Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020XC0602(03)

Faisnéis ón gCoimisiún maidir le neamhfheidhmiú forálacha áirithe de Rialachán (AE) 2020/698 ag an Ísiltír Ráig COVID-19 (Rialachán (AE) 2020/698 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise ráig COVID-19 i dtaca le hathnuachan nó síneadh ama deimhnithe, ceadúnas agus údaruithe áirithe agus cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe mar aon le hoiliúint thréimhsiúil i réimsí áirithe den reachtaíocht maidir le hiompar (IO L 165, 27.5.2020, lch. 10)) 2020/C 182 I/02

IO C 182I, 2.6.2020, p. 2–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

2.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CI 182/2


Faisnéis ón gCoimisiún maidir le neamhfheidhmiú forálacha áirithe de Rialachán (AE) 2020/698 ag an Ísiltír

Ráig COVID-19

(Rialachán (AE) 2020/698 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise ráig COVID-19 i dtaca le hathnuachan nó síneadh ama deimhnithe, ceadúnas agus údaruithe áirithe agus cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe mar aon le hoiliúint thréimhsiúil i réimsí áirithe den reachtaíocht maidir le hiompar (IO L 165, 27.5.2020, lch. 10))

(2020/C 182 I/02)

Fógra: ón Ísiltír

I gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Rialachán (AE) 2020/698 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chuir an Ísiltír an Coimisiún ar an eolas an 28 Bealtaine 2020 maidir lena cinneadh gan fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) 2020/698 a chur i bhfeidhm.

Forálacha de Rialachán (AE) 2020/698 ar chinn an Ísiltír gan iad a chur i bhfeidhm:

Airteagal 5(1) maidir le teorainneacha ama i leith na dtástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta ar mhótarfheithiclí agus ar leantóirí mótarfheithiclí faoi Threoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1);

Airteagal 5(2) maidir le bailíocht deimhnithe ródacmhainneachta faoi Threoir 2014/45/AE;


(1)  Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tástálacha tréimhsiúla ródachmhainneachta ar mhótarfheithiclí agus ar leantóirí mótarfheithiclí agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/40/CE (IO L 127, 29.4.2014, lch. 51).


Top