EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0633

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, sa Chomhairle Chomhpháirteach a bunaíodh faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus na Stáit atá i gComhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice atá sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche, den pháirt eile, maidir le cainníochtaí tagartha ar leith atá in Iarscríbhinn IV de CCE a choigeartú

COM/2020/633 final

An Bhruiséil,5.10.2020

COM(2020) 633 final

2020/0284(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, sa Chomhairle Chomhpháirteach a bunaíodh faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus na Stáit atá i gComhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice atá sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche, den pháirt eile, maidir le cainníochtaí tagartha ar leith atá in Iarscríbhinn IV de CCE a choigeartú


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, sa Chomhairle Chomhpháirteach a bunaíodh faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche (“CCE” nó an “Comhaontú”) idir an tAontas Eorpach agus Stáit atá i gComhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice atá sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche, maidir le cainníochtaí tagartha a choigeartú le haghaidh táirgí ar leith atá liostaithe in Iarscríbhinn IV de CCE chun críche Airteagal 35 de CCE.

2.Comhthéacs an mholta

2.1.Forais agus cuspóirí an togra

Déantar foráil in Airteagal 35 de CCE maidir leis an bhféidearthacht go gcuirfidh Aontas Custaim Dheisceart na hAfraice beart coimirce i bhfeidhm i bhfoirm dleacht allmhairiúcháin sa chás go rachaidh, le linn aon tréimhse dhá mhí dhéag ar leith, méid na n‑allmhairí de tháirge talmhaíochta isteach in Aontas Custaim Dheisceart na hAfraice a liostaítear in Iarscríbhinn IV de CCE, ar de thionscnamh an Aontais é, thar an gcainníocht tagartha le haghaidh an táirge a liostaítear san Iarscríbhinn sin.

Cuimsítear in Iarscríbhinn IV de CCE tábla ina liostaítear cainníochtaí tagartha le haghaidh fiche trí (23) táirge ar feadh tréimhse dhá bhliain (12) déag (“bliain 1”, “bliain 2” etc.). I bhfonóta (1) a ghabhann leis an tábla, deirtear “maidir leis na línte taraife a ngabhann réiltín leo, sa chás go bhfuil dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo tar éis 2015, is éard a bheidh sa chainníocht tagartha do Bhliain 1 meán na n‑allmhairí ón Aontas Eorpach isteach in Aontas Custaim Dheisceart na hAfraice sna trí (3) bliana roimhe sin. Déanfar na cainníochtaí tagartha le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin (i ndiaidh Bhliain 1) a choigeartú go comhréireach i gcomhréir leis na cainníochtaí tagartha sa tábla sin”.

Déantar foráil in Airteagal 113(8) de CCE gur “sa chás go gcinneann na Páirtithe, ag fanacht ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, an Comhaontú a chur i bhfeidhm go sealadach, measfar go dtagrófar gach tagairt sa Chomhaontú don dáta a mbeidh feidhm ag cur i bhfeidhm sealadach den sórt sin”.

Tá CCE i bhfeidhm go sealadach ón 10 Deireadh Fómhair 2016. Dá bhrí sin, ba cheart an tagairt atá cainníochtaithe d'aon táirge déag (11) a liostaítear in Iarscríbhinn IV de CCE (táirgí a ngabhann réiltín leo) a choigeartú i gcomhréir leis an bhfonóta a ghabhann le hIarscríbhinn IV.

2.2.An Chomhairle Chomhpháirteach den Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus Comhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice

Bunaítear le hAirteagal 100 de CCE Comhairle Chomhpháirteach “a dhéanfaidh maoirseacht ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe sin agus a riarfaidh é”

Déantar foráil in Airteagal 101(1) “go mbeidh an Chomhairle Chomhpháirteach comhdhéanta, ar thaobh amháin, de chomhaltaí ábhartha ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus comhaltaí ábhartha ón gCoimisiún Eorpach, agus, ar an taobh eile, de na hAirí ábhartha ó Stáit atá i gComhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice atá sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche nó a gcuid ionadaithe”.

Seo a leanas feidhmeanna na Comhairle Comhpháirtí a liostaítear in Airteagal 101(3):

(a)a bheith freagrach as oibríocht agus cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh a cuid cuspóirí;

(b)aon mhórfhadhb a thiocfaidh chun cinn faoin gComhaontú seo a bhaineann leis an leas coiteann agus a bhféadfadh dochar a dhéanamh don trádáil idir na Ballstáit;

(c)scrúdú a dhéanamh ar thograí agus ar mholtaí ó Pháirtithe maidir le hathbhreithniú an Chomhaontaithe seo;

(d)moltaí iomchuí a dhéanamh;

(e)faireachán a dhéanamh ar an gcaidreamh forbartha agus eacnamaíoch idir na Páirtithe;

(f)faireachán agus measúnú a dhéanamh ar thionchar fhorálacha comhair an Chomhaontaithe ar an bhforbairt inbhuanaithe;

(g)faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis na hábhair uile a chlúdaítear sa Chomhaontú seo;

(h)a rialacha nós imeachta féin a bhunú;

(i)rialacha nós imeachta an Choiste um Thrádáil agus Fhorbairt a bhunú;

(j)faireachán a dhéanamh ar obair an Choiste um Thrádáil agus Fhorbairt; agus

(k)aon dualgas eile faoin gComhaontú sin a chomhlíonadh.

Bunaítear le hAirteagal 102(1) go bhféadfaidh an Chomhairle Chomhpháirteach cinntí a ghlacadh maidir leis na hábhair uile a chumhdaítear faoin gComhaontú sin. Tugtar le fios i bhfonóta 1 d'Iarscríbhinn IV de CCE go nglacfar cinneadh chun na cainníochtaí tagartha a choigeartú le haghaidh na dtáirgí a ngabhann réiltín leo sa chás go bhfuil dáta theacht i bhfeidhm CCE tar éis 2015 (mar atá sa chás seo).

2.3.An Cinneadh atá beartaithe ag Comhairle Chomhpháirteach CCE

Ag an gcúigiú cruinniú de chuid an Choiste um Thrádáil agus Fhorbairt den Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus Comhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice (arb é is ról dó cúnamh a thabhairt don Chomhairle Chomhpháirteach chun “a cuid dualgas a chomhlíonadh” agus atá comhdhéanta d'ionadaithe ó na Páirtithe a bhíonn “ar leibhéal na n‑oifigeach sinsearach de ghnáth”), tháinig na Páirtithe a bhaineann le CCE ar chomhaontú neamhfhoirmiúil maidir le leibhéil truicir na gcoimircí talmhaíochta a choigeartú i gcomhréir le fonóta 1 d'Iarscríbhinn IV de CCE. D'fhormhuinigh an Chomhairle Chomhpháirteach an comhaontú sin ag an gcéad chruinniú an 19 Feabhra 2019 agus ba í an chonclúid a baineadh as “go nglacfaidh sí an cinneadh seo trí nós imeachta i scríbhinn nó trí mheán leictreonach mar a fhoráiltear ina Rialacha Nós Imeachta”. Chuige sin, tá na Stáit atá i gComhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice atá sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche tiomanta do dhréachtchinneadh ón gComhairle Chomhpháirteach a roinnt leis an Aontas Eorpach faoin 15 Márta 2019. Fuair an tAontas Eorpach an dréacht sin an 19 Feabhra 2020, thart ar bhliain ina dhiaidh sin.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Bunaítear leis an gcinneadh atá beartaithe ón gComhairle an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, sa Chomhairle Chomhpháirteach a bunaíodh faoi CCE, maidir cainníochtaí tagartha ar leith atá in Iarscríbhinn IV de CCE a choigeartú.

Bunófar seasamh mar sin ar réamh-chomhaontú na bPáirtithe maidir le CCE ag an gcéad chruinniú de Chomhairle Chomhpháirteach CCE.

Baineann ábhar an togra a bheartaítear le beartas trádála, réimse a bhfuil inniúlacht sheachtrach eisiach ag an Aontas de bhua Airteagal 3(2) CFAE.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos “na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.”

Áirítear ar an gcoincheap “gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo” gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear air freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach “a bhféadfadh tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh”.

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

CCE a bunaíodh an Chomhairle Chompháirteach.

Beidh éifeachtaí dlí ag an gcinneadh atá le glacadh ag an gComhairle Chomhpháirteach. A luaithe a ghlacfar é, beidh éifeachtaí dlíthiúla ag an leasú atá beartaithe faoi dhlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 35 agus Iarscríbhinn IV den Chomhaontú.

Leis an gcinneadh atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha, braitheann sé ar chuspóir agus ábhar an chinnidh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an gcinneadh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, eadhon an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Baineann cuspóir agus ábhar an chinnidh atá beartaithe leis an gcomhbheartas tráchtála.

Dá bhrí sin, is í an chéad fhomhír d'Airteagal 207(4) CFAE an bunús substainteach dlí leis an gcinneadh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Is í an chéad fhomhír d'Airteagal 207(4) ba cheart a bheith ina bunús dlí leis an gcinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

5.Foilsiú an chinnidh atá beartaithe

Ós rud é go leasófar CCE le cinneadh ón gComhairle Chomhpháirteach, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2020/0284 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, sa Chomhairle Chomhpháirteach a bunaíodh faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus na Stáit atá i gComhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice atá sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche, den pháirt eile, maidir le cainníochtaí tagartha ar leith atá in Iarscríbhinn IV de CCE a choigeartú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d'Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Shínigh an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus na Stáit atá i gComhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice atá sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche, den pháirt eile, an 10 Meitheamh 2016 1 (“an Comhaontú”).

(2)Cuirtear an Comhaontú i bhfeidhm go sealadach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Bhotsuáin, Leosóta, an Namaib, Eswatini agus an Afraic Theas, den pháirt eile, ón 10 Deireadh Fómhair 2016, agus idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Mósaimbíc, den pháirt eile, ón 4 Feabhra 2018.

(3)De bhun Airteagal 102(1) den Chomhaontú, féadfaidh an Chomhairle Chomhpháirteach cinntí a ghlacadh maidir leis na hábhair uile a chumhdaítear faoin gComhaontú seo. De bhun Airteagal 101(3)(h) agus (i), bunaíonn an Chomhairle Chomhpháirteach a rialacha nós imeachta féin agus rialacha nós imeacht an Choiste um Thrádáil agus Fhorbairt.

(4)Bunaítear le hAirteagal 35 den Chomhaontú an fhéidearthacht go gcuirfidh Aontas Custaim Dheisceart na hAfraice beart coimirce i bhfeidhm i bhfoirm dleacht allmhairiúcháin sa chás go rachaidh, le linn aon tréimhse dhá mhí dhéag ar leith, méid na nallmhairí de tháirge talmhaíochta isteach in Aontas Custaim Dheisceart na hAfraice atá liostaithe in Iarscríbhinn IV de CCE, ar de thionscnamh an Aontais é, thar an gcainníocht tagartha le haghaidh an táirge atá liostaithe san Iarscríbhinn sin.

(5)Déantar foráil i bhfonóta 1 a ghabhann le hIarscríbhinn IV de CCE go ndéanfar na cainníochtaí tagartha le haghaidh na línte taraife a ngabhann réiltín leo a choigeartú, sa chás go mbeidh dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe ann tar éis 2015,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beidh an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Chomhpháirteach maidir le cainníochtaí tagartha ar leith de na táirgí atá liostaithe in Iarscríbhinn IV de CCE agus a ngabhann réiltín leo, chun críocha Airteagal 35 den Chomhaontú, bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhairle Chomhpháirteach atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Dírítear an cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    An Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus na Stáit atá i gComhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice atá sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche, den pháirt eile (IO L 250, 16.9.2016, lch. 3).
Top

An Bhruiséil,5.10.2020

COM(2020) 633 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle


maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, sa Chomhairle Chomhpháirteach a bunaíodh faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus na Stáit atá i gComhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice atá sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche, den pháirt eile, maidir le cainníochtaí tagartha ar leith atá in Iarscríbhinn IV de CCE a choigeartú


DRÉACHT

CINNEADH Uimh. 2/2020

DEN CHOMHAIRLE CHOMHPHÁIRTEACH
ARNA BUNÚ FAOIN gCOMHAONTÚ COMHPHÁIRTÍOCHTA EACNAMAÍCHE
IDIR AN tAONTAS EORPACH
AGUS A BHALLSTÁIT, DE PHÁIRT,
AGUS STÁIT ATÁ i gCOMHAONTÚ FORBRAÍOCHTA DHEISCEART NA hAFRAICE ATÁ SA CHOMHAONTÚ COMHPHÁIRTÍOCHTA EACNAMAÍCHE, DEN PHÁIRT EILE

maidir le leibhéil truicir a ghlacadh le haghaidh táirgí atá incháilithe i gcomhair bearta coimirce agus táirgí a ngabhann réiltín leo, i gcomhréir le fonóta 1 d'Iarscríbhinn IV den Chomhaontú

TÁ AN CHOMHAIRLE CHOMHPHÁIRTEACH,

Ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus stáit atá i gComhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice atá sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche, den pháirt eile (“An Chomhaontú”), agus go háirithe Airteagail 35 agus 102 de, agus do Chinneadh Uimh. 1/2019 den Chomhairle Chomhpháirteach (Rialacha Nós Imeachta den Chomhairle Chomhpháirteach).

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

De bhun fhonóta 1 d'Iarscríbhinn IV den Chomhaontú, déantar na cainníochtaí tagartha le haghaidh an táirge a ngabhann réiltín leis a choigeartú, chun críocha Airteagal 35 den Chomhaontú, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Thar ceann na Comhairle Comhpháirtí

Ionadaí ó na stáit atá i gComhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice atá sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche

Ionadaí an Aontais Eorpaigh

PEGGY O. SERAME

VALDIS DOMBROVSKIS

Dáta:

Dáta:

Iarscríbhinn: Cainníochtaí tagartha coigeartaithe (tonaí méadracha) d'Iarscríbhinn IV den Chomhaontú (leathanach L 250/1917-18 den Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir Comhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice agus an tAontas Eorpach)

2016

2017

2018

2019

2020

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Línte taraife

Bliain 1

Bliain 2

Bliain 3

Bliain 4

Bliain 5

Bliain 6

Bliain 7

Bliain 8

Bliain 9

Bliain 10

Bliain 11

Bliain 12

02062100

100

110

121

133

146

161

177

195

215

237

261

287

02062900

1 005

1 106

1 206

1 307

1 407

1 508

1 609

1 709

1 810

1 910

2 011

2 111

02064900

5 000

5 500

6 000

6 500

7 000

7 500

8 000

8 500

9 000

9 500

10 000

10 500

11041910

150

165

182

200

220

242

266

293

322

354

390

429

11071010

2 373

2 613

2 874

3 161

3 478

3 825

4 204

4 628

5 089

5 595

6 152

6 771

04012007

6 353

6 986

7 701

8 457

9 315

10 234

11 256

12 379

13 625

14 973

16 485

18 119

20011000

1 302

1 432

1 576

1 732

1 905

2 096

2 305

2 536

2 791

3 069

3 376

3 714

20019010

270

297

328

360

396

436

480

527

580

638

701

771

180631

3 046

3 350

3 655

3 959

4 264

4 569

4 873

5 178

5 482

5 787

6 091

6 396

180632

938

1 032

1 126

1 220

1 314

1 408

1 501

1 595

1 689

1 783

1 877

1 971

180690

7 196

7 916

8 635

9 355

10 074

10 794

11 514

12 233

12 953

13 672

14 392

15 112

Top