EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0208

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh 541/2014/AE

COM/2021/208 final

An Bhruiséil,21.4.2021

COM(2021) 208 final

2018/0236(COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA

de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

maidir leis

an seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh 541/2014/AE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


2018/0236 (COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA


de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh


maidir leis

an seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh 541/2014/AE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

1.Cúlra

An dáta a tíolacadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COM(2018)447 final-2018/ 0236 COD):

6 Meitheamh 2018

Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa:

17 Deireadh Fómhair 2018

Dáta na tuairime ó Choiste na Réigiún:    

6 Nollaig 2018

Dáta an chomhaontaithe comhréitigh pháirtigh shealadaigh (an Chomhthuiscint) arna fhormhuiniú ag Coreper:

13 Márta 2019

Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh (lena n‑ionchorpraítear an chomhthuiscint):

17 Aibreán 2019

An dáta a d’fhormhuinigh Coreper an comhaontú polaitiúil:

18 Nollaig 2020

An dáta a vótáil Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh Pharlaimint na hEorpa leis an gcomhaontú comhréitigh a fhormhuiniú

14 Eanáir 2021

An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle:

19 Aibreán 2021

2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún

Leis an gClár Spáis nua, cuimsítear, den chéad uair, gníomhaíochtaí spáis uile an Aontais Eorpaigh in aon Rialachán amháin, eadhon na tionscnaimh shuaitheanta atá ann faoi láthair, is é sin Copernicus, Galileo agus EGNOS, chomh maith le tionscnaimh nua maidir le cumarsáid satailíte (GOVSATCOM) agus feasacht suímh sa spás (SSA). Leis an Rialachán, déantar an rialachas a shimpliú agus a chuíchóiriú agus baintear leas as sineirgíochtaí agus gníomhaíochtaí cothrománacha.

Thairis sin, leis an Rialachán maidir le Clár Spáis an Aontais cuirtear béim ar an earnáil iartheachtach, ar úsáid úsáideoirí agus margaí agus ar shaothrú phoitéinseal na sonraí agus na seirbhísí spáis chun feidhmchláir agus seirbhísí breisluacha a fhorbairt. Thairis sin, na sonraí agus na seirbhísí spáis a chuirfear ar fáil faoin gClár Spáis, tacóidh siad le ceapadh beartas maidir leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, chomh maith le beartais eile de chuid an Aontais. Leis an gClár Spáis, cuirtear fiontraíocht san éiceachóras spáis agus iomaíochas na hearnála spáis chun cinn a thuilleadh tríd an slabhra luacha uile, trí iontrálaithe nua, fiontair bheaga agus mheánmhéide agus gnólachtaí nuathionscanta agus a rannpháirtíocht trasteorann a spreagadh.

3.Tráchtanna maidir leis an seasamh ón gComhairle

Ó tharla seasamh ón gComhairle sa chéad léamh a bheith glactha, ba cheart go bhféadfaí an Rialachán a ghlacadh go críochnaitheach. Tá sé tábhachtach go gcuirtear chun feidhme an Clár Spáis nua in éineacht le Gníomhaireacht athainmnithe an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (EUSPA) a luaithe is féidir chun leanúnachas na seirbhísí oibríochtúla atá ann faoi láthair a áirithiú. Tagann EUSPA in ionad na Gníomhaireachta Eorpaí um Chórais Dhomhanda Loingseoireachta Satailíte (GSA) agus cuireann sé léi, agus faoi údarás an Choimisiúin, rathóidh sé leanúnachas na seirbhísí agus áiritheoidh sé slándáil bonneagair agus slándáil na gcóras. Is réamhriachtanas é freisin teacht i bhfeidhm an Rialacháin chun an Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le Creat Airgeadais (FFPA) le EUSPA agus leis an nGníomhaireacht Eorpach Spáis (GES) a thabhairt i gcrích, chomh maith le teacht i bhfeidhm ionstraimí bainistíochta neamhdhíreacha eile le heintitis eile chun an Clár a chur chun feidhme.

Maidir leis na saincheisteanna atá fós gan réiteach tar éis na Comhthuisceana páirtí ar thángthas uirthi i mí Feabhra 2019, caomhnaítear leis an seasamh ón gComhairle an togra ón gCoimisiún i dtaca leis na pointí cothrománacha uile, go háirithe i dtaca le comhar idirnáisiúnta, solúbthacht buiséid agus fad an chláir, agus déanann sé leanúnachas fadtéarmach seirbhíse chláir spáis an Aontais Eorpaigh a áirithiú, go háirithe Galileo agus Copernicus.

Tá an seasamh ón gComhairle de réir an chomhaontaithe pholaitiúil ar tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle air an 15 Nollaig 2020 agus tacaíonn an Coimisiún leis:

Maidir le rialachas an Chláir, is é is cuspóir don Rialachán creat dlíthiúil an Aontais atá ann cheana i dtaca le beartas spáis agus na rialacha maidir le rialachas Chlár Spáis an Aontais a shimpliú agus a chuíchóiriú. Dáiltear cúraimí ar na gníomhaithe éagsúla, eadhon an Coimisiún, EUSPA agus GES, go háirithe trí Chomhaontú Comhpháirtíochta maidir le Creat Airgeadais (FFPA) a thabhairt i gcrích. Mar a léirítear sa chomhaontú polaitiúil ar thángthas air le Parlaimint na hEorpa, leis an seasamh ón gComhairle cuirtear béim ar an trédhearcacht i leith na gcomhreachtóirí a mhéid a bhaineann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le Creat Airgeadais (FFPA), leis na comhaontuithe ranníocaíochta agus leis na Cláir Oibre.

Maidir leis an bhfad, cé go bhfuil sé contrártha don togra ón gCoimisiún, tá sé ailínithe anois le fad an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021-2027, agus soiléirítear leis an Rialachán go bhfuil Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis eisiata ón teorainn ama agus féadfar costais oibriúcháin tar éis 2027 a chumhdach, chun gníomhaíochtaí oibríochtúla agus forálacha seirbhísí ríthábhachtacha a áirithiú.

Maidir le rannpháirtíocht tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, is oth leis an gCoimisiún nach bhfuil an seasamh ón gComhairle i gcomhréir go hiomlán leis an togra tosaigh uaidh go nglacfar rannpháirtíocht oscailte i Copernicus agus Galileo/EGNOS. Thairis sin, ceanglaítear le téacs na Comhairle go nglacfar rannpháirtíocht i Copernicus agus Galileo/EGNOS faoi réir comhaontú idirnáisiúnta ar leith i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE i dtaca le gach tríú tír, cé is moite de thíortha LEE. Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an seasamh ón gComhairle, áfach, agus sainiúlachtaí na ngníomhaíochtaí spáis i dtéarmaí slándála, lena n‑áirítear slándáil thionsclaíoch, á gcur san áireamh agus de ghrá an chomhréitigh.

Maidir leis na coinníollacha incháilitheachta agus rannpháirtíochta i dtaca le soláthar, leis an seasamh ón gComhairle, cuirtear eilimintí suntasacha nua agus nós imeachta struchtúrtha mionsonraithe leo. Cé gur mó an t‑ualach a bhaineann leis an téacs i dtéarmaí nósanna imeachta, is léiriú é ar mheon an togra tosaigh ón gCoimisiún, a mhéid a bhaineann leis an ngá coinníollacha soiléire a shocrú ex ante maidir le hincháilitheacht agus rannpháirtíocht agus leas slándála an Aontais Eorpaigh a chaomhnú, agus a mhéid a bhaineann le sainchearta institiúideacha an Choimisiúin agus le feidhmiú rianúil an Chláir.

4.Conclúid

Glacann an Coimisiún leis an seasamh ón gComhairle.

5.Dearbhú ón gCoimisiún

Rinne an Coimisiún aon dearbhú aontaobhach amháin ar féidir teacht air san aguisín.

AGUISÍN

Dearbhú ón gCoimisiún

Dearbhú ón gCoimisiún maidir le trédhearcacht mhéadaithe i dtaca leis na gníomhartha cur chun feidhme le haghaidh an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le Creat Airgeadais agus le haghaidh na gComhaontuithe ranníocaíochta agus na gClár oibre:

Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú faoi théacs comhréitigh i ndáil leis an Rialachán maidir le Clár Spáis na hEorpa, lena gceanglaítear ar an gCoimisiún iad a chur ar an eolas faoin gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le Creat Airgeadais (FFPA) agus faoi na comhaontuithe ranníocaíochta a bheidh le tabhairt i gcrích agus a gcur chun feidhme agus faoi na cláir oibre. Foráiltear leis an téacs comhaontaithe go bhformheasann an Coimisiún na comhaontuithe sin agus na cláir oibre trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Dá bhrí sin, comhlíonfaidh an Coimisiún an oibleagáid chun Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas faoi FFPA nó faoi chomhaontú ranníocaíochta a thabhairt i gcrích nó clár oibre a ghlacadh i gcomhréir leis na forálacha maidir le faisnéis faoi imeachtaí coiste i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún’.

Top