Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0642

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus ar chomhlachtaí Comhphobail

COM/2020/642 final

An Bhruiséil,14.10.2020

COM(2020) 642 final

2020/0289(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus ar chomhlachtaí Comhphobail


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

A. Forais agus cuspóirí an togra

Chun go n‑éireoidh leis an gComhaontú Glas don Eoraip 1 agus chun go mbainfidh sé athrú buan amach, ní mór d'institiúidí an Aontais dul i dteagmháil leis an bpobal. Is ceann tiomána é an pobal maidir leis an aistriú a chur chun cinn agus ba cheart dó leanúint de bheith ina cheann tiomána agus an deis a bheith aige ról gníomhach a imirt i bhforbairt agus i gcur chun feidhme beartas nua.

Teagmháil leis an tsochaí shibhialta chomh maith le daoine aonair atá i gceist nuair a luaitear teagmháil a dhéanamh leis an bpobal. Tá ról ríthábhachtach ag eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) ar fud na hEorpa maidir le habhcóideacht a dhéanamh ar son an chomhshaoil. Ciallaíonn sé sin go mba cheart an ceart a bheith ag na heagraíochtaí sin athbhreithniú a iarraidh, faoi choinníollacha áirithe, i dtaca le cinntí a dhéanann údaráis phoiblí, ar an bhforas go sáraíonn na cinntí sin dlíthe an chomhshaoil.

Mar a bhí le rá ag Abhcóide Ginearálta Sharpston, ‘is linne uile an comhshaol nádúrtha agus is orainn go léir atá an fhreagracht chomhchoiteann as é a chosaint. Aithníonn an Chúirt gur ar leas an phobail atá na rialacha maidir le dlí an chomhshaoil dírithe den chuid is mó agus ní ar chosaint leasanna daoine aonair amháin. Ní féidir leis an uisce, ná na héisc a shnámhann ann, dul chun na cúirte. Ar an dóigh chéanna, níl aon seasamh dlí ag na crainn’ 2 .

Nuair is é lucht an riaracháin phoiblí a dhéanann an t‑athbhreithniú, tugtar 'athbhreithniú riaracháin' air. Nuair is í an Chúirt a dhéanann an t‑athbhreithniú, tugtar 'athbhreithniú breithiúnach' air.

Is é is cuspóir don togra athbhreithniú a dhéanamh ar an sásra um athbhreithniú riaracháin a cruthaíodh in 2006 ar mhaithe le ENRanna i ndáil le gníomhartha agus neamhghníomhartha riaracháin ó institiúidí agus comhlachtaí an Aontais. Tá an sásra sin le fáil i Rialachán 1367/2006 ar a dtugtar Rialachán Aarhus (an Rialachán) 3 .

Is é is aidhm don togra seo cur chun feidhme Choinbhinsiún Aarhus 4 a fheabhsú tar éis ghlacadh Chonradh Liospóin agus aghaidh a thabhairt ar an imní a léirigh an Coiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus (an Coiste) maidir lena mhéid a raibh a oibleagáidí idirnáisiúnta faoin gCoinbhinsiún á gcomhlíonadh ag an Aontas. Is é is aidhm don togra é sin a dhéanamh ar dhóigh atá ag teacht le bunphrionsabail ord dlíthiúil an Aontais agus lena chóras um athbhreithniú breithiúnach. D'iarr Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go ndéanfaí an Rialachán a leasú agus bhí coinne leis sin ag an gCoimisiún ina Theachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, mar a shonraítear i roinn 1.A.II thíos.

Leis an togra, cuirfear leis na deiseanna atá ar fáil do ENRanna faoi láthair maidir le hathbhreithniú riaracháin a lorg. Faoi láthair, ní féidir athbhreithniú riaracháin a iarraidh ach amháin le haghaidh gníomhartha a bhfuil ‘raon feidhme aonair’ leo (gníomhartha atá dírithe chuig duine ar leith, nó gníomhartha ina bhfuil an té a ndírítear chuige inaitheanta go leithleach), ach is é rud é, amach anseo, go mbeidh ENRanna in ann athbhreithniú a iarraidh i gcás gníomhartha riaracháin a bhfuil ‘raon feidhme ginearálta’ leo.

Chomh maith leis sin, is é is aidhm don togra na tagairtí do dhlí an comhshaoil a athrú: faoi láthair, níl gníomhartha riaracháin faoi réir athbhreithniú ach amháin má thacaíonn siad le cuspóirí beartais comhshaoil a shaothrú, ach tá sé beartaithe amach anseo go mbeidh gach gníomh riaracháin faoi réir athbhreithniú má sháraíonn an gníomh sin dlí comhshaoil an Aontais, gan beann ar na cuspóirí beartais atá leis.

Ar deireadh, moltar síneadh a chur leis na tréimhsí ama le haghaidh iarratas agus freagraí ionas go gcuirfear feabhas ar cháilíocht an phróisis athbhreithnithe riaracháin.

Na breithiúnais cheannródaíocha maidir leis an dóigh a mbaineann Coinbhinsiún Aarhus le hord dlíthiúil an Aontais Eorpaigh, mheabhraigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) sna breithiúnais sin gur faoi raon feidhme an dlí náisiúnta ‘go príomha’ atá nósanna imeachta riaracháin agus breithiúnacha maidir le rochtain ar cheartas i ndlí an chomhshaoil 5 . Dá bhrí sin, aon fheabhsú ar an rochtain ar athbhreithniú riaracháin nó ar athbhreithniú breithiúnach ar leibhéal an Aontais, is feabhas comhlántach é sin ar fheidhmiú iomchuí na rochtana ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil an Aontais i gcúirteanna náisiúnta na mBallstát.

Tá oibleagáid ar chúirteanna náisiúnta go háirithe rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil a dheonú faoi Airteagail 9(2) agus 9(3) den Choinbhinsiún, agus nuair a bhíonn dlí comhshaoil an Aontais á cur chun feidhme acu freisin.

Nuair atá bearta cur chun feidhme ann ar leibhéal náisiúnta i gcás gnímh riaracháin a ghlac institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais, ba cheart do ENRanna lena mbaineann sásamh a lorg ar an gcéad dul síos os comhair chúirt inniúil náisiúnta an Bhallstáit a ghlac an beart sin. Ina dhiaidh sin, beidh rochtain acu ar an gCúirt Bhreithiúnais faoin réamhnós imeachta tagartha faoi Airteagal 267 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). D'fhéadfadh feidhm a bheith ag an nós imeachta sin i dtaca le bailíocht na ngníomhartha ó institiúidí an Aontais.

Dá bhrí sin, cuireann an Coimisiún an togra reachtach seo chun cinn mar chuid d'iarracht níos leithne chun rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil a fheabhsú. Leagfar amach ról na mBallstát agus na gcúirteanna náisiúnta i dTeachtaireacht a bheidh ag gabháil leis an togra sin 6 .

I.Ceanglais Airteagal 9(3) den Choinbhinsiún agus torthaí an Choiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus

Ghlac an tAontas Eorpach an Rialachán seo chun tacú le cur chun feidhme na n‑oibleagáidí a eascraíonn as an gCoinbhinsiún. Tá an tAontas ina pháirtí foirmiúil sa Choinbhinsiún ó 2005 7 .

In Airteagal 9(3) den Choinbhinsiún, luaitear nach mór do gach Páirtí a áirithiú, 'i gcás ina gcomhlíonann sé na critéir, más ann dóibh, a leagtar síos sa dlí náisiúnta, go mbeidh rochtain ag an bpobal ar nósanna imeachta riaracháin nó breithiúnacha chun agóid a dhéanamh in aghaidh gníomhartha agus neamhghníomhartha daoine príobháideacha agus údarás poiblí a sháraíonn forálacha an dlí náisiúnta i ndáil leis an gcomhshaol.’ I gcomhthéacs an Aontais, is ionann an dlí náisiúnta agus dlí an Aontais agus áirítear ENRanna nuair a dhéantar tagairt don phobal.

De thoradh an Rialacháin seo, is féidir le ENRanna iarraidh ar institiúidí an Aontais athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí áirithe - gníomhartha a bhfuil raon feidhme aonair leo - a glacadh faoi dhlí an chomhshaoil. Ní dhéantar idirdhealú in Airteagal 9(3) den Choinbhinsiún áfach idir gníomhartha a bhfuil raon feidhme aonair leo agus gníomhartha a bhfuil raon feidhme ginearálta leo.

An Coiste a bunaíodh chun athbhreithniú a dhéanamh ar a mhéid a bhfuil an Coinbhinsiún á chomhlíonadh ag na Páirtithe, thug an Coiste sin faoi deara nach bhfuil a oibleagáidí faoi cheanglais an Choinbhinsiúin maidir le rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil á gcomhlíonadh go hiomlán ag an Aontas (cás ACC/C/2008/32 8 ).

Go háirithe, measann an Coimisiún: (i) go mba cheart gníomhartha ginearálta a chumhdach faoin Rialachán seachas gníomhartha a bhfuil raon feidhme aonair leo amháin; (ii) go mba cheart go bhféadfaí agóid a dhéanamh in aghaidh gach gníomh riaracháin agus ní hamháin in aghaidh na ngníomhartha sin a chumhdaítear faoi dhlí an chomhshaoil, fiú nuair nach ann ach go bhfuil ‘baint’ ag an ngníomh leis an gcomhshaol; (iii) go mba cheart rochtain ar an sásra um athbhreithniú riaracháin a bheith ag an bpobal seachas an rochtain sin a bheith ag ENRanna amháin; agus (iv) go mba cheart go bhféadfaí athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhartha nach bhfuil éifeachtaí atá ceangailteach ó thaobh dlí de ná éifeachtaí seachtracha ag gabháil leo.

Ag an gCruinniú is déanaí de na Páirtithe sa Choinbhinsiún i mí Mheán Fómhair 2017, dhearbhaigh an tAontas go 'leanfadh sé de bheith ag féachaint ar bhealaí agus modhanna inar féidir Coinbhinsiún Aarhus a chomhlíonadh ar dhóigh atá go hiomlán comhoiriúnach le bunphrionsabail ord dlíthiúil an Aontais agus lena chóras um athbhreithniú breithiúnach, agus an imní a léiríodh laistigh den Choinbhinsiún (Dearbhú Budva) á tabhairt san áireamh'.

Pléifear an cás arís ag an gcéad Chruinniú eile de na Páirtithe i mí Dheireadh Fómhair 2021.

II.An fhreagairt idirinstitiúideach ar thorthaí an Choiste

In 2018, i gCinneadh (AE) 2018/881 9 , d'iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a chur isteach ar bhonn Airteagal 241 den Chomhaontú ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE):

·staidéar faoi roghanna an Aontais maidir le haghaidh a thabhairt ar na torthaí, faoin 30 Meán Fómhair 2019,

·togra le haghaidh an Rialachán a leasú (nó bearta eile a chur in iúl don Chomhairle), faoin 30 Meán Fómhair 2020.

An 10 Deireadh Fómhair 2019, d'fhoilsigh an Coimisiún staidéar seachtrach mionsonraithe 10 ar fheidhmiú na rochtana ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil i ndáil le gníomhartha agus neamhghníomhartha institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais, chomh maith leis na roghanna a bhí ann chun cúrsaí a fheabhsú. Áiríodh sa staidéar sin scrúdú mionsonraithe ar na hathbhreithnithe riaracháin a bhí déanta ag an gCoimisiún faoin Rialachán. Ar bhonn an staidéir sin, rinne seirbhísí an Choimisiúin tuairisciú ar chur chun feidhme an Choinbhinsiúin ag an Aontas i réimse na rochtana ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil (an Tuarascáil) 11 . Tugadh torthaí an Choiste san áireamh sa staidéar agus sa Tuarascáil araon ach bhí raon feidhme níos leithne acu; sa staidéar agus sa tuarascáil, tugadh aghaidh ar na torthaí i gcomhthéacs bhunphrionsabail ord dlíthiúil an Aontais agus a chóras um athbhreithniú breithiúnach, i gcomhréir le Dearbhú Budva, agus i gcomhthéacs na gceart a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt).

Sa Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip a cuireadh amach ina dhiaidh sin an 11 Nollaig 2019, gheall an Coimisiún go ndéanfadh sé 'a mharana maidir le Rialachán Aarhus a athbhreithniú chun an rochtain ar athbhreithniú riaracháin agus ar athbhreithniú breithiúnach ar leibhéal an Aontais a fheabhsú do shaoránaigh agus do ENRanna a bhfuil imní orthu faoi dhlíthiúlacht cinntí a mbíonn tionchar acu ar an gcomhshaol' agus chun 'gníomhú chun rochtain ar cheartas os comhair na gcúirteanna náisiúnta a fheabhsú sna Ballstáit go léir'.

Ina Rún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip 12 an 15 Eanáir 2020, dúirt Parlaimint na hEorpa an athuair go bhfuil sé ‘riachtanach fíor-rochtain ar an gceartas agus ar na doiciméid a chumhdaítear i gCoinbhinsiún Aarhus a ráthú do shaoránaigh an Aontais’; d'iarr an Pharlaimint ar an gCoimisiún ‘a áirithiú go bhfuil an Coinbhinsiún á chomhlíonadh ag an Aontas’ agus bhí sí sásta go raibh an Coimisiún ag déanamh a mharana maidir leis an Rialachán a athbhreithniú.

III.Príomhthorthaí na Tuarascála

Maidir leis an gcéad dhá thoradh ón gCoiste, ar bhonn obair anailíseach, agus na hathruithe i ndáil le hAirteagal 263 CFAE a tugadh isteach le Conradh Liospóin á dtabhairt san áireamh, sainaithníodh sa Tuarascáil dhá easnamh sa Rialachán agus moltar anois na heasnaimh sin a leigheas trí ghníomhaíocht reachtach:

·Faoin Rialachán mar atá sé faoi láthair, is féidir athbhreithniú riaracháin a dhéanamh ar ghníomhartha riaracháin a bhfuil raon feidhme aonair leo ach ní féidir athbhreithniú riaracháin a iarraidh i gcás gníomhartha riaracháin a bhfuil raon feidhme ginearálta leo. De réir na Tuarascála, is é sin an bac is mó atá ar ENRanna atá ag iarraidh agóid a dhéanamh in aghaidh gníomhartha riaracháin ar leibhéal an Aontais.

·Cumhdaítear gníomhartha ‘faoi’ dhlí an chomhshaoil amháin faoin raon feidhme mar atá sé faoi láthair. Tá foclaíocht éagsúil in Airteagal 9(3) den Choinbhinsiún ina ndéantar tagairt do ghníomhartha ‘a sháraíonn forálacha dlí i ndáil leis an gcomhshaol’. Cé gur foclaíocht leathan í an fhoclaíocht atá sa Rialachán faoi láthair, de réir mar a léirmhínítear í le cásdlí CBAE, tá amhras ann i dtaobh cé acu an dtagann a raon feidhme go cruinn le hAirteagal 9(3) den Choinbhinsiún nó nach dtagann.

Sa bhreis air sin, léiríodh sa Tuarascáil go bhféadfaí feabhas a chur ar na tréimhsí ama le haghaidh an athbhreithnithe riaracháin a leagtar amach sa Rialachán. Go háirithe, tugadh faoi deara sa Tuarascáil gur léir gur róghairid í an tréimhse 12 sheachtain atá ag institiúidí agus comhlachtaí an Aontais chun freagairt ar iarratais ar athbhreithniú riaracháin agus gur deacair an tréimhse sin a urramú 13 .

IV.Na hathruithe a thabharfar isteach leis an togra reachtach

IV.a. An t‑athbhreithniú a leathnú chun gníomhartha a bhfuil raon feidhme ginearálta leo a chur san áireamh

Molann an Coimisiún an sainmhíniú ar ‘ghníomh riaracháin’ a leathnú ionas go mbeidh ENRanna in ann athbhreithniú riaracháin a iarraidh maidir le haon ghníomh neamhreachtach a ghlac institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais agus a bhfuil éifeachtaí atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus éifeachtaí seachtracha ag gabháil leis, agus a bhfuil forálacha ann a d'fhéadfadh dlí an chomhshaoil a shárú de thoradh a n‑éifeachtaí, de réir bhrí phointe (f) d'Airteagal 2(1), seachas na forálacha sa ghníomh sin a gceanglaítear bearta cur chun feidhme go follasach ina leith de réir dhlí an Aontais. Is athrú suntasach é seo ar an raon feidhme atá i dtéacs dlíthiúil Choinbhinsiún Aarhus faoi láthair agus ina ndéantar tagairt do ‘ghníomhartha a bhfuil raon feidhme aonair leo’ agus dóibhsean amháin 14 .

IV.b. Tagairtí do dhlí an chomhshaoil a ailíniú le ceanglais an Choinbhinsiúin

Soiléirítear sa togra nach mór d'fhorálacha a bheith sa ghníomh riaracháin a d'fhéadfadh, de thoradh a n‑éifeachtaí, dlí an chomhshaoil a shárú de réir bhrí Airteagal 2(1)(f) den Rialachán.

Faoin bhfoclaíocht atá in Airteagal 2(1)(g) den Rialachán faoi láthair, ceadaítear gníomhartha riaracháin a athbhreithniú ‘faoi dhlí an chomhshaoil’. Is é rud a tharla dá bharr sin, go dtí seo, nuair a rinneadh measúnú ar ghníomh chun a chinneadh an faoi réir iarratas ar athbhreithniú inmheánach é, gur fhéach institiúidí agus comhlachtaí an Aontais go heisiach ar cé acu an raibh an gníomh riaracháin a ndearnadh agóid ina aghaidh ceaptha chun tacú le cuspóirí beartais comhshaoil nó nach raibh, agus níor dhírigh siad ar cé acu an raibh an gníomh sin ag sárú dhlí an chomhshaoil nó nach raibh.

Tá sé riachtanach a áirithiú, áfach, gur féidir athbhreithniú inmheánach a dhéanamh ar na gníomhartha uile a bhfuil tionchar acu ar chuspóirí beartais comhshaoil. Go deimhin, is i ndáil le ‘cúrsaí comhshaoil’ a chaithfear rochtain ar cheartas a áirithiú faoi Airteagal 1 den Choinbhinsiún, 15 agus is ‘sa réimse a chumhdaítear sa Choinbhinsiún’ a thug an tAontas gealltanas ‘na rialacha ábhartha maidir le dlí an Aontais’ a chur i bhfeidhm tráth ar thaisc sé a ionstraim um an gCoinbhinsiún a dhaingniú 16 .

Chun rochtain éifeachtach ar cheartas a áirithiú, tá sé riachtanach, dá bhrí sin, sainmhíniú na ngníomhartha riaracháin a choigeartú chun go gcuirfear san áireamh gníomhartha riaracháin nár glacadh faoi dhlí an chomhshaoil ach a bhfuil forálacha iontu a d'fhéadfadh, de thoradh a n‑éifeachtaí, dlí comhshaoil an Aontais a shárú mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(f) den Rialachán.

Tá an méid sin ag teacht leis an stádas atá ann faoi láthair maidir le cúrsaí comhshaoil a chomhtháthú i mbeartais eile de chuid an Aontais, faoi Airteagal 11 CFAE, toisc gur de réir an Airteagail sin, ‘ní foláir ceanglais chosaint an chomhshaoil a lánpháirtiú i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí an Aontais, go háirithe d'fhonn forbairt inbhuanaithe a chur ar aghaidh.’

Ní mór raon feidhme an tsásra um athbhreithniú inmheánach a chur i gcomhréir le hAirteagal 9(3) den Choinbhinsiún a bhaineann leis na gníomhartha sin ‘a sháraíonn dlí an chomhshaoil’. Dá bhrí sin, má shainaithnítear gur sáraíodh dlí comhshaoil an Aontais, is critéar cinntitheach é sin maidir le sainiú na bhforas ar féidir athbhreithniú inmheánach a dhéanamh ar a mbonn.

Maidir leis an sainmhíniú ar dhlí comhshaoil an Aontais, is sainmhíniú leathan atá air in Airteagal 2(1)(f) den Rialachán mar atá sé faoi láthair. Dá réir sin, sainmhínítear ‘dlí an chomhshaoil’ mar ‘reachtaíocht [an Aontais], gan beann ar an mbunús dlí atá léi, a thacaíonn le saothrú chuspóirí beartais [an Aontais] i leith an chomhshaoil, mar a leagtar amach sa Chonradh: cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú, sláinte an duine a chosaint, úsáid stuama agus réasúnach acmhainní nádúrtha, agus bearta a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta chun dul i ngleic le fadhbanna comhshaoil réigiúnacha nó fadhbanna comhshaoil ar fud an domhain’ 17 .

Moltar go ndéanfar foráil shonrach sa Rialachán a fhágfaidh go mbeidh ar an iarratasóir an dóigh a sáraítear dlí comhshaoil an Aontais leis an gníomh riaracháin a léiriú nuair a bheidh forais na hiarrata ar athbhreithniú á sonrú aige. Mar a cheanglaítear le cásdlí, ‘chun forais an athbhreithnithe [inmheánaigh] a shonrú sa dóigh a cheanglaítear, tá ceangal ar an bpáirtí atá ag iarraidh go ndéanfar athbhreithniú ar ghníomh riaracháin faoi dhlí an chomhshaoil na fíricí nó na hargóintí dlíthiúla a chur ar aghaidh agus ba cheart substaint leordhóthanach a bheith iontu ionas go bhféadfadh amhrais thromchúiseacha a bheith ann maidir leis an measúnú a rinne institiúid nó comhlacht an Aontais sa ghníomh sin’ 18 .

IV.c. Síneadh a chur le sprioc-amanna maidir leis an nós imeachta um athbhreithniú inmheánach

Sa togra seo, cuirtear síneadh leis na sprioc-amanna maidir leis an nós imeachta um athbhreithniú inmheánach ionas go mbeidh dóthain ama ann chun measúnú de cháilíocht iomchuí a dhéanamh. Go háirithe, áirítear leis sin síneadh ama coicíse le haghaidh ENRanna agus síneadh ama ceithre seachtaine le haghaidh institiúidí an Aontais. De thoradh an ama bhreise a bheadh ar fáil do ENRanna, ba cheart iad a bheith in ann na hargóintí fíorasacha agus dlíthiúla is gá a chur ar fáil nuair atá amhras á gcaitheamh acu ar ghníomhartha agus ar neamhghníomhartha riaracháin a sháraíonn dlí comhshaoil an Aontais. Dá gcuirfí síneadh ar an am atá ar fáil d'institiúidí agus do chomhlachtaí an Aontais chun freagra a thabhairt, ba cheart iad a bheith in ann measúnuithe níos grinne a dhéanamh. Ba cheart an ceart chun dea-riaracháin faoi Airteagal 41 den Chairt a bheith neartaithe mar gheall ar an am breise a bheidh ar fáil.

V.Cé a fhéadfaidh athbhreithniú riaracháin a iarraidh?

An t‑athbhreithniú riaracháin faoin Rialacháin, níl san athbhreithniú sin ach ceann de na bealaí ina gcomhlíonann an tAontas ceanglais Airteagal 9(3) den Choinbhinsiún. Ní bhraitheann comhlíonadh Airteagal 9(3) ar an Rialachán amháin.

Is féidir Airteagal 9(3) den Choinbhinsiún a chomhlíonadh trí athbhreithniú riaracháin nó trí athbhreithniú breithiúnach (nó tríd an dá chineál athbhreithnithe). Chun leas 'an phobail' atá sé ceaptha, de réir bhrí Airteagal 2(4) de Choinbhinsiún Aarhus 19 . Cumhdaíonn sé seo daoine aonair agus ENRanna araon; tá sainteidlíochtaí le sainiú (sa chomhthéacs seo) trí dhlí an Aontais, de bhun Airteagal 9(3) den Choinbhinsiún 20 .

Ar an gcéad dul síos, cé nach féidir le daoine aonair athbhreithniú riaracháin a iarraidh faoin Rialachán, tá deis acu athbhreithniú breithiúnach a iarraidh maidir le gníomhartha nó neamhghníomhartha ó institiúidí agus comhlachtaí an Aontais má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i CFAE, mar a mhínítear thíos. De réir an Choinbhinsiúin, tá ceangal ar na Páirtithe an t‑athbhreithniú riaracháin nó an t‑athbhreithniú breithiúnach a chur ar fáil, ach ní gá an dá chineál athbhreithnithe a chur ar fáil.

I gcás a bhfuil bearta cur chun feidhme ann ar an leibhéal náisiúnta, is féidir le daoine aonair agóid a dhéanamh ina n‑aghaidh os comhair cúirt náisiúnta agus a iarraidh ar an gcúirt náisiúnta tagairt a dhéanamh do CFAE chun bailíocht ghníomh ábhartha an Aontais a athbhreithniú faoi Airteagal 267 CFAE.

Ina theannta sin, faoin gceathrú mír d'Airteagal 263 CFAE, is féidir le duine aonair imeachtaí a thionscnamh os comhair na Cúirte Ginearálta maidir leis na gníomhartha seo a leanas: (i) gníomhartha a dhírítear chuig an duine sin; (ii) gníomhartha a bhaineann go díreach agus go leithleach leis; agus (iii) gníomhartha rialála a bhaineann leis go díreach nach bhfuil bearta cur chun feidhme ag gabháil leo.

Ar an dara dul síos, aithnítear sa Choinbhinsiún féin go mba cheart rochtain phribhléideach ar cheartas a bheith ag ENRanna i gcomparáid le daoine aonair 21 . Maidir le húsáid an tsásra um athbhreithniú riaracháin a theorannú do ENRanna amháin, is comhsheasmhach é sin leis an idirdhealú sin agus leis an ngá chun rochtain dhíreach ar cheartas ar leibhéal an Aontais a chur ar fáil do ENRanna (trí agóid a dhéanamh in aghaidh an fhreagra ar an iarraidh ar athbhreithniú inmheánach faoin gceathrú mír d'Airteagal 263 CFAE) gan an gá a bheith ann na Conarthaí a leasú 22 .

Ar an tríú dul síos, is de raon feidhme ginearálta iad cuid mhór de na gníomhartha a ghlacann institiúidí agus comhlachtaí an Aontais. Tá bonn cirt le rochtain ar an sásra um athbhreithniú riaracháin a dheonú do ENRanna toisc, mar a luaitear thuas 23 , gur minic gur fearr is féidir leo gníomhú ar son leas an phobail agus ar son leasanna na sochaí sóisialta sa réimse seo toisc go gcuireann siad argóintí gairmiúla, dea-bhunaithe a bhfuil údar maith leo chun cinn.

Ar an gceathrú dul síos, dá dtabharfaí rochtain ar athbhreithniú riaracháin do gach duine, ba ionann é sin agus cás cosúil leis an méid ar thug an Coiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus actio popularis air, rud nach gceanglaítear faoin gCoinbhinsiún 24 .

Dá réir sin, maidir le gníomhartha rialacháin nach bhfuil bearta cur chun feidhme ag gabháil leo, i gcás ina gcomhlíonfadh duine aonair na coinníollacha faoin gceathrú mír d'Airteagal 263 maidir le himeachtaí a thionscnamh, agus dá dtabharfaí an deis do dhaoine aonair agóid a dhéanamh faoin Rialachán, d'fhéadfadh sé a bheith i gceist go mbeadh an ceart ag duine aonair athbhreithniú riaracháin chomh maith le hathbhreithniú breithiúnach a iarraidh maidir leis an aon ábhar amháin. Arís, ní cheanglaítear é seo faoin gCoinbhinsiún, áfach. Is féidir leis na Páirtithe foráil a dhéanamh maidir le hathbhreithniú riaracháin, sin nó maidir le hathbhreithniú breithiúnach.

Ar an gcúigiú dul síos, is ábhartha go mbeadh an rochtain sin ag teacht le leibhéal na rochtana ar an gceartas a chuirtear ar fáil ar an leibhéal náisiúnta faoin gCoinbhinsiún. Dá gcruthófaí ceart ar athbhreithniú le haghaidh daoine aonair ar leibhéal an Aontais, bheadh neamhréir ann mura mbeadh leibhéal coibhéiseach rochtana ann ar an leibhéal náisiúnta maidir le catagóirí gníomhartha agus neamhghníomhartha den chineál céanna (amhail orduithe rialtais nó gníomhartha eile a bhfuil feidhm ghinearálta leo).

Mar chríoch, cé nach ionann na sásraí sásaimh atá ar fáil do ENRanna agus do dhaoine aonair, tugann córas an Aontais rochtain ar shásamh riaracháin agus/nó sásamh breithiúnach do gach iarratasóir 25 . Mar a míníodh, an t‑athbhreithniú seo ar Rialachán Aarhus, is cuid d'iarracht níos leithne é chun rochtain éifeachtach ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil a áirithiú do chách.

VI.Ceist na ngníomhartha riaracháin nach bhfuil éifeachtaí atá ceangailteach ó thaobh dlí de ná éifeachtaí seachtracha ag gabháil leo

Rinneadh anailís sa Tuarascáil ar an gceist maidir leis na gníomhartha sin ‘nach bhfuil éifeachtaí atá ceangailteach ó thaobh dlí de ná éifeachtaí seachtracha ag gabháil leo’ a eisiamh ó raon feidhme an athbhreithnithe inmheánaigh. Sin mar atá an cás faoi láthair de bhun shainmhíniú na ngníomhartha riaracháin a leagtar síos in Airteagal 2(1)(g) den Rialachán. Is pointe é sin a dhírigh an Coiste air ina chuid torthaí freisin 26 .

Cé nach ionann go hiomlán an téarmaíocht, is comhsheasmhach é raon feidhme an eisiata sin sa Rialachán le raon feidhme Airteagal 263(1) CFAE, mar a léirmhíníonn cásdlí CBAE é 27 . Faoin dlínse a thugtar di faoi Airteagal 263(1) CFAE, déanfaidh CBAE ‘léirmheas ar dhlíthiúlacht gníomhartha reachtacha, na Comhairle, an Choimisiúin agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, seachas moltaí nó tuairimí, agus na ngníomhartha sin de Pharlaimint na hEorpa agus den Chomhairle Eorpach atá ceaptha chun éifeacht dhlíthiúil a bheith acu i leith tríú páirtithe’. Ina theannta sin, foráiltear go ndéanfaidh CBAE ‘athbhreithniú ar dhlíthiúlacht na ngníomhartha sin de chomhlachtaí, d'oifigí nó de ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais atá ceaptha chun éifeacht dhlíthiúil a bheith acu i leith tríú páirtithe’.

Na gníomhartha nach bhfuil ceaptha chun éifeacht dhlíthiúil a bheith acu, i bhfoclaíocht Airteagal 2(1)(g) den Rialachán mar atá sé anois chomh maith le hAirteagal 263(1) CFAE, is léir nach dtagann na gníomhartha sin faoi raon feidhme an athbhreithnithe riaracháin agus an athbhreithnithe bhreithiúnaigh faoi seach, de réir na gConarthaí. Is dearbhú ar an méid sin an dóigh a ndéantar moltaí agus tuairimí (atá neamhcheangailteach) a eisiamh ó raon feidhme Airteagal 263(1) CFAE 28 .

Maidir leis na ceanglais i ndáil le rochtain ar cheartas de réir Choinbhinsiún Aarhus, ba cheart a mheabhrú gurb iad na gníomhartha atá ceaptha chun éifeacht dhlíthiúil a bheith acu, agus na gníomhartha sin amháin, ar féidir leo dlí an chomhshaoil a ‘shárú’, mar a léirítear in Airteagal 9(3) den Choinbhinsiún. Is léir nach féidir gníomhartha nach bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo a mheas mar ghníomhartha a sháraíonn dlí an chomhshaoil, de réir bhrí Airteagal 9(3) de Choinbhinsiún Aarhus.

Ar bhonn an mhéid sin, agus mar a thóg an Coiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus san áireamh ina thorthaí, ní raibh san fhoráil maidir le sásra um athbhreithniú inmheánach i Rialachán Aarhus ach bealach chun na ceanglais i ndáil le rochtain ar cheartas faoi Airteagal 263 CFAE a ‘chúiteamh’, 29 agus dá bhrí sin, ní iomchuí athbhreithniú riaracháin a cheadú maidir le gníomhartha nach bhfuil ceaptha chun éifeacht dhlíthiúil a bheith acu.

San am céanna, dearbhaítear sa chásdlí nach bhfuil tábhacht ag baint le hainm nó le foirm an bhirt. Is é is ríthábhachtach éifeachtaí, ábhar agus raon feidhme an bhirt 30 . Na bearta a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha ag gabháil leo in ainneoin a dteidil, na bearta sin a d'fhéadfadh tionchar a bheith acu ar leas an iarratasóra agus a sheasamh dlí a athrú, is féidir agóid a dhéanamh in aghaidh na mbeart sin 31 .

B. Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra seo comhsheasmhach agus is comhlántach é freisin maidir leis na forálacha atá ann faoi láthair i réimse na rochtana ar cheartas. Áirítear leosan go háirithe:

Airteagal 6(2) den Treoir maidir le Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol 32 ;

Airteagal 13 den Treoir maidir le Dliteanas Comhshaoil 33 ;

Airteagal 25 den Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíochta 34 ;

Airteagal 11 den Treoir maidir le Measúnú Tionchair ar an gComhshaol 35 ; agus

Airteagal 23 de Threoir Seveso III 36 2012/18/AE 37 .

Cumhdaítear leis sin cinntí, gníomhartha agus neamhghníomhartha a bhaineann le hiarrataí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol, na cinn sin atá faoi réir na bhforálacha i dtaca le rannpháirtíocht phoiblí sa Treoir maidir le Faisnéis ar an gComhshaol, ceadanna tionsclaíochta agus na cinn sin a bhaineann le dliteanas comhshaoil.

C. Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tacaíonn an togra le neartú an smachta reachta, i gcomhréir le tosaíochtaí reatha an Choimisiúin maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus maidir lenár ndóigh bheatha Eorpach a chosaint 38 . Go háirithe, tacaíonn sé le héifeachtacht chóras an Aontais um athbhreithniú riaracháin agus athbhreithniú breithiúnach, agus, mar thoradh air sin, neartaíonn sé cur i bhfeidhm Airteagail 41 agus 47 den Chairt.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

A. Bunús dlí

Is é Airteagal 192(1) CFAE an bunús dlí le haghaidh gníomhaíochta sa réimse sin. Tá sé sin comhsheasmhach le bunús dlí bunaidh an Rialacháin a bhfuil sé ina chuspóir ag an togra sin a leasú (Airteagal 175(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh), Airteagal 192(1) CFAE anois 39 . Is é is cuspóir an togra sin cosaint an chomhshaoil a fheabhsú, trí fheabhas a chur ar an nós imeachta athbhreithnithe riaracháin atá ar fáil de ENRanna maidir le gníomhartha nó neamhghníomhartha riaracháin ó institiúidí agus comhlachais an Aontais Eorpaigh i gcás ina sárófar leosan dlí an chomhshaoil.

B. Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Tá inniúlacht roinnte ag an Aontas leis na Ballstáit chun rialú a dhéanamh ar shaincheisteanna comhshaoil. Fágann sé sin nach bhféadfaidh sé reachtaíocht a rith ach amháin a mhéid a cheadaítear dó leis na Conarthaí, agus ní mór dó prionsabail an riachtanais, na coimhdeachta agus na comhréireachta a urramú.

Tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh de bharr go bhfuil an tAontas ina Pháirtí sa Choinbhinsiún agus nach mór dó oibleagáidí a chomhlíonadh faoin gCoinbhinsiún atá ina cheangal ar an Aontas i gcomhréir le hAirteagal 216 CFAE. Baineann an tionscnamh le cur i bhfeidhm fhorálacha an Choinbhinsiúin maidir le hathbhreithniú riaracháin nó breithiúnach le haghaidh catagóirí áirithe ghníomhartha an Aontais. Dá bhrí sin, ní féidir na spriocanna a bhaint amach ar leibhéal an Aontais agus deimhnítear breisluach Aontais an tionscnaimh.

Ag an am céanna, is iomchuí go gcuirfí as an áireamh ó raon feidhme an leasaithe a mholtar na forálacha gníomhartha riaracháin sin a gceanglaítear go sainráite ina leith, le dlí an Aontais, bearta cur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta.

Is é is cúis leis sin go mbeidh na bearta sin inchonspóide go díreach os comhair cúirteanna náisiúnta. De réir Airteagal 267 CFAE, is cuid de chóras na réamhthagairtí iad cúirteanna náisiúnta na mBallstát, réamhthagairtí maidir le bailíocht agus léirmhíniú mar ghnáthchúirteanna dhlí an Aontais 40 .

C. Comhréireacht

Ní théann an togra níos faide ná a bhfuil gá leis chun comhlíonadh fhorálacha an Choinbhinsiúin a bhaint amach. Leis na roghanna beartais atá déanta, deimhnítear an measúnú comhréireachta. Go háirithe, déanfar an méid seo a leanas leis an togra:

·Raon feidhme shásra an athbhreithnithe inmheánaigh a leathnú chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil raon feidhme ginearálta acu a áireamh; eisiatar, áfach, forálacha na ngníomhartha sin a gceanglaítear go sainráite ina leith, le dlí an Aontais, bearta cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais Eorpaigh nó ar an leibhéal náisiúnta;

·Sonraítear nach gcumhdófar ach gníomhartha agus neamhghníomhartha neamhreachtacha a d’fhéadfadh, de bharr a n‑éifeachtaí, dlí an chomhshaoil a shárú. Tagann an fhoclaíocht sin le foclaíocht agus cuspóirí beartais an Choinbhinsiúin agus, dá bhrí sin áirithítear deimhneacht dhlíthiúil agus comhlíonadh an Choinbhinsiúin;

·Ní aidhm atá ann gníomhartha nach bhfuil éifeachtaí seachtracha acu atá ceangailteach ó thaobh dlí a áireamh, gníomhartha atá comhsheasmhach le cineál chóras an Aontais maidir le hathbhreithniú breithiúnach, a léirítear, go háirithe, in Airteagal 263(1) CFAE;

·Cuirtear luach breise ar fáil trí ENRanna, mar ionadaithe ar an tsochaí sibhialta agus leas an phobail, a sholáthar le deiseanna breise chun athbhreithniú a lorg ar ghníomhartha riaracháin a sháraíonn dlí an chomhshaoil. Ar na cúiseanna a leagtar amach thuas, áfach, na cearta a dheonófar faoin leasú a mholtar, ní leathnaítear iad go daoine aonair.

Is ar thorthaí na Tuarascála agus an staidéar a ghabhann léi a bhunaítear an togra sin. Deimhníodh an rogha bheartais le hanailís mhionsonraithe ina bhfuarthas nach raibh aon roghanna inmharthana eile ann ach amháin na bearta atá beartaithe.

D. An rogha ionstraime

Is Rialachán an ionstraim dlí a roghnaítear ó tharla gurb é sin an ionstraim dlí a bheartaítear a leasú.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

A. Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Is ar fhianaise a bhailíodh sa Tuarascáil a bhunaítear an togra; tá níos mó fianaise agus anailíse ar fáil sa staidéar a foilsíodh. Soláthraíodh leis na doiciméid measúnú cuimsitheach ex post ar fhorálacha an Rialacháin maidir le rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

I gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr, seoladh comhairliúchán 12 seachtaine an 20 Nollaig 2018 chun tacú leis an staidéar ar chur chun feidhme an Choinbhinsiúin ag an Aontas Eorpach sa réimse a bhaineann le rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil. Fágadh ar oscailt é go dtí an 14 Márta 2019. Is é a bhí sa chomhairliúchán ceistneoir ar líne, i ngach teanga den Aontas agus é curtha ar fáil tríd an uirlis EU Survey.

Leis an gcomhairliúchán poiblí rinneadh obair leantach ar an treochlár tosaigh maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin ag an Aontas Eorpach sa réimse a bhaineann le rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil, a foilsíodh le haghaidh aiseolais a fháil idir an 8 Bealtaine 2018 agus an 5 Meitheamh 2018; tá na torthaí ar fáil ar líne 41 . Comhlánaíodh an próiseas le comhairliúcháin spriocdhírithe eile a raibh geallsealbhóirí ó réimse leathan grúpaí leasmhara bainteach leo, lena n‑áirítear gnólachtaí, ENRanna, lucht léinn, na Ballstáit, breithiúna náisiúnta agus institiúidí den Aontas Eorpach.

Fuarthas 175 fhreagra ar an gcomhairliúchán poiblí 42 ; is ó dhaoine aonair a tháinig an céatadán is airde (30%). Spreag sé freisin aighneachtaí ó eagraíochtaí chomhshaoil, lena n‑áirítear ENRanna (19.4%) agus údaráis phoiblí (18.9%). Is ó ghnólachtaí agus comhlachais ghnó a tháinig 17% de mhéid iomlán na bhfreagraí.

Léiríodh sna freagraí a chuir eagraíochtaí comhshaoil isteach, lena n‑áirítear ENRanna agus daoine aonair, go raibh míshástacht leis na modhanna sásaimh atá ann cheana i gcoinne ghníomhartha an Aontais Eorpaigh agus éilíodh go ndéanfaí beart. Ar an taobh eile, léiríodh sna freagraí a chuireadh isteach ó ghnólachtaí, ó chomhlachais ghnó agus ó údaráis phoiblí go raibh dearcadh dearfach ann, den chuid is mó, i dtaobh na staide reatha. Deimhníodh le torthaí an chomhairliúcháin na tosaíochtaí a shainaithin an Coimisiún maidir le saincheisteanna a bhí ina n‑údar imní i dtaca leis an Rialacháin. Go háirithe, is iad na saincheisteanna a thug na freagróirí an leibhéal is airde tábhachta dóibh, gur cheart don ghníomh nó neamhghníomh a raibh agóid á déanamh ina choinne a bheith de raon feidhme aonair agus go gcuirfí leis an Rialachán srianta ar chonspóidí i gcoinne gnímh nó neamhghnímh faoi dhlí an chomhshaoil. Mheas an chuid is mó de ghnólachtaí agus comhlachais ghnó go raibh leibhéal íseal tábhachta ag na saincheisteanna sin agus saincheisteanna eile. Os a choinne sin, leag eagraíochtaí comhshaoil agus ENRanna béim níos mó ar na saincheisteanna sin ar an iomlán 43 .

Ina theannta sin, d’eagraigh an conraitheoir a bhí i bhfeighil ar an staidéar dhá chruinniú grúpa fócais le geallsealbhóirí an 22 Eanáir 2019 agus bhí ionadaithe tionsclaíochta agus ENRanna rannpháirteach iontu 44 . Deimhníodh torthaí na gcomhairliúchán poiblí le torthaí na gcruinnithe sin.

Reáchtáil an Coimisiún roinnt cruinnithe freisin le saineolaithe ó na Ballstáit, 45 chun iad a chur ar an eolas maidir le dul chun cinn ar an staidéar agus chun tuairimí a mhalartú. Deimhníodh sna cruinnithe sin go bhfuil saincheisteanna ag Ballstáit áirithe maidir leis an gceart chun agóid a dhéanamh i gcoinne bearta náisiúnta chur chun feidhme.

Thairis sin, reáchtáil an Coimisiún roinnt cruinnithe le geallsealbhóirí eile inar cuireadh i láthair dul chun cinn maidir leis an staidéar agus malartaíodh tuairimí:

·dhá chruinniú le geallsealbhóirí faoin bhFóram um Chomhlíonadh agus Rialachas Comhshaoil le heagraíochtaí neamhrialtasacha, le hearnáil na tionsclaíochta agus leis na Ballstáit (30 Samhain 2018 agus 29 Bealtaine 2019);

·cruinniú ad hoc idir an Coimisiún agus breithimh náisiúnta i ndáil le hAirteagal 267 CFAE maidir le rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil (29 Eanáir 2019).

Ar deireadh, an 6 Márta 2020, foilsíodh treochlár inar leagadh amach an tionscnamh reachtach agus fágadh ar oscailt é le haghaidh aiseolais go dtí an 3 Aibreán 46 . Spreag sé sin 175 freagra ina n‑iomlán, thart ar dhá thrian acu ó dhaoine aonair agus aon trian acu ó eagraíochtaí, lena n‑áirítear gnólachtaí agus eagraíochtaí comhshaoil. Deimhníodh le hanailís a rinneadh ar na freagraí gur ardaíodh an chuid is mó de na saincheisteanna cheana le linn comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí. Ar an gcaoi sin, bhí dianmheasúnú déanta orthu cheana féin sa staidéar agus sa Tuarascáil, agus cuireadh sin san áireamh sa togra.

Is é an t‑ábhar imní is mó a léirigh daoine aonair rochtain ar cheartas ar an leibhéal náisiúnta. Tabharfar aghaidh ar an imní sin trí ghníomhartha a leagtar amach sa Teachtaireacht a ghabhann leis an togra. D'iarr roinnt daoine an rogha gearáin agus achainíocha a chur caol díreach faoi bhráid institiúidí an Aontais Eorpaigh; tá sásraí den chineál sin ar fáil cheana féin 47 .

Chuir roinnt comhlachas gnó aiseolas isteach freisin. Mar a rinneadh cheana, chuir siad imní in iúl maidir leis an ualach breise agus iarmhairtí eacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann. Bunaithe ar mheasúnú forleathan ar an mbonn fianaise a bhí ar fáil, cinneadh nach mbeadh aon ualach breise suntasach riaracháin ná aon éiginnteacht dhlíthiúil ag baint leis na hathruithe reachtacha atá beartaithe ná leis na gníomhartha faoin dTeachtaireacht atá glactha, agus go soláthrófaí leo cur chuige cothrom.

D’athdhearbhaigh ENRanna comhshaoil freisin roinnt saincheisteanna tábhachtacha. Ní saincheisteanna úra a bhí iontu agus rinneadh measúnú cúramach orthu. Ní miste aird ar leith a thabhairt ar cheann amháin acu, áfach.

Ardaíodh an pointe gur cheart gníomhartha an Aontais a bhfuil bearta náisiúnta cur chun feidhme ag baint leo a chur san áireamh leis an togra. I dtaca leis sin, agus de bharr na gcúiseanna a leagtar amach i roinn IVa.3, tá údar le spleáchas ar chúirteanna náisiúnta: Ní mór de ENRanna deiseanna inoibrithe a bheith acu ar an leibhéal náisiúnta chun agóid a dhéanamh i gcoinne bearta náisiúnta chur chun feidhme agus oibreoidh an Coimisiún, ina cháil mar chaomhnóir na gConarthaí, in éineacht leis na Ballstáit chun cuidiú le comhlíonadh a áirithiú ar an talamh. Dá réir sin, ní mór do chúirteanna náisiúnta é a chur ar chumas ENRanna rochtain a fháil ar Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) tríd an nós imeachta um réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE.

Bunaithe ar thorthaí an chomhairliúcháin phoiblí, lena n‑áirítear aiseolas ar an treochlár, agus an anailís fhorleathan a rinne an Coimisiún sa Tuarascáil bunaithe ar an staidéar a ghabhann léi, agus ag cur san áireamh na hábhair imní a chuir an Coiste in iúl 48 , measadh nach raibh an dara rogha ann ach an dá shaincheist is mó a sainaithníodh i dtaca leis an Rialachán a leigheas le togra reachtach (tá níos mó mionsonraí ar fáil sa roinn maidir le measúnú tionchair).

Cumhdaíodh leis na gníomhaíochtaí comhairliúcháin gach saincheist ábhartha agus dá bhrí sin ní raibh gá le haon chomhairliúchán poiblí breise maidir le mionsonraí an togra.

C. Bailiú agus úsáid saineolais

Tuarascáil an Choimisiúin maidir le chur chun feidhme an Coinbhinsiún ag an Aontas Eorpach sa réimse a bhaineann le rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil agus an bunstaidéar, a dtugtar tacaíocht dó leis an bpróiseas comhairliúcháin forleathan, is iad na príomhfhoinsí saineolais agus feidhmíonn siad mar bhonn faisnéise an togra.

D. Measúnú tionchair

Faightear bonn faisnéise fíorasach daingean don tionscnamh reatha sa staidéar cuimsitheach agus i dTuarascáil an Choimisiúin ina ndéantar anailís ar fheidhmiú na bhforálacha maidir le rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.

I gcomhréir le hUirlis #9 den sraith uirlisí Rialála Níos Fearr maidir le ‘Cén uair a mbíonn measúnú tionchair riachtanach?’, measadh nach raibh measúnú tionchair riachtanach ar na cúiseanna seo a leanas:

·Leis an staidéar, scrúdaíodh gach rogha chun na heasnaimh a leigheas, easnaimh a sainaithníodh tar éis measúnaithe ar thorthaí an Choiste i gcás ACCC/C/2008/32 49 , rinneadh a dtionchar a thomhas agus soiléiríodh nach raibh ach aon rogha amháin ann chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh sa staidéar, is é sin leasú ar an Rialachán i.e. gníomh reachtach. Is léir nach leor gan gníomhaíocht a dhéanamh ná gníomhaíocht neamhreachtach a dhéanamh leis féin. Is léir freisin nach bhfuil an dara rogha ann ach an Rialachán a leasú agus nach bhfuil aon rogha réalaíoch eile ann maidir le hábhar beartais an tionscnaimh.

·Ní bhfuarthas sa staidéar aon tionchar sóisialta suntasach (féach go háirithe Caibidil 5 maidir le measúnú ar thionchair agus roghanna) ar an bhfostaíocht, dálaí oibre agus dáileadh ioncaim, cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta.

·Níltear ag súil le haon tionchair eacnamaíocha suntasacha ach oiread de thoradh ar an tionscnamh reachtach, cé is moite de mhéadú ar an ualach riaracháin ar na hinstitiúidí Eorpacha agus CBAE de bharr líon cásanna breise ionchasach.

E. Oiriúnacht Rialála agus simpliú

Ba thúisce ann roinnt tagairtí agus téarmaí sa Rialachán ná Conradh Liospóin agus ní áirítear sa togra reatha ach roinnt páirt‑nuashonruithe. Dá bhrí sin, ceanglaítear códú leis an Rialachán. I bhfianaise na tosaíochta polaitiúla chun leasú pras ar an Rialachán a chumasú, i bhfianaise ghealltanais idirnáisiúnta an Aontais, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún togra a chur chun cinn le haghaidh códaithe a luaithe is a ghlactar an togra atá ann faoi láthair, i gcomhréir le mír 46 den chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le reachtóireacht níos fearr 50 .

F. Cearta bunúsacha

Leis an Tuarascáil agus an staidéar, tugadh aghaidh ar na gnéithe de chearta bunúsacha a bhaineann leis na bearta reachtacha a mholtar. Fuarthas go rannchuideodh na bearta sin le feabhas a chur ar éifeacht chóras an Aontais maidir le hathbhreithniú riaracháin agus breithiúnach, agus dá thoradh sin, neartódh sé an smacht reachta agus cur i bhfeidhm Airteagail 41 agus 47 den Chairt (féach mar shampla Roinn 3.4.2 den staidéar).

Go háirithe, neartófar Airteagal 41, an ceart chun dea-riaracháin. De thoradh sainmhíniú níos leithne agus níos cruinne ar raon feidhme gníomhartha riaracháin inchonspóide agus ar na forais maidir le hathbhreithniú, beidh níos mó deimhneachta dlíthiúla ag ENRanna agus beidh bealach níos éifeachtúla acu le hathbhreithniú gníomhartha riaracháin a iarradh i gcás ina sáraíonn na gníomhartha sin an dlí comhshaoil. Thairis sin, le síneadh ama a thabhairt don riarachán poiblí chun iarrataí a mheas agus freagra a thabhairt orthu, táthar ag súil go mbeidh anailís agus measúnú níos doimhne ann. Dá bhrí sin, neartóidh an t‑am breise a bheidh ar fáil na ceanglais ar dhea-riarachán faoi Airteagal 41 den Chairt.

Ní leasófar an Rialachán ach i dtéarmaí na gcoinníollacha le haghaidh athbhreithnithe riaracháin. Féadfaidh ENRanna athbhreithniú breithiúnach a lorg, áfach, maidir le haon fhreagra a chuireann institiúid nó comhlacht den Aontas Eorpach os comhair CBAE. Dá bhrí sin, beidh tionchar neamhdhíreach ag an leasú ar na féidearthachtaí a bhaineann le hathbhreithniú breithiúnach, agus neartóidh sé cur i bhfeidhm Airteagal 47 den Chairt.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Leis an Tuarascáil agus an staidéar a ghabhann léi rinneadh measúnú cúramach ar thionchar na roghanna éagsúla maidir le hacmhainní inmheánacha d’institiúidí an Aontais Eorpaigh, go háirithe don Choimisiúin agus CBAE. Chinn siad go mbeadh tionchar den chineál sin teoranta má leantar na roghanna arna dtabhairt isteach ag an togra. Mínítear fairsinge an tionchair ar acmhainní le roinnt cúiseanna:

Déanfaidh na leasuithe arna moladh an córas reatha athbhreithnithe riaracháin a mhodhnú agus ní chruthófar leo córas nua. Tá i gceist leis an gcóras reatha cur in úsáid roinnt áiseanna cheana féin; d’fhéadfadh sé go mbeadh gá lena choigeartú chun oiriúnú don dála nua.

Leis an bpríomhleasú a mholtar, leathnófar na cineálacha gníomhartha a bhféadfaí a athbhreithniú le go bhféadfar gníomhartha de raon feidhme ginearálta a chonspóid freisin. Mar atá sé faoi láthair, d’fhéadfaí iarraidh ar an gCoimisiún – agus, de dheasca soiléireacht neamhleor maidir le critéir incháilitheachta, iarrtar air go minic – gníomhartha a athbhreithniú atá lasmuigh de raon feidhme reatha an Rialacháin. Tá gá le hacmhainní chun aghaidh a thabhairt ar iarrataí agus d’fhéadfadh seirbhísí fiúntais chinntí a athbhreithniú, gan beann ar incháilitheacht. Cé go bhféadfaí an t‑ualach oibre atá ann faoi láthair a mhéadú le leathnú na gcoinníollacha incháilitheachta, táthar ag súil le go bhféadfaí é sin a chúiteamh, go páirteach le critéir incháilitheachta níos soiléire, critéir lena simplítear measúnú ar incháilitheacht.

Leis na leasuithe beartaithe, ní thiocfaidh méadú ar líon na n‑iarratasóirí féideartha le haghaidh athbhreithnithe. Mar atá faoi láthair, ní bheidh ach ENRanna in ann iarrataí a chur isteach le haghaidh athbhreithniú inmheánach. Níl á bheartú le togra an Choimisiúin athrú ar na critéir cháilitheachta le haghaidh ENRanna ná seasamh a dheonú do dhaoine aonair. Dá bhrí sin, le leathnú réimse gníomhartha riaracháin ní gá go leanfaidh méadú comhréireach ar líon na n‑iarratas. Ina ionad sin, d’fhéadfadh sé cumas na nENRanna a fheabhsú chun tosaíocht a thabhairt do na cásanna ina gcuirfear isteach iarratais, mar beidh sainmhíniú níos soiléire ar na critéir incháilitheachta agus beidh níos mó ama ar fáil chun iarratais dhea-fhíoraithe a ullmhú.

Leis an togra, cuirfear síneadh ama leis na tréimhsí ama chun na hiarratais le haghaidh athbhreithnithe a láimhseáil. Cuirfidh sé sin níos mó ama ar fáil do sheirbhísí chun iarratais a phróiseáil.

Faoi dheireadh, cé go bhfuil sé riachtanach nach ndíolmhófar aon chinneadh a dhéanfar in institiúidí nó comhlachtaí den Aontas Eorpach ó na srianta agus ceartúcháin lena bhforáiltear in ord dlíthiúil an Aontais, léirítear le cásdlí go tugann CBAE corrlach lánroghnach nach beag d’institiúidí nó comhlachtaí den Aontas Eorpach maidir leis an gcinneadh a thógann siad le linn athbhreithnithe inmheánaigh 51 .

Cuirfear treoir bhreise ar fáil do chás‑láimhseálaithe agus de ENRanna maidir leis an nós imeachta a bhaineann le hathbhreithniú inmheánach faoin Rialachán. Beidh gá le socruithe inmheánacha oibre an Choimisiúin a athbhreithniú freisin i bhfianaise na gceanglas nua de thoradh na leasuithe molta, chun éifeachtaí diúltacha an ualaigh oibre bhreise a laghdú, ualach ar rídhócha go n‑eascróidh sé ó na hathruithe. Beidh gá le feabhas sa bhreis a chur ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht na nósanna imeachta maidir le hathbhreithniú inmheánach, mar shampla, ar na bealaí seo a leanas:

athbhreithniú a dhéanamh an féidir coigeartuithe ar nósanna imeachta áirithe a chur i bhfeidhm le haghaidh critéir áirithe cásanna, bunaithe ar chritéir amhail líon na gcásanna den sórt céanna, an úrnuacht, an chastacht agus an tionchar a bhaineann leo; agus

na nithe seo a leanas a chur ar fáil; spásanna oibre TF comhoibríocha, teimpléid, ceisteanna coitianta agus cineálacha eile treorach, meantóireacht do chás‑láimhseálaithe, lena n‑áirítear samplaí den chleachtas is fearr a roinnt d’fhonn láimhseáil cásanna agus aschuir a éascú agus a chaighdeánú tuilleadh.

In ainneoin na dtionscnamh sin, beidh ualach breise riaracháin ar an gCoimisiún, lena n‑áirítear roinnt dá chuid gníomhaireachtaí, ach d’fhéadfaí, go pointe áirithe, é a mhaolú, má dhéantar na ceisteanna sin thuasluaite a urramú. Is léir freisin, áfach, go mbeidh na tionchair sa todhchaí ina bhfeidhm de líon fíorúil na gcásanna agus an bealach a ndáiltear ar idir réimsí éagsúla beartais. Cé nach féidir iad sin a mheas ag an bpointe seo, is gá faire orthu go bhfeicfear an mbeidh méadú suntasach ar an iomlán ar an ualach oibre agus cén tionchar a bheidh aige sin ar réimsí áirithe beartais. Beidh gá le faireachán leanúnach a dhéanamh ar fhorbairtí maidir le ualach oibre agus an dáileadh a bhaineann leis d’fhonn gníomhú ar an ábhar más gá.

5.EILIMINTÍ EILE

A. •Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Leagtar amach leis an Teachtaireacht tionlacain gnímh bhreise chun cur chun feidhme an Choinbhinsiúin a éascú sa réimse a bhaineann le rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil ar an leibhéal náisiúnta. Cuirfear ar fáil don phobal agus d’institiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh treoir bhreise maidir leis an nós imeachta a bhaineann le hathbhreithniú inmheánach faoin Rialachán, treoir a chabhróidh leo oiriúnú do na ceanglais nua.

B. Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

Neamhbhainteach.

C. Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Airteagal 1(1)

Leasaítear le hAirteagal 1(1) an sainmhíniú ar ghníomhartha riaracháin faoi Airteagal 2(1)(g) den Rialachán.

An t‑athbhreithniú a leathnú chun gníomhartha a bhfuil feidhme ginearálta acu a chur san áireamh

Leis an leasú, leathnaítear an sainmhíniú ar ‘gníomh riaracháin’ chun a áirithiú go mbeidh aon ghníomh neamhreachtach a ghlacann institiúid nó comhlacht den Aontas Eorpach a bhfuil éifeachtaí seachtracha aige atá ceangailteach ó thaobh dlí, agus a d’fhéadfadh, de bharr a éifeachtaí, dlí an chomhshaoil a shárú de réir bhrí Airteagal 2(1)(f), d’fhéadfadh sé anois a bheith faoi réir athbhreithnithe inmheánaigh. Ba cheart go gcuirfí as an áireamh na forálacha a gceanglaítear go sainráite ina leith, le dlí an Aontais, bearta cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta. Dá réir sin, faoin sainmhíniú nua, d’fhéadfadh beart a bheith faoi réir athbhreithnithe inmheánaigh cibé a bhfuil nó nach bhfuil raon feidhme aonair nó ginearálta aige. Go dtí seo, níor áiríodh sa sainmhíniú ach gníomhartha a bhfuil raon feidhme aonair acu.

Gníomhartha a bhfuil bearta cur chun feidhme ag baint leo

Is é is aidhm do leathnú an tsainmhínithe na bearta neamhreachtacha a chomhfhreagraíonn do ‘gníomhartha rialála’ faoin gceathrú mír d’Airteagal 263 CFAE a chumhdach. Ar an gcaoi sin, baineann an leasú úsáid as gnéithe de chásdlí bunaithe 52 maidir le coincheap ‘gníomh rialúcháin’ faoi Airteagal 263 CFAE.

Faoin gceathrú mír d’Airteagal 263 CFAE, iad sin a bhfuil dhíreach acu leis, is féidir leo athbhreithniú breithiúnach a fháil ó CBAE faoi ghníomhartha rialála arna ghlacadh ag institiúidí agus comhlachas den Aontas Eorpach agus nach bhfuil bearta cur chun feidhme ag baint leo. Le cásdlí CBAE léiríodh, chun críocha an ceathrú mír d’Airteagal 263 CFAE, gur cuma an ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta a thógfar an beart cur chun feidhme 53 . Dheimhnigh an Chúirt freisin, chun críocha na féidearthachta nua sin arna tabhairt isteach ag Conradh Liospóin, cuimseoidh gníomhartha rialála gach gníomh a bhfuil feidhm ghinearálta leis ach amháin gníomhartha reachtacha 54 .

Dá réir sin, faoin Togra, na forálacha gníomhartha riaracháin sin a gceanglaítear go sainráite ina leith, le dlí an Aontais, bearta cur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta, ní bheadh siad faoi réir athbhreithnithe riaracháin. Maidir leis na forálacha sin, is féidir réiteach a lorg os comhair an dlínse náisiúnta, le rochtain breise ar CBAE faoi Airteagal 267 CFAE.

Chun comhsheasmhacht leis an gceathrú mír d’Airteagal 263 CFAE a áirithiú, d’fhéadfaí athbhreithniú ar na forálacha gníomhartha riaracháin sin a gceanglaítear go sainráite ina leith, le dlí an Aontais, bearta cur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta a iarraidh nuair a iarrtar athbhreithniú ar an beart cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais.

D’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, sonraítear go sonrach leis an sainmhíniú nua nach gcuirfear as an áireamh ó raon feidhme an athbhreithnithe inmheánaigh ach forálacha an ghnímh sin a gceanglaítear go sainráite ina leith, le dlí an Aontais, bearta cur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta. Chun a chinntiú cibé a bhfuil nó nach bhfuil an ceanglas sin ann, ní mór gan féachaint ar an ngníomh riaracháin mar ní iomlán, ach féachaint an bhfuil bearta cur chun feidhme i gceist le forálacha an ghnímh riaracháin a ndéanfar conspóid ina leith. Ní bhaineann sé le hábhar cibé a bhfuil nó nach bhfuil bearta chur chun feidhme i gceist le forálacha neamhghaolmhara an ghnímh riaracháin. I dtaca le roinnt forálacha maidir leis an ngníomh riaracháin atá faoi réir an athbhreithnithe riaracháin, d'fheadfadh cásanna a bheith ann ina mbeadh gá le bearta cur chun feidhme ach d'fhéadfadh forálacha eile a bheith infheidhme go díreach. Mar shampla, d’fhéadfadh cuid d'fhorálacha rialacháin ón gCoimisiún a bheith infheidhme go díreach, ach d’fhéadfadh ceanglas maidir le bearta cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta ag baint le cuid eile acu 55 .

I gcásanna dá leithéid, ina mbaineann an beart cur chun feidhme náisiúnta le forálacha inchonspóide an ghnímh riaracháin, is os comhair na dlínse náisiúnta, agus os a comhair sin amháin is féidir le ENRanna athbhreithniú ar an mbeart cur chun feidhme a iarraidh. Ar an gcaoi chéanna, i gcás ina mbaineann an beart cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais le forálacha inchonspóide an ghnímh riaracháin, ní mór de ENRanna fanacht go nglacfar an gníomh cur chun feidhme, nó, i gcás neamhghníomhartha, go dtí gur cheart é a ghlacadh. Os a choinne sin, mura mbaineann na bearta cur chun feidhme ach le forálacha neamhghaolmhara an ghnímh, is féidir forálacha an ghnímh riaracháin atá infheidhme go díreach a chonspóid san athbhreithniú riaracháin faoin Rialachán.

Dá thoradh sin, bheadh deiseanna éagsúla ag ENRanna gníomhartha a chur chun feidhme a bhfuil bearta cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais i gceist leo, ag brath ar na forálacha ar mian leo a chonspóid.

Bheadh de cheart ag ENRanna athbhreithniú inmheánach a iarraidh ar fhorálacha sin an ghnímh rialúcháin nach bhfuil bearta cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais i gceist leo.

Ó tharla go gcuirtear athbhreithniú inmheánach ar fáil, áfach, chun rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil a fheabhsú, lena leagtar síos a chóras réitigh in CFAE, agus i gcomhréir leis na deiseanna atá ar fáil faoi Airteagal 263 CFAE, ní bheadh de chumas ag ENRanna athbhreithniú inmheánach a iarraidh go díreach i gcoinne forálacha na ngníomhartha rialála a bhfuil bearta cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais i gceist leo.

Ina ionad sin, cosúil le haon duine aonair eile nó aon eagraíocht atá ag déanamh rochtain ar cheartas faoi Airteagal 263 CFAE, ní bheidh ar chumas ENRanna iarratas a chur isteach ach tráth níos faide anonn nuair a ghlacfar leis an ngníomh cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais i gceist 56 . Rud eile, an tráth sin, agus an tráth sin amháin, is féidir iarratas a chur isteach ar athbhreithniú a dhéanamh ar fhorálacha an ghnímh neamhreachtach a bhfuil an beart cur chun feidhme i gceist leo.

Tagairtí do dhlí an chomhshaoil

Leis an leasú, bainfear an frása ‘faoi dhlí an chomhshaoil’ ó shainmhíniú an ghnímh riaracháin. Ina ionad sin, beidh ceanglas ann go n‑áireofar leis an ngníomh riaracháin ‘forálacha a d’fhéadfadh, de dheasca a dtionchair, dlí an chomhshaoil a shárú de réir bhrí Airteagal 2(1)(f)’. Ba cheart an leasú sin a léamh in éineacht le hAirteagal 1(2) thíos, lena sonraítear nach féidir ach gníomhartha nó neamhghníomhartha a sháraíonn dlí an chomhshaoil a bheith faoi réir athbhreithnithe.

Leis an leasú cuirtear leis an gcásdlí infheidhme, lenar léirmhíníodh an fhoclaíocht mar atá sa Rialachán i bhfianaise cuspóirí an Choinbhinsiúin 57 . Cuirtear soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil ar fáil faoin bhfíoras go bhféadfar aon ghníomh riaracháin a bhfuil forálacha bainteach leis a d’fhéadfadh dlí comhshaoil an Aontais a shárú, go bhféadfar é a chonspóid, gan beann ar bhunús dlí an ghnímh ná ar chuspóir an bheartais, mar a cheanglaítear leis faoi Airteagal 9(3) den Choinbhinsiún.

An tráth céanna, coinnítear leis an sainmhíniú an nasc idir an gníomh riaracháin a bhfuil athbhreithniú iarrtha ina leith agus cuspóirí beartais um an gcomhshaol. Déantar é sin trí gan athbhreithniú inmheánach a cheadú ach do na gníomhartha a bhfuil forálacha iontu a d’fhéadfadh, de dheasca a dtionchair, dlí comhshaoil an Aontais a shárú de réir bhrí Airteagal 2(1)(f) den Rialachán.

Airteagal 1(2)

Tagairtí do dhlí an chomhshaoil

Amhail Airteagal 1(1), lena leasaítear an sainmhíniú ar ‘ghníomh riaracháin’, baintear leis an leasú sin an ceanglas ‘faoi dhlí an chomhshaoil’ freisin den chéad mhír d’Airteagal 10(1) den Rialachán. Soiléirítear leis an bhforáil nua nach mbeidh faoi réir iarratais le haghaidh athbhreithnithe ach na gníomhartha agus na neamhghníomhartha a sháraíonn dlí comhshaoil an Aontais. Dá bhrí sin, áirítear leis an leasú go gcomhfhreagraíonn foclaíocht an Rialacháin ceanglais Airteagal 9(3) den Choinbhinsiún.

Teorainneacha ama a fhadú

Le hAirteagal 1(2) leasaítear an dara mír d’Airteagal 10(1) d’fhonn an teorainn ama atá ar fáil de ENRanna chun athbhreithniú inmheánach a thabhairt isteach a fhadú ó sé seachtaine, mar atá faoi láthair, go dtí tréimhse mholta d’ocht seachtaine. Leasaítear leis Airteagal 10(2) freisin chun síneadh a chur leis an tréimhse ama atá ar fáil d’institiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh chun freagairt don iarratas tréimhse mholta de 16 seachtaine le haghaidh athbhreithniú inmheánach a chur in ionad na tréimhse 12 seachtaine atá ann faoi láthair.

Mar thoradh loighciúil ar an méid sin thuasluaite, le haghaidh cásanna nach bhfuil ar chumas institiúide nó comhlachta de chuid an Aontais Eorpaigh freagra a thabhairt laistigh de 16 seachtaine in ainneoin dícheall cuí a dhéanamh, le hAirteagal 1(2) leasaítear freisin an dara mír d’Airteagal 10(3) chun síneadh a chur leis an tréimhse ama iomlán atá ar fáil d’institiúidí nó comhlachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh chun freagairt ar iarratas tréimhse mholta 22 sheachtain le haghaidh athbhreithniú inmheánach a chur in áit na tréimhse 18 seachtaine atá ann faoi láthair.

Forálfar leis na leasuithe síneadh ama coicíse le haghaidh ENRanna agus síneadh ama ceithre seachtaine le haghaidh institiúidí nó comhlachtaí an Aontais Eorpaigh. Is é is aidhm don síneadh ama le haghaidh ENRanna feabhas a chur ar cháilíocht na n‑aighneachtaí, ach is é is aidhm don síneadh ama le haghaidh na n‑institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh, áfach, feabhas a chur ar cháilíocht agus doimhneacht an athbhreithnithe. Leis an am breise féadfar anailís níos doimhne a dhéanamh, agus ba cheart a bheith mar thoradh air sin bonn daingean fianaise agus réasúnaithe níos soiléire á gcur ar fáil i gcinneadh an athbhreithnithe inmheánaigh dheiridh. Dá bhrí sin, beidh tionchar ag an síneadh ama ar phrionsabal an dea-riaracháin agus feabhsófar muinín an phobail as próiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh.

2020/0289 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus ar chomhlachtaí Comhphobail

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 58 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 59 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is Páirtithe iad an tAontas agus a Bhallstáit i gCoimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (‘Coinbhinsiún Aarhus’) 60 , agus a oibleagáidí agus freagrachtaí dílse féin agus oibleagáidí agus freagrachtaí roinnte ag gach ceann acu faoin gCoinbhinsiún sin.

(2)Glacadh Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 61 d’fhonn rannchuidiú le cur chun feidhme na noibleagáidí a eascraíonn as Coinbhinsiún Aarhus trí rialacha a leagan síos maidir lena chur i bhfeidhm in institiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh.

(3)Ina Theachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus chuig Coiste na Réigiún an 11 Nollaig 2019, dar teideal ‘Comhaontú Glas don Eoraip’ tá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún go ndéanfadh sé a mharana maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 a athbhreithniú chun rochtain ar athbhreithniú riaracháin agus athbhreithniú breithiúnach ar leibhéal an Aontais a fheabhsú do shaoránaigh agus d’eagraíochtaí comhshaoil neamhrialtasacha a bhfuil imní orthu faoi comhoiriúnacht dhlí an chomhshaoil le cinntí a mbeidh éifeacht acu ar an gcomhshaol. Thug an Coimisiún gealltanas gníomhaíocht a dhéanamh chun a rochtain ar cheartas os comhair cúirteanna náisiúnta i ngach Ballstát a fheabhsú; chun na críche sin, d’eisigh sé Teachtaireacht maidir le ‘Rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil a fheabhsú san Aontas Eorpach agus na Ballstáit.’.

(4)Ag cur san áireamh forálacha Airteagal 9(3) de Choinbhinsiún Aarhus, chomh maith leis an imní a cuireadh in iúl ag an gCoiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus 62 , ba cheart dlí an Aontais a thabhairt i gcomhréir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil ar bhealach atá comhoiriúnach le prionsabail bhunúsacha dhlí an Aontais agus lena chóras athbhreithniú breithiúnach.

(5)Is é teorannú an athbhreithnithe inmheánaigh lena bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 do ghníomhartha riaracháin a bhfuil raon feidhme aonair acu an bac is mó roimh eagraíochtaí comhshaoil neamhrialtasacha atá ar lorg dul i muinín athbhreithniú inmheánach faoi Airteagal 10 den Rialachán sin chomh maith maidir le gníomhartha riaracháin a bhfuil raon feidhme níos leithne acu. Dá bhrí sin, is gá raon feidhme nós imeachta an athbhreithnithe inmheánaigh a leagtar síos sa Rialachán sin a leathnú chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil raon feidhme ginearálta acu a chur san áireamh.

(6)Ba cheart gníomhartha neamhreachtacha a áireamh sa sainmhíniú ar ghníomh riaracháin chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006. D’fhéadfadh a bheith i gceist le gníomh neamhreachtach, áfach, bearta cur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta ar féidir ENRanna cosaint dlí a fháil ina gcoinne, lena náirítear os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) trí nós imeachta um réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE. Dá bhrí sin, is iomchuí na forálacha gníomhartha neamhreachtacha sin a gceanglaítear ina leith, le dlí an Aontais, bearta cur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta a eisiamh ó raon feidhme an athbhreithnithe inmheánaigh.

(7)Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, chun aon fhorálacha a eisiamh ó choincheap an ghnímh riaracháin, ba cheart, maidir leis na forálacha sin, go gceanglófaí go sainráite ina leith, le dlí an Aontais, go nglacfar bearta cur chun feidhme.

(8)D’fhonn éifeachtacht a áirithiú, d’fhéadfaí athbhreithniú na bhforálacha gníomhartha riaracháin sin a gceanglaítear go sainráite ina leith, le dlí an Aontais, bearta cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais a lorg freisin nuair a iarrtar athbhreithniú an bhearta cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais.

(9)Cumhdaítear le raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1367/2006 gníomhartha a ghlacfar faoi dhlí an chomhshaoil. Os a choinne sin, cumhdaítear le hAirteagal 9(3) de Choinbhinsiún Aarhus agóidí i gcoinne gníomhartha a ‘sháraíonn’ an dlí i dtaca leis an gcomhshaol. Dá bhrí sin, is gá a shoiléiriú gur cheart athbhreithniú inmheánach a dhéanamh d’fhonn a dheimhniú cé acu an sáraíonn nó nach sáraíonn gníomh riaracháin dlí an chomhshaoil.

(10)Nuair atáthar ag measúnú an bhfuil forálacha ag baint le gníomh riaracháin a d’fhéadfadh, de dheasca a dtionchair, dlí an chomhshaoil a shárú, is gá a bhreithniú cibé acu an mbeidh éifeacht dhíobhálach ag forálacha den chineál sin nó nach mbeidh ar chuspóirí a bhaint amach a bhaineann le beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol a leagtar amach in Airteagal 191 CFAE. Mar thoradh air sin, ba cheart go gcumhdófaí le sásra an athbhreithnithe inmheánaigh gníomhartha arna ghlacadh i gcur chun feidhme beartas eile seachas beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol.

(11)D’fhonn dóthain ama a thabhairt chun próiseas athbhreithnithe ceart a dhéanamh, is iomchuí fadú a dhéanamh ar theorannacha ama a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1367/2006 maidir le hathbhreithniú riaracháin a iarraidh agus iad sin atá infheidhme maidir le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais chun freagra a thabhairt ar iarratas den chineál sin.

(12)De réir cásdlí CBAE 63 , ní mór d’eagraíochtaí comhshaoil neamhrialtasacha a iarrann athbhreithniú inmheánach ar ghníomh riaracháin fíorais nó argóintí dlíthiúla a chur chun cinn a bhfuil bunús leordhóthanach leo chun bheith ina gcúis amhrais thromchúisigh agus forais iarratais an athbhreithnithe á gcur in iúl.

(13)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, eadhon rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus, a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, agus ó tharla nach féidir iad a bhaint amach ach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(14)Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (An Chairt), go háirithe an ceart chun dea-riaracháin (Airteagail 41) agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus chun triail chóir a fháil (Airteagal 47). Rannchuidítear leis an Rialachán seo le héifeacht chórais an Aontais maidir le hathbhreithniú riaracháin agus athbhreithniú breithiúnach, agus dá thoradh sin, neartaítear leis cur i bhfeidhm Airteagail 41 agus 47 den Chairt agus ar an gcaoi sin rannchuidítear leis an smacht reachta a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

(15)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 a leasú dá réir sin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 mar a leanas:

1.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2(1)(g):

‘(g) ciallaíonn ‘gníomh riaracháin’ aon ghníomh neamhreachtach a ghlacann institiúid nó comhlacht an Aontais, a bhfuil éifeachtaí seachtracha aige atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena bhfuil forálacha a fhéadfaidh, de bharr a néifeachtaí, dlí an chomhshaoil a shárú laistigh de bhrí pointe (f) d’Airteagal 2(1), ach amháin forálacha an ghnímh sin a gceanglaítear leo go sainráite, de réir dlí an Aontais, bearta cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta;’

2.Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1.    Tá aon eagraíocht neamhrialtasach a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 11 i dteideal athbhreithniú inmheánach a iarraidh ar an institiúid nó comhlacht an Aontais a bhfuil gníomh riaracháin glactha aige, nó i gcás neamhghníomh riaracháin líomhnaithe, ar cheart dó gníomh den chineál sin a ghlacadh, ar fhorais go sáraíonn gníomh nó neamhghníomh den chineál sin dlí an chomhshaoil.

I gcás ina bhfuil gníomh riaracháin ina bheart cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais a éilítear le gníomh neamhreachtach eile, féadfaidh an eagraíocht neamhrialtasach athbhreithniú ar fhoráil an ghnímh neamhreachtaigh a iarraidh, gníomh a bhfuil beart cur chun feidhme á éileamh tráth a iarrtar athbhreithniú an bhearta cur chun feidhm sin.

Ní mór iarraidh den chineál sin a dhéanamh i scríbhinn agus laistigh de thréimhse ama nach faide ná ocht seachtaine tar éis an gníomh riaracháin a ghlacadh, a fhógairt nó a fhoilsiú, cibé acu is déanaí, nó, i gcás neamhghníomh líomhnaithe, ocht seachtaine tar éis an dáta a rinneadh an gníomh riaracháin a cheangal. Cuirfear in iúl leis an iarraidh forais an athbhreithnithe.

2.    Déanfaidh institiúid nó comhlacht an Aontais dá dtagraítear i mír 1 aon iarraidh den chineál sin a mheas, ach amháin i gcás ina bhfuil sé soiléir nach bhfuil bunús ar bith leis. Cuirfidh institiúid nó comhlacht an Aontais na cúiseanna leis an bhfreagra i scríbhinn a luaithe agus is féidir ach tráth nach déanaí ná 16 seachtaine tar éis an iarraidh sin a fháil.’

(b)i mír 3, cuirtear an méid a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Cibé scéal é, gníomhóidh institiúid nó comhlacht an Aontais laistigh de 22 sheachtain ón iarraidh a fháil.’

3.Ar fud théacs an Rialacháin, in ionad tagairtí d'fhorálacha den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, cuirtear tagairtí do na forálacha comhfhreagracha den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus cuirtear i bhfeidhm aon athruithe gramadaí is gá.

4.Ar fud théacs an Rialacháin, lena náirítear an teideal, cuirtear an focal ‘Aontas’ in áit an fhocail ‘Comhphobal’ agus cuirtear i bhfeidhm aon athruithe gramadaí is gá.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip COM/2019/640 final.
(2)    Tuairim ón Abhcóide Ginearálta Sharpston a tugadh an 12 Deireadh Fómhair 2017 i gCás C‑664/15, Protect Natur, ECLI:EU:C:2017:760, mír 77.
(3)    Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm i dtaca le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail, IO L 264, 25.9.2006, lgh. 13-19.
(4)    Coinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar chearta i gcúrsaí comhshaoil.
(5)    Cásanna Uamtha C-401/12 P go C-403/12 P, an Chomhairle agus an Coimisiún v Vereniging Milieudefensie, EU:C:2015:4, mír 60; Cásanna Uamtha C-404/12 P agus C-405/12 P, an Chomhairle agus an Coimisiún v Stichting Natuur en Milieu, EU:C:2015:5, mír 52.
(6)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíochta agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil a fheabhsú san Aontas Eorpach agus sna Ballstáit. [Add COM ref once available.]
(7)    2005/370/CE: Cinneadh ón gComhairle an 17 Feabhra 2005 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Coinbhinsiún maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil, IO L 124, 17.5.2005, lgh. 1-3.
(8)    Féach https://www.unece.org/env/pp/compliance/Compliancecommittee/32TableEC.html
(9)    Cinneadh (AE) 2018/881 ón gComhairle an 18 Meitheamh 2018 lena n-iarrtar ar an gCoimisiún staidéar a thíolacadh faoi roghanna an Aontais maidir le haghaidh a thabhairt ar thorthaí an Choiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus i gcás ACCC/C/2008/32 agus, más iomchuí i bhfianaise thorthaí an staidéir, togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006, ST/9422/2018/INIT, IO L 155, 19.6.2018, lgh. 6-7.
(10)    Staidéar ar chur chun feidhme Choinbhinsiún Aarhus ag an Aontas Eorpach i réimse na rochtana ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil, Tuarascáil deiridh, Meán Fómhair 2019, 07.0203/2018/786407/SER/ENV.E.4.
(11)    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, Tuarascáil ar chur chun feidhme Choinbhinsiún Aarhus ag an Aontas Eorpach i réimse na rochtana ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil, SWD (2019)378 final.
(12)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (2019/2956(RSP)).
(13)    Féach, go háirithe, an Staidéar, roinn 3.2.3.1.
(14)    Ceadaítear agóidí in aghaidh neamhghníomhartha faoi Airteagal 10 den Rialachán freisin. Soiléirítear in Aithris 11 go ‘mba cheart neamhghníomhartha a chumhdach i gcás ina bhfuil oibleagáid ann gníomh a ghlacadh’.
(15)    Chun tacaíocht a thabhairt chun go gcosnófar an ceart atá ag gach duine, anois agus sna blianta atá le teacht, maireachtáil i dtimpeallacht a oireann dá shláinte agus dá fholláine, ráthóidh gach Páirtí na cearta um rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil i gcomhréir le forálacha an Choinbhinsiúin seo.’ (Fo-líniú curtha isteach).
(16)    Cinneadh 2005/370/CE ón gComhairle an 17 Feabhra 2005 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Coinbhinsiún maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil, IO L 124, 17.5.2005, lgh. 1-3.
(17)    Athrú aeráide a chomhrac’, a luaitear in Airteagal 191 CFAE ina leagtar amach cuspóirí bheartas comhshaoil an Aontais, agus ar cheart a mheas mar chuid den sainmhíniú.
(18)    Féach breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 12 Meán Fómhair 2019 i gCás C-82/17 P, TestBioTech v an Coimisiún, ECLI:EU:C:2019:719, ag mír 69.
(19)    In Airteagal 2(4), sainmhínítear ‘an pobal’ mar ‘dhuine nádúrtha nó dlítheanach amháin nó níos mó, agus, i gcomhréir le reachtaíocht nó cleachtas náisiúnta, a gcomhlachais, a n-eagraíochtaí nó a ngrúpaí’.
(20)    In Airteagal 9(3) den Choinbhinsiún, foráiltear go ndéanfaidh ‘...gach Páirtí sa Choinbhinsiún a áirithiú, i gcás ina gcomhlíonann siad na critéir, más ann dóibh, a leagtar síos sa dlí náisiúnta, go mbeidh rochtain ag an bpobal ar nósanna imeachta riaracháin nó breithiúnacha chun agóid a dhéanamh in aghaidh gníomhartha agus neamhghníomhartha daoine príobháideacha agus údarás poiblí a sháraíonn forálacha an dlí náisiúnta i ndáil leis an gcomhshaol’ (fo-líniú curtha isteach).
(21)    Féach Airteagal 9(2) den Choinbhinsiún go háirithe.
(22)

   Faoin gceathrú mír d'Airteagal 263 CFAE, ní raibh ENRanna in ann cúram díreach a léiriú go dtí seo, agus, dá bhrí sin, ní raibh siad in ann imeachtaí a thionscnamh in aghaidh gníomh riaracháin os comhair CBAE go díreach. Dá bhrí sin, cuirtear athbhreithniú riaracháin ar fáil do ENRanna faoi Airteagal 10 den Rialachán. Dá réir sin, faoi Airteagal 12 den Rialachán, i gcás ENR a d'iarr an t-athbhreithniú inmheánach de bhun Airteagal 10, féadfaidh an eagraíocht sin imeachtaí a thionscnamh os comhair CBAE ina dhiaidh sin.

(23)    Féach an Tuairim ón Abhcóide Ginearálta Sharpston a tugadh an 12 Deireadh Fómhair 2017 i gCás C‑664/15, Protect Natur, ECLI:EU:C:2017:760, mír 77, a luaitear ar leathanach 1 den Mheabhrán Míniúcháin seo.
(24)    Féach torthaí ón gCoiste i gcás ACCC/C/2005/11 (an Bheilg), mar a luaitear ar leathanach 191 den Treoirleabhar um Chur Chun Feidhme Choinbhinsiún Aarhus.
(25)    Féach an Tuarascáil, cuid 4.2.
(26)    Féach na Torthaí, Cuid II, a luaitear thuas, ó mhír 102 ar aghaidh.
(27)    Cás C-583/11 P, ECLI:EU:C:2013:625, mír 56.
(28)    Féach SWD (2019) 378 final, lgh. 23-24.
(29)    Torthaí ACCC i gcás ACCC/2008/32, cuid II, arna lua, i mír. 122.
(30)    I gcás 22/70 An Coimisiún v an Comhairle [1971] ECR 263, ECLI:EU:C:1971:32, chinn an Chúirt nach mór caingean le haghaidh neamhniú a bheith ar fáil i gcás gach birt a ghlac na hinstitiúidí a d'fhéadfadh éifeachtaí dlíthiúla a bheith ag gabháil leo, gan beann ar a gcineál ná ar a bhfoirm (mír 42). Féach freisin cás C-57/95. ECLI:EU:C:1997:164.
(31)    Féach an breithiúnas i gCás C-325/91 an Fhrainc v an Coimisiún [1993] ECR I-3283; Cásanna Uamtha 1/57 agus 14/57 Usines à tubes de la Sarre v an tArd Údarás [1957] ECR 105; Cásanna Uamtha 316/82 agus 40/83 Kohler v an Chúirt Iniúchóirí [1984] ECR 641.
(32)    Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle, IO L 41, 14.2.2003, lch 26–32.
(33)    Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas IO L 143, 30.4.2004, lgh. 56-75.
(34)    Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú), IO L 334, 17.12.2010, lgh. 17-119.
(35)    Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí atá ag tionscadail phoiblí agus phríobháideacha áirithe i ndáil leis an gcomhshaol, IO L 26, 28.1.2012, lgh. 1-21.
(36)    Treoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le rialú guaiseacha mórthionóiscí a bhaineann le substaintí contúirteacha, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 96/82/CE ón gComhairle IO L 197, 24.7.2012, lgh 1-37.
(37)

   Féach freisin aithris 27 den Treoir maidir le hUasteorainneacha Astaíochtaí Náisiúnta, (AE) 2016/2284, ina ndéantar tagairt shonrach do chásdlí CBAE maidir le rochtain ar an gceartas, faoi mhír 28 den Fhógra ón gCoimisiún maidir le rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil, C/2017/2616 IO C 275, 18.8.2017, lgh. 1–39.

(38)    Treoirlínte polaitiúla an Choimisiúin, https://ec.europa.eu/commission/sites/beta-political/files/political-guidelines-next-commission_en.pdf  
(39)

   Tá sé suntasach nach luaitear Airteagal 192(1) faoi Airteagal 106a(1) de Chonradh Euratom, a bhaineann le cur i bhfeidhm fhorálacha áirithe CAE agus CFAE. Féach freisin Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 27 Feabhra 2018 i gcásanna T-307/16 - CEE ECLI:EU:T:2018:97, mír 49.

(40)    Tuairim 1/09 na Cúirte (Cúirt Iomlán) an 8 Márta 2011, de bhun Airteagal 218(11) CFAE, Córas dlíthíochta paitinní aontaithe a chruthú, ECLI:EU:C:2011:123, mír 80.
(41)     https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/1743-EU-implementation-of-the-Aarhus-Convention-in-the-area-of-access-to-justice-in-environmental-matters .
(42)    Tá na torthaí ar fáil ar líne ag https://ec.europa.eu/environment/aarhus/consultations.htm .
(43)    Tá níos mó mionsonraí maidir leis an gcomhairliúchán oscailte poiblí ar fáil sa staidéar.
(44)    Miontuairiscí ar fáil in Iarscríbhinn 6 a ghabhann leis an staidéar.
(45)    Trí chruinniú le Grúpa Saineolaithe an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme Aarhus (15 Deireadh Fómhair 2018, 11 Márta 2019 agus 12 Aibreán 2019).
(46)    Ar fáil ar líne ag: https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/12165-Access-to-Justice-in-Environmental-matters
(47)    Féach go háirithe ról an Choiste um Achainíocha i bParlaimint na hEorpa, an tOmbudsman Eorpach agus an sásra láimhseála le haghaidh gearáin an Choimisiúin Eorpaigh.
(48)    Féach dréacht-thorthaí an Choiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus i gcás ACCC/C/2008/32 ag https://www.unece.org/env/pp/compliance/Compliancecommittee/32TableEC.html ; tá tuilleadh sonraí le fáil i roinn I den Mheabhrán Míniúcháin.
(49)    Féach https://www.unece.org/env/pp/compliance/Compliancecommittee/32TableEC.html
(50)    Comhaontú idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le reachtóireacht níos fearr IO L 123, 12.5.2016, lgh. 1–14.
(51)    Féach breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 15 Nollaig 2016 i gCás T-177/13. ECLI:EU:T:2016:736, míreanna 52-55 (mar a sheas an Chúirt Bhreithiúnais leis an mbreithiúnas an 12 Meán Fómhair 2019 i gCás C-82/17 P, TestBioTech v an Coimisiún, ECLI:EU:C:2019:719).
(52)    Féach bhreithiúnas i gCásanna Uamtha C-622/16P go C-624/16P, Montessori, ECLI:EU:C:2018:873, míreanna 28 agus 29.
(53)    Breithiúnas i gCás C-456/13 P,T & L Sugars et Sidul Açúcares v An Coimisiún, EU:C:2015:284, mír 30.
(54)

   Breithiúnas i gCásanna Uamtha C-622/16P go C-624/16P, Montessori, ECLI:EU:C:2018:873.

(55)

   Breithiúnas ón gCúirt (an Mór-Dhlísheomra) an 19 Nollaig 2013 i gCás Telefónica v An Coimisiún, C-274/12 P, EU:C:2013:852.

(56)    Is é is cúis leis sin forálacha na ngníomhartha rialála a bhfuil bearta cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais i gceist leo, ní bheadh siad inchonspóide go díreach os comhair CBAE. Dá bhrí sin, níor mhór do na ENRanna (amhail aon duine aonair nó aon eagraíocht eile) fanacht go nglacfar an beart cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais agus ansin an beart cur chun feidhme a chonspóid os comhair na Cúirte Ginearálta, má éiríonn leo a léiriú go bhfuil seasamh acu.
(57)    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Márta 2018 i gCás T-33/16, TestBioTech v An Choimisiún, ECLI:EU:T:2018:135, míreanna 44 go 46.
(58)    IO C , , lch. .
(59)    IO C , , lch. .
(60)    Cinneadh 2005/370/CE ón gComhairle an 17 Feabhra 2005 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Choinbhinsiúin maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirteachas an phobail sa phróiseas cinnteoireachta agus rochtain ar cheartas in ábhair chomhshaoil (IO L 124, 17.5.2005, lch. 1).
(61)    Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail (IO L 264, 25.9.2006, lch. 13).
(62)    Féach torthaí an Choiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus i gCás ACCC/C/2008/32 ag https://www.unece.org/env/pp/compliance/Compliancecommittee/32TableEC.html .
(63)    Breithiúnas na Cúirte Bhreithiúnais an 12 Meán Fómhair 2019 i gCás C-82/17 P, TestBioTech v An Coimisiún, ECLI:EU:C:2019:719, i mír 69.
Top