AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,27.5.2021
COM(2021) 267 final
2018/0243(COD)
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis an
seasamh ón gComhairle maidir le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda don tréimhse 2021-2027
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
2018/0243 (COD)
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis an
seasamh ón gComhairle maidir le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda don tréimhse 2021-2027
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
1.Cúlra
|
An dáta a tíolacadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COM/2018/460 final – 2018/0243 (COD))
|
An 14 Meitheamh 2018
|
|
Dáta chomhaontú Choiste na mBuanionadaithe maidir le sainordú caibidlíochta páirteach
|
An 12 Meitheamh 2019
|
|
Dáta chomhaontú Choiste na mBuanionadaithe maidir le sainordú caibidlíochta páirteach comhlánaithe
|
An 25 Meán Fómhair 2019
|
|
Dáta an chéad chruinnithe thríthaobhaigh
|
An 23 Deireadh Fómhair 2019
|
|
Dáta chomhaontú Choiste na mBuanionadaithe maidir le sainordú caibidlíochta páirteach comhlánaithe
|
An 27 Samhain 2019
|
|
Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa (Tuarascáil)
|
An 27 Márta 2019
|
|
Dáta an dara cruinniú tríthaobhach
|
An 5 Nollaig 2019
|
|
Dáta an tríú cruinniú tríthaobhach
|
An 20 Feabhra 2020
|
|
Dáta an cheathrú cruinniú tríthaobhach
|
An 11 Meitheamh 2020
|
|
Dáta chomhaontú Choiste na mBuanionadaithe maidir le sainordú caibidlíochta páirteach comhlánaithe
|
An 18 Meán Fómhair 2020
|
|
Dáta an chúigiú cruinniú tríthaobhach
|
An 2 Deireadh Fómhair 2020
|
|
Dáta an tséú cruinniú tríthaobhach
|
An 20 Samhain 2020
|
|
Dáta an tseachtú cruinniú trí thaobhach (final)
|
An 15 Nollaig 2020
|
|
Dáta an chomhaontaithe pholaitiúil i gCoiste na mBuanionadaithe
|
An 17 Márta 2021
|
|
Dáta ar vótáil coistí AFET agus DEVE Pharlaimint na hEorpa chun an comhaontú comhréitigh a fhormhuiniú
|
An 19 Márta 2021
|
|
An dáta ar glacadh an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh
|
An 26 Bealtaine 2021
|
2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún
An Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) – An Eoraip Dhomhanda, is príomhchuid í de bhosca uirlisí an Aontais le haghaidh comhar leis an ngarchomharsanacht agus leis an domhan, faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) do 2021-2027.
Togra is ea é le haghaidh ionstraim chaiteachais chun seasamh le leasanna agus luachanna an Aontais agus iad a chur chun cinn ar fud an domhain chun cloí le cuspóirí agus prionsabail a ghníomhaíochtaí seachtracha, faoi mar a leagtar síos in Airteagail 3(5), 8 agus 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).
Cumhdóidh an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta gníomhaíochtaí a cumhdaíodh roimhe seo faoi 11 Rialachán éagsúla, rud a mhéadóidh, dá bhrí sin, comhleanúnachas agus comhsheasmhacht ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais. Is cuid de bhuiséad an Aontais é agus áiritheoidh an t‑ailíniú leis an Rialachán Airgeadais go mbeidh cothrom iomaíochta ann mar go ndéanann sé foráil ann maidir le leabhar rialacha coiteann, go mbunaítear rialacha níos simplí, níos trédhearcaí agus níos solúbtha le haghaidh chistí an Aontais. Rannchuideoidh sé leis an mbochtaineacht a laghdú agus, san fhadtéarma, í a dhíothú, rannchuideoidh sé leis an daonlathas, an smacht reachta agus an urraim do chearta an duine, chomh maith leis an bhforbairt inbhuanaithe agus leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide a chomhdhlúthú, tacú leo agus iad a chur chun cinn, agus tabharfar aghaidh ar an imirce neamhrialta agus ar an easáitiú éigeantach, lena n‑áirítear na bunchúiseanna atá leo. Rannchuideoidh sé freisin leis an iltaobhachas a chur chun cinn, leis na gealltanais agus na cuspóirí idirnáisiúnta ar chomhaontaigh an tAontas leo a bhaint amach, go háirithe na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna), Clár Oibre 2030 agus Comhaontú Pháras. Cuirfidh sé comhpháirtíochtaí níos láidre le tríú tíortha chun cinn, lena n‑áirítear le Comharsanacht na hEorpa atá bunaithe ar leasanna frithpháirteacha agus ar úinéireacht fhrithpháirteach d’fhonn cobhsú, dea-rialachas a chothú agus athléimneacht a chothú.
Seo a leanas na cuspóirí sonracha atá ag an Rialachán:
(a) tacú le dialóg agus comhar le tríú tíortha agus le réigiúin sa Chomharsanacht, san Afraic fho-Shahárach, san Áise agus san Aigéan Ciúin, i gCríocha Mheiriceá agus i Muir Chairib agus an dialóg agus an comhar sin a chothú;
(b) comhpháirtíochtaí neartaithe speisialta agus comhar polaitiúil feabhsaithe a fhorbairt leis an gComharsanacht Eorpach, bunaithe ar chomhar, ar shíocháin agus ar chobhsaíocht agus ar thiomantas comhroinnte do luachanna uilechoiteanna an daonlathais, don smachta reachta agus d’urraim do chearta an duine, agus é d’aidhm leo daonlathas domhain inbhuanaithe agus lánpháirtiú socheacnamaíoch forásach chomh maith le teagmhálacha idir daoine a bhaint amach;
(c) ar an leibhéal domhanda:
–cearta an duine a chosaint, a chur chun cinn agus a chur ar aghaidh, lena n‑áirítear comhionannas inscne agus cosantóirí chearta an duine a chosaint, lena n‑áirítear sna cúinsí is deacra agus sna cásanna práinneacha, an daonlathas agus an smacht reachta, lena n‑áirítear sásraí cuntasachta,
–tacú le heagraíochtaí sochaí sibhialta,
–tuilleadh cobhsaíochta agus síochána a dhéanamh, coinbhleacht a chosc agus, ar an gcaoi sin, cuidiú le cosaint saoránach,
–aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda eile amhail an t‑athrú aeráide, cosaint na bithéagsúlachta agus an chomhshaoil, chomh maith leis an imirce agus an tsoghluaisteacht.
(d) freagairt go pras i gcás: staideanna géarchéime, éagobhsaíochta agus coinbhleachta, lena n‑áirítear na staideanna sin a d’fhéadfadh teacht as sreafaí imirce agus as an easáitiú éigeantach, agus as bagairtí hibrideacha; dúshláin maidir le hathléimneacht, lena n‑áirítear tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine, agus cabhair dhaonnúil agus gníomhaíocht forbartha a nascadh le chéile; agus riachtanais agus tosaíochtaí beartais eachtraigh an Aontais.
Is é EUR 79.462 billiún (i bpraghsanna reatha) an t‑imchlúdach airgeadais foriomlán a comhaontaíodh.
3.Tráchtanna maidir leis an seasamh ón gComhairle
An seasamh ón gComhairle, is léiriú iomlán é ar an gcomhaontú ar thángthas air sna cruinnithe tríthaobhacha. Ar na hathruithe is tábhachtaí a thug sé isteach, i gcomparáid leis an togra ón gCoimisiún, tá an méid seo a leanas:
–Maidir leis an mbuiséad:
–buiséad modhnaithe le haghaidh na hionstraime agus a comhpháirteanna, i gcomhréir le Conclúidí mhí Iúil 2020 ón gComhairle Eorpach agus le coigeartú pro-rata le haghaidh na méideanna nach bhfuil imdhealaithe go sainráite sna Conclúidí;
–uasteorainn EUR 270 milliún ar na gníomhaíochtaí maidir le fothú acmhainní na ngníomhaithe míleata chun tacú leis an bhforbairt agus leis an tslándáil le haghaidh na forbartha de;
–méid táscach EUR 1 800 milliún le haghaidh Erasmus;
–an fhéidearthacht suas le 25 % den chlár téamach maidir le cearta an duine agus an daonlathas a chur i leataobh le haghaidh misin bhreathnóireachta toghcháin;
–méid táscach EUR 500 milliún ar a laghad don Aigéan Ciúin agus EUR 800 milliún ar a laghad do Mhuir Chairib laistigh de na himchlúdaigh gheografacha chomhfhreagracha;
–méid táscach EUR 500 milliún ar a laghad le haghaidh údaráis áitiúla faoi na cláir gheografacha;
–cistí breise ráthaithe ón gcúlchiste um dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn le haghaidh na gclár téamach maidir le cearta an duine agus an daonlathas (EUR 200 milliún), eagraíochtaí na sochaí sibhialta (EUR 200 milliún) agus dúshláin dhomhanda (EUR 600 milliún).
–Maidir le gnéithe rialachais an Rialacháin:
–gníomhartha tarmligthe breise chun méid agus uasteorainn soláthair na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a mhodhnú agus chun an uasteorainn ar fhothú acmhainneachta don fhorbairt agus don tslándáil le haghaidh na forbartha a mhodhnú;
–gníomh tarmligthe breise chun cláir gheografacha a leagan amach, a bheidh le glacadh in 2021 agus lena gcumhdófar an méid seo a leanas:
–cuspóirí sonracha agus réimsí tosaíochta comhair arna dtarraingt ó chomhréimsí comhair, lena n‑áirítear ord tosaíochta, in Iarscríbhinn II de réir foréigiúin;
–is iad seo a leanas na fo-réigiúin: An Chomharsanacht Theas, an Chomharsanacht Thoir, an Afraic Thiar, an Afraic Thoir agus an Afraic Láir, Deisceart na hAfraice agus an tAigéan Indiach, an Meánoirthear, an Áise Láir, an Áise Theas, an Áise Thuaidh agus an Áise Thoir Theas, an tAigéan Ciúin, Críocha Mheiriceá, an Mhuir Chairib;
–spriocanna téamacha le haghaidh an cholúin gheografaigh, faoi mar atá in Iarscríbhinn IV (1) (b) den DCI;
–leithdháiltí airgeadais don Afraic Thiar, don Afraic Thoir agus don Afraic Láir agus do Dheiceart na hAfraice Theas agus don Aigéan Indiach.
–athbhreithniú meántéarma éigeantach ar an ngníomh tarmligthe chun cláir gheografacha a chumadh;
–aithris maidir le cúnamh a chur ar fionraí i gcásanna ina mbeidh díghrádú ar an daonlathas agus ar an smacht reachta;
–tagairt don urraim a thugtar do choinbhinsiúin maidir le caighdeáin sábháilteachta núicléiche mar phrionsabal clársceidealaithe;
–athbhreithniú éigeantach meántéarma ar dhoiciméid chlársceidealaithe;
–tagairt don fhéidearthacht clár Pan‑Afracach agus clár eile le haghaidh na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin a bhunú.
–Maidir leis an imirce:
–leibhéal don sprioc maidir le caiteachas ’10 % go táscach’;
–tagairt a dhéanamh don phointe gur cheart go gcuideodh gníomhaíochtaí a bhaineann le himirce le cur chun feidhme éifeachtach chomhaontuithe an Aontais agus idirphlé le tríú tíortha maidir leis an imirce trí chomhar a spreagadh a bheadh ag brath ar chur chuige solúbtha spreagúil agus a mbeadh sásra comhordúcháin ina thaca leis.
–Maidir leis an gComharsanacht:
–an fhoclaíocht atá san Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht maidir leis an gcur chuige dreasacht‑bhunaithe a choinneáil;
–an sciar d’imchlúdach airgeadais na Comharsanachta is féidir a leithdháileadh go táscach ar chomhar trasteorann a bhunú ag ‘suas le 5 %’.
–Maidir le spriocanna caiteachais cé is moite de na cinn thuasluaite:
–an sprioc caiteachais don Chúnamh Oifigiúil um Fhorbairt a ardú go dtí 93 % ar a laghad;
–an sprioc maidir le caiteachas le haghaidh gníomhaíocht ar son na haeráide a ardú go 30 %;
–‘ar a laghad’ a chur isteach roimh an sprioc 20 % den chaiteachas ar Chúnamh Oifigiúil um Fhorbairt don fhorbairt dhaonna agus don chuimsiú sóisialta;
–tagairt a chur isteach don rannchuidiú le sprioc 10 % maidir le caiteachas CAI do chuspóirí bithéagsúlachta;
–sprioc bhreise a leagan síos ‘85 % ar a laghad’ de ghníomhaíochtaí a bhfuil comhionannas inscne mar phríomhchuspóir nó mar phríomhchuspóir acu, ar cheart go mbeadh comhionannas inscne agus cearta agus cumhachtú na mban agus na gcailíní mar phríomhchuspóir ag 5 % díobh ar a laghad.
–CEFI+/Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha:
–uasmhéid na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a laghdú go EUR 53 449 milliún agus uasteorainn EUR 10 000 milliún a thabhairt isteach chun an ráthaíocht a sholáthar. Is féidir na méideanna sin a leasú le gníomh tarmligthe;
–na hAirteagail maidir le cuspóir, rialachas, incháilitheacht oibríochtaí agus tuairisciú CEFI+ a neartú, chomh maith leis an iarscríbhinn maidir le réimsí tosaíochta oibríochtaí CEFI+. Níl an téacs maidir le rialachas in iarscríbhinn a thuilleadh a d’fhéadfaí a leasú le gníomh tarmligthe, ach tá sé ina chuid d’airteagail i gcorp príomha an Rialacháin;
–ról BEI i CEFI+ a shonrú, go háirithe trí fhuinneog eisiach thiomnaithe infheistíochta a bhunú d’oibríochtaí ceannasacha agus neamhthráchtála focheannasacha agus, i gcás inarb iomchuí, trí dhá fhuinneog infheistíochta thiomnaithe a bhunú trí nós imeachta caighdeánach ábhartha d’oibríochtaí tráchtála focheannasacha agus príobháideacha, le haghaidh mhéid táscach foriomlán EUR 26 725 milliún;
–sainmhínithe ábhartha a thabhairt isteach a bhaineann le CEFI+, go háirithe maidir le breisíocht;
–Airteagal a thabhairt isteach maidir le sásra casaoide agus sásaimh agus maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.
–Ainm na hionstraime:
–‘An Eoraip Dhomhanda’ a chur leis an ainm, rud a fhágann, dá bhrí sin, gurb é ‘Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda’ an t‑ainm.
Caomhnaíonn an comhaontú aidhmeanna an togra bhunaidh ón gCoimisiún, lena gcoimeádtar leibhéal na huaillmhéine agus lena gceadaítear solúbthacht leordhóthanach i gcur chun feidhme na rialacha nua. Dá bhrí sin, thacaigh an Coimisiún leis na hathruithe a aibhsíodh thuas.
4. Conclúid
Tacaíonn an Coimisiún le torthaí na caibidlíochta idirinstitiúidí agus, dá bhrí sin, glacann sé leis an seasamh atá glactha ag an gComhairle.
5. Dearbhuithe ón gCoimsiún
Tá dhá dhearbhú aontaobhacha déanta ag an gCoimisiún, ar féidir teacht orthu san iarscríbhinn.
AGUISÍN
Dearbhuithe ón gCoimsiún
An dearbhú ón gCoimisiún maidir le hidirphlé geopholaitiúil le Parlaimint na hEorpa i ndáil leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda:
‘'Tá an Coimisiún Eorpach, agus aird á tabhairt aige ar fheidhmeanna rialaithe polaitiúla Pharlaimint na hEorpa a leagtar síos in Airteagal 14 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tiomanta d’idirphlé geopholaitiúil ardleibhéil a dhéanamh idir an dá institiúid maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) XXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) – An Eoraip Dhomhanda. Leis an idirphlé sin, ba cheart go mbeifí in ann malartuithe a dhéanamh le Parlaimint na hEorpa, agus cuirfear san áireamh go hiomlán na seasaimh atá acu maidir le cur chun feidhme na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta.
San idirphlé geopholaitiúil, pléifear treoshuímh ghinearálta maidir le cur chun feidhme na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta, lena n‑áirítear maidir le clársceidealú sula nglacfar na doiciméid chlársceidealaithe, agus a bhaineann le hábhair shonracha amhail úsáid a bhaint as an maolán um dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn nó giaráil a chur i bhfeidhm as a dtiocfaidh athruithe a d’fhéadfadh teacht ar leithdháileadh cistiúcháin atá tiomnaithe don imirce nó ar an gcúnamh a thugtar do thír chomhpháirtíochta a chur ar fionraí nuair nach n‑urramaíonn sí go leanúnach prionsabail an daonlathais, an smachta reachta, an dea-rialachais, urraim do chearta an duine agus saoirsí bunúsacha.
Seo a leanas struchtúr an idirphlé gheopholaitiúil:
i)Idirphlé ardleibhéil idir an tArdionadaí/Leas‑Uachtarán agus na Coimisinéirí i gceannas ar Chomhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta agus ar an gComharsanacht agus ar an Méadú agus Parlaimint na hEorpa.
ii)II) Idirphlé buan ar leibhéal na n‑oifigeach sinsearach le meithleacha AFET agus DEVE chun a áirithiú go ndéanfar ullmhúchán leordhóthanach agus go ndéanfar obair leantach ar an idirphlé ardleibhéil.
Beidh an t‑idirphlé ardleibhéil ar siúl dhá uair sa bhliain ar a laghad. Féadfaidh ceann de na cruinnithe a bheith i gcomhthráth le tíolacadh an dréachtbhuiséid bhliantúil ag an gCoimisiún .
An dearbhú ón gCoimisiún maidir le hAithrisí 50, 51 agus Airteagal 8.10:
‘Na cláir réigiúnacha tacaíochta don imirce, tacóidh siad le comhpháirtíochtaí cuimsitheacha cothroma saincheaptha le tíortha tionscnaimh nó tíortha idirthurais agus tíortha óstacha ábhartha, ag leanúint cur chuige solúbtha spreagúil, agus le tacaíocht ón sásra comhordúcháin laistigh den Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda. Déanfar iad a chomhlánú le gníomhaíochtaí faoi na cláir tíre, i gcás inarb iomchuí.
D’fhonn a áirithiú go mbainfear an úsáid is éifeachtúla agus is éifeachtaí is féidir as na cistí sin, i gcomhréir le tosaíochtaí beartais an Aontais agus na dtíortha comhpháirtíochta, cuirfidh an Coimisiún Eorpach na tosaíochtaí sin chun feidhme go gníomhach trí úsáid a bhaint as na hionstraimí ábhartha uile de chuid an Aontais agus glacfaidh sé páirt i gcomhordú leis na Ballstáit ar bhealach sioncronaithe agus éifeachtúil. Áiritheoidh sé go gcuirfear Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go dlúth agus go rialta, rud a fhágfaidh go bhféadfar tuairimí a mhalartú.