EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0174

Togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2014-2020

COM/2020/174 final

An Bhruiséil,2.4.2020

COM(2020) 174 final

2020/0055(APP)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2014-2020


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Tá difear áibhéil déanta ag an ráig COVID-19 do shochaí agus do gheilleagar an Aontais Eorpaigh, rud a d’fhág gurbh éigean do na Ballstáit bearta eisceachtúla a ghlacadh. Géaréigeandáil sláinte poiblí atá sa ráig, ag saoránaigh, ag sochaithe agus ag geilleagair. Tá curtha isteach ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus tá tagtha, dá dheasca sin, srianta leachtachta agus meathlú géar ar chor airgeadais gníomhaithe eacnamaíocha (fiontair, agus go áirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide). Tá na Ballstáit ag déileáil le méadú ar an éileamh ar acmhainní stáit chun maoiniú a dhéanamh ar na córais sláinte phoiblí agus chun seirbhísí poiblí a choinneáil ar bun.

Chun cuidiú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin agus freagairt a thabhairt ar thionchar na ráige, bheartaigh an Coimisiún réimse leathan beart sa Tionscnamh Infheistíochta um Fhreagairt ar COVID-19 1 agus, mar chuid de sin, tá beartaithe Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a úsáid 2 . Beartaíodh treisiú a dhéanamh ar an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta/rescEU, chun comhordú a dhéanamh ar an soláthar comhpháirteach agus chun an stoc cógas, trealaimh cosanta pearsanta agus táirgí míochaine a mhéadú, agus chun saoránaigh Eorpacha a fágadh ar an trá fholamh lasmuigh den Aontas a thabhairt ar ais chun a dtíre féin 3 . Beartaíodh freisin treisiú a dhéanamh ar an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú.

Chun freagairt oiriúnach a thabhairt ar na riachtanais atá ann de dheasca na ráige COVID-19, tá an Coimisiún ag beartú anois an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála, a cruthaíodh in 2016 tráth a bhí géarchéim na ndídeanaithe ina buaic, a ghníomhachtú, le buiséad EUR 2,7 billiún, chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit freagairt a thabhairt ar an ráig COVID-19 4 . I bhfianaise a ghasta atá an ghéarchéim ag dul i ngéire, tá an Coimisiún ag beartú breis treisithe a dhéanamh ar an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta/rescEU, le buiséad breise EUR 300 milliún, ionas gurbh éasca stoc-charnadh forleitheadach a dhéanamh agus comhordú a dhéanamh ar dháileadh acmhainní bunriachtanacha ar fud na hEorpa 5 . 

Chuige sin, is gá ionstraimí speisialta a shlógadh óir níl aon chorrlaigh ná scóip le haghaidh ath-imlonnú ar fáil faoi cheannteideal 3 den chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI). Cuirtear ionstraimí speisialta ar fáil le haghaidh 2020 leis an gcoigeartú teicniúil ar an CAI le haghaidh 2020 6 .



Ar bhonn an tsainithe ar na hionstraimí agus ar bhonn an raoin feidhme atá acu faoi láthair sa Rialachán CAI, is iad an Ionstraim Sholúbthachta agus an Corrlach Teagmhasach amháin is féidir a úsáid chun na críche sin, ó tá úsáid an Chorrlaigh Fhoriomláin le haghaidh Oibleagáidí teoranta don óige agus don fhostaíocht agus, freisin, don imirce agus don tslándáil. A bhfuil ar fáil san iomlán, faoi láthair, faoin Ionstraim Sholúbthachta agus faoin gCorrlach Teagmhasach, ní leor é chun riachtanais mhaoinithe na hIonstraime Tacaíochta Éigeandála agus na riachtanais mhaoinithe a ghabhann leis an treisiú suntasach ar an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta/rescEU a chumhdach.

Ós rud é gurb í seo an bhliain dheiridh de CAI 2014-2020 agus ós rud é go bhfuil géarchéim shláinte agus eacnamaíoch san Aontas Eorpach, géarchéim nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, tá an Coimisiún ag beartú an Rialachán CAI a leasú chun na teorannuithe atá ar raon feidhme an Chorrlaigh Fhoriomláin le haghaidh Oibleagáidí (Airteagal 14) a chur i leataobh, ionas go mbeifear in ann an maoiniú iomlán EUR 3,0 bhilliún a bheartaítear le Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 2/2020, atá á thíolacadh ar leithligh, a dhéanamh ar an bhfreagairt ar an ráig COVID-19.

Tá an Coimisiún ag beartú na tagairtí do “ógra agus fostaíocht”, agus do le haghaidh bearta i ndáil le himirce agus bearta slándála a scriosadh as foclaíocht na nAirteagal ábhartha.

Foráiltear le hAirteagal 135(2) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach 7 nach mbeidh feidhm, maidir leis an Ríocht Aontaithe, ag leasuithe ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle a ghlactar ar dháta teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin nó dá éis sin, a mhéid a bheidh tionchar ag na leasuithe sin ar oibleagáidí airgeadais na Ríochta Aontaithe. Leasuithe dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, is leis an athrú ar an gcuspóir maidir le húsáid an chorrlaigh fhoriomláin le haghaidh oibleagáidí a bhaineann siad, agus leis sin amháin, agus ní dhéantar aon mhéadú ar oibleagáidí airgeadais leo. Dá bhrí sin, níl feidhm maidir leis an leasú seo ag Airteagal 135(2) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

2.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht bhuiséadach láithreach ag an togra seo. Táthar ag slógadh an Chorrlaigh Fhoriomláin le haghaidh Oibleagáidí agus táthar ag cur leithreasuithe isteach sa bhuiséad bliantúil faoi réir na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán CAI agus sa Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais.

2020/0055 (APP)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2014-2020

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 312 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa 8 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An ráig COVID-19 agus an ghéarchéim sláinte poiblí a ghabhann léi, ar gá bearta urghnácha a dhéanamh dá ndeasca, chuir siad brú mór ar na hacmhainní airgeadais atá le fáil laistíos agus lastuas d’uasteorainneacha an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil.

(2)Chun go mbeidh an tAontas in ann maoiniú a dhéanamh, faoin Ionstraim Tacaíochta Éigeandála 9 , ar fhreagairt iomchuí ar an ráig COVID-19 agus ar an ngéarchéim sláinte poiblí agus eacnamaíoch, táthar ag beartú leasú a dhéanamh ar na cuspóirí ar lena n-aghaidh is féidir na leithreasuithe atá le fáil faoin gcorrlach foriomlán le haghaidh oibleagáidí a úsáid, a mhéid a bhaineann leis an bhfás agus leis an bhfostaíocht, fostaíocht don óige go háirithe, agus le haghaidh bearta um imirce agus slándáil.

(3)Táthar ag beartú an Corrlach Foriomlán le haghaidh Oibleagáidí a shlógadh a luaithe is féidir, chun go bhféadfar é a chur chun úsáide go mear in 2020, mar a bheartaítear le Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 2/2020 10 . Ba cheart an leasú seo ar Rialachán Uimh. 1311/2013 a theacht i bhfeidhm an lá céanna a ghlacfar an Dréachtbhuiséad Leasaitheach seo, agus ar an lá sin ar a dhéanaí.

(4)Foráiltear le hAirteagal 135(2) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach 11 nach mbeidh feidhm, maidir leis an Ríocht Aontaithe, ag leasuithe ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle a ghlactar ar dháta teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin nó dá éis sin, a mhéid a bheidh tionchar ag na leasuithe sin ar oibleagáidí airgeadais na Ríochta Aontaithe. Leasuithe dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, is leis an athrú ar an gcuspóir maidir le húsáid an chorrlaigh fhoriomláin le haghaidh oibleagáidí a bhaineann siad, agus leis sin amháin, agus ní dhéantar aon mhéadú ar oibleagáidí airgeadais leo. Dá bhrí sin, is iomchuí a shoiléiriú nach bhfuil feidhm maidir leis an leasú seo ag Airteagal 135(2) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

(5)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2012 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 mar a leanas:

(1)    In Airteagal 3(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

‘Féadfar na leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí a chur isteach sa bhuiséad de bhreis ar uasteorainneacha na gceannteideal ábhartha a leagtar síos in CAI i gcás inar gá leas a bhaint as na hacmhainní ón gCúlchiste um Chabhair Éigeandála, ó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, ón Ionstraim Sholúbthachta, ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, ón gCorrlach Teagmhasach, ón tsolúbthacht shonrach chun dul i ngleic leis an dífhostaíocht i measc an ógra agus chun taighde a neartú agus ón gcorrlach foriomlán le haghaidh oibleagáidí, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh 2012/2002 ón gComhairle (*), le Rialachán (AE) Uimh.1927/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**), agus leis an gComhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais (***).

_____________________________

(*)Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh ( IO L 311, 14.11.2002, lch 3 ).

(**)Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 855).

(***)Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an 2 Nollaig 2013 maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i dtaca le hábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistiú fónta airgeadais (IO C 373, 20.12.2013, lch. 1).’;

(2)    Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(a)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

‘Corrlach Foriomlán le haghaidh Oibleagáidí’

(b)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.    Na corrlaigh a bheidh fós ar fáil faoi uasteorainneacha CAI le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí, beidh siad ina gCorrlach Foriomlán le haghaidh Oibleagáidí a chuirfear ar fáil de bhreis ar na huasteorainneacha a bhunaítear san CAI le haghaidh na mblianta 2016 go 2020.’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach agus chuig an nGrúpa Euro: Freagairt eacnamaíoch chomhordaithe ar an Ráig COVID-19; COM(2020) 112 final, 13.3.2020.
(2)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 maidir le bearta sonracha chun infheistíochtaí a shlógadh i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagair mar fhreagairt ar an ráig COVID-19 [An Tionscnamh Infheistíochta um Fhreagairt ar an gCoróinvíreas], an 13 Márta 2020 COM(2020) 113 final, 13.3.2020.
(3)    Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 1/2020, COM(2020) 145, 27.3.2020.
(4)    Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena ngníomhachtaítear an tacaíocht éigeandála faoi Rialachán (AE) 2016/369 ón gComhairle an 15 Márta 2016 agus lena leasaítear a fhorálacha i leith na ráige COVID-19, COM(2020) 175, 2.4.2020.
(5)    Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 2/2020, COM(2020) 170, 2.4.2020.
(6)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le coigeartú teicniúil i leith ionstraimí speisialta le haghaidh 2020 (Airteagal 6(1) (e) agus (f) de Rialachán Uimh. 1311/2013 ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2014-2020). COM(2020) 173, 2.4.2020.
(7)    IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.
(8)    IO C , , lch. .
(9)    COM(2020) 175, 2.4.2020.
(10)    COM(2020) 170, 2.4.2020.
(11)    IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.
Top