Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0058

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta le linn an 75ú seisiún den Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí agus an 102ú seisiún den Choiste Muir-Shábháilteachta maidir le glacadh leasuithe ar Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc, leasuithe ar Chaibidil II-1 den Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir agus leasuithe ar an gCód Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Long a úsáideann Gáis nó Breoslaí Íseal-splancphointe Eile

COM/2020/58 final

An Bhruiséil,17.2.2020

COM(2020) 58 final

2020/0026(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta le linn an 75ú seisiún den Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí agus an 102ú seisiún den Choiste Muir-Shábháilteachta maidir le glacadh leasuithe ar Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc, leasuithe ar Chaibidil II-1 den Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir agus leasuithe ar an gCód Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Long a úsáideann Gáis nó Breoslaí Íseal-splancphointe Eile


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 75ú seisiún de Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (MEPC 75), a bheidh ar siúl i Londain ón 30 Márta go dtí an 3 Aibreán 2020 agus ag an 102ú seisiún de Choiste Muir-Shábháilteachta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (MSC 102), a bheidh ar siúl i Londain ón 13 go dtí an 22 Bealtaine 2020, maidir leis na leasuithe a bhfuil sé beartaithe iad a ghlacadh ar Iarscríbhinn VI de Choinbhinsiún MARPOL agus a bhaineann leis an teorainn sulfair 0.50 % a chur chun feidhme go comhsheasmhach agus ar Chaibidil II-1 de Choinbhinsiún SOLAS: Rialachán 3-8 de chuid A-1 maidir le trealamh tuála agus múrála, Rialachán 7-2 de chuid B-1 maidir le ríomh an fhachtóra si agus maidir le Codanna B-2 go B-4 maidir le sláine uiscedhíonachta agus leasuithe ar Chodanna A-1 agus B-1 den Chód Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Long a úsáideann Gáis nó Breoslaí Íseal-splancphointe Eile(Cód IGF).

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Coinbhinsiún um an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta

Is leis an gCoinbhinsiún um an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta a bhunaítear an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO). Is é cuspóir na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta fóram a chur ar fáil le haghaidh comhar i réimse na rialála agus na gcleachtas a bhaineann le hábhair theicniúla de gach cineál a imríonn tionchar ar loingeas atá ag gabháil do thrádáil idirnáisiúnta. Thairis sin, tá sé mar aidhm ag an Eagraíocht glacadh ginearálta na gcaighdeán is airde is féidir a chur chun cinn maidir le hábhair a bhaineann le sábháilteacht mhuirí, le héifeachtúlacht na loingseoireachta agus le cosc agus rialú truaillithe muirí ó longa, agus lena linn sin an cothrom iomaíochta a chur chun cinn. Bíonn sí ag plé le cúrsaí riaracháin agus dlí freisin.

Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm an 17 Márta 1958.

Tá na Ballstáit uile ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún.

Tá na Ballstáit uile ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc (“Coinbhinsiún MARPOL”), 1973, a tháinig i bhfeidhm an 2 Deireadh Fómhair 1983 agus tá siad ina bpáirtithe in Iarscríbhinn VI, a tháinig i bhfeidhm an 18 Bealtaine 2005. Níl an tAontas ina pháirtí i gCoinbhinsiún MARPOL.

Tá na Ballstáit uile ina bpáirtithe sa Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (“Coinbhinsiún SOLAS”), 1974, a tháinig i bhfeidhm an 25 Bealtaine 1980. Níl an tAontas ina pháirtí i gCoinbhinsiún SOLAS.

Faoi Choinbhinsiún SOLAS, rinneadh cód éigeantach den Chód Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Long a úsáideann Gáis nó Breoslaí Íseal-splancphointe Eile (Cód IGF). Is é is cuspóir leis caighdeán idirnáisiúnta a chur ar fáil le haghaidh longa a oibrítear le breosla gáis nó le breosla de leachtanna íseal-splancphointe. Sa Chód sin, tugtar aghaidh ar na réimsí uile ar gá aird ar leith a thabhairt orthu i dtaca le húsáid gáis nó leachtanna íseal-splancphointe mar bhreosla. Tá le fáil ann critéir le haghaidh socrú agus suiteáil innealra le haghaidh tiomána agus feidhmeanna cúnta, arb innealra é a úsáideann gás nádúrtha mar bhreosla, a mbeidh leibhéal sláine aige, ó thaobh na sábháilteachta agus na hiontaofachta de, a bheidh coibhéiseach leis an leibhéal is féidir a bhaint amach le príomhinnealra agus innealra cúnta nua de chineál atá inchomparáide leis agus a oibrítear le breosla gnáthola.

2.2.An Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta

Is sainghníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe í an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) a bhfuil freagracht uirthi maidir le sábháilteacht agus slándáil loingis agus maidir le truailliú muirí ó longa a chosc. Is é an t‑údarás domhanda é ó thaobh caighdeáin a leagan síos maidir le sábháilteacht, slándáil agus feidhmíocht chomhshaoil an loingis idirnáisiúnta. Is é an príomhról atá aige creat rialála cóir éifeachtach a chruthú le haghaidh an tionscail loingis, creat a ghlacfar go huilíoch agus a chuirfear chun feidhme go huilíoch.

Is féidir le gach Stát a bheith ina mball de IMO agus tá Ballstáit uile an Aontais ina mbaill de. Ó bhí 1974 ann, tá stádas breathnóra ag an gCoimisiún Eorpach san Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO). Tá sin amhlaidh de bharr Socrú le haghaidh Comhoibriú agus Comhar idir an Eagraíocht Chomhairleach Mhuirí Idir-rialtasach (IMCO) agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le hábhair atá le leas coiteann an dá pháirtí.

Is é atá sa Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí ná Baill uile IMO agus bíonn cruinniú aige uair amháin sa bhliain ar a laghad. Tugann sé aghaidh ar shaincheisteanna atá faoi raon feidhme na hEagraíochta a mhéid a bhaineann le rialú agus cosc truaillithe ó longa a chumhdaítear faoi choinbhinsiún MARPOL, ar a truailliú ó ola, ó cheimiceáin a iompraítear i mbulc, ó shéarachas, ó dhramhaíl agus ó astaíochtaí ó longa isteach san aer, ar a n‑áirítear truailleáin aeir agus astaíochtaí gás ceaptha teasa. Ar na hábhair eile a chumhdaítear tá bainistíocht uisce ballasta, córais frithscreamha, athchúrsáil long, ullmhacht agus freagairt i dtaca le truailliú, agus aithint limistéar speisialta agus limistéar farraige lena mbaineann íogaireacht ar leith.

Cuireann Coiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta an sásra ar fáil chun cibé dualgais atá air faoi Choinbhinsiún IMO, faoi Chomhthionól IMO nó faoi Chomhairle IMO a chur i gcrích, nó aon dualgas faoi chuimsiú an raoin feidhme thuasluaite a d’fhéadfaí a shannadh dó le haon ionstraim idirnáisiúnta eile nó faoi aon ionstraim idirnáisiúnta eile, agus a nglacfadh IMO leis. Is le tromlach de na Baill a ghlacfar cinntí an Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí agus a fhochomhlachtaí.

Is é atá i gCoiste Muir-Shábháilteachta IMO, mar an gcéanna, Baill uile IMO agus bíonn cruinniú aige uair amháin sa bhliain ar a laghad. Pléann sé le haon ábhar atá faoi chuimsiú raon feidhme na heagraíochta agus a bhaineann le háiseanna loingseoireachta, déanmhas agus trealamh soithí, foireannú ó thaobh na sábháilteachta de, rialacha le haghaidh imbhuailtí a chosc, láimhseáil lastaí contúirteacha, nósanna imeachta agus ceanglais i ndáil leis an tsábháilteacht mhuirí, faisnéis hidreagreafach, logleabhair agus taifid loingseoireachta, imscrúdú ar thaismigh muirí, tarrthálas agus tarrtháil, agus aon ábhar eile a bhfuil tionchar díreach aige ar an tsábháilteacht mhuirí.

Cuireann Coiste Muir-Shábháilteachta IMO sásra ar fáil chun cibé dualgais atá air faoi Choinbhinsiún IMO, faoi Chomhthionól IMO nó faoi Chomhairle IMO a chur i gcrích, nó aon dualgas faoi chuimsiú an raoin feidhme thuasluaite a d’fhéadfaí a shannadh dó le haon ionstraim idirnáisiúnta eile nó faoi aon ionstraim idirnáisiúnta eile, agus a nglacfadh IMO leis. Is le tromlach de na Baill a ghlacfar cinntí an Choiste Muir-Shábháilteachta agus a fhochomhlachtaí.

2.3.An gníomh atá beartaithe ag Coiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta

An 30 Márta – 3 Aibreán 2020, le linn an 75ú seisiún (MEPC 75), tá an Coiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí chun leasuithe ar Iarscríbhinn VI de Choinbhinsiún MARPOL a ghlacadh. Baineann siad le cur i bhfeidhm na teorann sulfair 0.50 % a úsáidtear in ola bhreosla ar bord long. Na leasuithe atá beartaithe ar Iarscríbhinn VI de Choinbhinsiún MARPOL, is é is cuspóir dóibh tacú le cur chun feidhme comhsheasmhach na teorann sulfair 0.50 %.

In 2008, ghlac IMO rún chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn VI de Choinbhinsiún MARPOL ina bhfuil rialacháin lena dtugtar aghaidh ar thruailliú aeir ó longa a chosc. Tháinig an Iarscríbhinn VI athbhreithnithe de Choinbhinsiún MARPOL i bhfeidhm an 1 Iúil 2010 agus tugadh isteach leis, inter alia, teorainneacha sulfair níos doichte i dtaca le breosla muirí i Limistéir Rialaithe Astaíochtaí SOx agus, chomh maith leis sin, i limistéir farraige lasmuigh de Limistéir Rialaithe Astaíochtaí SOx.

Is tábhachtach an caighdeán ola bhreosla a leagtar amach i Rialachán 14.1.3 d’Iarscríbhinn VI de Choinbhinsiún MARPOL, a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2020, a fhorfheidhmiú go láidir, chun go bhféadfar an teorainn sulfair 0.5 % a chur chun feidhme go comhsheasmhach agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach ar fud an domhain. Is é an cuspóir atá leis na leasuithe atá beartaithe ar Iarscríbhinn VI de Choinbhinsiún MARPOL, a áirithiú go gcuirfear Rialachán 14.1.3 chun feidhme go héifeachtach, d’fhonn laghdú mór a dhéanamh ar astuithe aerthruaillithe SOx agus cáithníní isteach san atmaisféar de dheasca dóchán breosla ar longa, chun sláinte an duine agus an comhshaol muirí a chaomhnú.

2.4.An gníomh atá beartaithe ag Coiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta

An 13 – 22 Bealtaine 2020, le linn a 102ú seisiún (MSC 102), tá an Coiste Muir-Shábháilteachta chun leasuithe ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (Coinbhinsiún SOLAS) a ghlacadh chomh maith le leasuithe ar Rialachán 11 den Chód Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Long a úsáideann Gáis nó Breoslaí Íseal-splancphointe Eile (Cód IGF).

Na leasuithe atá beartaithe ar Rialacháin 3-8 de chuid A-1 de chaibidil II-1 de Choinbhinsiún SOLAS, baineann siad le sabháilteacht tuála agus múrála. Na leasuithe ar chodanna B, B-1 agus B-2 – B-4 de chaibidil II-1 de Choinbhinsiún SOLAS, baineann siad le comhsheasmhacht a áirithiú maidir le sláine uiscedhíonachta. De ghnáth, ní bhíonn na táscairí i gceist suiteáilte i ngach cineál long (táscaire stiúrach, táscaire lián, táscaire sáite, táscaire tumtha, agus táscaire samhlach feidhmíochta).

Tá sé d’aidhm leis na leasuithe atá beartaithe ar Rialachán 11 den Chód Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Long a úsáideann Gáis nó Breoslaí Íseal-splancphointe Eile (Cód IGF) an chomhsheasmhacht sa Chód IGF a threisiú, maidir leis na ceanglais reatha a bhaineann le longa a úsáideann gás nádúrtha mar bhreosla, trí leasuithe riachtanacha a thabhairt isteach bunaithe ar an taithí a fuarthas agus an Cód á chur i bhfeidhm.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

3.1.Leasuithe ar rialacháin in Iarscríbhinn VI de Choinbhinsiún MARPOL

Le linn an 71ú seisiún den Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí (MEPC 71), a bhí ar siúl i Londain 3 – 7 Iúil 2017, formheasadh ítim nua maidir le “Cur chun feidhme comhsheasmhach Rialachán 14.1.3 d’Iarscríbhinn VI de Choinbhinsiún MARPOL”, ítim atá le cur le clár débhliantúil 2019-2019 an Fhochoiste um Chosc agus um Fhreagairt Truaillithe agus leis an gclár oibre sealadach le haghaidh an 5ú seisiún den Fhochoiste um Chosc agus um Fhreagairt Truaillithe (PPR 5), agus 2019 mar spriocam lena chur i gcrích.

Ag an seisiún i Londain, ón 5 – 9 Feabhra 2018, d’fhorbair PPR 5 dréachtleasuithe ar Rialachán 14 d’Iarscríbhinn VI de Choinbhinsiún MARPOL i dtaca le toirmeasc a chur ar ola bhreosla neamhchomhlíontach a iompar le haghaidh dóchán i ndáil le tiomáint loinge nó oibriúcháin ar bord loinge. Rinne an 72ú seisiún den Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí (MEPC 72), a bhí ar siúl i Londain ón 9 – 13 Aibreán 2018, na dréachtleasuithe ar Iarscríbhinn VI de Choinbhinsiún MARPOL a fhormheas, le mionleasuithe.

Bhí an Cruinniú Idirsheisiúnach maidir le cur chun feidhme comhsheasmhach Rialachán 14.1 3 d’Iarscríbhinn VI de Choinbhinsiún MARPOL ar siúl i Londain ón 9 – 13 Iúil 2018. Chuir an tAontas Eorpach isteach an doiciméad ISWG-AP 1/3/2, ina molann sé leasuithe a dhéanamh ar Rialacháin 14 agus 18.

Ghlac MEPC 73 na leasuithe ar aontaíodh orthu, le rún MEPC.305 (73). Chinn MEPC 73 go measfar gur glacadh leis na leasuithe sin an 1 Meán Fómhair 2019 agus tiocfaidh siad i bhfeidhm 1 Márta 2020.

Ag an seisiún Londain ón 18 – 22 Feabhra 2019, d’fhorbair PPR 6 dréachtleasuithe ar:

Rialachán 1 maidir le cur i bhfeidhm an rialacháin;

Rialachán 2 ina dtugtar sainmhínithe ar “cion sulfair in ola bhreosla”, “ breosla íseal-splancphointe” “sampla MARPOL den bhreosla á sheachadadh”, “sampla den bhreosla in úsáid”, agus “sampla den bhreosla ar bord”;

Rialachán 14 maidir le tógáil samplaí den ola bhreosla in úsáid agus den ola bhreosla ar bord roimh úsáid agus maidir le tástáil samplaí ola bhreosla i ndáil le comhlíonadh Iarscríbhinn VI de Choinbhinsiún MARPOL;

Rialachán 18 a bhaineann leis an nós imeachta fíorúcháin;

iarscríbhinn I ar an “Forlíonadh ar an Deimhniú IAPP”, maidir le pointe samplála ola bhreosla; agus

iarscríbhinn VI maidir leis an nós imeachta i ndáil le fíorú na samplaí breosla i gcás na samplaí ola bhreosla a úsáidtear i ndáil le comhlíonadh Iarscríbhinn VI de Choinbhinsiún MARPOL.

Chuir PPR 6 na leasuithe sin faoi bhráid MEPC 74, a ghlac leo agus a chuir faoi bhráid MEPC 75 iad lena nglacadh.

Leagtar amach, i nDoiciméad MEPC 75/3 de chuid IMO, na leasuithe ar Rialacháin 1, 2, 14, 18, 20, 21 d’Iarscríbhinn VI de Choinbhinsiún MARPOL agus ar aguisíní I agus VI a ghabhann le hIarscríbhinn VI de Choinbhinsiún MARPOL. Léirítear i mír 5.116 de thuarascáil MEP74 (MEPC 74/18) go bhforáiltear go nglacfar na leasuithe sin le linn MEPC 75.

I bhfianaise fhorálacha cur chun feidhme treisithe Threoir 2016/802, ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe sin, ar an ábhar go léirítear iontu an gá atá ann ar fud an domhain leis an teorainn sulfair 0.50 % i mbreosla mara a fhorfheidhmiú ar bhealach láidir glan soiléir. Áiritheofar, leis sin, go ndéanfar laghdú éifeachtach ar astuithe ocsaídí sulfair, agus ar an mbealach sin go seachnófar a dtionchair dhíobhálacha ar shláinte an duine agus ar éiceachórais, agus ag an am céanna seachnófar saobhadh ar an iomaíocht san earnáil.

3.2.Leasuithe ar Chaibidil II-I den Choinbhinsiún um Shábháilteacht Anama ar Muir(Coinbhinsiún SOLAS)

3.2.1.Leasuithe ar Chaibidil II-I/A-1/3-8 de Choinbhinsiún SOLAS maidir le trealamh tuála agus múrála

D’ardaigh an tAontas Eorpach saincheist faoi mhúráil shábháilte mar ítim neamhphleanáilte ag an 95ú seisiún de MSC (doiciméad MSC 95/19/2) agus ghlac MSC leis. Ina theannta sin, ghlac MSC le togra ón tSeapáin, a bhain le breithniú maidir le cothabháil a dhéanamh ar théada tíre atá damáistithe nó atá meathlaithe nó earraí nua a chur ina n‑áit (doiciméad MSC 95/19/13). Phléigh an Fochoiste ar Dhearadh agus Déanmhas Long (SDC) an tsaincheist i ngrúpa oibre agus trí Ghrúpa Comhfhreagrach araon, arna gcomhordú ag an Danmhairg agus ag an tSeapáin. Cuireadh na dréachtleasuithe ar Choinbhinsiún SOLAS chomh maith leis na treoirlínte agus an treoraíocht is infheidhme, i gcrích ag an 6ú seisiún de SDC (SDC 6). Ansin pléadh toradh SDC ag an 101ú seisiún den Choiste Muir-Shábháilteachta (MSC 101), eadhon:

Leasuithe ar Rialachán 3-8 de chuid A-1 de Chaibidil II-I de Choinbhinsiún SOLAS,

Treoirlínte maidir le socruithe deartha agus múrála agus roghnú trealaimh múrála agus feistis chuí le haghaidh múrála sábháilte,

Treoirlínte maidir le hiniúchadh agus cothabháil trealamh múrála lena n‑airítear na téada, agus

Treoraíocht athbhreithnithe maidir le tuáil ar bord loinge, agus trealamh múrala agus dréachtchiorclán MSC lena mbaineann i.e. MSC.1/Ciorc.1175/Ath.1, agus

dréachtchiorcláin uile MSC lena mbaineann

Rinne MSC 101 formheas ar dhréachtleasuithe ar Choinbhinsiún SOLAS a leagtar amach in Iarscríbhinn 25 de thuarascáil MSC 101/24, Aguisín 1. Rinneadh na Treoirlínte agus an treoraíocht lena mbaineann a fhormheas i bprionsabal ag MSC 101 agus déanfar iad a fhormheas go críochnaitheach i gcomhar le glacadh dréachtleasuithe ar Choinbhinsiún SOLAS. Léirítear i míreanna 12.2-9 de thuarascáil MSC 101 (MSC 101/24) go bhforáiltear go nglacfar leis na leasuithe ar Choinbhinsiún SOLAS agus leis na treoirlínte agus an treoraíocht a bhaineann leo agus go ndéanfar iad a fhormheas faoi seach ag MSC 102.

Ós rud é go gcuirtear uasghrádú cuimsitheach maidir leis na socruithe múrála atá ann faoi láthair ar fáil sna leasuithe ar Choinbhinsiún SOLAS agus sna treoirlínte, sa treoraíocht agus sna ciorcláin lena mbaineann. Comhfhreagraíonn siad do rún an togra bhunaidh ón Aontas, agus dá bhrí sin ba cheart don Aontas tacú le glacadh na leasuithe ar Choinbhinsiún SOLAS agus le formheas na n‑ionstraimí lena mbaineann.

3.2.2.Sláine uiscedhíonachta – comhsheasmhacht idir Rialacháin i gCaibidil II-1 B, Caibidil B-I agus Caibidil B-2 – B-4 de Choinbhinsiún SOLAS

Ag an 96úseisiún, chomhaontaigh MSC aschur a áireamh ar chlár leathbhliantúil 2018-2019 an Choiste, maidir le “Athbhreithnigh caibidil II-I, Codanna B-2 go B-4 de SOLAS chun comhsheasmhacht le Codanna B agus B-1 a áirithiú maidir le sláine uiscedhíonachta “, lena sannfar Fochoiste SDC mar orgán comhordúcháin.

Chuir SDC 6 bailchríoch ar na dréachtleasuithe ar SOLAS agus chuir sé faoi bhráid MSC 101 iad. Leagtar amach na leasuithe ar chodanna B, B-1 agus B-2 – B-4 de Choinbhinsiún SOLAS Caibidil II-I, in Iarscríbhinn 25 a ghabhann le doiciméad MSC 101/24 Aguisín 1.

Maidir le ríomh na bhfachtóirí i i Rialachán 7-2 de Chaibidil II-I B-1, de Choinbhinsiún SOLAS, shocraigh SDC cé go raibh forbairt na leasuithe ar Rialachán II-I/7-2.5 de Choinbhinsiún SOLAS lasmuigh de raon feidhme na hítime, go mbeadh leasú ar Choinbhinsiun SOLAS ar an mbealach is éifeachtúla agus is éifeachtaí chun dul i ngleic leis na neamhréireachtaí bunúsacha i Rialachán II-1/7-2.5.2.1 de Choinbhinsiún SOLAS maidir le doirse i mbulcaidí os cionn deic bhulcaide, a mheastar a bheith uiscedhíonach sna ríomhanna umchobhsaíocht i gcás damáiste. Chinn SDC 6 iarraidh ar MSC 101 aontú leis an gcur chuige sin chun na neamhréireachtaí maidir le huiscedhíonacht idir chodanna éagsúla de B i gCaibidil II-1 de Choinbhinsiún SOLAS a réiteach. Rinne MSC 101 amhlaidh (mír 12.10 de thuarascáil MSC 101, MSC 101/24) agus leagtar amach na leasuithe in Iarscríbhinn 25 a ghabhann leis an doiciméad MSC 101/24, Aguisín 1.

Léirítear i mír 12.12 de thuarascáil MSC 101 (MSC 101/24) go bhforáiltear go nglacfar leis na leasuithe thuasluaite ag MSC 102.

Ós rud é go dtugtar isteach, leis na leasuithe ar chaibidil II-1, Codanna B-2 go B-4 de Choinbhinsiún SOLAS, comhleanúnachas, ar fud Chuid B, sna forálacha maidir le sláine uiscedhíonachta, lena n‑áirítear an tsaincheist maidir le ríomhanna um chobhsaíocht i gcás damáiste don long, agus toisc gur thacaigh an tAontas lena bhformheas le linn MSC 101, ba cheart don Aontas tacú le glacadh na leasuithe sin.

3.3.Leasuithe ar chodanna A-1 agus B-1 den Chód Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Long a úsáideann Gáis nó Breoslaí Íseal-splancphointe Eile(Cód IGF)

Chomhaontaigh an 5ú seisiún den Fhochoiste ar Iompar Lastaí agus Coimeádán (CCC 5) dréachtleasuithe ar mhír 6.7.1.1 (córais bhrú-scaoilte) agus caibidil 11 (córais múchta dóiteáin i seomra ullmhúchán breosla) de chuid A-1 de Chóid IGF mar a leagtar síos in iarscríbhinn 2 de thuarascáil CCC, CCC 5/13, le cur faoi bhráid MSC 101 lena bhformheas (dá dtagraítear i mír 3.31 de CCC 5/13). Rinne MSC 101 na dréachtleasuithe sin a leagtar amach in iarscríbhinn 14 MSC 101/24 Aguisín 1 a fhormheas ansin. Léirítear i mír 9.2 de thuarascáil MSC 101 (MSC 101/24) go bhforáiltear go nglacfar leis na leasuithe thuasluaite ag MSC 102

Rinne CCC 5 formheas ar dhréachtleasuithe ar mhír 16.3.3.5.1 maidir le tástálacha teanntachta ar ábhair le haghaidh an chórais choimeádta bhreosla, nach cóimhiotal alúmanaim iad, a bhaineann le cuid B-1 de Chód IGF, mar a leagtar síos in iarscríbhinn 5 de CCC 5/13 le cur faoi bhráid MSC 101 lena fhormheas (dá dtagraítear i mír 4.14 de CCC 5/13). Rinne MSC 101 formheas ansin ar na dréachtleasuithe sin mar a leagtar amach iad in iarscríbhinn 14 MSC 101/24 Aguisín 1. Léirítear i mír 9.3 MSC 101/24 go bhforáiltear go nglacfar leis na leasuithe ag MSC 102.

Tugtar breis soiléireachta leis an leasú ar mhír 6.7.1.1 maidir leis na spásanna atá le cur ar fáil i gcás chóras faoisimh brú cuí. Soláthraítear sábháilteacht níos fearr leis an leasú ar chaibidil 11, maidir le córas múchta dóiteáin suite a chur i seomra ullmhúchán breosla. Tugadh tacaíocht ón Aontas don dá cheann cheana lena bhformheas ag MSC 101. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas tacú le glacadh na leasuithe sin.

3.4.Reachtaíocht ábhartha AE agus inniúlacht AE

3.4.1.Leasuithe ar Iarscríbhinn VI de Choinbhinsiún MARPOL

Na ceanglais in Iarscríbhinn VI de Choinbhinsiún MARPOL, maidir leis an gcion sulfair in ola bhreoslaí muirí a laghdú d’fhonn astuithe aerthruaillithe SOx a laghdú, cuirtear chun feidhme iad i ndlí an Aontais i dTreoir (AE) 2016/802 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 Bealtaine 2016 a bhaineann le laghdú an chion sulfair i leachtbhreoslaí áirithe. Dá bhrí sin, beidh tionchar díreach ar cheanglais na Treorach ag na leasuithe sin lena dtabharfar isteach athruithe ar Iarscríbhinn VI de Choinbhinsiún MARPOL agus a bhfuiltear lena nglacadh le linn MEPC 75.

3.4.2.Leasuithe ar Chaibidil II-I den Choinbhinsiún um Shábháilteacht Anama ar Muir (Coinbhinsiún SOLAS)

Le hAirteagal 6(2)(a)(i) de Threoir 2009/45/CE maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta le haghaidh longa paisinéirí, déantar Coinbhinsiún SOLAS, arna leasú, infheidhme maidir le longa paisinéirí d’Aicme A.

Dá bhrí sin, beidh tionchar díreach ar cheanglais na Treorach ag na leasuithe sin lena dtabharfar isteach athruithe ar Chaibidil II-1, Codanna A agus B agus a bhfuiltear lena nglacadh le linn MSC 102.

3.4.3.Leasuithe ar chodanna A-1 agus B-1 den Chód Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Long a úsáideann Gáis nó Breoslaí Íseal-splancphointe Eile (Cód IGF)

Le hAirteagal 6(2)(a)(i) de Threoir 2009/45/CE maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta le haghaidh longa paisinéirí, déantar Coinbhinsiun SOLAS, arna leasú, infheidhme maidir le longa paisinéirí d’Aicme A. Le Coinbhinsiún SOLAS, déantar cód éigeantach den Chód IGF i dtaca le longa paisinéirí.

Dá bhrí sin, bheadh tionchar díreach ag na leasuithe atá le glacadh le linn MSC 102 ar cheanglais trí chur i bhfeidhm Threoir 2009/45/CE.

3.4.4.Inniúlacht an Aontais Eorpaigh

Dhéanfadh na leasuithe ar Iarscríbhinn VI de Choinbhinsiún MARPOL difear do dhlí an Aontais Eorpaigh trí chur i bhfeidhm Threoir (AE) 2016/802 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 Bealtaine 2016 a bhaineann le laghdú an chion sulfair i leachtbhreoslaí áirithe.

Dhéanfadh na leasuithe ar Chaibidil II-I den Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (Coinbhinsiún SOLAS) difear do dhlí an Aontais Eorpaigh trí chur i bhfeidhm Threoir 2009/45/CE.

Dhéanfadh na leasuithe ar chodanna A-1 agus B-1 den Chód Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Long a úsáideann Gáis nó Breoslaí Íseal-splancphointe Eile (Cód IGF) difear do dhlí an Aontais Eorpaigh trí chur i bhfeidhm Threoir 2009/45/CE.

Dá bhrí sin, tá inniúlacht eisiach ag an Aontas de bhua an choir dheireanaigh d’Airteagal 3(2) CFAE agus, ar an ábhar sin, is gá a leagan síos cad é seasamh an Aontais maidir leis na hachtanna lena nglactar na leasuithe thuasluaite.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

Déantar foráil, le hAirteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), le haghaidh cinntí lena leagfar síos “na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.”

Tá feidhm ag Airteagal 218(9) CFAE cibé acu atá an tAontas ina bhall den chomhlacht nó ina pháirtí sa chomhaontú nó nach bhfuil 1 .

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear leis freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a d’fhéadfadh tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh 2 .

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlachtaí iad an Coiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí agus an Coiste Muir-Shábháilteachta a cuireadh ar bun le comhaontú, eadhon leis an gCoinbhinsiún um an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta.

Na gníomhartha a bhfuiltear ag iarraidh ar an gCoiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí agus ar an gCoiste Muir-Shábháilteachta iad a ghlacadh, is gníomhartha iad a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo. D’fhéadfadh na gníomhartha atá beartaithe tionchar cinntitheach a bheith acu ar a bhfuil sa reachtaíocht seo a leanas de chuid an Aontais Eorpaigh:

Treoir (AE) 2016/802 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 a bhaineann le laghdú an chion sulfair i leachtbhreoslaí áirithe agus Rialachán (AE) Uimh. 530/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais a thabhairt isteach, ar dhóigh bhrostaithe, i dtaca le cabhlacha dúbailte nó riachtanais deartha choibhéiseacha i gcás tancaeir ola aonchabhlach. Tá sin amhlaidh toisc go léirítear, i dTreoir (AE) 2016/802 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 Bealtaine 2016 a bhaineann le laghdú an chion sulfair i leachtbhreoslaí áirithe, na ceanglais a bhaineann le sulfair a leagtar síos in Iarscríbhinn VI de Choinbhinsiún MARPOL, eadhon san uirlis lena gcuirfear a aidhm i gcrích.

Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta le haghaidh longa paisinéirí. Tá sin amhlaidh toisc go leagtar síos le Treoir 2009/45 nach mór do longa paisinéirí d’Aicme A ceanglais Choinbhinsiún SOLAS, arna leasú, a chomhlíonadh go hiomlán.

Dá bhrí sin, dhéanfadh na leasuithe ar Iarscríbhinn VI de Choinbhinsiún MARPOL, ar Choinbhinsiún SOLAS agus ar Chód IGF, difear do dhlí an Aontais Eorpaigh trí chur i bhfeidhm Threoir (AE) 2016/802 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 Bealtaine 2016 a bhaineann le laghdú an chion sulfair i leachtbhreoslaí áirithe 3 agus trí chur i bhfeidhm Threoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le rialacha sábháilteachta le haghaidh longa paisinéirí, faoi seach.

Leis an ngníomh atá beartaithe, ní fhorlíontar creat institiúideach an Chomhaontaithe ná ní leasaítear é.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí don nós imeachta le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

I dtaca leis an mbunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus inneachar an ghnímh atá beartaithe agus a nglactar seasamh ina leith thar ceann an Aontais. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a aithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt, agus nach bhfuil san aidhm nó sa chomhphairt eile ach fo-aidhm nó fo-chomhpháirt, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, eadhon ar an mbunús dlí nach foláir a bheith leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh-chomhpháirt.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is le muiriompar a bhaineann príomhchuspóir agus príomhinneachar an ghnímh atá beartaithe. Dá bhrí sin, is é Airteagal 100(2) CFAE an bunús dlí substainteach le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Ba cheart Airteagal 100(2) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith mar bhunús dlí le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.

2020/0026 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta le linn an 75ú seisiún den Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí agus an 102ú seisiún den Choiste Muir-Shábháilteachta maidir le glacadh leasuithe ar Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc, leasuithe ar Chaibidil II-1 den Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir agus leasuithe ar an gCód Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Long a úsáideann Gáis nó Breoslaí Íseal-splancphointe Eile

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i dteannta Airteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, de bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Ba cheart gníomhaíocht an Aontais san earnáil mhuiriompair a bheith dírithe ar an gcomhshaol muirí agus sláinte an duine a chosaint agus ar an tsábháilteacht mhuirí a fheabhsú.

(2)Tháinig an Coinbhinsiún um an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) i bhfeidhm an 17 Márta 1958.

(3)Is sainghníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe í an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) a bhfuil freagracht uirthi maidir le sábháilteacht agus slándáil loingis agus maidir le truailliú muirí agus atmaisféarach ó longa a chosc. Tá Ballstáit uile an Aontais ina mbaill de IMO. Níl an tAontas ina bhall de IMO.

(4)De bhun Airteagal 38 (a) den Choinbhinsiún um IMO, déanann an Coiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí na feidhmeanna sin a thugtar do IMO nó a d’fhéadfaí a thabhairt do IMO le coinbhinsiúin idirnáisiúnta maidir le truailliú muirí ó longa a chosc agus a rialú, nó faoi na coinbhinsiúin sin, go háirithe i dtaca le glacadh agus leasú rialachán nó forálacha eile.

(5)De bhun Airteagal 28(b) den Choinbhinsiún um IMO, cuireann an Coiste Muir-Shábháilteachta sásra ar fáil chun cibé dualgais a shanntar dó i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún sin, nó a shanntar dó le Comhthionól IMO nó le Comhairle IMO a chur i gcrích, nó aon dualgas faoi chuimsiú raon feidhme an Airteagail sin a d’fhéadfaí a shannadh dó faoi aon ionstraim idirnáisiúnta eile agus a nglacfadh IMO leis.

(6)Tháinig an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc (“Coinbhinsiún MARPOL”) i bhfeidhm an 2 Deireadh Fómhair 1983.

(7)De bhun Airteagal 16(2) (c) de Choinbhinsiún MARPOL, féadfaidh an comhlacht iomchuí, mar atá an Coiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí sa chás seo, leasuithe a dhéanfar air a ghlacadh.

(8)Tháinig an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (“Coinbhinsiún SOLAS”) i bhfeidhm an 25 Bealtaine 1980.

(9)De bhun Airteagal VIII(b)(iii) de Choinbhinsiún SOLAS, féadfaidh an Coiste Muir-Shábháilteachta leasuithe ar Choinbhinsiún SOLAS a ghlacadh.

(10)Tá an Coiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí, le linn a 75ú seisiún ón 30 Márta go dtí an 3 Aibreán (“MEPC 75”), le leasuithe ar Iarscríbhinn VI de Choinbhinsiún MARPOL a ghlacadh.

(11)Tá an Coiste Muir-Shábháilteachta, le linn a 102ú seisiún, ón 13 go dtí an 22 Bealtaine 2020 (“MSC 102”), le leasuithe ar Chaibidil II-1 de Choinbhinsiún SOLAS agus leasuithe ar Chodanna A-1 agus B-1 den Chód Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Long a úsáideann Gáis nó Breoslaí Íseal-splancphointe Eile (“Cód IGF”) a ghlacadh.

(12)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn MEPC 75 a leagan síos, toisc go bhféadfadh na leasuithe ar ialacháin 1, 2, 14, 18, 20, 21 agus Iarscríbhinní I agus VI de Choinbhinsiún MARPOL tionchar cinntitheach a imirt ar a bhfuil i ndlí an Aontais, eadhon i dTreoir (AE) 2016/802 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 , 5 .

(13)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn MSC 102 a leagan síos, toisc go bhféadfadh na leasuithe ar Chaibidil II-1 de Choinbhinsiún SOLAS tionchar cinntitheach a imirt ar a bhfuil i reachtaíocht an Aontais, eadhon i Rialachán 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 , agus toisc go bhféadfadh na leasuithe ar Chód IGF tionchar cinntitheach a imirt ar a bhfuil i ndlí an Aontais, eadhon i dTreoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta le haghaidh longa paisinéirí.

(14)Dhéanfadh na leasuithe ar Iarscríbhinn VI de Choinbhinsiún MARPOL a áirithiú go gcuirfí chun feidhme go comhsheasmhach an teorainn sulfair 0.50 % le haghaidh breoslaí muirí a leagtar amach i Rialachán 14. Ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe sin chun na tairbhí réamh-mheasta sláinte agus comhshaoil a ghnóthú a thiocfadh as laghdú ar astuithe dé-ocsaíde sulfair ó dhóchán breosla.

(15)Bheadh múráil níos sábháilte ag soithí mar gheall ar na leasuithe ar Chuid A-1 de Chaibidil II-I de Choinbhinsiún SOLAS. Ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe sin toisc go ndéantar uasghrádú cuimsitheach leo ar na socruithe múrála atá ann faoi láthair.

(16)Dhéanfadh na leasuithe ar Chodanna B, B-1, B-2 go B-4 de Chaibidil II-1 de Choinbhinsiún SOLAS comhsheasmhacht a áirithiú sna forálacha maidir le sláine uiscedhíonachta soithí. Ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe sin toisc go dtugtar isteach leo comhleanúnachas, ar fud chuid B, sna forálacha maidir le sláine uiscedhíonachta, ar a náirítear saincheist ríthábhachtach sin na ríomhanna um chobhsaíocht i gcás damáiste don long.

(17)Sna leasuithe ar chodanna A-1 agus B-1 de Chód IGF, déantar foráil maidir le feabhsuithe a bhaineann le himchoimeád breosla, le sábháilteacht ó dhóiteáin agus le tástálacha teannais le haghaidh táthú ábhar miotalach agus tástáil neamhscriosach ar an gcóras coimeádta breosla, agus na feabhsuithe sin bunaithe ar an taithí a fuarthas agus an Cód á chur i bhfeidhm. Ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe sin toisc go dtugtar breis soiléireachta iontu maidir leis na spásanna a bhfuiltear le córas brú-scaoilte iomchuí a chur ar fáil iontu agus toisc go ndéantar foráil iontu maidir le bearta sábháilteachta breise i seomraí ullmhúcháin breosla.

(18)Na Ballstáit sin den Aontas ar baill iad de Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí agus de Choiste Muir-Shábháilteachta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta, tá siad le seasamh an Aontais a chur in iúl, agus tá siad le sin a dhéanamh go comhpháirteach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn an 75ú seisiún de Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí IMO, is é a bheidh iontu aontú le glacadh na leasuithe ar Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc mar a leagtar síos iad san Iarscríbhinn a ghabhann le Doiciméad MEPC 75/3 de chuid IMO.

Airteagal 2

Na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn an 102ú seisiún de Choiste Muir-Shábháilteachta IMO, is é a bheidh iontu aontú leis an méid seo a leanas:

(a)glacadh na leasuithe ar Chaibidil II-I den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le doiciméad MSC 102/3 de chuid IMO;

(b)glacadh na leasuithe ar Chodanna A-1 agus B-1 den Chód Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Long a úsáideann Gáis nó Breoslaí Íseal-splancphointe Eile a leagtar síos in Iarscríbhinn 2 a ghabhann le doiciméad MSC 102/3 de chuid IMO.

Airteagal 3

1.Na Ballstáit sin den Aontas atá ina mbaill de Choiste Muir-Shábháilteachta IMO, cuirfidh siad an seasamh da dtagraítear in Airteagal 1 in iúl agus déanfaidh siad sin go comhpháirteach.

2.Na Ballstáit sin den Aontas atá ina mbaill de Choiste Muir-Shábháilteachta IMO, cuirfidh siad in iúl an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 2,

Airteagal 4

Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Cás C-399/12 “An Ghearmáin v an Chomhairle” (OIV), ECLI:EU:C:2014:2258, mír 64.
(2)    Cás C-399/12 “An Ghearmáin v an Chomhairle” (OIV), ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61–64.
(3)    Cinneadh cur chun feidhme (AE) 2015/253 an 16 Feabhra 2015 lena leagtar síos na rialacha a bhaineann le sampláil agus tuairisciú faoin Treoir (IO L 41, 17.2.2015, lch. 55–59).
(4)    Treoir (AE) 2016/802 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 a bhaineann le laghdú an chion sulfair i leachtbhreoslaí áirithe (IO L 132, 21.5.2016, lch. 58).
(5)    Cinneadh Cur chun Feidhme (AE) 2015/253 an 16 Feabhra 2015 lena leagtar síos na rialacha a bhaineann le sampláil agus tuairisciú faoi Threoir 1999/32/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gcion sulfair i mbreoslaí muirí (IO L 41, 17.2.2015, lch. 55–59).
(6)    Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta le haghaidh longa paisinéirí (IO L 163, 25.6.2009, lch. 1).
Top