Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0083

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú bonn i leith éifeachtúlacht breosla agus paraiméadair riachtanacha eile agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009

COM/2020/83 final

An Bhruiséil,4.3.2020

COM(2020) 83 final

2018/0148(COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA

de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

maidir leis

seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú bonn i leith éifeachtúlacht breosla agus paraiméadair riachtanacha eile agus lena n
x001e
aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


2018/0148 (COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA


de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh


maidir leis

seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú bonn i leith éifeachtúlacht breosla agus paraiméadair riachtanacha eile agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

1.Cúlra

An dáta a tíolacadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COM(2018) 296 final – 2018/0148 (COD))

17 Bealtaine 2018

Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

17 Deireadh Fómhair 2018

Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh

26 Márta 2019

An dáta a tíolacadh an togra leasaithe

n/b

An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle

25 Feabhra 2020

2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún

An 17 Bealtaine 2018, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú bonn i leith éifeachtúlacht breosla agus paraiméadair riachtanacha eile agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009.

Is iad friotaíocht rollta na mbonn is cúis le 20 % go 30 % de thomhailt bhreosla feithiclí. Mar sin de, tá sé tábhachtach an fhriotaíocht rollta a laghdú chun éifeachtúlacht breosla agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.

Is é an aidhm atá le hathbhreithniú an Rialacháin maidir le lipéadú bonn ceanglais faisnéise maidir le héifeachtúlacht breosla, gnéithe torainn agus sábháilteacht boinn a neartú, agus iad a chur i bhfeidhm maidir le gach bonn, bíodh siad le haghaidh carranna, veaineanna nó feithiclí tromshaothair. De bharr rialacha nua maidir le lipéadú bonn, beidh sé ar chumas úsáideoirí deiridh an rogha is fearr a dhéanamh ó thaobh éifeachtúlacht breosla agus sábháilteachta de agus airgead a shábháil.

Tá foráil sa togra freisin maidir le faisnéis scríobtha agus míleáiste a chur ar an lipéad (nuair a bheidh modh tástála iontaofa ar fáil), rud a chuideodh micreaphlaistigh ó bhoinn a laghdú i gcomhréir le Straitéis an Choimisiúin um Plaistigh. Dá bhrí sin, beidh custaiméirí in ann boinn mharthanacha a roghnú.

Leasaítear an Rialachán atá ann cheana féin leis an Rialachán atá beartaithe leis an méid seo a leanas:

·Feabhas a chur ar shofheictheacht na lipéad bonn (lipéad atá le taispeáint i ngach cás ina mbeidh díol nó fógraíocht ar siúl ar an Idirlíon, ó thaobh ciandíola de, etc.), agus feasacht a ardú.

·Feabhas a chur ar fhaireachas margaidh agus ar a fhorfheidhmiú (an lipéad boinn a chur sa bhunachar táirgí a bhunaítear le Rialachán 2017/1369).

·Nuashonrú a dhéanamh ar an lipéad chun an fhaisnéis is fearr a thabhairt d’úsáideoirí deiridh.

·Faisnéis faoi fheidhmíocht na mbonn i ndálaí sneachta agus oighir a chur ar an lipéad.

·Lipéad an bhoinn a ailíniú le lipéad fuinnimh an Aontais Eorpaigh le gur féidir é a fheiceáil go soiléir.

·An deis a bheith ann faisnéis faoi scríobadh (micreaphlaistigh), míleáiste agus boinn atráchta a chur ar an lipéad amach anseo.

·A chur de cheangal ar mhonaróirí na luachanna a úsáideann siad chun aicmí an lipéid a dhearbhú a sholáthar do na húdaráis náisiúnta, rud a chuirfidh feabhas ar iontaofacht fhaisnéis an lipéid.

3.Tráchtanna maidir leis an seasamh ón gComhairle

Tá an seasamh ón gComhairle de réir an chomhaontaithe pholaitiúil ar tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle air ag an gcruinniú tríthaobhach neamhfhoirmiúil an 13 Samhain 2019.

Is díol sásaimh don Choimisiún é comhaontú na Comhairle gníomhartha tarmligthe a úsáid chun boinn atráchta a chur san áireamh faoi chuimsiú an Rialacháin, nuair a bheidh modh oiriúnach tástála ar fáil, seachas gníomhartha cur chun feidhme.

Chomh maith leis sin, is díol sásaimh don Choimisiún é gur chomhaontaigh an Chomhairle faisnéis faoi mhíleáiste agus scríobadh a chur sa Rialachán le gníomhartha tarmligthe, nuair a bheidh modh oiriúnach tástála ar fáil, seachas leis an ngnáthnós imeachta reachtach. Tá an Coimisiún tiomanta do bheith ag obair i ndlúthchomhar le hearnáil an tionscail, le heagraíochtaí rialúcháin nó caigheánúcháin agus le páirtithe leasmhara eile chun modhanna tástála agus tomhais oiriúnacha a fhorbairt. Is oth leis an gCoimisiún gur mheas an Chomhairle gur ghá an cumhachtú a bheith faoi réir measúnú tionchair críochnúil agus comhairliúchán cuí, ar bearta riachtanacha iad, ar aon chor , faoi phróiseas an Choimisiúin maidir le Rialáil níos fearr.

Maidir le haicmí feidhmíochta an lipéid a athscálú, is oth leis an gCoimisiún gur chinn an Chomhairle gan na teorainneacha aicmí atá ann cheana a athscálú, mar go measann an Coimisiún go gcaillfear an deis an nuálaíocht a spreagadh agus faisnéis níos cruinne a thabhairt do thomhaltóirí. Is oth leis an gCoimisiún freisin nár thug an Chomhairle an chumhacht don Choimisiún na haicmí a nuashonrú agus a athscálú le gníomhartha tarmligthe.

Cé gur díol sásaimh don Choimisiún é gur chomhaontaigh an Chomhairle na haicmí maidir le fliuchghreim agus friotaíocht rollta "a ghlanadh", i.e. trí na haicmí sin a scriosadh a fágadh folamh le cur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Sábháilteacht Ghinearálta (AE) 2019/2144, measann sé gur loighciúla aicmí an torainn a "ghlanadh" freisin ar an dóigh chéanna.

Is díol sásaimh don Choimisiún an togra le haghaidh meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán faoin 1 Meitheamh 2025, agus measann sé go bhfuil cur chuige na Comhairle ina nglactar leis gur cheart tosú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin an 1 Bealtaine 2021.

Comhaontaíonn an Coimisiún leis an seasamh ón gComhairle nár mhór an lipéad iomlán a thaispeáint i bhfógráin amhairc, agus gurbh fhéidir an lipéad a chur ar fáil i dtaispeáint neadaithe le haghaidh fógráin agus díolacháin ar líne, cé gur trua nár mhian leis an gComhairle a shonrú cén chaoi ar cheart d'oibreoirí eacnamaíocha sin a dhéanamh.

Ag féachaint do cheart údarás faireacháin margaidh costais a aisghabháil ón soláthraí, is díol sásaimh don Choimisiún an togra le haghaidh an téacs a ailíniú le Rialachán 2019/1020 maidir le faireachán margaidh agus comhlíonadh táirgí, lena n‑áiritheofar comhleanúnachas reachtach.

Ar deireadh, is díol sásaimh don Choimisiún an togra le haghaidh dearadh an lipéid boinn a ailíniú leis na lipéid fuinnimh 1 a foilsíodh le déanaí, a n‑aithníonn tomhaltóirí go han‑mhinic iad. Is díol sásaimh é freisin an seasamh ón gComhairle gur cheart picteagraim a chur ar an lipéad a léireoidh cé acu an bonn "i ndiandálaí sneachta", bonn "i ndálaí oighir" nó an dá chineál acu atá i gceist, rud a bhí ina chuid den togra ón gCoimisiún.

4.Conclúid

Tugann an Coimisiún a thacaíocht do na torthaí ón gcaibidlíocht idir-institiúideach cé gur oth leis gnéithe áirithe de chomhaontú polaitiúil na Comhairle ar an gcéad léamh (i.e na coinníollacha a ghabhann leis an gcumhachtú scríobadh agus míleáiste a chur san áireamh, agus an easpa cumhachtaithe aicmí an lipéid a athscálú).

(1)    IO L 315, 5.12.2019
Top