AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,29.4.2020
COM(2020) 177 final
2020/0067(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/352 a chuireann ar a gcumas do chomhlachtaí bainistíochta, nó d’údaráis inniúla, solúbthacht a chleachtadh faoi mar is gá i leith thobhach na muirear bonneagair calafoirt i gcomhthéacs ráige COVID-19
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat maidir le seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais na gcalafort (dá ngairfear anseo feasta ‘Rialachán (AE) 2017/352’). Faoi Airteagal 13 den Rialachán sin, tá de cheangaltas ar na Ballstáit a áirithiú go ndéantar muirear ar bhonneagar calafoirt a thobhach.
Tá ráig COVID-19 ag dul i gcion go mór ar an iompar ar muir agus ar inbhuanaitheacht airgeadais na n‑oibreoirí. Muirir bonneagair na gcalafort a chur ar fionraí nó a chur siar, b’fhéidir sin ina chúnamh d’oibreoirí long faoi na dálaí eisceachtúla seo.
Faoi Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2017/352, tá de cheanglas ar na Ballstáit a áirithiú go dtoibhítear muirear calafoirt.
Tá sainmhíniú in Airteagal 2(9) de Rialachán (AE) 2017/352 ar an rud is muirear ar bhonneagar calafoirt ann: “muirear a thoibhítear, chun tairbhe dírí nó neamhdhírí do chomhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó don údaráis inniúil, as bonneagar, saoráidí agus seirbhísí a úsáid, lena n‑áirítear na huiscebhealaí a thugann rochtain ar an gcalafort lena mbaineann, chomh maith le rochtain ar phróiseáil na bpaisinéirí agus an lastais, ach lena n‑eisiaitear rátaí agus muirir léasa talún a bhfuil éifeacht choibhéiseach iontu.”
Is comhlacht bainistíochta nó calafort nó údarás inniúil a thoibhíonn na muirir ar úsáideoirí na gcalafort i.e. úinéirí loinge nó oibreoirí.
Foráiltear le hAirteagal 13(4) de Rialachán (AE) 2017/352 gur féidir éagsúlacht sna muirir, inter alia, i gcás catagóirí áirithe úsáideoirí, ach ní den chead atá ag comhlacht bainistíochta calafoirt ná ag údarás inniúil na muirir bonneagair calafoirt a mhaitheamh d’úsáideoirí uile an chalafoirt, ná iad a chur ar fionraí, a laghdú ná a chur siar.
Maidir leis an bhforáil idirthréimhseach nua, fágfaidh sí go mbeidh sé de rogha ag na Ballstáit ligean do chomhlachtaí bainistíochta calafoirt nó d’údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh i leith na híocaíochta mar a leanas:
–í a mhaitheamh (a cheadú i.e. gan an íocaíocht a iarraidh ar chor ar bith); nó
–í a chur ar fionraí (an íocaíocht a chalcadh nó a chur ar coimeád go ceann tamaill is cinnte); nó
–í a laghdú (an íocaíocht a dhéanamh níos saoire); nó
–íocaíocht na dtáillí bonneagar calafoirt a chur siar (gan an íocaíocht a éileamh ach uair is faide anonn).
Ós amhlaidh nach fios cá fhad a mhairfidh tionchar ráig COVID-19 ar an iompar ar muir, agus d’fhonn roinnt solúbthachta a thabhairt i bhfeidhm san earnáil, is le haghaidh na tréimhse idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Nollaig 2020 a chuirfear i bhfeidhm an fhoráil idirthréimhseach nua maidir le muirir ar bhonneagar.
Tá foráil in Airteagal 13(5) de Rialachán (AE) 2017/352 mar a leanas: Áiritheoidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t‑údarás inniúil, go gcuirfear úsáideoirí an bhonneagair chalafoirt ar an eolas dhá mhí roimh an dáta a thiocfaidh na hathruithe sin i bhfeidhm ar a laghad maidir le haon athruithe a dhéantar ar chineál nó ar leibhéal na muirear ar an mbonneagar calafoirt.
Ba cheart an ceanglas maidir le fógra “dhá mhí ar a ghiorra” a chur ar ceal faoi dhálaí eisceachtúla amhail atá de dheasca ghéarchéim an choróinvíris i láthair na huaire. An leasú atá beartaithe dá bhrí sin, is leasú é a thugann de rogha do chomhlachtaí bainistíochta calafoirt nó d’údaráis inniúla gan géilleadh don fhógra “dhá mhí ar a ghiorra” faoi dhálaí eisceachtúla, ach fógra is giorra ná sin a thabhairt, fógra ama arb é comhlacht bainistíochta an chalafoirt nó an t‑údarás inniúil a shocróidh é.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais seo
De réir Rialachán (AE) 2017/352, ní foráil go bhféadfaidh na calafoirt muirir bonneagair calafoirt a mhaitheamh, a chur ar fionraí, a laghdú ná a chur siar faoi dhálaí eisceachtúla, an sliocht atá ar ráig COVID-19 cuir i gcás. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán a leasú ionas go bhféadfar éifeachtaí na géarchéime reatha a mhaolú agus deimhneacht dlí a thabhairt do na Ballstáit, dá n‑údaráis inniúla agus do dhaoine aonair ina measc.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Feidhmiú éifeachtach an iompair ar muir, is rud é atá ag brath ar fheidhmíocht eacnamaíochta na n‑oibreoirí long. An dochar a dhéanfaidh ag ráig seo COVID-19 d’oibreoirí long ó thaobh na heacnamaíochta de, is dochar do shláinte airgeadais na n‑oibreoirí sin é, agus dochar a ghoillfidh go mór ar an gcóras iompair agus ar an ngeilleagar ina n‑iomláine. An leasú ar Rialachán 2017/352 a cheadódh do na Ballstáit solúbthacht a thabhairt do chomhlachtaí bainistíochta calafoirt nó do na húdaráis inniúla le go gcinnfí leo muirir bonneagair an chalafoirt a mhaitheamh, a chur ar fionraí, a laghdú nó a chur siar, is leasú é ba chúnamh i réiteach na faidhbe seo. Na forálacha a ghlactar, beidh ar na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonann na siad na rialacha maidir le Státchabhair.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is ar Airteagal 100(2)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ("CFAE") atá an togra sin bunaithe. Ceadaíonn an fhoráil sin dóibh na forálacha iomchuí uile le haghaidh an iompair ar muir a ghlacadh, agus is í an fhoráil sin ba bhonn faoi ghlacadh Rialachán (AE) 2017/352.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Ar na cúiseanna seo a leanas, ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach go leordhóthanach. De réir Rialachán (AE) 2017/352, ar chúiseanna mar a luaitear anseo, ní cead le Ballstáit ligean do na calafoirt na muirir bonneagair a mhaitheamh, a chur ar fionraí, a laghdú, ná a chur siar. Sin cuspóir nach féidir a thabhairt in inmhe ach le leasú ar an Rialachán.
•An Chomhréireacht
Tá teorainn ama leis an togra, agus ní théann sé thar gach is riachtanach leis an gcuspóir seo a leanas a thabhairt in inmhe: tionchar ráig seo COVID-19 a mhaolú, chomh fada agus a bhaineann sé le Rialachán (AE) 2017/352. Dá bhrí sin, an fhoráil atá a beartú, is comhréireach an fhoráil atá ann.
•An rogha ionstraime
Ós leasú atá an gníomh dlíthiúil a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2017/352, Rialachán is ea an ionstraim dlí iomchuí.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Is foráil phráinneach atá anseo, agus is é ráig COVID-19 is cúis léi, ráig a tháinig aniar aduaidh ar an saol go tobann. Ar an ábhar sin, ní bhaineann an beart leis an gclár um oiriúnacht rialála, agus ní dhearnadh aon mheastóireacht ex-post.
•Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara
Ó tharla práinn mhór leis an gceist, níor chuathas i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara go foirmiúil. Mar sin féin, tá bearta fógartha cheana ag cuid de na húdaráis agus na calafoirt sna Ballstáit, bearta atá cosúil leis na bearta atá á mbeartú.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Faoi mar a míníodh cheana, níorbh fhéidir an bailiú saineolais a dhéanamh go cuí óir is práinneach an cás atá ann.
•Measúnú tionchair
Ó tharla oiread práinne ann, níorbh fhéidir measúnú tionchair a dhéanamh.
•Cearta bunúsacha
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Níl aon socrú ar leith sa bheart seo maidir le faireachán ná le tuairisciú. Mar sin féin, iarrfar ar na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar úsáid na mbeart d’fhonn tuarascáil a ullmhú i gcomhair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 24 Márta 2023, tuarascáil faoi fheidhmiú agus éifeacht an Rialacháin, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2017/352.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Is alt nua atá in alt 3, alt a cuireadh le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/352. Maidir leis an bhforáil nua, ainneoin na forálacha atá in Airteagal 13(1), tugann sí deis do na Ballstáit ligean do chomhlachtaí bainistíochta calafoirt nó d’údaráis inniúla na muirir bonneagar calafoirt a mhaitheamh, a chur ar fionraí, a laghdú nó a chur siar más táillí iad ba dhlite i rith na tréimhse an 1 Márta 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020. An maitheamh sin, an cur ar fionraí, an cur siar nó an laghdú ar mhuirir bonneagair calafoirt, ní mór a ndeonú gan fabhar gan leatrom go trédhearcach oibiachtúil do na húsáideoirí calafoirt uile a ngearrtar muirir bonneagair calafoirt orthu. Chomh maith leis sin, tugann an fhoráil nua deis do chomhlachtaí bainistíochta calafoirt, nó d’údaráis inniúla, gan géilleadh don fhógra “dhá mhí ar a ghiorra” a leagtar síos in Airteagal 13(5) de Rialachán (AE) 2017/352.
2020/0067 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/352 a chuireann ar a gcumas do chomhlachtaí bainistíochta, nó d’údaráis inniúla, solúbthacht a chleachtadh faoi mar is gá i leith thobhach na muirear bonneagair calafoirt i gcomhthéacs ráige COVID-19
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tá ráig COVID-19 ag dul i gcion go mór ar an iompar earraí ar muir. Ón 1 Márta i leith, an tionchar mór tromchúiseach a bhí ag an ráig ar an iompar ar muir agus ar bhonneagar na gcalafort, is rud é atá go mór i gceist, agus is dóigh gurb amhlaidh a bheidh i rith 2020. Táillí bonneagair na gcalafort a mhaitheamh, a chur ar fionraí, a laghdú nó a chur siar, is rud é dá bhrí sin a dtarlódh dó rannchuidiú le caomhnú a dhéanamh ar oibríocht airgeadais na n‑oibreoirí loinge faoi na dálaí eisceachtúla seo.
(2)De réir Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, tá de cheangaltas ar na Ballstáit a áirithiú gur comhlacht bainistíochta calafoirt nó údarás inniúil a thoibheoidh na muirir bhonneagar calafoirt. Níl aon díolúine ann ó oibleagáid seo thobhach na muirear, fiú faoi dhálaí eisceachtúla.
(3)I bhfianaise na n‑iarmhairtí atá ar an ráig COVID-19, is iomchuí ligean do na Ballstáit deis a thabhairt do chomhlachtaí bainistíochta calafoirt, nó do na húdaráis inniúla, na muirir bonneagair calafoirt atá dlite i rith na tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Nollaig a mhaitheamh, a chur ar fionraí, a laghdú nó a chur siar. An maitheamh sin, an cur ar fionraí, an cur siar nó an laghdú ar tháille bonneagair calafoirt, ní mór a ndeonú gan fabhar gan leatrom go trédhearcach oibiachtúil do na húsáideoirí calafoirt uile a ngearrtar muirir bonneagair calafoirt orthu.
(4)Ós práinneach atá, is iomchuí fós deis a thabhairt do chomhlachtaí bainistíochta calafoirt, nó do na húdaráis inniúla, gan géilleadh don oibleagáid dá bhforáiltear in Airteagal 13(5) de Rialachán (AE) 2017/352, agus eolas faoi na hathruithe cineáil nó leibhéil sna táillí bonneagar calafoirt a chur ar a súile d’úsáideoirí an chalafoirt dhá mhí ar a ghiorra sula dtagann na hathruithe sin i bhfeidhm.
(5)Ós amhlaidh is gá leasú ar Rialachán (AE) 2017/352 i gcomhair chuspóir an Rialacháin seo, i bhfianaise na práinne atá ann de dheasca na ráige COVID-19, tharlódh don Aontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta faoi mar a leagtar amach é in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
(6)I bhfianaise na práinne atá ann de dheasca na ndálaí eisceachtúla arb í ráig COVID-19 is cúis leo, rud is údar maith do na bearta atá beartaithe, agus rud is sainiúla ná sin ós tapa is mithid na bearta a ghlacadh ar mhaithe le hoibriú airgeadais na n‑oibreoirí loinge, is iomchuí díolúine ón tréimhse ocht seachtaine a chur i bhforáil, tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 ar ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach.
(7)Ráig COVID-19, ráig a tháinig aniar aduaidh ar an saol go tobann, maille leis na himeachtaí ábhartha dlí is gá um ghlacadh na mbeart ábhartha, is ráig í a d’fhág nárbh fhéidir bearta dá leithéid a ghlacadh in am. Ar an ábhar sin, ba cheart d’fhorálacha an Rialacháin seo na muirir ba dhlite roimh theacht i bhfeidhm dó a thabhairt faoina scáth chomh maith. I bhfianaise gach is cineál do na forálacha seo, ní ceart gurb é toradh a bheadh ar chur chuige mar seo sarú ar ionchas dlisteanach na ndaoine lena mbaineann.
(8)Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/352, cuirtear isteach an mhír seo a leanas leis:
“3. De mhaolú ar Airteagal 13(1), féadfaidh na Ballstáit ligean do chomhlacht bainistíochta calafoirt, nó don údarás inniúil, gan muirear ar bhonneagar calafoirt a thobhach, nó gan an muirear a chur ar fionraí, nó gan é a laghdú nó a chur siar, muirir is dlite le haghaidh na tréimhse an 1 Márta 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020. An maitheamh sin, an cur ar fionraí, an cur siar nó an laghdú ar mhuirear bonneagair calafoirt, ní mór a ndeonú gan fabhar gan leatrom go trédhearcach oibiachtúil do na húsáideoirí calafoirt uile a ngearrtar muirir bonneagair calafoirt orthu.
Áiritheoidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t‑údarás inniúil, go gcuirfear úsáideoirí calafoirt agus ionadaithe nó comhlachais d’úsáideoirí calafoirt ar an eolas dá réir sin. Teorainn ama an dá mhí, rud a luaitear in Airteagal 13(5), is teorainn í nach mbeidh feidhm aici."
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán