Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0370

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse (Líne Bhuiséid 02 04 77 03 - an Réamhbheart maidir le taighde cosanta)

COM/2020/370 final

An Bhruiséil,13.8.2020

COM(2020) 370 final

2020/0173(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse

(Líne Bhuiséid 02 04 77 03 - an Réamhbheart maidir le taighde cosanta)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is é is aidhm don Dréachtchinneadh ó Chomhchoiste an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) (atá i gceangal leis an gCinneadh ón gComhairle atá beartaithe) Prótacal 31 a ghabhann le comhaontú LEE maidir le “comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse” a leasú. Tá gá leis sin chun go gceadófar do Stáit CSTE LEE leanúint de bheith rannpháirteach i Réamhbheart an Aontais maidir le Taighde Cosanta (“an Réamhbheart” anseo feasta) sa bhliain airgeadais 2020.

Ós rud é nár léirigh Lichtinstéin ná an Íoslainn gur spéis leo a bheith rannpháirteach sa Réamhbheart sin, baineann an Dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE leis an Iorua amháin.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Foráiltear in Airteagal 78 de Chomhaontú LEE go ndéanfaidh na Páirtithe Conarthacha an comhar laistigh de chreat ghníomhaíochtaí an Aontais a neartú agus a leathnú i réimsí an taighde agus na forbartha teicneolaíochta. Maoiníonn an Coimisiún taighde agus forbairt shibhialta nó dhé-úsáide amháin faoi láthair tríd an gclár Fís 2020 agus measann sé gur ionstraim thábhachtach é an Réamhbheart chun breisluach an taighde ar chosaint a chistítear ó bhuiséad an Aontas a thástáil. 

Ghlac an Iorua páirt sa Réamhbheart cheana an bhliain roimhe seo, 2019. Ina theannta sin, in 2014 (i) chomhaontaigh an Iorua Comhaontú Comhair leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint agus (ii) comhcheanglaíodh an Treoir ábhartha maidir le Soláthar Cosanta agus Slándála (2009/81/CE) i gComhaontú LEE.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an taighde cosanta comhoibríoch ar theicneolaíochtaí, táirgí agus seirbhísí nuálacha ríthábhachtach chun iomaíocht fhadtéarmach na hearnála cosanta agus, i ndeireadh na dála, uathriail straitéiseach na hEorpa a choimirciú. Dá bhrí sin, tacaíonn an comhar leis an Iorua le hiarrachtaí an Aontais sa réimse sin.

Aithníonn an Coimisiún gur cuid dá bheartais a bhaineann leis an margadh inmheánach, tionsclaíocht agus taighde é an Réamhbheart. Dá bhrí sin, tá doimhniú an chomhair sa réimse sin i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú LEE.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é is bunús dlí don togra seo Airteagail 58(2)(b), 110(1) agus Airteagal 181 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/EU agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 1 , i gcomhréir le hAirteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus le hAirteagal 1(3) den Rialachán ón gComhairle (CE) 2894/94 2 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme Chomhaontú LEE ina bhforáiltear gurb í an Chomhairle a chinneann, ar thogra ón gCoimisiún, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir le Cinntí den chineál sin.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlachtaí neamheisiacha)

Comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta ar an gcúis seo a leanas:

Is é is cuspóir don togra seo leanúint den chomhar le Stáit CSTE LEE i réimse an taighde chosanta trína rannpháirtíocht sa Réamhbheart a mhaoinítear ó bhuiséad an Aontais, agus ós rud é nach féidir leis na Ballstáit féin an cuspóir sin a ghnóthú go leordhóthanach, is fearr, de bharr na n‑éifeachtaí, é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais.

Comhréireacht

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní théann an togra seo thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóir a ghnóthú – is é sin an comhar laistigh de chreat ghníomhaíochtaí an Aontais a neartú agus a leathnú i réimsí an taighde agus na forbartha teicneolaíochta.

An rogha ionstraime

I gcomhréir le hAirteagal 98 de Chomhaontú LEE, is é an Cinneadh ó Chomhchoiste LEE an ionstraim a roghnaíodh. Áiritheoidh Comhchoiste LEE cur chun feidhme agus oibriú éifeachtach Chomhaontú LEE. Chuige sin, glacfaidh sé cinntí sna cásanna dá bhforáiltear i gComhaontú LEE.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Neamhbhainteach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Déanfaidh an Iorua ranníocaíochtaí i leith líne Bhuiséid 02 04 77 03: “An Réamhbheart maidir le Taighde Cosanta”. Socrófar an méid cruinn tar éis ghlacadh an Chinnidh seo ón gComhairle.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

I gcomhréir le beartas buiséadach an Aontais, ní féidir a bheith rannpháirteach in aon ghníomhaíocht de chuid an Aontais go dtí go n‑íocfar an ranníocaíocht airgeadais chomhfhreagrach. Is féidir an ranníocaíocht a dhéanamh, áfach, tar éis ghlacadh an Dréachtchinnidh seo ón gComhairle agus tar éis don Choimisiún Eorpach glao an Aontais ar chistí a bhunú agus é a chur faoi bhráid Stáit CSTE LEE.

Dá bhrí sin, chun an bhearna a líonadh le haghaidh na tréimhse idir mí Eanáir 2020 agus an t‑am a gheofar an ranníocaíocht thuasluaite, beidh feidhm chúlghabhálach ag an Dréachtchinneadh ón gComhchoiste ó mhí Eanáir 2020 ar aghaidh.

Leis an gcúlghabhálacht sin, ní dhéantar difear do chearta agus d'oibleagáidí na ndaoine lena mbaineann, agus déantar prionsabal an ionchais dhlisteanaigh a urramú.

2020/0173 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse

(Líne Bhuiséid 02 04 77 03 - an Réamhbheart maidir le taighde cosanta)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 218(9) de,

Ag féachaint don Rialachán ón gComhairle (AE) 2894/94 an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch 3 , agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) 1296/2013, (AE) 1301/2013, (AE) 1303/2013, (AE) 1304/2013, (AE) 1309/2013, (AE) 1316/2013, (AE) 223/2014, (AE) 283/2014, agus Cinneadh 541/2014/AE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, 4 agus go háirithe Airteagail 58(2)(b), 110(1) agus Airteagal 181 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch 5 ('Comhaontú LEE') i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, inter alia, a leasú.

(3)I bPrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, tá forálacha maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse.

(4)Leanfaidh Stáit CSTE de bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an Aontais a bhaineann le líne bhuiséid 02 04 77 03 (an Réamhbheart maidir le taighde cosanta), a iontráladh i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh le haghaidh na bliana airgeadais 2020.

(5)Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú ionas go mbeifear in ann leanúint den chomhar leathnaithe sin ón 1 Eanáir 2020 ar aghaidh.

(6)Ba cheart seasamh an Aontais laistigh de Chomhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh atá i gceangal,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atáthar a bheartú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, bunófar an seasamh sin ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá ceangailte leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 193, 30.07.2018, lch.1
(2)    IO L 305, 30.11.1994, lgh. 6-8
(3)    IO L 305, 30.11.1994, lgh. 6–8.
(4)    IO L 193, 30.07.2018, lch.1
(5)    IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.
Top

An Bhruiséil,13.8.2020

COM(2020) 370 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse






(Líne Bhuiséid 02 04 77 03 - an Réamhbheart maidir le taighde cosanta)


IARSCRÍBHINN

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE

Uimh. […]

de […]

lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE,  maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chonradh ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú LEE”), agus go háirithe Airteagail 86 agus 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is iomchuí leanúint de chomhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE i ngníomhaíochtaí an Aontais a chistítear ó bhuiséad ginearálta an Aontais agus a bhaineann leis an réamhbheart maidir le taighde cosanta.

(2)Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú ionas go mbeifear in ann an comhar leathnaithe sin a chur ar siúl ó 1 Eanáir 2020,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I mír 13(a) d'Airteagal 1 de Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, cuirtear na focail “2019 agus 2020” in ionad na bhfocal “agus 2019”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá tar éis an fhógra dheireanaigh faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE 1*.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2020.

Airteagal 3

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.



Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann Chomhchoiste LEE

   An tUachtarán

   Rúnaithe

   Chomhchoiste LEE

(1) *    [Ní shonraítear aon cheanglais bhunreachtúla.]
Top