Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0063

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an gceathrú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair a mhéid a bhaineann le cinntí a ghlacadh lena leasaítear Iarscríbhinn lena leasaítear Iarscríbhinn A agus Iarscríbhinn B a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin maidir le táirgí ina n-úsáidtear mearcair nó comhdhúile mearcair, i gcomhréir le hAirteagal 4, mír 8 agus le hAirteagal 5, mír 10 den Choinbhinsiún sin

COM/2021/63 final

An Bhruiséil,17.2.2021

COM(2021) 63 final

2021/0033(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an gceathrú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair a mhéid a bhaineann le cinntí a ghlacadh lena leasaítear Iarscríbhinn lena leasaítear Iarscríbhinn A agus Iarscríbhinn B a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin maidir le táirgí ina n-úsáidtear mearcair nó comhdhúile mearcair, i gcomhréir le hAirteagal 4, mír 8 agus le hAirteagal 5, mír 10 den Choinbhinsiún sin


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh a bheidh le glacadh, thar ceann an Aontais, ag an gceathrú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair (‘an Comhaontú’) maidir le Cinntí lena leasaítear Iarscríbhinn A agus B a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin atá beartaithe a ghlacadh. Leis na hiarscríbhinní seo, bunaítear liostaí de tháirgí a bhfuil mearcair curtha leo agus próisis lena n‑úsáidtear mearcair nó comhdhúile mearcair (‘próisis mearcair’), atá faoi réir dátaí céimnithe amach nó faoi réir forálacha lena rialaítear úsáid mearcair 1 .

2.Comhthéacs an togra

2.1.Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair (‘an Comhaontú’)

Is é an Comhaontú an príomhchreat dlíthiúil idirnáisiúnta arb é is aidhm dó sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar astaíochtaí antrapaigineacha agus scaoileadh mearcair agus comhdhúl mearcair isteach san aer, san uisce agus sa talamh. Tugtar aghaidh ann ar shaolré iomlán an mhearcair, ó mhianadóireacht phríomhúil mearcair go diúscairt dramhaíola mearcair.

Tháinig sé i bhfeidhm an 16 Lúnasa 2017.

Tá an tAontas Eorpach (‘an tAontas’) ina pháirtí sa Chomhaontú 2 , mar aon le formhór na mBallstát 3 .

De bhun Airteagal 4, mír 1 en Chomhaontú, na táirgí ar cuireadh mearcair leo agus atá liostaithe i gCuid I d'Iarscríbhinn A (e.g. lampaí fluaraiseacha áirithe), ní féidir iad a mhonarú, a allmhairiú agus a onnmhairiú a thuilleadh tar éis na ndátaí céimnithe amach a shonraítear san Iarscríbhinn sin.

I gcomhréir le hAirteagal 4, mír 3, glacfaidh na Páirtithe bearta chun úsáid mearcair a rialáil i leith na dtáirgí ar cuireadh mearcair leo agus atá liostaithe i gCuid II d'Iarscríbhinn A.

I gcomhréir le hAirteagal 5, mír 2, na próisis a liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn B (e.g. táirgeadh clór-alcaile), ní mór deireadh a chur le húsáid a bhaint as mearcair nó comhdhúile mearcair faoi na dátaí céimnithe amach a leagtar amach ann.

De bhua Airteagal 5, mír 3, glacfaidh na Páirtithe bearta chun úsáid mearcair a rialáil sna próisis mearcair a liostaítear i gCuid II d’Iarscríbhinn B, lena n‑áirítear maidir le tiontú go próisis saor, nuair atá sé sin indéanta go heacnamaíoch agus teicniúil.

De bhun Airteagail 4, míreanna 4, 7, 8, agus 5, míreanna 5, 9, 10, déanfar Iarscríbhinn A agus Iarscríbhinn B a athbhreithniú faoin 16 Lúnasa 2022, agus na tograí um leasú atá beartaithe 4  ag na Páirtithe agus faisnéis a tharchuirtear maidir le táirgí a bhfuil mearcair curtha leo agus maidir le leaganacha malartacha teicniúla agus eacnamaíocha atá ar fáil agus atá saor ó mhearcair á gcur san áireamh, agus na rioscaí agus na tairbhí don chomhshaol agus do shláinte an duine a mheas san am céanna.

Leagtar síos in Airteagal 26 agus in Airteagal 27 na rialacha bunúsacha maidir le, i.a., tograí a dhéanann na Páirtithe a thíolacadh le haghaidh na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú a leasú, chomh maith le glacadh agus teacht i bhfeidhm agus na nIarscríbhinní. Na Tograí chun na hIarscríbhinní a leasú, ní mór iad a chur in iúl do na Páirtithe uile sé mhí ar a laghad roimh Chomhdháil na bPáirtithe sa Chomhaontú (“COP”), an Chomhdháil ag a ndéantar an togra a bheartú chun a ghlactha, i.e. an 1 Bealtaine 2021 sa chás seo. Glactar Iarscríbhinní leasaithe atá beartaithe i gcomhréir leis na rialacha vótála a leagtar síos in Airteagal 26, mír 3, agus i gCinneadh MC-1/1 maidir le Rialacha Nós Imeachta arna nglacadh ag COP ag a chéad chruinniú (24-29 Meán Fómhair 2017) 5 .

Tagann an leasú ar Iarscríbhinn i bhfeidhm do na Páirtithe uile bliain amháin tar éis do Thaiscí an Chomhaontaithe a ghlacadh a chur in iúl, cé is moite de na Páirtithe sin a bhfuil dearbhú ábhartha déanta acu i gcomhréir le hAirteagal 30, mír 5. Ós rud é nach bhfuil dearbhú den sórt sin déanta ag an Aontas, tá feidhm ag an riail ghinearálta i dtaca le teacht i bhfeidhm Iarscríbhinní leasaithe nó Iarscríbhinní nua maidir leis.

2.2.Comhdháil na bPáirtithe (‘COP’)

Déanann COP na feidhmeanna a shanntar dó leis an gComhaontú. Chuige sin, déanfaidh sé inter alia aon bheart a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil a mheas agus a ghabháil air féin chun cuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach, lena n‑áirítear treoirlínte ábhartha a ghlacadh.

De réir Airteagal 28 den Chomhaontú agus Chinneadh MC-1/1 atá luaite thuas, tá vóta amháin ag gach páirtí. Mar sin féin, an tAontas, mar eagraíocht réigiúnach um lánpháirtiú eacnamaíoch, déanann sé a cheart vótála a fheidhmiú maidir le hábhair a thagann faoina inniúlacht, agus líon vótaí aige atá cothrom le líon a chuid Ballstát atá ina bpáirtithe sa Chomhaontú. Ní dhéanfaidh an tAontas a cheart vótála a fheidhmiú má fheidhmíonn aon cheann dá chuid Ballstát a cheart vótála, agus vice versa.

2.3.Na gníomhartha atá beartaithe ag Comhdháil na bPáirtithe

COP, le linn an tríú cruinniú a bhí aige (25-29 Samhain 2019), ghlac sé Cinneadh MC-3/1 6 lena mbunaítear grúpa saineolaithe ad hoc chun dul ar aghaidh leis an bplé ar tháirgí maidir le táirgí a cuireadh mearcair leo agus ar phróisis mhearcair le linn na tréimhse idirsheisiúnaí as ar tháinig a ceathrú cruinniú (‘COP4’). Le sainordú an ghrúpa sin go háirithe, iarradh an fhaisnéis a thíolacann na Páirtithe a fheabhsú agus a eagrú i gcomhréir le hAirteagal 4, míreanna 4 agus 7, agus le hAirteagal 5, míreanna 4 agus 9, den Chomhaontú, maidir le hinfhaighteacht, indéantacht theicniúil agus eacnamaíoch, rioscaí don chomhshaol agus don tsláinte agus maidir leis na rioscaí agus leasanna a bhaineann le roghanna malartacha de tháirgí agus de phróisis den sórt sin, atá saor ó mhearcair.

I bhfianaise thoradh na hoibre saineolaithe, táthar ag súil le go nglacfaidh COP4 cinneadh amháin nó níos mó maidir leis an ábhar sin (na gníomhartha atá beartaithe).

Na gníomhartha atá beartaithe, leasóidh siad Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú trína comhlánú le táirgí breise ar cuireadh mearcair leo agus a bhfuil roghanna malartacha saor ó mhearcair ar fáil ina leith, roghanna atá indéanta go heacnamaíoch agus go teicniúil agus a rachaidh chun tairbhe do shláinte an duine agus don chomhshaol agus a bheidh faoi réir toirmeasc monaraíochta, allmhairithe agus onnmhairithe ar dhátaí sonraithe céimnithe amach nó faoi réir bearta lena rialáiltear úsáid mearcair.

Na gníomhartha atá beartaithe, leasóidh siad Iarscríbhinn B freisin a ghabhann leis an gComhaontú trína comhlánú le táirgí breise ar cuireadh mearcair leo agus a bhfuil roghanna malartacha saor ó mhearcair ar fáil ina leith, roghanna atá indéanta go heacnamaíoch agus go teicniúil agus a rachaidh chun tairbhe do shláinte an duine agus don chomhshaol agus atá ar fáil ina leith agus a scoirfidh dá bhrí sin de mhearcair a úsáid faoi dháta sonraithe céimnithe amach.

Na gníomhartha atá beartaithe, leasóidh siad Cuid II d’Iarscríbhinn B a ghabhann leis an gComhaontú trí na forálacha lena rialaítear úsáid mearcair le haghaidh monaiméir de chlóiríd (VCM), meitioláit nó eitioláit shóidiam agus photaisiam (alcóláití) agus táirgeadh polúireatáin agus/nó trí phróisis eile mearcair a chur le ceanglais ghaolmhara úsáide mearcair.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Is é is cuspóir don Aontas deireadh a chur de réir a chéile le húsáid mearcair ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda, a luaithe agus is féidir, i gcás ina bhfuil roghanna malartacha inmharthana ann 7 . Chun an cuspóir sin a bhaint amach, is gá, go háirithe, deireadh a chur de réir a chéile le táirgí ar cuireadh mearcair leo agus próisis mearcair a thiontú go próisis neamh‑mhearcair, nuair is inmharthana, indéanta go teicniúil agus nuair a rachaidh sin chun tairbhe do shláinte an duine agus don chomhshaol.

Dá ndéanfaí dul chun cinn ar an leibhéal domhanda i dtreo an chuspóra sin, rannchuideodh sé leis an Uaillmhian maidir le Truailliú Nialasach a bhaint amach le haghaidh timpeallacht a bheidh saor ó thocsain faoi mar atá leagtha amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip 8 . Chuideodh sé freisin le cur chun feidhme Straitéis Ceimiceán an Aontais don Inbhuanaitheacht 2020 9 , ina bhfuil gealltanas tugtha ag an gCoimisiún Eorpach ról ceannasach a choinneáil ar bun ar an leibhéal idirnáisiúnta maidir le bainistiú fónta ceimiceán, lena n‑áirítear trí chaighdeáin an Aontais a chur chun cinn ar fud an domhain.

Athbhreithniú ar Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú lena leagtar síos an liosta de tháirgí ar cuireadh mearcair leo atá faoi réir toirmeasc monaraíochta, allmhairithe agus onnmhairithe nó faoi réir ceanglas maidir le húsáid mearcair.

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, tá sé bunaithe ar na heilimintí seo a leanas:

Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/852 maidir le Mearcair (‘an Rialachán maidir le Mearcair) 10 , a bhfuil Iarscríbhinn A (Cuid I) a ghabhann leis an gComhaontú traschurtha aige, tá raon feidhme ná an Comhaontú, ós rud é go gcumhdaítear leis níos mó táirgí ar cuireadh mearcair leo (e.g. ceallraí cnapchille).

Le haighneacht an Choimisiúin (Márta 2020), arna traschur i gcomhréir le Cinneadh MC-3/1 11 , sainaithnítear líon áirithe táirgí eile ar cuireadh mearcair leo, a bhfuil roghanna malartacha ar fáil lena n‑aghaidh atá saor ó mhearcair, atá indéanta agus ar féidir tairbhe a bhaint astu, lena n‑áirítear táirgí a bhfuil toirmeasc orthu cheana féin faoina bheith á gcur ar an margadh inmheánach agus faoina bheith á n‑allmhairiú 12 / 13 , e.g. i gcomhréir le Treoir 2011/65/AE (‘RoHS’) 14 agus Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (‘REACH’) 15 , ach nach bhfuil faoi réir toirmisc fós maidir le monarú agus allmhairiú.

Dá réir sin, an t‑athbhreithniú ar an leibhéal domhanda ar Iarscríbhinn A, tugann sé leis roinnt deiseanna chun cothrom iomaíochta a fheabhsú ar fud an domhain agus chun úsáid mearcair agus an truailliú a bhaineann leis a laghdú tuilleadh:

(1)Chun an bhearna a dhúnadh idir dlí an Aontais atá ann cheana, dlí atá níos forbartha, agus an Comhaontú trí tháirgí atá liostaithe cheana féin in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Mearcair an Aontais a chur le Cuid I d’Iarscríbhinn A.

(2)Chun táirgí a chur le Cuid I d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú ach nach bhfuil faoi réir toirmisc fós ar mhonarú agus ar onnmhairiú faoi Rialachán an Aontais maidir le Mearcair ach nach gceadaítear a thuilleadh iad a chur ar mhargadh an Aontais, ina ainneoin sin, nó a bheith faoi réir forbairtí reachtacha arb é is aidhm dóibh toirmeasc den chineál céanna ar leibhéal an Aontais. Dá roghnódh na Páirtithe táirge amháin nó níos mó a chur i gCuid II d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú, i.e. gan aon dátaí sonraithe maidir lena gcéimniú amach, ghlacfadh an tAontas leis fós gur deis í an rogha beartais sin chun an bhearna a dhúnadh idir an Comhaontú agus Dlí an Aontais, ar choinníoll go leagtar síos bearta soiléire um rialáil mearcair le haghaidh táirgí den sórt sin.

Dá dtiocfaí ar chomhaontú maidir le breiseanna den sórt sin ag COP4 agus dá bhfaighfí tacaíocht ón Aontas ina leith, dhéanfadh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 20 den Rialachán maidir le Mearcair, Gníomh Tarmligthe a ghlacadh arb é ab aidhm dó Iarscríbhinn II a ailíniú leis an Iarscríbhinn A leasaithe a ghabhann leis an gComhaontú.

Dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag COP4 tacóidh sé le gníomhartha a ghlacadh arb é is aidhm dóibh raon feidhme chur i bhfeidhm Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú a leathnú chun táirgí ar cuireadh mearcair leo a chumhdach, táirgí a bhfuil toirmeasc cheana féin orthu faoina bheith á monarú agus á dtrádáil i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán an Aontais maidir le Mearcair, nó a bhfuil toirmeasc orthu cheana féin faoina bheith á gcur ar mhargadh an Aontais, nó atá faoi réir forbairtí leanúnacha reachtacha arb é is aidhm dóibh toirmeasc comhchosúil a leagan síos ar leibhéal an Aontais, agus ar táirgí iad ar féidir a ionadú go teicniúil ó thaobh shláinte an duine de, agus atá indéanta ó thaobh na heacnamaíochta agus na heacnamaíochta de.

Athbhreithniú ar Iarscríbhinn B a ghabhann leis an gComhaontú ina leagtar síos liosta na bpróiseas atá faoi réir dáta ‘céimniú amach’ nó faoi réir ceanglas maidir le húsáid mearcair.

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, tá sé bunaithe ar na heilimintí seo a leanas:

Tá Airteagal 5, míreanna 2 agus 3, agus Iarscríbhinn B a ghabhann leis an gComhaontú, tá siad traschurtha ag dlí an Aontais, go háirithe Airteagal 7, míreanna 1 agus 3, agus Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Mearcair, ar bhonn níos déine.

Ar an gcéad dul síos, cé go gcumhdaítear in Iarscríbhinn B a ghabhann leis an gComhaontú cúig phróiseas shonracha mearcair (táirgeadh clór-alcailí, aicéataildéad, VCM, alcóláití agus polúireatáin), tá foráil uileghabhálach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Mearcair lena dtoirmisctear, ar dhátaí sonraithe céimnithe amach, mearcair nó comhdhúile mearcair a úsáid sna próisis mhonaraithe uile san Aontas, i.e. nuair a úsáidtear mar chatalaíoch (1 Eanáir 2018) nó mar leictreoid (1 Eanáir 2022) é. Dá bhrí sin, tá raon feidhme chur i bhfeidhm an toirmisc seo oscailte faoi dhlí an Aontais.

Ar an dara dul síos, cé go bhfuil roinnt dátaí céimnithe amach maolaitheacha in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán maidir le Mearcair i dtaca le VCM, alcóláití agus polúireatáin a tháirgeadh, is déine na forálacha sin i gcomparáid le hIarscríbhinn B a ghabhann leis an gComhaontú: go deimhin, leis an Rialachán maidir le Mearcair cuirtear toirmeasc ar úsáid mearcair mar leictreoid do tháirgeadh clór-alcaile ón 11 Nollaig 2017, ach socraítear 2025 mar dháta céimnithe amach leis an gComhaontú. Ina theannta sin, cé go gcuireann an Rialachán Mearcair toirmeasc ar úsáid mearcair mar chatalaíoch le haghaidh táirgeadh polúireatáin ón 1 Eanáir 2018, le haghaidh táirgeadh VCM amhail ón 1 Eanáir 2022 agus mar leictreoid le haghaidh táirgeadh alcóláití amhail ón 1 Eanáir 2028, ní leagtar síos sa Chomhaontú ach srian ar úsáid mearcair agus sonraíonn sé go bhfuil sé ‘d’aidhm’ ag na Páirtithe an úsáid sin a chéimniú amach faoin 16 Lúnasa 2027 (polúireatáin) nó deireadh a chur leis an úsáid sin de réir a chéile cúig bliana tar éis don COP a chinneadh go bhfuil roghanna eile saor ó mhearcair tar éis teacht chun cinn go teicniúil agus go heacnamaíoch (CMV agus alcóláití). Sonraítear i Rialachán Mearcair nár cheart méadú a theacht ar acmhainneachtaí táirgeachta alcóláití a bhfuil mearcair a úsáid mar leictreoidí acu roimh an dáta céimnithe amach (1 Eanáir 2028), ach san am céanna ní fhoráiltear sa Chomhaontú go mbeidh oibleagáid neamhghníomhaíochta den sórt sin ann d'aon cheann de na trí phróiseas mearcair (VCM, polúireatán agus alcóláití) ná do dháta ceangailteach céimnithe amach.

Ar aon dul leis an athbhreithniú ar Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú, cuireann an t‑athbhreithniú ar Iarscríbhinn B roinnt deiseanna ar fáil chun an cothrom iomaíochta a fheabhsú ar fud an domhain agus úsáid thionsclaíoch mearcair a laghdú:

(1)Chun an bhearna a dhúnadh idir dlí an Aontais, atá ann cheana agus atá níos forbartha, agus an Comhaontú trí dhátaí céimnithe amach a chur leis le haghaidh VCM, le hIarscríbhinn B a ghabhann leis an gComhaontú, táirgeadh alcóláití agus polúireatán a úsáideann mearcair, i gcomhsheasmhacht le acquis an Aontais agus trí phróisis indéanta mhalartacha saor ó mhearcair atá ar fáil go teicniúil agus go heacnamaíoch a chur san áireamh, faoi mar a tuairiscíodh in aighneacht an Aontais i Márta 2020 faoi Chinneadh MC-3/1.

(2)Foráil uileghabhálach a thabhairt isteach in Iarscríbhinn B a ghabhann leis an gComhaontú lena gcumhdófar na próisis uile ina núsáidtear mearcair atá ann cheana mar aon le dátaí céimnithe amach.

(3)Foráil a thabhairt isteach, in Iarscríbhinn B a ghabhann leis an gComhaontú, lena dtoirmiscfear aon mhéadú ar acmhainneachtaí táirgeachta próiseas mearcair faoi na dátaí céimnithe amach atá le leagan síos ag na Páirtithe.

Dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag COP4 tacóidh sé le gníomhartha a ghlacadh arb é is aidhm dóibh dáta céimnithe amach a thabhairt isteach do gach próiseas mearcair agus forálacha lena rialaítear úsáid mearcair a neartú tríd an dualgas a chur leis, go háirithe, gan na hacmhainneachtaí táirgeachta a mhéadú faoi na dátaí céimnithe amach ábhartha. 

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear orthu freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a bhféadfadh tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh 16 .

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é COP a bunaíodh le comhaontú, is é sin Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair.

Na gníomhartha a iarrtar ar Chomhdháil na bPáirtithe a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla aige, mar go mbeadh ar na Páirtithe sa Chomhaontú bearta a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad agus go gcomhlíonfar iad.

Ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú de thoradh na ngníomhartha atá beartaithe.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh‑chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, eadhon an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Príomhchuspóir agus ábhar na ngníomhartha atá beartaithe, baineann sé leis an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 192(1) CFAE bunús substainteach dlí an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Ba cheart Airteagal 192(1) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith mar bhunús dlí don chinneadh atá beartaithe.

2021/0033 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an gceathrú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair a mhéid a bhaineann le cinntí a ghlacadh lena leasaítear Iarscríbhinn lena leasaítear Iarscríbhinn A agus Iarscríbhinn B a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin maidir le táirgí ina n-úsáidtear mearcair nó comhdhúile mearcair, i gcomhréir le hAirteagal 4, mír 8 agus le hAirteagal 5, mír 10 den Choinbhinsiún sin

DÉANANN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AN MÉID A LEANAS

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Thug an tAontas Coinbhinsiún Minamata 17  (an Comhaontú’) maidir le Mearcair i gcrích le Cinneadh (AE) 2017/939 18  ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 16 Lúnasa 2017.

(2)De bhun Chinneadh MC-1/1 maidir le Rialacha Nós Imeachta, arna ghlacadh ag Comhdháil na bPáirtithe sa Chomhaontú ag a chéad chruinniú, déanfaidh na Páirtithe gach iarracht teacht ar chomhaontú maidir le gach ní substainte trí chomhthoil.

(3)Le linn a ceathrú cruinnithe an 1-5 Samhain 2021, táthar ag súil go nglacfaidh Comhdháil na bPáirtithe sa Chomhaontú cinneadh amháin nó níos mó (‘na Cinntí atá beartaithe’) lena leasaítear Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú ina bhfuil an liosta de tháirgí ar cuireadh mearcair leo atá faoi réir toirmeasc monaraithe, allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin ar dháta sonraithe nó faoi réir bearta chun mearcair a rialáil, agus/nó Iarscríbhinn B a ghabhann leis an gComhaontú ina bhfuil liosta de phróisis mhonaraíochta ina núsáidtear mearcair nó comhdhúile mearcair (‘próisis mearcair’) atá faoi réir oibleagáide deireadh a chur le húsáid mearcair ar dháta sonrach nó le ceanglais maidir le mearcair a úsáid ar dháta sonrach.

(4)Leis na Cinntí atá beartaithe, leathnófaí raon feidhme chur i bhfeidhm Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú chun táirgí breise ar cuireadh mearcair leo a chumhdach agus bheadh dátaí céimnithe gaolmhara nó bearta rialaithe mearcair leo.

(5)In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/852 19 lena dtrasuitear Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú i ndlí an Aontais, cumhdaítear níos mó táirgí ar cuireadh mearcair leo cheana féin agus tá táirgí eile ar cuireadh mearcair leo faoi réir toirmisc faoina gcur ar an margadh inmheánach faoi reachtaíocht an Aontais nó faoi réir forbairtí leanúnacha reachtacha ar leibhéal an Aontais atá dírithe ar thoirmeasc den sórt sin.

(6)Leis na Cinntí atá beartaithe, leathnófaí raon feidhme chur i bhfeidhm Iarscríbhinn B a ghabhann leis an gComhaontú trí dhátaí céimnithe amach a thabhairt isteach le haghaidh na bpróiseas mearcair a chumhdaítear ann, agus/nó trí phróisis bhreise mearcair mar aon le dátaí céimnithe amach a chur leis agus/nó trína gceanglais maidir le mearcair a rialú le haghaidh na bpróiseas lena mbaineann a neartú.

(7)In Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/852 lena dtrasuitear Iarscríbhinn B a ghabhann leis an gComhaontú i ndlí an Aontais, cumhdaítear próisis bhreise mhearcair agus leagtar síos dátaí céimnithe amach maidir leis na próisis uile lena mbaineann.

(8)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhdháil na bPáirtithe sa Chomhaontú a bhunú, mar go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag na Cinntí atá beartaithe, má fhormheastar iad, ós rud é go mbeidh ar na Páirtithe sa Chomhaontú bearta a ghlacadh chun iad a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus/nó ar an leibhéal réigiúnach.

(9)Rannchuidigh an tAontas go mór le forbairt fhorálacha an Chomhaontaithe maidir le táirgí ar cuireadh mearcair leo agus le próisis mhearcair agus leis an obair shaineolach idirsheisiúnach a seoladh le Cinneadh MC-3/1 20  arna ghlacadh ag Comhdháil na bPáirtithe sa Chomhaontú ag a tríú cruinniú agus as ar tháinig na Cinntí atá beartaithe;

(10)Ba cheart don Aontas tacú le glacadh Cinntí ó Chomhdháil na bPáirtithe sa Chomhaontú lena bhféadfar an bhearna idir dlí an Aontais agus an Comhaontú a dhúnadh agus atá dírithe ar raon feidhme chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe a leathnú chun táirgí ar cuireadh mearcair leo a bhfuil toirmeasc orthu cheana féin a chur ar mhargadh an Aontais, nó atá faoi réir forbairtí leanúnacha reachtacha atá dírithe ar thoirmeasc comhchosúil a leagan ar leibhéal an Aontais, i gcomhréir le cuspóir an Aontais deireadh a chur de réir a chéile le húsáid mearcair agus comhdhúile mearcair nuair is féidir sin;

(11)Ba cheart don Aontas tacú freisin le glacadh Cinntí ó Chomhdháil na bPáirtithe sa Chomhaontú lena gceadaítear an bhearna idir dlí an Aontais agus an Comhaontú a dhúnadh trína áirithiú go gcuirtear na próisis mhearcair ar a dtugtar aghaidh cheana faoi Rialachán (AE) 2017/852 faoi réir chéimniú amach faoi dhátaí sonraithe nó faoi réir ceanglas níos déine lena rialaítear úsáid mearcair.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais sa cheathrú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Chomhaontú tacú le (i) Cinntí lena leasaítear Iarscríbhinn A agus Iarscríbhinn B a ghabhann leis an gComhaontú a ghlacadh a dhúnfadh an bhearna idir dlí an Aontais agus an Comhaontú agus (ii) Cinntí a ghlacadh lena leasaítear Iarscríbhinn A ag cur i bhfeidhm monarú agus toirmeasc trádála domhanda ar tháirgí ar cuireadh mearcair leo atá ann cheana féin nó a thoirmeascfar go luath faoina bheith á gcur ar mhargadh an Aontais agus trí dhátaí céimnithe amach nó ceanglais níos déine a leagan síos do phróisis mhearcair.  

Airteagal 2

Féadfar mionchoigeartú ar an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 a chomhaontú, i bhfianaise forbairtí ag an ceathrú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe, idir ionadaithe an Aontais, i gcomhairle leis na Ballstáit, le linn cruinnithe comhordaithe ar an láthair, gan aon chinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Chun críoch an doiciméid seo, an nath ‘úsáid mearcair a rialú’, cumhdaíonn sé ceanglais chineálacha mar shampla iad siúd a bhunaítear i gCuid II d’Iarscríbhinn A agus d’Iarscríbhinn B a ghabhann le Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair.
(2)    Cinneadh ón gComhairle (AE) 2017/939 an 11 Bealtaine 2017 maidir le Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair a thabhairt i gcrích (IO L 142, 2.6.2017, lch. 4).
(3)    An 16 Samhain 2020, bhí Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair daingnithe ag ceithre Bhallstát is fiche, i.e. an Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ísiltír, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Phortaingéil, an Rómáin, Poblacht na Seice, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an tSualainn agus an Ungáir.
(4)    Chun críoch an doiciméid seo, ciallaíonn ‘Páirtithe’ Páirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Mearcair.    
(5)    Cinneadh MC-1/1 Rialacha nós imeachta, UNEP/MC/COP1/Dec. 1, a bhfuil fáil uirthi ag: http://www.mercuryconvention.org/Meetings/COP1/Decisions/tabid/8648/language/en-US/Default.aspx
(6)    Cinneadh MC-3/1 Iarscríbhinní A agus B a athbhreithniú, UNEP/MC/COP3/Dec. 1, a bhfuil fáil uirthi ag: http://www.mercuryconvention.org/Meetings/COP3/Decisions/tabid/8654/language/en-US/Default.aspx
(7)

   Féach Conclúidí ón gComhairle 'Review of the Community Strategy concerning Mercury' ['Athbhreithniú ar Straitéis an Chomhphobail maidir le Mearcair'], an 14 Márta 2011

(8)

   Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11.12.219, An Comhaontú Glas don Eoraip , COM(2019) 640 final.

(9)

   Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘Straitéis Ceimiceán don Inbhuanaitheacht i dTreo Timpeallachta atá Saor ó Thocsaine’ (COM(2020) 667 final, an 14.10.2020.

(10)    Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le mearcair, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008 (IO L 137, 24.05.2017, lch. 1).
(11)

   Aighneacht ón Aontas Eorpach maidir le táirgí ar cuireadh mearcair leo agus próisis mhonaraithe ina n‑úsáidtear mearcair nó comhdhúile mearcair (Márta 2020), ar fáil ag: http://www.mercuryconvention.org/Portals/11/documents/meetings/COP4/submissions/EU_AnnexAB.pdf

(12)    Áirítear leis an gcoincheap ‘cur ar an margadh inmheánach’ ‘allmhairiú’ faoi reachtaíocht an Aontais Eorpaigh lena rialaítear táirgí ar cuireadh mearcair leo a chur ar an margadh.
(13)

   Tá liosta iomlán de dhlí ábhartha an Aontais ar fáil sa Mheasúnú Tionchair ar an Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal ‘Ratification and Implementation by the EU of the Minamata Convention on Mercury accompanying the document Proposal for a Regulation of the European Parliament and of the Council on mercury, and repealing Regulation (EC) No 1102/2008’[An Coinbhinsiún Mimamota a bheith á dhaingniú agus a chur chun feidhme ag an Aontas Eorpach maidir le Mearcair a ghabhann leis an doiciméad ina bhfuil an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le mearcair, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008] (SWD/2016/017 final, an 2.2.2016). 

(14)

   Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach Téacs atá ábhartha maidir le LEE (IO L 174, 01.07.2011, lch. 88).

(15)

   Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) agus lena gcruthaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

(16)    Breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(17)    Tá cóip dhearbhaithe de Choinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair ar fáil ag: https://treaties.un.org/doc/Treaties/2013/10/20131010%2011-16%20AM/CTC-XXVII-17.pdf
(18)

   Cinneadh ón gComhairle (AE) 2017/939 an 11 Bealtaine 2017 maidir le Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair a thabhairt i gcrích (IO L 142, 2.6.2017, lch. 4).

(19)    Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le mearcair, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008 (IO L 137, 24.05.2017, lch. 1).
(20)    Cinneadh MC-3/1 Iarscríbhinní A agus B a athbhreithniú, UNEP/MC/COP3/Dec. 1, a bhfuil fáil uirthi ag: http://www.mercuryconvention.org/Meetings/COP3/Decisions/tabid/8654/language/en-US/Default.aspx £
Top