AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,15.12.2020
COM(2020) 842 final
2020/0374(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach (an Ionstraim um Margaí Digiteacha)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SEC(2020) 437 final} - {SWD(2020) 363 final} - {SWD(2020) 364 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Sholáthair seirbhísí digiteacha tairbhí tábhachtacha nuálacha d’úsáideoirí agus rannchuidigh siad leis an margadh inmheánach trí dheiseanna nua gnó a chruthú agus trí thrádáil trasteorann a éascú. Sa lá atá inniu ann, cumhdaíonn na seirbhísí digiteacha sin raon leathan gníomhaíochtaí laethúla, lena n‑áirítear seirbhísí idirghabhála ar líne, amhail margaí ar líne, seirbhísí líonraithe shóisialta ar líne, innill chuardaigh ar líne, córais oibriúcháin nó siopaí feidhmchlár bogearraí. Méadaíonn siad an rogha atá ar fáil don tomhaltóir, cuireann siad feabhas ar éifeachtúlacht agus iomaíochas an tionscail agus is féidir leo cur le rannpháirtíocht shibhialta sa tsochaí. D’ainneoin sin, cé go bhfuil breis agus 10 000 ardán ar líne ag feidhmiú i margadh digiteach na hEorpa, ar FBManna a bhformhór, gabhann líon beag d’ardáin mhóra ar líne an sciar is mó den luach foriomlán a ghintear.
Tá ardáin mhóra tagtha chun cinn agus buntáiste á bhaint acu as saintréithe na hearnála amhail éifeachtaí láidre líonra, ar minic iad leabaithe in éiceachórais ardáin dá gcuid féin, agus is ionann na hardáin sin agus príomhghnéithe struchtúraithe gheilleagar digiteach an lae inniu, agus iad ag déanamh idirghabhála i bhformhór na n‑idirbheart idir úsáideoirí deiridh agus úsáideoirí gnó. Tá mórán de na gnóthais sin ag déanamh rianú agus próifíliú cuimsitheach ar úsáideoirí deiridh freisin. De réir a chéile, tá roinnt ardáin mhóra ag feidhmiú mar thairseacha nó mar gheatóirí idir úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh agus leas á bhaint acu as áit dhaingean bhuanseasmhach, agus is minic iad sa suíomh sin mar thoradh ar éiceachórais ilchuideachta a chruthú thart timpeall ar a gcroísheirbhísí ardáin, rud a dhaingníonn na bacainní iontrála atá ann faoi láthair.
Mar sin, tá an‑tionchar ag na geatóirí sin ar mhargaí digiteacha, tá rialú substaintiúil acu ar rochtain ar na margaí sin agus tá siad daingnithe iontu, rud a fhágann go bhfuil mórán úsáideoirí gnó an‑spleách ar na geatóirí sin agus as a dtagann, i gcásanna áirithe, iompraíocht éagórach i leith na n‑úsáideoirí gnó sin. Rud eile a thagann as sin is ea éifeachtaí diúltacha ar iniomaíocht na gcroísheirbhísí ardáin lena mbaineann. Ní fhéadann tionscnaimh rialála de chuid na mBallstát aghaidh a thabhairt go hiomlán ar na héifeachtaí sin; gan gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, d’fhéadfadh sé gurb é ilroinnt an Mhargaidh Aonair a bheadh mar thoradh orthu.
Bíonn cleachtais éagóracha agus easpa iniomaíochta mar chúis le torthaí neamhéifeachtúla san earnáil dhigiteach i dtaca le praghsanna níos airde, caighdeán níos ísle, chomh maith le níos lú rogha agus nuálaíochta agus is iad tomhaltóirí na hEorpa a bhíonn thíos leis. Tá sé thar a bheith tábhachtach aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin i bhfianaise mhéid an gheilleagair dhigitigh (a measadh é a bheith idir 4,5 % agus 15,5 % d’olltáirgeacht intíre an domhain in 2019 agus an treocht sin ag fás) agus an ról tábhachtach atá ag ardáin ar líne i margaí digiteacha chomh maith leis na himpleachtaí sochaíocha agus eacnamaíochta a bhaineann leis sin.
Cé go bhfuil cuid de na feiniméin a bhaineann go sonrach leis an earnáil dhigiteach agus le croísheirbhísí ardáin le feiceáil freisin a bheag nó a mhór in earnálacha agus i margaí eile, tá raon feidhme an togra teoranta don earnáil dhigiteach mar gur ansin atá na fadhbanna is práinní ó thaobh an mhargaidh inmheánaigh de.
Tá iniomaíocht lag agus cleachtais éagóracha san earnáil dhigiteach níos coitianta agus níos soiléire i seirbhísí digiteacha áirithe ná i gcinn eile. Is mar sin atá go háirithe i gcás seirbhísí digiteacha agus bonneagar digiteach a úsáidtear go forleathan agus go coitianta agus a dhéanann an idirghabháil is dírí idir úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh. De réir an eispéiris forfheidhmithe faoi rialacha iomaíochta an Aontais Eorpaigh agus de réir mórán saintuarascálacha agus sainstaidéar agus thorthaí an Chomhairliúcháin Phoiblí Oscailte, is ann do roinnt seirbhísí digiteacha a bhfuil na gnéithe seo a leanas ag baint leo: (i) seirbhísí iltaobhacha ardáin atá an‑chomhchruinnithe, áit a socraíonn ardán digiteach mór amháin nó líon an‑bheag acu na coinníollacha tráchtála de ghnáth, agus cuid mhór neamhspleáchais acu chun é sin a dhéanamh; (ii) gníomhaíonn roinnt ardán digiteach mór mar thairseacha d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar a gcuid custaiméirí agus vice versa; agus (iii) is minic a bhaintear mí‑úsáid as an gcumhacht geatóra atá ag na hardáin dhigiteacha mhóra sin trí iompraíocht éagórach i leith úsáideoirí agus custaiméirí gnó atá spleách go heacnamaíoch. Dá bhrí sin, tá tuilleadh teorainneacha leis an togra agus é dírithe ar líon de ‘chroísheirbhísí ardáin’, áit is soiléire agus is feiceálaí a bhfuil na fadhbanna sainaitheanta agus gurbh é iniomaíocht lag na seirbhísí sin agus na margaí ina ndéanann siad idirghabháil an toradh a bhí nó is dócha a bheidh ar líon teoranta d’ardáin mhóra a bheith i láthair ar líne, ar ardáin iad a fheidhmíonn mar thairseacha d’úsáideoirí gnó agus d’úsáideoirí deiridh. I measc na gcroísheirbhísí ardáin sin tá: (i) seirbhísí idirghabhála ar líne (lena n‑áirítear, mar shampla, áiteanna margaidh ar líne, siopaí aipeanna agus seirbhísí idirghabhála ar líne in earnálacha eile amhail luaineacht, iompar agus fuinneamh) (ii) innill chuardaigh ar líne, (iii) líonrú sóisialta (iv) seirbhísí ardáin um chomhroinnt físeán, (v) seirbhísí cumarsáide leictreonaí idirphearsanta neamhspleách ar uimhir, (vi) córais oibriúcháin, (vii) néalseirbhísí agus (viii) seirbhísí fógraíochta, lena n‑áirítear líonraí fógraíochta, malartáin fógraíochta agus aon seirbhísí idirghabhála fógraíochta eile, áit a bhfuil na seirbhísí fógraíochta sin á nascadh le ceann amháin nó níos mó de na croísheirbhísí ardáin eile atá luaite thuas.
I gcás ina gcáilíonn seirbhís dhigiteach mar chroísheirbhís ardáin, ní gá go gciallaíonn sé sin go dtagann ceisteanna a bhaineann le hiniomaíocht agus cleachtais éagóracha chun cinn i dtaca le gach soláthraí croísheirbhísí ardáin. Ina ionad sin, is cosúil go bhfuil na hábhair imní is láidre ann i gcás ina bhfuil an chroísheirbhís ardáin á hoibriú ag geatóir. Féadfar soláthraithe croísheirbhísí ardáin a mheas a bheith ina ngeatóirí más rud é: (i) go bhfuil tionchar suntasach acu ar an margadh inmheánach, (ii) go bhfuil ceann amháin nó níos mó ná ceann amháin de thairseacha tábhachtacha do chustaiméirí á bhfeidhmiú acu agus (iii) go bhfuil tairbhe á baint acu nó go bhfuiltear ag tuar go mbeidh tairbhe á baint acu as suíomh daingean buanseasmhach ina gcuid oibríochtaí.
Féadfar stádas geatóra den chineál sin a chinneadh trí thagairt a dhéanamh do mhéadrachtaí cainníochtúla atá teoranta go soiléir agus cuí, ar féidir léi feidhmiú mar thoimhde infhrisnéise chun stádas soláthraithe ar leith mar gheatóir a chinneadh, nó bheith bunaithe ar mheasúnú cáilíochtúil cás ar chás trí imscrúdú margaidh.
Faoi láthair, ní thugtar aghaidh (nó ní thugtar aghaidh go héifeachtach), i reachtaíocht AE ná i ndlíthe náisiúnta na mBallstát, .ar na fadhbanna sainaitheanta a bhaineann le geatóirí. Cé go bhfuil tionscnaimh reachtaíochta curtha i gcrích nó á mbreithniú i roinnt de na Ballstáit, ní bheidh siad sin leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna. Cé go bhfuil tionscnaimh den chineál sin teoranta don chríoch náisiúnta, is iondúil go bhfeidhmíonn geatóirí ar bhonn trasteorann, ar scála domhanda go minic, agus is minic freisin a úsáideann siad a múnlaí gnó ar bhonn domhanda. Gan gníomh ar leibhéal AE, d'fhéadfadh sé go ndéanfaí ilroinnt rialála níos mó ar an spás ardáin mar thoradh ar reachtaíocht náisiúnta atá ann cheana féin nó atá ar feitheamh.
Dá bhrí sin, is é atá mar chuspóir ag an togra cead a thabhairt d’ardáin iomlán a gcumais a scaoileadh trí aghaidh a thabhairt ar na cásanna is suntasaí de chleachtais éagóracha agus d’iniomaíocht lag ionas go bhféadfaidh úsáideoirí deiridh agus úsáideoirí gnó na buntáistí iomlána a bhaint as geilleagar na n‑ardán agus as an ngeilleagar digiteach i gcoitinne, i dtimpeallacht atá inchoimhlinte agus cóir.
Leagadh béim ar an ngá atá ann le haghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sin sa gheilleagar digiteach sa Teachtaireacht dar teideal ‘Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú’ ón gCoimisiún, rud inar measadh: ‘bunaithe ar loighic an mhargaidh aonair, d’fhéadfadh sé go mbeadh rialacha breise ag teastáil chun iniomaíocht, cothroime agus nuálaíocht, an fhéidearthacht le haghaidh iontráil sa mhargadh agus leas an phobail a áirithiú, ar leas é a bhfuil níos mó i gceist leis ná cúrsaí iomaíochta agus eacnamaíocha’. Fógraíodh ann freisin go ndéanfadh an Coimisiún ‘tuilleadh iniúchta ar, (…), rialacha ex ante lena áirithiú go mbeidh ardáin mhóra, a bhfuil éifeachtaí sonracha líonra acu agus iad ag feidhmiú mar gheatóirí, cothrom agus inchoimhlinte i gcónaí le haghaidh nuálaithe, gnólachtaí, agus iontrálaithe nua sa mhargadh’.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Leis an togra seo, cuirtear le Rialachán P2B atá ann faoi láthair, gan teacht salach air. Tá na sainmhínithe a úsáidtear sa togra seo comhleanúnach leis an Rialachán sin, go háirithe na sainmhínithe maidir le ‘seirbhísí idirghabhála ar líne’ agus ‘innill chuardaigh ar líne’. Sa bhreis ar bhonnlíne na rialacha trédhearcachta agus cothroime is infheidhme maidir le gach ardán ar líne beag beann ar a mhéid ná ar a shuíomh, ar rialacha iad a tugadh isteach i Rialachán P2B, bunaítear leis an rialachán seo oibleagáidí atá sainithe go soiléir i dtaca le líon an‑teoranta de sholáthraithe croísheirbhísí ardáin trasteorann a fheidhmíonn mar thairseacha tábhachtacha d’úsáideoirí gnó chun go bhfaighidh siad rochtain ar úsáideoirí deiridh. Ar deireadh, agus na hoibleagáidí sin á bhforfheidhmiú aige, féadfaidh an Coimisiún buntáiste a fháil as an trédhearcacht nach mór do sheirbhísí idirghabhála ar líne agus d’innill chuardaigh a sholáthar faoi Rialachán P2B i dtaca le cleachtais a d’fhéadfadh a bheith mídhleathach faoin liosta oibleagáidí, má théann geatóirí ina mbun.
Chomh maith leis sin, tá an togra seo lán‑chomhleanúnach leis an togra le haghaidh Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha. Is tionscnamh cothrománach í an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha, ina ndírítear ar cheisteanna amhail dliteanas idirghabhálaithe ar líne i leith ábhar tríú páirtí, sábháilteacht úsáideoirí ar líne nó oibleagáidí neamhshiméadracha díchill chuí do sholáthraithe éagsúla seirbhísí sochaí faisnéise, ag brath ar chineál na rioscaí sochaíocha a bhaineann le seirbhísí den sórt sin. I gcodarsnacht leis sin, baineann an togra le haghaidh Ionstraim um Margaí Digiteacha le míchothromaíochtaí eacnamaíocha agus le cleachtais ghnó éagóracha i measc geatóirí agus na hiarmhairtí diúltacha atá acu, amhail iniomaíocht lagaithe margaí ardáin.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra comhleanúnach le straitéis dhigiteach an Choimisiúin maidir leis an rannchuidiú a dhéantar le geilleagar digiteach atá cothrom agus iomaíoch a áirithiú, rud atá ar cheann de thrí phríomhcholún an treoshuímh bheartais agus na gcuspóirí a fógraíodh sa Teachtaireacht dar teideal ‘Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú’. Beidh sé ina chreat comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sa gheilleagar digiteach nach féidir dul i ngleic leo, nó dul i ngleic go héifeachtach leo, faoi láthair.
Leis an togra, comhlánaítear na rialacha iomaíochta atá i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais Eorpaigh (agus ar an leibhéal náisiúnta) faoi láthair. Tugtar aghaidh ann ar chleachtais éagóracha i measc geatóirí, ar cleachtais iad nach dtagann faoi na rialacha iomaíochta atá i bhfeidhm san Aontas Eorpach faoi láthair nó nach féidir aghaidh a thabhairt orthu chomh héifeachtach céanna leis na rialacha sin, ó tharla go mbaineann forfheidhmiú in aghaidh trustaí le suíomh margaí sonracha, go ndéanann sé idirghabháil tar éis an iompair shriantaigh nó mhí‑úsáidigh agus go mbíonn nósanna imeachta imscrúdaithe a thógann am i gceist leis chun an sárú a shuí. Íoslaghdaítear leis an togra reatha na tionchair struchtúracha dhíobhálacha atá ag cleachtais éagóracha ex ante, gan srian a chur leis an gcumas atá ann idirghabháil ex post a dhéanamh faoi rialacha iomaíochta an Aontais Eorpaigh agus faoi rialacha iomaíochta náisiúnta.
Tá an togra ailínithe le hionstraimí eile de chuid an Aontais Eorpaigh, lena n‑áirítear le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (‘ECHR’), leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, agus le acquis an Aontais Eorpaigh maidir le dlí tomhaltóirí.
Comhlánaítear leis an togra na dlíthe maidir le cosaint sonraí. Cabhróidh oibleagáidí trédhearcachta i dtaca le próifíliú domhain ar thomhaltóirí le bonn eolais a chur faoi fhorfheidhmiú an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (‘RGCS’) agus, mar thoradh ar rogha éigeantach an diúltaithe i dtaca le comhcheangal sonraí ar fud croísheirbhísí ardáin, forlíontar an leibhéal cosanta atá ann cheana faoi RGCS. Soiléirítear sa togra gur faoi na geatóirí atá sé a áirithiú go ndéantar na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán a chomhlíonadh i gcomhréir iomlán le dlí eile de chuid an Aontais Eorpaigh, amhail cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachais nó cosaint tomhaltóirí.
Tá an togra comhleanúnach freisin leis an rialáil spriocdhírithe shaincheaptha ex ante a dhéantar ar earnálacha sonracha, lena n‑áirítear na rialacha a bhaineann le seirbhísí cumarsáide leictreonaí nó díol folamh, agus leis na tionscnaimh atá ann cheana lena spriocdhírítear ar chleachtais trádála atá díobhálach sa domhan as líne.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Cuireann na Ballstáit dlíthe náisiúnta éagsúla i bhfeidhm, nó tá siad ag smaoineamh ar dhlíthe náisiúnta éagsúla a chur i bhfeidhm, chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a thagann as an méid mór spleáchais atá ag úsáideoirí gnó ar chroísheirbhísí ardáin a sholáthraíonn geatóirí agus ar na fadhbanna iarmhartacha a thagann as a n‑iompar éagórach i leith a gcuid úsáideoirí gnó. Cruthaíonn an staid sin ilroinnt rialála a mhéid atá éagsúlacht ann sna rialacha maidir le haghaidh a thabhairt ar éagóir i gcaidrimh spleáchais le geatóirí den chineál sin agus ar iniomaíocht i dtaca leis na seirbhísí sin, go háirithe maidir leis na réamhchoinníollacha a bhaineann le hidirghabháil a dhéanamh agus le doimhneacht na hidirghabhála, agus méadaíonn sí costais chomhlíonta do chuideachtaí a oibríonn sa mhargadh inmheánach. Gan gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, rachaidh an méid sin in olcas tuilleadh nuair a ghlacfar tionscnaimh nua atá ar feitheamh i roinnt Ballstát, cé gurb amhlaidh i mBallstáit eile nach bhfuil aghaidh tugtha go fóill ar éagóir agus ar iniomaíocht laghdaithe na gcroísheirbhísí ardáin a sholáthraíonn geatóirí. De bharr chineál trasteorann bunúsach na gcroísheirbhísí ardáin a sholáthraíonn geatóirí, déanfaidh ilroinnt rialála dochar mór d’fheidhmiú an Mhargaidh Aonair do sheirbhísí digiteacha agus d’fheidhmiú na margaí digiteacha i gcoitinne. Dá bhrí sin, tá gá ann le comhchuibhiú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) an bunús dlí ábhartha don tionscnamh seo.
•Coimhdeacht
Ní fhéadfaidh na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach agus iad ag gníomhú astu féin, de bhrí gur de chineál trasteorann atá na fadhbanna agus nach bhfuil siad teoranta do Bhallstáit aonair ná d’fhothacar Ballstát. Is de chineál trasteorann atá an earnáil dhigiteach agus go háirithe na croísheirbhísí ardáin atá á soláthar nó á dtairiscint ag geatóirí, mar atá fianaithe le méid na trádála trasteorann agus leis an gcumas neamhshaothraithe le haghaidh fáis amach anseo, rud atá le feiceáil i bpatrún agus méid na trádála trasteorann a ndéanann ardáin dhigiteacha idirghabháil orthu. Trádáil trasteorann is ea beagnach 24 % den trádáil iomlán ar líne san Eoraip.
De ghnáth, feidhmíonn gníomhaithe digiteacha ar fud roinnt Ballstát, fiú mura bhfeidhmíonn siad ar fud AE, agus sa lá atá inniu ann, is mar sin atá an cás go háirithe maidir le seirbhísí amhail fógraíocht ar líne, seirbhísí líonraithe sóisialta ar líne, áiteanna margaidh ar líne, seirbhísí néalríomhaireachta, seirbhísí cuardaigh ar líne, seirbhísí ardáin um chomhroinnt físeán, seirbhísí cumarsáide leictreonaí idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir nó córais oibriúcháin. Dá réir sin, tá na fadhbanna a sainaithníodh ábhartha ó thaobh an Aontais de, de bhrí go dtagann siad chun cinn thar theorainneacha agus go ndéanann siad difear roinnt Ballstát, rud a fhágann nach bhfuil siad teoranta do chríoch aon Bhallstáit. Is é sin an cás go háirithe maidir le croísheirbhísí ardáin atá á soláthar nó á dtairiscint ag geatóirí.
Fiú na Ballstáit sin nár ghlac reachtaíocht go fóill chun aghaidh a thabhairt ar éagóir agus ar iniomaíocht laghdaithe na gcroísheirbhísí ardáin atá á soláthar nó á dtairiscint ag geatóirí, tá breis acu ag smaoineamh ar bhearta náisiúnta chuige sin. D’fhéadfadh ilroinnt agus costais chomhlíonta níos mó a bheith i gceist do ghníomhaithe móra sa mhargadh agus do na húsáideoirí gnó atá ag brath orthu mar thoradh ar reachtaíocht náisiúnta éagsúil laistigh d’AE, ní áirím gan an reachtaíocht sin a bheith sách éifeachtach. An tráth céanna, tá tionchar diúltach ag an staid sin ar ghnólachtaí nuathionscanta agus ar ghnólachtaí beaga, de bhrí go gcuireann sí cosc orthu méadú a dhéanamh agus leathnú thar teorainn amach, agus dá réir sin rochtain a fháil ar mhargaí nua, táirgí níos fearr agus níos éagsúlaithe a thairiscint ar phraghsanna níos iomaíche agus, de réir mar a bheidh, fás a dhéanamh ionas go mbeidh ar a gcumas dul san iomaíocht le gníomhaithe seanbhunaithe san earnáil dhigiteach. Dá bhrí sin, má thugtar aghaidh ar chleachtais éagóracha maidir le croísheirbhísí ardáin atá á bhfeidhmiú ag geatóirí ar leibhéal an Aontais, feabhsófar feidhmiú an mhargaidh aonair trí rialacha soiléire ó thaobh iompraíochta de a thugann soiléireacht dhlíthiúil do na páirtithe leasmhara go léir agus a cheadaíonn, trí chreat idirghabhála ar fud AE, aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar chleachtais dhíobhálacha ar bhealach atá tráthúil agus éifeachtach. Ceann de na coinníollacha a bhaineann le bheith ainmnithe mar gheatóir is ea go bhfuil tionchar suntasach ag soláthraí croísheirbhísí ardáin ar an margadh inmheánach.
•Comhréireacht
Tá sé mar aidhm leis an togra cur le feidhmiú cuí an Mhargaidh Aonair do sheirbhísí digiteacha trína áirithiú go bhfuil na margaí ar fud an Aontais ina bhfuil geatóirí i láthair inchoimhlinte agus cothrom. Ba cheart go ndéanfadh sé sin nuálaíocht, ardcháilíocht táirgí agus seirbhísí digiteacha, praghsanna cothroma iomaíocha, agus saor‑rogha d’úsáideoirí san earnáil dhigiteach a chur chun cinn.
Sa chomhthéacs sin, ní dhírítear sa togra ach amháin ar na seirbhísí digiteacha sin is mó a mbaineann úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh feidhm astu (“croísheirbhísí ardáin”) agus i gcás, bunaithe ar chúinsí reatha, inarb ann don imní is soiléire agus is práinní ó thaobh an mhargaidh inmheánaigh de faoi iniomaíocht lag agus cleachtais éagóracha i measc geatóirí. Níl laistigh den raon feidhme ach amháin na croísheirbhísí ardáin ina bhfuil fianaise láidir ar (i) dhlús ard ina leith, áit a socraíonn ardán mór amháin nó roinnt ardáin mhóra ar líne na coinníollacha tráchtála agus saoirse shuntasach acu óna gcuid iomaitheoirí (ionchasacha), a gcuid custaiméirí nó a gcuid tomhaltóirí; (ii) spleáchas ar líon beag d’ardáin mhóra dhigiteacha a ghníomhaíonn mar thairseacha d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar a gcuid custaiméirí agus idirghníomhú leo; agus (iii) mí‑úsáid a bheith á baint ag soláthraithe croísheirbhísí ardáin as a gcuid cumhachta go minic trí bheith páirteach in iompraíocht éagórach i dtaca le húsáideoirí agus custaiméirí gnó atá spleách go heacnamaíoch.
Dá bhrí sin, ní bhaineann an togra ach amháin leis na soláthraithe sin a chomhlíonann critéir atá sainithe go soiléir le haghaidh iad a mheas a bheith ina ngeatóir, ar critéir iad a leagtar amach thuas. Comhlánaítear an úsáid a bhaintear as tairseacha cainníochtúla, mar bhunús le toimhde infhrisnéise, trí úsáid a bhaint as critéir cháilíochtúla a shonraítear sa togra. Fágann sé sin go bhféadfaidh an Coimisiún soláthraithe croísheirbhísí ardáin a ainmniú mar gheatóirí, ar soláthraithe iad a thaispeánann na rioscaí céanna nó rioscaí comhchosúla maidir le cothroime agus iniomaíocht an mhargaidh agus, an tráth céanna, a ráthaíonn nach bhfuil feidhm ag na hoibleagáidí ach amháin maidir le soláthraithe croísheirbhísí ardáin ábhartha.
Tá an liosta oibleagáidí atá beartaithe leis an togra teoranta do na cleachtais sin (i) atá an‑éagórach nó an‑díobhálach, (ii) ar féidir iad a shainaithint ar bhealach atá soiléir agus gan athbhrí chun go dtabharfar an deimhneacht dhlíthiúil is gá do gheatóirí agus do pháirtithe leasmhara eile, agus (iii) a bhfuil dóthain taithí ann ina leith. Leis an togra, foráiltear do chuid de na hoibleagáidí a chur i bhfeidhm ar bhealach saincheaptha trí idirphlé idir an Coimisiún agus na geatóirí lena mbaineann. Ina theannta sin, ceadaítear leis cleachtais bhreise a chumhdach ar bhealach solúbtha, ar cleachtais iad atá éagórach ar an mbealach céanna nó a chuireann cothroime nó iniomaíocht i mbaol chomh maith céanna, i ndiaidh mionanailís mhargaidh a dhéanamh ar thionchar na gcleachtas sin. Áirithíonn an sásra sin nach bhfuil aon ró‑rialáil i gceist agus, an tráth céanna, déantar easpa idirghabhála a sheachaint i dtaca le cleachtais chomhchosúla i measc na ngeatóirí céanna, i gcás inar féidir go n‑athróidh cleachtais le himeacht ama.
Tá na bearta atá beartaithe comhréireach ó tharla go mbaineann siad amach a gcuid cuspóirí, gan ualach a leagan ar ghnóthais san earnáil dhigiteach ach amháin ar bhealach spriocdhírithe. Éilítear sa togra go gcomhoibreodh na cuideachtaí sin atá faoi réir imscrúdú, ach bheadh na costais riaracháin comhréireach agus ní dócha go mbeadh costais shuntasacha sa bhreis i gceist i bhfianaise na struchtúr rialála atá ann cheana mar thoradh ar phíosaí eile de Reachtaíocht AE a chur i bhfeidhm (e.g. Rialachán Cumaisc AE; an Rialachán maidir le Comhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí (CCT)). Maidir leis na costais chomhlíonta a bheadh ar gheatóirí, bheidís réasúnach, mar, den chuid is mó, go dtiocfaidís in ionad na gcostas ard a thabhaíonn soláthraithe móra croísheirbhísí ardáin chun bearta rialála éagsúla a chomhlíonadh, ar bearta iad a cuireadh i bhfeidhm de réir a chéile, nó ar dócha go gcuirfear i bhfeidhm iad de réir a chéile, i mBallstáit éagsúla. Thabharfadh costais bhreise den sórt sin le tuiscint go mbeadh roinnt oifigeach breise um chomhlíonadh dlí ag seiceáil beartais chuideachta in aghaidh na rialacha nua agus go mbeadh roinnt fostaithe ann chun teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún agus chun freagairt d’iarratais ar fhaisnéis.
•An rogha ionstraime
Ní fhéadfaidh ach ionstraim reachtach aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na fadhbanna a sainaithníodh. Tá Rialachán riachtanach freisin, mar go bhfuil sé infheidhme go díreach i mBallstáit, go mbunaítear an leibhéal céanna cearta agus oibleagáidí leis le haghaidh páirtithe príobháideacha, agus go gcumasaíonn sé cur i bhfeidhm rialacha go comhleanúnach agus go héifeachtach sa trádáil a ndéantar í a idirmheánú ar líne agus a ghintear i ngeilleagar na n‑ardán ar líne, ar trádáil trasteorann í de réir cineáil. Is é sin is mó a oireann chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna cothroime agus iniomaíochta a sainaithníodh agus coisceann sé ilroinnt an Mhargaidh Aonair le haghaidh croísheirbhísí ardáin atá á soláthar nó á dtairiscint ag geatóir.
3.TORTHAÍ Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Chuaigh an Coimisiún i mbun comhairliúchán forleathan maidir le réimse leathan ceisteanna a bhaineann leis na hardáin ar líne, lena n‑áirítear an chumhacht eacnamaíoch atá ag ardáin ollmhóra ar líne a bhfuil ról geatóra acu.
Ar an gcéad dul síos, idir an 2 Meitheamh agus an 8 Meán Fómhair 2020, reáchtáil an Coimisiún dhá chomhairliúchán phoiblí oscailte ar leith a bhí ag tagairt do dhá Mheasúnú Tionchair Tionscanta do (i) phacáiste na hIonstraime um Sheirbhísí Digiteacha: Ionstraim rialála ex ante d’ardáin mhóra ar líne a bhfuil éifeachtaí móra líonra acu agus iad ag feidhmiú mar gheatóirí i margadh inmheánach an Aontais Eorpaigh; agus an ceann eile (ii) don Uirlis Nua Iomaíochta.
Ar an dara dul síos, reáchtáil an Coimisiún comhairliúchán páirtithe leasmhara maidir leis na tuarascálacha eatramhacha ón bhFaireachlann do Gheilleagar na nArdán ar Líne, ag tacú leis an tionscnamh reatha.
Ar an tríú dul síos, chuir ceardlanna, comhdhálacha chomh maith le taighde a rinne ACT bonn eolais faoi shainiú na faidhbe agus chabhraigh siad leis na réamhroghanna beartais a shainaithint. Chomh maith leis na huirlisí comhairliúcháin a úsáideadh, bhuail seirbhísí an Choimisiúin go déthaobhach le páirtithe leasmhara i gcomhthéacs na gcomhairliúchán poiblí agus na tréimhse aiseolais le haghaidh measúnuithe tionchair tionscanta.
Ar deireadh, chuidigh idirphlé struchtúrtha leis na Ballstáit, go sonrach tríd an ngrúpa saineolaithe Ríomhthráchtála agus trí mhalairtí déthaobhacha agus iltaobhacha agus comhdhálacha le dearadh na roghanna beartais.
Tríd is tríd, tugadh tacaíocht láidir sna comhairliúcháin phoiblí don idirghabháil chun dul i ngleic leis na cleachtais éagóracha a raibh geatóirí ina mbun. Go deimhin, d’aontaigh tromlach mór na bhfreagraithe ar an gcomhairliúchán poiblí agus ar cheistneoir ar leith a bhí dírithe ar údaráis náisiúnta iomaíochta go raibh fadhbanna struchtúracha ann nach féidir aghaidh a thabhairt orthu faoi na rialacha iomaíochta atá ann faoi láthair; chreid an tromlach céanna gur cheart don Choimisiún bheith in ann idirghabháil a dhéanamh i margaí a bhfuil geatóirí i láthair iontu. Chuir líon mór de ghnólachtaí agus de chumainn ghnó, gach ceann d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta (lena n‑áirítear Eagraíochtaí Neamhrialtasacha (‘ENRanna”) agus ceardchumainn) agus gach údarás áitiúil an tuairim sin in iúl. Tá aird shuntasach tarraingthe ag eagraíochtaí tomhaltóirí amhail Biúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí (BEUC) ar an imní ar leith a bhaineann le hardáin ar líne agus an margadh digiteach. Mheas na freagraithe sin go gcruthódh idirghabháil a rachadh i ngleic leis an imní sin na spreagthaí cearta ó thaobh nuálaíochta, agus go gcuirfeadh sí le rogha níos fearr do thomhaltóirí agus go réiteofaí an bealach d’ardáin nua agus do sheirbhísí a bheadh nuálach agus báúil leis an bpríobháideachas.
Ní raibh na hardáin ar líne ar aon intinn faoin gceist, agus cheistigh formhór na n‑ardán mór ar líne agus a gcumainn ionadaíochta an riachtanas a bhí le hionstraim nua geatóra. Ar an taobh eile, léirigh mórán ardán beag agus meánmhéide, go háirithe iad siúd atá ina n‑úsáideoirí gnó ag ardáin mhóra ar líne, a gcuid tacaíochta d’ionstraim nua geatóra.
Thagair siad siúd nár aontaigh leis an ionstraim go raibh coincheap an gheatóra róleathan agus gur cheart an cheist a mheas de réir an cháis agus go bhféadfaidh an Coimisiún idirghabháil a dhéanamh cheana féin sa chás go sáraíonn iompraíocht gheatóra Airteagal 102 CFAE. Mheas an Coimisiún, áfach, nach bhfuil Airteagal 102 CFAE leordhóthanach chun déileáil leis na fadhbanna a bhaineann le geatóirí, ó tharla nach gá go mbeadh geatóir mar ghníomhaí ceannasach, agus go mb’fhéidir nach ngabhfaí a chuid cleachtas le hAirteagal 102 CFAE mura bhfuil aon éifeacht fhollasach ar iomaíocht laistigh de mhargaí ábhartha, ar margaí iad atá sainithe go soiléir. Ina theannta sin, ní cheadaítear le hAirteagal 102 CFAE idirghabháil a dhéanamh ar an luas is gá chun aghaidh a thabhairt ar na cleachtais phráinneacha sin ar an mbealach is tráthúla agus is éifeachtaí.
Mheas tromlach mór na bhfreagraithe freisin gur cheart toirmisc agus oibleagáidí d’ardáin gheatóra a bheith ar áireamh i rialacha tiomnaithe maidir le hardáin. Mhol siad freisin go bhféadfadh leigheasanna, de réir cineáil, a bheith ag brath níos mó ar nósanna imeachta seachas cúrsa iompair ar leith a leagan síos. Chreid tromlach mór na bpáirtithe leasmhara gur cheart an liosta beartaithe de chleachtais fhadhbacha, nó an “dúliosta”, a dhíriú ar chleachtais ardán geatóra a bhfuil sé soiléir go bhfuil siad éagórach agus díobhálach.
Maidir le suíomh geatóra a shainiú, bhí tuairimí na bpáirtithe leasmhara scoilte. D’áitigh roinnt ardán gur beag a léiríonn seirbhísí éagsúla a chuimsiú i dtairiscint ó chuideachta ardáin amháin faoin neart atá in ardán, agus gurb amhlaidh an cás maidir leis an gcumas sócmhainní a ghiaráil ó limistéar amháin go limistéar eile. Moladh gur cheart ainmniú geatóra a bheith agnóisíoch ó thaobh samhla gnó de, gur cheart measúnuithe geatóra a athbhreithniú go tréimhsiúil, gur cheart feidhm a bheith ag ainmnithe geatóra maidir le gníomhaíochtaí sainaitheanta, agus gur cheart feidhm a bheith ag roinnt rialacha maidir leis an earnáil ina hiomláine.
Tríd is tríd, dhírigh páirtithe leasmhara as gach catagóir aird ar an ngá atá le leibhéal ard comhleanúnachais agus deimhneachta dlíthiúla a áirithiú agus ar an ngá atá lena áirithiú gur cheart na critéir a úsáidtear chun geatóirí a shainaithint a bheith trédhearcach, oibiachtúil agus éasca le tomhas. Thagair úsáideoirí do theaglaim de chritéir chainníochtúla agus cháilíochtúla den chuid is mó.
Léirigh Údaráis Náisiúnta a gcuid tacaíochta d’ionstraim nua geatóra agus don ghá a bhí le cur chuige ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun ilroinnt rialála a sheachaint, agus béim á leagan acu an tráth céanna ar chomh tábhachtach agus atá sé go mbeadh na hionadaithe freagracha ó na rialtais náisiúnta rannpháirteach sa tionscadal reachtach roimh ré.
Thug an tsochaí shibhialta agus foilsitheoirí na meán tacaíocht láidir d’ionstraim nua geatóra freisin. Bhí an dá cheann acu ag iarraidh go mbeadh méid trédhearcachta a bheadh leordhóthanach sa mhargadh chomh maith le dearbhú ar mhéid áirithe d’éagsúlacht meán agus go léireofaí meas ar neamhspleáchas agus ar rogha na dtomhaltóirí.
•
Bailiú agus úsáid saineolais
Tacaítear i staidéar measúnaithe tionchair agus i roinnt staidéar tacaíochta seachtrach leis an tionscnamh reatha. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún nó conraitheoirí seachtracha roinnt comhairliúcháin phoiblí agus staidéir agus tuarascálacha iomadúla i gcrích idir 2018 agus 2020. Chuir an Fhaireachlann do Gheilleagar na nArdán ar Líne, le tacaíocht óna grúpa saineolaithe de 15 shaineolaí acadúla chomh maith le staidéar mór tacaíochta, roinnt tuarascálacha agus roinnt páipéir anailíseacha ar fáil a rannchuidigh leis an obair ar shainiú fadhbanna. Chuir taighde eacnamaíochta intí chomh maith le tacaíocht um dhearadh beartais ón Airmheán Comhpháirteach Taighde (ACT) bonn eolais sa bhreis faoin Measúnú Tionchair atá mar bhunús leis an tionscnamh seo. Ina theannta sin, chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit trí chomhairliúchán ar líne, a rannchuidigh le cruinniú an ghrúpa saineolaithe ríomhthráchtála atá tiomnaithe don tionscnamh seo. Ar deireadh, d’eagraigh an Coimisiún roinnt comhdhálacha, ceardlanna agus cruinnithe le saineolaithe acadúla, ar rannchuidigh a gcuid tuairimí leis an straitéis a bhain leis na fadhbanna a leagan amach agus fianaise a bhailiú. Rannchuidigh roinnt páipéir seasaimh maidir le hardáin gheatóra, chomh maith le tuarascálacha agus staidéir iomadúla ó thíortha lasmuigh den Aontas Eorpach le múnlú na hionstraime.
•Measúnú tionchair
Rinne Bord um Ghrinnscrúdú Rialála an Choimisiúin breithniú ar an Measúnú Tionchair atá mar thaca leis an togra, agus d’eisigh sé tuairim dhearfach an 10 Nollaig 2020. Tá tuairim an Bhoird, na moltaí agus míniú ar an mbealach ar cuireadh i gcuntas iad san áireamh in Iarscríbhinn 1 den Doiciméad Inmheánach Oibre atá ag gabháil leis an togra seo. Tugtar forléargas in Iarscríbhinn 3 orthu siúd a ndéanfadh an togra seo difear dóibh agus ar an mbealach a ndéanfadh sé difear dóibh.
Scrúdaigh an Coimisiún roghanna éagsúla beartais chun cuspóir ginearálta an togra reatha a bhaint amach, arb ionann é agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú trí iomaíocht éifeachtach sna margaí digiteacha agus, go háirithe, timpeallacht ardán ar líne atá inchoimhlinte agus cothrom a chur chun cinn.
Chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a eascraíonn as iompar fadhbach geatóirí, cuireadh trí cinn de roghanna beartais i gcomparáid lena chéile: Rogha 1 ‑ liosta geatóirí réamhshainithe agus oibleagáidí féin‑fhorghníomhaithe; Rogha 2 ‑ Creat ainmnithe atá solúbtha go páirteach agus oibleagáidí a thabhairt cothrom le dáta, lena n‑áirítear idirphlé rialála chun cuid díobh a chur chun feidhme; agus Rogha 3 ‑ Rogha sholúbtha atá bunaithe go heisiach ar thairseacha scóipe cáilíochtúla. D’fhág gach ceann de na roghanna sin roghanna dearaidh níos mionsonraithe ar oscailt le haghaidh breithniú polaitiúil, mar shampla, maidir le teaglaim bheacht agus leibhéal na dtairseach scóipe cainníochtúil a úsáidfear nó raon feidhme beacht na leigheasanna atá ar fáil i gcás neamhchomhlíonadh córasach na n‑oibleagáidí ag an ngeatóir ainmnithe.
Sna roghanna go léir, samhlaíodh go ndéanfadh an Coimisiún, mar chomhlacht inniúil rialála, cur chun feidhme, maoirseacht agus forfheidhmiú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. De bharr raon uile‑Eorpach na gcuideachtaí a bhfuiltear ag díriú orthu, ní cosúil go bhfuil samhail forfheidhmithe díláraithe mar mhalairt insamhlaithe, i bhfianaise an bhaoil go dtarlódh an ilroinnt rialála ar ceapadh an tionscnamh chun aghaidh a thabhairt uirthi, agus ní bheadh sé comhréireach ó tharla nach dtiocfadh ach líon teoranta geatóirí faoi raon feidhme an chreata atá beartaithe. Chun an saineolas náisiúnta a chomhtháthú i ngeilleagar na n‑ardán, áfach, beartaítear leis an tionscnamh go rachaidh an Coimisiún, sula nglacfaidh sé cinntí áirithe (e.g. maidir le neamhchomhlíonadh; fíneálacha), i gcomhairle le coiste atá comhdhéanta d’ionadaithe na mBallstát – Coiste Comhairleach na Margaí Digiteacha.
Is éard atá i rogha na tosaíochta (Rogha 2) ná (a) liosta iata de chroísheirbhísí ardáin; (b) teaglaim de chritéir chainníochtúla agus cháilíochtúla chun soláthraithe croísheirbhísí ardáin a ainmniú mar gheatóirí; (c) oibleagáidí atá infheidhme go díreach, lena n‑áirítear oibleagáidí áirithe ar ina leith a d’fhéadfadh idirphlé rialála a gcur chun feidhme éifeachtach a éascú; Agus (d) an fhéidearthacht go ndéanfadh an Coimisiún an ionstraim a thabhairt cothrom le dáta, i ndiaidh imscrúdú margaidh, maidir le hoibleagáidí geatóirí, i bhfoirm gníomhartha tarmligthe a mhéid a dhéantar cleachtais nua a shainaithint, ar cleachtais iad atá chomh héagórach céanna agus ar dócha go gcuirfidh siad as d’iniomaíocht agus i bhfoirm tograí leasaitheacha sna cásanna eile. D'fhéadfadh sé freisin go léireodh imscrúduithe margaidh go mbeadh gá ann le leasú ar an liosta de chroísheirbhísí ardáin.
Measadh go bhféadfadh an rogha sin aghaidh a thabhairt ar chuspóirí an tionscnaimh seo ar an mbealach is éifeachtaí. Foráiltear inti d’idirghabháil thráthúil i gcomhair na gcleachtas go léir a sainaithníodh mar chleachtais fhadhbacha agus, an tráth céanna, éascaítear idirphlé rialála do chuid díobh sin chun go gcuirfidh an geatóir ainmnithe bearta chun feidhme. Thairis sin, éascaítear léi dul i ngleic le cleachtais éagóracha nua, agus ar an mbealach sin féadfar aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh i dtimpeallacht dhigiteach atá ag athrú go dinimiciúil. An tráth céanna, i gcás na ngeatóirí sin a meastar go mbeidh suíomh daingnithe buanseasmhach acu ina gcuid oibríochtaí go gairid, ach nach bhfuil an suíomh sin acu fós, sainaithnítear leis an togra fothacar comhréireach d’oibleagáidí atá ábhartha go háirithe chun iniomaíocht a chosaint agus a fheabhsú.
Méadóidh rogha na tosaíochta iniomaíocht na gcroísheirbhísí ardáin agus na hearnála digití níos leithne, agus cuideoidh sí le gnólachtaí na bacainní a easraíonn as teipeanna margaidh agus as cleachtais éagóracha ag geatóirí a shárú. Cuideoidh sé sin le cothú a dhéanamh ar theacht chun cinn na n‑ardán malartach, ar ardáin iad a d’fhéadfadh táirgí agus seirbhísí ardcháilíochta a sholáthar ar phraghsanna inacmhainne. Dá mbeadh coinníollacha níos cothroime agus níos córa i bhfeidhm do na gníomhaithe go léir san earnáil dhigiteach, d’fhéadfaidís buntáiste níos mó a bhaint as an gcumas fáis atá i ngeilleagar na n‑ardán.
Bheifí ag súil go mbeadh cumas nuálaíochta níos mó i measc gnólachtaí beaga mar thoradh ar na tairbhí chomh maith le cáilíocht seirbhíse níos fearr, agus feabhas dá réir sin ar leas na dtomhaltóirí. Faoi rogha na tosaíochta, meastar go bhfuil sé de chumas ag iniomaíocht fheabhsaithe na gcroísheirbhísí ardáin barrachas tomhaltóra EUR 13 billiún a shaothrú, i.e. méadú de thart ar 6 % i gcomparáid leis an gcás bonnlíne.
Baineann an príomhchostas le costais chomhlíonta do gheatóirí mar thoradh ar na rialacha nua. D’fhéadfadh sé go dtabhódh gnólachtaí seachas ardáin gheatóra costais riaracháin áirithe agus iarrataí ar fhaisnéis á gcomhlíonadh acu. Mar sin féin, ní dócha go mbeidh méadú substaintiúil i gceist leis na costais dheireanacha sin i gcomparáid leis na costais chomhlíonta a bheadh á dtabhú ag gnólachtaí seachas sin de bharr iarrataí faisnéise i gcásanna a bhaineann le dlí iomaíochta AE nó faoi rialacha náisiúnta sonracha éagsúla.
Tugtar míniú mionsonraithe ar thionchair na roghanna beartais ar chatagóirí éagsúla de pháirtithe leasmhara (geatóirí, iomaitheoirí, úsáideoirí gnó, tomhaltóirí, údaráis rialála) in Iarscríbhinn 3 den Mheasúnú Tionchair a thacaíonn leis an tionscnamh seo. Déantar measúnú san iarscríbhinn freisin ar an tionchar atá ag gach oibleagáid i dtaca leis an gcatagóir de pháirtithe leasmhara a bhfuil tionchar á imirt orthu. Tá an measúnú cainníochtúil agus cáilíochtúil a oiread agus is féidir.
Maidir le tionchar an tionscnaimh ar FBManna, ó tharla gur beag seans go gcáileoidh siad mar gheatóirí agus nach mbeadh an liosta oibleagáidí dírithe orthu, ní chuirfeadh an tionscnamh seo ualach breise orthu. Ina ionad sin, de bhrí go bhfuil cothroime iomaíochta i gceist leis na rialacha nua, chumasófaí do FBManna (lena n‑áirítear úsáideoirí gnó agus soláthraithe eile croísheirbhísí ardáin) fás ar fud an mhargaidh inmheánaigh mar thoradh ar bhacainní tábhachtacha ar iontráil agus ar fhorbairt a bhaint. D’fhéadfaí a bheith ag súil go mbeadh iomaíocht níos mó idir ardáin i gcomhair úsáideoirí gnó mar thoradh ar na bearta atá pleanáilte. Mar thoradh air sin, táthar ag súil go dtiocfaidh seirbhísí ar cháilíocht níos airde ar phraghsanna níos iomaíche chun cinn, chomh maith le táirgiúlacht níos airde. Ina theannta sin, bheadh níos mó muiníne ag úsáideoirí gnó agus iad ag díol ar líne, mar go mbeadh cosaint acu ar chleachtais éagóracha.
Cuirfidh foireann uirlisí forfheidhmithe níos cuimsithí ar chumas gnólachtaí bláthú de bhua thuillteanais a gcumas. Tiocfaidh fás eacnamaíoch mar thoradh air sin, agus dá bharr sin beidh ioncam cánach níos airde á fháil ag riaracháin náisiúnta. Ní chuireann forfheidhmiú an tionscnaimh seo ach ualach éadrom ar an gCoimisiún (poist reatha a ath‑imlonnú den chuid is mó) i gcomparáid leis na tairbhí a bheidh ann don gheilleagar. Bheadh ar údaráis náisiúnta roinnt bheag costas riaracháin a sheasamh.
Thiocfadh fás níos airde ar tháirgiúlacht mar thoradh ar chothroime agus ar iniomaíocht fheabhsaithe san earnáil dhigiteach agus dá bharr sin bheadh fás eacnamaíoch níos airde i gceist. Tá tábhacht ar leith ag baint le hiniomaíocht níos mó sna croísheirbhísí ardáin agus sna margaí digiteacha maidir le sreabhadh trádála agus infheistíochta a mhéadú.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Leis an togra seo, leagtar síos bearta a mbeidh feidhm acu maidir le soláthraithe móra croísheirbhísí ardáin a shásaíonn na coinníollacha le go n‑ainmneofaí mar gheatóirí iad. Bainfidh soláthraithe eile a sholáthraíonn croísheirbhísí ardáin agus seirbhísí coimhdeacha, chomh maith le húsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh, tairbhe as na hoibleagáidí a leagtar síos ann, ar oibleagáidí iad atá sainithe agus teorannaithe go soiléir. Chomh maith leis sin, tá sé mar chuspóir sonrach leis an togra fás inbhuanaithe na gcroísheirbhísí ardáin agus gheilleagar na n‑ardán i gcoitinne a éascú agus dearadh é chun bheith neodrach go hiomlán ó thaobh na teicneolaíochta de.
•Cearta bunúsacha
Tá an togra ailínithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (‘ECHR’) agus le RGCS.
Dá ndéanfaí cleachtais éagóracha a thabhairt cothrom le dáta go dinimiciúil, bheidís faoi réir meas iomlán a léiriú ar chearta bunúsacha i leith imeachtaí cothroma agus dea‑riarachán faoi mar a chumhdaítear in ECHR, atá ceangailteach ar institiúidí AE.
Bheadh cumhachtaí imscrúdaithe an Choimisiúin agus é ag gníomhú faoin gcreat nua faoi réir raon feidhme iomlán na gceart a bhaineann le próiseas cothrom amhail an ceart chun éisteacht a fháil, an ceart chun cinneadh réasúnaithe a fháil agus an ceart chun rochtain a fháil ar athbhreithniú breithiúnach, lena n‑áirítear an fhéidearthacht bearta forfheidhmithe agus forchurtha smachtbhannaí a cheistiú. Tá feidhm ag na cearta sin i gcás imeachtaí riaracháin.
Ina theannta sin, rannchuideoidh an timpeallacht dhlíthiúil chothrom agus iontaofa a bhfuil sé beartaithe í a chruthú leis an togra seo le cosaint a dhéanamh ar chothromaíocht iomchuí idir an tsaoirse faoi seach chun gnó a sheoladh mar sholáthraithe croísheirbhísí ardáin agus a gcuid úsáideoirí gnó (Airteagal 16 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh).
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Chun cuspóirí an tionscnaimh seo a bhaint amach ar an mbealach is fearr, tá sé riachtanach roinnt gníomhartha a mhaoiniú ar leibhéal an Choimisiúin, áit a bhfuil sé beartaithe ath‑imlonnú a dhéanamh ar 80 FTE, agus ar leibhéal na mBallstát trína rannpháirtíocht ghníomhach i gCoiste Comhairleach na Margaí Digiteacha, atá comhdhéanta d’ionadaithe na mBallstát. Is ionann agus EUR 81,090 milliún na hacmhainní iomlána airgeadais a bheidh riachtanach chun an togra a chur chun feidhme sa tréimhse 2021‑2027, lena n‑áirítear EUR 50,640 milliún i gcostais riaracháin agus EUR 30,450 milliún atá cumhdaithe go hiomlán ag na leithdháiltí atá intuartha i CAI 2021‑27 faoi imchlúdaigh airgeadais an Chláir don Mhargadh Aonair agus an Chláir don Eoraip Dhigiteach. Tacóidh an maoiniú le gníomhaíochtaí inter alia amhail ainmniú soláthraithe croísheirbhísí ardáin a chur i gcrích, imscrúduithe margaidh a chur i gcrích agus aon ghníomhartha imscrúdaithe, aon ghníomhartha forfheidhmithe agus aon ghníomhartha faireacháin eile a fheidhmiú. Tacóidh an maoiniú freisin le hathbhreithniú rialta ar ghnéithe sonracha den Rialachán a chur i gcrích chomh maith le measúnú ar an Rialachán, measúnú leanúnach ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht na mbeart a cuireadh chun feidhme, chomh maith le costais a bhaineann le córas lárnach faisnéise a chothabháil, a fhorbairt, a óstáil, a fheidhmiú agus tacú leis. Tá forléargas mionsonraithe ar na costais atá i gceist ar fáil sa “ráiteas airgeadais” atá nasctha leis an tionscnamh seo.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Mar gheall ar chineál dinimiciúil gheilleagar na n‑ardán, cuid thábhachtach den togra is ea faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an tionscnamh. Freagraíonn sé freisin d’éilimh fhollasacha ó pháirtithe leasmhara, lena n‑áirítear na Ballstáit, i gcomhair feidhm faireacháin thiomnaithe, agus léiríonn sé an tábhacht a leagtar ar rogha beartais faireacháin neamhspleách a ndearnadh breithniú uirthi sa Mheasúnú Tionchair Tionscanta. Dá bhrí sin, roinnfear an faireachán ina dhá chuid: (i) faireachán leanúnach, ina dtabharfar tuairisc ar na forbairtí is déanaí sa mhargadh gach dara bliain, ina bhféadfadh an Fhaireachlann do Gheilleagar na nArdán ar Líne de chuid AE a bheith páirteach, agus (ii) cuspóirí oibríochtúla agus táscairí sonracha chun iad a thomhas.
Cumhdófar na príomhghnéithe seo a leanas i bhfaireachán tráthrialta leanúnach: (i) faireachán ar cheisteanna a bhaineann le raon feidhme (e.g. na critéir i gcomhair ainmniú geatóirí, forbairt ar ainmniú geatóirí, úsáid an mheasúnaithe cháilíochtúil sa phróiseas ainmnithe); (ii) faireachán ar chleachtais éagóracha (comhlíonadh, patrúin forfheidhmithe, forbairt); agus (iii) faireachán mar spreagadh chun imscrúdú margaidh a sheoladh ar mhaithe le croísheirbhísí nua ardáin agus cleachtais san earnáil dhigiteach a scrúdú.
Ina theannta sin, tabharfaidh an faireachán aird chuí ar shaothar coincheapúil an Ghrúpa Saineolaithe um Gheilleagar na nArdán ar Líne, faoina shreabhadh oibre maidir le Tomhas agus Táscairí Eacnamaíocha.
Ina theannta sin, déanfar faireachán ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht an togra agus úsáid á baint as táscairí réamhshainithe chun a fháil amach an bhféadfadh sé go mbeadh rialacha breise, lena n‑áirítear i dtaca le forfheidhmiú, ag teastáil chun a áirithiú go mbeidh margaí digiteacha ar fud AE inchoimhlinte agus cothrom. Dá bharr sin, déanfar tionchar na hidirghabhála a mheas i gcomhthéacs cleachtadh meastóireachta agus déanfar clásail athbhreithnithe a ghníomhachtú, más gá, rud a chumasóidh don Choimisiún bearta iomchuí a ghlacadh, lena n‑áirítear tograí reachtacha.
Chomh maith leis sin, soláthróidh na Ballstáit aon fhaisnéis ábhartha atá acu agus a bhféadfadh sé go mbeadh sí ag teastáil ón gCoimisiún chun críocha meastóireachta.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Leagtar na forálacha ginearálta amach i gCaibidil I, lena n‑áirítear ábhar, cuspóir agus raon feidhme an Rialacháin, lena n‑áirítear an éifeacht chomhchuibhithe atá aige maidir le dlíthe náisiúnta áirithe (Airteagal 1), agus na sainmhínithe ar na téarmaí a úsáideadh sa togra, chomh maith le cuspóirí an togra (Airteagal 2).
Tá na forálacha a bhaineann le hainmniú geatóirí i gCaibidil II. Rud ba shonraí fós, bunaítear léi na coinníollacha faoinar cheart soláthraithe croísheirbhísí ardáin a ainmniú mar gheatóirí, bunaithe ar na critéir chainníochtúla (trí thoimhde faoi réir frithléirsiú) nó i ndiaidh measúnú cás ar chás le linn imscrúdú margaidh (Airteagal 3). Ina theannta sin, bunaítear léi coinníollacha faoina bhféadfar ainmniú mar gheatóir a athmheas agus oibleagáid ainmniú den chineál sin a athbhreithniú go tráthrialta (Airteagal 4).
Leagtar amach i gCaibidil III cleachtais gheatóirí a chuireann teorainn le hiniomaíocht agus atá éagórach. Go sonrach, leagtar síos inti oibleagáidí féin‑fhorghníomhaithe (Airteagal 5) agus oibleagáidí atá faoi réir sonraíochta (Airteagal 6) ar cheart do na geatóirí ainmnithe iad a chomhlíonadh maidir le gach ceann de na croísheirbhísí ardáin atá acu agus a liostaítear sa chinneadh ainmnithe ábhartha. Ina theannta sin, bunaítear leis creat i gcomhair idirphlé féideartha idir an geatóir ainmnithe agus an Coimisiún maidir le bearta atá á gcur i bhfeidhm ag an ngeatóir nó a bhfuil sé i gceist ag an ngeatóir iad a chur i bhfeidhm chun na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 6 (Airteagal 7) a chomhlíonadh. Leagtar síos coinníollacha léi freisin faoina bhféadfar na hoibleagáidí i dtaca le croísheirbhís ardáin ar leith a chur ar fionraí in imthosca eisceachtúla (Airteagal 8) nó faoina bhféadfar díolúine a cheadú ar fhorais leas an phobail (Airteagal 9). Bunaítear sásra chun liosta na n‑oibleagáidí a nuashonrú (Airteagal 10) le forálacha breise sa Chaibidil seo; soiléiriú go bhfuil feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán beag beann ar chleachtas ábhartha an gheatóra ainmnithe a bheith de chineál conarthach, tráchtála, teicniúil nó de chineál ar bith eile (Airteagal 11); oibleagáid fógra a thabhairt maidir le haon chomhchruinniú atá beartaithe de réir bhrí Rialachán um Chumaisc AE (Airteagal 12); agus oibleagáid ar an ngeatóir ainmnithe aon teicnící maidir le próifíliú custaiméirí a fheidhmíonn an geatóir ar a chroísheirbhísí ardáin nó ar fud a chroísheirbhísí ardáin a chur isteach chun iniúchadh neamhspleách a dhéanamh orthu (Airteagal 13).
Soláthraítear rialacha i gCaibidil IV chun imscrúduithe margaidh a dhéanamh, go sonrach ceanglais nós imeachta chun imscrúdú margaidh a oscailt (Airteagal 14) agus rialacha chun imscrúduithe margaidh de chineálacha éagsúla a dhéanamh: (i) ainmniú geatóra (Airteagal 15), (ii) imscrúdú ar neamhchomhlíonadh córasach (Airteagal 16) agus (iii) imscrúdú ar chroísheirbhísí ardáin nua agus ar chleachtais nua (Airteagal 17).
Tá na forálacha a bhaineann le cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Rialacháin seo i gCaibidil V. Foráiltear léi do cheanglais nós imeachta chun imeachtaí a thionscnamh (Airteagal 18). Ansin bunaítear léi rialacha maidir le huirlisí éagsúla is féidir a úsáid i gcomhthéacs na n‑imscrúduithe margaidh nó na nósanna imeachta faoin Rialachán. Áirítear leo sin an cumas atá ag an gCoimisiún faisnéis a iarraidh (Airteagal 19), agallaimh a sheoladh agus ráitis a ghlacadh (Airteagal 20) agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh (Airteagal 21), bearta eatramhacha a ghlacadh (Airteagal 22) agus bearta deonacha a chur de cheangal ar na geatóirí (Airteagal 23), chomh maith le faireachán a dhéanamh ar a gcomhlíonadh i dtaca leis an Rialachán (Airteagal 24).
I gcás neamhchomhlíonta, féadfaidh an Coimisiún cinntí maidir le neamhchomhlíonadh a eisiúint (Airteagal 25) agus fíneálacha a ghearradh (Airteagal 26) agus íocaíochtaí pionóis tréimhsiúla a fhorchur (Airteagal 27) i dtaca le sáruithe ar an Rialachán ag geatóirí, agus i dtaca le faisnéis atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach a sholáthar i gcomhthéacs an imscrúdaithe. Socraítear freisin leis an Rialachán tréimhse teorann le haghaidh pionóis a ghearradh agus a fhorfheidhmiú (Airteagail 28 agus 29).
Socraítear le roinnt forálacha sa Chaibidil seo na ráthaíochtaí nós imeachta atá roimh an gCoimisiún, go háirithe an ceart éisteacht a fháil agus rochtain a fháil ar an gcomhad (Airteagal 30) agus cosaint rúndachta gairmiúla (Airteagal 31). Foráiltear inti freisin maidir le comhairliúchán Choiste Comhairleach na Margaí Digiteacha a bunaíodh leis an Rialachán seo sula nglacfar cinntí sainaitheanta aonair a dhíreofar ar gheatóirí (Airteagal 32). Ar deireadh, foráiltear leis an Rialachán go bhféadfaidh trí cinn nó níos mó de na Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú margaidh a oscailt de bhun Airteagal 15 (Airteagal 33).
Tá tuilleadh forálacha ginearálta i gCaibidil VI, amhail an oibleagáid tacar sainaitheanta de chinntí aonair a glacadh faoin Rialachán a fhoilsiú (Airteagal 34), soiléiriú go mbeidh dlínse gan teorainn ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le fíneálacha agus íocaíochtaí pionóis (Airteagal 35), agus an fhéidearthacht gníomhartha cur chun feidhme (Airteagal 36) agus gníomhartha tarmligthe (Airteagal 37) a ghlacadh.
Ar deireadh, is iad na forálacha eile sa Chaibidil seo an clásal athbhreithnithe (Airteagal 38) agus sonrú theacht i bhfeidhm agus dhátaí cur i bhfeidhm an Rialacháin (Airteagal 39).
2020/0374 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach (an Ionstraim um Margaí Digiteacha)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag féachaint don tuairim ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tá ról tábhachtach ag seirbhísí digiteacha i gcoitinne agus ag ardáin ar líne go háirithe sa gheilleagar, agus an ról sin ag méadú, go háirithe sa mhargadh inmheánach, trí dheiseanna nua gnó a sholáthar san Aontas agus trí thrádáil trasteorann a éascú.
(2)An tráth céanna, baineann roinnt saintréithe le croísheirbhísí ardáin ar féidir lena gcuid soláthraithe teacht i dtír orthu. Áirítear leis na saintréithe sin a bhaineann le croísheirbhísí ardáin tá, i measc nithe eile, barainneachtaí scála ollmhóra, a eascraíonn go minic as na himeallchostais a bhaineann le húsáideoirí gnó nó úsáideoirí deiridh a chur leis a bheith chomh híseal sin gur ar éigean is ann dóibh in aon chor. I measc na saintréithe eile a bhaineann le croísheirbhísí ardáin tá éifeachtaí líonra atá an‑láidir, an cumas mórán úsáideoirí gnó a nascadh le mórán úsáideoirí deiridh trí na taobhanna iomadúla a bhaineann leis na seirbhísí sin, úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh a bheith an‑spleách orthu, éifeachtaí na gceangal trádála, easpa ilfhrithinge chun na críche céanna ag úsáideoirí deiridh, comhcheangal ingearach, agus buntáistí sonraíbhunaithe. D’fhéadfadh sé gurb é a bheadh mar éifeacht leis na saintréithe sin go léir in éineacht le hiompar éagórach ag soláthraithe na seirbhísí sin dochar a dhéanamh d’iniomaíocht na gcroísheirbhísí ardáin, chomh maith le tionchar a imirt ar chothroime an chaidrimh thráchtála idir soláthraithe seirbhísí den sórt sin agus a n‑úsáideoirí gnó agus a n‑úsáideoirí deiridh, agus dá bharr sin go dtiocfadh laghdú tapa agus laghdú a d’fhéadfadh a bheith forleathan ar an rogha a bheadh ag úsáideoirí gnó agus ag úsáideoirí deiridh go praiticiúil, agus dá bhrí sin go bhféadfaí suíomh geatóra, faoi mar a thugtar air, a bhronnadh ar sholáthraí na seirbhísí sin.
(3)Tá líon beag de sholáthraithe croísheirbhísí ardáin tagtha chun cinn a bhfuil cumhacht eacnamaíoch mhór acu. De ghnáth, bíonn sé de chumas acu mórán úsáideoirí gnó a nascadh le mórán úsáideoirí deiridh trína gcuid seirbhísí agus, ag eascairt as sin, féadann siad na buntáistí atá acu, amhail rochtain ar mhéideanna móra sonraí, a ghiaráil ó réimse amháin dá gcuid gníomhaíochta go dtí réimsí nua. Déanann roinnt de na soláthraithe sin rialú ar éiceachórais iomlána ardáin sa gheilleagar digiteach agus ó thaobh struchtúir de tá sé thar a bheith deacair ar oibreoirí reatha nó ar oibreoirí nua sa mhargadh iad a cheistiú nó cur ina gcoinne, beag beann ar chomh nuálach nó chomh héifeachtúil agus a d’fhéadfadh na hoibreoirí sin a bheith. Déantar laghdú ar iniomaíocht, ach go háirithe, de bhrí go bhfuil bacainní an‑ard ar dhul isteach nó ar imeacht, lena n‑áirítear costais arda infheistíochta, ar costais iad nach féidir a fháil ar ais, nó nach féidir a fháil ar ais go héasca, i gcás fágála, agus gan fáil ar phríomhionchuir sa gheilleagar digiteach amhail sonraí (nó rochtain laghdaithe orthu). Dá bharr sin, is mó an seans atá ann nach bhfuil na margaí bunaidh ag feidhmiú go maith – nó gur gearr nach mbeidh siad ag feidhmiú go maith.
(4)I mórán cásanna, is dóichí ná a mhalairt go mbeidh an‑mhíchothromaíochtaí i gceist i dtaca le cumhacht mhargaíochta mar thoradh ar an teaglaim seo de ghnéithe geatóirí agus, ag eascairt as sin, beidh cleachtais agus coinníollacha éagóracha i bhfeidhm d’úsáideoirí gnó agus d’úsáideoirí deiridh na gcroísheirbhísí ardáin a sholáthraíonn geatóirí, agus tionchar diúltach aige sin ar phraghsanna, ar cháilíocht, ar rogha agus ar nuálaíocht sna seirbhísí sin.
(5)Fágann sé sin nach mbíonn próisis an mhargaidh ábalta, go minic, torthaí cothroma eacnamaíocha a áirithiú i dtaca le croísheirbhísí ardáin. De bhrí go bhfuil Airteagail 101 agus 102 CFAE infheidhme go fóill maidir le hiompar geatóirí, tá a raon feidhme teoranta do chásanna áirithe de chumhacht mhargaidh (e.g. ceannas ar mhargaí sonracha) agus d’iompraíocht fhrithiomaíoch, cé go dtarlaíonn forfheidhmiú ar bhonn ex post agus go bhfuil imscrúdú forleathan ar fhíorais ar bhonn cás ar chás riachtanach ina leith, ar fíorais iad a bhíonn an‑chasta go minic. Ina theannta sin, ní thugtar aghaidh, le dlí reatha an Aontais, nó ní thugtar aghaidh go héifeachtach leis, ar na dúshláin shainaitheanta a bhaineann le dea‑fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh de bharr iompar geatóirí, nach gá go mbeidís ceannasach i dtéarmaí dlí iomaíochta.
(6)Tá tionchar mór ag geatóirí ar an margadh inmheánach, agus soláthraíonn siad tairseacha do líon mór úsáideoirí gnó, chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh, i ngach áit san Aontas agus ar mhargaí éagsúla. Mar thoradh ar an tionchar diúltach atá ag cleachtais éagóracha ar an margadh aonair agus an iniomaíocht thar a bheith lag a bhaineann le croísheirbhísí ardáin, lena n‑áirítear na himpleachtaí diúltacha sochaíocha agus eacnamaíocha a bhaineann leo, bheartaigh reachtóirí náisiúnta agus rialálaithe earnála gníomhú. Glacadh nó moladh roinnt réiteach rialála cheana féin chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais éagóracha agus ar iniomaíocht seirbhísí digiteacha nó maidir le roinnt acu ar aon nós. Chruthaigh sé sin an baol go mbeadh éagsúlacht ann sna réitigh rialála agus ar an mbealach sin go dtarlódh ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh, agus ansin gur mhó an baol a bheadh ann go dtiocfadh ardú ar chostais chomhlíonta de bharr tacair éagsúla de cheanglais rialála náisiúnta a bheith ann.
(7)Dá bhrí sin, ba cheart coimircí rialála iomchuí ar fud an Aontais a thabhairt d’úsáideoirí gnó agus d’úsáideoirí deiridh na gcroísheirbhísí ardáin a sholáthraíonn geatóirí in aghaidh iompraíocht éagórach geatóirí ar mhaithe le gnó trasteorann laistigh den Aontas a éascú agus ar an mbealach sin feidhmiú cuí an mhargaidh aonair a fheabhsú agus aghaidh a thabhairt ar an ilroinnt atá ann cheana nó ar dócha go dtiocfaidh sí chun cinn sna réimsí sonracha a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Ina theannta sin, cé go bhfuil sé de chlaonadh ag geatóirí samhlacha gnó agus struchtúir algartaim atá domhanda nó ar a laghad uile‑Eorpach a ghlacadh, féadann siad coinníollacha gnó éagsúla agus cleachtais ghnó éagsúla a ghlacadh i mBallstáit éagsúla agus é sin déanta acu i roinnt cásanna, rud a chruthóidh difríochtaí, is baol, idir na coinníollacha iomaíochta d’úsáideoirí na gcroísheirbhísí ardáin a sholáthraíonn geatóirí, agus dá bharr sin beidh comhtháthú laistigh den mhargadh aonair thíos leis.
(8)Trí na dlíthe náisiúnta éagsúla a chomhfhogasú, ba cheart deireadh a chur, laistigh den mhargadh aonair, leis na bacainní atá ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus a fháil, lena n‑áirítear seirbhísí miondíola. Dá bhrí sin, ba cheart tacar rialacha comhchuibhithe éigeantacha a bhunú ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go mbeidh margaí digiteacha laistigh den mhargadh inmheánach inchoimhlinte agus cothrom, ar margaí iad a mbeidh láithreacht geatóirí mar ghné díobh.
(9)Ní fhéadfar ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint go héifeachtach ach amháin má tá cosc ar na Ballstáit rialacha náisiúnta a chur i bhfeidhm, ar rialacha iad a bhaineann go sonrach le gnóthais agus le seirbhísí a chumhdaítear leis an Rialachán seo. An tráth céanna, ó tharla gurb é is aidhm don Rialachán seo forfheidhmiú dhlí na hiomaíochta a chomhlánú, ba cheart a shonrú go bhfuil an Rialachán seo gan dochar d’Airteagail 101 agus 102 CFAE, do na rialacha iomaíochta náisiúnta comhfhreagracha agus do rialacha náisiúnta iomaíochta eile maidir le hiompraíocht aontaobhach atá bunaithe ar mheasúnú ar shuíomhanna agus ar iompraíocht mhargaidh ar bhonn aonair, lena n‑áirítear na héifeachtaí is dócha a bheadh aige agus raon feidhme beacht an iompair thoirmiscthe, agus ina ndéantar foráil go bhféadfaidh gnóthais argóintí a bhaineann le héifeachtúlacht agus le dlisteanacht oibiachtúil a dhéanamh i leith an iompair atá i gceist. Mar sin féin, níor cheart cur i bhfeidhm na rialacha sin difear a dhéanamh do na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar gheatóirí faoin Rialachán seo ná dá gcur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus éifeachtach sa mhargadh inmheánach.
(10)Tá sé mar chuspóir ag Airteagail 101 agus 102 CFAE agus ag na rialacha iomaíochta náisiúnta comhfhreagracha a bhaineann le hiompar frithiomaíoch déthaobhach agus aontaobhach agus ag rialú cumasc iomaíocht neamhshaofa sa mhargadh a chosaint. Leis an Rialachán seo, déantar cuspóir a shaothrú a chomhlánaíonn an cuspóir a bhaineann le hiomaíocht neamhshaofa ar aon mhargadh ar leith a chosaint ach nach ionann é agus an cuspóir sin, mar a shainítear i dtéarmaí dhlí na hiomaíochta, is é sin, a áirithiú go bhfuil agus go mbeidh margaí a bhfuil geatóirí i láthair iontu inchoimhlinte agus cothrom, neamhspleách ar na héifeachtaí iarbhír, dóchúla nó toimhdithe a bheadh ag iompar geatóra ar leith atá cumhdaithe leis an Rialachán seo ar iomaíocht ar margadh ar leith. Dá bhrí sin, tá sé mar aidhm leis an Rialachán seo cosaint a thabhairt do leas dlíthiúil atá éagsúil ó na rialacha seo agus ba cheart go mbeadh sé gan dochar dá gcur i bhfeidhm.
(11)Ba cheart don Rialachán seo comhlánú a dhéanamh freisin, gan dochar dá gcur i bhfeidhm, ar na rialacha a eascraíonn as gníomhartha eile de dhlí an Aontais lena rialaítear gnéithe áirithe de sholáthar seirbhísí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, go háirithe Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) xx/xx/AE [DSA] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Treoir (AE) 2010/13 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chomh maith le rialacha náisiúnta a bhfuil sé mar aidhm acu reachtaíocht an Aontais a fhorfheidhmiú nó a chur chun feidhme, de réir mar a bheidh.
(12)Tá iniomaíocht lag agus cleachtais éagóracha san earnáil dhigiteach níos coitianta agus níos soiléire do sheirbhísí digiteacha áirithe ná do chinn eile. Tá an méid sin amhlaidh, go háirithe i gcás seirbhísí digiteacha a úsáidtear go forleathan agus go coitianta agus arb iad na seirbhísí iad is mó a dhéanann idirghabháil dhíreach idir úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh agus a bhfuil gnéithe amhail barainneachtaí scála ollmhóra, éifeachtaí líonra atá an‑láidir, an cumas mórán úsáideoirí gnó a nascadh le mórán úsáideoirí deiridh trí na taobhanna iomadúla a bhaineann leis na seirbhísí sin, éifeachtaí na gceangal trádála, easpa ilfhrithinge nó comhcheangal ingearach, ar na gnéithe is suntasaí a bhaineann leo. Ina lán cásanna, ní bhíonn na seirbhísí digiteacha sin á soláthar ach ag soláthraí mór amháin nó ag fíorbheagán soláthraithe móra. Is iad soláthraithe na gcroísheirbhísí ardáin seo is minice a tháinig chun cinn mar gheatóirí le haghaidh úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh agus a bhfuil tionchair fhorleathana acu, agus an cumas bainte amach acu chun coinníollacha agus téarmaí tráchtála a leagan síos go héasca ar bhealach aontaobhach a dhéanann dochar dá n‑úsáideoirí gnó agus dá n‑úsáideoirí deiridh. Dá réir sin, ní gá díriú ach amháin ar na seirbhísí digiteacha sin is mó a mbaineann úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh feidhm astu agus i gcás, bunaithe ar chúinsí reatha an mhargaidh, go bhfuil imní faoi iniomaíocht lag agus cleachtais éagóracha ag geatóirí níos soiléire agus níos práinní ó thaobh an mhargaidh inmheánaigh de.
(13)Go sonrach, tá sé de chumas ag seirbhísí idirghabhála ar líne, innill chuardaigh ar líne, córais oibriúcháin, líonrú sóisialta ar líne, seirbhísí ardáin um chomhroinnt físeán, seirbhísí cumarsáide leictreonaí idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir, seirbhísí néalríomhaireachta agus seirbhísí fógraíochta ar líne, éifeacht a bheith acu go léir ar líon mór úsáideoirí deiridh agus gnólachtaí araon, agus dá réir sin tá an baol ann go mbeadh feidhm á baint as cleachtais ghnó atá éagórach. Dá bhrí sin, ba cheart iad a chur ar áireamh sa sainmhíniú ar chroísheirbhísí ardáin agus ba cheart dóibh teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo. D’fhéadfadh sé go mbeadh seirbhísí idirghabhála ar líne gníomhach freisin i réimse na seirbhísí airgeadais, agus d’fhéadfadh sé go ndéanfaidís idirghabháil nó go n‑úsáidfí iad chun seirbhísí den sórt sin a sholáthar, ar seirbhísí iad a liostaítear go neamh‑uileghabhálach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. In imthosca áirithe, ba cheart úsáideoirí a meastar go traidisiúnta gur úsáideoirí gnó iad ach i gcás ar leith nach n‑úsáideann siad na croísheirbhísí ardáin chun earraí nó seirbhísí a sholáthar d’úsáideoirí deiridh eile amhail, mar shampla, gnólachtaí a bhraitheann ar sheirbhísí néalríomhaireachta chun a gcríoch féin, a chuimsiú i gcoincheap na n‑úsáideoirí deiridh.
(14)D’fhéadfadh sé go mbeadh líon seirbhísí coimhdeacha eile, amhail seirbhísí sainaitheanta nó íocaíochta agus seirbhísí teicniúla a thacaíonn le soláthar seirbhísí íocaíochta á soláthar ag geatóirí in éineacht lena gcroísheirbhísí ardáin. De bhrí gur minic a sholáthraíonn geatóirí punann a gcuid seirbhísí mar chuid d’éiceachóras comhtháite nach bhfuil rochtain ag soláthraithe tríú páirtí na seirbhísí coimhdeacha sin air, faoi réir coinníollacha comhionanna ar aon nós, agus go bhféadann siad an rochtain ar an gcroísheirbhís ardáin a nascadh le seirbhís choimhdeach amháin nó níos mó a ghlacadh, is é is dóchúla go mbeidh cumas agus spreagadh níos mó ag geatóirí a gcumhacht mar gheatóirí a ghiaráil óna gcroísheirbhísí ardáin go dtí na seirbhísí coimhdeacha sin, rud a laghdaíonn an rogha agus an iniomaíocht a bhaineann leis na seirbhísí sin.
(15)Má cháilíonn seirbhís dhigiteach mar chroísheirbhís ardáin i bhfianaise úsáid fhorleathan agus choitianta a bheith á baint aisti agus na tábhachta a bhaineann léi chun úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh a nascadh le chéile, ní chiallaíonn sé sin, ann féin, go bhfuil díol imní ann atá sách tromchúiseach i dtaca le hiniomaíocht agus cleachtais éagóracha. Ní thagann imní mar sin chun cinn ach amháin i gcás inarb ionann an chroísheirbhís ardáin agus tairseach thábhachtach agus ina bhfuil sí á feidhmiú ag soláthraí a imríonn tionchar mór ar an margadh inmheánach agus atá i suíomh daingnithe buanseasmhach, nó ag soláthraí a bhfuil sé intuartha go mbeidh suíomh den sórt sin aige go luath. Dá réir sin, níor cheart feidhm a bheith ag an tacar spriocdhírithe rialacha comhoiriúnaithe a leagtar síos sa Rialachán seo ach amháin maidir le gnóthais a ainmníodh ar bhonn na dtrí chritéar oibiachtúil seo, agus níor cheart feidhm a bheith acu ach amháin maidir leis na croísheirbhísí ardáin dá gcuid arb ionann iad astu féin agus tairseach thábhachtach d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh.
(16)Chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo maidir le soláthraithe croísheirbhísí ardáin arb iad is dóichí a shásóidh na ceanglais oibiachtúla sin, agus ina bhfuil an t‑iompar éagórach a lagaíonn iniomaíocht is suntasaí agus is mó tionchar, ba cheart don Choimisiún bheith in ann na soláthraithe gcroísheirbhísí ardáin sin a shásaíonn tairseacha cainníochtúla áirithe a ainmniú go díreach mar gheatóirí. Ba cheart gnóthais den sórt sin a bheith faoi réir próiseas tapa ainmnithe ar aon nós tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
(17)Is comharthaí an‑láidir iad láimhdeachas an‑mhór san Aontas agus croísheirbhís ardáin a bheith á soláthar i dtrí cinn de Bhallstáit ar a laghad go bhfuil tionchar mór ag soláthraí croísheirbhíse ardáin ar an margadh inmheánach. Tá sé sin chomh fíor céanna i gcás ina bhfuil caipitliú margaidh an‑mhór nó margadhluach cothrom comhionann ag soláthraí croísheirbhíse ardáin i dtrí cinn de Bhallstáit ar a laghad. Dá bhrí sin, ba cheart a ghlacadh leis go bhfuil tionchar mór ag soláthraí croísheirbhíse ardáin ar an margadh aonair i gcás ina soláthraíonn sé croísheirbhís ardáin i dtrí cinn de Bhallstáit ar a laghad agus i gcás ina bhfuil an láimhdeachas grúpa dá chuid a réadaíodh in LEE comhionann le tairseach ard shonrach, nó níos mó ná an tairseach sin, nó ina bhfuil caipitliú margaidh an ghrúpa comhionann le dearbhluach ard áirithe, nó níos mó ná an dearbhluach sin. I gcás soláthraithe croísheirbhísí ardáin a bhaineann le gnóthais nach bhfuil liostaithe go poiblí, ba cheart tagairt a dhéanamh don mhargadhluach cothrom comhionann os cionn dearbhluach ard áirithe. Ba cheart don Choimisiún feidhm a bhaint as a chuid cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun modheolaíocht oibiachtúil a fhorbairt chun an luach sin a ríomh. Léiríonn láimhdeachas grúpa ard in LEE in éineacht le tairseach na n‑úsáideoirí croísheirbhísí ardáin san Aontas cumas réasúnta láidir luach airgid a chur ar na húsáideoirí sin. Léiríonn caipitliú margaidh ard i gcomparáid leis an líon tairsí céanna d’úsáideoirí san Aontas cumas réasúnta mór luach airgid a chur ar na húsáideoirí sin go luath. Dá réir sin, léiríonn an cumas luach airgid a chur orthu, i bprionsabal, suíomh tairsí na ngnóthas lena mbaineann. Ina theannta sin, léiríonn an dá tháscaire a n‑acmhainn airgeadais, lena n‑áirítear an cumas atá acu a rochtain ar mhargaí airgeadais a ghiaráil chun a suíomh a dhaingniú. D’fhéadfadh sé sin tarlú, cuir i gcás, nuair a bhaintear feidhm as an rochtain ardleibhéil sin chun gnóthais eile a fháil, ar cumas é a bhfuil sé léirithe ina leith dá réir sin go bhféadfadh sé éifeachtaí diúltacha a bheith aige ar an nuálaíocht. D’fhéadfadh sé freisin go léireodh caipitliú margaidh an suíomh ionchasach sa todhchaí agus éifeacht na soláthraithe lena mbaineann ar an margadh inmheánach, d’ainneoin láimhdeachas reatha a d’fhéadfadh a bheith réasúnta íseal. Féadfar luach an chaipitlithe margaidh a bhunú ar leibhéal a léiríonn meánchaipitliú margaidh na ngnóthas is mó san Aontas, ar gnóthais iad atá liostaithe go poiblí, thar thréimhse iomchuí.
(18)Ba cheart caipitliú margaidh leanúnach an tsoláthraí croísheirbhisí ardáin ar leibhéal atá ag an leibhéal tairsí nó os a chionn ar feadh trí bliana nó níos mó a mheas mar neartú ar an toimhde go bhfuil tionchar mór ag an soláthraí croísheirbhísí ardáin ar an margadh inmheánach.
(19)D’fhéadfadh sé go mbeadh roinnt tosca a bhaineann le caipitliú margaidh a mbeadh measúnú mion ag teastáil ina leith lena chinneadh cé acu ba cheart nó nár cheart a mheas go bhfuil tionchar mór ag soláthraí croísheirbhísí ardáin ar an margadh inmheánach. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh má bhí caipitliú margaidh an tsoláthraí croísheirbhísí ardáin sna blianta airgeadais roimhe sin i bhfad níos ísle ná meán an mhargaidh cothromais, i gcás ina raibh luaineacht a chaipitlithe margaidh thar an tréimhse bhreathnaithe díréireach le luaineacht fhoriomlán an mhargaidh cothromais nó i gcás ina raibh treocht a chaipitlithe margaidh i gcomparáid le treochtaí an mhargaidh ar neamhréir le fás tapa agus aontreoch.
(20)Tugann líon ard úsáideoirí gnó atá spleách ar chroísheirbhís ardáin chun rochtain a fháil ar líon an‑ard úsáideoirí deiridh a bhíonn gníomhach go míosúil deis do sholáthraí na seirbhíse sin tionchar a imirt ar na hoibríochtaí atá ag líon substaintiúil úsáideoirí gnó ar bhealach a dhéanann leas dó féin agus léiríonn sé, i bprionsabal, go bhfeidhmíonn an soláthraí mar thairseach thábhachtach. Ba cheart na leibhéil ábhartha faoi seach do na líonta sin a shocrú agus iad ionadaíoch do chéatadán substainteach de phobal uile an Aontais chomh fada agus a bhaineann sé le húsáideoirí deiridh agus de phobal iomlán na ngnólachtaí a úsáideann ardáin chun an tairseach i gcomhair úsáideoirí gnó a chinneadh.
(21)Tarlaíonn sé go mbíonn suíomh daingnithe buanseasmhach ina chuid oibríochtaí ag soláthraí nó gur féidir a thuar go mbainfidh soláthraí suíomh den sórt sin amach, go háirithe nuair atá teorainn ann le hiniomaíocht shuíomh sholáthraí na croísheirbhíse ardáin. Is é is dóichí gurb é sin an cás má sholáthair an soláthraí croísheirbhís ardáin i dtrí cinn de Bhallstáit ar a laghad do líon an‑ard úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh ar feadh trí bliana ar a laghad.
(22)Féadfaidh forbairtí sa mhargadh agus sa teicneolaíocht tionchar a imirt ar thairseacha den sórt sin. Dá bhrí sin, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an mhodheolaíocht a úsáidfear lena chinneadh an bhfuil nó nach bhfuil na tairseacha cainníochtúla á sásamh a shonrú, agus í a athrú go tráthrialta chun teacht le forbairtí sa mhargadh agus sa teicneolaíocht de réir mar is gá. Tá sé sin ábhartha go háirithe maidir leis an tairseach a thagraíonn do chaipitliú margaidh, ar cheart í a innéacsú ag eatraimh iomchuí.
(23)I gcás soláthraithe croísheirbhísí ardáin, ar soláthraithe iad a shásaíonn na tairseacha cainníochtúla ach ar féidir leo argóintí a bhfuil bunús sách láidir leo a chur i láthair lena léiriú, sna himthosca ina bhfeidhmíonn an chroísheirbhís ardáin ábhartha, nach gcomhlíonann siad na ceanglais oibiachtúla le haghaidh geatóra, níor cheart iad a ainmniú go díreach agus níor cheart iad a ainmniú ach amháin faoi réir tuilleadh imscrúdaithe. Maidir leis an ualach fianaise a sholáthar nár cheart feidhm a bheith ag an toimhde a eascraíonn as tairseacha cainníochtúla a chomhlíonadh maidir le soláthraí, ba cheart an t‑ualach sin a bheith ar an soláthraí lena mbaineann. Sa mheasúnú uaidh, níor cheart don Choimisiún aird a thabhairt ach ar na gnéithe a bhaineann go díreach leis na ceanglais chun geatóir a bhunú, is é sin más tairseach thábhachtach atá ann atá á feidhmiú ag soláthraí ag a bhfuil tionchar mór sa mhargadh inmheánach agus suíomh daingnithe buanseasmhach aige, bíodh sé sin iarbhír nó intuartha. Ba cheart aon bhonn cirt ar fhoras eacnamaíoch ina ndéantar iarracht éifeachtúlachtaí a eascraíonn as iompraíocht de chineál ar leith ag soláthraí na gcroísheirbhísí ardáin a chur i leataobh, mar nach mbaineann sé le hainmniú mar gheatóir. Ba cheart don Choimisiún bheith in ann cinneadh a ghlacadh trína bheith ag brath ar na tairseacha cainníochtúla i gcás ina gcuireann an soláthraí bac mór ar an imscrúdú trí mhainneachtain na bearta imscrúdaithe atá déanta ag an gCoimisiún a chomhlíonadh.
(24)Ba cheart foráil a dhéanamh freisin don mheasúnú ar an ról mar gheatóirí atá ag soláthraithe croísheirbhísí ardáin, ar soláthraithe iad nach sásaíonn na tairseacha cainníochtúla go léir, i bhfianaise na gceanglas oibiachtúil foriomlán go mbeadh tionchar mór acu ar an margadh inmheánach, go mbeidís ag feidhmiú mar thairseach thábhachtach d’úsáideoirí gnó i dtaca le rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh agus go mbeadh leas á bhaint acu as suíomh daingnithe buanseasmhach ina gcuid oibríochtaí nó go bhfuil sé intuartha go mbeidh suíomh den sórt sin acu go luath.
(25)Ní fhéadfar measúnú den sórt sin a dhéanamh ach i bhfianaise imscrúdú margaidh, agus na tairseacha cainníochtúla á gcur san áireamh. Sa mheasúnú uaidh, ba cheart don Choimisiún saothrú a dhéanamh ar na cuspóirí a bhaineann le caomhnú agus cothú a dhéanamh ar an leibhéal nuálaíochta, ar cháilíocht na dtáirgí agus na seirbhísí digiteacha, ar a mhéid atá praghsanna cothrom agus iomaíoch, agus a mhéid atá nó a fhanann cáilíocht nó rogha d’úsáideoirí gnó nó d’úsáideoirí deiridh ard. Féadfar na gnéithe a bhaineann go sonrach le soláthraithe na gcroísheirbhísí ardáin lena mbaineann a chur san áireamh, amhail barainneachtaí scála ollmhóra, éifeachtaí líonra atá an‑láidir, an cumas mórán úsáideoirí gnó a nascadh le mórán úsáideoirí deiridh trí na taobhanna iomadúla a bhaineann leis na seirbhísí sin, éifeachtaí na gceangal trádála, easpa ilfhrithinge nó comhcheangal ingearach. Ina theannta sin, féadann caipitliú margaidh an‑ard, cóimheas an‑ard de luach cothromais os cionn brabúis nó láimhdeachas an‑ard a dhíorthaítear ó úsáideoirí deiridh croísheirbhíse ardáin aonair iompú an mhargaidh nó cumas giarála soláthraithe den sórt sin a léiriú. In éineacht le caipitliú margaidh, tá rátaí ard fáis, nó rátaí fáis atá ag luasmhoilliú a léitear in éineacht le fás ar bhrabúsacht, ina samplaí de pharaiméadair dhinimiciúla atá an‑ábhartha maidir le soláthraithe croísheirbhisí ardáin den sórt sin a shainaithint, ar soláthraithe iad a bhfuil sé intuartha go mbeidh siad daingnithe. Ba cheart don Choimisiún bheith in ann cinneadh a ghlacadh trí thátail dhiúltacha a bhaint as fíorais atá ar fáil i gcás ina gcuireann an soláthraí bac mór ar an imscrúdú trí mhainneachtain na bearta imscrúdaithe atá déanta ag an gCoimisiún a chomhlíonadh.
(26)Ba cheart feidhm a bheith ag fothacar rialacha ar leith maidir leis na soláthraithe croísheirbhísí ardáin sin a bhfuil sé intuartha go mbeidh tairbhe á baint acu as suíomh daingnithe buanseasmhach go luath. De bharr na ngnéithe sonracha céanna a bhaineann le croísheirbhísí ardáin, bíonn sé de chlaonadh acu iompú: a luaithe a fhaigheann soláthraí seirbhíse buntáiste ar leith ar a gcéilí comhraic nó ar iomaitheoirí féideartha maidir le scála nó cumhacht idirghabhála, d’fhéadfadh sé go mbeadh suíomh dochloíte aige agus d’fhéadfadh forbairt teacht ar an gcás ionas gur dócha go mbeadh sé daingnithe agus buanseasmhach go luath. Féadfaidh gnóthais iarracht a dhéanamh an t‑iompú sin a spreagadh agus teacht chun cinn mar gheatóirí trí chuid de na coinníollacha agus de na cleachtais éagóracha atá á rialáil sa Rialachán seo a úsáid. I gcás den sórt sin, is cosúil gurb iomchuí idirghabháil a dhéanamh sula n‑iompóidh an margadh go buan.
(27)Ba cheart, áfach, idirghabháil luath den sórt sin a theorannú d’fhorchur a dhéanamh ar na hoibleagáidí atá riachtanach agus iomchuí chun a áirithiú go bhfanfaidh na seirbhísí atá i gceist inchoimhlinte agus go mbeifear ábalta an baol áirithe a bhaineann le coinníollacha agus cleachtais éagóracha a sheachaint. Tá oibleagáidí a choisceann an soláthraí croísheirbhísí ardáin lena mbaineann ar shuíomh daingnithe buanseasmhach a bhaint amach ina chuid gníomhaíochtaí, amhail iad siúd a choisceann giaráil éagórach, agus iad siúd a éascaíonn athrú agus ilfhrithing dírithe go sonrach ar an gcríoch seo. Chun comhréireacht a áirithiú, níor cheart, lena chois sin, go gcuirfeadh an Coimisiún i bhfeidhm ón bhfothacar sin d’oibleagáidí, aon oibleagáidí ach amháin iad siúd atá riachtanach agus comhréireach chun cuspóirí an Rialacháin a bhaint amach agus ba cheart dó athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar cé acu ba cheart nó nár cheart oibleagáidí den sórt sin a chothabháil, a chur faoi chois, nó a oiriúnú.
(28)Dá bharr sin, ba cheart don Choimisiún bheith in ann idirghabháil a dhéanamh in am agus go héifeachtach, agus meas iomlán a léiriú an tráth céanna ar chomhréireacht na mbeart a breithníodh. Ba cheart rannpháirtithe iarbhír agus féideartha sa mhargadh a chur ar a suaimhneas freisin maidir le cothroime agus iniomaíocht na seirbhísí lena mbaineann dá bharr sin freisin.
(29)Ba cheart do gheatóirí ainmnithe na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh maidir le gach ceann de na croísheirbhísí ardáin a liostaítear sa chinneadh ainmnithe ábhartha. Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha éigeantacha agus suíomh ilchuideachta na ngeatóirí á chur san áireamh, i gcás inarb infheidhme. Ina theannta sin, ba cheart na bearta cur chun feidhme a fhéadfaidh an Coimisiún a fhorchur ar an ngeatóir i ndiaidh idirphlé rialála a dhearadh ar bhealach éifeachtach, ag féachaint do ghnéithe na gcroísheirbhísí ardáin chomh maith leis na rioscaí seachanta a d’fhéadfadh a bheith ann agus ag comhlíonadh phrionsabal na comhréireachta agus cearta bunúsacha na ngnóthas lena mbaineann chomh maith leo siúd a bhaineann le tríú páirtithe.
(30)Tá sé riachtanach athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar stádas geatóirí de bharr croísheirbhísí ardáin a bheith ag athrú go han‑tapa agus iad a bheith casta ó thaobh na teicneolaíochta de, lena n‑áirítear iad siúd a bhfuil sé intuartha go mbainfidh siad tairbhe as suíomh daingnithe buanseasmhach ina gcuid oibríochtaí go luath. Chun an deimhneacht atá riachtanach i dtaca leis na hoibleagáidí dlíthiúla infheidhme a sholáthar do na rannpháirtithe margaidh go léir, na geatóirí san áireamh, tá gá ann le teorainn ama le haghaidh athbhreithnithe tráthrialta den sórt sin. Tá sé tábhachtach freisin athbhreithnithe den sórt sin a dhéanamh ar bhonn tráthrialta agus gach dhá bhliain ar a laghad.
(31)Chun éifeachtacht an athbhreithnithe ar an stádas geatóra a áirithiú chomh maith leis an bhféidearthacht liosta na gcroísheirbhísí ardáin atá á soláthar ag an ngeatóir a athrú, ba cheart do na geatóirí na soláthraithe croísheirbhísí ardáin eile go léir nó aon seirbhísí eile a sholáthraítear laistigh den earnáil dhigiteach agus a mbeartaíonn siad iad a fháil nó atá faighte acu cheana féin a chur in iúl don Choimisiún. Ba cheart go ndéanfadh faisnéis den chineál sin freastal ní hamháin ar an bpróiseas athbhreithnithe a luaitear thuas, maidir le stádas geatóirí aonair, ach ba cheart go soláthródh sí faisnéis freisin atá fíorthábhachtach chun faireachán a dhéanamh ar threochtaí níos leithne maidir le hiniomaíocht san earnáil dhigiteach agus dá bhrí sin d’fhéadfadh sí a bheith ina toisc úsáideach le cur san áireamh i gcomhthéacs na n‑imscrúduithe margaidh a bheartaítear leis an Rialachán seo.
(32)Chun cothroime agus iniomaíocht na gcroísheirbhísí ardáin a sholáthraíonn geatóirí a choimirciú, is gá foráil a dhéanamh ar bhealach atá soiléir agus gan athbhrí do thacar oibleagáidí comhoiriúnaithe maidir leis na seirbhísí sin. Tá gá ann le rialacha den sórt sin chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol a bhaineann leis na héifeachtaí díobhálacha atá ag na cleachtais éagóracha atá á bhforchur ag geatóirí, ar rialacha iad a rachaidh chun tairbhe don timpeallacht ghnó sna seirbhísí lena mbaineann, chun tairbhe d’úsáideoirí agus i ndeireadh na dála chun tairbhe don tsochaí i gcoitinne. I bhfianaise chineál mearghluaiseachta agus dinimiciúil na margaí digiteacha, agus an chumhacht shubstaintiúil eacnamaíoch atá ag geatóirí, tá sé tábhachtach go gcuirfí na hoibleagáidí sin i bhfeidhm go héifeachtach gan iad a sheachaint. Chuige sin, ba cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí atá i gceist maidir le haon chleachtais ag geatóir, beag beann ar a fhoirm agus beag beann ar é a bheith de chineál conarthach, tráchtála, teicniúil nó de chineál ar bith eile, a mhéid a fhreagraíonn cleachtas don chineál cleachtais arb é is ábhar do cheann d’oibleagáidí an Rialacháin seo.
(33)Tá na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo teoranta don mhéid atá riachtanach agus a bhfuil bonn cirt leis chun aghaidh a thabhairt ar an éagóir a bhaineann leis na cleachtais shainaitheanta ag geatóirí agus chun iniomaíocht a áirithiú maidir leis na croísheirbhísí ardáin a sholáthraíonn geatóirí. Dá bhrí sin, ba cheart do na hoibleagáidí freagairt do na cleachtais sin a meastar iad a bheith éagórach trí ghnéithe na hearnála digití a chur san áireamh agus i gcás ina dtaispeánann taithí a fuarthas, mar shampla, i dtaca le forfheidhmiú rialacha iomaíochta AE, go bhfuil tionchar díreach atá an‑diúltach acu ar úsáideoirí gnó agus ar úsáideoirí deiridh. Ina theannta sin, is gá foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht go mbeadh idirphlé rialála le geatóirí chun na hoibleagáidí sin ar dócha go mbeidh bearta cur chun feidhme ar leith ag teastáil ina leith a shaincheapadh chun a n‑éifeachtacht agus a gcomhréireacht a áirithiú. Níor cheart na hoibleagáidí a thabhairt cothrom le dáta ach amháin i ndiaidh imscrúdú críochnúil a bheith curtha i gcrích ar chineál agus tionchar na gcleachtas ar leith a bhféadfadh sé gur cleachtais iad a sainaithníodh le gairid, i ndiaidh imscrúdú domhain, mar chleachtais atá éagórach nó a chuireann teorainn le hiniomaíocht ar an mbealach céanna leis na cleachtais éagóracha a leagtar síos sa Rialachán seo agus a d’fhéadfadh éalú ó raon feidhme an tacair oibleagáidí reatha.
(34)Mar thoradh ar an teaglaim de na sásraí éagsúla sin chun oibleagáidí a fhorchur agus a oiriúnú, ba cheart a áirithiú nach rachaidh na hoibleagáidí thar chleachtais éagóracha a breathnaíodh, agus an tráth céanna go n‑áiritheofar go bhféadfaidh cleachtais atá nua nó ag forbairt teacht faoi réir idirghabhála i gcás inar gá agus ina bhfuil údar leis sin.
(35)Tá na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar údair imní shainaitheanta i dtaca leis an mbeartas poiblí, i gcás inarb amhlaidh nach bhfuil aon bhearta malartacha ar fáil a bhfuil níos lú srianta ag baint leo agus lena mbainfí amach an toradh céanna go héifeachtach, ag féachaint don ghá atá leis an ord poiblí agus príobháideachas a chosaint agus cleachtais tráchtála atá calaoiseach agus mealltach a chomhrac.
(36)Tugann an próiseas trína ndéantar sonraí úsáideoirí deiridh ó fhoinsí éagsúla a chomhcheangal nó úsáideoirí a shíniú isteach chuig seirbhísí éagsúla geatóirí buntáistí féideartha do gheatóirí maidir le carnadh sonraí, agus dá réir sin ardaítear na bacainní ar iontráil. Chun a áirithiú nach ndéanfaidh geatóirí dochar d’iniomaíocht croísheirbhísí ardáin ar bhealach éagórach, ba cheart dóibh úsáideoirí deiridh a chumasú saor‑rogha a bheith acu a bheith páirteach i gcleachtais ghnó den sórt sin trí rogha mhalartach eile nach bhfuil chomh pearsantaithe sin a thairiscint dóibh. Ba cheart go gcumhdódh an fhéidearthacht sin gach foinse sonraí pearsanta a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n‑áirítear seirbhísí an gheatóra féin, chomh maith le suíomhanna gréasáin tríú páirtí, agus ba cheart iad a chur i láthair an úsáideora deiridh go réamhghníomhach agus ar bhealach atá follasach, soiléir agus simplí.
(37)Mar gheall ar an suíomh atá acu, d’fhéadfadh geatóirí, i gcásanna áirithe, srian a chur leis an gcumas a bheadh ag úsáideoirí gnó a bhaineann feidhm as a seirbhísí idirghabhála ar líne, a gcuid earraí nó a gcuid seirbhísí a thairiscint d’úsáideoirí deiridh faoi choinníollacha níos fabhraí, lena n‑áirítear ó thaobh an phraghais de, trí sheirbhísí idirghabhála eile ar líne. Bíonn éifeacht dhíspreagthach ag srianta den sórt sin ar úsáideoirí gnó na ngeatóirí maidir le seirbhísí idirghabhála ar líne malartacha a úsáid, rud a shrianann iniomaíocht idir ardáin, agus dá réir sin a chuireann srian leis an rogha de bhealaí malartacha idirghabhála ar líne le haghaidh úsáideoirí deiridh. Lena áirithiú go mbeidh sé de shaoirse ag úsáideoirí gnó sheirbhísí idirghabhála ar líne na ngeatóirí seirbhísí malartacha idirghabhála ar líne a roghnú agus na coinníollacha faoina dtairgeann siad a gcuid earraí nó a gcuid seirbhísí dá n‑úsáideoirí deiridh a idirdhealú, níor cheart glacadh leis go gcuirfeadh geatóirí srian leis an rogha a bheadh ag úsáideoirí gnó coinníollacha tráchtála a idirdhealú, lena n‑áirítear ar phraghas. Ba cheart feidhm a bheith ag srian den sórt sin maidir le haon bheart a bhfuil éifeacht choibhéiseach aige, amhail rátaí coimisiúin méadaithe nó tairiscintí úsáideoirí gnó a dhíliostú.
(38)Chun nach ndéanfar a spleáchas ar chroísheirbhísí ardáin na ngeatóirí a threisiú tuilleadh, ba cheart d’úsáideoirí gnó na ngeatóirí sin an tsaoirse a bheith acu chun an bealach dáileacháin is iomchuí, dar leo, chun idirghníomhú le húsáideoirí deiridh ar bith atá faighte ag na húsáideoirí gnó sin trí chroísheirbhísí ardáin a sholáthair an geatóir, a chur chun cinn. Os a choinne sin, ba cheart d’úsáideoirí deiridh an tsaoirse a bheith acu freisin chun tairiscintí ó úsáideoirí gnó den sórt sin a roghnú agus conarthaí a dhéanamh leo, bíodh sin trí chroísheirbhísí ardáin an gheatóra, más infheidhme, nó ó bhealach díreach dáileacháin de chuid an úsáideora gnó nó ó bhealach indíreach dáileacháin eile a d’fhéadfadh úsáideoir gnó den sórt sin a úsáid. Ba cheart feidhm a bheith aige sin maidir le tairiscintí a chur chun cinn agus conarthaí a thabhairt i gcrích idir úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh. Ina theannta sin, níor cheart dochar a dhéanamh don chumas a bheadh ag úsáideoirí deiridh ábhar, síntiúis, gnéithe nó míreanna eile a fháil lasmuigh de chroísheirbhísí ardáin an gheatóra ná srian a chur leis an gcumas sin. Go sonrach, níor cheart do gheatóirí rochtain úsáideoirí deiridh ar sheirbhísí den sórt sin nó úsáid na seirbhísí sin ag úsáideoirí deiridh a shrianadh trí fheidhmchlár bogearraí a ritheann ar a gcroísheirbhís ardáin. Mar shampla, níor cheart cosc a chur ar shíntiúsóirí ábhair ar líne a ceannaíodh lasmuigh d’fheidhmchlár bogearraí a íoslódáladh nó a ceannaíodh ó shiopa feidhmchlár bogearraí rochtain a fháil ar ábhar den sórt sin ar líne ar fheidhmchlár bogearraí ar chroísheirbhís ardáin an gheatóra, agus gan de chúis leis ach gur ceannaíodh é lasmuigh d’fheidhmchlár bogearraí nó de shiopa feidhmchlár bogearraí den sórt sin.
(39)Chun timpeallacht tráchtála atá cothrom a chosaint agus chun iniomaíocht na hearnála digití a chosaint, tá sé tábhachtach cosaint a thabhairt don cheart atá ag úsáideoirí gnó imní a léiriú d’aon údaráis riaracháin nó d’aon údaráis phoiblí eile is iomchuí maidir le hiompraíocht éagórach ag geatóirí. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh úsáideoirí gnó ag iarraidh gearán a dhéanamh faoi chineálacha éagsúla cleachtas gnó, amhail coinníollacha rochtana atá idirdhealaitheach, cuntais úsáideoirí gnó a dhúnadh gan údar nó forais dhoiléire le haghaidh díliostú táirgí. Dá bhrí sin, ba cheart toirmeasc a chur ar aon chleachtas a bhacfadh, ar bhealach ar bith, an fhéidearthacht imní a léiriú nó an cúiteamh atá ar fáil a lorg, mar shampla, trí bhíthin clásail rúndachta i gcomhaontuithe nó téarmaí eile i scríbhinn. Ba cheart é sin a bheith gan dochar don cheart a bheadh ag úsáideoirí gnó agus ag geatóirí téarmaí úsáide a leagan síos ina gcuid comhaontuithe, lena n‑áirítear úsáid a bhaint as sásraí dleathacha chun gearáin a láimhseáil, agus chomh maith leis sin aon úsáid a bhaint as sásraí malartacha um réiteach díospóidí nó as dlínse cúirteanna ar leith i gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta faoi seach. Ba cheart, dá bhrí sin, é sin a bheith gan dochar freisin don ról atá ag geatóirí sa chomhrac in aghaidh ábhar neamhdhleathach ar líne.
(40)Tá seirbhísí um shainaithint thar a bheith tábhachtach d’úsáideoirí gnó maidir lena ngnó a sheoladh, mar go gcumasaíonn siad sin dóibh seirbhísí a bharrfheabhsú, a mhéid a cheadaítear faoi Rialachán (AE) 2016/679 agus faoi Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ach chomh maith leis sin iontaoibh a chur in idirbhearta ar líne i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. Dá bhrí sin, níor cheart do gheatóirí a suíomh mar sholáthraithe croísheirbhísí ardáin a úsáid chun a éileamh go gcuirfeadh na húsáideoirí gnó atá spleách orthu aon seirbhísí um shainaithint atá á soláthar ag an ngeatóir féin ar áireamh mar chuid de na seirbhísí nó de na táirgí a sholáthraíonn na húsáideoirí gnó sin dá n‑úsáideoirí deiridh, i gcás ina bhfuil seirbhísí eile um shainaithint ar fáil d’úsáideoirí gnó den sórt sin.
(41)Níor cheart do gheatóirí srian a chur le saor‑rogha úsáideoirí deiridh trí chosc teicniúil a chur orthu athrú idir feidhmchláir bogearraí agus seirbhísí éagsúla nó liostáil leo. Dá bhrí sin, ba cheart do gheatóirí saor‑rogha a áirithiú beag beann ar aon chrua‑earraí trína bhfaightear rochtain ar fheidhmchláir bogearraí nó ar sheirbhísí den sórt sin a bheith á monarú acu féin agus níor cheart dóibh bacainní teicniúla bréagacha a chur in airde ionas go mbeadh athrú dodhéanta nó neamhéifeachtach. Mura mbeadh i gceist ach táirge nó seirbhís ar leith a thairiscint d’úsáideoirí deiridh, lena n‑áirítear trí réamhshuiteáil, chomh maith leis an tairiscint d’úsáideoirí deiridh a fheabhsú, amhail praghsanna nó cáilíocht níos fearr, ní bac ar athrú a bheadh ansin ann féin.
(42)Is minic na coinníollacha faoina ndéanann geatóirí seirbhísí fógraíochta ar líne a thairiscint d’úsáideoirí gnó, lena n‑áirítear lucht fógraíochta agus foilsitheoirí, a bheith neamh‑thrédhearcach agus doiléir. Baineann cuid den doiléire sin leis na cleachtais atá ag roinnt de na hardáin, ach baineann cuid di freisin leis an gcastacht as cuimse a bhaineann le fógraíocht trí mheán clár ríomhaireachta sa lá atá inniu ann. Meastar gur éirigh an earnáil níos neamh‑thrédhearcaí nuair a tugadh isteach reachtaíocht nua maidir le príobháideachas, ach táthar ag súil go mbeidh sí níos doiléire fós nuair a bhainfear fianáin tríú páirtí faoi mar a fógraíodh. Mar thoradh air sin, is minic nach mbíonn dóthain faisnéise agus eolais ag lucht fógraíochta agus ag foilsitheoirí faoi na coinníollacha a bhaineann leis na seirbhísí fógraíochta a cheannaigh siad agus déanann sé dochar don chumas atá acu athrú chuig soláthraithe eile a sholáthraíonn seirbhísí fógraíochta ar líne. Ina theannta sin, is é is dóichí go mbeidh na costais a bhaineann le fógraíocht ar líne níos airde ná mar a bheidís i dtimpeallacht ardáin a bheadh níos cothroime, níos trédhearcaí agus níos inchoimhlinte. Is é is dóichí go léireofar na costais mhéadaithe sin sa phraghas a íocann úsáideoirí deiridh as mórán táirgí agus seirbhísí laethúla atá ag brath ar úsáid fógraíochta ar líne. Dá bhrí sin, ba cheart d’oibleagáidí trédhearcachta cur de cheangal ar gheatóirí faisnéis a sholáthar do lucht fógraíochta agus d’fhoilsitheoirí a soláthraíonn siad seirbhísí fógraíochta dóibh nuair a iarrtar sin agus a mhéid agus is féidir, ar faisnéis í lena gcumasaítear don dá thaobh tuiscint a fháil ar an bpraghas atá á íoc ar gach aon cheann de na seirbhísí fógraíochta éagsúla atá á soláthar mar chuid den slabhra luacha fógraíochta ábhartha.
(43)D’fhéadfadh sé, in imthosca áirithe, go mbeadh dhá ról ag geatóir, mar sholáthraí croísheirbhísí ardáin trína soláthraíonn sé croísheirbhís ardáin dá chuid úsáideoirí gnó, agus an tráth céanna é in iomaíocht leis na húsáideoirí gnó céanna sin maidir leis na seirbhísí céanna nó seirbhísí atá cosúil leo a sholáthar do na húsáideoirí deiridh céanna. Sna himthosca sin, d’fhéadfadh sé go mbainfeadh geatóir buntáiste as an dá ról atá aige chun úsáid a bhaint as sonraí, as sonraí iad a gineadh as idirbhearta a chuir a chuid úsáideoirí gnó i gcrích ar an gcroí‑ardán, chun críche a chuid seirbhísí féin, a thairgeann seirbhísí den chineál céanna leo siúd atá ag a chuid úsáideoirí gnó. D’fhéadfadh sé gur mar sin a bheadh an cás, mar shampla, nuair a sholáthraíonn geatóir margadh ar líne nó siopa feidhmchlár d’úsáideoirí gnó agus, an tráth céanna, a thairgeann seirbhísí mar mhiondíoltóir ar líne nó mar sholáthraí feidhmchlár in aghaidh na n‑úsáideoirí gnó sin. Chun cosc a chur ar gheatóirí buntáiste éagórach a bhaint as an dá ról sin, ba cheart a áirithiú go staonfaidís ó aon sonraí comhiomlánaithe nó neamh‑chomhiomlánaithe a úsáid, a bhféadfadh sonraí anaithnidithe agus sonraí pearsanta a bheith san áireamh iontu, ar sonraí iad nach bhfuil ar fáil go poiblí, chun seirbhísí a thairiscint atá ar aon dul leis na seirbhísí atá á dtairiscint ag a n‑úsáideoirí gnó. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an oibleagáid sin maidir leis an ngeatóir ina iomláine, a áiríonn ach nach bhfuil teoranta don aonad gnó dá chuid atá in iomaíocht le húsáideoirí gnó a chroísheirbhísí ardáin.
(44)Chomh maith leis sin, féadfaidh úsáideoirí gnó fógraíochta a cheannach ó sholáthraí croísheirbhísí ardáin ar mhaithe le hearraí agus seirbhísí a sholáthar d’úsáideoirí deiridh. Sa chás sin, d’fhéadfadh sé tarlú nach ndéantar na sonraí a ghiniúint ar an gcroísheirbhís ardáin, ach go soláthraíonn an t‑úsáideoir gnó iad don chroísheirbhís ardáin nó go ngintear iad bunaithe ar a chuid oibríochtaí tríd an gcroísheirbhís ardáin lena mbaineann. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh dhá ról a bheith ag an gcroísheirbhís ardáin sin a bhfuil fógraíocht á soláthar aici, mar idirghabhálaí agus mar sholáthraí seirbhísí fógraíochta. Dá réir sin, ba cheart feidhm a bheith freisin ag an oibleagáid lena gcuirtear cosc ar gheatóir a bhfuil dhá ról aige sonraí úsáideoirí gnó a úsáid maidir leis na sonraí a fuair croísheirbhís ardáin ó ghnólachtaí chun seirbhísí fógraíochta a bhaineann leis an gcroísheirbhís ardáin sin a sholáthar.
(45)I dtaca le seirbhísí néalríomhaireachta, ba cheart go gcuimseodh an oibleagáid sin sonraí a sholáthraíonn nó a ghineann úsáideoirí gnó an gheatóra i gcomhthéacs na húsáide a bhaineann siad as seirbhís néalríomhaireachta an gheatóra, nó trína siopa feidhmchlár bogearraí lena gcumasaítear d’úsáideoirí deiridh seirbhísí néalríomhaireachta rochtain a fháil ar fheidhmchláir bogearraí. Níor cheart don oibleagáid sin difear a dhéanamh don cheart a bheadh ag geatóirí sonraí comhiomlánaithe a úsáid chun seirbhísí coimhdeacha um anailísíocht sonraí a sholáthar, faoi réir Rialachán 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE a chomhlíonadh chomh maith leis na hoibleagáidí ábhartha sa Rialachán seo maidir le seirbhísí coimhdeacha.
(46)Féadfaidh geatóir bealaí éagsúla a úsáid chun buntáiste a thabhairt dá chuid seirbhísí nó dá chuid táirgí féin ar a chroísheirbhís ardáin, rud a bheadh díobhálach do na seirbhísí céanna nó do sheirbhísí cosúil leo a bhféadfadh na húsáideoirí deiridh iad a fháil trí thríú páirtithe. D’fhéadfadh an méid sin a bheith amhlaidh i gcás ina bhfuil feidhmchláir bogearraí áirithe réamhshuiteáilte ag geatóir. Chun rogha an úsáideora deiridh a chumasú, níor cheart do gheatóirí cosc a chur ar úsáideoirí deiridh aon fheidhmchláir bogearraí atá réamhshuiteáilte ar a gcroísheirbhís ardáin a dhíshuiteáil agus ar an mbealach sin buntáiste a thabhairt dá gcuid feidhmchlár bogearraí féin.
(47)In imthosca áirithe, d’fhéadfadh na rialacha a leagann geatóirí síos chun feidhmchláir bogearraí a dháileadh srian a chur le cumas úsáideoirí deiridh feidhmchláir bogearraí nó siopaí feidhmchlár bhogearraí ó thríú páirtithe a shuiteáil agus a úsáid go héifeachtach ar chórais oibriúcháin nó ar chrua‑earraí an gheatóra ábhartha agus srian a chur le cumas úsáideoirí deiridh rochtain a fháil ar na feidhmchláir bogearraí nó ar na siopaí feidhmchlár bogearraí sin lasmuigh de chroísheirbhís ardáin an gheatóra sin. D’fhéadfadh srianta den sórt sin srian a chur le cumas forbróirí feidhmchlár bogearraí bealaí dáileacháin malartacha a úsáid le cumas úsáideoirí deiridh rogha a dhéanamh idir feidhmchláir bogearraí éagsúla ó bhealaí dáileacháin éagsúla agus ba cheart iad a chosc mar shrianta atá éagórach agus a mbeadh sé de chlaonadh acu iniomaíocht croísheirbhísí ardáin a lagú. Chun a áirithiú nach gcuirfidh feidhmchláir bogearraí nó siopaí feidhmchlár bogearraí ó thríú páirtithe sláine na gcrua‑earraí nó an chórais oibriúcháin a sholáthraíonn an geatóir i mbaol, féadfaidh an geatóir lena mbaineann bearta teicniúla nó conarthacha comhréireacha a chur i bhfeidhm chun an sprioc sin a bhaint amach má léiríonn an geatóir go bhfuil bearta den sórt sin riachtanach agus go bhfuil bonn cirt leo agus nach bhfuil aon bhealaí eile ar fáil a bhfuil níos lú srianta ag baint leo chun sláine na mbogearraí nó an chórais oibriúcháin a chosaint.
(48)Is minic a bhíonn geatóirí comhtháite go hingearach agus tairgeann siad táirgí agus seirbhísí áirithe d’úsáideoirí deiridh trína gcuid croísheirbhísí ardáin féin, nó trí úsáideoir gnó a bhfuil rialú acu air agus is minic a tharlaíonn coimhlintí leasa mar thoradh air sin. D’fhéadfadh cás ina dtairgeann geatóir a sheirbhísí idirghabhála ar líne féin trí inneall cuardaigh ar líne a bheith ar áireamh ansin. Nuair a bhíonn na táirgí nó na seirbhísí sin á dtairiscint aige ar an gcroísheirbhís ardáin, féadann geatóirí ionad níos fearr a chur i leataobh dá dtairiscint féin, maidir le rangú, le hais táirgí tríú páirtithe atá ag feidhmiú ar an gcroísheirbhís ardáin sin. Féadann sé sin tarlú, mar shampla i gcás táirgí nó seirbhísí, lena n‑áirítear croísheirbhísí ardáin eile, a rangaítear sna torthaí a chuireann innill chuardaigh ar líne in iúl, nó atá leabaithe go páirteach nó go hiomlán i dtorthaí inneall cuardaigh ar líne, grúpaí torthaí atá speisialaithe i dtopaic ar leith, atá á dtaispeáint in éineacht le torthaí innill chuardaigh ar líne, a ndéanann úsáideoirí deiridh áirithe iad a mheas nó a úsáid mar sheirbhís atá ar leithligh ón inneall cuardaigh ar líne nó sa bhreis air. I measc cásanna eile tá siad siúd a bhaineann le feidhmchláir bogearraí a bheith á ndáileadh trí siopaí feidhmchlár bogearraí, nó táirgí nó seirbhísí a dtugtar áit shuntasach dóibh agus a ndéantar iad a thaispeáint i bhfotha nuachta líonra shóisialta, nó táirgí nó seirbhísí a bheith á rangú i dtorthaí cuardaigh nó á dtaispeáint ar mhargadh ar líne. Sna himthosca sin, tá dhá ról ag an ngeatóir, mar idirghabhálaí do sholáthraithe tríú páirtí agus mar sholáthraí díreach i dtaca le táirgí nó seirbhísí an gheatóra. Mar thoradh air sin, tá sé de chumas ag geatóirí an bonn a bhaint go díreach ó iniomaíocht na dtáirgí nó na seirbhísí seo ar na croísheirbhísí ardáin sin, rud a bheadh díobhálach d’úsáideoirí gnó nach bhfuil faoi smacht an gheatóra.
(49)I gcásanna den sórt sin, níor cheart don gheatóir gabháil do rangú difreáilte nó fabhrach ar an gcroísheirbhís ardáin, cibé acu trí mhodhanna dlíthiúla, tráchtála nó teicniúla, ar son táirgí nó seirbhísí atá á dtairiscint aige féin nó ag úsáideoir gnó atá faoina rialú. Chun a áirithiú go mbeidh an oibleagáid sin éifeachtach, ba cheart a áirithiú freisin go bhfuil na coinníollacha a bhaineann le rangú den sórt sin cothrom i gcoitinne. Ba cheart go gcumhdódh rangú sa chomhthéacs sin gach sórt suntasachta coibhneasta, lena n‑áirítear torthaí taispeána, rátála, nasctha agus gutha. Chun a áirithiú go mbeidh an oibleagáid sin éifeachtach agus nach bhféadfar í a sheachaint, ba cheart feidhm a bheith aici freisin maidir le beart ar bith a bhféadfadh éifeacht a bheith aici atá coibhéiseach leis an mbealach a dhéantar rangú ar bhealach atá difreáilte nó fabhrach. Ba cheart cur chun feidhme agus forfheidhmiú na hoibleagáide sin a éascú leis na treoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/1150 freisin.
(50)Níor cheart do gheatóirí srian a chur le saor‑rogha úsáideoirí deiridh ná í a chosc trí bhac teicniúil a chur orthu athrú idir feidhmchláir bogearraí agus seirbhísí éagsúla nó liostáil leo. Thabharfadh sé sin do níos mó soláthraithe a gcuid seirbhísí a thairiscint agus dá réir sin rogha níos mó a sholáthar don úsáideoir deiridh i ndeireadh na dála. Ba cheart do gheatóirí saor‑rogha a áirithiú beag beann ar aon chrua‑earraí trína bhfaightear rochtain ar fheidhmchláir bogearraí nó ar sheirbhísí den sórt sin a bheith á monarú acu féin agus ní chuirfidh siad bacainní teicniúla bréagacha in airde ionas go mbeidh athrú dodhéanta nó neamhéifeachtach. Mura mbeadh i gceist ach táirge nó seirbhís ar leith a thairiscint do thomhaltóirí, lena n‑áirítear trí réamhshuiteáil, chomh maith leis an tairiscint d’úsáideoirí deiridh a fheabhsú, amhail laghdú ar phraghsanna nó cáilíocht níos fearr, níor cheart a mheas gur bac ar athrú a bheadh ansin ann féin.
(51)Féadann geatóirí bac a chur ar an gcumas atá ag úsáideoirí deiridh rochtain a fháil ar ábhar agus ar sheirbhísí ar líne, lena n‑áirítear feidhmchláir bogearraí. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha a bhunú chun a áirithiú nach gcuireann iompar geatóirí as do na cearta atá ag úsáideoirí deiridh rochtain a fháil ar idirlíon oscailte. Chomh maith leis sin, féadann geatóirí teorainn theicniúil a chur le cumas úsáideoirí deiridh athrú go héifeachtach idir soláthraithe éagsúla a sholáthraíonn rochtain ar an Idirlíon, go háirithe tríd an rialú atá acu ar chórais oibriúcháin agus ar chrua‑earraí. Cuireann sé sin an chothroime iomaíochta le haghaidh seirbhísí um rochtain ar an Idirlíon as riocht agus i ndeireadh na dála déanann sé dochar d’úsáideoirí deiridh. Dá bhrí sin, ba cheart a áirithiú nach ndéanfaidh geatóirí srianadh rómhór ar úsáideoirí deiridh agus a soláthraí seirbhíse um rochtain ar an Idirlíon á roghnú acu.
(52)D’fhéadfadh sé freisin go mbeadh dhá ról ag geatóirí mar fhorbróirí córas oibriúcháin agus mar mhonaróirí gléasanna, lena n‑áirítear aon fheidhmiúlacht theicniúil a d’fhéadfadh a bheith ag gléas den sórt sin. Mar shampla, d’fhéadfadh geatóir ar monaróir gléasanna é rochtain ar chuid d’fheidhmiúlachtaí an ghléis a shrianadh, amhail teicneolaíocht chumarsáide neasréimse agus na bogearraí a úsáidtear chun an teicneolaíocht sin a oibriú, ar feidhmiúlachtaí iad a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun soláthar éifeachtach a dhéanamh ar sheirbhís choimhdeach ag an ngeatóir nó ag aon tríú páirtí a d’fhéadfadh seirbhís choimhdeach den sórt sin a sholáthar. D’fhéadfadh rochtain den sórt sin a bheith ag teastáil chomh maith céanna ar fheidhmchláir bogearraí a bhaineann leis na seirbhísí coimhdeacha ábhartha chun feidhmiúlachtaí den chineál céanna agus a thairgeann geatóirí a sholáthar go héifeachtach. Má úsáidtear dhá ról den sórt sin ar bhealach a chuireann cosc ar sholáthraithe malartacha seirbhísí coimhdeacha nó feidhmchlár bogearraí rochtain a fháil, faoi na coinníollacha céanna, ar an gcóras oibriúcháin, ar na gnéithe crua‑earraí nó bogearraí céanna agus atá ar fáil nó á n‑úsáid agus an geatóir ag soláthar aon seirbhísí coimhdeacha, d’fhéadfadh sé sin dochar mór a dhéanamh do nuálaíocht ag soláthraithe seirbhísí coimhdeacha den sórt sin chomh maith leis an rogha a bheadh le fáil ag úsáideoirí deiridh seirbhísí den sórt sin. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar na geatóirí a áirithiú go mbeadh an rochtain chéanna faoi na coinníollacha céanna ar fáil, agus idir‑inoibritheacht leis an gcóras oibriúcháin céanna, agus leis na gnéithe crua‑earraí nó bogearraí céanna agus atá ar fáil nó atá á n‑úsáid ag an ngeatóir chun aon seirbhísí coimhdeachta a chur ar fáil.
(53)Is minic na coinníollacha faoina ndéanann geatóirí seirbhísí fógraíochta ar líne a thairiscint d’úsáideoirí gnó, lena n‑áirítear lucht fógraíochta agus foilsitheoirí, a bheith neamh‑thrédhearcach agus doiléir. Mar thoradh air sin, is minic nach mbíonn faisnéis ag fógróirí agus ag foilsitheoirí faoin éifeacht atá ag fógra ar leith. Chun tuilleadh feabhais a chur ar chothroime, ar thrédhearcacht agus ar iniomaíocht na seirbhísí fógraíochta arna n‑ainmniú faoin Rialachán seo chomh maith leo siúd atá comhtháite go hiomlán le croísheirbhísí ardáin eile de chuid an tsoláthraí chéanna, ba cheart, dá bhrí sin, go soláthródh na geatóirí ainmnithe rochtain saor in aisce d’fhógróirí agus d’fhoilsitheoirí nuair a iarrtar sin, ar na huirlisí um thomhas feidhmíochta atá ag an ngeatóir agus an fhaisnéis atá ag teastáil ó fhógróirí, ó ghníomhaireachtaí fógraíochta atá ag gníomhú thar ceann cuideachta atá ag déanamh fógraíochta, agus ó fhoilsitheoirí chun a bhfíorú neamhspleách féin a dhéanamh ar sholáthar na seirbhísí fógraíochta ábhartha ar líne.
(54)Baineann geatóirí tairbhe as an rochtain atá acu ar an méid ollmhór sonraí a bhailíonn siad agus na croísheirbhísí ardáin, chomh maith le seirbhísí digiteacha eile, á soláthar acu. Chun a áirithiú nach ndéanfaidh geatóirí dochar d’iniomaíocht croísheirbhísí ardáin agus do chumas nuálaíochta na hearnála digití dinimiciúla trí shrian a chur le cumas úsáideoirí gnó a gcuid sonraí a phortáil go héifeachtach, ba cheart rochtain éifeachtach agus láithreach a thabhairt d’úsáideoirí gnó agus d’úsáideoirí deiridh ar na sonraí a sholáthair siad nó a ghin siad i gcomhthéacs na húsáide a bhain siad as croísheirbhísí ardáin ábhartha an gheatóra, i bhformáid atá struchtúrtha, in úsáid go coitianta agus meaisín‑inléite. Ba cheart feidhm a bheith aige sin freisin maidir le sonraí ar bith eile ar leibhéil éagsúla chomhiomlánaithe a bhféadfadh sé go mbeidís riachtanach chun iniomparthacht den sórt sin a chumasú go héifeachtach. Ba cheart a áirithiú freisin go bhféadfaidh úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh na sonraí sin a phortáil go héifeachtach i bhfíor‑am trí chomhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár ar ardcháilíocht. Ba cheart, dá réir sin, gurb é an toradh a bheadh ar athrú nó ar ilfhrithing a éascú, go mbeadh rogha níos fearr ar fáil d’úsáideoirí gnó agus d’úsáideoirí deiridh agus go spreagfaí geatóirí agus úsáideoirí gnó chun bheith nuálach.
(55)Soláthraíonn agus gineann úsáideoirí gnó a úsáideann croísheirbhísí ardáin móra a sholáthraíonn geatóirí agus na húsáideoirí deiridh atá ag úsáideoirí gnó den sórt sin líon ollmhór sonraí, lena n‑áirítear sonraí atá intuigthe as úsáid den sórt sin. Chun a áirithiú go bhfuil rochtain ag úsáideoirí gnó ar na sonraí ábhartha a ghintear ar an mbealach sin, ba cheart do gheatóirí rochtain gan bhac, saor in aisce, ar shonraí den sórt sin a cheadú, nuair a iarrann siad sin. Ba cheart freisin rochtain den sórt sin a thabhairt do thríú páirtithe atá ar conradh ag an úsáideoir gnó, agus atá ag feidhmiú mar phróiseálaithe na sonraí sin don úsáideoir gnó. D’fhéadfadh sonraí a sholáthraíonn nó a ghineann na húsáideoirí gnó céanna agus úsáideoirí deiridh na n‑úsáideoirí gnó sin i gcomhthéacs seirbhísí eile atá á soláthar ag an ngeatóir céanna a bheith i gceist nuair atá sé sin fite fuaite go dlúth leis an iarraidh ábhartha. Chuige sin, níor cheart do gheatóir aon srianta conarthacha ná aon srianta eile a úsáid chun cosc a chur ar úsáideoirí gnó rochtain a fháil ar shonraí ábhartha agus ba cheart do gheatóir úsáideoirí gnó a chumasú chun toiliú a fháil óna gcuid úsáideoirí deiridh maidir le rochtain a fháil ar shonraí den sórt sin agus iad a aisghabháil, i gcás ina bhfuil toiliú den sórt sin riachtanach faoi Rialachán (AE) 2016/679 agus faoi Threoir 2002/58/CE. Ba cheart do gheatóirí freisin rochtain ar na sonraí sin a éascú i bhfíor‑am trí bhearta teicniúla iomchuí, amhail, mar shampla, comhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár ar ardcháilíocht a chur i bhfeidhm.
(56)Tagann méadú ar an luach a bhaineann le hinnill chuardaigh ar líne dá gcuid úsáideoirí gnó agus dá gcuid úsáideoirí deiridh faoi seach de réir mar a thagann méadú ar líon iomlán na n‑úsáideoirí den sórt sin. Bailíonn agus stórálann soláthraithe inneall cuardaigh ar líne tacair sonraí chomhiomlánaithe ina bhfuil faisnéis faoin ábhar a bhí á chuardach ag úsáideoirí, agus faoin mbealach inar idirghníomhaigh siad leis na torthaí a tugadh dóibh. Bailíonn soláthraithe inneall cuardaigh ar líne na sonraí sin ó chuardaigh a rinneadh ar a seirbhís innill chuardaigh ar líne féin agus, i gcás inarb infheidhme, ó chuardaigh a rinneadh ar ardáin a gcomhpháirtithe tráchtála iartheachtacha. Bac tábhachtach ar iontráil agus ar fhorbairt is ea an rochtain atá ag geatóirí ar shonraí rangaithe, fiosraithe agus cliceála agus amhairc, rud a dhéanann dochar d’iniomaíocht seirbhísí inneall cuardaigh ar líne. Dá bhrí sin, ba cheart oibleagáid a chur ar gheatóirí rochtain a sholáthar, ar théarmaí atá cothrom, réasúnach agus neamh‑idirdhealaitheach, ar na sonraí rangaithe, fiosraithe, cliceála agus amhairc sin i dtaca le cuardach saor in aisce agus íoctha a ghin tomhaltóirí ar sheirbhísí inneall cuardaigh ar líne do sholáthraithe eile a sholáthraíonn seirbhísí den sórt sin, ionas go bhféadfaidh na soláthraithe tríú páirtí sin a gcuid seirbhísí a bharrfheabhsú agus na croísheirbhísí ardáin ábhartha a chonspóid. Ba cheart freisin rochtain den sórt sin a thabhairt do thríú páirtithe atá ar conradh ag soláthraí inneall cuardaigh, agus atá ag feidhmiú mar phróiseálaithe na sonraí seo don inneall cuardaigh sin. Nuair a bhíonn rochtain ar a chuid sonraí cuardaigh á cur ar fáil, ba cheart go ndéanfadh an geatóir cosaint shonraí pearsanta na n‑úsáideoirí deiridh a áirithiú ar bhealaí iomchuí, gan caighdeán ná úsáideacht na sonraí a dhíghrádú go suntasach.
(57)Go háirithe, feidhmíonn geatóirí a sholáthraíonn rochtain ar shiopaí feidhmchlár bogearraí mar thairseach thábhachtach d’úsáideoirí gnó atá ag iarraidh rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh. I bhfianaise na héagothroime maidir le cumhacht mhargaíochta atá idir na geatóirí sin agus úsáideoirí gnó a gcuid siopaí feidhmchlár bogearraí, níor cheart cead a thabhairt do na geatóirí sin coinníollacha ginearálta a fhorchur, lena n‑áirítear coinníollacha praghsála, ar coinníollacha iad a bheadh éagórach nó a mbeadh difreáil gan údar mar thoradh orthu. Ba cheart praghsáil nó coinníollacha ginearálta eile rochtana a mheas a bheith éagórach má eascraíonn éagothroime sna cearta agus sna hoibleagáidí a fhorchuirtear ar úsáideoirí gnó astu nó má thugann siad buntáiste éagórach do gheatóir, ar buntáiste é atá díréireach leis an tseirbhís a sholáthraíonn an geatóir d’úsáideoirí gnó nó má bhíonn úsáideoirí gnó faoi mhíbhuntáiste mar thoradh orthu agus na seirbhísí céanna nó seirbhísí den chineál céanna agus a sholáthraíonn an geatóir nó seirbhísí den chineál céanna á soláthar acu. Féadfar na tagarmharcanna seo a leanas a úsáid mar shlat tomhais chun cothroime coinníollacha ginearálta rochtana a chinneadh: na praghsanna a mhuirearaíonn nó na coinníollacha a fhorchuireann soláthraithe siopaí feidhmchlár bogearraí eile i dtaca leis na seirbhísí céanna nó le seirbhísí den chineál céanna; na praghsanna a mhuirearaíonn nó na coinníollacha a fhorchuireann soláthraí an tsiopa feidhmchlár bogearraí i dtaca le seirbhísí atá éagsúil, gaolmhar nó mar an gcéanna nó i dtaca le cineálacha éagsúla úsáideoirí deiridh; na praghsanna a mhuirearaíonn nó na coinníollacha a fhorchuireann soláthraí an tsiopa feidhmchlár bogearraí i dtaca leis an tseirbhís chéanna i réigiúin gheografacha éagsúla; na praghsanna a mhuirearaíonn nó na coinníollacha a fhorchuireann soláthraí an tsiopa feidhmchlár bogearraí i dtaca leis an tseirbhís chéanna a thairgeann an geatóir dó féin. Níor cheart aon cheart rochtana a bhunú mar thoradh ar an oibleagáid sin agus ba cheart an oibleagáid a bheith gan dochar don chumas atá ag soláthraithe siopaí feidhmchlár bogearraí an fhreagracht riachtanach a ghlacadh sa chomhrac in aghaidh ábhar neamhdhleathach gan iarraidh faoi mar a leagtar amach sa Rialachán [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha].
(58)Chun éifeachtacht na n‑oibleagáidí a leagtar síos leis an Rialachán seo a áirithiú agus, an tráth céanna, deimhin a dhéanamh de go bhfuil na hoibleagáidí sin teoranta don mhéid atá riachtanach chun iniomaíocht a áirithiú agus chun dul i ngleic leis na héifeachtaí díobhálacha a bhaineann le hiompar éagórach geatóirí, tá sé tábhachtach iad a shainiú agus a theorannú go soiléir chun go bhféadfaidh an geatóir iad a chomhlíonadh láithreach, agus urraim iomlán á léiriú do Rialachán (AE) 2016/679 agus do Threoir 2002/58/CE, do chosaint tomhaltóirí, do chibearshlándáil agus do shábháilteacht táirgí. Ba cheart do gheatóirí comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú trí dhearadh. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta atá riachtanach a bheith comhtháite, a mhéid is féidir agus i gcás inarb ábhartha, sa dearadh teicneolaíochta atá in úsáid ag na geatóirí. D’fhéadfadh gurb iomchuí leis an gCoimisiún, áfach, i gcásanna áirithe, i ndiaidh idirphlé leis an ngeatóir lena mbaineann, sonrú breise a dhéanamh ar roinnt de na bearta ba cheart don gheatóir lena mbaineann a ghlacadh chun na hoibleagáidí sin a bhféadfadh sé go ndéanfaí sonrú breise orthu a chomhlíonadh go héifeachtach. Ba cheart go n‑éascódh an fhéidearthacht sin go mbeadh idirphlé rialála ann comhlíonadh ag geatóirí agus go mbrostódh sí comhlíonadh ceart an Rialacháin.
(59)Mar ghné bhreise chun comhréireacht a áirithiú, ba cheart deis a thabhairt do gheatóirí a iarraidh go gcuirfí oibleagáid ar leith ar fionraí, a mhéid is gá, in imthosca eisceachtúla nach bhfuil rialú ag an ngeatóir orthu, amhail, mar shampla, suaitheadh seachtrach gan choinne a dhíothaigh go sealadach cuid mhór den éileamh ar an gcroísheirbhís ardáin ábhartha ó úsáideoirí deiridh, i gcás ina dtaispeánann an geatóir go gcuirfí inmharthanacht eacnamaíoch oibríochtaí an gheatóra lena mbaineann i mbaol san Aontas dá ndéanfaí oibleagáid ar leith a chomhlíonadh.
(60)In imthosca eisceachtúla a bhfuil bonn cirt leo ar na forais theoranta a bhaineann le moráltacht phoiblí, le sláinte phoiblí nó le slándáil phoiblí, ba cheart don Choimisiún bheith in ann a chinneadh nach bhfuil feidhm ag an oibleagáid lena mbaineann maidir le croísheirbhís ardáin ar leith. Má chuirtear as do na cásanna sin ina bhfuil leas an phobail i gceist, féadfar a léiriú go mbeadh an costas ar an tsochaí i gcoitinne a bhainfeadh le hoibleagáid ar leith a fhorfheidhmiú i gcás eisceachtúil ar leith ró‑ard agus díréireach dá réir sin. Tríd an idirphlé rialála chun comhlíonadh a éascú gan ach líon teoranta féidearthachtaí le haghaidh fionraíochta agus díolúine, ba cheart comhréireacht na n‑oibleagáidí sa Rialachán seo a áirithiú gan dochar a dhéanamh do na héifeachtaí ex ante atá beartaithe ar chothroime agus ar iniomaíocht.
(61)Tá leas na n‑úsáideoirí deiridh i dtaca le cosaint sonraí agus príobháideachas ábhartha maidir le haon mheasúnú ar na héifeachtaí diúltacha a bhaineann le cleachtas breathnaithe geatóirí líon mór sonraí a bhailiú ó úsáideoirí deiridh agus iad a charnadh. Trí leibhéal dóthanach trédhearcachta sna cleachtais phróifílithe a úsáideann geatóirí a áirithiú, déantar iniomaíocht croísheirbhísí ardáin a éascú, trí bhrú seachtrach a chur ar gheatóirí chun bac a chur ar chaighdeán tionscail a dhéanamh de phróifíliú domhain tomhaltóirí, ó tharla nach bhféadann iontrálaithe ionchasacha ná soláthraithe nuathionscanta rochtain chomh forleathan céanna, chomh domhain céanna agus ar an scála céanna, a fháil ar shonraí. Ba cheart go dtabharfadh trédhearcacht níos fearr deis do sholáthraithe eile a chuireann croísheirbhísí ardáin ar fáil iad féin a idirdhealú trí úsáid a bhaint as saoráidí níos fearr maidir le príobháideacht a chinntiú. Chun íosleibhéal éifeachtachta a áirithiú i dtaca leis an oibleagáid trédhearcachta sin, ba cheart do gheatóirí cur síos ar an mbunús ar a ndéantar próifíliú a chur ar fáil ar a laghad ar bith, lena n‑áirítear an mbraitear ar shonraí pearsanta agus ar shonraí a dhíorthaítear ó ghníomhaíocht úsáideoirí, an phróiseáil a chuirtear i bhfeidhm, an chríoch dá ndéantar an phróifíl a ullmhú agus a úsáid i ndeireadh na dála, an tionchar atá ag próifíliú den sórt sin ar sheirbhísí an gheatóra, agus na céimeanna a ghlactar chun úsáideoirí deiridh a chumasú ionas go mbeidh siad feasach ar an úsáid ábhartha a bhaineann le próifíliú den sórt sin, agus chun a dtoiliú a lorg.
(62)Chun a áirithiú go mbainfear cuspóirí an Rialacháin seo amach go hiomlán agus go buan, ba cheart don Choimisiún bheith in ann a mheas cé acu ba cheart nó nár cheart soláthraí croísheirbhísí ardáin a ainmniú mar gheatóir gan na tairseacha cainníochtúla a leagtar síos sa Rialachán seo a shásamh; cé acu atá nó nach bhfuil údar ann le leigheasanna breise a fhorchur de bharr neamhchomhlíonadh córasach ag geatóir; cé acu ba cheart nó nár cheart an liosta oibleagáidí ina dtugtar aghaidh ar chleachtais éagóracha ag geatóirí a athbhreithniú agus cé acu ba cheart nó nár cheart cleachtais bhreise atá chomh héagórach céanna agus a chuireann teorainn le hiniomaíocht margaí digiteacha a shainaithint. Ba cheart measúnú den sórt sin a bheith bunaithe ar imscrúduithe margaidh a dhéanfar in achar ama iomchuí, trí nósanna imeachta agus spriocdhátaí soiléire a úsáid, chun tacú le héifeacht ex ante an Rialacháin seo maidir le hiniomaíocht agus cothroime san earnáil dhigiteach, agus an leibhéal riachtanach deimhneachta dlíthiúla a sholáthar.
(63)I ndiaidh imscrúdú margaidh, d’fhéadfaí a shuí go sásaíonn gnóthas a sholáthraíonn croísheirbhís ardáin na critéir cháilíochtúla uileghabhálacha go léir chun go sainaithneofaí mar gheatóir é. Ba cheart dó ansin, i bprionsabal, na hoibleagáidí ábhartha go léir a leagtar síos leis an Rialachán seo a chomhlíonadh. I gcás geatóirí a d’ainmnigh an Coimisiún mar gheatóirí ar dócha go mbeidh tairbhe á bhaint acu as suíomh daingnithe buanseasmhach go luath, níor cheart, áfach, don Choimisiún aon oibleagáidí a fhorchur ach amháin na hoibleagáidí sin atá riachtanach agus iomchuí chun cosc a chur ar an ngeatóir lena mbaineann suíomh daingnithe buanseasmhach a bhaint amach ina chuid oibríochtaí. I dtaca le geatóirí den sórt sin atá ag teacht chun cinn, ba cheart don Choimisiún a chur san áireamh gur stádas sealadach, i bprionsabal, é an stádas sin de réir cineáil, agus dá bhrí sin gur cheart a chinneadh ag am ar leith cé acu ba cheart nó nár cheart soláthraí croísheirbhísí ardáin den sórt sin a chur faoi réir tacar iomlán oibleagáidí geatóra mar go bhfuil suíomh daingnithe buanseasmhach bainte amach aige, nó nach sásaítear coinníollacha le haghaidh ainmniú i ndeireadh na dála, agus dá bhrí sin gur cheart na hoibleagáidí go léir a forchuireadh roimhe sin a tharscaoileadh.
(64)Ba cheart don Choimisiún an bonn cirt atá le leigheasanna iompraíochta nó, i gcás inarb iomchuí, leigheasanna struchtúracha breise, a imscrúdú agus a mheas, chun a áirithiú nach bhféadfaidh an geatóir bac a chur ar chuspóirí an Rialacháin seo trí neamhchomhlíonadh córasach i dtaca le ceann amháin nó roinnt de na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a neamhchomhlíonadh go córasach, agus a shuíomh mar gheatóir á neartú tuilleadh dá bharr sin. Is mar sin a bheadh an cás dá mba rud é go raibh tuilleadh fáis tagtha ar mhéid an gheatóra sa mhargadh, go raibh spleáchas eacnamaíoch úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh ar chroísheirbhísí ardáin an gheatóra méadaithe tuilleadh de réir mar a tháinig tuilleadh fáis ar a líon agus go bhfuil tairbhe á baint ag an ngeatóir as a shuíomh a bheith daingnithe tuilleadh. I gcásanna den sórt sin, mar sin, ba cheart don Choimisiún an chumhacht a bheith aige chun leigheas ar bith a fhorchur, bíodh sé ina leigheas iompraíochta nó ina leigheas struchtúrach, agus aird chuí á tabhairt aige ar phrionsabal na comhréireachta. Níor cheart leigheasanna struchtúracha, amhail scaradh dlíthiúil, feidhmiúil nó struchtúrach, lena n‑áirítear dífheistiú gnólachta, nó codanna de, a fhorchur ach amháin i gcás nach bhfuil aon leigheas iompraíochta atá chomh héifeachtach céanna ar fáil ann nó i gcás ina mbeadh aon leigheas iompraíochta atá chomh héifeachtach céanna níos déine ar an ngnóthas lena mbaineann ná an leigheas struchtúrach. Ní bheadh athruithe ar struchtúr gnóthais faoi mar a bhí sé sular deimhníodh an neamhchomhlíonadh córasach comhréireach ach amháin i gcás ina bhfuil baol mór ann gur as struchtúr an ghnóthais lena mbaineann a thagann an neamhchomhlíonadh córasach.
(65)Féadann na seirbhísí agus na cleachtais i gcroísheirbhísí ardáin agus i margaí ina ndéanann siad sin idirghabháil athrú go tapa agus go mór. Chun a áirithiú go bhfanfaidh an Rialachán seo cothrom le dáta agus go mbeidh sé mar fhreagairt rialála éifeachtach agus iomlánaíoch ar na fadhbanna a chruthaíonn geatóirí, tá sé tábhachtach foráil a dhéanamh d’athbhreithniú tráthrialta ar liostaí na gcroísheirbhísí ardáin agus ar na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Tá sé sin tábhachtach go háirithe chun a áirithiú go ndéanfar iompraíocht a d’fhéadfadh iniomaíocht croísheirbhísí ardáin a theorannú nó iompraíocht atá éagórach a shainaithint. Cé go bhfuil sé tábhachtach athbhreithniú a dhéanamh ar bhonn tráthrialta, ó tharla, i ngeall ar a cineál, go mbíonn an earnáil dhigiteach ag athrú go dinimiciúil, chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú maidir leis na coinníollacha rialála, ba cheart athbhreithnithe ar bith a dhéanamh laistigh d’achar ama atá réasúnach agus iomchuí. Trí imscrúduithe margaidh, ba cheart a áirithiú freisin go bhfuil bunús láidir fianaiseach ag an gCoimisiún ar féidir leis a mheas air ar cheart dó nó nár cheart dó a mholadh go ndéanfaí an Rialachán seo a leasú chun na liostaí de chroísheirbhísí ardáin a leathnú, nó a mhionsonrú tuilleadh. Ba cheart go n‑áiritheoidís chomh maith céanna go bhfuil bunús láidir fianaiseach ag an gCoimsiún ar féidir leis a mheas air ar cheart nó nár cheart dó a mholadh go ndéanfaí na hoibleagáidí a leagtar síos leis an Rialachán seo a leasú nó ar cheart dó gníomh tarmligthe a ghlacadh lena ndéantar oibleagáidí den sórt sin a uasdátú.
(66)I gcás ina dtéann geatóirí i mbun iompraíochta atá éagórach nó a chuireann srian le hiniomaíocht na gcroísheirbhísí ardáin atá ainmnithe cheana féin faoin Rialachán seo ach nach bhfuil an iompraíocht sin cumhdaithe go sonrach leis na hoibleagáidí, ba cheart don Choimisiún bheith in ann an Rialachán seo a thabhairt cothrom le dáta trí ghníomhartha tarmligthe. Ba cheart aon athruithe den sórt sin a dhéantar trí ghníomh tarmligthe a bheith faoi réir an chaighdeáin imscrúdaithe chéanna agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a dhéanamh i ndiaidh imscrúdú margaidh. Ba cheart don Choimisiún caighdeán réamhshainithe a chur i bhfeidhm maidir le hiompraíocht den sórt sin a shainaithint. Tríd an gcaighdeán dlíthiúil sin, ba cheart a áirithiú gur sách intuartha atá an cineál oibleagáidí a bhféadfadh sé go mbeadh ar gheatóirí aghaidh a thabhairt orthu tráth ar bith faoin Rialachán seo.
(67)Más rud é, le linn imeachta maidir le neamhchomhlíonadh nó maidir le himscrúdú ar neamhchomhlíonadh sistéamach, go dtugann geatóir gealltanais don Choimisiún, ba cheart don Choimisiún bheith in ann cinneadh a ghlacadh na gealltanais sin a chur de cheangal ar an ngeatóir lena mbaineann, i gcás ina gcinneann sé go n‑áirithíonn na ceanglais go bhfuil oibleagáidí an Rialacháin seo á gcomhlíonadh go héifeachtach. Ba cheart a shuí sa chinneadh sin freisin nach bhfuil aon fhorais ann a thuilleadh le gníomhaíocht ag an gCoimisiún.
(68)Chun cur chun feidhme éifeachtach agus comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart don Choimisiún cumhachtaí láidre imscrúdaithe agus forfheidhmithe a bheith aige chun go mbeidh ar a chumas na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo a imscrúdú agus a fhorfheidhmiú agus faireachán a dhéanamh orthu, agus a áirithiú an tráth céanna go léireofar meas ar an gceart bunúsach chun éisteacht a fháil agus chun rochtain a fháil ar an gcomhad i gcomhthéacs na n‑imeachtaí forfheidhmithe. Ba cheart don Choimisiún freisin na cumhachtaí imscrúdaithe atá aige a chur de láimh ar mhaithe le himscrúduithe margaidh a chur i gcrích chun an Rialachán seo a thabhairt cothrom le dáta agus a athbhreithniú.
(69)Ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún an fhaisnéis atá riachtanach chun críche an Rialacháin seo a iarraidh, ar fud an Aontais. Go háirithe, ba cheart don Choimisiún rochtain a bheith aige ar dhoiciméid, ar shonraí, ar bhunachar sonraí, ar algartaim agus ar fhaisnéis ábhartha ar bith atá riachtanach chun imscrúduithe a oscailt agus a dhéanamh agus chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na n‑oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, is cuma cé aige a bhfuil seilbh ar na doiciméid, ar na sonraí nó ar an bhfaisnéis atá i gceist, agus beag beann ar a bhfoirm nó ar a bhformáid, ar a meán stórála, nó ar an áit a bhfuil siad stóráilte.
(70)Ba cheart don Choimisiún bheith in ann a iarraidh go díreach go soláthródh gnóthais nó comhlachas gnóthas aon fhianaise, aon sonraí nó aon fhaisnéis atá ábhartha. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún bheith in ann aon fhaisnéis ábhartha a iarraidh ó aon údarás poiblí, ó aon chomhlacht poiblí nó ó aon ghníomhaireacht phoiblí laistigh den Bhallstát, nó ó aon duine nádúrtha nó dlítheanach chun críche an Rialacháin seo. Agus cinneadh ón gCoimisiún á chomhlíonadh acu, tá sé d’oibleagáid ar ghnóthais ceisteanna fíorasacha a fhreagairt agus doiciméid a sholáthar.
(71)Ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún freisin tabhairt faoi imscrúduithe ar an láthair agus daoine ar bith a bhféadfadh faisnéis úsáideach a bheith ina seilbh acu a chur faoi agallamh agus na ráitis a rinneadh a thaifeadadh.
(72)Ba cheart don Choimisiún na gníomhartha riachtanacha a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar chomhlíonadh éifeachtach na n‑oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo. I measc na ngníomhartha sin, ba cheart don Choimisiún bheith in ann saineolaithe neamhspleácha seachtracha, amhail iniúchóirí, a cheapadh chun cabhrú leis an gCoimisiún sa phróiseas sin, lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, saineolaithe ó údaráis neamhspleácha inniúla, amhail údaráis um chosaint sonraí nó um chosaint tomhaltóirí.
(73)Ba cheart comhlíonadh na n‑oibleagáidí a fhorchuirtear faoin Rialachán seo a bheith infhorfheidhmithe trí bhíthin fíneálacha agus íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis. Chuige sin, ba cheart leibhéil iomchuí fíneálacha agus íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a leagan síos freisin i dtaca le neamhchomhlíonadh na n‑oibleagáidí agus le sárú ar na rialacha nós imeachta faoi réir tréimhsí teorann iomchuí. Ba cheart don Chúirt Bhreithiúnais dlínse neamhtheoranta a bheith aici i leith fíneálacha agus íocaíochtaí pionóis.
(74)Chun a áirithiú go ndéanfar fíneálacha a forchuireadh ar chomhlachais ghnóthas i dtaca le sáruithe atá déanta acu a ghnóthú go héifeachtach, is gá go leagfaí síos na coinníollacha faoina bhféadfadh sé go n‑éileodh an Coimisiún go n‑íocfadh baill an chomhlachais an fhíneáil i gcás nach mbeadh an comhlachas leachtach ann.
(75)I gcomhthéacs imeachtaí a chuirtear i gcrích faoin Rialachán seo, ba cheart an ceart a thabhairt do na gnóthais lena mbaineann éisteacht a fháil ón gCoimisiún agus ba cheart na cinntí a dhéantar a phoibliú go forleathan. Agus na cearta i leith dea‑riaracháin chomh maith le cearta cosanta na ngnóthas lena mbaineann á n‑áirithiú, go háirithe an ceart chun rochtain a fháil ar an gcomhad agus an ceart chun éisteacht a fháil, tá sé fíor‑riachtanach go ndéanfaí faisnéis rúnda a chosaint. Ina theannta sin, agus rúndacht na faisnéise á hurramú, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar aon fhaisnéis a bhfuiltear ag brath uirthi chun críche an chinnidh a nochtadh a mhéid a chumasaítear do sheolaí an chinnidh na fíorais agus na breithnithe as ar eascair an cinneadh a thuiscint. Ar deireadh, faoi choinníollacha áirithe, féadfar taifid ghnó áirithe, amhail cumarsáid idir dlíodóirí agus a gcuid cliant, a mheas a bheith rúnda má shásaítear na coinníollacha ábhartha.
(76)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le hAirteagail 3, 6, 12, 13, 15, 16, 17, 20, 22, 23, 25 agus 30, a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(77)Ba cheart freisin don choiste comhairleach a bunaíodh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 tuairimí a thabhairt maidir le cinntí aonair áirithe ón gCoimisiún arna n‑eisiúint faoin Rialachán seo. Chun margaí inchoimhlinte agus cothroma a áirithiú san earnáil dhigiteach ar fud an Aontais in áiteanna a bhfuil geatóirí i láthair, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh. Go háirithe, ba cheart gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i dtaca leis an modheolaíocht a bhaineann leis na tairseacha cainníochtúla chun geatóirí a ainmniú faoin Rialachán seo agus i dtaca leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a thabhairt cothrom le dáta i gcás, bunaithe ar imscrúdú margaidh, inar shainaithin an Coimisiún go bhfuil gá ann leis na hoibleagáidí lena dtugtar aghaidh ar chleachtais a chuireann srian le hiniomaíocht croísheirbhísí ardáin nó atá éagórach a thabhairt cothrom le dáta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile an tráth céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(78)Ba cheart don Choimisiún an Rialachán seo a mheas ó am go ham agus dlúthfhaireachán a dhéanamh ar na héifeachtaí atá aige ar iniomaíocht agus ar chothroime na gcaidreamh tráchtála i ngeilleagar na n‑ardán ar líne, go háirithe d’fhonn an gá a bheadh le leasuithe a chinneadh i bhfianaise forbairtí teicneolaíochta nó tráchtála ábhartha. Mar chuid den mheastóireacht sin, ba cheart athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar liosta na gcroísheirbhísí ardáin chomh maith leis na hoibleagáidí atá dírithe ar gheatóirí agus forfheidhmiú na n‑oibleagáidí sin, d’fhonn a áirithiú go bhfuil margaí digiteacha ar fud an Aontais inchoimhlinte agus cothrom. Chun léargas leathan a fháil ar fhorbairtí san earnáil, ba cheart aird a thabhairt sa mheastóireacht ar eispéiris na mBallstát agus na bpáirtithe leasmhara ábhartha. I dtaca leis sin, d’fhéadfadh an Coimisiún breithniú a dhéanamh freisin ar na tuairimí agus ar na tuarascálacha a chuir an Fhaireachlann do Gheilleagar na nArdán ar Líne faoina bhráid, a bunaíodh den chéad uair le Cinneadh C(2018)2393 ón gCoimisiún an 26 Aibreán 2018. I ndiaidh an mheasúnaithe, ba cheart don Choimisiún bearta iomchuí a ghlacadh. Ba cheart don Choimisiún iarracht a dhéanamh leibhéal ard cosanta agus measa a choinneáil i dtaca le cearta agus luachanna comhchoiteanna AE, go háirithe comhionannas agus neamh‑idirdhealú, mar chuspóir nuair atá measúnuithe agus athbhreithnithe á ndéanamh ar oibleagáidí dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
(79)Is é cuspóir an Rialachán seo earnáil dhigiteach atá inchoimhlinte agus cothrom a áirithiú i gcoitinne agus i gcroísheirbhísí ardáin go háirithe, d’fhonn nuálaíocht, táirgí agus seirbhísí digiteacha ar ardcháilíocht, praghsanna atá cothrom agus iomaíoch, chomh maith le hardcháilíocht agus rogha d’úsáideoirí deiridh san earnáil dhigiteach a chur chun cinn. Ní fhéadfaidh na Ballstáit an méid sin a ghnóthú go leordhóthanach, agus ní fhéadfar é a bhaint amach go hiomlán ach amháin ar leibhéal an Aontais, de bharr shamhail ghnó agus oibríochtaí na ngeatóirí agus scála agus éifeachtaí a gcuid oibríochtaí. Féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
Urramaítear na cearta bunúsacha leis an Rialachán seo agus cloítear ann leis na prionsabail a aithnítear, go háirithe, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagail 16, 47 agus 50 de. Ba cheart, dá réir sin, an Rialachán seo a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm maidir leis na cearta agus na prionsabail sin TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Caibidil I
Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1.Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha comhchuibhithe a dhéanann margaí atá inchoimhlinte agus cothrom a áirithiú san earnáil dhigiteach ar fud an Aontais, aon áit a bhfuil geatóirí i láthair.
2.Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le croísheirbhísí ardáin atá á soláthar ag geatóirí nó ag úsáideoirí gnó atá bunaithe san Aontas nó ag úsáideoirí deiridh atá bunaithe nó lonnaithe san Aontas, beag beann ar áit bhunaithe nó chónaithe na ngeatóirí agus beag beann ar an dlí is infheidhme ar aon chás eile maidir le soláthar na seirbhíse.
3.Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le margaí:
(a)a bhaineann le líonraí cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(b)a bhaineann le seirbhísí cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear i bpointe (4) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1972 seachas iad sin a bhaineann le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta mar a shainmhínítear i bpointe (4)(b) d’Airteagal 2 den Treoir sin.
4.Maidir le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta, tá an Rialachán seo gan dochar do na cumhachtaí agus do na cúraimí a cheadaítear do na húdaráis rialála náisiúnta agus d’údaráis inniúla eile de bhua Airteagal 61 de Threoir (AE) 2018/1972.
5.Ní dhéanfaidh Ballstáit oibleagáidí breise a fhorchur ar gheatóirí le dlíthe, rialacháin, nó gníomhaíocht riaracháin ar mhaithe le margaí inchoimhlinte agus cothroma a áirithiú. Tá sé seo gan dochar do rialacha a bhfuil leasanna dlisteanacha eile an phobail á saothrú acu, i gcomhréir le dlí an Aontais. Go sonrach, níl aon ní sa Rialachán seo a chuireann cosc ar na Ballstáit oibleagáidí a fhorchur, ar oibleagáidí iad atá i gcomhréir le dlí an Aontais, maidir le gnóthais, lena n‑áirítear soláthraithe croísheirbhísí ardáin i gcás nach mbaineann na hoibleagáidí sin le stádas mar gheatóir a bheith ag na gnóthais ábhartha de réir bhrí an Rialacháin seo chun tomhaltóirí a chosaint nó chun gníomhartha iomaíochta éagóraí a chomhrac.
6.Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagail 101 agus 102 CFAE. Tá sé gan dochar freisin do chur i bhfeidhm: na rialacha náisiúnta lena ndéantar comhaontuithe frithiomaíocha, cinntí ag comhlachais ghnóthas, cleachtais chomhbheartaithe agus mí‑úsáid suíomhanna ceannasacha a thoirmeasc; dlíthe náisiúnta iomaíochta lena ndéantar cineálacha eile iompair aontaobhaigh a thoirmeasc a mhéid atá feidhm acu maidir le gnóthais seachas geatóirí nó arb ionann iad agus oibleagáidí breise a fhorchur ar gheatóirí; Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle agus na rialacha náisiúnta a bhaineann le rialú cumasc; Rialachán (AE) 2019/1150 agus Rialachán (AE) ..../..ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
7.Ní ghlacfaidh údaráis náisiúnta cinntí a rachadh in aghaidh cinnidh a ghlac an Coimisiún faoin Rialachán seo. Oibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit i ndlúthchomhar agus i ndlúthchomhordú ina gcuid gníomhaíochtaí forfheidhmithe.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn ‘Geatóir’ soláthraí croísheirbhísí ardáin a ainmnítear de bhun Airteagal 3;
(2)ciallaíonn ‘croísheirbhís ardáin’ ceann ar bith díobh seo a leanas:
(a)seirbhísí idirghabhála ar líne;
(b)innill chuardaigh ar líne;
(c)seirbhísí líonraithe shóisialta ar líne;
(d)seirbhísí ardáin um chomhroinnt físeán;
(e)seirbhísí cumarsáide leictreonaí idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir;
(f)córais oibriúcháin;
(g)seirbhísí néalríomhaireachta;
(h)seirbhísí fógraíochta, lena n‑áirítear aon líonraí fógraíochta, malartáin fógraíochta agus aon seirbhísí idirghabhála fógraíochta eile, arna soláthar ag soláthraí a bhfuil ceann ar bith de na croísheirbhísí ardáin a liostaítear i bpointí (a) go (g) á soláthar aige;
(3)ciallaíonn ‘seirbhís sochaí faisnéise’ seirbhís ar bith de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 1(1) de Threoir (AE) 2015/1535;
(4)ciallaíonn ‘an earnáil dhigiteach’ earnáil na dtáirgí agus na seirbhísí a sholáthraítear trí bhíthin seirbhísí sochaí faisnéise nó tríothu;
(5)ciallaíonn ‘seirbhísí idirghabhála ar líne’ seirbhísí mar a shainmhínítear i bpointe 2 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1150;
(6)ciallaíonn ‘inneall cuardaigh ar líne’ seirbhís dhigiteach mar a shainmhínítear i bpointe 5 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1150;
(7)ciallaíonn ‘seirbhís líonraithe shóisialta ar líne’ ardán a chuireann ar chumas úsáideoirí deiridh nascadh, comhroinnt, fionnachtain agus cumarsáid a dhéanamh le chéile thar ghléasanna iomadúla agus, go sonrach, trí chomhráite, postálacha, físeáin agus moltaí;
(8)ciallaíonn ‘seirbhísí ardáin um chomhroinnt físeán’ seirbhís mar a shainmhínítear i bpointe (aa) d’Airteagal 1(1) de Threoir (AE) 2010/13;
(9)ciallaíonn ‘seirbhísí cumarsáide leictreonaí idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir’ seirbhís mar a shainmhínítear i bpointe 7 d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1972;
(10)ciallaíonn ‘córas oibriúcháin’ bogearraí córais lena rialaítear bunfheidhmeanna na gcrua‑earraí nó na mbogearraí agus lena gcuirtear ar chumas feidhmchláir bogearraí rith air;
(11)ciallaíonn ‘seirbhísí néalríomhaireachta’ seirbhís dhigiteach mar a shainmhínítear i bpointe 19 d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(12)ciallaíonn ‘siopaí feidhmchlár bogearraí’ cineál seirbhísí idirghabhála ar líne atá dírithe ar fheidhmchláir bogearraí mar an táirge nó an tseirbhís atá á n‑idirghabháil;
(13)ciallaíonn ‘feidhmchlár bogearraí’ aon táirge nó seirbhís dhigiteach a ritheann ar chóras oibriúcháin;
(14)ciallaíonn ‘seirbhís choimhdeach’ seirbhísí a sholáthraítear i gcomhthéacs croísheirbhísí ardáin nó in éineacht leo, lena n‑áirítear seirbhísí íocaíochta mar a shainmhínítear i bpointe 3 d’Airteagal 4 agus seirbhísí teicniúla a thacaíonn le soláthar seirbhísí íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 3(j) de Threoir (AE) 2015/2366, seirbhísí maidir le comhlíonadh, sainaithint nó fógraíocht;
(15)ciallaíonn ‘seirbhís um shainaithint’ cineál seirbhíse coimhdí a chumasaíonn aon chineál fíoraithe ar aitheantas úsáideoirí deiridh nó úsáideoirí gnó, beag beann ar an teicneolaíocht a úsáidtear;
(16)ciallaíonn ‘úsáideoir deiridh’ duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar bith a úsáideann croísheirbhísí ardáin seachas úsáideoir gnó;
(17)ciallaíonn ‘úsáideoir gnó’ duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar bith atá ag feidhmiú i gcáil tráchtála nó i gcáil ghairmiúil agus a úsáideann croísheirbhísí ardáin ar mhaithe le hearraí nó seirbhísí a sholáthar d’úsáideoirí deiridh nó le linn earraí nó seirbhísí a sholáthar d’úsáideoirí deiridh;
(18)ciallaíonn ‘rangú’ an tsuntasacht choibhneasta a thugtar d’earraí nó do sheirbhísí a ndéantar iad a thairiscint trí sheirbhísí idirghabhála ar líne nó trí sheirbhísí líonraithe shóisialta ar líne, nó an tábhacht a thugann innill chuardaigh ar líne do thorthaí cuardaigh, de réir mar a dhéanann soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne, nó seirbhísí líonraithe shóisialta ar líne, nó soláthraithe inneall cuardaigh ar líne, faoi seach, iad a léiriú, a eagrú nó a chur in iúl, cibé modh teicneolaíochta a úsáidtear do léiriú, d’eagrú nó do chumarsáid den sórt sin;
(19)ciallaíonn ‘sonraí’ aon léiriú digiteach ar ghníomhartha, ar fhíorais nó ar fhaisnéis agus aon tiomsú de ghníomhartha, d’fhíorais nó d’fhaisnéis den sórt sin, lena n‑áirítear mar thaifeadadh fuaime, amhairc nó closamhairc;
(20)ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ aon fhaisnéis mar a shainmhínítear i bpointe 1 d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679;
(21)ciallaíonn ‘sonraí neamhphearsanta’ sonraí seachas sonraí pearsanta mar a shainmhínítear i bpointe 1 d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679;
(22)ciallaíonn ‘gnóthas’ na fiontair nasctha nó na gnóthais cheangailte go léir atá mar ghrúpa trí fhiontar nó gnóthas a bheith á rialú go díreach nó go hindíreach ag ceann eile agus atá i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch, beag beann ar a stádas dlíthiúil agus ar an mbealach a dhéantar iad a mhaoiniú;
(23)ciallaíonn ‘rialú’ go bhfuil an fhéidearthacht ann tionchar cinntitheach a imirt ar ghnóthas, mar a thuigtear i Rialachán (AE) Uimh. 139/2004.
Caibidil II
Geatóirí
Airteagal 3
Ainmniú geatóirí
1.Déanfar soláthraí croísheirbhísí ardáin a ainmniú mar gheatóir más rud é:
(a)go bhfuil tionchar mór aige ar an margadh inmheánach;
(b)go bhfeidhmíonn sé croísheirbhís ardáin a fheidhmíonn mar thairseach thábhachtach d’úsáideoirí gnó agus d’úsáideoirí deiridh; agus
(c)go mbaineann sé tairbhe as suíomh daingnithe buanseasmhach ina chuid oibríochtaí nó go bhfuil sé intuartha go mbainfidh sé tairbhe as suíomh den sórt sin go luath.
2.Glacfar leis go mbeidh siad seo a leanas á sásamh ag soláthraí croísheirbhísí ardáin:
(a)an ceanglas i mír 1 pointe (a) i gcás ina mbaineann an gnóthas ar leis é láimhdeachas bliantúil LEE atá comhionann le EUR 6.5 billiún nó os a chionn amach sna trí bliana airgeadais seo caite, nó i gcás inarb ionann agus EUR 65 billiún ar a laghad meánchaipitliú margaidh nó margadhluach cothrom comhionann an ghnóthais ar leis é sa bhliain airgeadais seo caite, agus ina soláthraíonn sé croísheirbhís ardáin i dtrí cinn de Bhallstáit ar a laghad;
(b)an ceanglas i mír 1 pointe (b) i gcás ina soláthraíonn sé croísheirbhís ardáin a bhfuil breis agus 45 milliún úsáideoir deiridh gníomhach aige in aghaidh na míosa atá bunaithe nó suite san Aontas agus breis agus 10 000 úsáideoir gnó gníomhach in aghaidh na bliana a bhí bunaithe san Aontas sa bhliain airgeadais seo caite;
chun críche na chéad fhomhíre, tagróidh úsáideoirí deiridh gníomhacha in aghaidh na míosa don mheánlíon úsáideoirí gníomhacha deiridh in aghaidh na míosa sa chuid ba mhó den bhliain airgeadais seo caite;
(c)an ceanglas i mír 1 pointe (c) i gcás inar sásaíodh na tairseacha i bpointe (b) i ngach ceann de na trí bliana airgeadais seo caite.
3.I gcás ina gcomhlíonann soláthraí croísheirbhísí ardáin na tairseacha go léir i mír 2, tabharfaidh sé fógra maidir leis sin don Choimisiún laistigh de thrí mhí i ndiaidh na dtairseach sin a shásamh agus soláthróidh sé an fhaisnéis ábhartha a shainaithnítear i mír 2 dó. Áireofar leis an bhfógra sin an fhaisnéis ábhartha a shainaithnítear i mír 2 i dtaca le gach ceann de chroísheirbhísí ardáin an tsoláthraí a shásaíonn na tairseacha i mír 2 pointe (b). Déanfar an fógra a thabhairt cothrom le dáta aon uair a shásóidh na croísheirbhísí ardáin na tairseacha i mír 2 pointe (b) ar bhonn aonair.
Má mhainníonn soláthraí croísheirbhísí ardáin ábhartha an fhaisnéis riachtanach a fhógairt de bhun na míre seo, ní bheidh cosc ar an gCoimisiún, tráth ar bith, na soláthraithe sin a ainmniú mar gheatóirí de bhun mhír 4.
4.Déanfaidh an Coimisiún, gan aon mhoill mhíchuí agus ar a dhéanaí 60 lá i ndiaidh dó an fhaisnéis iomlán dá dtagraítear i mí 3 a fháil, an soláthraí croísheirbhísí ardáin a shásaíonn na tairseacha go léir i mír 2 a ainmniú mar gheatóir, mura gcuirfidh an soláthraí sin, lena fhógra, argóintí a bhfuil bunús sách láidir leo i láthair chun a léiriú, sna himthosca ina bhfeidhmíonn an chroísheirbhís ardáin ábhartha, agus na gnéithe a liostaítear i mír 6 á gcur san áireamh, nach sásaíonn an soláthraí ceanglais mhír 1.
I gcás ina gcuirfidh an geatóir argóintí den sórt sin a bhfuil bunús sách láidir leo i láthair chun a léiriú nach sásaíonn sé ceanglais mhír 1, cuirfidh an Coimisiún mír 6 i bhfeidhm chun a mheas an bhfuil na critéir i mír 1 á sásamh.
5.Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 chun an mhodheolaíocht lena chinneadh ar sásaíodh na tairseacha cainníochtúla a leagtar síos i mír 2 a shonrú agus chun í a athrú go tráthrialta chun teacht le forbairtí sa mhargadh agus sa teicneolaíocht de réir mar is gá, go sonrach maidir leis an tairseach i mír 2, pointe (a).
6.Féadfaidh an Coimisiún aon soláthraí croísheirbhísí ardáin a shainaithint mar gheatóir, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 15, ar soláthraí é a sásaíonn gach ceann de cheanglais mhír 1, ach nach sásaíonn gach ceann de thairseacha mhír 2, nó a chuir argóintí a raibh bunús sách láidir leo in iúl i gcomhréir le mír 4.
Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún na gnéithe seo a leanas san áireamh:
(a)méid, lena n‑áirítear láimhdeachas agus caipitliú margaidh, oibríochtaí agus suíomh an tsoláthraí croísheirbhísí ardáin;
(b)an líon úsáideoirí gnó atá spleách ar an gcroísheirbhís ardáin chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh agus líon na n‑úsáideoirí deiridh;
(c)bacainní iontrála a dhíorthaítear ó éifeachtaí líonra agus buntáistí sonraíbhunaithe, go háirithe maidir le rochtain an tsoláthraí ar shonraí pearsanta agus neamhphearsanta agus iad a bheith á mbailiú aige nó cumas anailísíochta;
(d)scála agus éifeachtaí raon feidhme a mbaineann an soláthraí tairbhe astu, lena n‑áirítear maidir le sonraí;
(e)ceangail trádála úsáideoirí gnó nó úsáideoirí deiridh;
(f)saintréithe struchtúracha eile a bhaineann leis an margadh.
Agus a mheasúnú á dhéanamh aige, cuirfidh an Coimisiún forbairtí intuartha na ngnéithe sin san áireamh.
I gcás ina mainneoidh soláthraí croísheirbhíse ardáin a shásaíonn tairseacha cainníochtúla mhír 2 na bearta imscrúdaithe arna n‑ordú ag an gCoimisiún a chomhlíonadh ar bhealach mór agus ina leanann an mhainneachtain ar aghaidh i ndiaidh don soláthraí cuireadh a fháil comhlíonadh a dhéanamh laistigh de theorainn ama réasúnach agus tuairimí a chur isteach, beidh an Coimisiún i dteideal an soláthraí sin a ainmniú mar gheatóir.
I gcás ina mainneoidh soláthraí croísheirbhíse ardáin nach sásaíonn tairseacha cainníochtúla mhír 2 na bearta imscrúdaithe arna n‑ordú ag an gCoimisiún a chomhlíonadh ar bhealach mór agus ina leanann an mhainneachtain ar aghaidh i ndiaidh don soláthraí cuireadh a fháil comhlíonadh a dhéanamh laistigh de theorainn ama réasúnach agus tuairimí a chur isteach, beidh an Coimisiún i dteideal an soláthraí sin a ainmniú mar gheatóir bunaithe ar na fíorais atá ar fáil.
7.I gcás gach geatóra a shainaithnítear de bhun mhír 4 nó mhír 6, déanfaidh an Coimisiún an gnóthas ábhartha lena mbaineann sé a shainaithint agus déanfaidh sé liosta de na croísheirbhísí ardáin ábhartha atá á soláthar laistigh den ghnóthas céanna sin agus a fheidhmíonn, ceann ar cheann, mar thairseach thábhachtach d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh dá dtagraítear i mír 1(b).
8.Déanfaidh an geatóir na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6 a chomhlíonadh laistigh de shé seachtaine i ndiaidh croísheirbhís ardáin a chur ar áireamh sa liosta de bhun mhír 7 den Aireagal seo.
Airteagal 4
Athbhreithniú ar stádas geatóirí
1.Féadfaidh an Coimisiún ar iarraidh a fháil nó ar a thionscnamh féin, cinneadh a glacadh de bhun Airteagal 3 a athmheas, a leasú nó a aisghairm tráth ar bith ar cheann de na cúiseanna seo a leanas:
(a)tháinig athrú substaintiúil ar cheann ar bith de na fíorais ar bunaíodh an cinneadh orthu;
(b)bhí an cinneadh bunaithe ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach a sholáthair na gnóthais.
2.Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú tráthrialta, agus gach dhá bhliain ar a laghad, ar cé acu a shásaíonn nó nach sásaíonn na geatóirí ainmnithe na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3(1) go fóill nó ar cé acu a shásaíonn nó nach sásaíonn soláthraithe nua croísheirbhísí ardáin na ceanglais sin. Scrúdófar san athbhreithniú tráthrialta freisin cé acu is gá nó nach gá an liosta croísheirbhísí ardáin de chuid an gheatóra a ndéanann sé difear dóibh a athrú.
I gcás go gcinnfidh an Coimisiún, de bharr an athbhreithnithe sin de bhun na chéad fhomhíre, go bhfuil athrú tagtha ar na fíorais a raibh ainmniú na soláthraithe croísheirbhísí ardáin mar gheatóirí bunaithe orthu, glacfaidh sé cinneadh comhfhreagrach.
3.Ar bhonn leanúnach, foilseoidh an Coimisiún liosta na ngeatóirí agus liosta na gcroísheirbhísí ardáin nach mór dóibh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6 a chomhlíonadh ina leith agus tabharfaidh sé na liostaí sin cothrom le dáta.
Caibidil III
Cleachtais ag geatóirí a chuireann teorainn le hiniomaíocht nó atá éagórach
Airteagal 5
Oibleagáidí geatóirí
I dtaca le gach ceann de na croísheirbhísí ardáin a sainaithníodh de bhun Airteagal 3(7), déanfaidh geatóir na nithe seo a leanas:
(a)staonfaidh sé ó shonraí pearsanta a fuarthas ó na croísheirbhísí ardáin sin a chomhcheangal le sonraí pearsanta ó aon seirbhísí eile atá á dtairiscint ag an ngeatóir nó le sonraí pearsanta ó sheirbhísí tríú páirtí, agus ó úsáideoirí deiridh a shíniú isteach chuig seirbhísí eile de chuid an gheatóra ar mhaithe le sonraí pearsanta a chomhcheangal, murar tugadh an rogha shonrach don úsáideoir agus murar thug an t‑úsáideoir toiliú de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679 ;
(b)ceadóidh sé d’úsáideoirí gnó na táirgí nó na seirbhísí céanna a thairiscint d’úsáideoirí deiridh trí sheirbhísí idirghabhála ar líne ó thríú páirtithe ar phraghsanna nó ar choinníollacha atá éagsúil leis na cinn atá á dtairiscint trí sheirbhísí idirghabhála ar líne an gheatóra;
(c)ceadóidh sé d’úsáideoirí gnó tairiscintí d’úsáideoirí deiridh a fuarthas tríd an gcroísheirbhís ardáin a chur chun cinn, agus conarthaí a chur i gcrích leis na húsáideoirí deiridh sin beag beann ar chroísheirbhísí ardáin an gheatóra a bheith nó gan a bheith á n‑úsáid acu chun na críche sin, agus ceadóidh sé d’úsáideoirí deiridh rochtain a fháil, trí chroísheirbhísí ardáin an gheatóra, ar ábhar, ar shuibscríbhinní, ar ghnéithe nó ar mhíreanna eile trí fheidhm a bhaint as feidhmchlár bogearraí úsáideora gnó, i gcás ina bhfuair na húsáideoirí deiridh na míreanna sin ón úsáideoir gnó ábhartha gan úsáid a bhaint as croísheirbhísí ardáin an gheatóra;
(d)staonfaidh sé ó chosc nó srian a chur ar úsáideoirí gnó ceisteanna a ardú le haon údarás poiblí ábhartha, ar ceisteanna iad a bhaineann le cleachtas ar bith de chuid geatóirí;
(e)staonfaidh sé ó cheangal a chur ar úsáideoirí gnó, seirbhís um shainaithint de chuid an gheatóra a úsáid, a thairiscint nó oibriú i gcomhar léi i gcomhthéacs na seirbhísí atá á dtairiscint ag na húsáideoirí gnó agus úsáid á baint acu as croísheirbhísí ardáin an gheatóra sin;
(f)staonfaidh sé ó cheangal a chur ar úsáideoirí gnó nó ar úsáideoirí deiridh liostáil le haghaidh croísheirbhísí ardáin ar bith eile nó clárú leo, ar seirbhísí iad arna sainaithint de bhun Airteagal 3 nó a shásaíonn na tairseacha in Airteagal 3(2)(b) mar choinníoll chun rochtain a fháil ar aon cheann de na croísheirbhísí ardáin dá gcuid a sainaithníodh de bhun an Airteagail sin;
(g)soláthróidh sé faisnéis d’fhógróirí agus d’fhoilsitheoirí a soláthraíonn sé seirbhísí fógraíochta dóibh, má iarrann siad é sin, maidir leis an bpraghas a d’íoc an fógróir agus an foilsitheoir, chomh maith leis an méid nó an luach saothair a íocadh leis an bhfoilsitheoir, chun fógra ar leith a fhoilsiú agus le haghaidh gach ceann de na seirbhísí fógraíochta ábhartha a sholáthraíonn an geatóir.
Airteagal 6
Oibleagáidí do gheatóirí a bhféadfadh sé go ndéanfaí sonrú breise orthu
1.I dtaca le gach ceann de na croísheirbhísí ardáin a sainaithníodh de bhun Airteagal 3(7), déanfaidh geatóir na nithe seo a leanas:
(a)staonfaidh sé ó shonraí ar bith a úsáid, in iomaíocht le húsáideoirí gnó, ar sonraí iad nach bhfuil ar fáil go poiblí agus atá á nginiúint trí ghníomhaíochtaí ag na húsáideoirí gnó sin, lena n‑áirítear ag úsáideoirí deiridh na n‑úsáideoirí gnó sin, a úsáideann a chroísheirbhísí ardáin, nó ar sonraí iad atá á soláthar ag úsáideoirí gnó a chroísheirbhísí ardáin nó ag úsáideoirí deiridh na n‑úsáideoirí gnó sin;
(b)ceadóidh sé d’úsáideoirí deiridh aon fheidhmchláir bogearraí atá réamhshuiteáilte ar a chroísheirbhís ardáin a dhíshuiteáil gan dochar do chumas an gheatóra díshuiteáil den sórt sin a shrianadh maidir le feidhmchláir bogearraí atá fíor‑riachtanach d’fheidhmiú an chórais oibriúcháin nó an ghléis agus nach bhféadann tríú páirtithe iad a thairiscint go neamhspleách;
(c)ceadóidh sé feidhmchláir bogearraí ó thríú páirtí nó ó shiopaí feidhmchlár bogearraí a shuiteáil agus a úsáid go héifeachtach agus iad ag úsáid chórais oibriúcháin an gheatóra sin, nó ag idiroibriú leis na córais sin, agus ceadóidh sé rochtain a fháil ar na feidhmchláir bogearraí nó ar na siopaí feidhmchlár bogearraí sin ar bhealaí eile seachas trí chroísheirbhísí ardáin an gheatóra sin. Ní bheidh cosc ar an ngeatóir bearta comhréireacha a ghlacadh lena áirithiú nach gcuirfidh feidhmchláir bogearraí nó siopaí feidhmchlár bogearraí tríú páirtí sláine na gcrua‑earraí nó an chórais oibriúcháin atá á soláthar ag an ngeatóir i mbaol;
(d)staonfaidh sé ó rangú níos fabhraí a thabhairt do sheirbhísí agus do tháirgí atá á dtairiscint ag an ngeatóir féin nó ag aon tríú páirtí a bhaineann leis an ngnóthas céanna i gcomparáid le seirbhísí comhchosúla ó thríú páirtí agus cuirfidh sé coinníollacha atá cothrom agus neamh‑idirdhealaitheach i bhfeidhm maidir le rangú den sórt sin;
(e)staonfaidh sé ó shrian a chur le cumas úsáideoirí deiridh athrú idir agus liostáil le feidhmchláir bogearraí agus seirbhísí éagsúla a bhfaightear rochtain orthu agus feidhm á baint as córas oibriúcháin an gheatóra, lena n‑áirítear maidir le rogha an tsoláthraí um rochtain ar an Idirlíon d’úsáideoirí deiridh;
(f)ceadóidh sé d’úsáideoirí gnó agus do sholáthraithe seirbhísí coimhdeacha rochtain a fháil ar an gcóras oibriúcháin, ar na gnéithe crua‑earraí agus bogearraí céanna atá ar fáil nó atá á n‑úsáid i soláthar seirbhísí coimhdeacha ar bith ag an ngeatóir agus ceadóidh sé idir‑inoibritheacht leo;
(g)soláthróidh sé rochtain d’fhógróirí agus d’fhoilsitheoirí, ar iarraidh a fháil uathu agus saor in aisce, ar na huirlisí um thomhas feidhmíochta atá ag an ngeatóir agus ar an bhfaisnéis atá ag teastáil ó fhógróirí agus ó fhoilsitheoirí chun a bhfíorú neamhspleách féin a dhéanamh ar an bhfardal fógraí;
(h)déanfaidh sé iniomparthacht éifeachtach sonraí arna nginiúint trí ghníomhaíocht úsáideora gnó nó úsáideora deiridh a sholáthar agus, go sonrach, soláthróidh sé uirlisí d’úsáideoirí deiridh chun feidhmiú iniomparthachta sonraí a éascú, ag teacht le Rialachán (AE) 2016/679, lena n‑áirítear trí rochtain atá leanúnach agus i bhfíor‑am a sholáthar;
(i)déanfaidh sé rochtain éifeachtach, ardcháilíochta, leanúnach agus fíor‑ama ar shonraí comhiomlánaithe nó neamh‑chomhiomlánaithe chomh maith le húsáid na sonraí sin a sholáthar saor in aisce do thríú páirtithe atá údaraithe ag úsáideoir gnó, ar sonraí iad a bhfuil foráil dóibh nó atá á nginiúint sa chomhthéacs ina bhfuil na húsáideoirí gnó sin ag baint feidhme as na croísheirbhísí ardáin ábhartha agus go bhfuil na húsáideoirí deiridh ag plé leo; i gcás sonraí pearsanta, ní sholáthróidh sé rochtain agus úsáid ach amháin má tá sin nasctha go díreach leis an úsáid atá á feidhmiú ag an úsáideoir deiridh maidir leis na táirgí nó na seirbhísí atá á dtairiscint ag an úsáideoir gnó ábhartha tríd an gcroísheirbhís ardáin ábhartha, agus nuair a ghlacann an t‑úsáideoir deiridh leis an rogha roinnt den sórt sin a dhéanamh le toiliú de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679; ;
(j)déanfaidh sé rochtain ar shonraí maidir le rangú, fiosrú, cliceáil agus amharc i dtaca le cuardach saor in aisce agus íoctha arna nginiúint ag úsáideoirí deiridh ar innill chuardaigh ar líne an gheatóra a sholáthar do sholáthraithe tríú páirtí inneall cuardaigh ar líne ar bith, má iarrann siad sin, faoi réir anaithnidiú a dhéanamh ar na sonraí a bhaineann le fiosrú agus cliceáil agus amharc, ar sonraí pearsanta iad;
(k)cuirfidh sé coinníollacha ginearálta atá cothrom agus neamh‑idirdhealaitheach i bhfeidhm le haghaidh úsáideoirí gnó a shiopa feidhmchlár bogearraí a ainmníodh de bhun Airteagal 3 den Rialachán seo.
2.Chun críche phointe (a) de mhír 1, áireofar le sonraí nach bhfuil ar fáil go poiblí sonraí comhiomlánaithe agus neamh‑chomhiomlánaithe arna nginiúint ag úsáideoirí gnó ar féidir iad a infeiriú ó nó a bhailiú trí ghníomhaíochtaí tráchtála úsáideoirí gnó nó a gcuid custaiméirí ar chroísheirbhís ardáin an gheatóra.
Airteagal 7
Oibleagáidí do gheatóirí a chomhlíonadh
1.Beidh na bearta atá á gcur chun feidhme ag an ngeatóir chun comhlíonadh na n‑oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6 a áirithiú éifeachtach maidir le cuspóir na hoibleagáide ábhartha a bhaint amach. Áiritheoidh an geatóir go ndéanfar na bearta sin a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus le Treoir 2002/58/CE, agus leis an reachtaíocht maidir le cibearshlándáil, cosaint tomhaltóirí agus sábháilteacht táirgí.
2.I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach n‑áirithíonn na bearta a mbeartaíonn an geatóir iad a chur chun feidhme de bhun mhír 1, nó atá curtha chun feidhme aige, comhlíonadh éifeachtach na n‑oibleagáidí ábhartha a leagtar síos in Airteagal 6, féadfaidh sé, trí chinneadh, na bearta a chuirfidh an geatóir chun feidhme a shonrú. Glacfaidh an Coimisiún cinneadh den sórt sin laistigh de shé mhí ón uair a dhéantar imeachtaí a thionscnamh de bhun Airteagal 18.
3.Tá mír 2 den Airteagal seo gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagail 25, 26 agus 27.
4.Ag féachaint do ghlacadh an chinnidh faoi mhír 2, cuirfidh an Coimisiún a réamhchinntí in iúl laistigh de thrí mhí ón uair a dhéantar imeachtaí a thionscnamh. Sna réamhchinntí, míneoidh an Coimisiún na bearta a bhfuil sé ar intinn aige iad a ghlacadh nó na bearta ba cheart do sholáthraí na gcroísheirbhísí ardáin a ghlacadh, dar leis, chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na réamhchinntí.
5.Agus na bearta faoi mhír 2 á sonrú aige, áiritheoidh an Coimisiún go bhfuil na bearta éifeachtach maidir le cuspóirí na hoibleagáide ábhartha a bhaint amach agus go bhfuil siad comhréireach in imthosca sonracha an gheatóra agus na seirbhíse ábhartha.
6.Chun na hoibleagáidí faoi Airteagal 6(1) pointí (j) agus (k) a shonrú, déanfaidh an Coimisiún a mheas freisin an áirithíonn na bearta atá beartaithe nó atá curtha chun feidhme nach bhfuil aon éagothroime cearta agus oibleagáidí fanta ar úsáideoirí gnó agus nach dtugann na bearta féin buntáiste don gheatóir, ar buntáiste é atá díréireach leis an tseirbhís a sholáthraíonn an geatóir d’úsáideoirí gnó.
7.Féadfaidh geatóir tionscnamh imeachtaí a iarraidh de bhun Airteagal 18 chun go gcinnfidh an Coimisiún an bhfuil na bearta a mbeartaíonn an geatóir iad a chur chun feidhme nó atá curtha chun feidhme aige faoi Airteagal 6 éifeachtach chun cuspóir na hoibleagáide ábhartha a bhaint amach sna himthosca sonracha. Féadfaidh geatóir, má iarrann sé féin é, aighneacht réasúnaithe a sholáthar chun a mhíniú, go sonrach, an fáth a bhfuil na bearta a mbeartaíonn sé iad a chur chun feidhme nó atá curtha chun feidhme aige éifeachtach maidir le cuspóir na hoibleagáide ábhartha a bhaint amach sna himthosca sonracha.
Airteagal 8
Fionraí
1.Féadfaidh an Coimisiún, i ndiaidh iarraidh réasúnaithe a fháil ón ngeatóir, oibleagáid ar leith a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6 le haghaidh croísheirbhís ardáin a chur ar fionraí, go hiomlán nó go páirteach, ar bhonn eisceachtúil, le cinneadh arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 32(4), i gcás ina léiríonn an geatóir go gcuirfeadh comhlíonadh na hoibleagáide sonraí sin inmharthanacht eacnamaíoch oibríocht an gheatóra san Aontas i mbaol, de bharr imthosca eisceachtúla nach bhfuil smacht ag an ngeatóir orthu, agus ní dhéanfar é sin ach a mhéid is gá chun aghaidh a thabhairt ar bhagairt den sórt sin ar a hinmharthanacht. Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún an cinneadh maidir le fionraí a ghlacadh gan mhoill agus trí mhí ar a dhéanaí i ndiaidh iarraidh réasúnaithe iomlán a fháil.
2.I gcás ina ndéanfar an fhionraí a cheadú de bhun mhír 1, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an gcinneadh uaidh maidir le fionraí gach bliain. I ndiaidh athbhreithniú den sórt sin, cuirfidh an Coimisiún deireadh leis an bhfionraí nó cinnfidh sé go bhfuil coinníollacha mhír 1 á sásamh go fóill.
3.Féadfaidh an Coimisiún, agus é ag gníomhú ar iarraidh réasúnaithe ó gheatóir, cur i bhfeidhm na hoibleagáide ábhartha maidir le ceann amháin nó níos mó de chroísheirbhísí ardáin aonair a chur ar fionraí go sealadach roimh an gcinneadh de bhun mhír 1.
Agus an iarraidh á measúnú aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh, go sonrach, an tionchar a bheadh ag comhlíonadh na hoibleagáide ábhartha ar inmharthanacht eacnamaíoch oibríocht an gheatóra san Aontas agus ar thríú páirtithe freisin. D’fhéadfadh sé go mbeadh an fhionraí faoi réir coinníollacha agus oibleagáidí a shainmhíneoidh an Coimisiún chun cothromaíocht chóir a áirithiú idir na leasanna sin agus na cuspóirí atá leis an Rialachán seo. Féadfar iarraidh den sórt sin a dhéanamh agus a cheadú tráth ar bith ar feitheamh measúnú ón gCoimisiún de bhun mhír 1.
Airteagal 9
Díolúine ar chúiseanna sáraitheacha ar son leas an phobail
1.Féadfaidh an Coimisiún, agus é ag gníomhú ar iarraidh réasúnaithe ó gheatóir nó ar a thionscnamh féin, le cinneadh a ghlacfar i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 32(4), é a dhíolmhú go hiomlán nó go páirteach ó oibleagáid ar leith a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6 maidir le croísheirbhís ardáin aonair a shainaithnítear de bhun Airteagal 3(7), i gcás ina bhfuil bonn cirt le díolúine den sórt sin ar na forais a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo. Glacfaidh an Coimisiún an cinneadh maidir le díolúine trí mhí i ndiaidh iarraidh iomlán réasúnaithe a fháil, ar a dhéanaí.
2.Ní fhéadfar díolúine de bhun mhír 1 a cheadú ach amháin ar na forais seo a leanas:
(a)moráltacht phoiblí;
(b)sláinte phoiblí;
(c)slándáil phoiblí.
3.Féadfaidh an Coimisiún, agus é ag gníomhú ar iarraidh réasúnaithe ó gheatóir nó ar a thionscnamh féin, cur i bhfeidhm na hoibleagáide ábhartha maidir le ceann amháin nó níos mó de chroísheirbhísí ardáin aonair a chur ar fionraí go sealadach roimh an gcinneadh de bhun mhír 1.
Agus an iarraidh á measúnú aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh, go sonrach, an tionchar a bheadh ag comhlíonadh na hoibleagáide ábhartha ar na forais i mír 2 chomh maith leis na héifeachtaí ar an ngeatóir lena mbaineann agus ar thríú páirtithe. D’fhéadfadh sé go mbeadh an fhionraí faoi réir coinníollacha agus oibleagáidí a shainmhíneoidh an Coimisiún chun cothromaíocht chóir a áirithiú idir na leasanna atá á saothrú ag na forais i mír 2 agus na cuspóirí atá leis an Rialachán seo. Féadfar iarraidh den sórt sin a dhéanamh agus a cheadú tráth ar bith ar feitheamh measúnú ón gCoimisiún de bhun mhír 1.
Airteagal 10
Oibleagáidí do gheatóirí a thabhairt cothrom le dáta
1.Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34 chun na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 a thabhairt cothrom le dáta i gcás, bunaithe ar imscrúdú margaidh de bhun Airteagal 17, inar shainaithin sé an gá atá le hoibleagáidí nua ina dtugtar aghaidh ar chleachtais a chuireann teorainn le hiniomaíocht croísheirbhísí ardáin nó atá éagórach ar an mbealach céanna leis na cleachtais ar tugadh aghaidh orthu leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6.
1.Measfar go bhfuil cleachtas de réir bhrí mhír 1 éagórach nó go gcuireann sé teorainn le hiniomaíocht croísheirbhísí ardáin i gcás:
(a)ina bhfuil éagothroime ceart agus oibleagáidí ar úinéirí gnó agus go bhfuil buntáiste á fháil ag an ngeatóir as úsáideoirí gnó, ar buntáiste é atá díréireach leis an tseirbhís a sholáthraíonn an geatóir d’úsáideoirí gnó; nó
(b)go ndéantar iniomaíocht margaí a lagú mar thoradh ar gheatóirí a bheith i mbun cleachtais den sórt sin.
Airteagal 11
Frith‑imchéimniúchán
1.Áiritheoidh geatóir go ndéanfar oibleagáidí Airteagail 5 agus 6 a chomhlíonadh go hiomlán agus go héifeachtach. Cé go bhfuil feidhm ag Airteagail 5 agus 6 maidir le croísheirbhísí ardáin a ainmnítear de bhun Airteagal 3, ní dhéanfaidh aon iompraíocht ag an ngnóthas lena mbaineann an geatóir dochar dá gcur chun feidhme, beag beann ar an iompraíocht sin a bheith de chineál conarthach, tráchtála nó teicniúil nó de chineál ar bith eile.
2.I gcás ina bhfuil toiliú riachtanach chun sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, déanfaidh geatóir na bearta riachtanacha chun úsáideoirí gnó a chumasú an toiliú riachtanach dá gcuid próiseála a fháil go díreach, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh faoi Rialachán (AE) 2016/679 agus faoi threoir 2002/58/CE, nó rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas a chomhlíonadh ar bhealaí eile, lena n‑áirítear trí shonraí atá anaithnidithe go cuí a sholáthar d’úsáideoirí gnó i gcás inarb iomchuí. Ní dhéanfaidh an geatóir fáil an toilithe sin ag an úsáideoir gnó níos déine ná mar a bheadh sé i gcás a chuid seirbhísí féin.
3.Ní dhéanfaidh geatóir díghrádú ar choinníollacha ná ar cháilíocht aon cheann de na croísheirbhísí ardáin a sholáthraítear d’úsáideoirí gnó ná d’úsáideoirí deiridh a bhaineann leas as na cearta nó as na roghanna a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6 ná ní dhéanfaidh sé feidhmiú na gceart nó na roghanna sin ródheacair.
Airteagal 12
An oibleagáid eolas a thabhairt faoi chomhchruinnithe
1.Tabharfaidh an geatóir eolas don Choimisiún maidir le comhchruinniú ar bith atá beartaithe de réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 a bhfuil baint ag soláthraí eile a sholáthraíonn croísheirbhísí ardáin nó aon seirbhísí eile san earnáil dhigiteach beag beann ar iad a bheith infhógartha d’údarás iomaíochta de chuid an Aontais faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 nó d’údarás iomaíochta náisiúnta inniúil faoi rialacha náisiúnta cumaisc.
Tabharfaidh geatóir eolas don Choimisiún maidir le comhchruinniú den sórt sin sula gcuirfear chun feidhme é agus i ndiaidh an comhaontú a chur i gcrích, i ndiaidh an tairiscint phoiblí a fhógairt, nó i ndiaidh leas urlámhais a fháil.
2.Déanfar cur síos san fhógra de bhun mhír 1 ar a láimhdeachas bliantúil LEE agus domhanda ar a laghad i gcás na spriocanna um éadáil, a láimhdeachas bliantúil LEE faoi seach i gcás aon chroísheirbhísí ardáin ábhartha, an líon úsáideoirí gnó gníomhacha atá acu in aghaidh na bliana agus líon na n‑úsáideoirí deiridh gníomhacha in aghaidh na míosa, chomh maith lena réasúnú don chomhchruinniú atá beartaithe.
3.Más rud é, i ndiaidh aon chomhchruinnithe dá bhforáiltear i mír 1, go sásaíonn croísheirbhísí ardáin sa bhreis na tairseacha i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) ar bhonn aonair, tabharfaidh an geatóir lena mbaineann eolas faoi sin don Choimisiún laistigh de thrí mhí ó chur chun feidhme an chomhchruinnithe agus soláthróidh sé an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(2) don Choimisiún.
Airteagal 13
Oibleagáid maidir le hiniúchadh
Laistigh de shé mhí i ndiaidh a ainmnithe de bhun Airteagal 3, déanfaidh geatóir tuairisc, a ndearnadh iniúchadh neamhspleách uirthi, ar theicnící ar bith chun tomhaltóirí a phróifíliú a fheidhmíonn an geatóir ar nó ar fud a chroísheirbhísí ardáin a shainaithnítear de bhun Airteagal 3, a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Déanfar an tuairisc sin a thabhairt cothrom le dáta uair sa bhliain ar a laghad.
Caibidil IV
Imscrúdú margaidh
Airteagal 14
Imscrúdú margaidh a thionscnamh
1.I gcás ina mbeartaíonn an Coimisiún imscrúdú margaidh a dhéanamh de bharr go bhféadfaí cinntí a ghlacadh de bhun Airteagail 15, 16 agus 17, glacfaidh sé cinneadh imscrúdú margaidh a thionscnamh.
2.Sonrófar an méid seo a leanas sa chinneadh tionscnaimh:
(a)dáta tionscnaimh an imscrúdaithe;
(b)tuairisc ar an gceist lena mbaineann an t‑imscrúdú;
(c)cuspóir an imscrúdaithe.
3.Féadfaidh an Coimisiún imscrúdú margaidh atá dúnta aige a athoscailt i gcás:
(a)inar tháinig athrú ábhartha ar cheann ar bith de na fíorais ar bunaíodh an cinneadh orthu;
(b)ina raibh an cinneadh bunaithe ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach a sholáthair na gnóthais lena mbaineann.
Airteagal 15
Imscrúdú margaidh chun geatóirí a ainmniú
1.Féadfaidh an Coimisiún imscrúdú margaidh a dhéanamh chun scrúdú a dhéanamh féachaint ar cheart soláthraí croísheirbhísí ardáin a ainmniú mar gheatóir de bhun Airteagal 3(6), nó chun croísheirbhísí ardáin a shainaithint le haghaidh geatóra de bhun Airteagal 3(7). Déanfaidh sé iarracht an t‑imscrúdú uaidh a chríochnú trí chinneadh a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 32(4) laistigh de dhá mhí dhéag ó thionscnamh an imscrúdaithe margaidh.
2.Le linn imscrúdú margaidh de bhun mhír 1, déanfaidh an Coimisiún iarracht na réamhchinntí uaidh a chur in iúl don soláthraí croísheirbhísí ardáin lena mbaineann laistigh de shé mhí ó thionscnamh an imscrúdaithe. Sna réamhchinntí, míneoidh an Coimisiún an measann sé, ar bhonn sealadach, gur cheart soláthraí croísheirbhísí ardáin a ainmniú mar gheatóir de bhun Airteagal 3(6).
3.I gcás ina sásaíonn soláthraí croísheirbhísí ardáin na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 3(2), ach gur chuir sé argóintí a bhfuil bunús leo i láthair i gcomhréir le hAirteagal 3(4), déanfaidh an Coimisiún iarracht an t‑imscrúdú margaidh a chur i gcrích laistigh de chúig mhí ó thionscnamh an imscrúdaithe margaidh trí chinneadh de bhun mhír 1. Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún iarracht na réamhchinntí uaidh a chur in iúl, de bhun mhír 2, don soláthraí croísheirbhísí ardáin laistigh de thrí mhí ó thionscnamh an imscrúdaithe.
4.Nuair a ainmníonn an Coimisiún soláthraí croísheirbhísí ardáin mar gheatóir de bhun Airteagal 3(6), ar soláthraí é nach mbaineann tairbhe go fóill as suíomh daingnithe buanseasmhach ina chuid oibríochtaí, ach go bhfuil sé intuartha go mbainfidh sé tairbhe as suíomh den sórt sin go luath, fógróidh sé nach mbeidh infheidhme maidir leis an ngeatóir sin ach amháin na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5(b) agus in Airteagal 6(1) pointí (e), (f), (h) agus (i) mar a shonraítear sa chinneadh ainmnithe. Fógróidh an Coimisiún nach mbeidh infheidhme ach amháin na hoibleagáidí sin atá iomchuí agus riachtanach chun cosc a chur ar an ngeatóir suíomh daingnithe buanseasmhach a bhaint amach ina chuid oibríochtaí ar bhealach atá éagórach. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar ainmniú den sórt sin i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 4.
Airteagal 16
Imscrúdú margaidh maidir le neamhchomhlíonadh córasach
1.I gcás ina dtaispeánann imscrúdú margaidh gur sháraigh geatóir go córasach na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6 agus go bhfuil a shuíomh mar gheatóir neartaithe nó leathnaithe aige maidir leis na saintréithe faoi Airteagal 3(1), féadfaidh an Coimisiún trí chinneadh a ghlacfar i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 32(4) aon leigheasanna iompraíochta nó struchtúracha a fhorchur ar gheatóir den sórt sin, ar leigheasanna iad atá i gcomhréir leis an sárú a rinneadh agus atá riachtanach chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. Críochnóidh an Coimisiún an t‑imscrúdú uaidh trí chinneadh a ghlacadh laistigh de dhá mhí dhéag ó thionscnamh an imscrúdaithe margaidh.
2.Ní fhéadfaidh an Coimisiún leigheasanna struchtúracha a fhorchur de bhun mhír 1, ach amháin i gcás nach bhfuil aon leigheas iompraíochta ann atá chomh héifeachtach céanna nó i gcás ina mbeadh aon leigheas iompraíochta atá chomh héifeachtach céanna níos déine ar an ngeatóir lena mbaineann ná an leigheas struchtúrach.
3.Measfar go raibh geatóir páirteach i neamhchomhlíonadh córasach na n‑oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6 i gcás inar eisigh an Coimisiún ar a laghad trí cinn de chinntí neamhchomhlíonta nó fíneála de bhun Airteagail 25 agus 26 faoi seach in aghaidh geatóra maidir le ceann ar bith de na croísheirbhísí ardáin laistigh de thréimhse cúig bliana sular glacadh an cinneadh imscrúdú margaidh a thionscnamh de bharr go bhféadfaí cinneadh a ghlacadh de bhun an Airteagail seo.
4.Measfar go ndearna geatóir a shuíomh mar gheatóir a neartú nó a leathnú tuilleadh maidir leis na saintréithe faoi Airteagal 3(1), i gcás ina bhfuil a thionchar ar an margadh inmheánach méadaithe tuilleadh, go bhfuil an tábhacht a bhaineann leis mar thairseach d’úsáideoirí gnó le go bhféadfaidh siad rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh méadaithe tuilleadh nó go mbaineann an geatóir tairbhe, ina chuid oibríochtaí, as suíomh atá níos daingnithe agus níos buanseasmhaí fós.
5.Cuirfidh an Coimisiún na hagóidí uaidh in iúl don gheatóir lena mbaineann laistigh de shé mhí ó thionscnamh an imscrúdaithe. Sna hagóidí uaidh, míneodh an Coimisiún an réamh‑mheasann sé go bhfuil coinníollacha mhír 1 á sásamh agus cén leigheas a réamh‑mheasann sé a bheith riachtanach agus comhréireach.
6.Féadfaidh an Coimisiún tráth ar bith le linn an imscrúdaithe margaidh síneadh a chur lena fhad ama i gcás ina bhfuil bonn cirt leis an síneadh ar fhorais oibiachtúla agus ina bhfuil sé comhréireach. D’fhéadfadh sé go mbeadh feidhm ag an síneadh maidir leis an spriocdháta faoina gcaithfidh an Coimisiún na hagóidí uaidh a eisiúint, nó maidir leis an spriocdháta chun glacadh leis an gcinneadh deiridh. Ní rachaidh fad iomlán an tsínidh nó na síntí de bhun na míre seo thar shé mhí. Féadfaidh an Coimisiún gealltanais de bhun Airteagal 23 a bhreithniú agus iad a dhéanamh ceangailteach sa chinneadh uaidh.
Airteagal 17
Imscrúdú margaidh ar sheirbhísí nua agus ar chleachtais nua
Féadfaidh an Coimisiún imscrúdú margaidh a dhéanamh agus é mar chuspóir aige imscrúdú a dhéanamh féachaint ar cheart seirbhís amháin nó níos mó laistigh den earnáil dhigiteach a chur leis an liosta de chroísheirbhísí ardáin nó chun cineálacha cleachtas a bhrath, ar cleachtais iad a d’fhéadfadh iniomaíocht croísheirbhísí ardáin a theorannú nó a d’fhéadfadh a bheith éagórach agus nach dtugtar aghaidh go héifeachtach orthu leis an Rialachán seo. Eiseoidh sé tuarascáil phoiblí laistigh de 24 mhí ó thionscnamh an imscrúdaithe margaidh ar a dhéanaí.
I gcás inarb iomchuí, ag gabháil leis an tuarascáil sin:
(a)beidh togra chun an Rialachán seo a leasú chun seirbhísí breise laistigh den earnáil dhigiteach a chur ar áireamh sa liosta de chroísheirbhísí ardáin a leagtar síos i bpointe 2 d’Airteagal 2;
(b)beidh gníomh tarmligthe lena leasaítear Airteagail 5 agus 6 dá bhforáiltear in Airteagal 10.
Caibidil V
Cumhachtaí imscrúdaithe, forfheidhmithe agus faireacháin
Airteagal 18
Tionscnamh imeachtaí
I gcás ina mbeartaíonn an Coimisiún imeachtaí a chur i gcrích de bharr go bhféadfaí cinntí a ghlacadh de bhun Airteagal 7, Airteagal 25, agus Airteagal 26, glacfaidh sé cinneadh imscrúdú a thionscnamh.
Airteagal 19
Iarrataí ar fhaisnéis
1.Féadfaidh an Coimisiún le hiarraidh shimplí nó le cinneadh a chur de cheangal ar ghnóthais agus ar chomhlachais ghnóthas an fhaisnéis ar fad atá riachtanach a sholáthar, lena n‑áirítear chun faireachán a dhéanamh ar na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo agus chun iad a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú. Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún rochtain a iarraidh ar bhunachair sonraí agus ar algartaim ghnóthas agus míniúcháin orthu sin a iarraidh le hiarraidh shimplí nó le cinneadh.
2.Féadfaidh an Coimisiún faisnéis a iarraidh ó ghnóthais agus ó chomhlachais ghnóthas de bhun mhír 1 freisin sula ndéanfar imscrúdú margaidh a thionscnamh de bhun Airteagal 14 nó imeachtaí a thionscnamh de bhun Airteagal 18.
3.Nuair atá iarraidh shimplí ar fhaisnéis á cur chuig gnóthas nó chuig comhlachas gnóthas, déanfaidh an Coimisiún cuspóir na hiarrata a lua, sonróidh sé an fhaisnéis atá riachtanach agus socróidh sé an teorainn ama nach mór an fhaisnéis a sholáthar laistigh di, agus na pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 26 as ucht faisnéis atá neamhiomlán, mícheart nó míthreorach a sholáthar.
4.I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún de cheangal ar ghnóthais nó ar chomhlachais ghnóthas faisnéis a sholáthar le cinneadh, luafaidh sé cuspóir na hiarrata, sonróidh sé an fhaisnéis atá riachtanach agus socróidh sé an teorainn ama nach mór an fhaisnéis a sholáthar laistigh di. I gcás go gcuirfidh an Coimisiún de cheangal ar ghnóthais rochtain ar a mbunachair sonraí agus ar a n‑algartaim a sholáthar, luafaidh sé bunús dlíthiúil agus cuspóir na hiarrata, agus socróidh sé an teorainn amach nach mór í a sholáthar laistigh de. Léireoidh sé freisin na pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 26 agus léireoidh sé nó forchuirfidh sé na híocaíochtaí tréimhsiúla pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 27. Léireoidh sé tuilleadh an ceart go ndéanfadh an Chúirt Bhreithiúnais athbhreithniú ar an gcinneadh.
5.Déanfaidh na gnóthais nó na comhlachais ghnóthas nó a gcuid ionadaithe an fhaisnéis a iarraidh a sholáthar thar ceann an ghnóthais nó an chomhlachais ghnóthas lena mbaineann. Féadfaidh dlíodóirí arna n‑údarú go cuí chun gníomhú an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcuid cliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má tá an fhaisnéis a sholáthraítear neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
6.Arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, soláthróidh rialtais agus údaráis na mBallstát don Choimisiún an fhaisnéis go léir is gá chun na dualgais a shanntar dó leis an Rialachán seo a chur i gcrích.
Airteagal 20
An chumhacht chun agallaimh a reáchtáil agus ráitis a thógáil
Féadfaidh an Coimisiún agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach a thoilíonn go gcuirfear agallamh air chun faisnéis a bhailiú i dtaca le hábhar imscrúdaithe, lena n‑áirítear maidir le faireachán a dhéanamh ar na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo agus iad a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú.
Airteagal 21
An chumhacht chun cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh
1.Féadfaidh an Coimisiún cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ag áitreabh gnóthais nó comhlachais ghnóthas.
2.Féadfar cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh freisin le cúnamh ó iniúchóirí nó ó shaineolaithe arna gceapadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 24(2).
3.Le linn cigireachtaí ar an láthair, d’fhéadfadh sé go gcuirfeadh an Coimisiún agus iniúchóirí agus saineolaithe arna gceapadh aige de cheangal ar ghnóthas nó ar chomhlachas gnóthas rochtain agus míniúcháin a sholáthar maidir lena eagraíocht, lena fheidhmiú, lena chóras TF, lena algartaim, lena láimhseáil sonraí agus lena ghnó. Féadfaidh an Coimisiún agus iniúchóirí agus saineolaithe arna gceapadh aige ceisteanna a dhíriú ar phríomhphearsanra.
4.Tá sé de cheangal ar ghnóthais nó ar chomhlachais ghnóthas géilleadh do chigireacht ar an láthair arna hordú le cinneadh ón gCoimisiún. Déanfar ábhar agus cuspóir na cuairte a shonrú sa chinneadh, socrófar ann an dáta a gcuirfear tús léi agus léireofar ann na pionóis dá bhforáiltear in Airteagail 26 agus 27 agus an ceart go ndéanfadh an Chúirt Bhreithiúnais athbhreithniú ar an gcinneadh.
Airteagal 22
Bearta eatramhacha
1.I gcás práinne, de bharr go bhfuil baol ann go mbeadh damáiste tromchúiseach agus doleigheasta i gceist le haghaidh úsáideoirí gnó nó úsáideoirí deiridh geatóirí, féadfaidh an Coimisiún, le cinneadh arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 32(4), bearta eatramhacha a ordú in aghaidh geatóra ar bhonn cinneadh prima facie gur sáraíodh Airteagail 5 nó 6.
2.Ní fhéadfar cinneadh de bhun mhír 1 a ghlacadh ach amháin i gcomhthéacs imeachtaí arna dtionscnamh mar go bhféadfaí cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh a ghlacadh de bhun Airteagal 25(1). Beidh feidhm ag an gcinneadh sin ar feadh tréimhse shonraithe agus féadfar é a athnuachan a mhéid atá sé sin riachtanach agus iomchuí.
Airteagal 23
Gealltanais
1.Más rud é faoi Airteagail 16 nó 25 go dtabharfaidh an geatóir lena mbaineann gealltanais i dtaca leis na croísheirbhísí ardáin ábhartha chun comhlíonadh na n‑oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6 a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún, le cinneadh arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 32(4) na cinntí sin a dhéanamh ceangailteach ar an ngeatóir sin agus a fhógairt nach bhfuil aon fhorais eile ann le gníomhaíocht.
2.Féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh a fháil nó ar a thionscnamh féin, na himeachtaí ábhartha a athoscailt le cinneadh, i gcás:
(a)inar tháinig athrú ábhartha ar cheann ar bith de na fíorais ar bunaíodh an cinneadh orthu;
(b)ina ngníomhaíonn an geatóir lena mbaineann contrártha dá ghealltanais;
(c)ina raibh an cinneadh bunaithe ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach a sholáthair na páirtithe.
3.I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach bhféadfar comhlíonadh éifeachtach na n‑oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6 a áirithiú leis na gealltanais a chuir an geatóir lena mbaineann isteach, míneoidh sé na cúiseanna gan na gealltanais sin a dhéanamh ceangailteach sa chinneadh ina dtugtar na himeachtaí ábhartha chun críche.
Airteagal 24
Faireachán ar oibleagáidí agus ar bhearta
1.Féadfaidh an Coimisiún na gníomhartha riachtanacha a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach agus ar chomhlíonadh na n‑oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6 agus na gcinntí a glacadh de bhun Airteagail 7, 16, 22 agus 23.
2.Is féidir go n‑áireofar leis na gníomhartha de bhun mhír 1 saineolaithe agus iniúchóirí neamhspleácha seachtracha a cheapadh chun cabhrú leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar na hoibleagáidí agus ar na bearta agus chun saineolas nó eolas ar leith a sholáthar don Choimisiún.
Airteagal 25
Neamhchomhlíonadh
1.Glacfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 32(4) i gcás ina gcinnfidh sé nach bhfuil ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas á gcomhlíonadh ag geatóir:
(a)aon cheann de na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6;
(b)bearta arna sonrú i gcinneadh a glacadh de bhun Airteagal 7(2);
(c)bearta speisialta arna n‑ordú de bhun Airteagal 16(1) a chomhlíonadh;
(d)bearta eatramhacha arna n‑ordú de bhun Airteagal 22; nó
(e)gealltanais a ndearnadh ceangailteach de réir dlí iad de bhun Airteagal 23.
2.Sula nglacfaidh sé an cinneadh de bhun mhír 1, cuirfidh an Coimisiún na réamhchinntí uaidh in iúl don gheatóir lena mbaineann. Sna réamhchinntí, míneoidh an Coimisiún na bearta a mbeartaíonn sé iad a ghlacadh nó na bearta ba cheart don gheatóir iad a ghlacadh, dar leis, chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na réamhchinntí.
3.Sa chinneadh maidir le neamhchomhlíonadh arna ghlacadh de bhun mhír 1, ordóidh an Coimisiún don gheatóir stopadh agus éirí as an neamhchomhlíonadh laistigh de spriocdháta iomchuí agus míniúcháin a sholáthar ar an mbealach ina mbeartaíonn sé an cinneadh a chomhlíonadh.
4.Soláthróidh an geatóir don Choimisiún tuairisc ar na bearta a rinne sé chun comhlíonadh an chinnidh arna ghlacadh de bhun mhír 1 a áirithiú.
5.I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach bhfuil coinníollacha mhír 1 á gcomhlíonadh, dúnfaidh sé an t‑imscrúdú le cinneadh.
Airteagal 26
Fíneálacha
1.Sa chinneadh de bhun Airteagal 25, féadfaidh an Coimisiún fíneálacha nach mó ná 10 % dá láimhdeachas iomlán sa bhliain airgeadais roimhe a fhorchur ar gheatóir i gcás ina gcinnfidh sé go mainníonn an geatóir, d’aon ghnó nó le faillí:
(a)aon cheann de na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6 a chomhlíonadh;
(b)na bearta a shonraigh an Coimisiún de bhun cinnidh faoi Airteagal 7(2) a chomhlíonadh;
(c)bearta speisialta arna n‑ordú de bhun Airteagal 16(1) a chomhlíonadh;
(d)cinneadh lena n‑ordaítear bearta eatramhacha de bhun Airteagal 22 a chomhlíonadh;
(e)gealltanas a ndearnadh ceangailteach de réir dlí é de bhun Airteagal 23 a chomhlíonadh.
2.Féadfaidh an Coimisiún, le cinneadh, fíneálacha nach mó ná 1 % dá láimhdeachas iomlán sa bhliain airgeadais roimhe sin a fhorchur ar ghnóthais agus ar chomhlachais ghnóthas i gcás, d’aon ghnó nó le faillí:
(a)ina mainníonn siad faisnéis atá riachtanach chun a n‑ainmniú mar gheatóirí a sholáthar laistigh den teorainn ama de bhun Airteagal 3(2) nó ina soláthraíonn siad faisnéis atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach;
(b)ina mainníonn siad fógra a thabhairt faoi fhaisnéis atá riachtanach de bhun Airteagal 12 nó ina soláthraíonn siad faisnéis atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach;
(c)ina mainníonn siad an tuairisc atá riachtanach de bhun Airteagal 13 a chur isteach;
(d)ina soláthraíonn siad faisnéis nó míniúcháin atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach a iarrtar de bhun Airteagail 19 nó 20;
(e)ina mainníonn siad rochtain ar bhunachair sonraí agus ar algartaim a sholáthar de bhun Airteagal 19;
(f)ina mainníonn siad, laistigh de theorainn ama arna socrú ag an gCoimisiún, faisnéis atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach a thug ball foirne a cheartú, nó ina mainníonn siad nó ina ndiúltaíonn siad faisnéis iomlán a sholáthar maidir le fíorais a bhaineann le hábhar agus le cuspóir cigireachta de bhun Airteagal 21;
(g)ina ndiúltaíonn siad géilleadh do chigireacht ar an láthair de bhun Airteagal 21.
3.Agus méid na fíneála á shocrú, tabharfar aird ar thromchúis, ar fhad, ar atarlú, agus, i gcás fíneálacha a fhorchuirtear de bhun mhír 2, ar mhoill a cuireadh ar na himeachtaí.
4.Nuair a ghearrtar fíneáil ar chomhlachas gnóthas agus láimhdeachas a chuid ball á chur san áireamh agus i gcás ina bhfuil an comhlachas leachtach ann, beidh sé de dhualgas ar an gcomhlachas síntiúis a iarraidh óna chuid ball chun méid na fíneála a chumhdach.
I gcás nár tugadh ranníocaíochtaí den sórt sin don chomhlachas laistigh de theorainn ama arna socrú ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún a chur de cheangal go n‑íocfaidh ceann ar bith de na gnóthais a raibh a gcuid ionadaithe ina mbaill de chomhlachtaí cinnteoireachta an chomhlachais lena mbaineann an fhíneáil go díreach.
I ndiaidh a chur de cheangal go ndéanfaí íocaíocht i gcomhréir leis an dara fomhír, féadfaidh an Coimisiún a chur de cheangal ar bhaill ar bith den chomhlachas an fuílleach a íoc, ar baill iad a bhí gníomhach ar an margadh ar tharla an sárú air, i gcás inar gá déanamh amhlaidh chun íocaíocht iomlán na fíneála a áirithiú.
Ní chuirfidh an Coimisiún de cheangal, áfach, go ndéanfaí íocaíocht ó ghnóthais, de bhun an dara agus an tríú fomhír, a thaispeánann nár chuir siad chun feidhme cinneadh sáraithe an chomhlachais agus nach raibh siad feasach ar é a bheith ann nó sin gur dhealaigh siad iad féin go gníomhach uaidh sular thosaigh an Coimisiún ag déanamh imscrúdú ar an gcás.
Ní rachaidh dliteanas airgeadais gach gnóthais maidir le híocaíocht na fíneála thar 10 % dá láimhdeachas iomlán sa bhliain airgeadais roimhe sin.
Airteagal 27
Íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis
1.Féadfaidh an Coimisiún, le cinneadh, íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis nach mó ná 5 % den mheánláimhdeachas laethúil in aghaidh an lae sa bhliain airgeadais roimhe sin in aghaidh an lae a fhorchur ar ghnóthais, lena n‑áirítear geatóirí i gcás inarb infheidhme, arna ríomh ón dáta a socraíodh leis an gcinneadh sin, chun iallach a chur orthu:
(a)an cinneadh de bhun Airteagal 16(1) a chomhlíonadh;
(b)faisnéis atá ceart agus iomlán a sholáthar laistigh den teorainn ama a cheanglaítear de bharr iarrata ar fhaisnéis arna déanamh de bhun Airteagal 19;
(c)rochtain ar bhunachair shonraí agus ar algartaim ghnóthas a áirithiú agus míniúcháin orthu sin a sholáthar de réir mar a cheanglaítear le cinneadh de bhun Airteagal 19;
(d)géilleadh do chigireacht ar an láthair arna hordú le cinneadh a glacadh de bhun Airteagal 21;
(e)cinneadh lena n‑ordaítear bearta eatramhacha a dhéanamh de bhun Airteagal 22(1) a chomhlíonadh;
(f)gealltanais a ndearnadh ceangailteach de réir dlí iad de bhun Airteagal 23 (1) a chomhlíonadh;
(g)cinneadh de bhun Airteagal 25(1) a chomhlíonadh.
2.I gcás inar shásaigh na gnóthais an oibleagáid a raibh sé beartaithe í a fhorfheidhmiú leis an íocaíocht thréimhsiúil phionóis, féadfaidh an Coimisiún le cinneadh arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 32(4) méid deifnídeach na híocaíochta tréimhsiúla pionóis a shocrú ag figiúr atá níos ísle ná mar a bheadh sé faoin gcinneadh bunaidh.
Airteagal 28
Tréimhsí teorann le haghaidh pionóis a fhorchur
1.Beidh na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún le hAirteagail 26 agus 27 faoi réir tréimhse teorann trí bliana.
2.Tosófar ar áireamh na tréimhse ama ar an lá a ndéanfar an sárú. I gcás sáruithe leanúnacha agus sáruithe a dhéantar arís agus arís eile, áfach, tosófar ar áireamh na tréimhse ama ar an lá a dtagann deireadh leis an sárú.
3.Brisfidh aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh an Coimisiún chun críche imscrúdaithe nó imeachtaí maidir le sárú an tréimhse teorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a fhorchur. Brisfear an tréimhse teorann le héifeacht ón dáta ar a dtabharfar fógra faoin ngníomhaíocht do ghnóthas nó do chomhlachas gnóthas amháin ar a laghad a bhí rannpháirteach sa sárú. Áireofar iad seo a leanas go háirithe leis na gníomhartha a bhrisfidh áireamh na tréimhse:
(a)iarrataí ar fhaisnéis ag an gCoimisiún;
(b)cigireacht ar an láthair;
(c)tionscnamh imeachta ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 18.
4.Tosófar ag áireamh an ama as an nua le gach briseadh. Rachaidh an tréimhse teorann in éag, áfach, ar an lá a mbeidh tréimhse arb ionann í agus dhá oiread na tréimhse teorann imithe thart gan fíneáil ná íocaíocht thréimhsiúil phionóis a bheith forchurtha ag an gCoimisiún. Cuirfear síneadh leis an tréimhse sin atá ar aon fhad leis an tréimhse a bhfuil an teorainn ar fionraí lena linn de bhun mhír 5.
5.Cuirfear an tréimhse teorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis ar fionraí fad a bheidh an cinneadh ón gCoimisiún faoi réir imeachtaí atá ar feitheamh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 29
Tréimhsí teorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú
1.Beidh cumhacht an Choimisiúin chun cinntí a dhéantar de bhun Airteagail 26 agus 27 a fhorfheidhmiú faoi réir tréimhse teorann cúig bliana.
2.Tosófar ar áireamh na tréimhse ama ar an lá a dtiocfaidh an cinneadh chun a bheith ina chinneadh críochnaitheach.
3.Brisfear an tréimhse teorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú:
(a)le fógra a thugtar maidir le cinneadh lena n‑athraítear méid bunaidh na fíneála nó na híocaíochta tréimhsiúla pionóis nó lena ndiúltaítear iarraidh ar athrú;
(b)le gníomh ar bith a dhéanfaidh an Coimisiún nó a dhéanfaidh Ballstát, ag gníomhú arna iarraidh sin don Choimisiún, agus a cheaptar chun íocaíocht na fíneála nó na híocaíochta tréimhsiúla pionóis a fhorfheidhmiú.
4.Tosófar ag áireamh an ama as an nua le gach briseadh.
5.Brisfear an tréimhse teorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú fad agus:
(a)a cheadaítear am le haghaidh íocaíochta;
(b)a chuirtear forfheidhmiú íocaíochta ar fionraí de bhun breithe ón gCúirt Bhreithiúnais.
Airteagal 30
An ceart éisteacht a fháil agus rochtain a fháil ar an gcomhad
1.Sula nglacann sé cinneadh de bhun Airteagal 7, Airteagal 8(1), Airteagal 9(1), Airteagail 15, 16, 22, 23, 25 agus 26 agus Airteagal 27(2), tabharfaidh an Coimisiún deis don gheatóir nó don ghnóthas nó don chomhlachas gnóthas éisteacht a fháil maidir leis na nithe seo a leanas:
(a)na réamhchinntí ón gCoimisiún, lena n‑áirítear ábhar ar bith a ndearna an Coimisiún agóidí ina aghaidh;
(b)bearta a bhféadfadh sé go mbeartaíonn an Coimisiún iad a dhéanamh i bhfianaise na réamhchinntí de bhun phointe (a) den mhír seo.
2.Féadfaidh geatóirí, gnóthais agus comhlachais ghnóthas lena mbaineann a gcuid tuairimí maidir leis na réamhchinntí ón gCoimisiún a chur isteach laistigh de theorainn ama a shocróidh an Coimisiún sna réamhchinntí uaidh agus nach bhféadfaidh a bheith níos lú ná 14 lá.
3.Bunóidh an Coimisiún na cinntí uaidh ar agóidí a raibh geatóirí, gnóthais nó comhlachais ghnóthas lena mbaineann ábalta tuairimí a thabhairt ina leith.
4.Déanfar cearta cosanta an gheatóra nó an ghnóthais nó an chomhlachais ghnóthas lena mbaineann a urramú go hiomlán in aon imeachtaí. Beidh an geatóir nó an gnóthas nó an comhlachas gnóthas lena mbaineann i dteideal rochtain a fháil ar chomhad an Choimisiúin faoi théarmaí nochta idirbheartaithe, faoi réir leas dlisteanach gnóthas maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní áireofar leis an gceart rochtana faisnéis rúnda agus doiciméid inmheánacha de chuid an Choimisiúin nó de chuid údaráis na mBallstát. Go sonrach, ní áireofar leis an gceart rochtana comhfhreagras idir an Coimisiún agus údaráis na mBallstát. Ní chuirfidh rud ar bith sa mhír seo cosc ar an gCoimisiún faisnéis atá riachtanach chun sárú a chruthú a nochtadh agus a úsáid.
Airteagal 31
Rúndacht ghairmiúil
1.Ní úsáidfear an fhaisnéis a bhailítear de bhun Airteagail 3, 12, 13, 19, 20 agus 21 ach amháin chun críocha an Rialacháin seo.
2.Gan dochar don mhalartú faisnéise agus d’úsáid faisnéise a soláthraíodh chun í a úsáid de bhun Airteagail 32 agus 33, ní nochtfaidh an Coimisiún, údaráis na mBallstát, a gcuid oifigeach, searbhóntaí agus daoine eile atá ag obair faoi mhaoirseacht na n‑údarás sin agus aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n‑áirítear iniúchóirí agus saineolaithe arna gceapadh de bhun Airteagal 24(2), faisnéis a fuair siad nó a mhalartaigh siad de bhun an Rialacháin seo agus atá den chineál atá á cumhdach ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin freisin maidir leis na hionadaithe agus na saineolaithe de chuid na mBallstát atá rannpháirteach in aon cheann de ghníomhaíochtaí Choiste Comhairleach na Margaí Digiteacha de bhun Airteagal 32.
Airteagal 32
Coiste Comhairleach na Margaí Digiteacha
1.Tabharfaidh Coiste Comhairleach na Margaí Digiteacha cúnamh don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina Choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.I gcás ina bhfuiltear chun tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n‑iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.
3.Cuirfidh an Coimisiún an tuairim ó Choiste Comhairleach na Margaí Digiteacha in iúl do sheolaí cinnidh aonair, in éineacht leis an gcinneadh sin. Cuirfidh sé an tuairim agus an cinneadh aonair ar fáil go poiblí, ag féachaint don leas dlisteanach i gcosaint rúndachta gairmiúla.
4.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 33
Iarraidh ar imscrúdú margaidh
1.I gcás ina n‑iarrfaidh trí cinn nó níos mó de na Ballstáit ar an gCoimisiún imscrúdú a thionscnamh de bhun Airteagal 15 mar go measann siad go bhfuil forais réasúnacha ann chun amhras a bheith ann gur cheart soláthraí croísheirbhísí ardáin a ainmniú mar gheatóir, scrúdóidh an Coimisiún laistigh de cheithre mhí an bhfuil forais réasúnacha ann chun imscrúdú den sórt sin a thionscnamh.
2.Cuirfidh na Ballstáit fianaise isteach chun tacú leis an iarraidh uathu.
Caibidil VI
Forálacha ginearálta
Airteagal 34
Cinntí a fhoilsiú
1.Foilseoidh an Coimisiún na cinntí a dhéanfaidh sé de bhun Airteagail 3, 7, 8, 9, 15, 16, 17, 22, 23(1), 25, 26 agus 27. Luafar i bhfoilsiú den sórt sin ainmneacha na bpáirtithe agus príomhábhar an chinnidh, lena n‑áirítear aon phionóis a forchuireadh.
2.Tabharfar aird san fhoilsiú ar leas dlisteanach geatóirí nó tríú páirtithe maidir lena bhfaisnéis rúnda a chosaint.
Airteagal 35
Athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
I gcomhréir le hAirteagal 261 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lenar fhorchuir an Coimisiún fíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht thréimhsiúil phionóis a forchuireadh a chur ar ceal, a laghdú nó a mhéadú.
Airteagal 36
Forálacha cur chun feidhme
1.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh: maidir le 3, 6, 12, 13, 15, 16, 17, 20, 22, 23, 25 agus 30
(a)maidir le foirm, ábhar agus sonraí eile a bhaineann le fógraí agus aighneachtaí de bhun Airteagal 3;
(b)maidir le foirm, ábhar agus sonraí eile a bhaineann leis na bearta teicniúla a chuirfidh geatóirí chun feidhme chun comhlíonadh phointí (h), (i) agus (j) d’Airteagal 6(1) a áirithiú.
(c)maidir le foirm, ábhar agus sonraí eile fógraí agus aighneachtaí arna ndéanamh de bhun Airteagail 12 agus 13;
(d)maidir leis na socruithe praiticiúla a bhaineann le síneadh spriocdhátaí dá bhforáiltear in Airteagal 16;
(e)maidir leis na socruithe praiticiúla do na himeachtaí i dtaca le himscrúduithe de bhun Airteagail 15, 16 agus 17 agus i dtaca le himeachtaí de bhun Airteagail 22, 23 agus 25;
(f)maidir leis na socruithe praiticiúla chun cearta éisteachta a fheidhmiú dá bhforáiltear in Airteagal 30;
(g)maidir leis na socruithe praiticiúla chun nochtadh idirbheartaithe a dhéanamh ar fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 30;
2.maidir leis na socruithe praiticiúla don chomhar agus don chomhordú idir an Coimisiún agus na Ballstáit dá bhforáiltear in Airteagal 1(7). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 32(4). Sula nglacfaidh sé bearta ar bith de bhun mhír 1, foilseoidh an Coimisiún dréacht díobh agus tabharfaidh sé cuireadh do na páirtithe leasmhara go léir a gcuid barúlacha a chur isteach laistigh den teorainn ama a leagann sé síos, nach féidir a bheith níos lú ná mí amháin.
Airteagal 37
An tarmligean a fheidhmiú
1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(6) agus in Airteagal 9(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón LL/MM/BBBB. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(6) agus in Airteagal 9(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail arna leagan síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(6) agus Airteagal 9(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 38
Athbhreithniú
1.Faoin LL/MM/BBBB, agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.
2.Deimhneofar sna meastóireachtaí an bhfuil rialacha breise, maidir leis an liosta de chroísheirbhísí ardáin a leagtar síos i bpointe 2 d’Airteagal 2, agus na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6 agus a bhforfheidhmiú san áireamh, ag teastáil lena áirithiú go bhfuil margaí digiteacha ar fud an Aontais inchoimhlinte agus cothrom. I ndiaidh na meastóireachtaí, déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí, a bhféadfadh tograí reachtacha a bheith ar áireamh leo.
3.Soláthróidh na Ballstáit aon fhaisnéis ábhartha atá acu agus a bhféadfadh a leithéid d’fhaisnéis a bheith ag teastáil ón gCoimisiún chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas.
Airteagal 39
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
1.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2.Beidh feidhm ag an Rialachán seo ó shé mhí tar éis dó teacht i bhfeidhm.
Beidh feidhm ag Airteagail 3, 15, 18, 19, 20, 21, 26, 27, 30, 31 agus 34, áfach, ón [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
3.Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
1.2.Réimse(réimsí) beartais lena mbaineann i struchtúr ABM/ABB
1.3.Cineál an togra/tionscnaimh
1.4.Cuspóirí
1.5.Forais an togra/tionscnaimh
1.6.Fad agus tionchar airgeadais
1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh aige ar chaiteachas
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar chaiteachas
3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an Ionstraim um Margaí Digiteacha
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB
Réimse beartais:
An Margadh Aonair
An Eoraip Dhigiteach
Baineann an tionchar buiséadach leis na cúraimí nua a thugtar don Choimisiún, lena n‑áirítear na cúraimí maidir le maoirseacht dhíreach.
1.3.Cineál an togra/tionscnaimh
☑ Baineann an tionscnamh/togra le beart nua
◻ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart
◻ Baineann an tionscnamh/togra le síneadh ar bheart atá ann cheana
◻ Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua
1.4.Cuspóirí
1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe
Tá sé mar chuspóir ginearálta ag an togra seo feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú trí iomaíocht éifeachtach sna margaí digiteacha agus, go háirithe, timpeallacht ardán ar líne atá inchoimhlinte agus cothrom a chur chun cinn. Cuidíonn an cuspóir seo leis an gcúrsa straitéiseach a leagtar amach sa Teachtaireacht ‘Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú’.
1.4.2.Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann
Aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh chun margaí digiteacha a bheidh inchoimhlinte agus iomaíoch a áirithiú ar mhaithe le breis nuálaíochta agus rogha níos fearr do thomhaltóirí.
Aghaidh a thabhairt ar iompar éagórach geatóirí.
Comhleanúnachas agus deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú chun an margadh inmheánach a chaomhnú.
1.4.3.Na torthaí agus an tionchar a bhfuil súil leo
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
Bheadh tionchar mór, agus an tionchar sin ag fás, ag idirghabhálacha a bhfuil sé mar chuspóir acu iniomaíocht na hearnála digití a mhéadú ar ghnóthú na tairbhí féideartha go léir a bhaineann le Margadh Aonair Digiteach, agus bheadh praghsanna níos ísle agus rogha níos fearr do thomhaltóirí chomh maith le gnóthachain táirgiúlachta agus nuálaíocht mar thoradh air freisin.
Rannchuideodh gnóthachain éifeachtúlachta ón Margadh Aonair Digiteach, le méadú 1,5 % in OTI in aghaidh na bliana go dtí 2030 agus chruthófaí idir 1 agus 1,4 milliún post. Go sonrach, bheadh tionchar sa réimse idir 0,44 agus 0,82 % d’athruithe ar OTI agus idir 307 agus 561 míle FTE sa bhreis ag Margadh Aonair Digiteach níos éifeachtaí.
Bheadh tionchar dearfach ag aghaidh a thabhairt ar chleachtais ghnó éagóracha geatóirí ar gheilleagar na n‑ardán ar líne i gcoitinne. Chuirfeadh na bearta atá beartaithe srian leis na héifeachtaí fuaraithe atá ag iompar éagórach ar dhíolacháin. Bheadh gnólachtaí, go háirithe gnólachtaí beaga, níos muiníní agus iad i mbun plé le geatóirí dá mbeadh sé d’oibleagáid ar na geatóirí sin rialacha soiléire maidir le cothroime a chomhlíonadh.
Meastar, ní hamháin go dtarlódh breis díolachán trí ardáin bheaga mar thoradh ar bheart rialála, ach go mbeadh tionchar dearfach aici freisin ar fhás an mhargaidh. Dhéanfaí an mhuinín i dtimpeallacht ghnó na n‑ardán a threisiú ó tharla go bhfuil creat inoiriúnaithe á thuar acu, agus é bunaithe ar thacar soiléir oibleagáidí agus ar liosta solúbtha oibleagáidí faoi réir measúnú ar infheidhmeacht an iompair maidir leis an gcás ar leith.
Bheifí ag súil go mbeadh cumas nuálaíochta níos mó i measc gnólachtaí beaga mar thoradh ar na tairbhí chomh maith le cáilíocht seirbhíse níos fearr, agus feabhas dá réir sin ar leas tomhaltóirí. Má ghlactar leis go laghdódh idirghabhálacha atá á dtuar neamhshiméadrachtaí iomaíochta idir geatóirí agus ardáin eile, d’fhéadfaí barrachas tomhaltóirí de 13 billiún euro a mheas, i.e. méadú de thart ar 6 % i gcomparáid leis an mbunlíne.
1.4.4.Táscairí a léiríonn toradh agus tionchar
Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
|
Cuspóirí sonracha
|
Cuspóirí oibríochtúla
|
Táscairí Tomhais féideartha
|
|
Comhleanúnachas agus deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú i dtimpeallacht na n‑ardán ar líne sa mhargadh inmheánach
|
Na hidirghabhálacha rialála náisiúnta, ar idirghabhálacha iad a mbaineann éagsúlacht leo, a theorannú
Léirmhíniú comhleanúnach ar oibleagáidí a áirithiú
|
Líon na n‑idirghabhálacha rialála ar an leibhéal náisiúnta
Líon na n‑iarrataí ar shoiléiriú in aghaidh na bliana
|
|
Aghaidh a thabhairt ar iompar éagórach geatóirí ardáin
|
Cleachtais féintosaíochta éagóracha shainaitheanta a chosc
|
Líon na n‑idirghabhálacha i dtaca le comhlíonadh ag an gCoimisiún in aghaidh an ardáin gheatóra/in aghaidh na bliana
Líon na gcinntí maidir le smachtbhannaí in aghaidh an ardáin gheatóra/in aghaidh na bliana
|
|
Aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh chun margaí digiteacha a bheidh inchoimhlinte agus iomaíoch a áirithiú ar mhaithe le breis nuálaíochta agus rogha níos fearr do thomhaltóirí
|
Cleachtais éagóracha a bhaineann le rochtain ar sheirbhísí ardán agus ar ardáin geatóirí a chosc
Cleachtais éagóracha a bhaineann le sonraí a chosc agus comhlíonadh oibleagáidí a áirithiú
|
Sciar na n‑úsáideoirí a bhfuil ilfhrithing á déanamh acu le hardáin nó seirbhísí éagsúla
Sciar na n‑úsáideoirí atá ag athrú idir ardáin agus seirbhísí éagsúla
|
1.5.Forais an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma
Ba cheart an Rialachán a bheith infheidhme go díreach i ndiaidh sé mhí óna ghlacadh, agus faoin am sin ba cheart, a bhuí le rialachas an Aontais Eorpaigh, nósanna imeachta éifeachtacha a bheith i bhfeidhm chun na croísheirbhísí ardáin a ainmniú agus na rialacha a fhorfheidhmiú. Faoin nóiméad sin, dá bhrí sin, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún cinntí a ghlacadh maidir le hainmniú geatóirí, na bearta ba cheart don gheatóir a chur chun feidhme a shonrú, imscrúduithe margaidh a reáchtáil agus a bheith réidh chun aon chumhachtaí imscrúdaithe, forfheidhmithe nó faireacháin eile a fheidhmiú.
An tráth céanna, beidh ionadaithe ceaptha ag na Ballstáit chuig Coiste Comhairleach na Margaí Digiteacha.
1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE
Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.
Cúiseanna leis an ngníomhaíocht ar leibhéal an Aontais (ex ante):
Chun feidhmiú cuí an mhargaidh aonair a áirithiú, forálann an idirghabháil, inter alia, do chreat rialála iomchuí do chroísheirbhísí ardáin atá ag feidhmiú mar gheatóirí. Trí iomaíocht éifeachtach a chur chun cinn sna margaí digiteacha agus go háirithe timpeallacht atá inchoimhlinte agus cothrom a chur chun cinn i dtimpeallacht na n‑ardán ar líne, tacaíonn sé le hiontaoibh, le nuálaíocht agus le fás sa mhargadh aonair.
Tá ilroinnt sa tírdhreach rialála agus san fhormhaoirseacht ag teacht chun cinn san Aontas, de réir mar a thugann na Ballstáit aghaidh, ar an leibhéal náisiúnta, ar fhadhbanna a bhaineann le hardáin. Ní mar sin is fearr é i bhfianaise chineál trasteorann gheilleagar na n‑ardán agus an tábhacht shistéamach a bhaineann le hardáin gheatóra don mhargadh inmheánach. D’fhéadfadh ilroinnt éagsúil éiginnteacht dhlíthiúil agus ualaí rialála níos troime a chruthú do rannpháirtithe i ngeilleagar na n‑ardán. Cuireann ilroinnt den sórt sin méadú gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí beaga i mbaol chomh maith lena gcumas chun bláthú i margaí digiteacha.
Dá bhrí sin, tá sé mar aidhm ag an tionscnamh seo feabhas a chur ar fhormhaoirseacht atá comhleanúnach agus éifeachtach agus ar fhorfheidhmiú beart in aghaidh croísheirbhísí ardáin.
An breisluach Eorpach a mheastar a ghinfear (ex post):
Táthar ag súil, mar thoradh ar an tionscnamh seo, go mbeidh cumas nuálaíochta níos mó i measc gnólachtaí beaga chomh maith le cáilíocht seirbhíse níos fearr. Dá ndéanfaí an margadh inmheánach i dtrádáil trasteorann sa spás ardáin a chaomhnú, bheadh gnóthachan de EUR 92.8 billiún mar thoradh air sin faoin mbliain 2025.
I dtaca le breisluach i bhforfheidhmiú beart, cruthaíonn an tionscnamh gnóthachain thábhachtacha ó thaobh éifeachtúlachta. Má ghlactar leis go laghdódh idirghabhálacha atá á dtuar neamhshiméadrachtaí iomaíochta idir geatóirí agus ardáin eile, d’fhéadfaí barrachas tomhaltóirí de EUR 13 billiún a mheas.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
Soláthraítear le Treoir 2000/31/CE maidir le Ríomhthráchtáil an croíchreat d’fheidhmiú an mhargaidh aonair agus do mhaoirseacht seirbhísí digiteacha agus socraíonn sí bunstruchtúr le haghaidh sásra comhair ginearálta i measc na mBallstát, ina gcumhdaítear i bprionsabal na ceanglais go léir a bhfuil feidhm acu maidir le seirbhísí digiteacha. Léiríodh sa mheastóireacht ar an Treoir go raibh easnaimh i roinnt gnéithe den sásra comhair sin, lena n‑áirítear gnéithe tábhachtacha nós imeachta amhail easpa achair ama soiléire le haghaidh freagraí ó na Ballstáit chomh maith le heaspa sofhreagrachta i gcoitinne d’iarrataí óna gcontrapháirtithe.
Ar an leibhéal náisiúnta, thosaigh roinnt Ballstát ag glacadh rialacha náisiúnta cheana féin mar fhreagairt do na fadhbanna a bhain le hiompar geatóirí san earnáil dhigiteach. Tá ilroinnt ann cheana féin maidir le rialáil a bhaineann go sonrach le hardáin, mar shampla i gcásanna a bhaineann le hoibleagáidí trédhearcachta agus le clásail NBF. Eascraíonn éiginnteacht dhlíthiúil agus ualaí rialála níos troime do na gníomhaithe sin as ilroinnt éagsúil. Dá bhrí sin, meastar go bhfuil gá ann le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.
1.5.4.Comhoiriúnacht agus sineirgíocht fhéideartha le hionstraimí iomchuí eile
Déanann an tionscnamh an rialáil atá ann cheana maidir le hardáin a ghiaráil, gan bheith ar neamhréir léi, agus, an tráth céanna, déantar foráil ann do shásra forfheidhmithe atá éifeachtach agus comhréireach agus a thagann leis an riachtanas atá ann na hoibleagáidí spriocdhírithe a fhorfheidhmiú go dian i leith líon teoranta de sholáthraithe ardán trasteorann a fhónann mar thairseacha tábhachtacha d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar thomhaltóirí.
Tá sé éagsúil le Rialachán P2B, mar go bhfuil sé intuartha ann go ndéanfar tacar teoranta de chleachtais éagóracha a bhfuil grúpa srianta de gheatóirí móra trasteorann ina mbun a fhorfheidhmiú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Tá an sásra forfheidhmithe seo ar leibhéal an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le forfheidhmiú Rialachán P2B. Déanann geatóirí roinnt croísheirbhísí ardáin trasteorann a chomhtháthú, agus tá rialálaí lárnach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh a bhfuil cumhachtaí láidre imscrúdaithe aige ag teastáil chun torthaí ilroinnte a chosc agus freisin chun seachaint na rialacha nua a chosc. Chuige sin, féadfaidh an rialálaí nua ar leibhéal an Aontais Eorpaigh giaráil a dhéanamh ar an trédhearcacht nach mór do gach ceann de na seirbhísí idirghabhála ar líne agus de na hinnill chuardaigh ar líne a sholáthar faoi Rialachán P2B i dtaca le cleachtais a d’fhéadfadh a bheith neamhdhleathach go beacht faoin liosta oibleagáidí – má théann geatóirí ina mbun.
Tá an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha (‘DSA’) mar chomhlánú ar an togra chun an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil (‘ECD’) a thabhairt cothrom le dáta faoi DSA. Bíodh is gur tionscnamh cothrománach é DSA ina ndírítear ar cheisteanna amhail dliteanas idirghabhálaithe ar líne maidir le hábhar ó thríú páirtí, sábháilteacht úsáideoirí ar líne nó oibleagáidí díchill chuí neamhshiméadracha do sholáthraithe éagsúla seirbhísí sochaí faisnéise ag brath ar chineál na rioscaí sochaíocha a bhaineann le seirbhísí den chineál sin, baineann an tionscnamh seo le míchothromaíochtaí eacnamaíocha, cleachtais ghnó éagóracha ag geatóirí agus na torthaí diúltacha a bhíonn orthu, amhail iniomaíocht lagaithe na margaí ardáin. Sa mhéid go bhfuil cur chuige neamhshiméadrach á bheartú le DSA a fhéadfaidh oibleagáidí níos láidre a fhorchur ar ardáin mhóra i dtaca le dícheall cuí, déanfar comhsheasmhacht a áirithiú maidir le sainiú na gcritéar ábhartha, agus cuirfear cuspóirí éagsúla na dtionscnamh san áireamh an tráth céanna.
1.6.Fad agus tionchar airgeadais
◻ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta
–◻
Togra/tionscnamh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB
–◻
Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB
☑ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta
–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh 2022 go 2025,
–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
☑ Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
–☑ ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
–◻
trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;
◻ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
◻ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
–◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;
–◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);
–◻BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
–◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 208 agus 209 den Rialachán Airgeadais;
–◻ comhlachtaí dlí phoiblí;
–◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraíonn siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
–◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
–◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.
–I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.
Ráitis
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.
Déanfar an Rialachán a athbhreithniú agus a mheas gach tríú bliain. Ina theannta sin, i gcomhthéacs chur i bhfeidhm na mbeart, cuirfidh an Coimisiún agus meastóireacht leanúnach á déanamh aige ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht na mbeart, lena n‑áirítear maoirseacht agus anailís ar cheisteanna atá ag teacht chun cinn, roinnt beart faireacháin i gcrích. Go sonrach, d’fhéadfadh sé go mbeadh athbhreithniú ag teastáil má chinntear go bhfuil rialacha breise, lena n‑áirítear rialacha maidir le forfheidhmiú, riachtanach lena áirithiú go bhfuil margaí digiteacha ar fud AE inchoimhlinte agus cothrom.
Ní mór don Choimisiún na cinntí a thuairisciú do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.Rioscaí a sainaithníodh
Maidir le cur chun feidhme an Rialacháin, is féidir na príomhrioscaí seo a leanas a shainaithint:
Rioscaí i dtaca le héifeachtacht an Rialacháin, de bharr éiginnteachtaí dlíthiúla a bhaineann le príomhghnéithe áirithe na n‑oibleagáidí; agus
Rioscaí i dtaca le héifeachtacht an Rialacháin, a bhféadfadh athruithe ábhartha ar na fíorais a bheith mar chúis leo.
Maidir le caiteachas, is féidir na príomhrioscaí seo a leanas a shainaithint:
An riosca go mbeadh na saineolaithe earnála a roghnaítear ar cháilíocht íseal agus cur chun feidhme teicniúil atá lag, agus dá bhrí sin go laghdófaí tionchar an fhaireacháin mar thoradh ar nósanna imeachta roghnúcháin atá uireasach, easpa saineolais nó faireachán nach bhfuil leordhóthanach; agus
An riosca go ndéanfaí cistí a ceadaíodh le haghaidh soláthair a úsáid go neamhéifeachtúil agus go neamhéifeachtach (é a bheith deacair comparáid a dhéanamh idir praghsanna uaireanta de bharr líon na soláthraithe eacnamaíocha a bheith teoranta).
Riosca maidir le bainistíocht a dhéanamh ar thionscadail TF, go háirithe i dtaca le moilleanna, riosca maidir le róchaiteachas costais agus rialachas foriomlán.
2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh arna bhunú
Maidir le cur chun feidhme an Rialacháin, tá an córas rialaithe inmheánaigh seo a leanas á thuar:
D’fhéadfadh sé go mbeadh idirphlé idir an Coimisiún agus an geatóir lena mbaineann riachtanach lena áirithiú gur fearr a bhainfear amach a chuid spriocanna leis na bearta atá á mbreithniú nó á gcur chun feidhme ag geatóirí. Má luaitear an fhéidearthacht a bhaineann le hidirphlé den sórt sin, féadfar a bheith ag súil go mbeidh an tionscnamh níos éifeachtaí maidir le haghaidh a thabhairt ar chleachtais éagóracha, ar cleachtais iad a chuireann bac ar iniomaíocht an mhargaidh agus ar iomaíocht. An tráth céanna, beidh sé comhréireach do na geatóirí lena mbaineann, ó tharla go mbeadh corrlach breithmheasa áirithe acu maidir le bearta a áirithíonn comhlíonadh na n‑oibleagáidí sainaitheanta go héifeachtach a chur chun feidhme.
Tá ainmniú an gheatóra faoi réir athbhreithniú tráthrialta freisin áit a mbeadh athrú ábhartha ar aon cheann de na fíorais a raibh an cinneadh ainmnithe bunaithe orthu, agus i gcás ina raibh an cinneadh bunaithe ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach a sholáthair na gnóthais.
Ar deireadh, cuimsíonn an tionscnamh seo sásra dinimiciúil a cheadaíonn an liosta oibleagáidí a thabhairt cothrom le dáta i gcás ina measfar cleachtais nua a bheith éagórach i ndiaidh imscrúdú margaidh.
Maidir le caiteachas, tá an córas rialaithe inmheánaigh seo a leanas á thuar:
Féadfar na rioscaí sin a bhaineann le caiteachas a mhaolú trí thograí agus trí dhoiciméid níos spriocdhírithe agus trí nósanna imeachta simplithe a úsáid mar a tugadh isteach sa rialachán airgeadais is déanaí. Déanfar na gníomhaíochtaí i dtaca le hacmhainní airgeadais a chur chun feidhme trí sholáthar poiblí faoi mhodh na bainistíochta dírí. Dá bhrí sin, meastar go bhfuil na rioscaí dlíthiúlachta agus rialtachta gaolmhara (an‑)íseal.
Tá mórán de na rioscaí sin nasctha le cineál dúchasach na dtionscadal sin agus déanfar iad a mhaolú trí chóras bainistíochta tionscadail iomchuí agus trí thuairisciú bainistíochta tionscadail, lena n‑áirítear tuairiscí riosca a chuirfear faoi bhráid na bainistíochta sinsearaí de réir mar is gá.
Tá an córas rialaithe inmheánaigh tógtha ar chur chun feidhme Phrionsabail Rialaithe Inmheánaigh an Choimisiúin. I gcomhréir le ceanglas an Rialacháin Airgeadais, cuspóir tábhachtach a bhaineann leis an "straitéis buiséid dírithe ar thorthaí" ón gCoimisiún is ea cost‑éifeachtúlacht a áirithiú nuair atá córais bhainistíochta agus rialála a choisceann, a shainaithníonn agus a cheartaíonn earráidí á ndearadh agus á gcur chun feidhme. Dá bhrí sin, meastar sa straitéis rialaithe go mbeidh leibhéal iniúchta níos airde i réimsí a bhfuil níos mó riosca ag baint leo agus áirithíonn sé cost‑éifeachtúlacht.
Beidh nasc leanúnach le hobair bheartais, rud a áiritheoidh an tsolúbthacht atá riachtanacha chun na hacmhainní a chur in oiriúint do na riachtanais bheartais iarbhír i réimse atá faoi réir athruithe go minic.
2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis.
Meastar gurb ionann costais na rialuithe agus níos lú ná 3 % den chaiteachas iomlán. I dtéarmaí neamhairgeadais, cumhdaítear na nithe seo leis na tairbhí a bhaineann le rialuithe: luach níos fearr ar airgead, bacadh, gnóthachain éifeachtúlachta, feabhsuithe córais agus comhlíonadh na bhforálacha rialála.
Déantar na rioscaí a mhaolú go héifeachtach leis na rialuithe a chuirtear i bhfeidhm, agus meastar gur lú ná 2 % an riosca earráide.
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.
Dírítear sna bearta coisctheacha agus cosanta ar thrédhearcacht a mhéadú i gcruinnithe bainistíochta agus i dteagmhálacha le páirtithe leasmhara, agus dea‑chleachtais i dtaca le soláthar poiblí á leanúint, lena n‑áirítear feidhm a bhaint as uirlis ríomhsholáthair agus ríomhaighneachta. Déanfaidh na bearta coimhlintí leasa féideartha a chosc agus a bhrath freisin.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar
·Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne bhuiséid
|
Cineál
caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
|
LD/LN.
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
|
1
|
03 02 An Clár don Mhargadh Aonair (lena n‑áirítear FBManna)
|
LD.
|
TÁ
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
|
1
|
02 04 05 01 An Clár don Eoraip Dhigiteach
|
LD.
|
TÁ
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
|
7
|
20.0206 Bainistíocht eile
caiteachais
|
LN.
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh aige ar chaiteachas
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar chaiteachas
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
1
|
Nuálaíocht sa Mhargadh Aonair agus Digiteach
|
|
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
Tar éis 2027
|
IOMLÁN
|
|
Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí – 03 02 An Clár don Mhargadh Aonair
|
Gealltanais
|
(1)
|
N/B
|
0,667
|
3,667
|
4,633
|
4,133
|
3,667
|
3,533
|
|
20,300
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2)
|
N/B
|
0,333
|
2,167
|
4,150
|
4,383
|
3,900
|
3,600
|
1,767
|
20,300
|
|
Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí ‑ 02 04 05 01 An Clár don Eoraip Dhigiteach
|
Gealltanais
|
(1)
|
N/B
|
0,333
|
1,833
|
2,317
|
2,067
|
1,833
|
1,767
|
|
10,150
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2)
|
N/B
|
0,167
|
1,083
|
2,075
|
2,192
|
1,950
|
1,800
|
0,883
|
10,150
|
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach an chláir
|
Gealltanais = Íocaíochtaí
|
(3)
|
N/B
|
N/B
|
N/B
|
N/B
|
N/B
|
N/B
|
N/B
|
|
N/B
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 1
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
=1+3
|
N/B
|
1,000
|
5,500
|
6,950
|
6,200
|
5,500
|
5,300
|
|
30,450
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=2+3
|
N/B
|
0,500
|
3,250
|
6,225
|
6,575
|
5,850
|
5,400
|
2,650
|
30,450
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
7
|
‘Caiteachas riaracháin’
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
Tar éis 2027
|
IOMLÁN
|
|
Acmhainní daonna
|
N/B
|
3,000
|
5,320
|
7,845
|
10,300
|
10,300
|
10,300
|
|
47,065
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
N/B
|
0,050
|
0,675
|
1,125
|
0,625
|
0,575
|
0,525
|
|
3,575
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)
|
N/B
|
3,050
|
5,995
|
8,970
|
10,925
|
10,875
|
10,825
|
|
50,640
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
Tar éis 2027
|
IOMLÁN
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
N/B
|
4,050
|
11,495
|
15,920
|
17,125
|
16,375
|
16,125
|
|
81,090
|
|
|
Íocaíochtaí
|
N/B
|
3,550
|
9,245
|
15,195
|
17,500
|
16,725
|
16,225
|
2,650
|
81,090
|
3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
Ní féidir liosta uileghabhálach de na haschuir atá le soláthar trí bhíthin idirghabhálacha airgeadais, an meánchostas agus na huimhreacha a sholáthar mar a iarrtar sa roinn seo mar gur tionscnamh nua é seo agus nach bhfuil aon sonraí staidrimh roimhe seo ar féidir leas a bhaint astu.
Tá sé mar aidhm leis an Rialachán seo (i) aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh chun margaí digiteacha atá inchoimhlinte agus iomaíoch a áirithiú le haghaidh breis nuálaíochta agus breis roghanna do thomhaltóirí, (ii) aghaidh a thabhairt ar iompar éagórach ag geatóirí (iii) comhleanúnachas agus deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú i dtimpeallacht na n‑ardán ar líne le haghaidh margadh inmheánach caomhnaithe. Rannchuidíonn na cuspóirí sin go léir le gnóthú an chuspóra ghinearálta, arb ionann é agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú (trí iomaíocht éifeachtach sna margaí digiteacha agus trí thimpeallacht ardán ar líne atá inchoimhlinte agus cothrom).
Chun cuspóirí an tionscnaimh seo a bhaint amach ar an mbealach is fearr, is é is dócha, inter alia, go ndéanfar na bearta seo a leanas a mhaoiniú:
(1) ainmniú a dhéanamh ar sholáthraithe croísheirbhísí ardáin faoi réir an Rialacháin trí phróiseas dearbhaitheach;
(2) imscrúduithe margaidh a dhéanamh, gníomhaíochtaí imscrúdaitheacha, gníomhaíochtaí forfheidhmithe agus gníomhaíochtaí faireacháin ar bith eile a fheidhmiú;
(3) athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar ghnéithe sonracha den Rialachán chomh maith le meastóireacht ar an Rialachán;
(4) meastóireacht leanúnach ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht na mbeart arna gcur chun feidhme;
(5) córas lárnach faisnéise a chothabháil, a fhorbairt, a óstáil agus a chothú i gcomhréir leis na caighdeáin iomchuí rúndachta agus slándála sonraí.
(6) meastóireachtaí leantacha ag saineolaithe, áit a gceaptar iad sin; agus
(7) costais eile riaracháin a thabhaítear i dtaca le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí éagsúla, amhail;
(7.i) costais a bhaineann le misin do bhaill foirne, lena n‑áirítear i gcás cigireachtaí ar an láthair;
(7.ii) costais a bhaineann le cruinnithe a eagrú, mar atá Coistí Comhairleacha;
(7.iii) costais a bhaineann le hoiliúint foirne; agus
(7.iv) costais a bhaineann le comhairle ó shaineolaithe.
3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin
3.2.3.1.Achoimre
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
–☑
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Blianta
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
IOMLÁN
|
|
CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
N/B
|
3,000
|
5,320
|
7,845
|
10,300
|
10,300
|
10,300
|
47,065
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
N/B
|
0,050
|
0,675
|
1,125
|
0,625
|
0,575
|
0,525
|
3,575
|
|
Fo‑iomlán CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
N/B
|
3,050
|
5,995
|
8,970
|
10,925
|
10,875
|
10,825
|
50,640
|
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
of the multiannual financial framework
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
N/B
|
N/B
|
N/B
|
N/B
|
N/B
|
N/B
|
N/B
|
N/B
|
|
Caiteachas eile
de chineál riaracháin
|
N/B
|
N/B
|
N/B
|
N/B
|
N/B
|
N/B
|
N/B
|
N/B
|
|
Fo‑iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
N/B
|
N/B
|
N/B
|
N/B
|
N/B
|
N/B
|
N/B
|
N/B
|
|
IOMLÁN
|
N/B
|
3,050
|
5,995
|
8,970
|
10,925
|
10,875
|
10,825
|
50,640
|
Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard‑Stiúrthóireacht a sannadh cheana féin do bhainistíocht an ghnímh agus/nó a ath‑imlonnaíodh laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.
–☑
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:
Is tionscnamh nua rialála í an Ionstraim um Margaí Digiteacha agus cuidíonn sí leis an treo straitéiseach a leagtar amach sa Teachtaireacht ‘Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú’. Is de chineál cothrománach atá sé seo agus trasghearrann sé fearainn inniúlachta éagsúla an Choimisiúin, amhail iad siúd a bhaineann leis an margadh inmheánach, le seirbhísí digiteacha agus le cosaint iomaíochta.
Lena áirithiú go gcuirfidh na cuideachtaí an rialachán chun feidhme, beidh sé riachtanach, rialuithe agus faireachán ex ante, amhail geatóirí a ainmniú, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh ag geatóirí, cinntí maidir le neamhchomhlíonadh a ghlacadh, iarrataí ar dhíolúine a mheas, imscrúduithe margaidh a dhéanamh agus na cinntí a eascróidh astu a fhorfheidhmiú agus gníomhartha a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Nuair a bhí an buiséad agus an líon foirne a theastódh don tionscnamh á meas, rinneadh iarrachtaí sineirgí a chruthú agus tógáil ar an gcreat reatha chun nach mbeadh sé riachtanach tógáil as an nua, a mbeadh foireann níos mó fós ná an ríomh reatha ag teastáil faoin chomhair.
Cé gur féidir sineirgí i dtaca le foireann, eolas agus bonneagar a aimsiú laistigh de na trí Phríomh‑Ardstiúrthóireacht agus laistigh de sheirbhísí an Choimisiúin, tá tábhacht agus réim an tionscnaimh níos forleithne ná an creat reatha. Caithfidh an Coimisiún a láithreacht sna Margaí Digiteacha a mhéadú agus ina theannta sin, de bhrí go bhfuil spriocdhátaí dlíthiúla á dtuar sa rialachán, ní mór acmhainní a leithdháileadh ar na cúraimí sin gan aon mhoilleanna. Ní féidir na hacmhainní daonna atá ag teastáil a leithdháileadh laistigh de na trí Phríomh‑Ardstiúrthóireacht faoi láthair gan gach réimse forfheidhmithe eile a chur i mbaol. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, foireann a ath‑imlonnú ó fhoinsí lasmuigh de na trí Phríomh‑Ardstiúrthóireacht má táimid chun cuspóir an togra a chomhlíonadh chomh maith le cuspóirí na dtrí Phríomh‑Ardstiúrthóireacht.
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
Blianta
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
Tar éis 2027
|
|
•Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
|
|
Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin
|
|
20
|
30
|
43
|
55
|
55
|
55
|
55
|
|
Toscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Taighde
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
• Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) ‑ AC, AL, END, INT agus JED
CEANNTEIDEAL 7
|
|
|
Arna mhaoiniú as CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
‑ sa cheanncheathrú
|
|
|
10
|
17
|
25
|
25
|
25
|
25
|
|
|
‑ i dToscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Arna mhaoiniú as imchlúdach an chláir
|
- sa cheanncheathrú
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- i dToscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Taighde
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
|
20
|
40
|
60
|
80
|
80
|
80
|
80
|
Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an ghnímh faoina gcúram cheana féin agus/nó a ath‑imlonnaíodh laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Tuairisc ar na cúraimí a bheidh le déanamh:
|
Oifigigh agus pearsanra sealadach
|
Cinntí ainmnithe a ghlacadh agus imscrúduithe margaidh a dhéanamh atá dírithe ar gheatóirí a ainmniú.
Faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an liosta oibleagáidí agus, más ábhartha, cinntí maidir le neamhchomhlíonadh a ghlacadh
Imscrúduithe margaidh a dhéanamh maidir le seirbhísí nua agus chleachtais nua
Gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe a ullmhú agus a dhréachtú, i gcomhréir leis an Rialachán seo
|
|
Pearsanra seachtrach
|
Cinntí ainmnithe a ghlacadh agus imscrúduithe margaidh a dhéanamh atá dírithe ar gheatóirí a ainmniú.
Faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an liosta oibleagáidí agus, más ábhartha, cinntí maidir le neamhchomhlíonadh a ghlacadh
Imscrúduithe margaidh a dhéanamh maidir le seirbhísí nua agus chleachtais nua
Gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe a ullmhú agus a dhréachtú, i gcomhréir leis an Rialachán seo
|
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
–☑
Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.
Is féidir an tionscnamh a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI). Beidh an tionchar airgeadais ar leithreasuithe i gcomhair oibríochta á chumhdach go hiomlán ag na leithdháiltí atá á dtuar in CAI 2021‑27 faoi imchlúdaigh airgeadais an Chláir don Mhargadh Aonair agus an Chláir don Eoraip Dhigiteach.
–◻
Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.
–◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
–I gcás an togra/tionscnaimh ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an tionscnamh ar ioncam eile.
Ní féidir méid an ioncaim a mheas roimh ré mar go mbaineann sé le fíneálacha ar ghnóthas faoi gan oibleagáidí arna leagan síos sa Rialachán a chomhlíonadh.
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Líne buiséid ioncaim:
Caibidil 42 – fíneálacha gus pionóis
|
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
|
Airteagal ………….
|
|
|
p.m
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
IARSCRÍBHINN
leis an RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
Ainm an togra/tionscnaimh:
Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an Ionstraim um Margaí Digiteacha
LÍON agus COSTAS na nACMHAINNÍ DAONNA A MHEASTAR A BHEITH RIACHTANACH
COSTAS CAITEACHAIS RIARACHÁIN EILE
MODHANNA RÍOFA a ÚSÁIDTEAR chun COSTAIS A MHEAS
Acmhainní daonna
Caiteachas riaracháin eile
BARÚLACHA BREISE leis an RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH agus an IARSCRÍBHINN a ghabhann leis
Ní mór go mbeadh an iarscríbhinn seo ag gabháil leis an ráiteas airgeadais reachtach nuair atá an comhairliúchán idirsheirbhísí á sheoladh.
Úsáidtear na táblaí sonraí mar fhoinse le haghaidh na dtáblaí atá sa ráiteas airgeadais reachtach. Tá siad á soláthar le haghaidh úsáid inmheánach laistigh den Choimisiún amháin.
Costas na n-acmhainní daonna a mheastar a bheith riachtanach
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
IOMLÁN
|
|
|
FTE
|
Leithreasuithe
|
FTE
|
Leithreasuithe
|
FTE
|
Leithreasuithe
|
FTE
|
Leithreasuithe
|
FTE
|
Leithreasuithe
|
FTE
|
Leithreasuithe
|
FTE
|
Leithreasuithe
|
FTE
|
Leithreasuithe
|
|
•Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
|
Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin
|
AD
|
|
|
17
|
2,550
|
25
|
3,750
|
37
|
5,550
|
47
|
7,050
|
47
|
7,050
|
47
|
7,050
|
|
33,000
|
|
|
AST
|
|
|
3
|
0,450
|
5
|
0,750
|
6
|
0,900
|
8
|
1,200
|
8
|
1,200
|
8
|
1,200
|
|
5,700
|
|
• Pearsanra seachtrach
|
|
Imchlúdach iomlánaíoch
|
AC
|
|
|
|
|
6
|
0,480
|
10
|
0,800
|
15
|
1,2
|
15
|
1,200
|
15
|
1,200
|
|
4,880
|
|
|
CRÍOCH
|
|
|
|
|
4
|
0,340
|
7
|
0,595
|
10
|
0,850
|
10
|
0,850
|
10
|
0,850
|
|
3,485
|
|
|
INT
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán – CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
20
|
3,000
|
40
|
5,320
|
60
|
7,845
|
80
|
10,300
|
80
|
10,300
|
80
|
10,300
|
|
47,065
|
Soláthrófar na leithreasuithe den chineál riaracháin is gá leis na leithreasuithe a sannadh do bhainistíocht an ghnímh cheana féin agus/nó a ath-imlonnaíodh, mar aon le haon leithdháileadh breise, más gá, a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Costas Caiteachais riaracháin eile
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair riaracháin mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
Iomlán
|
|
Sa cheanncheathrú:
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Speansais mhisin agus ionadaíochta
|
--
|
--
|
0,050
|
0,050
|
0,050
|
0,050
|
0,050
|
0,250
|
|
Coistí comhairleacha
|
--
|
0,050
|
0,100
|
0,150
|
0,150
|
0,150
|
0,150
|
0,750
|
|
Staidéir agus comhairliúcháin
|
--
|
--
|
0,500
|
0,900
|
0,400
|
0,350
|
0,300
|
2,450
|
|
Oiliúint foirne
|
--
|
--
|
0,025
|
0,025
|
0,025
|
0,025
|
0,025
|
0,125
|
|
Córais bhainistíochta agus faisnéise
|
--
|
--
|
--
|
--
|
--
|
--
|
--
|
--
|
|
Trealamh agus seirbhísí TFC
|
--
|
--
|
--
|
--
|
--
|
--
|
--
|
--
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
--
|
0,050
|
0,675
|
1,125
|
0,625
|
0,575
|
0,525
|
3,575
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
Iomlán
|
|
Caiteachas ar chúnamh teicniúil agus riaracháin (gan foireann sheachtrach a áireamh) as leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- sa cheanncheathrú
|
--
|
--
|
--
|
--
|
--
|
--
|
--
|
--
|
|
- i dtoscaireachtaí an Aontais
|
--
|
--
|
--
|
--
|
--
|
--
|
--
|
--
|
|
Caiteachas eile bainistíochta le haghaidh taighde
|
--
|
--
|
--
|
--
|
--
|
--
|
--
|
--
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh i gcás inar gá)
|
--
|
--
|
--
|
--
|
--
|
--
|
--
|
--
|
|
Trealamh agus seirbhísí TFC
|
--
|
--
|
--
|
--
|
--
|
--
|
--
|
--
|
|
Fo-iomlán – Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
--
|
--
|
--
|
--
|
--
|
--
|
--
|
--
|
|
1.IOMLÁN
2.CEANNTEIDEAL 7 agus Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
--
|
0,050
|
0,675
|
1,125
|
0,625
|
0,575
|
0,525
|
3,575
|
Soláthrófar na leithreasuithe den chineál riaracháin is gá leis na leithreasuithe a sannadh do bhainistíocht an ghnímh cheana féin agus/nó a ath-imlonnaíodh, mar aon le haon leithdháileadh breise, más gá, a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Modhanna ríofa a úsáidtear chun costais a mheas
Acmhainní daonna
Is tionscnamh nua rialála í an Ionstraim um Margaí Digiteacha agus cuidíonn sí leis an treo straitéiseach a leagtar amach sa Teachtaireacht ‘Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú’. Is de chineál cothrománach atá sé seo agus trasghearrann sé fearainn inniúlachta éagsúla an Choimisiúin, amhail iad siúd a bhaineann leis an margadh inmheánach, le seirbhísí digiteacha agus le cosaint iomaíochta.
Lena áirithiú go gcuirfidh na cuideachtaí an rialachán chun feidhme, beidh sé riachtanach, rialuithe agus faireachán ex ante, amhail geatóirí a ainmniú, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh ag geatóirí, cinntí maidir le neamhchomhlíonadh a ghlacadh, iarrataí ar dhíolúine a mheas, imscrúduithe margaidh a dhéanamh agus na cinntí a eascróidh astu a fhorfheidhmiú agus gníomhartha a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.
Nuair a bhí an buiséad agus an líon foirne a theastódh don tionscnamh á meas, rinneadh iarrachtaí sineirgí a chruthú agus tógáil ar an gcreat reatha chun nach mbeadh sé riachtanach tógáil as an nua, a mbeadh foireann níos mó fós ná an ríomh reatha ag teastáil faoin chomhair.
Cé gur féidir sineirgí i dtaca le foireann, eolas agus bonneagar a aimsiú laistigh de na trí Phríomh-Ardstiúrthóireacht agus laistigh de sheirbhísí an Choimisiúin, tá tábhacht agus réim an tionscnaimh níos forleithne ná an creat reatha. Caithfidh an Coimisiún a láithreacht sna Margaí Digiteacha a mhéadú agus ina theannta sin, de bhrí go bhfuil spriocdhátaí dlíthiúla á dtuar sa rialachán, ní mór acmhainní a leithdháileadh ar na cúraimí sin gan aon mhoilleanna. Ní féidir na hacmhainní daonna atá ag teastáil a leithdháileadh laistigh de na trí Phríomh-Ardstiúrthóireacht faoi láthair gan gach réimse forfheidhmithe eile a chur i mbaol. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, foireann a ath-imlonnú ó fhoinsí lasmuigh de na trí Phríomh-Ardstiúrthóireacht má táimid chun cuspóir an togra a chomhlíonadh chomh maith le cuspóirí na dtrí Phríomh-Ardstiúrthóireacht.
|
1.CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
• Oifigigh agus pearsanra sealadach
Má ghlactar leis go nglacfar é faoin mbliain 2022, beidh ar an gCoimisiún na hacmhainní is gá chun comhlíonadh na gcúraimí nua a bhunú, lena n-áirítear glacadh na ngníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe arna sainordú leis an Rialachán.
Ó dháta chur i bhfeidhm na n-oibleagáidí (2022), meastar go mbeidh 20 FTE (17 AD + 3 AST) ag teastáil i dtús báire do na cúraimí nua a bhaineann leis an Ionstraim um Margaí Digiteacha (DMA) (geatóirí a ainmniú, faireachán ar chomhlíonadh ag geatóirí, cinntí maidir le neamhchomhlíonadh a ghlacadh, iarrataí ar dhíolúine a mheas, imscrúduithe margaidh a dhéanamh agus na cinntí a eascróidh astu a fhorfheidhmiú agus gníomhartha a chur chun feidhme) agus é sin ag méadú go dtí 55 FTE (47 AD + 8 AST) faoin mbliain 2025.
|
|
• Pearsanra seachtrach
Ón dara bliain de chur i bhfeidhm na n-oibleagáidí (2023), meastar go mbeidh 10 FTE (6 AC + 4 END) ag teastáil i dtús báire do na cúraimí nua a bhaineann le DMA (geatóirí a ainmniú, faireachán ar chomhlíonadh ag geatóirí, cinntí maidir le neamhchomhlíonadh a ghlacadh, iarrataí ar dhíolúine a mheas, imscrúduithe margaidh a dhéanamh agus na cinntí a eascróidh astu a fhorfheidhmiú agus gníomhartha a chur chun feidhme) agus é sin ag méadú go dtí 25 FTE (15 AC + 10 END) faoin mbliain 2025.
|
|
2.Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
• Na poist sin amháin a mhaoinítear ón mbuiséad taighde - N/B
|
|
• Foireann sheachtrach – N/B
|
Caiteachas riaracháin eile
|
3.CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
Speansais mhisin agus ionadaíochta
·Meastar go bhfuil gá ann le 10 n-imscrúdú geatóirí ar an láthair in aghaidh na bliana ó 2023 ar aghaidh. Meastar gurb ionann agus 5 000 EUR in aghaidh an mhisin an meánchostas in aghaidh an imscrúdaithe má ghlactar leis go mbeidh 2 FTE ar an láthair ar feadh tréimhse 5 lá
Coistí Comhairleacha
·Meastar go dtionólfar 5 cinn de chruinnithe comhairleacha in 2022, 10 gcruinniú in 2023 agus 15 chruinniú in aghaidh na bliana in 2024-2027. Meastar gurb ionann agus 10 000 EUR na costais in aghaidh an chruinnithe.
Oiliúint
·Is comhpháirt thábhachtach é an buiséad oiliúna don fhoireann chun an cháilíocht agus an inniúlacht shonrach sa réimse seo a dhearbhú. Meastar gurb ionann agus 25 000 EUR in aghaidh na bliana na costais.
Staidéir agus comhairliúcháin
·Beidh caiteachas ag teastáil le haghaidh saineolaithe a bhfuil ardoiliúint orthu san earnáil chun tacaíocht theicniúil a sholáthar maidir le hainmniú geatóirí agus chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na mbeart arna mbunú faoin Rialachán seo. Meastar go bhfeidhmeofar suas le 6-7 staidéar faireacháin idir 2023-2027 a mbeidh castacht sa réimse idir íseal agus an-chasta ag baint leo, agus conarthaí ar luach idir 50 000-1 000 000 EUR ag freagairt dóibh. Táthar ag súil go mbeidh gá níos mó leis na saineolaithe sin ag tús na tréimhse.
|
|
4.Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
N/B
|
Barúlacha breise leis an ráiteas Airgeadais Reachtach agus an iarscríbhinn a ghabhann leis
Roinnfear an caiteachas oibríochtúil idir AS COMP agus AS GROW maidir leis an gClár don Mhargadh Aonair agus AS CNECT maidir leis an gClár don Eoraip Dhigiteach.
Roinnfear an caiteachas riaracháin idir AS COMP, AS GROW agus AS CNECT.