Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0452

    Togra leasaithe le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (‘CFRE’) agus an Ciste Comhtháthaithe (CC)

    COM/2020/452 final

    An Bhruiséil,28.5.2020

    COM(2020) 452 final

    2018/0197(COD)

    Togra leasaithe le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (‘CFRE’) agus an Ciste Comhtháthaithe (CC)


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Baineadh suaitheadh tromchúiseach agus eisginiúil nach bhfacthas a leithéid riamh as geilleagar na hEorpa le paindéim COVID-19. Tá an geilleagar ag cúlú agus tá ag méadú ar an dífhostaíocht; féadfaidh téarnamh níos moille a bheith ann mar gheall ar neamhchinnteacht faoina bhfuil i ndán dúinn. Maidir leis na freagairtí tosaigh ar an ngéarchéim, bhraith siad go mór ar inniúlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha, inniúlachtaí a bhfuil difríocht mhór eatarthu de réir na mBallstát agus na réigiún, mar gheall ar na struchtúir eacnamaíocha éagsúla agus an spás fioscach. Mar thoradh ar na difríochtaí sin, féadfar go mbeidh téarnamh neamhshiméadrach ann, rud a d’fhéadfadh cur le héagothromaíochtaí réigiúnacha agus, dá bharr sin, dochar a dhéanamh don mhargadh aonair, do sheasmhacht airgeadais an Limistéir Euro agus do dhlúthpháirtíocht ár nAontais.

    Le scaipeadh an choróinvíris ó thír go tír, tá bearta nach bhfacthas a leithéid riamh tugtha isteach ag a lán rialtas chun an phaindéim a chosc, amhail gnólachtaí a dhúnadh go sealadach nó srianta forleathana a chur ar thaisteal agus ar shoghluaisteacht, agus tá neamhchinnteacht mhéadaithe ann ar na margaí airgeadais dá dheasca. Mar gheall air sin, is féidir go mbeidh laghduithe géara ar leibhéal aschuir i roinnt mhaith geilleagar, rud a fhágfaidh go mbeidh iarmhairtí sóisialta tromchúiseacha ann. D’fhéadfadh dúshláin nach beag bheith ag baint leis sin i gcás an airgeadais phoiblí sna blianta amach romhainn, rud a d’fhéadfadh dá réir sin srian a chur leis an infheistíocht phoiblí is gá le haghaidh an téarnaimh eacnamaíoch.

    Tá an Coimisiún ag beartú tograí chun leas a bhaint as lánchumhacht bhuiséad an Aontais chun infheistíocht a shlógadh agus tacaíocht airgeadais a thús‑ualú sna blianta ríthábhachtacha tosaigh den téarnamh. Is ar dhá cholún atá na tograí sin bunaithe . De pháirt amháin, cuirfidh Ionstraim Téarnaimh Eorpach borradh sealadach faoi armlón airgeadais bhuiséad an Aontais trí leas a bhaint as an tsolúbthacht i mbuiséad an Aontais chun maoiniú breise a chruinniú ar na margaí airgeadais. Den pháirt eile, beidh creat airgeadais ilbhliantúil atreisithe ann faoi chomhair 2021-2027. Tá an Coimisiún ag moladh cláir ríthábhachtacha a neartú leis an Ionstraim Téarnaimh Eorpach chun infheistíocht a threorú go tapa chuig an áit is mó a bhfuil gá leis, an margadh aonair a atreisiú, cur leis an gcomhar i réimsí amhail sláinte agus bainistiú géarchéime, agus buiséad a thabhairt don Aontas a bheadh saincheaptha chun dlús a chur leis an aistriú fadtéarmach chuig Eoraip atá níos athléimní, níos glaise agus atá digiteach.

    Baineann an togra atá ann faoi láthair leis an dara colún a luaitear thuas. Tá sé ríthábhachtach téarnamh tapa a áirithiú tar éis phaindéim COVID-19, fad is atáthar ag comhlíonadh chuspóir an Chonartha maidir le cóineasú a chur chun cinn agus éagothromaíocht a laghdú. Beidh gníomhartha saincheaptha ag teastáil chuige sin i gcomhthéacs na ngeilleagar náisiúnta agus réigiúnach. Ní mór d’infheistíochtaí beartais chomhtháthaithe ról ceannasach a bheith acu i dtaca le téarnamh a áirithiú do chách chun an bealach a réiteach faoi choinne forbairt eacnamaíoch go fadtéarmach. Gach uair a thugtar tacaíocht, ní mór béim ar leith a leagan ar na réigiúin is mó atá buailte ag an ngéarchéim agus ar lú a gcumas teacht aniar.

    Dá bhrí sin, ní mór leasuithe a mholadh ar raon feidhme agus ar chuspóirí sonracha Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (‘CFRE’) mar aon le sásra solúbtha is féidir a chur i bhfeidhm go tapa dá dtiocfadh tarlúintí eisceachtúla chun cinn as a n‑eascródh géarchéim a d'fhéadadh dochar a dhéanamh don Aontas.

    Leis an mbeartas comhtháthaithe, ceadaítear raon leathan féidearthachtaí cistiúcháin, ionas gur féidir é a chur in oiriúint d’imthosca ar leith na mBallstát agus na réigiún. Chun athléimneacht agus téarnamh foriomlán an Aontais a fheabhsú, áfach, tá sé beartaithe solúbthacht na hinfheistíochta faoi chláir chun aghaidh a thabhairt ar laigí san earnáil sláinte, feabhas a chur ar ullmhacht maidir le héigeandálaí gan choinne, cruthú post a chur chun cinn in bhfiontair bheaga agus mheánmhéide agus leas iomlán a bhaint as acmhainneacht eacnamaíoch sna hearnálacha turasóireachta agus cultúir.

    Chun feabhas a chur ar chumais chun éigeandálaí sláinte a chosc, cosaint ina gcoinne, freagairt go tapa dóibh, agus teacht aniar uathu, tá sé beartaithe infheistíochtaí chun feabhas a chur ar athléimneacht na gcóras sláinte a chlárú agus a chur chun feidhme ar bhonn cuimsitheach. Chuige sin, ní mór d’infheistíochtaí a bheith in ann gabháil níos faide ná an bonneagar cur chun feidhme agus féadfar infheistíochtaí sa trealamh agus sna soláthairtí is gá a bheith san áireamh chun a áirithiú go bhfuil athléimneacht sna córais sláinte. Thairis sin, ós rud é nach mór soláthairtí comhfhreagracha a sholáthar chun déileáil le haon ghéarchéim a thagann chun cinn, ba cheart do CRFE a bheith in ann soláthairtí airgeadais a mhaoiniú chun feabhas a chur ar athléimneacht ó thubaiste agus ar athléimneacht na gcóras sláinte. Sa chomhthéacs sin, ní mór do na Ballstáit cur chuige comhordaithe agus comhlántacht idir infheistíochtaí a áirithiú arna maoiniú ón [gClár Sláinte] agus ó CRFE.

    Beidh tionchar mór ag an dianghlasáil de bharr phaindéim COVID-19 ar na réigiúin inar mór an rannchuidú a thugann na hearnálacha cultúir agus turasóireachta do na geilleagair réigiúnacha. De réir na sonraí atá ar fáil, is é is dóichí go mbeidh na srianta taistil is déine i bhfeidhm agus an titim is mó i muinín na dtomhaltóirí sna críocha sin ar mó a spleáchas ar thurasóireacht agus ar fháilteachas. Tá sé beartaithe, dá bhrí sin, de bhreis ar na féidearthachtaí chun tacú leis an turasóireacht agus leis an gcultúr faoi chuspóirí beartais eile, cuspóir sonrach ar leith a chruthú faoi chuspóir beartais 4 chun leas a bhaint as acmhainneacht an chultúir agus na turasóireachtale feabhas a chur ar fhorbairt eacnamaíoch, cuimsiú sóisialta agus nuálaíocht shóisialta.

    Chun fás a chruthaíonn fostaíocht agus iomaíochas na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBManna) a chothú, ba cheart do chuspóirí sonracha CRFE cruthú post a léiriú i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide. Tá sé beartaithe freisin go dtacóidh CRFE le gnóthais atá i gcruachás i gcás ina mbunaítear bearta sealadacha státchabhrach mar fhreagairt ar imthosca sonracha. Tá sé sin i gcomhréir leis an gcur chuige a ghlactar faoi Chreat Sealadach an Choimisiúin maidir le bearta státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar le linn phaindéim COVID-19 atá ann faoi láthair agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cabhair de minimis a dheonú.

    Ar deireadh, ní mór na táscairí a choigeartú chun gur féidir leas a bhaint as táscairí aschuir agus tionchar a bhaineann le turasóireacht agus cultúr lasmuigh de chuspóir 5, i gcomhréir leis na leasuithe beartaithe ar an gcuspóir sonrach i dtaca le cultúr agus turasóireacht.

    Chun na ceachtanna ón ngéarchéim atá ann faoi láthair a fhoghlaim, ní mór don chreat dlíthiúil faoi chomhair beartas comhtháthaithe foráil a dhéanamh maidir le sásraí is féidir a agairt go tapa má thagann imthosca eisceachtúla chun cinn sna deich mbliana atá amach romhainn. Dá bhrí sin, tá bearta sealadacha beartaithe chun gur féidir CRFE iad a úsáid mar fhreagairt ar imthosca eisceachtúla agus neamhghnácha chun a áirithiú go soláthrófar maoluithe, faoi imthosca teoranta agus sonracha, ar rialacha áirithe chun freagairt ar na himthosca sin a éascú.

    Áirítear leo sin an fhéidearthacht chun raon feidhme na tacaíochta do CRFE a leathnú, mar shampla tacaíocht le haghaidh caipiteal oibre in FBManna i bhfoirm deontas mar aon leis an deis a thabhairt ceanglais maidir le díriú téamach a éascú nuair is gá mar bheart sealadach chun freagairt éifeachtach a sholáthar ar imthosca eisceachtúla agus neamhghnácha.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Níl i gceist leis an togra ach leasú spriocdhírithe ar an togra le haghaidh Rialachán COM(2018) 372 an 29 Bealtaine 2018 agus i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil foriomlán a bhunaítear le haghaidh na gCistí, go háirithe maidir leis an togra le haghaidh Rialachán COM(2018) 375 an 29 Bealtaine 2018 agus maidir leis an togra i dtaca lena leasú.

    I dteannta an togra leasaithe le haghaidh Rialachán COM(2018) 375 an 29 Bealtaine 2018, is é atá ann modh chun tacú le téarnamh eacnamaíoch agus le sásra maidir le freagairt i gcás géarchéime faoi rialacha an bhainistithe chomhroinnte i gcás tarlúintí eisceachtúla as a n‑eascraíonn géarchéim ar leibhéal an Aontais.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Níl i gceist leis an togra ach leasuithe spriocdhírithe ar an togra le haghaidh Rialachán COM(2018) 372 an 29 Bealtaine 2018 agus tá sé comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais agus go háirithe, cuirtear comhlántacht agus sineirgí leis an gClár Sláinte chun cinn leis.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Tá an togra bunaithe ar Airteagal 177, 178 agus Airteagal 349 CFAE.

    Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

    Tugtar isteach leis an togra solúbthacht bhreise le haghaidh cláraithe, ionas gur féidir le Ballstáit moladh a dhéanamh i dtaca leis na hidirghabhálacha is fearr a thugann aghaidh ar iarmhairtí eacnamaíocha na géarchéime arb í paindéim COVID-19 is cúis leis agus tacú leis an téarnamh eacnamaíoch le haghaidh na réigiún go léir. Tugtar isteach leis freisin, faoi rialacha an bhainistithe chomhroinnte, sásra chun freagairt i gcás géarchéime i bhfoirm cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún ar mhaithe lena áirithiú, faoi imthosca eisceachtúla, gur féidir maolaithe sealadacha a sholáthar chun freagairt do na himeachtaí sin.

    Comhréireacht

    Is é atá sa togra seo athrú teoranta agus spriocdhírithe nach dtéann thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a ghnóthú maidir le solúbthachtaí breise a sholáthar i dtaca le raon feidhme agus cuspóirí CRFE is gá chun tacú leis an téarnamh eacnamaíoch agus chun ullmhú faoi choinne tarlúintí eisceachtúla as a n‑eascróidh géarchéim ar leibhéal an Aontais sa todhchaí.

    An rogha ionstraime

    Déanann an togra leasú ar thogra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    Neamhbhainteach

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Ní dhearnadh aon chomhairliúchán le páirtithe leasmhara seachtracha. Mar sin féin, tá an togra ag teacht as dianchomhairliúcháin leis na Ballstáit agus le Parlaimint na hEorpa le cúpla seachtain anuas, dianchomhairliúcháin a bhaineann le hiarmhairtí eacnamaíocha na géarchéime arb í paindéim COVID-19 is cúis léi.

    Bailiú agus úsáid saineolais

    Neamhbhainteach

    Measúnú tionchair

    Rinneadh measúnú tionchair chun an togra a ullmhú le haghaidh Rialachán COM(2018) 372 an 29 Bealtaine 2018. Ní theastaíonn measúnú tionchair ar leithligh i gcás na n‑athruithe teoranta agus spriocdhírithe seo.

    Oiriúnacht rialála agus simpliú

    Neamhbhainteach

    Cearta bunúsacha

    Neamhbhainteach

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Chun an modhnú atá beartaithe a dhéanamh, ní gá aon athrú a dhéanamh ar an togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leagtar síos creat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2021 go 2027 an 2 Bealtaine 2018 (COM(2018) 322). Maidir le méideanna le haghaidh CRFE agus le haghaidh an Chiste Chomhtháthaithe faoi choinne na tréimhse 2021-2027, fanann siad gan athrú.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Déanfar faireachán agus tuairisciú ar chur chun feidhme na mbeart faoi chuimsiú na sásraí tuairiscithe ginearálta a bunaíodh leis an togra le haghaidh Rialachán COM(2018) 375 an 29 Bealtaine 2018 agus an togra le haghaidh Rialachán COM(2018) 372 an 29 Bealtaine 2018.

    Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

    Neamhbhainteach

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Tá sé beartaithe an togra le haghaidh Rialachán (AE) 2018/372 an 29 Bealtaine 2018 a leasú mar seo a leanas:

    (1)Déantar modhnú ar Airteagal 2(1)(a)(iii) ionas go gcumhdaítear cruthú post le teideal an chuspóra shonraigh;

    (2)Déantar modhnú ar Airteagal 2(1)(d)(ii) ionas go náirithítear athléimneacht faoi choinne cianoideachais agus oideachas agus oiliúint ar líne;

    (3)Déantar modhnú ar Airteagal 2(1)(d)(iv) ionas go gcumhdaítear athléimneacht na gcóras sláinte le teideal an chuspóra shonraigh;

    (4)cuirtear cuspóir nua sonrach maidir le cultúr agus turasóireacht isteach mar phointe nua (v) in Airteagal 2(1)(d);

    (5)in Airteagal 4(1), cuirtear fomhír nua isteach chun incháilitheacht a áirithiú i dtaca leis na soláthairtí criticiúla is gá le haghaidh athléimneachta i gcás sláinte nó tubaiste;

    (6)Déantar modhnú ar Airteagal 6(1)(d) chun gur féidir CRFE tacú le gnóthais i gcruachás i gcás ina mbunaítear bearta Státchabhrach sealadacha mar fhreagairt ar imthosca sonracha;

    (7)cuirtear Airteagal 11a nua leis ionas gur féidir bearta sealadacha a dhéanamh lena bhféadfaí síneadh spriocdhírithe a chur le raon feidhme CRFE, amhail caipiteal oibre in FBManna i bhfoirm deontas, chomh maith le maolú a dhéanamh ó cheanglais maidir leis an díriú téamach agus ón leithdháileadh íosta le haghaidh forbairt uirbeach inbhuanaithe i gcás imthosca eisceachtúla agus neamhghnácha i gcomhthéacs an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis;

    (8)Déantar modhnú ar Iarscríbhinn I chun gur féidir leas a bhaint as táscairí aschuir agus toraidh a bhaineann le turasóireacht agus cultúr lasmuigh de chuspóir beartais 5.

    2018/0197 (COD)

    Togra leasaithe le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (‘CFRE’) agus an Ciste Comhtháthaithe (CC)

    Leasaítear togra COM(2018) 372 ón gCoimisiún mar seo a leanas:

    (1)cuirtear isteach aithris (7a) seo a leanas:

    “Ós rud é gurb iad na fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) cnámh droma an gheilleagair Eorpaigh, ba cheart do CRFE leanúint de bheith ag tacú le forbairt FBManna trí chur lena bhfás agus lena n‑iomaíochas. De bhreis air sin, agus ag cur san áireamh thionchar phaindéim COVID-19, tionchar a d’fhéadfadh a bheith tromchúiseach, nó aon ghéarchéim eile a d’fhéadfadh a bheith tromchúiseach sa todhchaí agus a mbeadh tionchar aige ar ghnólachtaí agus ar fhostaíocht, ba cheart do CRFE tacú le téarnamh ón ngéarchéim sin trí thacú le cruthú post i gcás FBManna.”;

    (2)cuirtear isteach aithris (10a) seo a leanas:

    “(10a) Chun ullmhacht a neartú le haghaidh cianoideachas agus oideachas agus oiliúint ar líne atá cuimsitheach ar bhonn sóisialta, ba cheart do CRFE ina chúram chun feabhas a chur ar rochtain ar sheirbhísí cuimsitheacha agus ardcháilíochta san oideachas, san oiliúint agus san fhoghlaim ar feadh an tsaoil, go háirithe rannchuidiú le hathléimneacht faoi choinne cianfhoghlaim agus foghlaim ar líne. Na hiarrachtaí chun leanúnachas san oideachas agus san oiliúint a áirithiú le linn phaindéim COVID-19, nocht siad easnaimh thábhachtacha sa rochtain ar threalamh TFC agus nascacht is gá ag foghlaimeoirí ó chúlra atá faoi mhíbhuntáiste agus i réigiúin iargúlta. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do CRFE tacú le trealamh TFC agus nascacht a chur ar fáil, rud a chothódh athléimneacht na gcóras oideachais agus oiliúna faoi choinne cianfoghlama agus fhoghlaim ar líne.”;

    (2)Cuirtear isteach aithris (10b) seo a leanas:

    “(10b) Chun acmhainneacht na gcóras sláinte poiblí a neartú le héigeandálaí sláinte a chosc, freagairt dóibh go tapa, agus teacht aniar uathu, ba cheart do CRFE rannchuidiú le hathléimneacht na gcóras sláinte freisin. De bhreis air sin, toisc gur nocht paindéim COVID-19 a thábhachtaí atá sé soláthairtí criticiúla a bheith ar fáil láithreach chun freagairt éifeachtach ar éigeandáil a sholáthar, ba cheart raon feidhme na tacaíochta do CRFE a leathnú chun gur féidir na soláthairtí atá ag teastáil a cheannach chun athléimneacht ó thubaistí a neartú agus chun athléimneacht na gcóras sláinte a neartú. Gach uair a bhíonn soláthairtí á gceannach chun athléimneacht na gcóras sláinte a neartú, ba cheart dóibh a bheith comhsheasmhach le straitéis na sláinte náisiúnta agus gan dul níos faide ná an straitéis sin agus comhlántachtaí leis an [gClár Sláinte] a áirithiú, mar aon leis na hinniúlachtaí rescEU faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta.”;

    (3)Cuirtear isteach aithris (10c) seo a leanas:

    “(10c) Chun gur féidir tacú leis na geilleagair réigiúnacha atá an‑spleách ar na hearnálacha turasóireachta agus cultúir, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le cuspóir sonrach tiomnaithe. Leis sin, d’fhéadfaí lánleas a bhaint as an gcultúr agus as an turasóireacht le haghaidh téarnamh eacnamaíoch, cuimsiú sóisialta agus nuálaíocht shóisialta, gan dochar do na féidearthachtaí chun tacaíocht a sholáthar ó CRFE do na hearnálacha sin atá faoi chuspóirí sonracha eile.”;

    (4)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad aithris 21:

    “(21) San am céanna, is tábhachtach soiléiriú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí atá lasmuigh de raon feidhme CFRE agus an Chiste Comhtháthaithe, ar a n‑áirítear infheistíochtaí dar sprioc laghdú a chur ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa, ó na gníomhaíochtaí atá liostaithe in Iarscríbhinn I de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, d’fhonn dúbailt a sheachaint ar mhaoiniú atá ar fáil cheana mar chuid den Treoir sin. Níor cheart CRFE nó an Ciste Comhtháthaithe ach an oiread tacú le gnóthais i gcruachás mar a shainítear iad i Rialachán (AE) Uimh 651/2014(**) ón gCoimisiún, ach amháin má fhaigheann siad údarú chuige sin faoi chreat Státchabhrach a bunaíodh chun aghaidh a thabhairt ar imthosca eisceachtúla. Ina theannta sin, maidir leis na tíortha thar sáile agus na críocha atá liostaithe in Iarscríbhinn II CFAE, is ceart a leagan amach go follasach nach bhfuil na tíortha agus na críocha sin i dteideal tacaíocht ó CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe.

    _____________

    (*) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

    (**) Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).”;

    (5)cuirtear isteach aithris (27a) seo a leanas:

    “(27a) Chun gur féidir mearfhreagairt a thabhairt ar imthosca eisceachtúla agus neamhghnácha dá dtagraítear sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis agus a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na tréimhse cláraithe, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le bearta sealadacha chun úsáid na gCistí ó CRFE a éascú mar fhreagairt ar na himthosca sin. Thairis sin, ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme maidir leis na bearta sealadacha chun na Cistí a úsáid mar fhreagairt ar imthosca eisceachtúla a ghlacadh gan nósanna imeachta an choiste ós rud é gurb é an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a chinneann raon feidhme an iarratais agus go bhfuil sé teoranta do na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo”;

    (6)in Airteagal 2, leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (a)i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iii):

    “(iii) cur le fás agus le hiomaíochas na FBManna agus cruthú post sna FBManna;”;

    (b)leasaítear pointe (d) mar a leanas:

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad (i) phointe (ii)

    “(ii) feabhas a chur ar sheirbhísí cuimsitheacha agus ardcháilíochta san oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil trí bhonneagar a fhorbairt, lena n‑áirítear trí athléimneacht a chothú faoi choinne cianoideachais agus oideachas agus oiliúint ar líne;”;

    (ii)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iv):

    “(iv) rochtain chomhionann ar an gcúram sláinte a áirithiú agus athléimneacht na gcóras sláinte a chothú;”;

    (iii)    cuirtear an pointe (v) seo a leanas léi:

    “(v) cur le ról an chultúir agus na turasóireachta san fhorbairt eacnamaíoch, sa chuimsiú sóisialta agus sa nuálaíocht shóisialta;”;

    (7)in Airteagal 4 (1), cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    “Chun rannchuidiú leis an gcuspóir sonrach faoi PO 2 atá leagtha amach i bpointe (b)(iv) d’Airteagal 2(1) agus leis an gcuspóir sonrach faoi PO 4 leagtha amach i bpointe (d) (iv) den Airteagal sin, tacóidh CRFE le ceannach na soláthairtí is gá le hathléimneacht na gcóras sláinte a neartú agus le hathléimneacht ó thubaistí a neartú.”;

    (8)in Airteagal 6 (1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

    (d) gnóthais atá i gcruachás, mar a shainítear in Airteagal 2(18) de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún, mura dtugtar údarú faoi chreat státchabhrach sealadach a bunaíodh chun aghaidh a thabhairt ar imthosca eisceachtúla;”;

    (9)Cuirtear Caibidil IIa seo a leanas isteach:

    CAIBIDIL IIa

    Bearta sealadacha mar fhreagairt ar imthosca eisceachtúla agus neamhghnácha

    Airteagal 11a

    Bearta sealadacha chun CRFE a úsáid mar fhreagairt ar imthosca eisceachtúla agus neamhghnácha

    I gcás, tar éis [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin sin], inar aithin an Chomhairle gur tharla imeacht neamhghnách lasmuigh de smacht an Bhallstáit lena mbaineann, imeacht a bhfuil tionchar mór aige ar sheasamh airgeadais an rialtais ghinearálta nó a n‑eascraíonn mórshleabhcadh eacnamaíoch as i gcás an limistéir euro nó i gcás an Aontais ina iomláine dá dtagraítear sa deichiú fomhír d’Airteagal 5(1), an ceathrú fomhír d’Airteagal 6(3), an deichiú fomhír d’Airteagal 9(1) agus an ceathrú fomhír d’Airteagal 10(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97(*) nó i gcás ina dtarlaíonn imeachtaí eacnamaíocha díobhálacha gan choinne a bhfuil mór-iarmhairtí mífhabhracha acu ar airgeadas rialtais dá dtagraítear sna hAirteagail 3(5) agus 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97(**), is féidir leis an gCoimisiún, trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme agus le haghaidh na tréimhse a shainítear sa chinneadh sin:

    (c)raon feidhme na tacaíochta le haghaidh CRFE a leathnú, de mhaolú ar Airteagal 4 chun tacú le bearta a bhfuil dianghá leo chun freagairt do na himthosca eisceachtúla nó neamhghnácha, go háirithe trí chaipiteal oibre i cás FBManna i bhfoirm deontas;

    (d)laghdú a dhéanamh ar na ceanglais maidir le díriú téamach agus ar na ceanglais maidir le leithdháileadh íosta a bunaíodh le haghaidh forbairt uirbeach inbhuanaithe, de mhaolú ar Airteagal 3 agus Airteagal 9(2).

    _____________

    (*) Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997  maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú  (IO L 209, 2.8.1997, lch. 1).

    (**) Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L 209, 2.8.1997, lch. 6).”;

    (10)Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an togra seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    Top

    An Bhruiséil,28.5.2020

    COM(2020) 452 final

    IARSCRÍBHINN

    a ghabhann leis an

    togra leasaithe le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (‘CFRE’) agus an Ciste Comhtháthaithe (CC)


    IARSCRÍBHINN

    In Iarscríbhinn I a ghabhann le togra COM(2018) 372 ón gCoimisiún, leasaítear Tábla 1 mar seo a leanas:

    (1)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an táscaire ‘RCO 77 - Acmhainneacht an bhonneagair cultúir agus turasóireachta dá dtugtar tacaíocht’:

    ‘RCO 77 - acmhainneacht an bhonneagair cultúir agus turasóireachta dá dtugtar tacaíocht*’

    (2)     cuirtear an méid seo a leanas in ionad an táscaire ‘RCR 78 - Úsáideoirí a bhaineann tairbhe as bonneagar cultúir dá dtugtar tacaíocht’:

    ‘RCR 78 - Úsáideoirí a bhaineann tairbhe as bonneagar cultúir dá dtugtar tacaíocht*’

    Top