Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020XG1110(01)

Conclúidí ón gComhairle maidir leis an mbeartas maoine intleachtúla agus an t-athbhreithniú ar an gcóras dearaí tionsclaíocha san Aontas 2020/C 379 I/01

IO C 379I, 10.11.2020, pp. 1–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

10.11.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CI 379/1


Conclúidí ón gComhairle maidir leis an mbeartas maoine intleachtúla agus an t-athbhreithniú ar an gcóras dearaí tionsclaíocha san Aontas

(2020/C 379 I/01)

MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH:

1.

AG MEABHRÚ DI

na Conclúidí ó Chomhairle Eorpach mhí an Mhárta 2019 (1), inar iarradh ar an gCoimisiún fís fhadtéarmach a thíolacadh do thodhchaí thionsclaíochta an Aontais;

na Conclúidí ón gComhairle “Straitéis Beartais Tionsclaíochta an Aontais Eorpaigh: Fís do 2030” mhí na Bealtaine 2019 (2), a aithníonn gur den ríthábhacht é córas dea‐fheidhmiúil, éifeachtach maidir le cearta maoine intleachtúla go leanfaí den fhorbairt agus den fhás agus ag meabhrú di a ríthábhachtaí atá sé go leanfaí de chreataí Eorpacha maidir le maoin intleachtúil a fhorbairt, a fheabhsú agus a nuashonrú, chun a áirithiú gur féidir smaointí agus aireagáin a fhorbairt ar bhealach éifeachtach agus a thabhairt chun an mhargaidh, go háirithe do FBManna agus acusan, chun leas gheilleagar na hEorpa agus na sochaí i gcoitinne;

teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020“Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip” ina bhfógraítear plean gníomhaíochta maidir le maoin intleachtúil chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá ann an creat dlíthiúil a uasghrádú, chun úsáid chliste as maoin intleachtúil a áirithiú, agus gadaíocht maoine intleachtúla a chomhrac níos fearr, mar tá beartais chliste maoine intleachtúla riachtanach chun cuidiú le fás cuideachtaí, cruthú post agus leis an méid a fhágann gurb uathúil agus iomaíoch iad a chosaint agus a fhorbairt;

teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020“Straitéis FBM le haghaidh Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach” ina bhfógraítear go moltar sa phlean gníomhaíochta um maoin intleachtúil atá le teacht bearta chun an córas maoine intleachtúla a dhéanamh níos éifeachtaí do FBManna, trí ghníomhaíochtaí chun nósanna imeachta clárúcháin maoine intleachtúla a shimpliú (e.g. reachtaíocht an Aontais maidir le dearaí tionsclaíocha a athchóiriú), chun rochtain ar chomhairle straitéiseach maidir le maoin intleachtúil a fheabhsú (e.g. trí chomhairle den sórt sin a chur ar fáil i maoiniú uile taighde T & F ar leibhéal an Aontais), agus chun úsáid maoine intleachtúla mar chrann taca a éascú chun rochtain a fháil ar mhaoiniú;

Córas cosanta maoine intleachtúla atá éifeachtach agus cothrom

2.

IS DÍOL SÁSAIMH DI an comhairliúchán a rinneadh le déanaí maidir le treochlár do phlean gníomhaíochta um maoin intleachtúil agus AG TABHAIRT DÁ hAIRE torthaí an chomhairliúcháin sin;

3.

AG AITHINT DI gur tábhachtaí fós nuálaíocht agus cruthaitheacht na hEorpa a chur chun cinn i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus gur príomhuirlis é chun geilleagar an Aontais a atógáil agus chun cur le geilleagar níos inbhuanaithe sa ré dhigiteach;

4.

MEASANN SÍ go bhfuil cur chun cinn nuálaíocht agus cruthaitheacht na hEorpa– agus go háirithe glacadh le haschur taighde sa mhargadh– de bharr phaindéim COVID-19 tar éis éirí níos tábhachtaí fós, agus, sa chomhthéacs sin, go mbeidh ról tábhachtach ag cearta maoine intleachtúla agus torthaí T & F a aistriú isteach sa gheilleagar sa phróiseas atógála agus maidir le feabhas a chur ar athléimneacht ghnólachtaí an Aontais; dá bhrí sin, TUGANN SÍ DÁ hAIRE agus is díol spéise di, Teachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2020 maidir le Limistéar Eorpach Taighde nua don Taighde agus Nuálaíocht (3);

5.

Aithníonn sí na dúshláin agus na deiseanna a eascraíonn as teacht chun tosaigh an gheilleagair dholáimhsithe agus na dteicneolaíochtaí nua; CUIREANN SÍ I dTREIS a thábhachtaí atá sé córas láidir, éifeachtach, trédhearcach agus cothrom maoine intleachtúla agus rún trádála a bheith ann agus an gá le straitéis chomhleanúnach fhoriomlán a bheith ann chun a áirithiú go gcosnófar– agus go mbeidh rochtain chothrom– ar an nuálaíocht chun a áirithiú gur féidir le gach cuideachta atá bunaithe san Aontas, lena n‐áirítear cuideachtaí beaga agus meánmhéide, tairbhe éifeachtach a bhaint as a maoin intleachtúil agus úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nua amhail intleacht shaorga, priontáil 3T agus blocshlabhra; AITHNÍONN SÍ a thábhachtaí atá paitinní “glasa” chun teicneolaíochtaí éicea-inbhuanaithe a fhorbairt a thuilleadh;

6.

IARRANN SÍ ar na Ballstáit páirt a ghlacadh sna hiarrachtaí chun feidhmíocht nuálach na hEorpa a neartú agus chun a áirithiú go mbainfidh an Eoraip an leas is fearr as a cumas nuálach cruthaitheach agus as a taighde sármhaith;

7.

MOLANN SÍ don Choimisiún an plean gníomhaíochta um maoine intleachtúla a thíolacadh, le tionscnaimh chun cosaint maoine intleachtúla a dhéanamh níos éifeachtaí, lena n‐áirítear i ndáil leis an gcóras um dheimhniú forlíontach cosanta, agus níos inacmhainne, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide de chuid an Aontais, agus comhroinnt éifeachtach maoine intleachtúla a chur chun cinn, go háirithe sócmhainní criticiúla amhail bunphaitinní caighdeáin/paitinní caighdeánacha bunriachtanacha, agus ag an am céanna cúiteamh leordhóthanach agus cothrom á áirithiú;

Biteicneolaíocht

8.

AG MEABHRÚ DI conclúidí an 20 Feabhra 2017 uaithi maidir le hinphaitinnteacht plandaí (4) agus go háirithe a hiarraidh ar na Ballstáit, ina gcáil mar chomhaltaí d’Eagraíocht Eorpach na bPaitinní, a mholadh go ndéanfaí cleachtas na hEagraíochta a ailíniú leis na conclúidí sin ón gComhairle; IS DÍOL SÁSAIMH DI tuairim G 3/19 Mhórbhord Achomhairc Oifig Eorpach na bPaitinní a eisíodh an 14 Bealtaine 2020, inar cinneadh go mbaineann neamh-inphaitinnteacht na bpróiseas atá bitheolaíoch go bunúsach le haghaidh táirgeadh plandaí nó ainmhithe, go mbaineann an neamh-inphaitinnteacht táirgí plandaí nó ainmhithe a fhaightear go heisiach trí bhíthin na bpróiseas sin;

9.

IS DÍOL SÁSAIMH DI an plé torthúil idir an Coimisiún Eorpach agus na Ballstáit maidir le Treoir 98/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hinphaitinneacht na bpróiseas atá bitheolaíoch go bunúsach le táirgeadh plandaí agus ainmhithe agus na dtáirgí a fuarthas trí phróisis den sórt sin, agus é mar rún tuiscint níos doimhne a bhaint amach ar an Treoir agus ar na forálacha comhfhreagracha den Choinbhinsiún um an bPaitinn Eorpach;

Tásca geografacha

10.

IS DÍOL SÁSAIMH DI teacht i bhfeidhm Acht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha an 26 Feabhra 2020; AG AITHINT DI gur gá córais chosanta tásca geografacha san Aontas a neartú; AG TABHAIRT DÁ hAIRE rún ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Deireadh Fómhair 2015 (5); TÁ SÍ AG BREITHNIÚ ar chóras le haghaidh cosaint sui generis do tháirgí neamhthalmhaíochta ar bhonn measúnú tionchair críochnúil ar na costais agus na sochair a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis;

Maoin Intleachtúil a fhorfheidhmiú

11.

AG MEABHRÚ DI conclúidí uaithi an 12 Márta 2018 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú (6), agus AG TABHAIRT DÁ hAIRE torthaí na tuarascála maidir le feidhmiú an Mheabhráin Tuisceana maidir le díol earraí góchumtha ar líne agus na tuarascála maidir le feidhmiú an Mheabhráin Tuisceana maidir le fógraíocht ar líne agus cearta maoine intleachtúla, a eisíodh an 14 Lúnasa 2020;

12.

TUGANN SÍ DÁ hAIRE AGUS IS ÁBHAR IMNÍ DI in ainneoin an chomhair dheonaigh idir na geallsealbhóirí, e.g. i gcomhthéacs an Mheabhráin Tuisceana maidir le díol earraí góchumtha ar an idirlíon, líon ard doghlactha earraí góchumtha, lena n‐áirítear na hearraí sin a chuireann sláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí i mbaol, fós ar fáil i margaí ar líne, rud a léiríonn an gá le comhar feabhsaithe chun góchumadh a chomhrac in Aontas digiteach;

13.

MOLANN SÍ don Choimisiún an méid a leanas a dhéanamh:

sonraí ar leibhéil an ghóchumtha agus na píoráideachta a sholáthar de réir tíre, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis an bhFaireachlann Eorpach um sháruithe ar Chearta Maoine Intleachtúla, agus cur dá réir sin le héifeachtacht tionscnamh chun góchumadh agus píoráideacht a chomhrac, lena n‐áirítear MTanna,

prionsabail a bhunú chun an comhar trípháirteach idir úinéirí cearta, idirghabhálaithe agus údaráis forfheidhmithe dlí a fheabhsú a thuilleadh chun straitéisí éifeachtacha frith‐ghóchumtha a fhorbairt, agus

bearta a mholadh lena gceanglaítear ar ardáin ar líne agus ar sholáthraithe óstála eile bearta comhréireacha a dhéanamh maidir le hearraí góchumadh, i gcomhréir leis na Conclúidí ón gComhairle maidir le todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú (7);

Dearaí

14.

IS DÍOL SÁSAIMH DI an mheastóireacht, a seoladh in 2014, ar reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint dearaí;

15.

AG MEABHRÚ DI torthaí an dá staidéar a rinneadh faoi chuimsiú na meastóireachta sin –, dar teidil, eadhon, Economic Review of Industrial Design in Europe (An tAthbhreithniú Eacnamaíoch ar an Dearadh Tionsclaíoch san Eoraip) an 2015 agus Legal Review of Industrial Design Protection in the EU (Athbhreithniú dlíthiúil ar Chosaint Dearaí Tionsclaíocha san Aontas) an 2016;

16.

AG TABHAIRT DÁ hAIRE torthaí an staidéir dar teideal The Intellectual Property Implications of the Development of Industrial 3D Printing ar (Na himpleachtaí maidir le Maoin Intleachtúil d’Fhorbairt Phriontála 3T Thionsclaíoch) an 12 Feabhra 2020;

17.

IS DÍOL SÁSAIMH DI an comhairliúchán poiblí maidir leis an treochlár chun meastóireacht a dhéanamh ar reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint dearaí an 3 Iúil 2018 agus an comhairliúchán poiblí maidir leis an meastóireacht ar reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint dearaí, a rinneadh ó mhí na Nollag 2018 go mí Aibreáin 2019, agus AG TABHAIRT DÁ hAIRE torthaí na gcomhairliúchán sin agus toradh an cheistneora d’Oifigí Maoine Intleachtúla, a cuireadh faoi bhráid Ghrúpa Saineolaithe an Choimisiúin maidir le Beartas Maoine Tionsclaíche an 9 Nollaig 2019;

18.

AG TABHAIRT DÁ hAIRE torthaí na meastóireachta a rinneadh ar reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint dearaí;

19.

AG ADMHÁIL DI gurb amhlaidh go bhfuil a bhformhór d’úsáideoirí chóras cosanta dearaí an Chomhphobail dearfach i dtaobh an chórais, agus i dtaobh phrionsabal na cómhaireachtála i ndáil le cosaint dearaí réigiúnach, náisiúnta agus an Chomhphobail, dhírigh beagnach leath na bhfreagróirí sa chomhairliúchán poiblí ar iarmhairtí neamhbheartaithe nó easnaimh i reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint dearaí, agus tuigtear dóibh go gcaithfear é a uasghrádú agus a mhionchoigeartú trína athbhreithniú amach anseo, ag cur san áireamh go gcaithfidh gaol cothrom a bheith ann idir córais cosanta dearaí réigiúnacha, náisiúnta agus an Chomhphobail;

20.

AG AITIHINT DI go bhfreagraíonn cosaint dearaí náisiúnta agus réigiúnach do riachtanais líon mór iarratasóirí go fóill agus, dá bhrí sin, go bhfuil cosaint dearaí náisiúnta agus réigiúnach fós mar rogha ag na hiarratasóirí sin;

21.

IARRANN SÍ ar an gCoimisiún tograí a thíolacadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle an 12 Nollaig 2001 maidir le dearaí Comhphobail agus ar Threoir 98/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 1998 maidir le cosaint dhlíthiúil dearaí lena ndéantar comhfhogasú ar dhlíthe na mBallstát a bhaineann le dearaí tionsclaíocha a mbeidh mionmheasúnú tionchair cuimsitheach ag gabháil leo, chun córais cosanta dearaí an Aontais a nuachóiriú agus chun cosaint dearaí a dhéanamh níos tarraingtí do dhearthóirí agus do ghnólachtaí aonair, go háirithe do FBManna.

LEIS AN ATHBHREITHNIÚ SIN, BA CHEART AGHAIDH A THABHAIRT AR NA NITHE SEO A LEANAS AGUS IAD A MHEAS:

leasuithe agus bearta eile arb é is aidhm dóibh tacú leis an ngaol comhlántach idir na córais cosanta dearaí réigiúnacha, náisiúnta agus an Chomhphobail, agus an gaol sin a threisiú,

feabhsuithe ar inrochtaineacht ar an gcóras dearaí tríd an ábhar agus na ceanglais maidir le cosaint a shoiléiriú agus a fhorbairt, deimhneacht dhlíthiúil níos fearr agus comhthuiscint ar shainmhíniú an táirge agus a eilimintí a áirithiú, agus coincheap an táirge mar atá a leathnú ionas go mbeifear in ann dearaí nua atá ag teacht chun cinn a chosaint,

na deiseanna agus na himpleachtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí nua lena soláthraítear slite nua chun dearaí a ghiniúint, a úsáid agus a roinnt, amhail priontáil thionsclaíoch 3T, agus an gá a d’fhéadfadh a bheith ann an creat i ndáil le teicneolaíochtaí nua a choigeartú ,

breis iarrachtaí a dhéanamh chun réimsí dibhéirseachta laistigh den chóras cosanta dearaí san Aontas a laghdú, mar shampla tríd an gceart chun réamhúsáid a aontú agus trí ábharthacht an táisc táirge maidir le raon feidhme na cosanta dearaí a shoiléiriú, lena n‐áirítear trí chleachtais a chóineasú a thuilleadh, mar a chuireann Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) chun cinn ,

oiriúnú don cheanglas maidir le léiriú ar dhearaí chun rochtain ar chosaint dearaí a éascú agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do na hiarratasóirí, agus é mar chuspóir go seasfaidh siad an aimsir maidir le dul chun cinn teicniúil atá ag teacht chun cinn, amhail forbairt uirlisí speisialta chun cuardach a dhéanamh ar íomhá féachaint an raibh a mhacasamhail ann cheana féin,

cosaint dearaí a threisiú agus góchumadh a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí trí chead a thabhairt do shealbhóirí cirt cosc a chur ar thríú páirtithe idirthuras earraí de dhearadh sáraitheach a dhéanamh trí chríoch an Aontais i gcás earraí nach mbeartaítear iad a chur ar mhargadh an Aontais,

na roghanna agus na féidearthachtaí chun na rialacha maidir le hinchosantacht comhpháirteanna de tháirgí casta a úsáidtear le haghaidh deisiúcháin a chomhchuibhiú, lena n‐áirítear an fhéidearthacht rialacha náisiúnta a ailíniú le córas dearaí an Chomhphobail, rud a chuideodh leis an margadh aonair i ndáil le páirteanna spártha don deisiú a chur i gcrích san Aontas, agus

bearta chun Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle agus Treoir 98/71/CE a dhéanamh comhleanúnach, a mhéid is iomchuí, leis an athchóiriú a rinneadh in 2017 ar reachtaíocht an Aontais maidir le trádmharcanna, go háirithe chun nósanna imeachta arna mbainistiú ag EUIPO a shimpliú agus a chuíchóiriú, agus, ar an gcaoi sin, intuarthacht a mhéadú agus ualaí ar a phobal úsáideoirí a laghdú, agus ardcháilíocht oibre agus cinntí EUIPO á gcothabháil ag an am céanna.


(1)  EUCO 1/19.

(2)  9706/19.

(3)  11400/20.

(4)  5808/17.

(5)  2015/2053/(INI).

(6)  6681/18.

(7)  8711/20.


Top