Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020SC0344

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann ar fud an Aontais, lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148

SWD/2020/344 final

An Bhruiséil,16.12.2020

SWD(2020) 344 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann ar fud an Aontais, lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148

{COM(2020) 823 final} - {SEC(2020) 430 final} - {SWD(2020) 345 final}


Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair ar an Athbhreithniú ar Threoir (AE) 2016/1148 an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal slándála coiteann do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais (dá ngairtear ‘Treoir NIS’ anseo feasta)

A. An gá atá le beart

Cén fhadhb atá ann agus cén fáth ar fadhb í ar leibhéal an Aontais?

D’ainneoin éachtaí suntasacha Threoir NIS, rud a réitigh an bealach chun athrú meoin mór a dhéanamh, is léir anois go bhfuil teorainneacha leis an gcur chuige institiúide agus rialála i leith na cibearshlándála i mórán Ballstát. Le claochlú digiteach na sochaí (rud a treisíodh le géarchéim COVID‑19), leathnaíodh an timpeallacht bhagartha agus tá dúshláin nua, ar gá freagairtí oiriúnaithe agus nuálacha a thabhairt orthu, ag teacht chun cinn dá dheasca sin. Tá méadú leanúnach ag teacht ar líon na gcibirionsaithe agus tá ionsaithe, atá ag éirí níos sofaisticiúla de réir a chéile, ag teacht ó réimse leathan foinsí laistigh agus lasmuigh den Aontas araon.

Bunaithe ar an meastóireacht ar fheidhmiú Threoir NIS, sainaithníodh na fadhbanna seo a leanas leis an Measúnú Tionchair: leibhéal íseal chibear‑athléimneacht na ngnólachtaí a oibríonn san Aontas; an athléimneacht neamhréireach ar fud na mBallstát agus earnálacha agus leibhéal íseal na feasachta staide comhpháirtí agus an easpa freagairt chomhpháirteach ar ghéarchéimeanna. Mar shampla, de dheasca roinnt de na fadhbanna agus de na spreagaithe sin, is ann do chásanna nach dtagann príomhospidéil i mBallstát faoi raon feidhme Threoir NIS agus dá bhrí sin ní cheanglaítear orthu na bearta slándála a thagann aisti a chur chun feidhme, cé go gcumhdaítear nach mór gach aon ospidéal sa tír i mBallstát eile le ceanglais slándála NIS.

Cad é ba cheart a bhaint amach?

Tá trí chuspóir ghinearálta beartaithe leis an athbhreithniú ar NIS:

1.Leibhéal cibear‑athléimneachta tacair chuimsithigh gnólachtaí a oibríonn san Aontas Eorpach a mhéadú ar fud na n‑earnálacha ábhartha uile trí rialacha a chur i bhfeidhm lena n‑áirithítear go gceanglófar ar na heintitis phoiblí agus phríobháideacha uile ar fud an mhargaidh inmheánaigh, a chomhlíonann feidhmeanna tábhachtacha don gheilleagar agus don tsochaí ina n‑iomláine, bearta cibearshlándála leordhóthanacha a dhéanamh.

2.Neamhréireachtaí san athléimneacht ar fud an mhargaidh inmheánaigh a laghdú sna hearnálacha a chumhdaítear cheana leis an Treoir trí ailíniú breise a dhéanamh (1) ar an raon feidhme de facto, (2) ar na ceanglais slándála agus tuairiscithe teagmhas, (3) ar na forálacha lena rialaítear maoirseacht agus forfheidhmiú náisiúnta agus (4) ar chumais na n‑údarás inniúil sna Ballstáit.

3.Feabhas a chur ar leibhéal na feasachta staide comhpháirtí agus an chumais chomhchoitinn chun ullmhú agus freagairt a thabhairt trí bhearta a dhéanamh chun an leibhéal iontaoibhe a ardú idir na húdaráis inniúla, breis faisnéise a chomhroinnt agus rialacha agus nósanna imeachta a leagan síos i gcás teagmhas nó géarchéim ar scála mór.

Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (coimhdeacht)? 

Ní féidir leis an athléimneacht cibearshlándála ar fud an Aontais a bheith éifeachtach má théitear ina bun ar bhealach neamhionann trí shadhlanna náisiúnta nó réigiúnacha. Le Treoir NIS chuathas i ngleic leis an easnamh sin trí chreat a leagan síos le haghaidh slándáil líonraí agus córas faisnéise ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Mar sin féin, lena trasuí agus lena cur chun feidhme, tugadh lochtanna bunúsacha chun solais freisin ó thaobh forálacha nó cuir chuige áirithe, amhail teorannú doiléir raon feidhme Threoir NIS. Thairis sin, amhail ó ghéarchéim COVID‑19, tá an geilleagar Eorpach níos spleáiche ná mar a bhí riamh ar líonraí agus ar chórais faisnéise agus tá earnálacha agus seirbhísí idirnasctha níos mó anois ná riamh. Dá bhrí sin, leis an gcéad athbhreithniú tréimhsiúil ar Threoir NIS cruthaíodh an deis le haghaidh tuilleadh gníomhaíochta ón Aontas. Tugtar údar leis an idirghabháil ón Aontas a théann thar bhearta reatha Threoir NIS go príomha tríd an méid seo a leanas: (i) cineál trasteorann na faidhbe; (ii) poitéinseal ghníomhaíocht an Aontais feabhas a chur ar bheartais éifeachtacha náisiúnta agus iad a éascú; (iii) rannchuidiú gníomhaíochtaí beartais comhbheartaithe agus comhoibríocha NIS le cosaint éifeachtach cosanta sonraí agus an phríobháideachais.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna éagsúla lenar féidir na cuspóirí a ghnóthú? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Mura bhfuil, cén fáth nach bhfuil?

Rinneadh anailís ar cheithre rogha beartais leis an Measúnú Tionchair: (0) an status quo a choinneáil ar bun; (1) bearta neamhreachtacha chun an trasuí a ailíniú; (2) athruithe ar Threoir NIS a theorannú le haghaidh tuilleadh comhchuibhiúcháin; (3) athruithe sistéamacha agus struchtúrtha ar Threoir NIS; Fuarthas réidh le Rogha 1 ag céim luath ós rud é nach n‑imítear go mór ón status quo léi. Is é conclúid an Mheasúnaithe Tionchair gurb í rogha 3 an rogha thosaíochta (i.e. athruithe sistéamacha agus struchtúrtha ar chreat NIS), ós rud é ndéanfaí foráil inti maidir le hathrú cur chuige ní ba bhunúsaí i dtreo cuid níos leithne de na geilleagair ar fud an Aontais a chumhdach, ach agus béim níos mó ar mhaoirseacht spriocdhírithe ar chuideachtaí móra agus ar phríomhchuideachtaí, agus raon feidhme an chur i bhfeidhm á chinneadh go soiléir. Leis sin dhéanfaí cuíchóiriú agus comhchuibhiú breise ar na hoibleagáidí slándála ar chuideachtaí freisin, chruthófaí suíomh níos éifeachtaí le haghaidh gnéithe oibríochtúla, agus bhunófaí bunús soiléir le haghaidh freagrachtaí comhroinnte agus cuntasacht gníomhartha ábhartha agus dhreasófaí comhroinnt faisnéise.

Céard iad tuairimí na bpáirtithe leasmhara éagsúla? Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo

Léirigh formhór na n‑údarás inniúil agus na ngnólachtaí go raibh siad i bhfabhar athbhreithniú ar Threoir NIS. Le linn roinnt comhairliúchán, léirigh siad gur cheart (fo)earnálacha breise a chumhdach le hathbhreithniú ar Threoir NIS, bearta slándála agus oibleagáidí tuairisciúcháin a ailíniú nó a chuíchóiriú tuilleadh. Ina theannta sin, léirigh na páirtithe leasmhara go raibh siad i bhfabhar coincheapa nua nó bearta beartais nach bhfuil ach ina gcuid den rogha thosaíochta (e.g. beartais slándála an tslabhra soláthair, institiúidiú ar chreat bainistíochta géarchéime oibríochtúil de chuid an Aontais).

C. Tionchar na rogha tosaíochta

Cé na tairbhí a bhaineann leis an rogha thosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad tairbhí na bpríomhroghanna)?

Bheadh tairbhí móra ag baint leis an rogha thosaíochta: léirítear i meastacháin bunaithe ar shamhaltú eacnamaíoch arna fhorbairt ag staidéar tacaíochta le haghaidh an athbhreithnithe ar NIS go bhféadfaidh laghdú EUR 11.3 billiún teacht ar chostas na dteagmhas cibearshlándála de bharr na rogha tosaíochta.

Mhéadófaí an raon feidhme earnála go mór faoi chreat NIS, ach taobh leis na tairbhí thuas, bheadh an t‑ualach a d’fhéadfadh a bheith ann de dheasca cheanglais NIS, go háirithe ó thaobh na maoirseachta de, comhardaithe freisin le haghaidh na n‑eintiteas nua atá le cumhdach agus na n‑údarás inniúil. Is é is cúis leis sin go mbunófaí cur chuige dhá shraith le creat NIS nua, agus béim ar eintitis mhóra agus ar phríomheintitis agus difreáil ar an gcóras maoirseachta lena gceadaítear maoirseacht ex post (i.e. atá frithghníomhach agus gan oibleagáidí ghinearálta chun an chomhlíontacht a dhoiciméadú go córasach) a dhéanamh, agus í sin amháin, ar líon mór díobh, go háirithe iad sin a mheastar a bheith ‘tábhachtach’ ach gan bheith ‘fíor‑riachtanach’.

Ar an bhforiomlán thiocfadh comhbhabhtálacha agus sineirgí éifeachtúla as an rogha beartais thosaíochta, agus an poitéinseal is fearr as na roghanna beartais uile a ndearnadh anailís orthu aici chun leibhéal méadaithe agus comhsheasmhach cibear‑athléimneachta príomheintiteas ar fud an Aontais a áirithiú, as a dtiocfadh coigilteas costais le haghaidh gnólachtaí agus na sochaí araon.

Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? 

Thiocfadh costais chomhlíontachta agus forfheidhmiúcháin áirithe as an rogha beartais thosaíochta freisin ar na húdaráis ábhartha de chuid na mBallstát (measadh méadú foriomlán 20‑30 % ar acmhainní). Mar sin féin, thiocfadh tairbhí substaintiúla as an gcreat nua freisin trí fhorbhreathnú níos fearr ar phríomhghnólachtaí chomh maith le hidirghníomhaíocht níos fearr leosan, comhar trasteorann oibríochtúil feabhsaithe, chomh maith le cúnamh frithpháirteach agus sásraí athbhreithnithe piaraí. Thiocfadh méadú foriomlán ar chumais chibearshlándála ar fud na mBallstát as sin.

Maidir leis na cuideachtaí a thiocfadh faoi raon feidhme chreat NIS, meastar go mbeadh méadú 22 % ar a mhéad ar a gcaiteachas slándála TFC reatha ag teastáil uathu le haghaidh na chéad bhlianta tar éis creat NIS nua a thabhairt isteach (b’ionann sin agus 12 % le haghaidh na gcuideachtaí atá faoi raon feidhme Threoir NIS reatha cheana). Mar sin féin, leis an meánmhéadú sin ar chaiteachas slándála TFC, thiocfadh tairbhe chomhréireach as na hinfheistíochtaí sin, go háirithe mar gheall ar laghdú mór sa chostas a bhaineann le teagmhais chibearshlándála (a mheastar a bheith comhionann le EUR 11.3 billiún thar 10 mbliana).

Cén tionchar a imreofar ar FBManna agus ar an iomaíochas?

Bheadh gnólachtaí beaga agus micreaghnólachtaí díolmhaithe ó raon feidhme chreat NIS faoin rogha thosaíochta. Maidir le fiontar mheánmhéide, is féidir a mheas go dtiocfadh méadú ar leibhéal an chaiteachais ar shlándáil TFC sna chéad bhlianta tar éis creat NIS nua a thabhairt isteach. San am céanna, trí leibhéal na gceanglas slándála a ardú le haghaidh na n‑eintiteas sin spreagfaí a gcumais chibearshlándála freisin agus chuideofaí le feabhas a chur ar a mbainistíocht riosca TFC.

An imreofar tionchair mhóra ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? 

D’imreofaí tionchar ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta bheadh coinne le méadú 20‑30 % nó mar sin ar acmhainní sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma.

An mbeidh aon tionchar mór eile ann? 

Ní mheastar go mbeidh aon tionchar mór diúltach eile ann. Meastar go dtiocfaidh cumais chibearshlándála níos stóinsithe as an rogha bheartas thosaíochta agus dá réir sin go mbeadh tionchar maolúcháin ní ba shubstaintiúla aici ar an líon teagmhas agus ar a dhéine atá siad, lena n‑áirítear sáruithe sonraí. Is dócha freisin go mbeidh tionchar dearfach aici ar chothroime iomaíochta a áirithiú ar fud na mBallstát le haghaidh na n‑eintiteas uile a chumhdaítear faoi raon feidhme NIS agus go laghdófar neamhshiméadrachtaí san fhaisnéis chibearshlándála.

Comhréireacht 

Ní théann an rogha thosaíochta thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sonracha sin a ghnóthú go sásúil. Baineann an t‑ailíniú agus an cuíchóiriú atá beartaithe ar bhearta slándála agus oibleagáidí tuairisciúcháin le hiarrataí ó na Ballstáit agus ó ghnólachtaí chun feabhas a chur ar an gcreat reatha.

D. Iarobair

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Dhéanfaí an chéad athbhreithniú 54 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na hionstraime dlí. Sholáthródh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir lena athbhreithniú. D’ullmhófaí an t‑athbhreithniú le tacaíocht ó ENISA agus ón nGrúpa Comhair.

Top