AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,17.3.2021
COM(2021) 123 final
2018/0331(COD)
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis
an seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
De bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis an
seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne
1.Cúlra
|
An dáta a tíolacadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COM/2018/640 final – 2018/0331(COD)
|
12 Meán Fómhair 2018
|
|
Dáta chomhaontú na Comhairle maidir le sainordú caibidlíochta
|
6 Nollaig 2018
|
|
Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh
|
17 Aibreán 2019
|
|
Dáta an chéad chruinnithe thríthaobhaigh
|
17 Deireadh Fómhair 2019
|
|
Dáta an dara cruinniú tríthaobhach
|
20 Samhain 2019
|
|
Dáta an tríú cruinniú tríthaobhach
|
12 Nollaig 2019
|
|
Dáta an cheathrú cruinniú tríthaobhach
|
24 Meán Fómhair 2020
|
|
Dáta an chúigiú cruinniú tríthaobhach
|
29 Deireadh Fómhair 2020
|
|
Dáta an séú cruinniú tríthaobhach (an cruinniú deiridh)
|
10 Nollaig 2020
|
|
Dáta an chomhaontaithe pholaitiúil i gCoiste na mBuanionadaithe
|
16 Nollaig 2020
|
|
An dáta a vótáil Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile Pharlaimint na hEorpa leis an gcomhaontú comhréitigh a fhormhuiniú
|
11 Eanáir 2021
|
|
An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle, an chéad léamh
|
16 Márta 2021
|
2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún
Léiríodh sna hionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh san Eoraip an chaoi a mbaineann sceimhlitheoirí mí‑úsáid as an idirlíon chun lucht tacaíochta a mhealladh agus a earcú, chun gníomhaíocht sceimhlitheoireachta a ullmhú agus a éascú, chun a gcuid ainghníomhartha a mhóradh agus tathant ar dhaoine eile déanamh amhlaidh agus chun scéin a chur sa phobal i gcoitinne.
An t‑ábhar sceimhlitheoireachta a chomhroinntear ar líne chun na gcríoch sin, is trí sholáthraithe seirbhísí óstála a scaiptear é, ar soláthraithe iad trína bhféadtar ábhar tríú páirtí a uaslódáil. Ní hamháin go bhfuil mí‑úsáid bainte as ardáin mhóra de chuid na meán sóisialta ag sceimhlitheoirí agus ag a lucht tacaíochta, ach feictear anois go mbíonn siad ag dul i muinín soláthraithe níos lú freisin a chuireann seirbhísí óstála de chineálacha éagsúla ar fáil, seirbhísí a bhfuil rochtain orthu san Aontas Eorpach, agus tá an treocht sin ag dul i méid. An mhí‑úsáid sin a bhaintear as seirbhísí áirithe ar líne, cuireann sí i dtábhacht an fhreagracht shochaíoch ar leith atá ar sholáthraithe seirbhísí óstála maidir le lucht a n‑úsáidte a chosaint ar ábhar sceimhlitheoireachta agus ar na rioscaí tromchúiseacha slándála a bhaineann leis an ábhar sin don tsochaí i gcoitinne.
Is éard a bhí i gceist leis an togra ón gCoimisiún creat dlíthiúil comhchuibhithe a bhunú ar mhaithe le cosc a chur ar mhí‑úsáid seirbhísí óstála chun ábhar sceimhlitheoireachta a scaipeadh ar líne, ionas go ráthófaí feidhmiú rianúil an mhargaidh aonair dhigitigh, agus an tslándáil phoiblí agus cearta bunúsacha a chosaint ag an am céanna.
Is é is aidhm don Rialachán atá beartaithe, soiléireacht a thabhairt i ndáil leis an bhfreagracht atá ar na soláthraithe seirbhísí óstála gach beart iomchuí réasúnach comhréireach is gá a dhéanamh chun sábháilteacht a gcuid seirbhísí a áirithiú agus chun ábhar sceimhlitheoireachta a bhrath agus a bhaint anuas go pras agus go héifeachtach. Cuimsítear sna bearta sin ábhar a bhaint anuas laistigh d’aon uair an chloig ó ordú baint anuas a fháil agus bearta sonracha a bheidh le déanamh ag na soláthraithe seirbhísí óstála ar bhealach réamhghníomhach chun a gcuid seirbhísí a chosaint.
An tráth céanna, sa Rialachán atá beartaithe tá roinnt coimircí arb é is aidhm dóibh a áirithiú go dtabharfar urraim iomlán do chearta bunúsacha, amhail an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil i sochaí dhaonlathach. Áirítear ar na coimircí sin oibleagáidí trédhearcachta chomh maith le sásraí gearáin chun a áirithiú go bhféadfaidh soláthraithe ábhair agóid a dhéanamh maidir lena n‑ábhar a bheith bainte anuas nó rochtain ar an ábhar sin a bheith díchumasaithe, agus áirítear orthu freisin sásamh breithiúnach i gcomhréir le hAirteagal 19 CAE agus le hAirteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
Na hoibleagáidí ar na Ballstáit a leagtar amach sa Rialachán atá beartaithe, beidh siad ina gcuidiú leis na cuspóirí sin a bhaint amach trí údaráis inniúla a chumhachtú, tríd an tuarthacht agus an trédhearcacht a mhéadú, trí choimircí leormhaithe a ráthú agus trína áirithiú gur féidir smachtbhanna a fhorchur ar sholáthraithe seirbhísí óstála i gcás neamh‑chomhlíontachta trí bhíthin pionóis éifeachtacha chomhréireacha athchomhairleacha.
3.Tráchtanna maidir leis an seasamh ón gComhairle
Léirítear leis an seasamh ón gComhairle an comhaontú polaitiúil ar tháinig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún air an 10 Nollaig 2020. Is iad seo a leanas na difríochtaí is tábhachtaí idir an togra ón gCoimisiún agus an téacs atá sa chomhaontú polaitiúil:
–Raon feidhme: Soiléirítear nach measfar gur ábhar sceimhlitheoireachta ábhar a scaiptear chun críoch oideachais, iriseoireachta, ealaíne nó taighde nó a scaiptear chun an sceimhlitheoireacht a chosc nó a chomhrac, agus go gcinnfear an fíorchuspóir atá leis an ábhar a scaipeadh trí bhíthin measúnaithe.
–Soiléirítear go bhfuil an Rialachán gan dochar don Treoir maidir le Ríomhthráchtáil agus don Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc, agus go mbeidh forlámhas ag an Treoir dheireanach sin i leith sheirbhísí na meán closamhairc i gcásanna coinbhleachta. Soiléirítear in aithris nach ndéanfar difear do na hoibleagáidí atá ar sholáthraithe ardán comhroinnte físeán faoin Rialachán.
–Sonraítear go bhfuil feidhm ag an Rialachán maidir le soláthraithe seirbhísí óstála a scaipeann faisnéis ar an bpobal, i.e. ar líon daoine a d’fhéadfadh a bheith neamhtheoranta, agus maidir leis na soláthraithe sin amháin.
–Sainmhínithe: Ní fholaíonn an sainmhíniú ar ‘ábhar sceimhlitheoireachta’ ábhar a dhéanann gníomhaíochtaí grúpaí sceimhlitheoireachta ‘a chur chun cinn’, agus tá an sainmhínithe sin ailínithe níos dlúithe leis na cionta ábhartha sa Treoir maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac.
–Orduithe baint anuas: An sprioc‑am d’aon uair an chloig ar a mhéad atá ag soláthraithe seirbhísí óstála chun ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas nó a dhíchumasú, coinnítear an sprioc‑am sin ar bun, ach ní mór don údarás inniúil an soláthraí seirbhísí óstála a chur ar an eolas 12 uair an chloig roimh an gcéad ordú baint anuas, ach amháin i gcásanna práinne. Ina theannta sin, i gcás ina mbeidh cúiseanna teicniúla nó oibríochtúla ann a mbeidh údar oibiachtúil leo agus a fhágann nach féidir an t‑ordú baint anuas a chomhlíonadh, cuirfear an sprioc‑am ar fionraí.
–An ceart grinnscrúdaithe/nós imeachta um orduithe baint anuas trasteorann: Cé go bhfuil na Ballstáit uile i dteideal orduithe baint anuas a eisiúint chuig aon soláthraí seirbhísí óstála, beag beann ar áit a bhunaithe, in airteagal nua maidir le nósanna imeachta um orduithe baint anuas trasteorann (Airteagal 4), cuirtear ar a chumas d’údarás inniúil an Bhallstáit ‘óstaigh’ (eadhon, an Ballstát ina bhfuil an soláthraí seirbhísí óstála bunaithe nó ina bhfuil a ionadaí dlíthiúil aige) grinnscrúdú a dhéanamh ar ordú baint anuas lena chinneadh an bhfuil sáruithe follasacha nó tromchúiseacha ar chearta bunúsacha nó ar an Rialachán i gceist leis an ordú nó nach bhfuil. Tá sé de cheart ag soláthraithe seirbhísí óstála agus ag soláthraithe ábhair a iarraidh go ndéanfaí an t‑údarás inniúil sin athbhreithniú ar an ordú baint anuas, agus sa chás sin tá sé d’oibleagáid ar an údarás an grinnscrúdú a dhéanamh agus na torthaí a leagan amach i gcinneadh. I gcás ina mbeidh sáruithe follasacha nó tromchúiseacha i dtorthaí an ghrinnscrúdaithe, ní bheidh éifeacht dhlíthiúil ag an ordú baint anuas a thuilleadh agus ní bheidh oibleagáid ar an soláthraí seirbhísí óstála a thuilleadh an t‑ábhar a bhaint agus, i bprionsabal, ba cheart dó é a aischur.
–Bearta sonracha: Rinneadh an méid a bhí in Airteagail 3, 6 agus 9 den togra a choigeartú agus a chumasc in aon airteagal amháin ina leagtar amach na hoibleagáidí atá ar soláthraithe seirbhísí óstála bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta. Tá feidhm ag na hoibleagáidí sin maidir leis na soláthraithe seirbhísí óstála sin ar chinn an t‑údarás inniúil go raibh siad neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta, agus maidir leis na soláthraithe sin amháin. Cé gur féidir leis na húdaráis inniúla a chur de cheangal ar soláthraithe seirbhísí óstála bearta breise a dhéanamh, is ag na soláthraithe seirbhísí óstála atá an rogha i leith na mbeart sonrach chun aghaidh a thabhairt ar ábhar sceimhlitheoireachta, agus ní féidir iallach a chur ar na soláthraithe sin uirlisí uathoibrithe a úsáid.
–Tarchuir: Scriosadh an t‑airteagal maidir le tarchuir a bhí sa togra ón gCoimisiún (eadhon, sásra le haghaidh fógraí a chur isteach lena dtugtar foláireamh do sholáthraithe seirbhísí óstála maidir le hábhar sceimhlitheoireachta, ábhar a d’fhéadfadh na soláthraithe a bhreithniú, go deonach, i leith a gcuid téarmaí agus coinníollacha féin). Soiléirítear in aithris, áfach, go bhfuil ionstraim na dtarchur fós ar fáil do na Ballstáit agus do Europol.
–Údaráis inniúla: Ainmneoidh na Ballstáit údaráis inniúla i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin agus cinnteoidh na Ballstáit nach lorgóidh ná nach nglacfaidh na húdaráis sin treoracha, agus cinnteoidh na Ballstáit go ngníomhóidh na húdaráis ar bhealach oibiachtúil neamh‑idirdhealaitheach, lena áirithiú go dtabharfar lánurraim do chearta bunúsacha.
–Pionóis: San Airteagal maidir le pionóis, áirítear an fhéidearthacht shainráite atá ag na Ballstáit a chinneadh cibé acu ar cheart nó nár cheart pionóis a fhorchur i gcásanna aonair, agus na himthosca á gcur san áireamh acu amhail cineál agus méid an tsoláthraí seirbhísí óstála lena mbaineann, a mhéid a bhfuil an locht air as an sárú, agus na bearta teicniúla agus eagraíochtúla a bhí déanta aige chun comhlíonadh cheanglas an Rialacháin a áirithiú.
–Forálacha críochnaitheacha: An tréimhse ama chun an Rialacháin a chur i bhfeidhm, fadaítear í go 12 mhí tar éis a theacht i bhfeidhm, agus an tréimhse ama chun meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán, giorraítear í go dhá bhliain tar éis a theacht i bhfeidhm.
Measann an Coimisiún go gcaomhnaítear príomhchuspóirí an togra thuasluaite ón gCoimisiún ar an iomlán sa chomhaontú polaitiúil ar thángthas air, mar a léirítear sa seasamh ón gComhairle. Go háirithe, is éard atá sa téacs comhaontaithe cur chuige cothrom lena n‑áirithítear go rachfar i ngleic le hábhar sceimhlitheoireachta ar líne go héifeachtach, go ndéantar foráil maidir le tacar cuimsitheach coimircí chun cearta bunúsacha a chosaint agus go mbeidh na soláthraithe seirbhísí óstála atá gníomhach sa mhargadh inmheánach faoi réir rialacha aonfhoirmeacha comhréireacha.
4.Conclúid
Glacann an Coimisiún leis an seasamh ón gComhairle.