Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0769

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Phrótacail lena leasaítear an Comhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) tríd an bhféidearthacht d’aontachas a shíneadh chuig Ríocht Mharacó.

COM/2020/769 final

An Bhruiséil,30.11.2020

COM(2020) 769 final

2020/0341(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Phrótacail lena leasaítear an Comhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) tríd an bhféidearthacht d’aontachas a shíneadh chuig Ríocht Mharacó.


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2020/[CUIR ISTEACH AN UIMHIR THAGARTHA] ón gComhairle ( 1 ), shínigh an tAontas Eorpach an Prótacal lena leasaítear an Comhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) tríd an bhféidearthacht d’aontachas a shíneadh chuig Ríocht Mharacó, shínigh an tAontas é an [...2020] ach é sin faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

Tá an raon feidhme geografach de Chomhaontú Interbus le haghaidh bhallstáit Chomhdháil Eorpach na nAirí Iompair (ECMT) agus le haghaidh na tíortha sin a luaitear in Airteagal 30(2) de Chomhaontú Interbus amháin. Seachas an tAontas Eorpach, is iad Poblacht na hAlbáine, Prionsacht Andóra, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Poblacht na Moldóive, Montainéagró, Poblacht na Macadóine Thuaidh, Poblacht na Tuirce agus an Úcráin na Páirtithe Conarthacha atá ann faoi láthair leis an gComhaontú.

Féadfaidh aon tír atá ina ball iomlán de Chomhdháil Eorpach na nAirí Iompair iarratas a dhéanamh ar aontachas le Comhaontú Interbus.

Ní ball iomlán í Ríocht Mharacó ach tá stádas breathnóra aici i gComhdháil Eorpach na nAirí Iompair.

Ba cheart go ndéanfaí bunús dlí soiléir a chur ar fáil i gComhaontú Interbus maidir le haontachas Ríocht Mharacó.

Leis an bPrótacal, cuirtear Ríocht Mharacó leis an liosta tíortha a luaitear in Airteagal 30(2) ar féidir leo aontú do Chomhaontú Interbus. Liostaítear Poblacht San Mairíne, Prionsacht Andóra agus Prionsacht Mhonacó faoi Airteagal 30(2) cheana féin.

Aontachas féideartha Ríocht Mharacó( 2 ) le Comhaontú Interbus, rannchuideoidh sé le tuilleadh forbairt a dhéanamh ar chaidreamh idirnáisiúnta um iompar paisinéirí, ar thurasóireacht agus ar mhalartú cultúrtha le tíortha nach bhfuil ina bPáirtithe le Comhaontú Interbus faoi láthair agus éascóidh sé an t‑eagrúchán lena mbaineann.

Go deimhin, ba cheart a mheabhrú gur earnálacha tábhachtacha iad iompar idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste agus de bhus lena gcuirtear soghluaisteacht ar fáil do shaoránaigh Eorpacha a bhfuil struchtúr praghsanna inacmhainne aici. Is chun tairbhe shaoránaigh an Aontais, turasóirí eachtrannacha, tionscal na turasóireachta agus réigiúin na hEorpa araon a bheadh tuilleadh forbartha ar na hearnálacha sin lasmuigh den Aontas Eorpach.

Ba cheart an fhéidearthacht de rochtain ar an margadh a thairiscint do Ríocht Mharacó bunaithe ar fhorálacha Chomhaontú Interbus atá faoi réir chur chun feidhme acquis an Aontais i réimse iompair paisinéirí de bhóthar, lena n‑áirítear sábháilteacht ar bhóithre, forálacha teicniúla, cáilíochtaí tiománaí, rialacha sóisialta, cearta paisinéirí, an comhshaol agus ligean isteach don ghairm.

D’fhonn saincheisteanna rialachais a sheachaint, ba cheart do gach Páirtí Conarthach le Comhaontú Interbus an Prótacal a shíniú agus a fhormheas nó a dhaingniú, sular féidir le Ríocht Mharacó a bheith comhpháirteach.

Chun go mbeadh na Páirtithe Conarthacha le Comhaontú Interbus in ann an Prótacal a shíniú agus a thabhairt i gcrích, is iomchuí nach bhforálfaí sa Phrótacal do thréimhse shonrach ina mbeadh sé ar oscailt lena shíniú.

Tiocfaidh an Prótacal sin i bhfeidhm ar an gcéad lá den mhí tar éis na míosa ina mbeidh an Prótacal sínithe agus formheasta nó daingnithe ag gach Páirtí Conarthach le Comhaontú Interbus.

D’athraigh Páirtí Conarthach amháin a ainmníocht go dtí Poblacht na Macadóine Thuaidh, athrú ar cheart é a léiriú sa Phrótacal freisin.

Léirítear freisin sa Phrótacal go bhfuil Prionsacht Andóra ina Páirtí Conarthach le Comhaontú Interbus anois.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an Prótacal i gcomhréir le comhbheartas an Aontais Eorpaigh maidir le hiompar de bhóthar agus comhlánaíonn sé é. Tacaíonn sé le tíortha comharsanachta an Aontais Eorpaigh margadh iompair paisinéirí an Aontais a rochtain agus vice versa, rud a chruthaíonn creat rialála maidir le turasóireacht trasteorann a eagrú sa dá threo.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra comhsheasmhach le beartas comharsanachta an Aontais agus leis an gcaidreamh seachtrach.

2.TORTHAÍ Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Saineolas a bhailiú agus a úsáid agus measúnú tionchair

Is dea‑thionchair iad na tionchair fhoriomlána lena bhfuiltear ag súil: síneadh Chomhaontú Interbus chuig tír amháin eile, chuirfeadh sé deiseanna nua ar fáil do na Páirtithe Conarthacha atá ann faoi láthair agus do Ríocht Mharacó. Ós rud é go gcuidíonn sé le acquis an Aontais a shíneadh chuig réimse iompair paisinéirí na tíre sin, is amhlaidh a bheidh dea‑thionchair ag an togra ar na coinníollacha teicniúla, eacnamaíocha agus sóisialta faoina ndéanfar na hoibríochtaí ábhartha a chur i gcrích. Bheadh an tionchar foriomlán ar an gcomhshaol teoranta.

Go nuige seo, féadfaidh na hoibreoirí a bheith ina ngnóthais bheaga nó mheánmhéide a bhfuil flít beag de chóistí nó bhusanna acu nó féadfaidh siad a bheith ina gcuideachtaí móra a bhfuil flít mór acu.

Simpliú

Le leathnú raon feidhme na rialacha is infheidhme maidir le hoibríochtaí iompair ócáideacha paisinéirí de chóiste agus de bhus faoi Chomhaontú Interbus, rannchuideofar le hiompar na n‑oibríochtaí sin le tríú tír eile a shimpliú.

3.EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Bunús Dlí

Is é an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí, agus go háirithe an bunús dlí substainteach, Airteagal 91 CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a) CFAE.

An rogha ionstraime

Foráiltear le hAirteagal 218(6)(a) CFAE do Chinneadh ón gComhairle mar an ionstraim is infheidhme.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Nóta ar bith.

5.EILIMINTÍ ROGHNACHA

Socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfaidh an Comhchoiste, a bunaíodh le hAirteagal 23 den Chomhaontú, meastóireacht ar fheidhmiú an Phrótacail gach cúig bliana.

Nós imeachta breise

Measann an Coimisiún gur gá tús a chur leis an nós imeachta chun an Prótacal a thabhairt i gcrích. Dá bhrí sin, cuireann an Coimisiún an togra seo faoi bhráid na Comhairle le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais, Prótacal lena leasaítear an Comhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) tríd an bhféidearthacht d’aontachas a shíneadh chuig Ríocht Mharacó.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Forálacha sonracha an Chinnidh ón gComhairle atá beartaithe:

·Foráiltear le hAirteagal 1 den Chinneadh ón gComhairle do thabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Phrótacail lena leasaítear Comhaontú Interbus tríd an bhféidearthacht d’aontachas a shíneadh chuig Ríocht Mharacó.

·Baineann Airteagal 2 leis na cumhachtaí chun an Prótacal a thabhairt i gcrích.

·Foráiltear le hAirteagal 3 do theacht i bhfeidhm an Chinnidh ón gComhairle.

Forálacha sonracha an Phrótacail:

·Foráiltear le hAirteagal 1 do leasú Chomhaontaithe Interbus maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus tríd an deis a thabhairt do Ríocht Mharacó aontú don Chomhaontú.

·Le hAirteagail 2 go 6, cumhdaítear na gnásanna riaracháin chun go dtiocfaidh an Prótacal i bhfeidhm, foráiltear go bhfuil ar gach Páirtí Conarthach an Prótacal a shíniú agus a aontú nó é a dhaingniú agus, dá réir sin, gur féidir le Ríocht Mharacó a bheith comhpháirteach sa Chomhaontú, agus forálacha a chuimsiú maidir leis an réimeas teanga.

·Foráiltear le hAirteagal 7 go dtiocfaidh an Prótacal sin in ionad an Phrótacail maidir le Ríocht Mharacó a bhí ar oscailt lena shíniú idir an 16 Iúil 2018 agus an 16 Aibreán 2019.

2020/0341 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Phrótacail lena leasaítear an Comhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) tríd an bhféidearthacht d’aontachas a shíneadh chuig Ríocht Mharacó.

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91, i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)I gcomhréir le Cinneadh (AE) Uimh. 2020/[CUIR ISTEACH AN UIMHIR THAGARTHA] 3 ón gComhairle, shínigh an tAontas Eorpach an Prótacal lena leasaítear an Comhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) tríd an bhféidearthacht d’aontachas a shíneadh chuig Ríocht Mharacó (‘an Prótacal’), shínigh an tAontas é an [dáta] ach é sin faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

(2)D’fhonn saincheisteanna rialachais a sheachaint, bheadh ar gach Páirtí Conarthach le Comhaontú Interbus an Prótacal maidir le Ríocht Mharacó a shíniú agus a fhormheas nó a dhaingniú, sular féidir leis an tír sin a bheith comhpháirteach. Níl aon tréimhse shonrach ann ina mbeadh an Prótacal ar oscailt lena shíniú. Thiocfadh an Prótacal i bhfeidhm ar an gcéad lá den mhí tar éis na míosa ina mbeidh sé daingnithe ag gach Páirtí Conarthach.

(3)Thairis sin, cuirtear san áireamh sa Phrótacal gur athraigh Páirtí Conarthach amháin a ainmníocht, is é sin an Mhacadóin Thuaidh. Tagraítear freisin sa Phrótacal do Phrionsacht Andóra atá ina Páirtí Conarthach le Comhaontú Interbus anois.

(4)Ar mhaithe le soiléireacht agus chun síniú agus teacht i bhfeidhm an Phrótacail a éascú, measadh gur iomchuí Prótacal nua maidir le Ríocht Mharacó a ullmhú, ceann a thagann in ionad an Phrótacail maidir le Ríocht Mharacó a bhí ar oscailt lena shíniú idir an 16 Iúil 2018 agus an 16 Aibreán 2019.

(5)Ba cheart go rannchuideodh aontachas féideartha Ríocht Mharacó le Comhaontú Interbus, le forbairt a dhéanamh ar chaidreamh idirnáisiúnta um iompar paisinéirí, ar thurasóireacht agus ar mhalartú cultúrtha le tíortha nach bhfuil ina bPáirtithe le Comhaontú Interbus faoi láthair. Ba cheart go gcuideodh aontachas féideartha Ríocht Mharacó le Comhaontú Interbus freisin chun acquis an Aontais sa réimse um iompar paisinéirí a shíneadh chuig an tír sin. Ba cheart go mbeadh deathionchair aige seo ar na coinníollacha teicniúla, eacnamaíocha agus sóisialta faoina ndéanfar na hoibríochtaí ábhartha a chur i gcrích. Dá bhrí sin, Ríocht Mharacó a bhfuil stádas breathnóra aici i gComhdháil Eorpach na nAirí Iompair, ba cheart an deis a thabhairt di aontú do Chomhaontú Interbus.

(6)Dá bhrí sin, ba cheart an Prótacal a fhormheas thar ceann an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar an Prótacal lena leasaítear an Comhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) tríd an bhféidearthacht d’aontachas a shíneadh chuig Ríocht Mharacó a fhormheas thar ceann an Aontais.

Tá téacs an Phrótacail i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Ainmneoidh Uachtarán na Comhairle an duine a chumhachtófar chun dul ar aghaidh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, chun an ionstraim fhormheasa dá bhforáiltear in Airteagal 3 den Phrótacal a thaisceadh, chun toiliú an Aontais Eorpaigh a chur in iúl maidir lena bheith faoi cheangal ag an bPrótacal.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha 4 .

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L[…], […], lch. […].
(2)    I bhfianaise chásdlí na Cúirte i gcásanna C‑266/16, C‑104/16P, T‑275/18 agus T-180/14, beidh an comhaontú infheidhme i gcríoch Ríocht Mharacó, ach ní bheidh sé infheidhme i gcríoch neamh‑féinrialaitheach an tSahára Thiar.
(3)    Cinneadh (AE) 2020/[CUIR ISTEACH AN UIMHIR THAGARTHA] ón gComhairle an [dáta] maidir le síniú an Phrótacail lena leasaítear an Comhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) tríd an bhféidearthacht d’aontachas a shíneadh chuig Ríocht Mharacó (IO L, .2020 lch.).
(4)    Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Phrótacail in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Top

An Bhruiséil,30.11.2020

COM(2020) 769 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE










maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Phrótacail lena leasaítear an Comhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) tríd an bhféidearthacht d'aontachas a shíneadh chuig Ríocht Mharacó.


PRÓTACAL

LENA LEASAÍTEAR AN COMHAONTÚ MAIDIR LE hIOMPAR IDIRNÁISIÚNTA ÓCÁIDEACH PAISINÉIRÍ DE CHÓISTE AGUS DE BHUS (COMHAONTÚ INTERBUS) TRÍD AN bhFÉIDEARTHACHT D’AONTACHAS A SHÍNEADH CHUIG RÍOCHT MHARACÓ

TÁ NA PÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG FÉACHAINT don Chomhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) 1 agus dá theacht i bhfeidhm an 1 Eanáir 2003 2 ,

AG FÉACHAINT don mhian tuilleadh forbairt a dhéanamh ar chaidreamh idirnáisiúnta um iompar paisinéirí, ar thurasóireacht agus ar mhalartú cultúrtha le tíortha nach bhfuil incháilithe d’aontachas faoi láthair,

ÓS MIAN LEO Comhaontú Interbus a oscailt le haghaidh aontachais do Ríocht Mharacó,

AG CUR SAN ÁIREAMH go raibh an Prótacal lena leasaítear an Comhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) tríd an bhféidearthacht d’aontachas a shíneadh chuig Ríocht Mharacó (‘an Prótacal maidir le Ríocht Mharacó’) ar oscailt lena shíniú sa Bhruiséil idir an 16 Iúil 2018 agus an 16 Aibreán 2019,

AGUS É Á AITHINT nár shinigh gach Páirtí Conarthach an Prótacal maidir le Ríocht Mharacó le linn na tréimhse atá luaite thuas,

ÓS MIAN LEO go bhféadfaidh gach Páirtí Conarthach an Prótacal a shíniú,

AG CUR SAN ÁIREAMH go mbeadh sé níos iomchuí go dtiocfadh an Prótacal maidir le Ríocht Mharacó i bhfeidhm tráth a bheadh an Prótacal daingnithe ag Páirtithe Conarthacha uile Chomhaontú Interbus.

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Ní fhéadfaidh ach na tíortha atá ina mbaill de Chomhdháil Eorpach na nAirí Iompair (ECMT) agus tíortha Eorpacha áirithe eile iarratas a dhéanamh ar aontachas le Comhaontú Interbus faoi mar atá leagtha amach sa Chomhaontú sin.

(2)Cé go bhfuil stádas breathnóra ag Ríocht Mharacó i gComhdháil Eorpach na nAirí Iompair, ní ball í den Chomhdháil sin nó níl sí i dteideal aontú do Chomhaontú Interbus ar shlí eile ag an gcéim seo.

(3)Chun Comhaontú Interbus a oscailt le haghaidh aontachais do Ríocht Mharacó, ba cheart an Comhaontú a leasú,

TAR ÉIS CINNEADH A DHÉANAMH Comhaontú Interbus a leasú dá réir, agus

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

Airteagal 1

In Airteagal 30 den Chomhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus), cuirtear an mhéid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘Beidh an Comhaontú seo ar oscailt freisin le haghaidh aontachais do Phoblacht San Mairíne, do Phrionsacht Andóra agus do Ríocht Mharacó’.

FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 2

Beidh an Prótacal seo ar oscailt lena shíniú do Pháirtithe Conarthacha Chomhaontú Interbus ag Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh a fheidhmeoidh mar Thaiscí an Phrótacail.

Airteagal 3

Déanfaidh na sínitheoirí an Prótacal sin a shíniú, a fhormheas nó a dhaingniú i gcomhréir lena nósanna imeachta féin. Déanfar na hionstraimí formheasa nó daingniúcháin a thaisceadh le Taiscí an Phrótacail agus tabharfaidh an Taiscí fógra do na Páirtithe Conarthacha eile.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm ar an gcéad lá den mhí tar éis na míosa ina mbeidh a n‑ionstraimí formheasa nó daingniúcháin taiscthe ag na Páirtithe Conarthacha ar fad le hArdrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5

An Prótacal seo, arna dtarraingt suas i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis, agus comhúdarás ag gach ceann de na téacsanna sin, déanfar é a thaisceadh leis an Taiscí a ndéanfaidh cóip dhílis dheimhnithe de a chur chuig gach Páirtí Conarthach.

Airteagal 6

Áiritheoidh gach Páirtí Conarthach go ndéanfar aistriúchán cuí den Phrótacal seo ina theanga oifigiúil nó ina theangacha oifigiúla, seachas i gcás na dteangacha barántúla dá dtagraítear in Airteagal 5. Déanfar cóip de na haistriúcháin sin ar fad a thaisceadh leis an Taiscí a dhéanfaidh cóip de gach ceann de na haistriúcháin sin a chur chuig gach Páirtí Conarthach.

Airteagal 7

Tiocfaidh an Prótacal seo in ionad an Phrótacail a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) tríd an bhféidearthacht d’aontachas a shíneadh chuig Ríocht Mharacó, a bhí ar oscailt lena shíniú idir an 16 Iúil 2018 agus an 16 Aibreán 2019. Ní bheidh aon stádas dlí a thuilleadh ag an bPrótacal a bhí ann roimhe seo.



Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

DÁ FHIANÚ SIN, chuir na lánchumhachtaigh thíos‑sínithe a lámh leis an bPrótacal seo.

Ar oscailt lena shíniú sa Bhruiséil.

Thar ceann an Aontais Eorpaigh

Thar ceann Phoblacht na hAlbáine

Thar ceann Phrionsacht Andóra.

Thar ceann na Boisnia agus na Heirseagaivéine

Thar ceann Phoblacht na Moldóive

Thar ceann Mhontainéagró

Thar ceann Phoblacht na Macadóine Thuaidh

Thar ceann Phoblacht na Tuirce

Thar ceann na hÚcráine

(1)    IO L 321, 26.11.2002, lch. 13.
(2)    IO L 321, 26.11.2002, lch. 44.
Top