AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,4.3.2020
COM(2020) 87 final
2020/0037(NLE)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena leasófar Rialachán (AE) 2019/1838 maidir le deiseanna iascaireachta áirithe le haghaidh 2020 i Muir Bhailt agus in uiscí eile, agus lena gceartófar agus a leasófar Rialachán (AE) 2020/123 maidir le deiseanna iascaireachta le haghaidh 2020 in uiscí an Aontais agus in uiscí nach de chuid an Aontais iad
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Ní mór Rialachán (AE) 2019/1838, lena socraítear le haghaidh 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt, a leasú chun iascaireacht eolaíoch a cheadú le linn na dtréimhsí coiscthe atá bunaithe don dá stoc troisc, a bhíonn ar siúl nuair is tréimhse sceite é. Rialachán (AE) Uimh. 2020/123 ón gComhairle lena socraítear le haghaidh 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic áirithe éisc agus le haghaidh grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais Eorpaigh agus, maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad. Déantar na deiseanna iascaireachta sin a leasú roinnt uaireanta, de ghnáth, le linn iad a bheith i bhfeidhm.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá na bearta atá beartaithe ceaptha i gcomhréir le cuspóirí agus rialacha an Chomhbheartais Iascaigh agus tá siad comhsheasmhach le beartas an Aontais maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá na bearta atá beartaithe comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais, go háirithe leis na beartais i réimse an chomhshaoil.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 43 (3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an togra seo.
Eascraíonn oibleagáidí an Aontais maidir le saothrú inbhuanaithe beo-acmhainní uisceacha as oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 2 de Bhunrialachán nua an CBI.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Baineann an togra le hinniúlacht eisiach an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(d) den Chonradh. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.
•Comhréireacht
Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar an gcúis seo a leanas: is comhbheartas é CBI. De réir Airteagal 43(3) den Chonradh tá sé de dhualgas ar an gComhairle na bearta maidir le socrú agus leithdháileadh deiseanna iascaireachta a ghlacadh.
•An rogha ionstraime
An ionstraim atá beartaithe: rialachán.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Tugtar san áireamh sa togra an t‑aiseolas ó na páirtithe leasmhara, ó Chomhairlí Comhairleacha, ó na riaracháin náisiúnta, ó eagraíochtaí iascairí agus ó eagraíochtaí neamhrialtasacha.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Tá an Togra bunaithe ar chomhairle eolaíoch na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES).
•Measúnú tionchair
Cuireann Airteagal 43(3) den Chonradh teorainn le raon feidhme an rialacháin maidir le deiseanna iascaireachta.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
•Cearta bunúsacha
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní bheidh aon impleachtaí buiséadacha ag na bearta atá beartaithe.
5.EILIMINTÍ EILE
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Leis na leasuithe atá beartaithe, féachtar le Rialachán (AE) 2019/1838 agus Rialachán (AE) 2020/123 a mhodhnú mar a thuairiscítear thíos.
Le Rialachán (AE) 2019/1838 ón gComhairle, bunaítear do dhá stoc troisc Mhuir Bhailt tréimhsí coiscthe le linn na tréimhse sceite, chun a áirithiú nach gcuirfear isteach ar an sceitheadh agus súil dá réir le hearcaíocht níos airde. Ag an am céanna, tá sé ríthábhachtach a cheadú go ndéanfar imscrúduithe eolaíocha le linn na dtréimhsí coiscthe sin. Dá gcuirfí isteach ar an amshraith sonraí bheadh tionchar an-diúltach ar mheasúnú eolaíoch na stoc arb é an bonn ar a socraítear deiseanna iascaireachta é.
Is speiceas é an chorr ghainimh a bhfuil saolré gearr aige, ar sa dara leath de mhí Feabhra a chuirtear ar fáil an chomhairle eolaíoch ina thaobh, agus nach mbíonn ach go dtí mí Aibreáin go dtosaítear ar a iascach. I Rialachán (AE) 2020/123 ón gComhairle socraíodh ag nialas teorainneacha na gabhála iomláine incheadaithe (TAC). Dá bhrí sin, ba cheart iad a leasú i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is déanaí ó ICES.
Shocraigh an 6ú seisiún rialta de Chomhaontú Iascaigh an Aigéin Indiaigh Theas (SIOFA), a reáchtáladh an 1-5 Iúil 2019, bearta maidir le hiascaireacht ghrinnill agus teorannú iarrachta i limistéar an Chomhaontaithe. Ní mór na bearta a aontaíodh sa seisiún sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. Tá na bearta cur chun feidhme reatha le nuashonrú i bhfianaise na mbeart a aontaíodh ag an gcruinniú.
Shocraigh an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), ag an gcruinniú bliantúil a bhí aige i mí na Samhna 2019, oibleagáidí tuairiscithe nua maidir le tuinníní trópaiceacha. Tá sé de cheangal ar Bhallstáit gabhálacha míosúla a tharchur maidir le soithí áirithe agus a ngabhálacha tuinnín mhórshúiligh, tuinnín bhuí agus tuinnín aigéanaigh. Tá na bearta sin le cur chun feidhme i ndlí an Aontais agus tá na tagairtí le cur san áireamh trí Rialachán (AE) 2020/123 a leasú.
•Comhairliúchán leis an Ríocht Aontaithe
Toisc go bhfuil an Rialachán seo le glacadh le linn na hidirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 130(1) den Chomhaontú sin.
2020/0037 (NLE)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena leasófar Rialachán (AE) 2019/1838 maidir le deiseanna iascaireachta áirithe le haghaidh 2020 i Muir Bhailt agus in uiscí eile, agus lena gceartófar agus a leasófar Rialachán (AE) 2020/123 maidir le deiseanna iascaireachta le haghaidh 2020 in uiscí an Aontais agus in uiscí nach de chuid an Aontais iad
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Socraítear le Rialachán (AE) Uimh. 2019/1838 le haghaidh 2020 na deiseanna iascaireachta do stoic éisc áirithe agus do ghrúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt. Bunaítear leis tréimhsí coiscthe don dá stoc troisc, a bhíonn ar siúl nuair is tréimhse sceite é. Is gné fíorthábhachtach í amshraith sonraí inchomparáide neamhbhriste a bheith ann maidir le stoic éisc, i dtaca le measúnú eolaíoch na stoc céanna. Is iomchuí, dá bhrí sin, oibríochtaí iascaireachta a cheadú le linn na tréimhse coiscthe lena mbaineann ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad agus chun na críche sin amháin, agus iad go hiomlán i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/1838 a leasú dá réir.
(2)Socraítear le Rialachán (AE) 2020/123 le haghaidh 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic áirithe éisc agus le haghaidh grúpaí de stoic éisc is infheidhme in uiscí an Aontais Eorpaigh agus, maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad.
(3)Ag an gcruinniú bliantúil a bhí aige mí Iúil 2019, shocraigh Comhaontú Iascaigh an Aigéin Indiaigh Theas (SIOFA) bearta maidir le hiascaireacht ghrinnill agus teorannú iarracht i limistéar an Chomhaontaithe. Cuireadh chun feidhme na bearta sin i ndlí an Aontais le Rialachán 2020/123. Mar sin féin, ba cheart tuilleadh athruithe a dhéanamh lena áirithiú go n‑aithnítear i gceart leis na rialacha cur chun feidhme na cinntí arna nglacadh ag SIOFA. Ag an gcruinniú bliantúil a bhí aige mí Iúil 2019, ghlac Comhaontú Iascaigh an Aigéin Indiaigh Theas (SIOFA) cúig cheantar chaomhnaithe eatramhacha ina bhfuil feidhm ag rialacha sonracha maidir le soithí iascaireachta chun éiceachórais bheantacha a chosaint.
(4)I Rialachán (AE) 2020/123, socraíodh ag nialas teorainneacha na gabhála iomláine incheadaithe (TAC) maidir leis an gcorr ghainimh i ranna 2a agus 3a ICES agus i bhfolimistéar 4 ICES. Is speiceas é an chorr ghainimh a bhfuil saolré gearr aige, ar sa dara leath de mhí Feabhra a chuirtear ar fáil an chomhairle eolaíoch ábhartha ina thaobh, arna sholáthar ag an gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES), agus a dtosaítear ar a iascach an 1 Aibreán.
(5)Ba cheart teorainneacha na gabhála iomláine maidir leis an gcorr ghainimh i ranna 2a agus 3a ICES agus i bhfolimistéar 4 ICES a leasú i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is déanaí ó ICES, arna heisiúint an 27 Feabhra 2020.
(6)Shocraigh an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), ag an gcruinniú bliantúil a bhí aige mí na Samhna 2019, oibleagáidí tuairiscithe nua maidir le tuinníní trópaiceacha. Tá sé de cheangal ar Bhallstáit gabhálacha míosúla a tharchur maidir le báid spiléireachta móra (dar fad iomlán 20m nó níos mó) agus soithí peas-saighne, a bhíonn ag iascach tuinnín mórshúileach (thunnus obesus), tuinnín buí (thunnus albacares) agus tuinnín aigéanach (katsuwonus pelamis) san Aigéan Atlantach. Nuair a shroicheann gabhálacha 80% den chuóta, bíonn sé de cheangal ar Bhallstáit gabhálacha na soithí sin a tharchur ar bhonn seachtainiúil.
(7)Tá na bearta sin le cur chun feidhme i ndlí an Aontais trí leasú a dhéanamh dá réir ar na táblaí maidir leis an ngabháil iomlán incheadaithe (TAC) le haghaidh an tuinnín mhórshúiligh agus an tuinnín bhuí san Aigéan Atlantach a leagtar amach i Rialachán 2020/123. Cé nach mbunaítear aon TAC i Rialachán 2020/123 maidir leis an tuinnín aigéanach, tá na tagairtí don speiceas seo le cur san áireamh sna táblaí inchomparáide ábhartha d’ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha chun críche ceanglas tuairiscithe.
(8)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2020/123 a leasú dá réir.
(9)Tá feidhm ag na teorainneacha gabhála dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2020/123 agus Rialachán (AE) 2019/1838 ón 1 Eanáir 2020 i leith. Ba cheart dá bhrí sin feidhm a bheith ag na forálacha a thugtar isteach leis an Rialachán leasaitheach seo ón dáta céanna i leith. Tá an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin gan dochar do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus don phrionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanacha a chosaint, mar nach bhfuil na deiseanna iascaireachta atá i gceist ídithe go fóill.
(10)Chuathas i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 130(1) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú an Rialacháin (AE) 2019/1838
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2019/1838 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leasú an Rialacháin (AE) 2020/123
In Airteagal 46 de Rialachán (AE) Uimh. 2020/123, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:
Airteagal 46
Teorainneacha le hiascaireacht ghrinnill
“Áiritheoidh Ballstáit, maidir le soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu a bhíonn ag iascaireacht i Limistéar Chomhaontú SIOFA:
(a)go mbeidh srian ag na soithí céanna ar a n‑iarracht iascaireachta grinnill bhliantúil agus/nó a ngabhálacha ó iascaireacht ghrinnill, ionas nach sáraítear an meánleibhéal bliantúil a bhí acu sna blianta sin a bhí siad gníomhach sa limistéar, thar tréimhse ionadaíoch a bhfuil sonraí atá fógartha don Choimisiún ann lena haghaidh;
(b)nach méadóidh siad dáileadh spásúil a n‑iarrachta iascaireachta grinnill, iarracht nach n‑áirítear léi modhanna líne agus gaiste, thar cheantair ina ndearnadh iascaireacht le blianta beaga anuas;
(c)nach n‑údaraítear dóibh a bheith ag iascaireacht i limistéir Atlantis Bank, Coral, Fools Flat, Middle of What, agus Walter’s Shoal, ar limistéir iad atá faoi chosaint eatramhach, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn IK, seachas más modhanna líne agus gaiste a úsáideann siad agus ar an gcoinníoll breathnóir eolaíoch a bheith ar bord acu i gcónaí le linn dóibh a bheith ag iascach sna limistéir sin.”
Airteagal 3
Leasú ar Rialachán (AE) 2020/123
“Leasaítear Iarscríbhinní I, IA, ID agus IK i gcomhréir leis an Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.”
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2020.
Beidh an Rialachán seo ceangailteach go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán