AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,24.9.2020
COM(2020) 589 final
2020/0275(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe i bhfoirm malartaithe litreacha idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe a chur chun feidhme idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
An 7 Iúil 2020, ghlac an Chomhairle sainordú lenar údaraíodh don Choimisiún Eorpach tús a chur le caibidlíocht le haghaidh prótacal nua maidir le Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook agus le haghaidh an fhadaithe a d’fhéadfaí a chur leis an bprótacal atá ann faoi láthair maidir leis an gComhaontú sin a rachaidh in éag an 13 Deireadh Fómhair 2020.
I gcás ina dtógfadh an chaibidlíocht le haghaidh Prótacal nua a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas agus Rialtas Oileáin Cook níos mó ama ná mar a bheifí ag súil leis, agus chun tréimhse shuntasach de chur isteach ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a sheachaint, leagtar síos leis an sainordú gur cheart don Choimisiún féachaint le teacht ar chomhaontú le Rialtas Oileáin Cook maidir le fadú a chur leis an bPrótacal atá ann faoi láthair, ar feadh tréimhse theoranta nach faide ná bliain amháin más féidir, a fhad is a leantar d’iarracht a dhéanamh teacht ar chomhaontú le haghaidh prótacal nua i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach sa sainordú.
Le linn an chéad bhabhta caibidlíochta (16 Iúil 2020), chomhaontaigh idirbheartaithe ón Aontas agus ó Oileáin Cook go mbeadh, mar gheall ar chineál casta na caibidlíochta, roinnt babhtaí ag teastáil chun an chaibidlíocht a chur i gcrích. Dá bhrí sin, chomhaontaigh an dá pháirtí síneadh a chur leis an bPrótacal atá ann faoi láthair ar feadh uastréimhse bliana, i gcomhréir leis an sainordú ón gComhairle. Socraíodh an síneadh trí bhíthin Comhaontaithe i bhfoirm malartaithe litreacha ar cuireadh inisealacha leis an 29 Iúil 2020 sa Bhruiséil agus i Rarotonga (Oileáin Cook).
Ionas nach gcuirfear isteach ar ghníomhaíochtaí iascaireachta chabhlach an Aontais atá ag oibriú in uiscí Oileáin Cook, ní mór an Cinneadh ón gComhairle lena bhformhuinítear an Comhaontú i bhfoirm malartaithe litreacha a ghlacadh in am trátha chun gur féidir leis an dá pháirtí é a shíniú roimh an 13 Deireadh Fómhair 2020, nuair a rachaidh an Prótacal atá ann faoi láthair in éag.
Tá sé de chuspóir ag an togra seo tabhairt i gcrích an Phrótacail seo a údarú.
Mar mheabhrúchán, tá sé d'aidhm ag an bPrótacal deiseanna iascaireachta a thabhairt do shoithí an Aontais Eorpaigh in uiscí Oileáin Cook i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch agus le moltaí ón gCoimisiún Iascaigh don Aigéan Ciúin Iartharach agus don Aigéan Ciúin Láir (WCPFC), laistigh de theorainneacha an bharrachais atá ar fáil. Tá sé d'aidhm aige freisin comhar idir an tAontas Eorpach agus Oileáin Cook a neartú, agus ar an gcaoi sin creat comhpháirtíochta a chruthú trínar féidir beartas iascaigh inbhuanaithe a fhorbairt agus saothrú fónta a dhéanamh ar acmhainní iascaigh i limistéar iascaireachta Oileáin Cook, chun leasa an dá pháirtí.
Leis an bprótacal atá ann faoi láthair idir Oileáin Cook agus an tAontas, is féidir le cabhlach an Aontais iascaireacht a dhéanamh in uiscí Oileáin Cook le haghaidh speiceas tuinníní, le haghaidh deiseanna táscacha bliantúla iascaireachta de 7 000 tona.
•Comhsheasmhacht le forálacha atá sa réimse beartais cheana
I gcomhréir le tosaíochtaí athchóiriú an bheartais iascaigh, tugann an Prótacal nua deiseanna iascaireachta do shoithí an Aontais in uiscí Oileáin Cook, bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil agus ag leanúint na moltaí ón gCoimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT). Ina theannta sin, leis an bPrótacal nua cuirtear ar a gcumas don Aontas Eorpach agus d’Oileáin Cook oibriú níos dlúithe le chéile maidir le saothrú fónta na n‑acmhainní iascaigh in uiscí Oileáin Cook a chur chun cinn agus tacú le hiarrachtaí ó Rialtas Oileáin Cook a n‑earnáil iascaigh a fhorbairt, chun leasa an dá pháirtí.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá caibidliú Prótacal nua lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe - a mbaineann cuid de leis an síneadh beartaithe seo - ina chuid de ghníomh seachtrach an Aontais i dtaca le tíortha an Aigéin Chiúin (ACC) agus cuirtear san áireamh, go háirithe, cuspóirí an Aontais maidir le prionsabail dhaonlathacha agus cearta an duine a urramú.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é an bunús dlí a roghnaíodh an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Airteagal 43(2) de lena mbunaítear an Comhbheartas Iascaigh agus Airteagal 218(6)(a) a bhaineann leis an nós imeachta chun comhaontaithe idir tíortha an Aontais agus tríú tíortha a thabhairt i gcrích.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Tá an togra faoi chuimsiú inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh.
•Comhréireacht
Tá an togra comhréireach leis an gcuspóir maidir le creat rialachais dhlíthiúil, chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta a bhunú le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta atá á ndéanamh ag soithí an Aontais in uiscí tríú tíortha, mar a leagtar amach in Airteagal 31 den Rialachán lena mbunaítear an Comhbheartas Iascaigh. Comhlíontar na forálacha sin chomh maith leis na forálacha sin maidir le cúnamh airgeadais do thríú tíortha a leagtar síos in Airteagal 32 den Rialachán sin.
Maidir leis an síneadh bliana leis an gcreat a leagtar síos leis an bPrótacal agus a rachaidh in éag an 13 Deireadh Fómhair 2020, tá ról aige sa phróiseas caibidlíochta arb é is aidhm dó leanúnachas na gníomhaíochta iascaireachta a áirithiú i gcás chabhlach an Aontais atá ag oibriú in uiscí Oileáin Cook.
3.TORTHAÍ Ó MEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Chuathas i gcomhairle le páirtithe leasmhara le linn mheastóireacht an Phrótacail le haghaidh na tréimhse 2016-20. Chuathas i gcomhairle le saineolaithe ó na Ballstáit sna cruinnithe teicniúla freisin. De thoradh na gcomhairliúchán sin, thángthas ar an gconclúid go mbeadh sé tairbhiúil an Prótacal a athnuachan le hOileáin Cook. An síneadh beartaithe sin leis an bPrótacal, is céim é sa phróiseas caibidlíochta maidir leis an bPrótacal a athnuachan.
•Comhairliúchán le páirtithe leasmhara
Chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit, le hionadaithe tionscail, le heagraíochtaí idirnáisiúnta na sochaí sibhialta, chomh maith le córas riaracháin iascaigh agus ionadaithe ó shochaí shibhialta Oileáin Cook, mar chuid den mheastóireacht. Reáchtáladh comhairliúchán freisin faoi chuimsiú na Comhairle Comhairlí Fadraoin.
•Bailiú agus úsáid saineolais
D'úsáid an Coimisiún comhairleoir neamhspleách le haghaidh na meastóireachtaí ex post agus ex ante, i gcomhréir le forálacha Airteagal 31 (10) den Rialachán lena mbunaítear an Comhbheartas Iascaigh.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Is é EUR 700 000 ranníocaíocht airgeadais bhliantúil an Aontais, bunaithe orthu seo a leanas:
(a)méid bliantúil le haghaidh rochtain ar acmhainní iascaigh i gcás na gcatagóirí dá bhforáiltear sa Phrótacal, arna shocrú ag EUR 350 000 go ceann an tsínidh ama seo leis an bPrótacal;
(b)tacaíocht do bheartas iascaigh earnála Oileáin Cook a fhorbairt, arb é atá ann EUR 350 000 go ceann an tsínidh leis an bPrótacal. Tá an tacaíocht sin ag comhlíonadh chuspóirí bheartas náisiúnta Oileáin Cook maidir le bainistiú inbhuanaithe a gcuid acmhainní muirí iascaigh ó thús go deireadh an Phrótacail.
Bunaítear an méid bliantúil maidir le leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus leithreasuithe íocaíochta le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, lena n‑áirítear an líne chúltaca do phrótacail nár tháinig i bhfeidhm go fóill ag tús na bliana.
Sa mhalartú litreacha a bhaineann leis an síneadh, leagtar síos freisin clásal pro-rata sa chás go síneofar na litreacha de thoradh an caibidlíochta chun an Prótacal a athnuachan agus go dtiocfaidh siad i bhfeidhm ina dhiaidh sin sula rachaidh an síneadh bliantúil a bhfuil feidhm ag an malartú litreacha maidir leis in éag.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Déantar foráil maidir leis na socruithe faireacháin sa Phrótacal, a gcumhdaíonn an malartú litreacha an síneadh a dhéantar maidir leis.
2020/0275 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe i bhfoirm malartaithe litreacha idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe a chur chun feidhme idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)I gcomhréir le Cinneadh 2020/ ... /AE[cuir isteach tagairt] ón gComhairle, an Comhaontú i bhfoirm malartaithe litreacha idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe a chur chun feidhme idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook, a rachaidh an éag an 13 Deireadh Fómhair 2020 (‘an Comhaontú i bhfoirm malartaithe litreacha’), síníodh é an [cuir isteach dáta], faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.
(2)Is é is cuspóir don Chomhaontú i bhfoirm malartaithe litreacha a chur ar chumas don Aontas Eorpaigh agus do Rialtas Oileáin Cook leanúint de bheith ag obair le chéile chun beartas iascaigh inbhuanaithe a chur chun cinn agus saothrú fónta a dhéanamh ar acmhainní iascaigh in uiscí Oileáin Cook, agus ligean do shoithí an Aontais a ngníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh sna huiscí sin.
(3)Ba cheart an Comhaontú i bhfoirm malartaithe litreacha a fhormheas thar ceann an Aontais,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar an Comhaontú i bhfoirm malartaithe litreacha idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe a chur chun feidhme idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook, a rachaidh in éag an 13 Deireadh Fómhair 2020, a fhormheas thar ceann an Aontais.
Tá téacs an Chomhaontaithe i bhfoirm malartaithe litreacha i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Ainmneoidh Uachtarán na Comhairle an duine a chumhachtófar, thar ceann an Aontais Eorpaigh, leis an bhfógra dá bhforáiltear i mír 6 den Chomhaontú i bhfoirm malartaithe litreacha, chun toiliú an Aontais a bheith faoi cheangal ag an gcomhaontú a chur in iúl.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.
LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.
Teideal an togra/tionscnaimh
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe i bhfoirm malartaithe litreacha idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe a chur chun feidhme idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook, a rachaidh in éag an 13 Deireadh Fómhair 2020.
1.2.
Réimsí beartais lena mbaineann
11 - Gnóthaí muirí agus iascach
11.03 – Ranníocaíochtaí éigeantacha le heagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBI) agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile agus le comhaontuithe iascaigh inbhuanaithe eile (SFAanna)
11.03.01 – Creat rialachais a bhunú le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta shoithí iascaireachta an Aontais in uiscí tríú tíortha.
1.3.
Baineann an togra/tionscnamh le
◻ beart nua
◻ beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart
X síneadh ar bheart atá ann cheana
◻ beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua
1.4.
Cuspóirí
1.4.1.
Cuspóirí ginearálta
Trí chaibidlíocht a dhéanamh ar na Comhaontuithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe (SFPA) le tríú tíortha agus iad a thabhairt i gcrích, comhlíontar an cuspóir ginearálta maidir le rochtain a thabhairt do shoithí iascaireachta an Aontais ar limistéir iascaireachta tríú tíortha agus comhpháirtíocht a fhorbairt leis na tíortha sin d’fhonn saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh a neartú lasmuigh d'uiscí an Aontais Eorpaigh.
Leis na SFPAnna, áirítear freisin comhsheasmhacht idir na prionsabail lena rialaítear an Comhbheartas Iascaigh agus na gealltanais a rinneadh faoi bheartais Eorpacha eile (úsáid inbhuanaithe acmhainní tríú tíortha, an comhrac i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialaithe (NNN), comhtháthú na dtíortha comhpháirtíochta sa gheilleagar domhanda, agus rialachas polaitiúil agus airgeadais níos fearr ar an iascach).
1.4.2.
Cuspóirí sonracha
Cuspóir sonrach
Cur le hiascaireacht inbhuanaithe in uiscí nach bhfuil san Aontas, láithreacht an Aontais a chothabháil in iascaigh i bhfarraigí i bhfad i gcéin agus leasanna earnáil iascaigh an Aontais agus tomhaltóirí a chosaint trí chaibidlíocht agus SFPAnna a thabhairt i gcrích le stáit chósta, i gcomhréir le beartais eile de chuid an Aontais.
Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann:
Gnóthaí muirí agus iascach, chun creat rialachais le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta arna ndéanamh ag soithí iascaireachta an Aontais in uiscí tríú tíortha (SFAanna) a bhunú (líne bhuiséid 11.03.01).
1.4.3.
An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
Tríd an bPrótacal a leathnú chun an SFPA atá ann faoi láthair a chumhdach, cuirfear cosc ar chur isteach ar ghníomhaíocht iascaireachta na soithí Eorpacha nuair a rachaidh an Prótacal in éag an 13 Deireadh Fómhair 2020. Beidh feidhm leis an síneadh ar feadh uastréimhse nach faide ná aon bhliain amháin, go dtí go dtabharfar an chaibidlíocht maidir le hathnuachan an Phrótacail i gcrích.
A bhuí leis an bPrótacal, beifear in ann comhpháirtíocht iascaigh straitéiseach idir an tAontas agus Rialtas Oileáin Cook a bhunú. Leis an bPrótacal, is fearr a dhéanfar na hacmhainní iascaigh a bhainistiú agus a chaomhnú freisin, trí thacaíocht airgeadais (tacaíocht earnála) a chur ar fáil chun cláir arna nglacadh ar an leibhéal náisiúnta ag an tír chomhpháirtíochta a chur chun feidhme, go háirithe maidir le faireachán a dhéanamh ar an iascaireacht neamhdhleathach agus comhrac ina coinne, agus tacaíocht a thabhairt don earnáil iascaigh ar scála beag.
1.4.4.
Táscairí feidhmíochta
Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.
Rátaí úsáide deiseanna iascaireachta (glacadh bliantúil na n‑údaruithe iascaireachta mar chéatadán den infhaighteacht faoin bPrótacal).
Sonraí maidir le gabhálacha (bailiú agus anailísiú) agus luach tráchtála an Chomhaontaithe.
Ranníocaíocht le fostaíocht agus le breisluach san Aontas agus le margadh an Aontais a chobhsú (go comhiomlán le SFPAnna eile).
Cuidiú le feabhas a chur ar thaighde, faireachas agus rialú ar ghníomhaíocht iascaireachta a dhéanann an tír chomhpháirtíochta agus ar fhorbairt a hearnála iascaigh, go háirithe an earnáil a bhaineann le hiascach ar scála beag.
1.5.
Forais an togra/tionscnaimh
1.5.1.
An ceanglas/ na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
Tá sé i gceist go mbeidh feidhm shealadach ag an Malartú Litreacha lena gcuirfear síneadh leis an bPrótacal ón dáta a shíneofar é, amhail ón 14 Deireadh Fómhair 2020 nó ó aon dáta ina dhiaidh sin tar éis a shínithe, chun aon chur isteach ar oibríochtaí iascaireachta arna ndéanamh faoin bPrótacal atá ann faoi láthair a chosc.
1.5.2.
Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann de thoradh fachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachta). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.
Mura dtugann an tAontas Prótacal nua i gcrích, cuirfear isteach ar ghníomhaíocht iascaireachta shoithí an Aontais toisc go bhfuil clásal sa Chomhaontú lena n‑eisiatar gníomhaíochtaí iascaireachta nach bhfuil sa chreat a shainítear leis an bPrótacal a ghabhann leis an gComhaontú. Dá bhrí sin, tá an luach breise le haghaidh chabhlach fadraoin an Aontais an‑soiléir. Leis an bPrótacal cuirtear creat ar fáil freisin maidir le comhar neartaithe idir an tAontas agus Oileáin Cook.
1.5.3.
Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
De thoradh na hanailíse ar ghabhálacha a d'fhéadfaí a fháil i limistéar iascaireachta Oileáin Cook, agus ar na measúnuithe agus ar an gcomhairle eolaíoch atá ar fáil, tá na Páirtithe in ann tonnáiste tagartha a shocrú do thuinníní agus do speicis cosúil le tuinníní arb é 7 000 tona in aghaidh na bliana é agus deiseanna iascaireachta ann do 4 shoitheach saighne tuinníní. Leis an tacaíocht earnála, tugtar san áireamh riachtanais maidir le fothú acmhainneachta laistigh d’údaráis iascaigh Oileáin Cook agus tosaíochtaí na straitéise iascaigh náisiúnta lena n‑áirítear, go háirithe, taighde eolaíoch agus tionscnaimh maidir le tionscnaimh rialaithe agus faireacháin iascaireachta.
1.5.4.
Comhoiriúnacht leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
Is ionann cistí a sholáthraítear mar chúiteamh airgeadais le haghaidh rochtana faoi SFPA agus ioncam inmhalartaithe i mbuiséad náisiúnta Oileáin Cook. Mar sin féin, leithdháiltear cistí atá beartaithe le haghaidh tacaíocht earnála (de ghnáth trína chur san áireamh sa dlí buiséadach bliantúil) ar an Aireacht atá freagrach as an iascach, ar choinníoll go dtabharfaí na SFPAnna i gcrích agus go ndéanfaí faireachán orthu. Tá na hacmhainní airgeadais seo comhoiriúnach le foinsí maoinithe eile ó sholáthraithe eile maoinithe idirnáisiúnta chun tionscadail agus/nó cláir a chur i gcrích ar an leibhéal náisiúnta san earnáil iascaigh.
1.5.5.
Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige
X tréimhse theoranta
X
I bhfeidhm ó 2019 go 2024
X
Tionchar airgeadais in 2020 maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2019 go 2021 maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.
◻ tréimhse neamhtheoranta
Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,
agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
Modh nó modhanna bainistíochta atá beartaithe
X.Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
Xina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
◻
trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;
◻ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
◻ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;
◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);
◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;
◻ comhlachtaí dlí phoiblí;
◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;
◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.
I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.
Nótaí
2.
BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.
Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo
Déanfaidh an Coimisiún (DG MARE, i gcomhar lena attaché iascaigh, bunaithe sa réigiún (Fidsí)), faireachán rialta a áirithiú ar chur chun feidhme an Phrótacail maidir le húsáid deiseanna iascaireachta ag oibreoirí, sonraí gabhálacha agus comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le tacaíocht earnála.
Foráiltear sa SFPA maidir le cruinniú le haghaidh an Chomhchoiste, cruinniú a reáchtálfar uair amháin ar a laghad sa bhliain agus ina ndéanfaidh an Coimisiún agus Rialtas Oileáin Cook athbhreithniú ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe agus an Phrótacail agus, más gá, na cláir agus an ranníocaíocht airgeadais a choigeartú.
2.2.
Córas bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.
An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
Is é an riosca a aithníodh tearc-úsáid na ndeiseanna iascaireachta ag úinéirí shoithí an Aontais agus tearc-úsáid nó úsáid mhoillithe ag Oileáin Cook as cistí atá beartaithe chun an beartas iascaigh earnála a mhaoiniú.
2.2.2.
Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
Tá idirphlé forleathan beartaithe maidir le clárú agus cur i bhfeidhm an bheartais earnála a leagtar síos sa Chomhaontú agus sa Phrótacal. Tá anailís chomhpháirteach ar thorthaí mar chuid de na modhanna rialaithe seo freisin.
Ina theannta sin, tá clásail shonracha sa Chomhaontú agus sa Phrótacal lena bhfionraí, faoi choinníollacha áirithe agus in imthosca áirithe.
2.2.3.
Meastachán ar chost‑éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)
2.3.
Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.
Gabhann an Coimisiún air féin idirphlé polaitiúil agus comhordú rialta a bhunú le Rialtas Oileáin Cook d'fhonn bainistíocht an Chomhaontaithe agus an Phrótacail a fheabhsú, agus rannchuidiú an Aontais le bainistíocht acmhainní inbhuanaithe a neartú. Aon íocaíocht a dhéanann an Coimisiún faoi SFPA, is faoi réir rialacha caighdeánacha agus nósanna imeachta buiséid agus airgeadais an Choimisiúin a dhéantar iad. Go háirithe, aithnítear cuntais bhainc na dtríú tíortha a n‑íoctar an ranníocaíocht airgeadais iontu. Foráiltear leis an bPrótacal go n‑íocfar an ranníocaíocht airgeadais isteach i gcuntas bainc Rialtais ainmnithe in Oileáin Cook.
3.
AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.
Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar
Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne bhuiséid
|
An cineál caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
Uimhir
|
LD/LN.
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
|
11/03/2001
Creat rialachais a bhunú le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta shoithí iascaireachta an Aontais in uiscí tríú tíortha (SFAnna)
|
Difreáilte
|
Líon
|
Líon
|
Líon
|
Líon
|
Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne bhuiséid
|
An cineál caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
Uimhir
|
LD/LN
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
|
[XX.YY.YY.YY]
|
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
3.2.
An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3.2.1.
Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
X
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
Uimhir
2
|
Fás inbhuanaithe: acmhainní nádúrtha
|
Ard‑Stiúrthóireacht: MARE
|
|
|
2020
|
2021
|
IOMLÁN
|
•Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
|
|
|
Líne bhuiséid 11.0301
|
Gealltanais
|
(1a)
|
0.700
|
|
0.700
|
|
Íocaíochtaí
|
(2a)
|
0.350
|
0.350
|
0.700
|
Líne bhuiséid
|
Gealltanais
|
(1b)
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2b)
|
|
|
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
|
|
|
Líne bhuiséid
|
|
(3)
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
le haghaidh DG MARE
|
Gealltanais
|
=1a+1b +3
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=2a+2b
+3
|
|
|
|
• IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
Gealltanais
|
(4)
|
0.700
|
|
0.700
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
0.350
|
0.350
|
0.700
|
•IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
(6)
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 2
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
=4+ 6
|
0.700
|
|
0.700
|
|
Íocaíochtaí
|
=5+ 6
|
0.350
|
0.350
|
0.700
|
Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal oibríochta amháin, líon isteach an chuid thuas arís i gcás gach ceann de na ceannteidil sin:
• IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)
|
Gealltanais
|
(4)
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta)
|
(6)
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4
den chreat airgeadais ilbhliantúil
(Méid tagartha)
|
Gealltanais
|
=4+ 6
|
0.700
|
|
0.700
|
|
Íocaíochtaí
|
=5+ 6
|
0.350
|
0.350
|
0.700
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
5
|
"Caiteachas riaracháin"
|
Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ a iontráladh ar dtús san
Iarscríbhinn a ghabhann leis an ráiteas airgeadais seo
(Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha) agus a uaslódáladh ar an gcóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
2020
|
2021
|
IOMLÁN
|
Ard‑Stiúrthóireacht: MARE
|
• Acmhainní daonna
|
|
|
|
• Caiteachas riaracháin eile
|
|
|
|
IOMLÁN DG MARE
|
Leithreasuithe
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)
|
|
|
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
2020
|
2021
|
IOMLÁN
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
0.700
|
|
0.700
|
|
Íocaíochtaí
|
0.350
|
0.350
|
0.700
|
3.2.2.
An t‑aschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Sonraigh cuspóirí agus aschuir
⇩
|
|
|
2019
|
2020
|
2021
|
IOMLÁN
|
|
|
Saghas
|
Meánchostas
|
Uimhir
|
Costas
|
Uimhir
|
Costas
|
Uimhir
|
Costas
|
Uimhir
|
Líon iomlán
|
Costas iomlán
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1…
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Rochtain
|
Bliantúil
|
|
|
0.350
|
|
|
|
|
|
|
0.350
4.125
61.625
|
- Earnála
|
Bliantúil
|
|
|
0.350
|
|
|
|
|
|
|
0.350
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1
|
|
0.700
|
|
|
|
|
|
|
0.700
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
|
0.700
|
|
|
|
|
|
|
0.700
|
3.2.3.
Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin
X
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin.
◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
CEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
of the multiannual financial framework
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Caiteachas eile
de chineál riaracháin
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard‑Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
3.2.3.1.
Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
X
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.
◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain N+2
|
Bliain N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
• Poist le haghaidh an phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 05 01/11/21 (Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
10 01 05 01/11 (Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
• Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)
|
XX 01 02 01 (AC, END, INT ón “imchlúdach iomlánaíoch”)
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 02 02 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 04 bb
|
- sa cheanncheathrú
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- i dtoscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 05 02/12/22 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
10 01 05 02/12 (CA, INT, SNE – Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
|
|
|
|
|
|
|
Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.
Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:
Oifigigh agus pearsanra sealadach
|
Cur chun feidhme an Phrótacail (íocaíochtaí, rochtain ar uiscí Oileáin Cook ag soithí an Aontais, údaruithe iascaireachta a phróiseáil), ullmhúchán agus obair leantach na gComhchoistí, ullmhúchán le haghaidh athnuachan an Phrótacail, meastóireacht sheachtrach, nósanna imeachta reachtacha, caibidlíocht.
|
Pearsanra seachtrach
|
Cur chun feidhme an Phrótacail: teagmháil le húdaráis Oileáin Cook maidir le rochtain ag soithí an Aontais ar Oileáin Cook, próiseáil na n‑údaruithe iascaireachta, ullmhúchán agus obair leantach na gComhchoistí, go háirithe cur chun feidhme na tacaíochta earnála.
|
3.2.4.
Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
X
is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).
Baineann sé seo le húsáid na líne cúltaca (Caibidil 40).
◻
is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.
Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.
◻
is gá athbhreithniú ar CAI.
Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.
3.2.5.
Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
X
ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe
◻
déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh‑mheasta thíos:
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
Iomlán
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.3.
An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
X
Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.
◻
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
◻
ar acmhainní dílse
◻
ar ioncam eile
má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin ◻
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Líne buiséid ioncaim:
|
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
Airteagal ………….
|
|
|
|
|
|
|
|
|
I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.
Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).