Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0210

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena n-aisghairtear [an Rialachán maidir leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach] agus Rialachán (AE) Uimh. 375/2014

    COM/2021/210 final

    An Bhruiséil,21.4.2021

    COM(2021) 210 final

    2018/0230(COD)

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
    CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA

    de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

    maidir leis

    an seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena n‑aisghairtear [an Rialachán maidir leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach] agus Rialachán (AE) Uimh. 375/2014

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


    2018/0230 (COD)

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
    CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA


    de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh


    maidir leis

    an seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena n‑aisghairtear [an Rialachán maidir leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach] agus Rialachán (AE) Uimh. 375/2014

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    1.Cúlra

    An dáta a tíolacadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COM(2018)0440)

    11 Meitheamh 2018

    An dáta a ghlac Coiste na Réigiún a Thuairim maidir leis an togra

    5 Nollaig 2018

    An dáta a ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a Thuairim maidir leis an togra

    17 Deireadh Fómhair 2018

    Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh:

    12 Márta 2019

    Dáta chomhaontú na Comhairle maidir le cur chuige ginearálta

    26 Samhain 2018

    Dátaí na gcruinnithe tríthaobhacha

    2 Deireadh Fómhair 2019

    12 Samhain 2019

    11 Nollaig 2019

    11 Nollaig 2020

    An dáta a dhearbhaigh Coiste na mBuanionadaithe an comhaontú comhréitigh

    18 Nollaig 2020

    An dáta a vótáil an Coiste um Chultúr agus um Oideachas Pharlaimint na hEorpa leis an gcomhaontú comhréitigh a fhormhuiniú

    11 Eanáir 2021

    An dáta a ghlac Coiste na mBuanionadaithe an seasamh ón gComhairle (Mír I/A)

    14 Aibreán 2021

    An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle, an chéad léamh

    20 Aibreán 2021

    2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún

    Tá an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach ar cheann de na hionstraimí cistiúcháin faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027. Mhol an Coimisiún buiséad iomlán EUR 1.26 billiún.

    Leis an togra maidir leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, bhí sé beartaithe deiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga idir 18 agus 30 bliain d’aois gníomhaíochtaí saorálaíochta a dhéanamh, tabhairt faoi shocrúchán oibre nó oibriú i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta, chomh maith lena dtionscadail dlúthpháirtíochta féin a chur chun feidhme, ar mhaithe le pobail agus le daoine ar fud na hEorpa. Snáithe nua cabhrach daonnúla a chomhtháthú sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach ab ea an phríomh‑urnuacht a bhí beartaithe leis an togra, comhtháthú a rinne ionad ilfhreastail den Chór nua le haghaidh na ndeiseanna uile saorálaíochta a chuireann an tAontas ar fáil do dhaoine óga san Eoraip agus i gcéin. Moladh snáithe na cabhrach daonnúla d’fhonn leanúnachas oibleagáidí an Chonartha a áirithiú chun Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil a chruthú le haghaidh Eorpaigh óga, oibleagáidí a chuirtear chun feidhme faoi láthair faoin Tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE 1 .

    3.Tráchtanna maidir leis an seasamh ó Pharlaimint na hEorpa

    Sa seasamh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh, a glacadh an 12 Márta 2019 , moladh leasuithe ar an togra ón gCoimisiún, agus moladh go sonrach:

    Buiséad: miondealú céatadáin idir snáitheanna (gníomhaíochtaí saorálaíochta, poist/socrúcháin oibre, cabhair dhaonnúil) i bpraghsanna tairiseacha agus i bpraghsanna reatha araon;

    Gníomhartha tarmligthe maidir le cláir oibre bhliantúla a ghlacadh;

    Snáithe cabhrach daonnúla: chinn Parlaimint na hEorpa gur féidir le daoine, beag beann ar aois, páirt a ghlacadh sa snáithe; theastaigh uaithi Tairseach Shaorálaithe Cabhrach an Aontais agus nósanna imeachta roghnúcháin a choimeád; chuir sí tionscadail dlúthpháirtíochta leis an snáithe mar aon leis an bhféidearthacht gur féidir le saorálaithe áitiúla i dtríú tíortha a bheith rannpháirteach ann;

    Gníomhaíochtaí intíre: oibleagáid chun comhpháirtithe ó thíortha eile a chur leo ach amháin le haghaidh daoine ar lú na deiseanna a bhíonn acu;

    Tionscadail dlúthpháirtíochta: an fhéidearthacht gnéithe trasteorann a chur leo;

    Athruithe ar an gcreat faireacháin agus meastóireachta;

    Bearta nua cáilíochta agus tacaíochta a chur leis.

    Le linn na caibidlíochta, d’iarr Parlaimint na hEorpa freisin go scriosfar snáithe na bpost agus na socrúchán oibre lena mbaineann miondealú buiséid idir an dá shnáithe atá fágtha, snáithe 94 % le haghaidh gníomhaíochtaí saorálaíochta agus snáithe 6 % le haghaidh cabhair dhaonnúil. Iarradh airteagal ar leith a bhaineann le cuimsitheacht, tagairt do cheanglais árachais agus imréitigh mar aon le táscairí athbhreithnithe freisin. Ina theannta sin, maidir le snáithe na cabhrach daonnúla, d’iarr Parlaimint na hEorpa tagairtí do phrionsabail éagsúla na cabhrach daonnúla, do shásraí comhair éagsúla agus do dhoiciméid bheartais éagsúla chomh maith le tagairtí do rannpháirtíocht na bpobal áitiúil agus do tháscairí breise.

    Mar chuid den chomhaontú ar thángthas air sna cruinnithe tríthaobhacha, ghlac an Coimisiún leis an méid seo a leanas: buiséad €1.009 billiún, snáithe na bpost agus na socrúchán oibre a scriosadh agus miondealú táscach buiséid idir an dá shnáithe atá fágtha; gníomhaíochtaí intíre go háirithe le haghaidh daoine óga ar lú na deiseanna a bhíonn acu; uasteorainn aoise 35 bliana le haghaidh shnáithe na cabhrach daonnúla agus an fhéidearthacht atá ag saineolaithe, beag beann ar aois, tacú le tionscadail cabhrach daonnúla i gcomhthéacs fothú acmhainneachta; táscairí breise le haghaidh shnáithe na cabhrach daonnúla; tagairtí éagsúla do phrionsabail na cabhrach daonnúla agus do shásraí comhair; tagairt shonrach do cheanglais imréitigh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme; agus gné neartaithe a bhaineann le cuimsitheacht.

    Chomhaontaigh an Coimisiún freisin an ráiteas seo a leanas a eisiúint maidir le táscaire breise le haghaidh shnáithe na cabhrach daonnúla:

    ‘Tugann an Coimisiún Eorpach dá aire an togra ó Pharlaimint na hEorpa chun machnamh a dhéanamh ar “líon na ngníomhaithe áitiúla a chuireann i bhfeidhm an t‑eolas, na prionsabail agus na cuir chuige a foghlaimíodh trí na gníomhaíochtaí daonnúla inar ghlac an saorálaí agus na saineolaithe páirt” agus an Rialachán á fhorlíonadh aige le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.’

    Tar éis don Chomhairle a seasamh a ghlacadh ar an gcéad léamh, táthar ag súil go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa an comhaontú ar thángthas air sna cruinnithe tríthaobhacha a fhormhuiniú go foirmiúil.

    4.Tráchtanna maidir leis an seasamh ón gComhairle

    Tá an seasamh ón gComhairle ina léiriú ar an gcomhaontú ar thángthas air sna cruinnithe tríthaobhacha. I gcomparáid leis an togra ón gCoimisiún, áirítear an méid seo a leanas ar na hathruithe is mó tábhacht a tugadh isteach:

    Is é EUR 1 009 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021-2027. Agus uasmhéid 20 % le haghaidh gníomhaíochtaí intíre, beidh na méideanna seo a leanas de thacaíocht airgeadais ann do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 4(1): - 94 %, go táscach, le haghaidh gníomhaíochtaí saorálaíochta dá dtagraítear in Airteagal 7 agus le haghaidh tionscadail dlúthpháirtíochta, - 6 %, go táscach, le haghaidh gníomhaíochtaí saorálaíochta dá dtagraítear in Airteagal 11;

    Snáithe na bpost agus na socrúchán oibre a scriosadh;

    Uasteorainn aoise 35 bliana le haghaidh shnáithe na cabhrach daonnúla agus rannpháirtíocht fhéideartha na saineolaithe, beag beann ar aois, i gcomhthéacs fothú acmhainneachta;

    Gné neartaithe a bhaineann le cuimsitheacht;

    Tagairt do chumhdach árachais na rannpháirtithe agus do cheanglais imréitigh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme;

    Ba cheart gníomhaíochtaí saorálaíochta intíre a bheith dírithe go háirithe ar dhaoine óga ar lú na deiseanna a bhíonn acu;

    Laistigh de shnáithe na cabhrach daonnúla, tagairt do phrionsabal na neamhdhíobhála, do riachtanas daonnúil na bpobal áitiúil, do mheasúnú riosca, do rannpháirtíocht na foirne áitiúla agus na saorálaithe áitiúla, agus do riachtanais shonracha na mban;

    Tagairt don Chomhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil, don dlí daonnúil idirnáisiúnta, do phrionsabail na dea-dheontóireachta daonnúla agus do ról comhordaitheach UN-OCHA in aithrisí;

    Táscairí athbhreithnithe agus táscairí breise a fhreastalaíonn go háirithe ar shnáithe nua na cabhrach daonnúla;

    Tréimhse sheasta cláir atá ailínithe le tréimhse an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil;

    Tagairt d’fhorálacha cúlghabhálachta;

    Forálacha athbhreithnithe an tríú tír lena soiléirítear rialacha rannpháirtíochta le haghaidh tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gclár agus le haghaidh eintitis dhlítheanacha ó thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gclár.

    Go ginearálta, sa chomhaontú ar thángthas air, coimeádtar cuspóirí an togra tosaigh ón gCoimisiún, seachas snáithe na socrúchán oibre agus na bpost a scriosadh, lena gcoinnítear an leibhéal uaillmhéine ach lena gceadaítear an tsolúbthacht is gá chun an clár a chur chun feidhme.

    5.Conclúid

    Glacann an Coimisiún leis an seasamh ón gComhairle.

    6.Dearbhú ón gCoimisiún

    Tá dearbhú amháin déanta ag an gCoimisiún ar féidir teacht air san iarscríbhinn.



    IARSCRÍBHINN

    Ráiteas ón gCoimisiún Eorpach maidir le líon na ngníomhaithe áitiúla a chuireann i bhfeidhm an t‑eolas, na prionsabail agus na cuir chuige a foghlaimíodh trí na gníomhaíochtaí daonnúla inar ghlac an saorálaí agus na saineolaithe páirt

    Tugann an Coimisiún Eorpach dá aire an togra ó Pharlaimint na hEorpa chun machnamh a dhéanamh ar ‘líon na ngníomhaithe áitiúla a chuireann i bhfeidhm an t‑eolas, na prionsabail agus na cuir chuige a foghlaimíodh trí na gníomhaíochtaí daonnúla inar ghlac an saorálaí agus na saineolaithe páirt’ agus an Rialachán á fhorlíonadh aige le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

    (1)    Rialachán (AE) Uimh. 375/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 lena mbunaítear an Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil (‘an Tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE’)
    Top