréimhsigh i gcomhthráth le dáta chur i bhfeidhm Rialachán Tarmligthe (AE) .../2021, is gá síneadh sé mhí a chur leis an socrú idirthréimhseach, i.e. go dtí an 30 Meitheamh 2022.
(5)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 a leasú dá réir.
(6)I bhfianaise a ghiorra atá an tréimhse atá fágtha go dtí deireadh bunaidh an tsocraithe idirthréimhsigh, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm gan mhoill,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, cuirtear an dáta ‘an 30 Meitheamh 2022’ in ionad ‘an 31 Nollaig 2021’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán