AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,18.6.2021
COM(2021) 313 final
2021/0146(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/216 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cuóta ráta taraife an Aontais maidir le mairteoil ardcháilíochta ó Pharagua
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
An 29 Márta 2017, thíolaic an Ríocht Aontaithe fógra faoina hintinn tarraingt siar ón Aontas Eorpach (AE). Ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann, tá stádas na Ríochta Aontaithe athraithe go stádas ‘tríú tír’. Ón bhí an 1 Eanáir 2021 ann, tar éis dheireadh na hidirthréimhse, níl feidhm a thuilleadh ag comhbheartas tráchtála an Aontais Eorpaigh maidir leis an Ríocht Aontaithe.
Le cinneadh na Ríochta Aontaithe tarraingt siar ón Aontas, cruthaíodh an gá leis na ceangaltais chainníochtúla atá i sceideal AE28 de chuid EDT do na 143 chuótaí rátaí taraife (TRQanna) talmhaíochta, éisc agus tionsclaíocha de chuid an Aontais a ‘chionroinnt’. Chuir an tAontas tús leis an bpróiseas sin sa Ghinéiv i mí Dheireadh Fómhair 2018. Is é an bunús a bhí leis an gcur chuige sin méid reatha gach TRQ a choinneáil ar bun ina iomláine amach anseo, ach é a scoilteadh thar dhá chríoch chustaim ar leith: AE27 agus an Ríocht Aontaithe.
Tá cuóta ráta taraife 1 000 tona ag Paragua maidir le feoil ardcháilíochta bhó-ainmhithe (sraithuimhir 094455), rud nach n‑áirítear i sceideal EDT an Aontais. Cuireadh an TRQ sin san áireamh go hearráideach le linn na cionroinnte agus, dá bhrí sin, laghdaíodh é go 711 thona ar thaobh AE27 gan aon mhéid comhfhreagrach a oscailt ar thaobh na Ríochta Aontaithe.
Ciallaíonn sé sin gur laghdaíodh an rochtain atá ag Paragua ar an margadh ó 1 000 tona go 711 thona agus feidhm aige sin amhail ón 1 Eanáir 2021.
Is é is aidhm don Rialachán leasaitheach seo méid ceart AE27 (1 000 tona) a athbhunú do TRQ 094455.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an tionscnamh seo i gcomhréir leis na gníomhaíochtaí atá á ndéanamh ag an Aontas Eorpach chun a áirithiú go ndéileálfar go hordúil leis na hiarmhairtí a bheidh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Is inniúlacht eisiach de chuid an Aontais é an comhbheartas tráchtála.
•Comhréireacht
Is tríd an mbeart atá beartaithe amháin a bhainfear an toradh inmhianaithe sin amach.
•An rogha ionstraime
Leagadh síos an fhoráil bhunaidh le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Tá gá, dá bhrí sin, le Rialachán eile ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun an Rialachán sin a leasú.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
•Bailiú agus úsáid saineolais
•Measúnú tionchair
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
•Cearta bunúsacha
Níl aon tionchar ag an togra seo ar chearta bunúsacha.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Leasaítear le hAirteagal 1 Rialachán (AE) 2019/216 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun cosc a chur ar chionnroinnt an chuóta ráta taraife lena ngabhann an tsraithuimhir 094455.
Déantar foráil in Airteagal 2 maidir le teacht i bhfeidhm an Rialacháin, 7 lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2021/0146 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/216 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cuóta ráta taraife an Aontais maidir le mairteoil ardcháilíochta ó Pharagua
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tar éis tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach, chuir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe in iúl do Chomhaltaí eile na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) go gcoinneofaí a leibhéal reatha rochtana ar an margadh ach go gcionroinnfear é idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe faoi seach. Leagtar síos an mhodheolaíocht don chionroinnt sin, chomh maith le méideanna nua AE27, i Rialachán (AE) 2019/216 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(2)Níor cheart cuótaí rátaí taraife an Aontais nach cuid de sceideal lamháltas agus ceangaltas an Aontais a chionroinnt.
(3)Le Rialachán (CE) Uimh. 1149/2002 ón gComhairle, osclaítear cuóta taraife ar allmhairí arb ionann é agus 1 000 tona de mhairteoil ardcháilíochta atá úr, fuaraithe nó reoite. In ainneoin nach cuid de sceideal EDT an Aontais é an cuóta taraife sin, rinneadh é sin a chionroinnt go mícheart le Rialachán (AE) 2019/216, rud a laghdódh méid an chuóta taraife sin agus feidhm aige sin amhail ón 1 Eanáir 2021. Ba cheart, dá bhrí sin, méid bunaidh an chuóta taraife sin a athbhunú.
(4)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/216 a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/216, scriostar an ró a bhaineann leis an tsraithuimhir 094455 (feoil ardcháilíochta bó‑ainmhithe, úr, fuaraithe nó reoite ó Pharagua).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán