AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,16.7.2021
COM(2021) 319 final
2021/0224(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhairle Comhlachais a bunaíodh faoin gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le Tosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hIordáine go dtí go nglacfaidh an tAontas Eorpach agus an Iordáin doiciméid chomhpháirteacha nua atá tugtha cothrom le dáta
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh den Chomhairle Comhlachais a bunaíodh faoin gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine, den pháirt eile, i ndáil le cinneadh a bhfuil sé beartaithe a ghlacadh chun síneadh a chur le Tosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hIordáine go dtí go nglacfaidh an tAontas Eorpach agus an Iordáin doiciméid chomhpháirteacha nua atá tugtha cothrom le dáta.
2.Comhthéacs an Togra
2.1.An Comhaontú Comhlachais
An Comhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine, den pháirt eile (‘an Comhaontú Comhlachais’), síníodh é an 24 Samhain 1997 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2002. Leis an gComhaontú Comhlachais tugtar an bunús dlí atá leis an gcaidreamh déthaobhach idir an tAontas Eorpach agus an Iordáin. Is é is aidhm don Chomhaontú
–creat iomchuí a sholáthar le haghaidh an idirphlé pholaitiúil, lena bhféadfar forbairt a dhéanamh ar dhlúthchaidreamh polaitiúil idir na Páirtithe,
–na coinníollacha a bhunú maidir le léirscaoileadh céimnitheach na trádála in earraí, i seirbhísí agus i gcaipiteal,
–forbairt caidrimh chothroim eacnamaíoch agus shóisialta a chothú idir na Páirtithe trí bhíthin idirphlé agus comhair,
–feabhas a chur ar dhálaí maireachtála agus fostaíochta, agus cur le táirgiúlacht agus cobhsaíocht airgeadais,
–comhar réigiúnach a spreagadh d’fhonn cómhaireachtáil shíochánta agus cobhsaíocht eacnamaíoch agus pholaitiúil a chomhdhlúthú,
–comhar a chur chun cinn i réimsí eile a bhfuil leas coiteann acu iontu.
2.2.An Chomhairle Comhlachais
Leis an gComhaontú Comhlachais, bunaítear Comhairle Comhlachais, a bhfuil sé de chumhacht aici cinntí a ghlacadh chun cuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach sna cásanna sin dá bhforáiltear ann. Tá na cinntí ceangailteach ar na Páirtithe. Féadfaidh an Chomhairle Comhlachais moltaí a dhéanamh freisin. De réir na Rialacha Nós Imeachta, is iad an tAontas Eorpach agus an Iordáin a dhéanann cathaoirleacht ar an gComhairle Comhlachais, ar bhonn idirmhalartach ar feadh tréimhse 12 mhí. Tagann an Chomhairle Comhlachais le chéile go tráthrialta ar leibhéal na n‑airí uair amháin sa bhliain. Féadfar seisiúin speisialta den Chomhairle Comhlachais a reáchtáil má chomhaontaíonn na Páirtithe amhlaidh, arna iarraidh sin ag ceachtar den dá Pháirtí.
2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gComhairle Comhlachais
Tá an Chomhairle Comhlachais le cinneadh a ghlacadh maidir le síneadh a chur le Tosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hIordáine le haghaidh na tréimhse 2016‑2020 go dtí go nglacfaidh an tAontas Eorpach agus an Iordáin doiciméid chomhpháirteacha nua atá tugtha cothrom le dáta. I gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle Comhlachais, glacfar an cinneadh trí bhíthin nós imeachta i scríbhinn.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
An seasamh atá le glacadh ag an Aontas Eorpach sa Chomhairle Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Comhlachais maidir le cinneadh a ghlacadh i ndáil le síneadh a chur le Tosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hIordáine, tá sé bunaithe ar théacs an chinnte atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Le Cinneadh Uimh. 1/2016 ón gComhairle Comhlachais i mí na Nollag 2016, tháinig an tAontas Eorpach agus an Iordáin ar chomhaontú maidir le Tosaíochtaí Comhpháirtíochta chun an chomhpháirtíocht a threorú le haghaidh na tréimhse 2016‑2018, agus foráiltear maidir le hathbhreithniú faoi dheireadh 2018 chun féachaint chuig síneadh a chur leo ar feadh 2 bhliain eile i bhfianaise forbairtí polaitiúla, slándála agus eacnamaíocha. In 2018, tar éis athbhreithniú ar na Tosaíochtaí Comhpháirtíochta, chomhaontaigh an dá pháirtí síneadh a chur le bailíocht na dTosaíochtaí Comhpháirtíochta ar feadh 2 bhliain bhreise, go dtí deireadh 2020.
Faoi chuimsiú an phróisis leanúnaigh athnuachana i ndáil le comhpháirtíocht an Aontais Eorpaigh le Comharsanacht an Deiscirt agus tar éis ghlacadh an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil 2021–2027 agus na hIonstraime nua um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI), tá sé beartaithe na doiciméid chomhpháirteacha nua atá tugtha cothrom le dáta a ullmhú agus a ghlacadh le tíortha Chomharsanacht an Deiscirt, lena n‑áirítear an Iordáin, in 2021. Sa chreat sin agus chun bearna a sheachaint idir dul in éag Thosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hIordáine agus glacadh na dTosaíochtaí Comhpháirtíochta nua, gabhann sé chun leas na bPáirtithe síneadh a chur leis na Tosaíochtaí Comhpháirtíochta atá ann faoi láthair go dtí go nglacfar na cinn nua atá tugtha cothrom le dáta.
4.Bunús dlí
4.1.An bunús dlí atá leis an nós imeachta
4.1.1.Na prionsabail
Foráiltear in Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear orthu freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a bhféadfadh tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht í an Chomhairle Comhlachais a bunaíodh le comhaontú, eadhon an Comhaontú Comhlachais.
An gníomh a iarrtar ar an gComhairle Comhlachais a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Tá éifeachtaí dlíthiúla leis an ngníomh atá beartaithe toisc go gcuirfidh sé síneadh leis na Tosaíochtaí Comhpháirtíochta atá ann faoi láthair go dtí go nglacfar doiciméid chomhpháirteacha nua atá tugtha cothrom le dáta.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí atá leis an nós imeachta maidir leis an gcinneadh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Na prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, eadhon an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Baineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe le comhar le tríú tír faoi chuimsiú comhaontú comhlachais agus Bheartas Comharsanachta na hEorpa.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 217 an bunús dlí substainteach le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Ba cheart Airteagal 217 a bheith ina bhunús dlí le haghaidh an chinnidh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.
5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe
Ós rud é go leasófar le gníomh na Comhairle Comhlachais tréimhse bhailíochta Thosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hIordáine, ba cheart é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.
2021/0224 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhairle Comhlachais a bunaíodh faoin gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le Tosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hIordáine go dtí go nglacfaidh an tAontas Eorpach agus an Iordáin doiciméid chomhpháirteacha nua atá tugtha cothrom le dáta
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 217 i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)An Comhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine, den pháirt eile, síníodh é an 24 Samhain 1997 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2002.
(2)Ghlac an Chomhairle Comhlachais Tosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hIordáine i mí na Nollag 2016 agus cuireadh síneadh leo in 2018 go dtí deireadh 2020.
(3)Trí mhalartú litreacha, tháinig an dá pháirtí ar chomhaontú maidir le bailíocht leanúnach Thosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hIordáine mar dhoiciméad treorach chun an chomhpháirtíocht a chomhdhlúthú go dtí go nglacfar doiciméid chomhpháirteacha nua atá tugtha cothrom le dáta.
(4)De bhun Airteagal 91(1) den Chomhaontú Eora-Mheánmhara, féadfaidh an Chomhairle Comhlachais cinntí a ghlacadh chun cuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach.
(5)Tá an Chomhairle Comhlachais le cinneadh a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn maidir le síneadh a chur leis na Tosaíochtaí Comhpháirtíochta go dtí go nglacfaidh an tAontas Eorpach agus an Iordáin doiciméid chomhpháirteacha nua atá tugtha cothrom le dáta.
(6)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhlachais a bhunú, ós rud é go mbeidh an cinneadh ina cheangal ar an Aontas.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhairle Comhlachais a bunaíodh faoin gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le Tosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hIordáine go dtí go nglacfaidh an tAontas Eorpach agus an Iordáin doiciméid chomhpháirteacha nua atá tugtha cothrom le dáta, beidh sé bunaithe ar dhréacht-Chinneadh Chomhairle Comhlachais an Aontais Eorpaigh agus na hIordáine atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán