Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0636

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Mheitheal Chomhairleach Chomhpháirteach arna bunú leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, i dtaca le glacadh a cuid rialacha nós imeachta féin

COM/2020/636 final

An Bhruiséil,8.10.2020

COM(2020) 636 final

2020/0285(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Mheitheal Chomhairleach Chomhpháirteach arna bunú leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, i dtaca le glacadh a cuid rialacha nós imeachta féin


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Molann an Coimisiún go mbunóidh an Chomhairle an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Mheitheal Chomhairleach Chomhpháirteach arna bunú leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’), i dtaca le cinneadh ón Meitheal Chomhairleach Chomhpháirteach chun a cuid rialacha nós imeachta féin a ghlacadh.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

Leagtar amach leis an gComhaontú um Tharraingt Siar na socruithe maidir le tarraingt siar rianúil Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (‘an Ríocht Aontaithe’) as an Aontas Eorpach (‘an tAontas’) agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach. Tháinig an Comhaontú sin i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020.

2.2.An Mheitheal Chomhairleach Chomhpháirteach

Bunaíodh an Mheitheal Chomhairleach Chomhpháirteach (‘an mheitheal’) faoi Airteagal 15(1) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar (‘an Prótacal’), chun fóram a chur ar fáil le haghaidh malartú faisnéise agus comhairliúchán frithpháirteach maidir le cur chun feidhme an Phrótacail.

Ionadaithe ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe atá sa mheitheal agus cuireann sí a feidhmeanna i gcrích faoi mhaoirseacht an Choiste Speisialaithe um shaincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail arna bhunú faoi Airteagal 165 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, agus is don Choiste sin a ndéanann an mheitheal tuairisciú.

Níl aon chumhacht ag an meitheal cinntí ceangailteacha a dhéanamh cé is moite den chumhacht a cuid rialacha nós imeachta féin a ghlacadh.

Laistigh den mheitheal:

a)bíonn faisnéis á malartú go tráthúil idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe faoi bhearta ábhartha cur chun feidhme atá beartaithe, atá fós ar siúl agus atá críochnaitheach, maidir leis na gníomhartha de chuid an Aontais a liostaítear sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal;

b)cuireann an tAontas an Ríocht Aontaithe ar an eolas faoi ghníomhartha beartaithe de chuid an Aontais atá faoi raon feidhme an Phrótacail sin, lena n‐áirítear gníomhartha de chuid an Aontais lena leasaítear nó lena n‑ionadaítear na gníomhartha de chuid an Aontais a liostaítear sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal;

c)cuireann an tAontas gach faisnéis a mheasann an tAontas a bheith ábhartha ar fáil don Ríocht Aontaithe chun gur féidir leis an Ríocht Aontaithe a hoibleagáidí faoin bPrótacal a chomhlíonadh go hiomlán; agus

d)cuireann an Ríocht Aontaithe gach faisnéis ar fáil don Aontas ar faisnéis í a cheanglaítear ar Bhallstáit a thabhairt dá chéile nó d'institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais de bhun na ngníomhartha de chuid an Aontais a liostaítear sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal.

Is comhchathaoirligh ar an meitheal iad an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Beidh cruinniú ag an meitheal uair amháin sa mhí ar a laghad ó dheireadh na hidirthréimhse amach, mura rud é go gcinnfidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a mhalairt de chomhthoil. I gcás inar gá, féadfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe faisnéis dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) thuasluaite a mhalartú sa tréimhse idir na cruinnithe.

Áirithíonn an tAontas go ndéantar gach tuairim a luann an Ríocht Aontaithe sa mheitheal agus gach faisnéis a chuireann an Ríocht Aontaithe ar fáil trí bhíthin na meithle, lena n‐áirítear sonraí teicniúla agus eolaíocha, a chur in iúl d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais gan moill mhíchuí.

2.3.An cinneadh ón meitheal atá beartaithe

De bhun Airteagal 15(6) den Phrótacal, glacfaidh an mheitheal a cuid rialacha nós imeachta féin de chomhthoil.

Is é is aidhm don chinneadh ón meitheal atá beartaithe, an cinneadh sin ar ceart seasamh an Aontais a bhunú i ndáil leis, go nglacfaidh an mheitheal a cuid rialacha nós imeachta féin.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Chun go bhfeidhmeoidh an mheitheal mar is ceart, tá gá le rialacha nós imeachta a chumhdóidh, i measc nithe eile, ainmniú na gcomhchathaoirleach, comhdhéanamh na rúnaíochta, malartú faisnéise maidir le comhdhéanamh na dtoscaireachtaí, an áit ar cheart don chruinniú a bheith ar siúl, láimhseáil na ndoiciméad agus an chomhfhreagrais, tarraingt suas an chláir oibre agus na miontuairiscí, rúndacht agus teanga oibre an chruinnithe, maille leis na costais a ghearrfar ar na toscaireachtaí.

I bhfianaise chuspóir agus chomhdhéanamh na meithle agus an chaidrimh idir í agus an Coiste Speisialaithe um shaincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail, ba cheart na rialacha sin a bheith cosúil, a mhéid is féidir, leis na rialacha nós imeachta a bhaineann leis na Coistí Speisialaithe arna mbunú faoi Airteagal 165 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, mar a fhoráiltear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar.

Dá bhrí sin, ba cheart gurbh é atá i seasamh an Aontais tacaíocht a thabhairt don chinneadh ón meitheal de bhun Airteagal 15(6) den Phrótacal, lena mbunaítear a leithéid de rialacha nós imeachta chun a hobair a rialú, i gcomhréir leis an dréachtchinneadh atá ceangailte leis an togra seo.

4.Bunús dlí

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí ón gComhairle lena leagtar síos ‘na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Is gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis atá sa chinneadh a iarrtar ar an meitheal a ghlacadh.

Leis an ngníomh atá beartaithe, ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.

An t‑aon chuspóir amháin atá ag an ngníomh atá beartaithe, agus an t‑aon ábhar amháin atá ann, baineann siad le seasamh an Aontais a shocrú i leith rialacha nós imeachta atá ag comhlacht a bunaíodh faoin gComhaontú um Tharraingt Siar, agus a ghlacfaidh, de bhun an Chomhaontaithe sin, a chuid rialacha nós imeachta féin de chomhthoil. Is ar Airteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach a bunaíodh tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe.

Ba cheart Airteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith ina bhunús dlíthiúil leis an gcinneadh atá beartaithe.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Ós rud é gurb é cuspóir an chinnidh seo ón meitheal a cuid rialacha nós imeachta féin a ghlacadh, cosúil le rialacha nós imeachta an Chomhchoiste agus na gCoistí Speisialaithe dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, is iomchuí an cinneadh ón meitheal a fhoilsiú, lena n‑áirítear na rialacha nós imeachta, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, tar éis a ghlactha.

2020/0285 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Mheitheal Chomhairleach Chomhpháirteach arna bunú leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, i dtaca le glacadh a cuid rialacha nós imeachta féin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 50(2) de, 

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tugadh i gcrích an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’) le Cinneadh (AE) 2020/135 1 ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020.

(2)Bunaíodh an Mheitheal Chomhairleach Chomhpháirteach (‘an mheitheal’) faoi Airteagal 15(1) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar (‘an Prótacal’), chun go mbeadh an mheitheal ina fóram le haghaidh malartú faisnéise agus comhairliúchán frithpháirteach maidir le cur chun feidhme an Phrótacail.

(3)De bhun Airteagal 15(2) den Phrótacail, is ionadaithe ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe a bheidh sa mheitheal agus cuirfidh sí a feidhmeanna i gcrích faoi mhaoirseacht an Choiste Speisialaithe um shaincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail arna bhunú faoi Airteagal 165(1)(c) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, agus is don choiste sin a ndéanfaidh an mheitheal tuairisciú.

(4)De bhun Airteagal 15(6) den Phrótacal, glacfaidh an mheitheal a cuid rialacha nós imeachta féin de chomhthoil.

(5)I bhfianaise chuspóir agus chomhdhéanamh na meithle agus an chaidrimh idir í agus an Coiste Speisialaithe um shaincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail, ba cheart na rialacha nós imeachta a bheith cosúil, a mhéid is féidir, leis na rialacha nós imeachta a bhaineann leis na Coistí Speisialaithe arna mbunú faoi Airteagal 165(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, mar a fhoráiltear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar.

(6)Is iomchuí, dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa mheitheal a shocrú.

(7)Ionas go mbeifear in ann na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur i bhfeidhm go tráthúil, ba cheart an Cinneadh a theacht i bhfeidhm ar an dáta a ghlacfar é,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is ar an dréachtchinneadh ón meitheal atá i gceangal leis an gCinneadh seo a bhunófar an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa mheitheal arna bunú le hAirteagal 15(1) den Phrótacal, maidir le cinneadh atá le glacadh i gcomhréir le hAirteagal 15(6) de.

Airteagal 2

Foilseofar an cinneadh ón meitheal in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. 

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an dáta a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

Cinneadh Uimh. …/2020 ón Meitheal Chomhairleach Chomhpháirteach arna bunú leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire Agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

maidir le …

a cuid rialacha nós imeachta féin a ghlacadh 

AN MHEITHEAL CHOMHAIRLEACH CHOMHPHÁIRTEACH,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach 2 (an ‘Comhaontú um Tharraingt Siar’), agus go háirithe Airteagal 15(6) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar (an Prótacal),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)De bhun Airteagal 15(6) den Phrótacal, glacfaidh an Mheitheal Chomhairleach Chomhpháirteach (‘an mheitheal’) a cuid rialacha nós imeachta féin de chomhthoil.

(2)I bhfianaise chuspóir agus chomhdhéanamh na meithle agus an chaidrimh idir í agus an Coiste Speisialaithe um shaincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail, ba cheart na rialacha sin a bheith cosúil, a mhéid is féidir, leis na rialacha nós imeachta a bhaineann leis na Coistí Speisialaithe arna mbunú faoi Airteagal 165 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, mar a fhoráiltear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is faoi na rialacha nós imeachta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a rialófar obair na Meithle Comhairlí Comhpháirtí arna bunú le hAirteagal 15(1) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Thuaisceart Éirinn a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa …,

An Mheitheal Chomhairleach Chomhpháirteach 

Na Comhchathaoirligh



IARSCRÍBHINN

RIALACHA NÓS IMEACHTA NA MEITHLE COMHAIRLÍ COMHPHÁIRTÍ

Riail 1

An Cathaoirleach

1.    Déanfaidh ionadaithe arna n‐ainmniú ag an gCoimisiún Eorpach agus ag Rialtas na Ríochta Aontaithe comhchathaoirleacht ar an Meitheal Chomhairleach Chomhpháirteach (‘an mheitheal’). Tabharfaidh an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe fógra i scríbhinn dá chéile maidir leis na hionadaithe ainmnithe.

2.    Féadfar ionadaí malartach ainmnithe a chur in ionad comhchathaoirligh ag cruinniú nach féidir leis an gcomhchathaoirleach sin freastal air. Déanfaidh ionadaí malartach arna ainmniú ag an gCoimisiún Eorpach nó ag Rialtas na Ríochta Aontais an t‑ainmniú sin a chur in iúl i scríbhinn don chomhchathaoirleach eile agus do Rúnaíocht na meithle a luaithe is féidir.

3.    Déanfaidh ionadaí malartach ainmnithe an chomhchathaoirligh cearta an chomhchathaoirligh a fheidhmiú de réir na hainmníochta. Aon tagairt sna Rialacha Nós Imeachta seo do na comhchathaoirligh, tuigfear go n‐áirítear inti ionadaí malartach ainmnithe.

Riail 2

An Rúnaíocht

Oifigeach ón gCoimisiún Eorpach agus oifigeach ó Rialtas na Ríochta Aontaithe a bheidh i Rúnaíocht na meithle (‘an Rúnaíocht’). Feidhmeoidh an Rúnaíocht, faoi údarás na gcomhchathaoirleach, na cúraimí arna gcur uirthi leis na Rialacha Nós Imeachta seo.

Riail 3

Rannpháirtíocht i gcruinnithe

1.    Roimh gach cruinniú, cuirfidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe comhdhéanamh beartaithe na dtoscaireachtaí in iúl dá chéile tríd an Rúnaíocht.

2.    I gcás inarb iomchuí agus le cinneadh ó na comhchathaoirligh, féadfar cuireadh a thabhairt do shaineolaithe nó do dhaoine eile nach comhaltaí toscaireachta iad freastal ar chruinnithe de chuid na meithle d’fhonn faisnéis a chur ar fáil faoi ábhar áirithe.

Riail 4

Cruinnithe

1.    Reáchtálfaidh an mheitheal a cruinnithe ar bhonn idirmhalartach sa Bhruiséil agus sa Ríocht Aontaithe, mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt.

2.    De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na comhchathaoirligh a chinneadh go reáchtálfar cruinniú de chuid na meithle trí fhíschomhdháil nó trí theileachomhdháil.

3.    Reáchtálfaidh an Rúnaíocht gach cruinniú den mheitheal ar dháta agus in áit a gcinnfidh na comhchathaoirligh. I gcás ina mbeidh iarraidh ar chruinniú déanta ag an Aontas nó ag an Ríocht Aontaithe, déanfaidh an mheitheal iarracht teacht le chéile laistigh de 15 lá ó dháta na hiarrata sin. I gcás práinne déanfaidh sí iarracht teacht le chéile níos luaithe ná sin.

Riail 5

Doiciméid

Na doiciméid i scríbhinn a mhalartófar go hoifigiúil laistigh den mheitheal, ag cruinnithe nó lasmuigh de chruinnithe, déanfaidh an Rúnaíocht iad a uimhriú agus a scaipeadh ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe mar dhoiciméid de chuid an meithle.

Riail 6

Comhfhreagras

1.    Comhfhreagras ón Aontais agus ón Ríocht Aontaithe atá dírithe ar an meitheal, seolfar chuig an Rúnaíocht é. Féadfar an comhfhreagras sin a sheoladh in aon fhoirm chumarsáide scríofa, lena n‑áirítear ríomhphost.

2.    Áiritheoidh an Rúnaíocht go ndéanfar comhfhreagras atá dírithe ar an meitheal a chur ar aghaidh chuig na comhchathaoirligh agus go ndéanfar é a scaipeadh, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le Riail 5.

3.    Déanfar an comhfhreagras uile ó na comhchathaoirligh nó a bheidh dírithe orthu a chur ar aghaidh chuig an Rúnaíocht agus déanfar é a scaipeadh, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le Riail 5.

Riail 7

An clár oibre do na cruinnithe

1.    Dréachtóidh an Rúnaíocht dréachtchlár oibre sealadach le haghaidh gach cruinnithe. Déanfar é a tharchur, i dteannta na ndoiciméad ábhartha, chuig na comhchathaoirligh tráth nach déanaí ná 5 lá roimh dháta an chruinnithe.

2.    Áireofar sa chlár oibre sealadach na hítimí sin ar iarr an tAontas nó an Ríocht Aontaithe iad a áireamh sa chlár oibre. Déanfar aon iarraidh den sórt sin, i dteannta na ndoiciméad ábhartha, a chur chuig an Rúnaíocht tráth nach déanaí ná 7 lá roimh thús an chruinnithe.

3.    Socróidh na comhchathaoirligh, tráth nach déanaí ná 3 lá roimh dháta an chruinnithe, an clár oibre sealadach le haghaidh an chruinnithe sin. Féadfaidh siad a chinneadh go mbeidh an clár oibre sealadach sin, nó aon chuid de, ar fáil go poiblí roimh thús an chruinnithe.

4.    Glacfaidh an mheitheal an clár oibre ag tús gach cruinnithe. Arna iarraidh sin don Aontas nó don Ríocht Aontaithe féadfar ítim seachas na cinn atá ar an gclár oibre sealadach a chur leis an gclár oibre le cinneadh ón meitheal.

5.    I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh na comhchathaoirligh a chinneadh go ndéanfar maolú ar na teorainneacha ama a shonraítear i míreanna 1 go 3.

Riail 8

Miontuairiscí

1.    Dréachtóidh an Rúnaíocht dréacht‑mhiontuairiscí ar gach cruinniú, laistigh de 5 lá ó dheireadh an chruinnithe, mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt. Ullmhóidh an Rúnaíocht achoimre ar na miontuairiscí freisin.

2.    Tabharfar achoimre sna miontuairiscí, go hiondúil, ar gach ítim atá ar an gclár oibre, agus sonrófar an méid seo a leanas iontu, i gcás inarb infheidhme:

(a)    na doiciméid arna gcur faoi bhráid na meithle;

(b)    aon ráiteas ar iarr duine de na comhchathaoirligh é a chur leis na miontuairiscí; agus

(c)    agus conclúidí oibríochtúla arna nglacadh maidir le hítimí ar leith.

3.    Áireofar sna miontuairiscí liosta ar a mbeidh ainmneacha, teidil agus an bonn ar a raibh an duine i láthair maidir le gach duine a bhí i láthair ag an gcruinniú.

4.    Féadfaidh na comhchathaoirligh leasú ar na dréachtmhiontuairiscí nó ar an achoimre a iarraidh laistigh de 5 lá tar éis a scaipthe ag an Rúnaíocht, i gcomhréir le mír 1. Measfar na miontuairiscí agus an achoimre a bheith formheasta ag na comhchathaoirligh tar éis dheireadh na tréimhse sin murar iarradh aon leasuithe. Má iarrann comhchathaoirligh go ndéanfar leasú laistigh den tréimhse sin, measfar na miontuairiscí agus an achoimre a bheith formheasta tar éis don chomhchathaoirleach eile glacadh leis an leasú a iarradh.

5.    Nuair a fhormheasfar na miontuairiscí, déanfaidh comhaltaí na Rúnaíochta cóipeanna leictreonacha díobh a shíniú agus a thraschur chuig an Aontas agus chuig an Ríocht Aontaithe maille leis an gCoiste Speisialaithe um shaincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann. Féadfaidh na comhchathaoirligh a chinneadh ansin achoimre na miontuairiscí a chur ar fáil don phobal.

Riail 9

Cinntí

1.    Is de chomhthoil a ghlacfar cinntí na gcomhchathaoirleach dá bhforáiltear sna rialacha nós imeachta seo.

2.    Sa tréimhse idir na cruinnithe, féadfaidh na comhchathaoirligh cinntí den sórt sin a ghlacadh le cumarsáid scríofa trí idirmhalartú nótaí leictreonacha idir na comhchathaoirligh. Cuirfidh an Rúnaíocht na páirtithe ar an eolas faoi aon chinneadh den sórt sin ó na comhchathaoirligh.

Riail 10

Rúndacht

1.    Mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt, beidh cruinnithe na meithle faoi rún.

2.    I gcás ina ndéanfaidh an tAontas nó an Ríocht Aontaithe faisnéis a chuir faoi bhráid na meithle, agus go measfar an fhaisnéis sin a bheith rúnda nó cosanta ar nochtadh faoi dhlíthe agus rialacháin an Aontais nó na Ríochta Aontaithe, is mar fhaisnéis rúnda a láimhseálfaidh an páirtí eile an fhaisnéis sin.

Riail 11

Teanga oibre

Béarla a bheidh ina teanga oibre ag an meitheal. Mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt, is ar dhoiciméid arna n‐ullmhú i mBéarla a bhunóidh an mheitheal a cuid plé.

Riail 12

Caiteachas

1.    Íocfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe araon as aon chaiteachas a thabhóidh siad de dhroim rannpháirtíocht i gcruinnithe na meithle.

2.    Íocfaidh an tAontas as an gcaiteachas a bhaineann le heagrú cruinnithe agus atáirgeadh doiciméad i gcás cruinnithe arna reáchtáil sa Bhruiséil, agus íocfaidh an Ríocht Aontaithe as an gcaiteachas i gcás cruinnithe arna reáchtáil sa Ríocht Aontaithe.

3.    Is é an páirtí a iarrann ateangaireacht go teanga oibre agus ó theanga oibre na meithle le linn na gcruinnithe a íocfaidh as costas na hateangaireachta sin.

Riail 13

An tuairisc bhliantúil chuig an gCoiste Speisialaithe

1.    Déanfaidh an Rúnaíocht tuarascáil a tharraingt suas ar obair na meithle gach bliain féilire. Tarraingeofar an tuarascáil suas faoin 1 Feabhra an bhliain ina dhiaidh sin.

2.    Déanfaidh na comhchathaoirligh gach tuarascáil a ghlacadh agus a shíniú agus, díreach i ndiaidh a sínithe, cuirfear í chuig an gCoiste Speisialaithe um shaincheisteanna a bhaineann leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann.

(1)    Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Téacs atá ábhartha do LEE) (IO L 29, 31.1.2020, lch.1).
(2)     IO L 29, 31.1.2020, lch.7.
Top