EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0835

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE de bhun Airteagal 218(9) CFAE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú le hAirteagal 164 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le fordheontais talmhaíochta

COM/2020/835 final/2

An Bhruiséil,27.1.2021

COM(2020) 835 final/2

COM(2020) 835 final of 10.12.2020 downgraded on 27.1.2021

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

de bhun Airteagal 218(9) CFAE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú le hAirteagal 164 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le fordheontais talmhaíochta


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Molann an Coimisiún go bhformheasfaidh an Chomhairle an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”) maidir le cinneadh ón gComhchoiste i ndáil le fóirdheontais talmhaíochta a dhíolmhú, lena n‑áirítear bearta lena dtacaítear le trádáil i dtáirgí iascaigh, ó chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir le státchabhair, arna ndéanamh infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hAirteagal 10 (1) den Phrótacal maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar (an Prótacal), dá bhforáiltear in Airteagal 10 (2) den Phrótacal. De réir Airteagal 10(2), arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn 6 den Phrótacal, ba cheart go gcinnfí leis an gcinneadh sin (i) an t‑uasleibhéal foriomlán tacaíochta agus (ii) an céatadán íosta atá comhoiriúnach le EDT (Bosca Glas) dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann (an Prótacal).

2.Comhthéacs an togra

Le hAirteagal 10 den Phrótacal cuirtear aon bhearta de chuid na Ríochta Aontaithe a thacaíonn le táirgeadh agus trádáil táirgí talmhaíochta i dTuaisceart Éireann faoi réir chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir le Státchabhair a liostaítear in Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an bPrótacal má dhéanann na bearta sin difear don trádáil sin idir Tuaisceart Éireann agus an tAontas. Ag an am céanna, foráiltear ann do dhíolúine ó chur i bhfeidhm dhlí an Aontais suas le huasleibhéal bliantúil foriomlán arna chinneadh, ar choinníoll go bhfuil céatadán íosta arna chinneadh den tacaíocht dhíolmhaithe sin i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála ar Thalmhaíocht.

Cinnfidh an Comhchoiste uasleibhéal bliantúil foriomlán tosaigh díolmhaithe na tacaíochta agus an céatadán íosta tosaigh, agus an fhaisnéis is déanaí atá ar fáil á cur san áireamh, i gcomhréir le hIarscríbhinn 6 a ghabhann leis an bPrótacal.

Agus an t‑uasleibhéal tosaigh bliantúil díolmhaithe iomlán d’earnáil na talmhaíochta á chinneadh, foráiltear leis an bPrótacal go ndéanfar breithniú, inter alia, ar dhearadh na scéime tacaíochta talmhaíochta a bheidh ag an Ríocht Aontaithe sa todhchaí agus meán bliantúil mhéid iomlán an chaiteachais a thabhaítear i dTuaisceart Éireann faoin gComhbheartas Talmhaíochta faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil reatha (CAI) 2014‑2020.

Agus an céatadán íosta tosaigh is infheidhme maidir leis uasleibhéal tosaigh bliantúil díolmhaithe iomlán d’earnáil na talmhaíochta á chinneadh, foráiltear leis an bPrótacal, inter alia, maidir le breithniú ar dhearadh scéim tacaíochta talmhaíochta na Ríochta Aontaithe agus ar an gcéatadán lena raibh an caiteachas foriomlán faoin gComhbheartas Talmhaíochta san Aontas ag comhlíonadh fhorálacha Iarscríbhinn 2 de Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) ar Thalmhaíocht de réir mar a fógraíodh don tréimhse lena mbaineann.

3.Seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Cinneadh ar an uasleibhéal foriomlán tacaíochta agus ar an íoschéatadán atá i gcomhréir leis na forálacha in Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú EDT ar Thalmhaíocht.

Cinntear uasleibhéal foriomlán bliantúil na tacaíochta ar bhonn na leithdháiltí do chaiteachas le haghaidh Cholún I agus Cholún II araon faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT).

I gcás Cholún I (an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta – CERT), ríomhadh an leibhéal ábhartha caiteachais ar bhonn dhá phríomhghné: leithdháiltí caiteachais na Ríochta Aontaithe maidir le hÍocaíochtaí Díreacha chomh maith leis an gcaiteachas a bhaineann le bearta tacaíochta margaidh, ar bhonn dearbhuithe bliantúla imréitigh cuntas do na blianta airgeadais 2014‑19. Áirítear sa mhéid sin caiteachas arna thabhú ag gníomhaireacht íocaíochta na Ríochta Aontaithe le haghaidh Thuaisceart Éireann faoi Chomheagraíocht na Margaí (CEM). In éagmais sonraí cuntas a imréitíodh cheana i leith na bliana airgeadais 2020, ríomhadh an meánmhéid bliantúil de réir na tréimhse 2014‑2019, agus dá bhrí sin rinneadh an méid foriomlán ina iomláine a roinnt ar líon 6 bliana.

Maidir le Colún II (an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe – EARD), tá an méid a mheastar bunaithe ar an meán‑leithdháileadh 7 mbliana sa chlár forbartha tuaithe formheasta (lena n‑áirítear maoiniú náisiúnta breise agus maoiniú breise lasmuigh de raon feidhme Airteagal 42 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh).

I mbliain ina mbeadh géarchéim thromchúiseach gan choinne ann, ba cheart go dtiocfadh méadú ar an uasleibhéal foriomlán tacaíochta bliantúil.

Bunaítear leibhéal uasta na tacaíochta díolmhaithe d’iascaigh ar an meánchaiteachas faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil Eorpach (2014 – 2020) Leagtar amach é dá réir sin mar uasleibhéal tacaíochta thar thréimhse cúig bliana, agus uasteorainn bhliantúil leis.

D’fhonn a áirithiú nach mbaineann díolúine chainníochtúil ar leibhéal áirithe tacaíochta ó chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir le Státchabhair an bonn go cáilíochtúil de na ceanglais shubstainteacha maidir le tacaíocht in earnáil an iascaigh a leagtar síos i ndlí an Aontais, léirítear sa Chinneadh Comhpháirteach na critéir incháilitheachta maidir leis na cineálacha oibríochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh dá bhforáiltear i ndlí an Aontais trí oibríochtaí áirithe a bheidh le maoiniú a eisiamh ón méid díolmhaithe.

Tá céatadán íosta na tacaíochta díolmhaithe nach mór a bheith i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Talmhaíocht bunaithe ar mheánráta thacaíocht chomhlíontach an Aontais. Ríomhadh an ráta ar bhonn fhógraí tacaíochta intíre an Aontais chuig EDT le haghaidh bhlianta buiséid an Aontais 2014 go 2018, na blianta is déanaí laistigh den CAI reatha a bhfuil fógraí ar fáil ina leith (meán 5 bliana).

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí nós imeachta

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Is éard atá sa chinneadh a iarrtar ar an gComhchoiste a ghlacadh gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na Páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 166 den Chomhaontú.

Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíonfar ná ní leasófar creat institiúideach an Chomhaontaithe.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

Leis an gcinneadh maidir le ‘fordheontais talmhaíochta’ leagtar síos na coinníollacha maidir leis an gComhaontú um Tharraingt Siar a tugadh i gcrích ar bhonn Airteagal 50. Ós rud é gurb é atá sa Phrótacal maidir le Tuaisceart Éireann comhaontú trádála idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann is é Airteagal 207 CFAE an bunús dlí freisin.

Dá bhrí sin, is iad Airteagal 50 CAE agus Airteagal 207 CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Ba cheart Airteagal 50 CAE agus Airteagal 207, i gcomhar le hAirteagal 207 CFAE agus Airteagal 218(9), a bheith ina mbunús dlí leis an gcinneadh atá beartaithe.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Ós rud é go gcuirtear forálacha áirithe den Chomhaontú um Tharraingt Siar chun feidhme leis an gcinneadh ón gComhchoiste, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis é a ghlactha.

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

de bhun Airteagal 218(9) CFAE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú le hAirteagal 164 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le fordheontais talmhaíochta

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 50(2) de,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 207, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)(1)Thug an tAontas an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”) i gcrích le Cinneadh (AE) 2020/135 1  ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020.

(2)Le hAirteagal 166 den Chomhaontú um Tharraingt Siar tugtar de chumhacht don Chomhchoiste cinntí a ghlacadh maidir leis na hábhair uile dá bhforáiltear sa Chomhaontú. Is cuid dhílis den Chomhaontú sin é an Prótacal maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar (“an Prótacal”).

(3)Le hAirteagal 10(1) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann cuirtear na bearta arna nglacadh ag an Ríocht Aontaithe lena dtacaítear le táirgeadh agus trádáil táirgí talmhaíochta, lena náirítear tacaíocht do tháirgí iascaigh, i dTuaisceart Éireann faoi réir rialacha an Aontais maidir le státchabhair a liostaítear in Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an bPrótacal i gcás ina ndéanfaidh na bearta sin difear don trádáil sin idir Tuaisceart Éireann agus an tAontas. Ag an am céanna, foráiltear le hAirteagal 10(2) do dhíolúine ó chur i bhfeidhm dhlí an Aontais suas le huasleibhéal bliantúil foriomlán arna chinneadh, ar choinníoll go bhfuil céatadán íosta arna chinneadh den tacaíocht dhíolmhaithe sin i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála ar Thalmhaíocht.

(4)Ba cheart an tuasleibhéal foriomlán tacaíochta agus an tíoschéatadán a chinneadh agus na breithnithe a leagtar amach in Iarscríbhinn 6 a ghabhann leis an bPrótacal á gcur san áireamh.

(5)Chun críocha an tuasleibhéal foriomlán tacaíochta do tháirgí talmhaíochta seachas iascaigh agus dobharshaothrú, cuireadh san áireamh an meánchaiteachas a thabhaítear agus dá bhforáiltear i dTuaisceart Éireann faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) faoin CAI 20142020 atá ann cheana.

(6)Chun críocha an tíoschéatadán a shocrú, cuireadh san áireamh an meánráta tacaíochta ón Aontas atá i gcomhréir le Forálacha Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála ar Thalmhaíocht, de réir fhógraí tacaíochta iomlána an Aontais do EDT le cúig bliana anuas, an tréimhse ar ina leith a tugadh fógraí don Eagraíocht Dhomhanda Trádála laistigh den CAI atá i bhfeidhm faoi láthair.

(7)Ba cheart, dá bhrí sin, an tuasleibhéal bliantúil foriomlán tacaíochta a shocrú ag EUR 429 milliún le haghaidh fóirdheontas in earnáil na talmhaíochta.

(8)I gcás earnáil an iascaigh, ba cheart an tuasleibhéal tacaíochta a shocrú, i bhfianaise an mheán chaiteachais faoin gCreat Airgeadais Eorpach ilbhliantúil (2014 – 2020), ag EUR 19.5 milliún thar chúig bliana, agus uasteorainn EUR 4,5 milliún leis in aon bhliain ar leith.

(9)Ionas nach núsáidfear an tacaíocht dhíolmhaithe chun maoiniú a dhéanamh ar oibríochtaí atá neamhincháilithe ar shlí eile chun tacaíocht a fháil in earnáil an iascaigh, ba cheart a léiriú sa Chinneadh ón gComhchoiste neamhcháilitheacht oibríochtaí áirithe dá bhforáiltear i ndlí an Aontais.

(10)Dá bharr sin is iomchuí an seasamh atá le tógáil thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bhunú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le tógáil thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste, arna bhunú le hAirteagal 164 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, maidir le cinneadh atá le déanamh i gcomhréir le hAirteagal 10 den Phrótacal, beidh an seasamh sin bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 29, 31.1.2020, lch.1.
Top

An Bhruiséil,27.1.2021

COM(2020) 835 final/2

COM(2020) 835 final of 10.12.2020 downgraded on 27.1.2021

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

de bhun Airteagal 218(9) CFAE maidir le seasamh an Aontais maidir leis an Dréacht-Chinneadh ón gComhchoiste ar fhordheontais talmhaíochta



Dréacht‑CHINNEADH Uimh. [.../2020] Ó CHOMHCHOISTE AN AONTAIS EORPAIGH – NA RÍOCHTA AONTAITHE

an [...] 2020

lena gcinntear an t‑uasleibhéal bliantúil foriomlán díolmhaithe tosaigh de thacaíocht agus an céatadán íosta tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

TÁ AN COMHCHOISTE

Ag féachaint don Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 10(2) de agus Iarscríbhinn 6 a ghabhann leis,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Leibhéal bliantúil foriomlán de thacaíocht i gcás táirgí talmhaíochta seachas táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe

1. Is é GBP 382,2 milliún 1 a bheidh san uasleibhéal bliantúil foriomlán díolmhaithe tosaigh de thacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcás táirgí talmhaíochta seachas táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe.

2. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe an t‑uasleibhéal bliantúil foriomlán díolmhaithe de thacaíocht dá dtagraítear i mír 1 a mhéadú, suas le méid breise GBP 25,03 milliún i mbliain ar leith leis an gcuid den mhéid den uasleibhéal bliantúil foriomlán díolmhaithe de thacaíocht nár caitheadh sa bhliain féilire roimhe sin. 

3. Déanfar an t‑uasleibhéal bliantúil foriomlán díolmhaithe de thacaíocht dá dtagraítear i mír 1 a mhéadú GBP 6,8 milliún le haghaidh bliain ar leith:

a) i gcás ina bhfuil bearta déanta ag an Aontas Eorpach le linn na bliana sin, lena gcumhdaítear Poblacht na hÉireann, faoi Chuid II, Teideal I, Caibidil I nó Airteagail 219, 220 nó 221 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 2 ; nó

(b) mar gheall ar an méid seo a leanas:

(i) galar ainmhithe,

(ii) teagmhas nó cúinse a dhéanann an margadh a shuaitheadh go mór, nó ar baol dó an margadh a shuaitheadh go mór, i gcás inar dóigh go leanfaidh an staid sin, nó éifeachtaí na staide sin ar an margadh, go leanfaidh siad ar aghaidh nó go rachaidh siad in olcas;

(iii) staid ina bhfuil suaitheadh tromchúiseach ar an margadh is féidir a chur síos go díreach do chailleadh muiníne tomhaltóirí i ngeall ar rioscaí sláinte agus galair don phobal, d'ainmhithe, nó do phlandaí; nó

(iv) tubaiste nádúrtha a chuireann isteach ar chríoch Thuaisceart Éireann agus nach gcuireann isteach an méid céanna ar oileán uile na hÉireann.

Ní bheidh feidhm ag pointe (b) ach amháin i gcás ina gcuirfidh an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach ar an eolas 10 lá ar a laghad sula mbainfidh sí úsáid as an leibhéal bliantúil foriomlán méadaithe de thacaíocht.

Airteagal 2

Leibhéal bliantúil foriomlán de thacaíocht i gcás táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe

1. Is é GBP 16,93 milliún a bheidh san uasleibhéal foriomlán díolmhaithe tosaigh de thacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcás táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe le linn na chéad chúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo agus le linn aon tréimhse cúig bliana ina dhiaidh sin. Mar sin féin, ní ceadmhach an leibhéal bliantúil foriomlán díolmhaithe de thacaíocht i gcás na dtáirgí sin a bheith níos mó ná GBP 4,01 milliún in aon bhliain ar leith.

2. Ní bheidh na hoibríochtaí seo a leanas incháilithe le haghaidh cistiú ó na méideanna dá dtagraítear i mír 1:

(a)oibríochtaí lena méadaítear acmhainn iascaireachta soithigh nó trealamh lena méadaítear cumas an tsoithigh teacht ar éisc;

(b)tógáil soithí iascaireachta nua nó allmhairiú soithí iascaireachta;

(c)scor buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta; 

(d)scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta, ach amháin má bhaineann sin le haon cheann de na nithe seo a leanas:

i. bearta éigeandála arna dtabhairt isteach ag údaráis na Ríochta Aontaithe, nó ag an Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann, ar feadh uastréimhse sé mhí, chun bagairt thromchúiseach ar acmhainní bitheolaíocha muirí nó ar an éiceachóras muirí a mhaolú; 

ii. neamh‑athnuachan ar chomhaontú iascaigh idirnáisiúnta nó ar phrótacail a ghabhann leis;

iii. plean bainistíochta iascaigh arna fhoilsiú faoi reachtaíocht sa Ríocht Aontaithe, nó sa Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann, ina leagtar amach beartais atá ceaptha chun stoc éisc amháin nó níos mó a thabhairt ar ais go leibhéil inbhuanaithe, nó na stoic sin a choinneáil ag leibhéil inbhuanaithe; 

iv. bearta éigeandála arna dtabhairt isteach ag údaráis na Ríochta Aontaithe, nó ag an Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann, mar fhreagairt ar éigeandáil sláinte poiblí nó éigeandáil eile ag a bhfuil tionchar mór ar na hearnálacha iascaireachta nó dobharshaothraithe

(e)iascaireacht thaiscéalaíoch;

(f)aistriú úinéireachta ar ghnóthas; agus

(g)athstocáil dhíreach, mura bhfuil foráil déanta maidir leis i mbearta ag údaráis na Ríochta Aontaithe, nó ag an Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann, chun stoic éisc nó an t‑éiceachóras muirí a chaomhnú, nó i gcás athstocáil thurgnamhach.

Tá na heisceachtaí dá bhforáiltear i bpointe (d) faoi réir an choinníll go ndéantar na gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann an soitheach iascaireachta nó an t‑iascaire lena mbaineann a chur ar fionraí go héifeachtach agus go ndeonaítear an cistiú ar feadh uastréimhse sé mhí in aghaidh an tsoithigh.

Airteagal 3

Céatadán íosta

Is é 83 % a bheidh sa chéatadán íosta tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Phrótacal agus beidh feidhm aige maidir le méideanna an leibhéil bhliantúil fhoriomláin dhíolmhaithe de thacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1.

Airteagal 4

Athbhreithniú

Déanfaidh an Comhchoiste athbhreithniú tráthrialta ar an gCinneadh seo agus ar a chur chun feidhme.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021.

Arna dhéanamh in/i/sa ...,

Thar ceann an Chomhchoiste 

Na Comhchathaoirligh

(1)    Chun críche na ríomhanna agus na gcainníochtaí uile a leagtar amach in GBP sa chinneadh seo, in EUR, úsáidfear Malartú Íocaíochtaí Díreacha 2019 (€1 = £0.89092).
(2)    Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 922/72 ón gComhairle, Rialachán (CEE) Uimh. 234/79 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1037/2001 ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle, IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
Top