EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0111

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 maidir le comhrialacha do leithroinnt sliotán in aerfoirt an Chomhphobail

COM/2020/111 final

An Bhruiséil,13.3.2020

COM(2020) 111 final

2020/0042(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 maidir le comhrialacha do leithroinnt sliotán in aerfoirt an Chomhphobail

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Socraítear le Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 1 na comhrialacha do leithroinnt sliotán in aerfoirt an Aontais Eorpaigh. Cuimsítear in Airteagal 10 riail “úsáid é nó caill é”, inar ghá d’aeriompróirí 80 % ar a laghad dá sliotáin leithroinnte a úsáid laistigh de thréimhse sceidealaithe (samhradh nó geimhreadh) ar leith d’fhonn tús áite a choinneáil i ndáil leis an tsraith chéanna sliotán laistigh de thréimhse sceidealaithe chomhfhreagrach na bliana dar gcionn (“na cearta marthanachta” mar a thugtar orthu).

Tionchar tromchúiseach atá á imirt ag ráig den víreas SARS-CoV-2 ar aeriompróirí agus laghdú suntasach ag teacht ar aerthrácht ar fud an domhain ó thús 2020 dá bharr. I gcás aeriompróirí Eorpacha ba léir an tionchar sin i dtús báire i gcás eitiltí chuig Daon‑Phoblacht na Síne agus chuig Sainréigiún Riaracháin Hong Cong, Daon‑Phoblacht na Síne agus ar ais uathu i mí Eanáir 2020, ach de dheasca leathadh an víris ó mhí Eanáir 2020 tá an scéal imithe chun donais ar bhealach níos forleithne, san Eoraip i measc áiteanna eile. Ní féidir an dóigh a dtitfidh an eipidéim amach ná fad a tionchair a thuar.

De dheasca an laghdaithe ar éileamh na bpaisinéirí áfach tá tús curtha ag aeriompróirí le heitiltí a chur ar ceal agus iad ag leanúint ar aghaidh de bheith á gcur ar ceal, rud a fhágfaidh go mbeidh úsáid na sliotán le haghaidh thréimhsí sceidealaithe gheimhreadh 2019-2020 agus shamhradh 2020 faoi bhun na tairsí a fhorchuirtear leis an Rialachán i.e. 80 %.

Tar éis mheánfhás bliantúil 3.3 % ar líon na bpaisinéirí san Eoraip idir 2009-2019, thug Eurocontrol le fios go raibh laghdú 10 % ar líon na n‑eitiltí sa dá sheachtain tosaigh de mhí an Mhárta 2020 i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2019. Mar gheall ar an laghdú ar éileamh de dheasca na géarchéime, tá mórchuid na n‑aeriompróirí Eorpacha ag tarraingt aerárthaí as seirbhís. Tugtar le tuiscint leis sin go mairfidh an titim ar líon na n‑eitiltí ar feadh i bhfad. Beidh an treocht dhiúltach bliain ar bhliain ag dul isteach go séasúr an tsamhraidh, dá bhfuil, dar le IATA, aeriompróirí ag fulaingt titim bliain ar bhliain 40-60 % ar na háirithintí a bheadh le teacht don tréimhse Márta-Meitheamh 2020 le haghaidh bealaí nach mbaineann leis an Iodáil agus tionchar pas beag níos mó ar na bealaí gearraistir ná ar bhealaí cianaistir. Tá laghdú breis agus 50 % tagtha ar áirithintí ar bhealaí Iodálacha le haghaidh thús mhí an Mhárta 2020 agus lódfhachtóirí chomh híseal le 40 %.

Ó thaobh na n‑aerfort Eorpach, tá siadsan ag tuar go gcaillfidh siad amach ar 67 milliún paisinéir sa chéad ráithe de 2020. Tá an scéal seo ag cur isteach go mór ar aeriompar ar fud an Aontais.

Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil faoi láthair ó Eurocontrol, ó aeriompróirí agus ó aerfoirt, tá sé réasúnta talamh slán a dhéanamh de go mairfidh cúrsaí mar atá, cúrsaí lena mbaineann titim eisceachtúil ar éileamh, ar feadh mhí an Mhárta, mhí Aibreáin, mhí na Bealtaine agus mhí an Mheithimh in 2020.

Faoi rialachán na sliotán, áfach, d’fhonn a áirithiú go leithroinntear na sliotáin chéanna don séasúr céanna sa bhliain dár gcionn, tá oibleagáid ar aeriompróirí sliotáin a úsáid 80 % den am ar a laghad le linn na tréimhse sceidealaithe dá bhfuil leithroinnt orthu ina leith. In éagmais aon bheart a chuirfeadh ar neamhní, chun críoch an ríofa seo, éifeachtaí na n‑imthosca atá ann faoi láthair, is dócha go n‑oibreodh aeriompróirí go leor eitiltí agus gan ach lódfhachtóirí an‑ísle i gceist leo chun a gcearta marthanachta a chosaint, rud a chuirfeadh leis na caillteanais airgeadais agus a dhéanfadh díobháil don chomhshaol.

Faoi Rialachán (CEE) Uimh. 95/93, is é an comhordaitheoir sliotán an t‑aon duine atá freagrach as leithroinnt sliotán agus tá oibleagáid air feidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán [Airteagal 4(5) de]. Bíonn comhordaitheoirí neamhspleách agus ní bhíonn siad faoi réir treoracha ó aon pháirtí chomh fada agus a bhaineann sé lena gcúram na sliotáin a leithroinnt.

Faoi na cúinsí atá tuairiscithe, ba cheart Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 a leasú chun cearta marthanachta aeriompróirí a chosaint i gcás na sliotán sin nach mbeadh á n‑úsáid le linn na tréimhse nuair bheadh an tionchar is mó ag ráig SARS-CoV-2 ar an margadh eitlíochta. Cuimsíonn an tréimhse atá beartaithe an tréimhse ceithre mhí idir mí an Mhárta 2020 agus mí an Mheithimh 2020 i gcás na n‑eitiltí uile. Ina theannta sin, ar an ábhar gur tháinig mórthionchar na ráige de víreas SARS-CoV-2 chun solais ar dtús i nDaon‑Phoblacht na Síne agus i Sainréigiún Riaracháin Hong Cong, Daon‑Phoblacht na Síne, tá molta cosaint a dhéanamh ar feadh tréimhse níos faide ar an iomlán ar na cearta marthanachta i dtaobh sliotáin a úsáidtear le haghaidh aersheirbhísí chuig na margaí sin agus ar ais uathu. Cuireadh tús leis an tréimhse bhreise an 23 Eanáir 2020, an dáta ar a dhún na húdaráis an chéad aerfort i nDaon‑Phoblacht na Síne.

Cheapfaí an leasú mar riail ina measfadh comhordaitheoirí sliotáin a leithroinntear le haghaidh na dtréimhsí tagartha lena mbaineann amhail agus go ndearnadh iad a oibriú. Mhaolódh an riail sin éifeachtaí na géarchéime reatha agus sholáthródh sé deimhneacht dhlíthiúil do na haeriompróirí le haghaidh chodanna ábhartha na dtréimhsí sceidealaithe. D’fhéadfadh comhordaitheoirí aon sliotán a scarfadh aeriompróirí leo a ath‑leithroinnt de réir riachtanas. Dar ndóigh, is ar bhonn ad hoc a dhéanfaí aon ath‑leithroinnt den sórt sin agus ní dhéanfadh sé difear do staid na n‑iompróirí a measfaí, faoin riail atá molta, na sliotáin sin a bheith oibrithe acu.

Fágann nádúr na gcúinsí reatha go bhfuil sé deacair a thuar go cinnte cén uair a fhillfidh gnáthstaid na sláinte poiblí agus cén uair a mbeidh muinín tomhaltóirí ar ais ar a seanléim. Dá ndéanfaí an beart atá beartaithe a choinneáil i bhfeidhm le haghaidh shéasúr iomlán an tsamhraidh 2020 (séasúr a thiocfaidh chun deiridh an 24 Deireadh Fómhair 2020), d'fhéadfadh an fadú sin a bheith as réir leis an gcuspóir sainmhínithe dá bhfillfeadh cúrsaí ar an ngnáthstaid idir an dá linn. Ar an gcúis sin tá molta go dtabharfaí cumhacht don Choimisiún an tréimhse a mbeidh feidhm ag na bearta lena linn a shíneadh, trí ghníomhartha tarmligthe, de réir mar is gá. Ba cheart don Choimisiún aon chinneadh a bhunú ar an bhfaisnéis is déanaí atá ar fáil, arna fhoilsiú ag Bainisteoir Líonra an Aontais Eorpaigh atá ag an Eagraíocht Eorpach um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta (“Eurocontrol”), agus ar chomhairle ábhartha eolaíoch.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Ní thugtar aghaidh le Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ar na fadhbanna atá ag aeriompróirí de dheasca na ráige de SARS-CoV-2 maidir leis na féidearthachtaí atá ann dóibh a sliotáin le haghaidh na dtréimhsí sceidealaithe a leanas a choinneáil. Ba cheart an Rialachán a leasú dá réir sin chun éifeachtaí na géarchéime reatha a mhaolú, chun deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil d’aeriompróirí agus chun aontas an chórais Eorpaigh maidir le leithroinnt sliotán a choimeád ar bun.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Braitheann feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh ó thaobh eitlíochta agus seirbhísí gaolmhara de ar fheidhmíocht eacnamaíoch na n‑aeriompróirí. D’fhéadfadh iarmhairtí diúltacha eacnamaíocha na ráige reatha de SARS-CoV-2 ar aeriompróirí dochar a dhéanamh dá fholláine airgeadais agus tionchair dhiúltacha tromchúiseacha a imirt ar an gcóras iompair agus ar an ngeilleagar ina iomláine. Tá sé ríthábhachtach dá réir sin Rialachán na sliotán a leasú chun aghaidh a thabhairt ar an mórchúis imní atá ag aeriompróirí faoi láthair.

Tá cuspóir inbhuanaitheachta tábhachtach i gceist leis an mbeart freisin ós rud é go bhfaigheann sé réidh leis an dreasacht d’aeriompróirí eitiltí a oibriú le lódfhachtóirí ísle díreach chun a gcuid sliotán a chosaint.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an tionscnamh seo bunaithe ar Airteagal 100(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Leis an bhforáil sin ceadaítear gach foráil iomchuí a ghlacadh maidir le haeriompar agus bhí feidhm aici cheana féin mar bhunús le haghaidh Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 a ghlacadh.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach go leordhóthanach i ngeall ar na cúiseanna a leanas. Ní ligeann Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 do Bhallstáit, ar chúiseanna ar nós na gcúiseanna atá faoi chaibidil anseo, ceangal a chur ar chomhordaitheoirí sliotáin nach n‑úsáidtear a mheas mar shliotáin arna n‑oibriú. Ní féidir an cuspóir sin a bhaint amach ach amháin má dhéanann an tAontas an Rialachán é féin a leasú.

Comhréireacht

Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a bhaint amach, i.e. tionchar na ráige reatha de SARS-CoV-2 a mhaolú chomh fada agus a bhaineann sé le Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 a oibriú. Tá an beart atá molta comhréireach dá réir sin lena n‑áirítear i ndáil lena chur i bhfeidhm ó thaobh ama de i leith cineálacha éagsúla cinn scríbe.

An rogha ionstraime

D’fhonn an cuspóir lena mbaineann a bhaint amach, ní mór feidhm dhíreach agus ghinearálta a bheith i gceist leis an ionstraim dhlíthiúil, ar an dóigh chéanna a bhfuil feidhm le Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 é féin. Rialachán is ea an ionstraim iomchuí dlí dá bhrí sin.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Is beart práinneach é seo a eascraíonn as ráig thobann gan choinne de víreas SARS-CoV-2 agus leathadh ghalar Covid‑19 de thoradh sin. Ar an gcúis sin, níl an beart ábhartha don chlár um oiriúnacht rialála agus ní dhearnadh aon mheastóireacht ex-post ina leith.

Tá an beart seo comhchosúil ó thaobh raon feidhme agus éifeachta de le leasuithe roimhe seo ar Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 arna spreagadh de bhun éigeandálaí eile. Orthu sin, tá na cásanna a leanas:

leasú in 2002 i ndiaidh ionsaithe sceimhlitheoireachta 9/11 (Rialachán (CE) Uimh. 894/2002);

leasú in 2003 tar éis Chogadh na hIaráice agus an ráig de ghéarshiondróm trom riospráide (SARS) (Rialachán (CE) Uimh. 1554/2003); agus

leasú in 2009 le linn na géarchéime airgeadais domhanda (Rialachán (CE) Uimh. 545/2009).

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

I bhfianaise phráinne an cháis, ní dhearnadh comhairliúchán foirmiúil le páirtithe leasmhara. Ghlaoigh údaráis na mBallstát agus na páirtithe leasmhara araon ar an gCoimisiún, áfach, togra a ghlacadh le haghaidh bearta iomchuí i gcomhthéacs Rialachán (CEE) Uimh. 95/93.

Bailiú agus úsáid saineolais

Faoi mar a míníodh cheana, ní raibh bailiú cuí saineolais indéanta mar gheall ar phráinn an cháis. Sin ráite, tá leas bainte ag an gCoimisiún as taithí a fuarthas trí Rialachán (CEE) 95/93 a chur i bhfeidhm agus trí leasuithe air lena n‑áiríodh comhairliúcháin le saineolaithe.

Measúnú tionchair

I bhfianaise phráinne an cháis, ní dhearnadh measúnú tionchair. Tá an beart seo comhchosúil ó thaobh raon feidhme agus éifeachta de le leasuithe roimhe seo ar Rialachán (CEE) 95/93 arna spreagadh de bhun éigeandálaí eile. Dearadh an beart chun caillteanais airgeadais arna bhfulaingt ag aeriompróirí mar gheall ar an riail “úsáid é nó caill é” a mhaolú agus an díobháil gan ghá ar an gcomhshaol a laghdú.

Cearta bunúsacha

Neamhbhainteach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Neamhbhainteach.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ní áirítear sa bheart aon socruithe sonracha faireacháin nó tuairiscithe, ach ba cheart go mbeadh ar an gCoimisiún forbairt ráig SARS-CoV-2 a leanúint mar aon lena tionchar ar aeriompar agus más gá an chumhacht a bheith aige gníomh tarmligthe a ghlacadh lena síneofaí na tréimhsí ama a bhaineann leis an mbeart.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tá airteagal nua curtha in ionad Airteagal 10a chun iallach a chur ar chomhordaitheoirí, chomh fada agus a bhaineann sé le measúnú a dhéanamh ar charnadh na gceart marthanachta, a mheas gur oibrigh an t‑aeriompróir ar leithroinneadh na sliotáin air i dtús báire na sliotáin sin don tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2020. Ina theannta sin, áirítear tréimhse níos luaithe i dtaobh na sliotán arna n‑úsáid le haghaidh eitiltí idir an tAontas Eorpach agus Daon‑Phoblacht na Síne nó idir an tAontas agus Sainréigiún Riaracháin Hong Cong, Daon‑Phoblacht na Síne (ón 23 Eanáir 2020 ar aghaidh). Mar choinníoll, maidir le cásanna tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin atá beartaithe, ní mór aon sliotán den sórt sin a thabhairt ar ais chuig an gcomhordaitheoir sliotán. Ní bheadh sliotáin arna dtabhairt ar ais agus a ath‑leithroinnt ar aeriompróirí eile incháilithe le haghaidh marthanaithe don aeriompróir a ndéanann iad a oibriú.

Tugtar le hAirteagal 10a an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh mura réitítear an ghéarchéim a bhaineann leis an ráig de SARS-CoV-2 agus má leanann sí de thionchar diúltach a bheith aici ar aeriompar, lena n‑áirítear tionchar diúltach ar na cearta marthanachta i leith na sliotán. Mar gheall ar ghastacht fhorbairt na ráige, is gá na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh trí nós imeachta práinne.

2020/0042 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 maidir le comhrialacha do leithroinnt sliotán in aerfoirt an Chomhphobail

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 2 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 3 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Mar thoradh ar an ráig den ghalar COVID-19 arb é coróinvíreas géarshiondróim throm riospráide 2 (SARS-CoV-2) is cúis leis tá laghdú géar ar an aerthrácht i ngeall ar an titim shuntasach ar an éileamh agus ar bhearta díreacha atá déanta ag na Ballstáit chomh maith le tríú tíortha chun an ráig a choinneáil faoi smacht. Thosaigh an tionchar mór dá bharr ar aeriompróirí chomh luath le mí Eanáir 2020 i ndáil le DaonPhoblacht na Síne agus Sainréigiún Riaracháin Hong Cong, DaonPhoblacht na Síne, bhí sé forleathan ó bhí an 1 Márta 2020 ann, agus is dócha go ndéanfaidh sé difear do dhá thréimhse sceidealaithe, is iad sin Geimhreadh 2019/2020 agus Samhradh 2020.

(2)Níl neart ag aeriompróirí ar na cúinsí sin agus is freagairt riachtanach nó dhlisteanach ar na cúinsí sin ag aeriompróirí aersheirbhísí a chur ar ceal go deonach nó d’éigean dá réir. Go háirithe, cosnaíonn cur ar ceal deonach sláinte airgeadais aeriompróirí agus seachnaíonn siad tionchar comhshaoil eitiltí folmha nó beagnach folamh nach noibrítear ach chun críocha na sliotán foluiteach aerfoirt a choinneáil.

(3)Léiríonn figiúirí atá foilsithe ag Bainisteoir Líonra an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Eorpach um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta (‘Eurocontrol’), titim bliain ar bhliain de thart ar 10 % san aerthrácht sa réigiún Eorpach sa chéad leath de mhí an Mhárta 2020. Tá titim mhór á tuairisciú ag aeriompróirí sna háirithintí atá le teacht agus tá líon suntasach eitiltí á gcur ar ceal i dtréimhsí sceidealaithe gheimhreadh 2019-2020 agus shamhradh 2020 mar thoradh ar an ráig.

(4)Faoi Airteagal 8(2) á léamh i gcomhar le hAirteagal 10(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle, mura noibríonn aeriompróir 80 % de shraith de shliotáin arna leithroinnt air ag aerfort comhordaithe, cuirtear an fasach stairiúil le haghaidh na sliotán sin i mbaol.

(5)In Airteagal 10(4) de Rialacháin (CEE) Uimh. 95/93 ceadaítear do chomhordaitheoirí sliotán neamhaird a dhéanamh, chun críocha na tosaíochta stairiúla a ríomh, ar neamhoibriú sliotán aerfoirt le haghaidh tréimhsí nuair nach raibh an taeriompróir in ann na haersheirbhísí pleanáilte a oibriú i ngeall ar dhúnadh aerfort, mar shampla. Ní thugtar aghaidh leis an Airteagal sin ar chásanna cosúil leis an ráig de SARS-CoV-2. Is iomchuí dá bhrí sin beart comhfhreagrach a ghlacadh.

(6)I bhfianaise na náirithintí atá le teacht atá ar eolas agus réamhaisnéisí eipidéimeolaíochta, is féidir a bheith ag súil leis go réasúnta ag an gcéim seo go dtarlóidh líon suntasach cealuithe arb é an ráig de SARS-CoV-2 an chúis a bheidh leo sa tréimhse idir an 1 Márta 2020 agus ar a laghad an 30 Meitheamh 2020. Níor cheart go bhfágfadh neamhúsáid na sliotán a leithroinneadh don tréimhse sin go gcaillfeadh aeriompróirí an tosaíocht stairiúil a mbainfidís leas as murach sin. Tá sé riachtanach dá bhrí sin na dálaí a shainmhíniú faoinar cheart sliotáin nár oibríodh a mheas mar shliotáin a oibríodh chun na gcríoch sin, i ndáil leis an séasúr comhfhreagrach ina dhiaidh sin.

(7)Is acmhainn luachmhar eacnamaíoch iad sliotáin ag aerfoirt chomhordaithe. D’ainneoin an titim ghinearálta san aerthrácht, níor cheart cur ar ceal aersheirbhísí cosc a chur ar úsáid sliotán aerfoirt ag aeriompróirí eile a bhféadfaidh a bheith ag iarraidh iad a úsáid mar sin féin ar bhonn sealadach gan cearta marthanachta a bheith á bhfáil ag sliotáin den sórt sin. Dá bhrí sin, nuair nach bhfuil siad in úsáid ag an aeriompróir ar leithroinneadh air iad, ba cheart na sliotáin a thabhairt ar ais don chomhordaitheoir gan mhoill.

(8)Is deacair a thuar cé na forbairtí breise a thiocfaidh ar SARS-CoV-2 agus cén tionchar breise a bheidh aige ar aeriompróirí. Ba cheart don Choimisiún anailísiú leanúnach a dhéanamh ar thionchar SARS-CoV-2 ar an earnáil aeriompair agus ba cheart é a bheith de chumas ag an Aontas síneadh a chur, gan moill mhíchuí, leis an tréimhse ina mbeidh na bearta atá beartaithe faoin Rialachán seo i bhfeidhm dá leanfadh na drochdhálaí ar aghaidh.

(9)Chun síneadh a chur leis na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo, más gá agus má tá bonn cirt leis sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a leasú chun fad a chur leis an tréimhse ina mbeidh na bearta atá beartaithe faoin Rialachán seo i bhfeidhm. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(10)I bhfianaise na práinne atá i gceist leis na cúinsí eisceachtúla atá mar bhonn cirt leis na bearta atá beartaithe, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(11)I bhfianaise na práinne atá i gceist leis na cúinsí eisceachtúla a thugann bonn cirt do na bearta arna mbunú, is iomchuí foráil a dhéanamh go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm láithreach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 mar a leanas:

(1)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10a:

“Airteagal 10a

1.    Chun críocha Airteagail 8(2) agus 10(2), measfaidh comhordaitheoirí, i gcás sliotáin a leithroinneadh don tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2020, gurb é an t‑aeriompróir ar leithroinneadh air ar dtús iad a d’oibrigh iad.

2.    Chun críocha Airteagail 8(2) agus 10(2), measfaidh comhordaitheoirí, i gcás sliotáin a leithroinneadh don tréimhse ón 23 Eanáir 2020 go dtí an 29 Feabhra 2020, gurb é an t‑aeriompróir ar leithroinneadh air ar dtús iad a d’oibrigh iad, a mhéid a bhaineann sé le haersheirbhísí idir aerfoirt san Aontas Eorpach agus aerfoirt atá i nDaon‑Phoblacht na Síne nó i Sainréigiún Riaracháin Hong Cong, Daon‑Phoblacht na Síne.

3.    I ndáil le sliotáin a bhfuil dáta acu níos mó ná aon seachtain amháin i ndiaidh teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ní bheidh feidhm ag mír 1 ach amháin i gcás inar cuireadh na sliotáin nár úsáideadh ar fáil don chomhordaitheoir lena n‑ath‑leithroinnt ar aeriompróirí eile.

4.    I gcás ina gcinneann an Coimisiún ar bhonn figiúirí arna bhfoilsiú ag Bainisteoir Líonra an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Eorpach um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta (‘Eurocontrol’) go bhfuil an laghdú ar leibhéal an aerthráchta ag leanúint ar aghaidh i gcomparáid leis an leibhéal sa tréimhse chomhfhreagrach den bhliain roimhe agus gur dócha go leanfaidh sé ar aghaidh, ar bhonn na sonraí eolaíochta is fearr atá ar fáil gur mar thoradh ar an tionchar atá ag an ráig de SARS-CoV-2 gurb amhlaidh atá, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 12a chun an tréimhse a shonraítear i mír 1 a leasú dá réir.

5.    Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar an gcás i bhfianaise na gcritéar a leagtar amach i mír 4. Cuirfidh sé tuarascáil achomair ar fáil, bunaithe ar an eolas atá ar fáil dó, faoin ábhar seo faoin 15 Aibreán 2020. Más gá, glacfaidh sé an gníomh tarmligthe dá bhforáiltear i mír 4 a luaithe is féidir.

6.    Más rud é, i gcás go mbeidh tionchar fada ag SARS-CoV-2 ar an earnáil aeriompair san Aontas Eorpach, go n‑éilítear amhlaidh ar mhórfhoras práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 12b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.”

(2)Cuirtear Airteagal 12a agus Airteagal 12b isteach mar a leanas:

Airteagal 12a

An tarmligean a fheidhmiú

1.    Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.    Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 10a a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse aon bhliana amháin amhail ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.    Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 10a a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.    Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.    A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.    Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 10a i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 12b

Nós imeachta práinne

1.    Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.    Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 12a(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle an 18 Eanáir 1993 maidir le comhrialacha do leithroinnt sliotán in aerfoirt an Chomhphobail, IO L 14, 22.1.1993, lch. 1
(2)    IO C , , p. .
(3)    IO C , , p. .
Top